Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0453

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Aibreán 29.
E. sp. z o.o. v Prezydent Miasta Mielca.
Tarchur chun réamhrialú – Státchabhair ó na Ballstáit – Airteagal 107(1) CFAE – Coincheap ‘Státchabhair’ – Roghnaíocht birt cánach – Critéir mheasúnaithe – An creat tagartha a chinneadh – Cáin mhaoine – Díolúine maidir le talamh, foirgnimh agus struchtúir is cuid den bhonneagar iarnróid.
Cás C-453/23.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:285

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

29 Aibreán 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Státchabhair ó na Ballstáit – Airteagal 107(1) CFAE – Coincheap ‘Státchabhair’ – Roghnaíocht birt cánach – Critéir mheasúnaithe – An creat tagartha a chinneadh – Cáin mhaoine – Díolúine maidir le talamh, foirgnimh agus struchtúir is cuid den bhonneagar iarnróid)

I gCás C‑453/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Pholainn), trí bhreith an 19 Aibreán 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 19 Iúil 2023, sna himeachtaí

E. sp. z o.o.

v

Prezydent Miasta Mielca,

idiragraithe:

Rzecznik Małych i Średnich Przedsiębiorców,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, F. Biltgen, K. Jürimäe, C. Lycourgos (Rapóirtéir), M. L. Arastey Sahún, S. Rodin, D. Gratsias agus M. Gavalec, Uachtaráin Dlísheomraí, E. Regan, I. Ziemele, J. Passer agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: M. Siekierzyńska, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 8 Iúil 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

E. sp. z o.o., ag M. Dziedzic, radca prawny, agus R. Kran, doradca podatkowy,

Prezydent Miasta Mielca, ag A. Dowgier, adwokat, agus J. Grabiec, radca prawny,

Rzecznik Małych i Średnich Przedsiębiorców, ag P. Chrupek, radca prawny,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, A. Kramarczyk—Szaładzińska agus M. Rzotkiewicz, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Spáinne, ag M. Morales Puerta, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag I. Barcew, C.-M. Carrega agus F. Tomat, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 17 Deireadh Fómhair 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú leis an léiriú ar Airteagal 107(1) agus Airteagal 108(3) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 [CFAE] a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir E. sp. z.o.o. (‘Cuideachta E’) agus Prezydent Miasta Mielca (Méara Bhaile Mieloc, an Pholainn, ‘Méara Mielec’) maidir le diúltú an mhéara díolúine a thabhairt don chuideachta sin maidir leis an gcáin mhaoine.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

3

Foráiltear le hAirteagal 107(1) CFAE:

‘Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.’

4

De réir Airteagal 108(3) CFAE:

‘Cuirfear i bhfios don Choimisiún [Eorpach], in am trátha ionas go bhféadfaidh sé a bharúlacha a thabhairt, aon phleananna chun cabhair a thabhairt nó a athrú. Má mheasann sé go bhfuil aon phlean den sórt sin gan bheith ag luí leis an margadh inmheánach, ag féachaint d’Airteagal 107 [CFAE], tionscnóidh sé, gan mhoill, an nós imeachta dá bhforáiltear [in Airteagal 108(2) CFAE]. Ní chuirfidh an Ballstát áirithe na bearta atá ceaptha aige in éifeacht go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach de thoradh an nós imeachta sin.’

Treoir 2012/34/AE

5

Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO 2012 L 343, lch. 32), dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’:

‘1.   Leagtar síos sa Treoir seo an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha is infheidhme maidir le bainistiú bonneagair iarnróid agus maidir le gníomhaíochtaí iompair d’iarnród na ngnóthas iarnróid atá bunaithe nó a bhunófar i mBallstát mar a leagtar amach i gCaibidil II;

(b)

na critéir maidir le heisiúint, le síneadh nó le modhnú ceadúnas ag Ballstát do ghnóthais iarnróid atá bunaithe nó a bhunófar san Aontas [Eorpach], mar a leagtar amach i gCaibidil III;

(c)

na prionsabail agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le táillí a shocrú agus a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid agus toilleadh an bhonneagair sin a leithdháileadh, mar a leagtar amach i gCaibidil IV.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Le hAirteagal 3(3) den Treoir sin, sainmhínítear an coincheap ‘bonneagar iarnróid’ mar na heilimintí go léir dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. In Iarscríbhinn I tá liosta de na heilimintí atá sa bhonneagar iarnróid ‘ar choinníoll gur cuid de na príomhlínte agus na taobhlaigh iad, cé is moite díobh siúd atá laistigh de na siopaí deisiúcháin le haghaidh an trealaimh agus iostaí nó garáistí an innealra tarraingthe, chomh maith le taobhlaigh phríobháideacha’.

Rialachán 2015/1589

7

Foráiltear le hAirteagal 2(1) de Rialachán 2015/1589:

‘Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i rialacháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 109 CFAE nó i bhforálacha ábhartha eile de, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon phleananna chun cabhair nua a dheonú in iúl don Choimisiún in am trátha. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann go bhfuarthas an fógra a luaithe is féidir.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Polainne

8

Foráiltear le hAirteagal 2(1) agus (2) den ustawa o podatkach i opłatach lokalnych (an Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla) an 12 Eanáir 1991 (Dz. U. 2019, mír 1170), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla’):

‘1.   Beidh an mhaoin dhochorraithe nó na hoibreacha foirgníochta seo a leanas faoi réir cáin mhaoine:

(1)

talamh;

(2)

foirgnimh nó a gcomhpháirteanna;

(3)

foirgnimh nó a gcomhpháirteanna atá beartaithe le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch.

2.   Níl talamh talmhaíochta agus foraoisí, cé is moite díobh siúd a úsáidtear le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch, faoi réir cáin mhaoine.’

9

Faoi phointe 4 d’Airteagal 2(3) den Dlí sin, tá talamh atá ar a bhfuil bóithre poiblí díolmhaithe ó cháin mhaoine, cé is moite de thalamh a úsáidtear le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch seachas bóithre poiblí a chothabháil agus mótarbhealaí íoctha a oibriú.

10

Foráiltear le hAirteagal 4 den Dlí sin:

‘1.   Is éard a bheidh sa mhéid inchánach:

(1)

i gcás talún, an t‑achar dromchla;

(2)

i gcás foirgneamh nó a gcomhpháirteanna, an t‑achar urláir;

(3)

i gcás foirgnimh nó a gcomhpháirteanna atá beartaithe le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch, faoi réir mhíreanna 4 go 6, an luach dá dtagraítear sna forálacha maidir le cáin ioncaim, a bunaíodh an 1 Eanáir den bhliain fhioscach, arb é an bonn é chun dímheas a ríomh le linn na bliana sin, nach laghdaítear de réir dímheasa agus, i gcás foirgnimh atá dímheasta go hiomlán, a luach ar an 1 Eanáir den bhliain ina ndearnadh an dímheas deireanach.

[...]’

11

Foráladh le hAirteagal 7(1)(a) den Dlí céanna:

‘Tá na nithe seo a leanas díolmhaithe ó cháin mhaoine:

(1)

talamh, foirgnimh agus struchtúir is cuid den bhonneagar iarnróid de réir bhrí na bhforálacha maidir le hiompar d’iarnród:

(a)

atá curtha ar fáil do ghnóthais iarnróid.’

12

Foráiltear le hAirteagal 6(2) den ustawa o postępowaniu w sprawach dotyczących pomocy publicznej (Dlí maidir le Státchabhair) an 30 Aibreán 2004 (Dz. U. 2023, mír 702):

‘Maidir le Státchabhair dá bhforáiltear le gníomh rialála a fhágann go bhfuil teidlíocht chun cabhrach coinníollach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos ann, agus air sin amháin, gan ceangal a bheith ann cinneadh a dhéanamh ná conradh a thabhairt i gcrích, nó i gcás nach ndearbhaítear leis an gcinneadh arna ghlacadh ach go bhfuarthas an ceart sin, féadfar í a dheonú i gcás inar scéim cabhrach é an gníomh rialála sin arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE nó i gcás ina bhforáiltear do dheonú cabhrach nach bhfuil faoi réir an cheanglais fógra.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

13

Tá taobhlach iarnróid phríobháidigh ag Cuideachta E atá suite ar thalamh atá faoina húinéireacht agus tá cuid de bhonneagar an taobhlaigh sin aici freisin. In 2021, chuir an chuideachta sin in iúl go raibh sé ar intinn aici an taobhlach sin a chur ar fáil d’iompróir iarnróid, a dhéanfadh iompar thar ceann na cuideachta sin.

14

Mheas sí, ón dáta a cuireadh an taobhlach sin ar fáil don iompróir, go bhféadfadh sí tairbhe a bhaint as an díolúine ó cháin mhaoine, dá bhforáiltear le hAirteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla, i ndáil leis an talamh sin go léir agus leis an talamh a bhí beartaithe aici a fháil agus atá feistithe go páirteach freisin le taobhlach iarnróid phríobháidigh. Sna himthosca sin, d’iarr sí ar Mhéara Mielec rialú cánach a dhéanamh lena ndeimhnítear go bhféadfadh sí, ón dáta sin, tairbhe a bhaint as an díolúine sin.

15

Le rialú cánach an 14 Meitheamh 2021, chuir Méara Mielec as an áireamh go bhféadfadh Cuideachta E tairbhe a bhaint as an díolúine sin. Luaigh sé, cé gur chomhlíon an chuideachta sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1)(1)(a), ó thaobh foirmiúil de, nach bhféadfadh sí tairbhe a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin, toisc go mbeadh sé d’éifeacht aige sin Státchabhair a dheonú don chuideachta sin nach raibh faoi réir nós imeachta athbhreithnithe roimh ré an Choimisiúin.

16

Ina dhiaidh sin, thionscain Cuideachta E caingean i gcoinne an rialaithe cánach sin os comhair an Wojewódzki Sąd Administracyjny w Rzeszowie (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Rzeszów, an Pholainn), a dhiúltaigh don chaingean sin le breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2021. Dheimhnigh an chúirt sin seasamh Mhéara Mielec a mhéid a aicmíodh an díolúine sin mar ‘Státchabhair’ agus chinn sí nár cuireadh an chabhair sin in iúl don Choimisiún, de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE agus Airteagal 2 de Rialachán 2015/1589.

17

Thaisc an chuideachta sin achomharc ar phointe dlí in aghaidh an bhreithiúnais sin os comhair an Naczelny Sąd Administracyjny (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Pholainn), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

18

Míníonn an chúirt sin gur leathnaíodh le hAirteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla an díolúine ó cháin mhaoine chuig taobhlaigh iarnróid phríobháideacha, go háirithe na taobhlaigh sin arb ionann iad agus bonneagar ‘príobháideach’, atá suite, inter alia, i mianaigh, i láithreáin táirgthe nó i stáisiúin chumhachta, agus atá mar chuid den chóras iomlán iompair lasta iarnróid. Baineann taobhlaigh den sórt sin agus na foirgnimh atá ina gcuid dá mbonneagar tairbhe as an díolúine sin ar choinníoll go gcuirtear ar fáil do ghnóthas iarnróid iad. I ndáil leis sin, cuireann an chúirt sin in iúl go ndearna reachtas na Polainne foráil maidir le sásra chun cuideachtaí a spreagadh chun taobhlaigh as úsáid a athshlánú agus chun úsáid éifeachtach a bhaint as iompar iarnróid, rud a chiallaíonn níos mó sábháilteachta gan astaíochtaí truaillitheacha.

19

Measann sí, cé go dtagraíonn an díolúine sin, i bprionsabal, mar gheall ar a nádúr ginearálta, do chiorcal neamhtheoranta tairbhithe, go bhfuil amhras fós ann maidir leis an gcritéar a úsáidtear in Airteagal 7(1)(1)(a), ar dá réir nach mór cineál áirithe bonneagair a bheith ag an eintiteas eacnamaíoch lena mbaineann, rud a théann chun tairbhe, i ndairíre, do chuideachtaí a oibríonn in earnálacha áirithe, eadhon, go háirithe, cuideachtaí a oibríonn mianaigh, stáisiúin cumhachta teirmí nó grúdlanna. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh cur i bhfeidhm critéir den sórt sin, cé go bhfuil cineál oibiachtúil aige ar an gcéad amharc, a bheith ina chúis le roghnaíocht ‘fholaithe’.

20

Ina theannta sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur nach bhfuil cáin mhaoine faoi réir comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, coinníonn na Ballstáit an tsaoirse chun a mbeartas cánach a chinneadh agus an bealach ina socraítear rátaí na cánach sin. I gcóras dlí na Polainne, tá feidhm ag an gcáin mhaoine maidir le talamh seachas talamh talmhaíochta agus foraoiseachta, foirgnimh nó a gcomhpháirteanna agus maidir le struchtúir nó a gcomhpháirteanna a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch a fheidhmiú. Sa chás seo, ní hé an cheist an bhfuil an díolúine ó cháin mhaoine dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí ag luí le dlí an Aontais, ach an gceadaítear a cur i bhfeidhm a mhéid nár cuireadh in iúl don Choimisiún í, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, a bhfuil éifeacht dhíreach aige mar a mheabhraíonn an chúirt sin.

21

Ar deireadh, fiafraíonn an chúirt sin, dá gcuirfí an díolúine sin i bhfeidhm de shárú ar an oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE, an mbeadh ar chuideachta a bhain tairbhe as an díolúine sin an chabhair a fuarthas go neamhdhleathach a aisíoc, mar aon le hús, nó an gcuirfí cosc ar aisíocaíocht den sórt sin leis an bprionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint. I ndáil leis sin, tugann sí faoi deara nach raibh sé ach tar éis an díolúine atá i gceist a chur i bhfeidhm ar feadh 4 bliana gur thosaigh údaráis chánach na Polainne ag diúltú í a dheonú ar an bhforas nár comhlíonadh an oibleagáid sin.

22

Sna himthosca sin, chinn an Naczelny Sąd Administracyjny (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)

I bhfianaise Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an saobhtar iomaíocht, nó an mbagraítear iomaíocht a shaobhadh, le faoiseamh cánach a dheonú do gach trádálaí, amhail an faoiseamh cánach dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(1)(a) den [Dlí maidir le cáin agus táillí áitiúla], lenarb í atá i gceist ná díolúine ó cháin ar mhaoin dho-aistrithe le haghaidh talamh, foirgnimh agus struchtúir a bhaineann le bonneagar iarnróid de réir bhrí na bhforálacha maidir le hiompar ar iarnród, ar díolúine í a chuirtear ar fáil do ghnóthais iarnróid?

2)

Má tá freagra dearfach ar Cheist 1, an ndlitear íoc na chánach gan íoc, móide ús, ar thrádálaí a bhfuil díolúine ó cháin faighte aige de réir na forála náisiúnta thuasluaite, ar díolúine ó cháin í ar tugadh isteach gan déanamh de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 2 de Rialachán [2015/1589]?’

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

Inghlacthacht

23

Measann Rialtas na Spáinne go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha. Tá feidhm ag an díolúine ó cháin dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla maidir le talamh, foirgnimh agus struchtúir ‘atá mar chuid den bhonneagar iarnróid’. De réir an tsainmhínithe ar an gcoincheap ‘bonneagar iarnróid’ in Airteagal 3(3) de Threoir 2012/34, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann léi, eisiatar taobhlaigh phríobháideacha ón gcoincheap sin. Dá bhrí sin, níl Cuideachta E, nach bhfuil ach taobhlach príobháideach aici ar a talamh, i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine sin. Sna himthosca sin, ní bhaineann na ceisteanna a tharchuirtear chuig an gCúirt le réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí.

24

Ina theannta sin, measann rialtas na Polainne agus an Coimisiún nach bhfuil an dara ceist inghlactha. Is léir ón iarraidh ar réamhrialú nár bhain Cuideachta E tairbhe as an díolúine sin. Dá bhrí sin, ní bheadh aon tionchar ar thoradh na díospóide sna príomhimeachtaí ag freagra ar an gceist an gceanglaítear ar chuideachta a bhain tairbhe as díolúine den sórt sin méid na cánach maoine óna bhfuil sé díolmhaithe agus an t‑ús lena mbaineann a aisíoc.

25

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, atá sé a chinneadh an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte araon. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Ceadúnas rochtana ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur chun réamhrialú ag cúirt náisiúnta seachas má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíorais nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí féin, más fadhb hipitéiseach atá inti nó mura bhfuil an t‑ábhar fíorasach nó dlí is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra fóinteach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Ceadúnas rochtana ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

27

Sa chás seo, baineann an chéad cheist le léiriú Airteagal 107(1) CFAE i gcomhthéacs díospóid idir Cuideachta E agus Méara Mielec maidir le diúltú an Mhéara cead a thabhairt don chuideachta sin tairbhe a bhaint as an díolúine ó cháin dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla, ar an bhforas gurb ionann deonú na díolúine sin agus Státchabhair neamhdhleathach, ós rud é nár cuireadh an díolúine sin in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 108(3) CFAE. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go mbaineann an léiriú sin le hábhar na n‑imeachtaí seo agus go bhféachann sé le fadhb nach fadhb hipitéiseach í a réiteach. Ina theannta sin, tá an t‑ábhar fíorasach agus dlíthiúil is gá os comhair na Cúirte chun freagra úsáideach a thabhairt ar an gcéad cheist sin.

28

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2012/34, go leagtar síos leis an Treoir sin, inter alia, na rialacha is infheidhme maidir le bonneagar iarnróid a bhainistiú, na critéir is infheidhme maidir le heisiúint, síneadh nó leasú ceadúnas ag Ballstát do ghnóthais iarnróid agus na prionsabail agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le táillí a shocrú agus a thobhach as úsáid bonneagair iarnróid agus as toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh. Faoi Airteagal 1(2) den Treoir sin, beidh feidhm aici maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta.

29

Dá bhrí sin, is léir nach bhfuil sé i gceist go mbeadh feidhm ag an Treoir sin i gcomhthéacs díospóid amhail an díospóid sna príomhimeachtaí, a bhaineann leis an aicmiú féideartha mar ‘Státchabhair’, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, de bheart cánach náisiúnta lena bhforáiltear do dhíolúine ó cháin mhaoine.

30

Dá bhrí sin, ní bhaineann sé le hábhar, chun críocha chur i bhfeidhm Threoir 2012/34, go n‑eisiatar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin taobhlaigh phríobháideacha ón gcoincheap ‘bonneagar iarnróid’, de réir bhrí Airteagal 3(3) den Treoir sin.

31

Is léir ó na breithnithe roimhe seo go bhfuil an chéad cheist inghlactha.

32

Baineann an dara ceist leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar chuideachta a bhain tairbhe as an díolúine ó cháin dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla, i gcás ina mbaineann an díolúine sin le heilimintí Státchabhrach, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ar an bhforas gur deonaíodh í gan an oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 de Rialachán 2015/1589, a chomhlíonadh.

33

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar atá leagtha amach ag Rialtas na Polainne agus ag an gCoimisiún, gur léir ón iarraidh ar réamhrialú nár bhain Cuideachta E tairbhe as an díolúine sin.

34

Is léir ó chásdlí socair nach faoin gCúirt atá sé tuairimí comhairleacha a thabhairt ar cheisteanna ginearálta nó hipitéiseacha (breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Íospartach na gáinneála ar dhaoine a bhaint), C‑66/21, EU:C:2022:809, mír 82 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Dá bhrí sin, tá an dara ceist do-ghlactha.

An chéad cheist

36

Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, de réir cásdlí socair na Cúirte, nach féidir beart a mheas mar ‘Státchabhair’, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha go léir seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, ní mór idirghabháil a bheith déanta ag an Stát nó trí acmhainní Stáit. Ar an dara dul síos, ní mór go mbeadh tionchar ag an idirghabháil ar thrádáil idir na Ballstáit. Ar an tríú dul síos, ní mór dó buntáiste roghnaitheach a thabhairt dá fhaighteoir. Ar an gceathrú dul síos, ní mór di an iomaíocht a shaobhadh nó gur baolach di í a shaobhadh (féach, go háirithe, breithiúnas an 7 Márta 2024, Fallimento Esperia agus GSE, C‑558/22, EU:C:2024:209, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an chéad cheist, mar a cheap an chúirt a rinne an tarchur í, le léiriú an choincheapa ‘Státchabhair’, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ach amháin i bhfianaise an choinníll, a leagtar síos san fhoráil sin, nach mór don bheart atá i gceist an iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh iomaíochta a bhagairt. Mar sin féin, is léir ó fhorais na hiarrata ar réamhrialú go gcuireann an chúirt sin amhras in iúl freisin maidir leis an gcoinníoll, a leagtar síos san fhoráil sin, go dtugann an beart sin buntáiste roghnaitheach dá thairbhithe, a mhéid go dtugann sé tús áite do chuideachtaí áirithe nó do tháirgeadh earraí áirithe.

38

I gcomhthéacs an nós imeachta comhair idir cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt faoi Airteagal 267 CFAE, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Ceadúnas rochtana ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

I ndáil leis sin, ní mór don Chúirt na heilimintí de dhlí an Aontais ar gá iad a léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide a bhaint as an bhfaisnéis go léir a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, go háirithe as réasúnaíocht an chinnidh an tarchur a dhéanamh (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Ceadúnas rochtana ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, lena céad cheist, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 107(1) CFAE le léiriú sa chaoi go dtugtar buntáiste roghnaitheach do thairbhithe na díolúine sin le reachtaíocht Bhallstáit lena ndíolmhaítear talamh, foirgnimh agus struchtúir atá mar chuid de bhonneagar iarnróid ó cháin mhaoine, i gcás ina gcuirtear an bonneagar sin ar fáil d’iompróirí iarnróid, agus go ndéantar an iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh iomaíochta a bhagairt léi.

41

Ar an dara dul síos, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, nach n-eisiatar idirghabhálacha ó Bhallstáit i réimsí nár comhchuibhíodh i ndlí an Aontais, amhail réimse an chánachais dhírigh, ó raon feidhme fhorálacha Chonradh FAE maidir le Státchabhair a rialú. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit staonadh ó aon bheart cánach a ghlacadh a d’fhéadfadh a bheith ina Státchabhair nach luíonn leis an margadh inmheánach (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Ar an dara dul síos, is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte go sainmhínítear le hAirteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla, ar bhealach ginearálta agus teibí, tairbhithe na díolúine atá i gceist sna príomhimeachtaí, a fhéadfar a dheonú dóibh ar bhonn na forála reachtaí sin amháin. Sna himthosca sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh, mar gheall ar na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear leis an díolúine atá i gceist sna príomhimeachtaí, an dtugann sé buntáiste suntasach dá tairbhithe thar a n‑iomaitheoirí agus an dócha go rachaidh sé chun tairbhe go bunúsach do chuideachtaí atá i mbun trádáil idir na Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 1987, an Ghearmáin v an Coimisiún, 248/84, EU:C:1987:437, mír 18, agus an 16 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Bheilg agus Magnetrol International, C‑337/19 P, EU:C:2021:741, mír 77).

Coinníoll a bhaineann le buntáiste roghnaitheach

43

Chun cinneadh a dhéanamh an dtugann beart náisiúnta buntáiste roghnaitheach, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ní mór scrúdú a dhéanamh, faoi chóras dlí ar leith, an bhfuil an beart sin i bhfabhar ‘gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe’ thar chinn eile atá, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an gcóras sin, i staid fhíorasach agus dhlíthiúil inchomparáide agus a gcaitear leo ar bhealach éagsúil, dá bhrí sin, a d’fhéadfaí, go bunúsach, a aicmiú mar bhearta idirdhealaitheacha (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44

Dá bhrí sin, chun beart cánach náisiúnta, amhail an beart atá i gceist sna príomhimeachtaí, a aicmiú mar ‘roghnaitheach’, ní mór tosú tríd an gcreat tagartha a shainaithint, is é sin an ‘gnáthchóras’ cánach is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann, agus a léiriú, mar dhara céim, gur maolú é an beart cánach atá i gceist ar an gcreat tagartha sin, a mhéid a dhéantar idirdhealú leis idir oibreoirí atá, i bhfianaise an chuspóra a shaothraítear leis an gcóras sin, i staid fhíorasach agus dhlíthiúil inchomparáide. Ní chumhdaítear leis an gcoincheap ‘Státchabhair’, áfach, bearta lena ndéantar idirdhealú idir gnóthais atá, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an gcóras dlí atá i gceist, i staid fhíorasach agus dhlíthiúil inchomparáide agus, dá bhrí sin, roghnaitheach prima facie, i gcás ina n‑éiríonn leis an mBallstát lena mbaineann a léiriú, sa tríú háit, go bhfuil údar leis an idirdhealú sin, sa chiall go n‑eascraíonn sé as cineál nó scéim ghinearálta an chórais ar cuid de na bearta sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Nollaig 2018, A-Brauerei, C‑374/17, EU:C:2018:1024, míreanna 36 agus 44, agus an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45

Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht níos mó ag baint le cinneadh an chreata tagartha i gcás bearta cánach, ós rud é nach féidir a shuíomh gurb ann do bhuntáiste eacnamaíoch, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ach amháin i ndáil le ‘gnáthchánachas’ (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór cinneadh an chreata tagartha a bheith mar thoradh ar scrúdú oibiachtúil ar ábhar, struchtúr agus éifeachtaí sonracha na rialacha is infheidhme faoi dhlí náisiúnta an Stáit sin. Ní féidir roghnaíocht birt cánach a mheasúnú i bhfianaise creat tagartha a bhfuil ann forálacha áirithe de dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann a baineadh go saorga de chreat dlíthiúil níos leithne (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Banco Santander agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑53/19 P agus C‑65/19 P, EU:C:2021:795, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47

Mar thoradh air sin, i gcás ina bhfuil an beart cánach i gceist doscartha ó chóras cánach ginearálta an Bhallstáit lena mbaineann, ní mór tagairt a dhéanamh don chóras sin. Os a choinne sin, i gcás inar léir go bhfuil beart den sórt sin inscartha go soiléir ón gcóras ginearálta sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh an creat tagartha atá le cur san áireamh a bheith níos teoranta ná an córas ginearálta lena mbaineann, nó fiú gurb ionann é agus an beart é féin, i gcás ina gcuirtear an beart sin i láthair mar riail le loighic dhlíthiúil neamhspleách agus nach féidir corpas comhleanúnach reachtaíochta a shainaithint lasmuigh den bheart sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Banco Santander agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑53/19 P agus C‑65/19 P, EU:C:2021:795, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Ar an taobh eile, ní mór a mheabhrú, lasmuigh de na réimsí inar comhchuibhíodh dlí cánach an Aontais, gurb é an Ballstát lena mbaineann a chinneann, trína inniúlacht féin a fheidhmiú maidir le cánachas díreach agus aird chuí á tabhairt ar a neamhspleáchas fioscach, na saintréithe arb iad an cháin iad, lena sainítear, i bprionsabal, an creat tagartha nó an ‘gnáthchóras’ cánach, óna bhfuil sé riachtanach anailís a dhéanamh ar an gcoinníoll a bhaineann le roghnaíocht (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Nollaig 2023, Lucsamburg agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑451/21 P agus C‑454/21 P, EU:C:2023:948, mír 112, agus an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, mír 81).

49

Áirítear leis an gcinneadh sin maidir le tréithe comhpháirte na cánach bunús na cánach, an t‑imeacht giniúna agus na díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcomhoiriúnaítear í (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Nollaig 2023, Lucsamburg agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑451/21 P agus C‑454/21 P, EU:C:2023:948, mír 112, agus an 19 Meán Fómhair 2024, an Ríocht Aontaithe agus páirtithe eile v an Coimisiún (Cánachas ar bhrabúis CFCanna), C‑555/22 P, C‑556/22 P agus C‑564/22 P, EU:C:2024:763, mír 96).

50

Ós rud é, i bprionsabal, go sainmhínítear leis na saintréithe a chomhdhéanann an cháin an creat tagartha ar ina leith nach mór scrúdú a dhéanamh ar choinníoll na roghnaíochta, ní cheart go hiondúil go n‑aicmítear díolúine ghinearálta agus theibí a ghabhann le cáin dhíreach, amhail an díolúine atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar ‘Státchabhair’. A mhéid a ghlactar leis go bhfuil an díolúine sin ina gné dhílis den ‘ghnáthchóras’ cánach, ní féidir léi, mar riail ghinearálta, buntáiste roghnaitheach a thabhairt de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

51

Leanann cinneadh den sórt sin ón neamhspleáchas a thugtar do na Ballstáit i réimse an chánachais dhírigh, mar a mheabhraítear i mír 48 den bhreithiúnas seo, ós rud é go dtugtar le tuiscint leis an neamhspleáchas sin go bhfuil an rogha ag na Ballstáit catagóiriú cánach a úsáid, agus go háirithe díolúintí cánach, a mheasann siad is iomchuí chun na cuspóirí leasa ghinearálta a shaothraítear leo a bhaint amach, bíodh na cuspóirí sin de chineál fioscach nó ná bíodh. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 33 dá Tuairim, i gcomhthéacs a neamhspleáchais fhioscaigh, féadfaidh na Ballstáit cuspóir amháin eile nó níos mó a shaothrú go dlisteanach, trí chánachas díreach, sa bhreis ar chuspóir buiséadach amháin, arb ionann iad, más iomchuí, agus cuspóir an chreata tagartha ábhartha.

52

Tá lánrogha leathan ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil cabhair áirithe i gcomhréir leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3) CFAE (breithiúnas an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus páirtithe eile, C‑284/21 P, EU:C:2023:58, mír 94 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá gcumhdófaí gach díolúine ghinearálta agus theibí ó cháin le feidhmiú na cumhachta sin, bheadh baol ann, mar gheall sin, go dtiocfadh measúnú an Choimisiúin in ionad mheasúnú na mBallstát go córasach ina leith sin agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfeadh sé isteach ar a neamhspleáchas fioscach.

53

Mar sin féin, tá an chonclúid i mír 50 den bhreithiúnas seo gan dochar don fhéidearthacht a chinneadh, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an creat tagartha a eascraíonn as an dlí náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais maidir le Státchabhair i gcás inar ceapadh an córas cánach atá i gceist i gcomhréir le paraiméadair atá idirdhealaitheach go follasach agus atá beartaithe chun dul timpeall ar dhlí an Aontais, mar a bhí sa chás as ar tháinig breithiúnas an 15 Samhain 2011, an Coimisiún agus an Spáinn v Rialtas Ghiobráltar agus an Ríocht Aontaithe, (C‑106/09 P agus C‑107/09 P, EU:C:2011:732) (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Nollaig 2023, Lucsamburg agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑451/21 P agus C‑454/21 P, EU:C:2023:948, mír 114, agus an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, mír 83).

54

Ar an dara dul síos, de mhaolú ar an méid a luaitear i mír 50 den bhreithiúnas seo, ní féidir a mheas go dtagann díolúine ghinearálta agus theibí a ghabhann le cáin dhíreach faoin ‘gnáthchóras’ cánach i gcás ina mbaineann na coinníollacha a leagtar síos leis an reachtaíocht ábhartha chun tairbhe a bhaint as an díolúine sin, de jurede facto, le saintréith shonrach amháin nó níos mó den chatagóir cuideachtaí a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint aisti, agus na saintréithe sin nasctha go dlúth le cineál na gcuideachtaí sin nó lena ngníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá catagóir chomhleanúnach cuideachtaí ann. Ós rud é nach féidir ach le catagóir chomhleanúnach cuideachtaí den sórt sin tairbhe a bhaint as díolúine ó cháin, is féidir cineál na díolúine sin a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach agus frithiomaíoch a fhianú, cé nár cumraíodh an creat tagartha féin de réir paraiméadair atá go follasach idirdhealaitheach de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 53 den bhreithiúnas seo.

55

Is amhlaidh atá, go háirithe, maidir le díolúintí cánach ginearálta agus teibí a fhorchoimeádtar, de jurede facto, do chuideachtaí a bhfuil struchtúr caipitil áirithe acu, atá gníomhach in earnáil gheografach nó eacnamaíoch ar leith, atá beag nó, mar mhalairt air sin, a bhfuil acmhainní suntasacha airgeadais acu nó nach bhfuil aon fhostaithe acu sa chríoch náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Eanáir 2006, Cassa di Risparmio di Firenze agus páirtithe eile, C‑222/04, EU:C:2006:8, míreanna 136 agus 137; an 15 Samhain 2011, an Coimisiún agus an Spáinn v Rialtas Ghiobráltar agus an Ríocht Aontaithe, C‑106/09 P agus C‑107/09 P, EU:C:2011:732, míreanna 104 go 106, agus an 19 Nollaig 2018, A-Brauerei, C‑374/17, EU:C:2018:1024, míreanna 31 agus 38).

56

Os a choinne sin, i gcás nach mbaineann na coinníollacha a leagtar síos le scéim díolúine ó cháin, de jurede facto, le saintréithe sonracha na catagóire cuideachtaí atá in ann tairbhe a bhaint aisti astu féin, atá nasctha go dlúth le cineál na gcuideachtaí sin nó lena ngníomhaíochtaí, tagann an córas sin faoin ‘gnáthchóras’ cánach. Is cosúil go bhfuil na coinníollacha maidir le díolúine ó cháin den sórt sin a dheonú neodrach ó thaobh na hiomaíochta de, agus ní bhaineann sé le hábhar, ó thaobh na rialacha maidir le Státchabhair de, go gcomhlíonann cuideachtaí áirithe na coinníollacha sin, cé nach gcomhlíonann cuideachtaí eile iad.

57

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugtar le tuiscint le díolúine ó cháin a bheith faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh nach dtéann an díolúine sin chun tairbhe ach don ghrúpa cuideachtaí atá in ann iad a chomhlíonadh. Mar sin féin, chinn an Chúirt cheana féin nach gciallaíonn an fíoras nach féidir ach le cuideachtaí a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh birt tairbhe a bhaint as an mbeart sin go bhfuil an beart sin roghnaitheach (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Márta 2012, 3M Italia, C‑417/10, EU:C:2012:184, míreanna 41 agus 42, agus an 19 Nollaig 2018, A-Brauerei, C‑374/17, EU:C:2018:1024, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58

Ciallaíonn sé sin, go háirithe, nach ndealraíonn sé go bhfuil díolúine ó cháin a mbraitheann a cur i bhfeidhm ar thorthaí cuideachtaí roghnaitheach ann féin (breithiúnas an 15 Samhain 2011, an Coimisiún agus an Spáinn v Rialtas Ghiobráltar agus na Ríochta Aontaithe, C‑106/09 P agus C‑107/09 P, EU:C:2011:732, míreanna 80, 82 agus 83). Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 56 den bhreithiúnas seo, is amhlaidh atá, i bprionsabal, maidir le díolúintí cánach a bhfuil a gcur i bhfeidhm faoi réir, mar shampla, beartas earcaíochta áirithe nó céimeanna áirithe comhshaoil.

59

Thairis sin, is léiriú é go ndeonaítear díolúine ó cháin gan beann ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann na daoine inchánach lena mbaineann gníomhaíocht eacnamaíoch go dtagann an díolúine sin faoin gcreat tagartha.

60

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, fiú i gcás ina bhfuil sé le meas mar dhíolúine nach dtagann faoin gcreat tagartha, nach dtagann díolúine ghinearálta agus theibí a ghabhann le cáin dhíreach chun bheith roghnaitheach go huathoibríoch. I gcás den sórt sin, is gá a fháil amach, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 28 dá Tuairim agus mar is léir ó mhír 44 den bhreithiúnas seo, an bhfuil na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as an díolúine sin, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú leis an gcreat tagartha sin, i staid fhíorasach agus dhlíthiúil atá inchomparáide le staid na gcuideachtaí nach mbaineann tairbhe aisti. Más amhlaidh an cás, measfar an díolúine sin a bheith roghnaitheach, seachas más féidir a léiriú go n‑eascraíonn an t-idirdhealú idir cuideachtaí mar thoradh ar chineál nó scéim ghinearálta an chórais ar cuid di an díolúine sin.

61

Sa chás seo, is i bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo nach mór don chúirt a rinne an tarchur scrúdú a dhéanamh an féidir le hAirteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla, lena ndíolmhaítear ó cháin maoine talamh, foirgnimh agus struchtúir atá mar chuid den bhonneagar iarnróid, i gcás ina gcuirtear an bonneagar sin ar fáil d’iompróirí iarnróid, buntáiste roghnaitheach a thabhairt do chuideachtaí a bhaineann tairbhe as an díolúine sin, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

62

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte gurb ionann an córas dlí cánach maoine, mar a leanann sé ón Dlí sin, agus an ‘gnáthchóras’ cánach agus, dá bhrí sin, an creat tagartha is infheidhme sa chás seo.

63

Mar a chuireann Rialtas na Polainne in iúl, is éard atá sa chóras sin córas rialacha is infheidhme maidir leis na heintitis go léir ar leo maoin dhochorraithe, lena sainmhínítear, inter alia, an t‑ábhar agus an méid inchánach, na cáiníocóirí agus an ráta cánach. Go háirithe, leagtar síos le hAirteagal 2(1) den Dlí sin an riail go mbeidh talamh, foirgnimh nó codanna díobh, chomh maith le struchtúir nó codanna díobh a bhaineann le feidhmiú gníomhaíochta tráchtála, faoi réir cáin mhaoine.

64

Ar an dara dul síos, leanann sé ó mhír 54 den bhreithiúnas seo go bhfuil an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(1)(a) den Dlí sin mar chuid den chreat tagartha sin ach amháin má bhaineann na coinníollacha chun an díolúine sin a dheonú, de jurede facto, le saintréith shonrach amháin nó níos mó den chatagóir cuideachtaí a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint aisti, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag na saintréithe sin le cineál na gcuideachtaí sin nó le cineál a ngníomhaíochtaí agus, dá bhrí sin, go gceadaítear leo an chonclúid gur cuid de chatagóir chomhleanúnach iad.

65

Deonaítear an díolúine atá i gceist sna príomhimeachtaí do dhaoine atá faoi réir cáin mhaoine ar choinníoll gur leo talamh, foirgneamh nó struchtúr atá mar chuid den bhonneagar iarnróid, a chuirtear ar fáil d’iompróirí iarnróid.

66

Faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil nach bhfuil an coinníoll sin nasctha, de jurede facto, le ceann amháin nó níos mó de shaintréithe sonracha na gcuideachtaí a bhaineann tairbhe as an díolúine sin, rud a fhágann gur féidir na cuideachtaí sin go léir a ghrúpáil i gcatagóir chomhleanúnach de réir bhrí mhíreanna 54 agus 64 den bhreithiúnas seo.

67

Mar mhalairt air sin, is cosúil go bhfuil an díolúine sin ar fáil d’aon cháiníocóir ar leis talamh, foirgneamh nó struchtúr atá mar chuid den bhonneagar iarnróid, a chuirtear ar fáil d’iompróirí iarnróid, gan beann ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an cáiníocóir lena mbaineann gníomhaíocht eacnamaíoch agus, más amhlaidh go ndéanann, cineál na gníomhaíochta sin. Dá bhrí sin, is cosúil go bhfuil catagóir thairbhithe na díolúine ó cháin atá i gceist sna príomhimeachtaí cosúil le grúpa éagsúil, atá comhdhéanta d’oibreoirí neamheacnamaíocha agus de chuideachtaí, ar dócha, thairis sin, go mbeadh foirmeacha agus gnéithe dlíthiúla an‑difriúil ag baint leo agus go n‑oibreoidh siad in earnálacha gníomhaíochta an‑éagsúil.

68

Mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, dealraíonn sé, dá bhrí sin, go bhfuil an díolúine sin bunaithe ar chritéar neodrach a chuirtear i bhfeidhm gan beann, inter alia, ar earnálacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha na gcuideachtaí is faighteoirí nó a bhfoirm dhlíthiúil.

69

Dá bhrí sin, faoi réir fhíorú na cúirte sin, ní mór an díolúine sin a mheas mar chuid den chreat tagartha is infheidhme sa chás seo.

70

Ar an tríú dul síos, is cosúil go bhfuil loighic dhlíthiúil uathrialach ag an gcreat tagartha sin lena chuspóirí féin agus nach féidir é a nascadh le corpas comhleanúnach rialacha lasmuigh de.

71

Chomh maith leis an méid a luaitear i míreanna 62 agus 63 den bhreithiúnas seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go saothraíonn an córas cánach maoine ní hamháin cuspóir buiséadach, atá riachtanach d’fheidhmiú na cánach, ach freisin, trí bhíthin na díolúine cánach atá i gceist sna príomhimeachtaí, cuspóir de chineál comhshaoil chun na cuideachtaí lena mbaineann a spreagadh chun taobhlaigh iarnróid as úsáid a athshlánú agus iompar d’iarnród a úsáid, rud nach gcruthaítear astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) leis agus atá níos sábháilte ná iompar ar bhóithre.

72

Mar a chuirtear in iúl i mír 51 den bhreithiúnas seo, i gcomhthéacs a neamhspleáchais fhioscaigh,
féadfaidh Ballstát cuspóir amháin eile nó níos mó a shaothrú go dlisteanach, trí chánachas díreach, sa bhreis ar chuspóir buiséadach amháin, arb ionann iad, más iomchuí, agus cuspóir an chreata tagartha ábhartha.

73

Ar deireadh, ní léir ó aon fhianaise sa chomhad os comhair na Cúirte go ndearnadh an creat tagartha sin a chumrú de réir paraiméadair atá go follasach idirdhealaitheach agus a bhí ceaptha dul timpeall ar dhlí an Aontais maidir le Státchabhair, de réir bhrí an chásdlí a luaitear i mír 53 den bhreithiúnas seo.

74

Dá bhrí sin, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo nach dtugann an díolúine ó cháin mhaoine dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(1)(a) den Dlí maidir le Cánacha agus Táillí Áitiúla buntáiste roghnaitheach do na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as an díolúine sin.

An coinníoll nach mór don bheart lena mbaineann iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh iomaíochta a bhagairt

75

Dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur go dtugtar buntáiste roghnaitheach leis an díolúine atá i gceist sna príomhimeachtaí, thiocfadh an cheist chun cinn an gcomhlíonann an díolúine sin an coinníoll nach mór don bheart atá i gceist iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh iomaíochta a bhagairt, dá dtagraítear i mír 36 den bhreithiúnas seo.

76

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú nach gá saobhadh iomaíochta iarbhír a bhunú, ach scrúdú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an beart sin iomaíocht a shaobhadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Meitheamh 2017, Congregación de Escuelas Pías Provincia Betania, C‑74/16, EU:C:2017:496, mír 78, agus an 27 Eanáir 2022, Fondul Proprietatea, C‑179/20, EU:C:2022:58, mír 100).

77

Comhlíontar coinníoll den sórt sin a luaithe a bheidh, tráth theacht i bhfeidhm an bhirt sin, staid iomaíochta éifeachtaí ar an margadh lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, DOBELES HES, C‑702/20 agus C‑17/21, EU:C:2023:1, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear), ós rud é go bhfuil earnáil eacnamaíoch léirscaoilte ar leibhéal an Aontais de chineál lena suitear éifeacht iarbhír nó fhéideartha na cabhrach ar an iomaíocht (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Bealtaine 2017, Fondul Proprietatea, C‑150/16, EU:C:2017:388, mír 34).

78

Thairis sin, chinn an Chúirt cheana féin maidir le bearta, amhail an díolúine atá i gceist sna príomhimeachtaí, a bhfuil sé mar chuspóir acu cuideachta a scaoileadh ó na costais a bheadh uirthi de ghnáth a íoc ina bainistíocht laethúil nó ina gnáthghníomhaíochtaí, go saobhann siad na coinníollacha iomaíochta i bprionsabal (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meitheamh 2017, Congregación de Escuelas Pías Provincia Betania, C‑74/16, EU:C:2017:496, mír 80).

79

Ar deireadh, ní mór a mheabhrú gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a mheas, ag féachaint do shaintréithe ginearálta na díolúine sin, an ndéanann sí iomaíocht a shaobhadh nó an bhfuil baol ann go saobhfaidh sí iomaíocht, gan ceangal a bheith ar an gcúirt sin staid aonair gach cuideachta a scrúdú (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Samhain 2011, an Coimisiún agus an Spáinn v Rialtas Ghiobráltar agus an Ríocht Aontaithe, C‑106/09 P agus C‑107/09 P, EU:C:2011:732, mír 122; an 28 Deireadh Fómhair 2021, Eco Fox agus páirtithe eile, C‑915/19 go C‑917/19, EU:C:2021:887, mír 57, agus an 30 Bealtaine 2024, Autoridad Portuaria de Bilbao v an Coimisiún, C‑110/23 P, EU:C:2024:441, mír 69).

80

Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo go bhfuil Airteagal 107(1) CFAE le léiriú sa chaoi nach dtugtar buntáiste roghnaitheach do thairbhithe na díolúine sin le reachtaíocht Bhallstáit lena ndíolmhaítear talamh, foirgnimh agus struchtúir atá mar chuid de bhonneagar iarnróid ó cháin mhaoine, i gcás ina gcuirtear an bonneagar sin ar fáil d’iompróirí iarnróid.

Costais

81

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 107(1) CFAE, ní mór é a léiriú sa chaoi nach dtugtar buntáiste roghnaitheach do thairbhithe na díolúine sin le reachtaíocht Bhallstáit lena ndíolmhaítear talamh, foirgnimh agus struchtúir atá mar chuid de bhonneagar iarnróid ó cháin mhaoine, i gcás ina gcuirtear an bonneagar sin ar fáil d’iompróirí iarnróid.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Pholainnis.

Top