Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0394

Breithiúnas na Cúirte (An Chéad Dlísheomra) 2025 Eanáir 9.
Association Mousse v Commission nationale de l'informatique et des libertés (CNIL) agus SNCF Connect.
Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 5(1)(c) – Íoslaghdú sonraí – Airteagal 6(1) – Dlíthiúlacht na próiseála – Sonraí a bhaineann le teidil agus le féiniúlacht inscne – Ticéid a dhíol ar líne – Airteagal 21 – An ceart chun agóid a dhéanamh.
Cás C-394/23.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:2

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE BREITHIÚNAS (an Chéad Dlísheomra)

9 Eanáir 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 5(1)(c) – Íoslaghdú sonraí – Airteagal 6(1) – Dlíthiúlacht na próiseála – Sonraí a bhaineann le teidil agus le féiniúlacht inscne – Ticéid a dhíol ar líne – Airteagal 21 – An ceart chun agóid a dhéanamh)

I gCás C‑394/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Conseil d’État (An Fhrainc), trí bhreith an 21 Meitheamh 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Meitheamh 2023, sna himeachtaí

Mousse

v

Commission nationale de l’informatique et des libertés (CNIL),

SNCF Connect,

Tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chéad Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán na Cúirte, M. L. Arastey Sahún, A. Kumin agus I. Ziemele, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: I. Illéssy, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 29 Aibreán 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Mousse, ag E. Deshoulières, avocat, Y. El Kaddouri, J. Heymans agus D. Holemans, advocaten,

SNCF Connect, ag E. Drouard, J.-J. Gatineau agus A. Ligot, avocats,

Rialtas na Fraince, ag R. Bénard, B. Dourthe agus B. Fodda, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 11 Iúil 2024,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 5(1)(c), ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) agus (f) agus ar Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir an comhlachas Mousse agus an Commission nationale de l’informatique et des libertés (CNIL) (an Fhrainc) maidir le diúltú Mousse don ghearán a thaisc Mousse maidir le próiseáil, arna dhéanamh ag SNCF Connect, ar shonraí a bhaineann le teidil a chustaiméirí agus ticéid á ndíol aige ar líne.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

RGCS

3

Foráiltear le haithrisí 1, 4, 10, 47 agus 75 de RGCS:

‘(1)

Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ([...] ‘an Chairt’) agus in Airteagal 16(1) [CFAE], foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

[...]

(4)

Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine. Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáidí, urraim ar chosaint sonraí pearsanta do dhéanamh, an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, agus an ceart i leith éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga.

[...]

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. [...]

[...]

(47)

Le leasanna dlisteanacha rialaitheora, lena n‑áirítear leasanna dlisteanacha rialaitheora a bhféadfar sonraí pearsanta a nochtadh dó, nó le leasanna dlisteanacha tríú páirtí, féadfar bunús dlí a thabhairt don phróiseáil, ar choinníoll nach mbeadh sáraíocht ag leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí orthu, agus aird á tabhairt ar ionchais réasúnta na n‑ábhar sonraí bunaithe ar a gcaidreamh leis an rialaitheoir. D'fhéadfadh leas dlisteanach den sórt sin a bheith ann mar shampla i gcás ina bhfuil caidreamh ábhartha iomchuí idir an t‑ábhar sonraí agus an rialaitheoir i gcásanna amhail gur cliant den rialaitheoir an t‑ábhar sonraí [...] Ar aon chuma, chaithfí measúnú cúramach a dhéanamh ar aon leas dlisteanach a bheadh ann, lena n‑áirítear a mheas an bhféadfadh an t‑ábhar sonraí a bheith ag súil leis go réasúnta tráth bhailiú na sonraí pearsanta agus i gcomhthéacs bhailiú na sonraí pearsanta go bhféadfaí próiseáil a dhéanamh chun na críche sin [...] Maidir le próiseáil ar shonraí pearsanta a bhfuil dianghá leo chun cosc a chur ar chalaois, is leas dlisteanach de chuid an rialatheora lena mbaineann é an leas sin. Féadfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na margaíochta dírí a mheas mar phróiseáil a dhéantar ar mhaithe le leas dlisteanach.

[...]

(75)

Maidir leis na rioscaí i dtaca le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta as damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha, go háirithe sna cásanna seo a leanas: i gcás ina n‑eascródh idirdhealú [...] as an bpróiseáil [...]’

4

Foráiltear le hAirteagal 1(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

‘Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint.’

5

Faoi Airteagal 2(1) den Rialachán sin:

‘Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin a phróiseáil trí mhodhanna eile.’

6

Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta [...];

2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, [...];

[...]

7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; [...]

[...]

11)

ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon chur in iúl atá sonrach, feasach agus gan athbhrí, a dhéanann an t‑ábhar sonraí a thabhairt faoi shaoirse, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, á rá gur mian leis nó léi aontú le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

[...]’

7

Foráiltear le hAirteagal 5 de RGCS, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’:

‘1.   Maidir le sonraí pearsanta:

a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

[...]

c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

[...]’

8

Foráiltear le hAirteagal 6(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’:

‘Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

a)

tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;

b)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t‑ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh;

c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

d)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint;

e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t‑ábhar sonraí.

[...]’

9

Foráiltear le hAirteagal 13 den Rialachán sin, dar teideal ‘An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí’:

‘1.   I gcás ina mbailítear sonraí pearsanta ábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile faoin méid seo a leanas don ábhar sonraí tráth a fhaightear na sonraí pearsanta:

[...]

c)

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

d)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar Airteagal 6(1)(f), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí;

[...]’

10

Foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart chun agóid a dhéanamh’:

‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar Airteagal 6(1)(e) nó (f), lena n‑áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh, ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.’

Treoir 2004/113/CE

11

De réir Airteagal 1 de Threoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004, lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO 2004 L 373, lch. 37), is é an cuspóir atá aici ná creat a leagan síos chun idirdhealú ar bhonn inscne a chomhrac maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, d’fhonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

Dlí na Fraince

12

Foráiltear le hAirteagal 8 de loi No 78-17, du 6 janvier 1978, relative à l’informatique, aux fichiers et aux libertés (JORF an 7 Eanáir 1978, lch. 227) (Dlí Uimh. 78-17 an 6 Eanáir 1978 maidir le teicneolaíocht faisnéise, comhaid agus saoirsí), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí:

‘I A. Is údarás riaracháin neamhspleách é [CNIL].

I. Beidh sé ina údarás maoirseachta náisiúnta de réir bhrí [RGCS] agus maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin. Beidh na cúraimí seo a leanas air:

[...]

2° Áiritheoidh sé go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le forálacha an Dlí seo agus le forálacha eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i ndlíthe agus i rialacháin, i ndlí an Aontais [...] agus i ngealltanais idirnáisiúnta [Phoblacht na Fraince].

I ndáil leis sin:

[...]

d)

Déileálfaidh sé le héilimh, iarratais agus gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas, agus déanfaidh sé imscrúdú nó measúnú a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus déanfaidh sé nó sí an gearánach a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú breise a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile; [...]’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

13

Díolann SNCF Connect ticéid taistil amhail ticéid traenach, síntiúis agus cártaí lascaine trína shuíomh gréasáin agus trí fheidhmchláir ar líne. Ceanglaítear ar chustaiméirí an ghnóthais sin a dteidil a chur in iúl, trí thic a chur leis na focail ‘an tUasal’ nó ‘Bean Uí’, agus na ticéid sin á gceannach acu ar an suíomh gréasáin sin nó ar na feidhmchláir ar líne sin.

14

Agus é den tuairim nár chomhlíon na coinníollacha chun sonraí a bhaineann le teidil na gcustaiméirí sin a bhailiú agus a thaifeadadh ceanglais RGCS, rinne Mousse gearán le CNIL in aghaidh SNCF Connect. Mar thaca leis an ngearán sin, mhaígh Mousse nár chomhlíon bailiú na sonraí sin prionsabal na dlíthiúlachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(1)(a) de RGCS, toisc nach raibh sé bunaithe ar aon cheann de na forais a leagtar síos in Airteagal 6(1) de RGCS. Ina theannta sin, sháraigh bailiú den sórt sin prionsabal an íoslaghdaithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) de RGCS agus, go háirithe, na hoibleagáidí trédhearcachta agus faisnéise a eascraíonn as Airteagal 13 de RGCS.

15

Le cinneadh an 23 Márta 2021, mheas CNIL nár ionann na fíorais a líomhnaíodh i gcoinne SNCF Connect agus sárú ar na forálacha dá dtagraítear in RGCS agus gur ghá deireadh a chur leis an nós imeachta chun an gearán sin a scrúdú. Mar thaca leis an gcinneadh sin, chinn CNIL go raibh próiseáil na sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí dleathach, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) de RGCS, ar an bhforas go raibh sí riachtanach chun an conradh le haghaidh soláthar na seirbhísí iompair lena mbaineann a chomhlíonadh. Ina theannta sin, thug CNIL faoi deara, i bhfianaise a chuspóirí, gur chomhlíon an phróiseáil sin prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, toisc gurb ionann teagmháil phearsantaithe le custaiméirí, agus a dteidil á húsáid, agus cleachtais a bhfuil glacadh leo i réimse na cumarsáide tráchtála, sibhialta agus riaracháin.

16

An 21 Bealtaine 2021, thug Mousse caingean chun an cinneadh sin ó CNIL a neamhniú os comhair an Conseil d’État (an Fhrainc), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. Ina iarratas, maíonn Mousse, inter alia, nach gcomhlíonann an oibleagáid tic a chur leis na focail ‘an tUasal’ nó ‘Bean Uí’ agus custaiméir ag ceannach ar líne prionsabal na dlíthiúlachta a chumhdaítear in Airteagal 5(1)(b) de RGCS, nó prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) de, ós rud é nach bhfuil na focail sin riachtanach chun conradh a chomhlíonadh chun seirbhísí iompair a sholáthar, nó chun críocha leasanna dlisteanacha SNCF Connect. Ní leor go n‑úsáidtear focail den sórt sin i gcomhfhreagras tráchtála chun oibleagáid den chineál sin a dhéanamh riachtanach. Ar deireadh, d’fhéadfadh oibleagáid den sórt sin an bonn a bhaint den cheart chun taistil atá ag taistealaí gan a theideal nó a teideal a chur in iúl, den cheart chun measa ar an saol príobháideach agus den tsaoirse chun léiriú inscne duine a shainmhíniú gan bhac, agus bheadh baol idirdhealaithe ann dá bharr. Maidir le náisiúnaigh Stát a gceadaíonn a stádas sibhialta ‘inscne neodrach’ a bheith acu, ní fhreagraíonn na focail sin don réaltacht agus d’fhéadfadh sí an bonn a bhaint dá saoirse gluaiseachta go háirithe, a ráthaítear le dlí an Aontais.

17

Áitíonn CNIL gur cheart diúltú don chaingean sin, ag áitiú go bhféadfaí a mheas go bhfuil próiseáil sonraí a bhaineann le teidil riachtanach freisin chun críocha na leasanna dlisteanacha arna saothrú ag SNCF Connect, de bhun na céad fomhíre d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS, agus go bhféadfadh ábhair sonraí, ag brath ar a gcás ar leith, an ceart chun agóid a dhéanamh a ráthaítear in Airteagal 21 de RGCS a mhaíomh.

18

Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go háirithe, an féidir a chur san áireamh, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a phróiseáil, úsáidí a bhfuil glacadh leo i gcumarsáid tráchtála, shibhialta agus riaracháin, agus mar thoradh air sin go bhféadfadh bailiú sonraí a bhaineann le teidil custaiméirí, teoranta do ‘an tUasal’ nó ‘Bean Uí’, a bheith dleathach agus i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí. Ina theannta sin, fiafraíonn an chúirt sin, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mbailiú éigeantach sin agus leis an bpróiseáil ina dhiaidh sin ar shonraí a bhaineann le teidil custaiméirí, agus cé go measann cuid acu nach dtagann siad faoi cheachtar den dá theideal, an gá a chur san áireamh go bhféadfadh na custaiméirí sin, tar éis dóibh na sonraí sin a chur ar fáil don rialaitheoir chun tairbhe a bhaint as an tseirbhís lena mbaineann, a gceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh i gcoinne úsáid na sonraí sin, ar chúiseanna a bhaineann lena gcás ar leith, de réir bhrí Airteagal 21 de RGCS.

19

Sna cúinsí sin, chinn an Conseil d’État bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)

Chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht, ábharthacht agus riachtanas bhailiú sonraí[,] de réir bhrí fhorálacha [Airteagal 5(1)(c) de RGCS] agus ar an ngá atá lena bpróiseáil[,] de réir bhrí na céad fomhíre d’Airteagal 6(1)(b) agus (f) de RGCS], an féidir cleachtais a bhfuil glacadh coitianta leo i gcumarsáidí sibhialta, tráchtála agus riaracháin a chur san áireamh, ionas go bhféadfaí a mheas go bhfuil gá le bailiú sonraí a bhaineann le teidil custaiméirí, atá teoranta do na focail “an tUasal” nó “Bean Uí”, gan cosc a bheith air sin de bharr phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí?

2)

Chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bailiú agus próiseáil éigeantach sonraí a bhaineann le teidil custaiméirí, cé go measann roinnt custaiméirí nach mbaineann ceachtar den dá theideal leo agus nach bhfuil bailiú na sonraí sin ábhartha dóibh, an gá a chur san áireamh go bhféadfadh siad, tar éis dóibh na sonraí sin a sholáthar don rialaitheoir sonraí chun tairbhe a bhaint as an tseirbhís a thairgtear, a gceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh i gcoinne a n‑úsáide agus a stórála trína staid leithleach a agairt, de bhun Airteagal 21 de RGCS?’

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

20

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) agus (f) de RGCS, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán sin, le léiriú sa chaoi go bhféadfar a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le teidil custaiméirí gnóthais iompair, arb é is cuspóir di an chumarsáid tráchtála a phearsantú bunaithe ar a bhféiniúlacht inscne, riachtanach chun conradh a chomhlíonadh, de réir bhrí phointe (b), nó riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, de réir bhrí phointe (f).

Barúlacha tosaigh

21

Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú gurb é an cuspóir atá á shaothrú ag RGCS, mar a leagtar amach in Airteagal 1 agus in aithrisí 1 agus 10 de, ná, inter alia, ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe a gceart chun príobháideachta maidir le próiseáil sonraí pearsanta, mar atá cumhdaithe in Airteagal 8(1) den Chairt agus Airteagal 16(1) CFAE [breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair, Schrems (Cumarsáide sonraí don phobal i gcoitinne), C‑446/21, EU:C:2024:834, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear].

22

I gcomhréir leis an gcuspóir sin, ní mór d’aon phróiseáil sonraí pearsanta, inter alia, na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí den sórt sin a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán sin a chomhlíonadh agus na coinníollacha dlíthiúlachta a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán sin a chomhlíonadh (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Koninklijke Nederlandse Lawn Tennisbond, C‑621/22, EU:C:2024:857, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

23

Foráiltear le hAirteagal 5(1)(a) de RGCS nach mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí.

24

Faoi Airteagal 5(1)(c) den Rialachán sin, lena leagtar síos prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, ní mór sonraí den sórt sin a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil. Is léiriú é an prionsabal sin ar phrionsabal na comhréireachta [féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Schrems (Sonraí a chur in iúl don phobal i gcoitinne), C‑446/21, EU:C:2024:834, míreanna 49 agus 50 agus an cásdlí dá dtagraítear].

25

Maidir leis na coinníollacha a bhaineann le dleathacht na próiseála, mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais, leagtar síos liosta uileghabhálach sriantach de na cásanna ina bhféadfaí a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS. Ionas go bhféadfaí próiseáil a mheas mar dhleathach, ní mór di teacht faoi cheann de na cásanna dá bhforáiltear san fhoráil sin (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Koninklijke Nederlandse Lawn Tennisbond, C‑621/22, EU:C:2024:857, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(a) den RGCS, measfar próiseáil sonraí pearsanta a bheith dleathach má tá, agus sa mhéid atá, toiliú tugtha ag an ábhar sonraí ina leith sin chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha. In éagmais toiliú den sórt sin, nó i gcás nár tugadh an toiliú sin ar bhealach saor, sonrach, feasach agus gan athbhrí, de réir bhrí Airteagal 4(11), den Rialachán sin, d’fhéadfaí go mbeadh údar le próiseáil den sórt sin mar sin féin i gcás ina gcomhlíonann sé ceann de na ceanglais maidir le riachtanas dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) go (f) den Rialachán sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, míreanna 91 agus 92].

27

Sa chomhthéacs sin, ní mór na húdair dá bhforáiltear san fhoráil sin, sa mhéid is féidir iad a úsáid chun gur dleathach próiseáil sonraí arna déanamh gan toiliú ón ábhar sonraí, a léiriú go docht (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Koninklijke Nederlandse Lawn Tennisbond, C‑621/22, EU:C:2024:857, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

28

Ina theannta sin, mar a chinn an Chúirt, i gcás inar féidir a chinneadh go bhfuil gá le sonraí pearsanta a phróiseáil i bhfianaise ceann de na réasúnuithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) go (f) de RGCS, ní gá a chinneadh an gcumhdaítear an phróiseáil sin le ceann eile de na réasúnuithe sin freisin. Ba cheart a shoiléiriú, i ndáil leis sin, nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le riachtanas a bhaineann leis an mbonn cirt ar a bhfuiltear ag brath i gcás ina bhféadfaí an cuspóir atá á shaothrú leis an bpróiseáil sonraí sin a bhaint amach go réasúnta ar bhealaí eile nach bhfuil chomh díobhálach céanna do chearta bunúsacha na n‑ábhar sonraí, go háirithe na cearta maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ní mór nach mbeidh feidhm ag maoluithe agus srianta ar an bprionsabal maidir le cosaint sonraí den sórt sin ach amháin a mhéid a bhfuil fíorghá leo [féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Coinníollacha ginearálta úsáide de líonra sóisialta), C‑252/22, EU:C:2023:537, mír 94].

29

Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(c) de RGCS, i gcás ina mbailítear sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, gur faoin rialaitheoir atá sé an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi chuspóirí na próiseála dá bhfuil na sonraí sin beartaithe agus faoin mbunús dlí atá leis an bpróiseáil sin (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Koninklijke Nederlandse Lawn Tennisbond, C‑621/22, EU:C:2024:857, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon díospóid ann go bhféadfar teidil, a chomhfhreagraíonn d’fhéiniúlacht inscne fireann nó baineann, a aicmiú mar ‘shonraí pearsanta’ i gcás ina mbaineann sí le duine sainaitheanta, de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS, agus go bhfuil na sonraí sin faoi réir ‘próiseála’, de réir bhrí Airteagal 4(2) de RGCS, a mhéid a dhéanann SNCF Connect í a bhailiú agus a thaifeadadh i gcomhthéacs ticéid a dhíol ar líne. Dá bhrí sin, tagann an phróiseáil sin, atá uathoibríoch thairis sin, faoi raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin, de bhun Airteagal 2(1) de.

31

Ina theannta sin, tá an cheist a tharchuirtear bunaithe ar dhá bhunús, eadhon, ar an gcéad dul síos, go ndéantar an phróiseáil sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí gan toiliú na n‑ábhar sonraí, de réir bhrí Airteagal 4(11) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(a) de RGCS agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil gá leis an bpróiseáil sin chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, de réir bhrí den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(c) de RGCS. Dá bhrí sin, baineann an cheist a tharchuirtear go heisiach leis an bhféidearthacht brath ar na réasúnuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) agus (f) de RGCS i gcomhthéacs na próiseála sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí.

An chéad fomhír d’Airteagal 6(1)(b) de RGCS

32

Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) de RGCS go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach más rud é gur ‘gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t‑ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh’.

33

Chuige sin, ionas go measfar próiseáil sonraí pearsanta a bheith riachtanach chun conradh a chomhlíonadh, de réir bhrí na forála sin, ní mór é a bheith fíor-riachtanach go hoibiachtúil chun cuspóir a bhaint amach ar cuid dhílis í den tseirbhís chonarthach atá beartaithe don ábhar sonraí. Dá bhrí sin, ní mór do rialaitheoir na próiseála sin a bheith in ann a léiriú cén chaoi nach bhféadfaí príomhchuspóir an chonartha sin a bhaint amach gan an phróiseáil sin (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, HTB Neunte Immobilien Portfolio agus Ökorenta Neue Energien Ökostabil IV, C‑17/22 agus C‑18/22, EU:C:2024:738, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Ní bhaineann sé le hábhar ann féin go bhfuil próiseáil den sórt sin luaite sa chonradh nó go bhfuil sí úsáideach, agus sin amháin, chun é a chomhlíonadh. Is é an toisc chinntitheach chun an t‑údar dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) de RGCS a chur i bhfeidhm go bhfuil an phróiseáil a dhéanann an rialaitheoir ar shonraí pearsanta riachtanach chun comhlíonadh cuí an chonartha arna thabhairt i gcrích idir an rialaitheoir sin agus an t‑ábhar sonraí a chumasú agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon roghanna malartacha atá indéanta agus nach bhfuil chomh cunórach céanna ann (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, HTB Neunte Immobilien Portfolio agus Ökorenta Neue Energien Ökostabil IV, C‑17/22 agus C‑18/22, EU:C:2024:738, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Sa chomhthéacs sin, i gcás ina mbaineann an conradh le roinnt seirbhísí nó le roinnt gnéithe ar leith den tseirbhís chéanna is féidir a fheidhmiú go neamhspleách ar a chéile, ní mór measúnú ar leith a dhéanamh ar infheidhmeacht na céad fomhíre d’Airteagal 6(1)(b) de RGCS i gcomhthéacs gach ceann de na seirbhísí sin [breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 100].

36

Sa chás seo, níl aon dhíospóid ann gurb é príomhchuspóir an chonartha atá i gceist sna príomhimeachtaí seirbhís iompair d’iarnród a sholáthar do chustaiméirí. Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, is é cuspóir na próiseála sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí an chumarsáid tráchtála leis an gcustaiméir a phearsantú, i gcomhréir le cleachtais a bhfuil glacadh coitianta leo sa réimse lena mbaineann.

37

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 42 dá Thuairim, d’fhéadfadh cumarsáid tráchtála a bheith ina cuspóir atá ina dhlúthchuid den tseirbhís chonarthach lena mbaineann, ós rud é go mbaineann soláthar seirbhíse iompair iarnróid den sórt sin, i bprionsabal, le cumarsáid a dhéanamh leis an gcustaiméir chun, inter alia, ticéad a sheoladh chuige trí mheán leictreonach, chun é a chur ar an eolas faoi aon athruithe a dhéanann difear don turas comhfhreagrach, agus chun malartuithe leis an tseirbhís iardhíola a chumasú. Féadfar a cheangal leis an gcumarsáid sin go gcloífear le gnásanna agus féadfar a áireamh léi, inter alia, foirmlí cúirtéise, chun meas an ghnóthais lena mbaineann i leith a chustaiméir a léiriú agus, an méid sin á dhéanamh aige, chun íomhá bhranda an ghnóthais sin a chosaint.

38

Mar sin féin, taibhsítear nach gá cumarsáid den sórt sin a phearsantú de réir fhéiniúlacht inscne an chliaint lena mbaineann. De réir an chásdlí, is cosúil nach bhfuil gá le pearsantú ábhair chun seirbhísí a thairiscint do chustaiméir i gcás ina bhféadfar, más iomchuí, na seirbhísí sin a sholáthar dó i bhfoirm rogha mhalartach choibhéiseach nach mbaineann pearsantú den sórt sin léi, agus mar thoradh air sin is cosúil nach bhfuil gá oibiachtúil leis an bpearsantú sin mar chuid dhílis de na seirbhísí sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 102].

39

Maidir leis na seirbhísí atá i gceist sna príomhimeachtaí, is cosúil nach bhfuil pearsantú na cumarsáide tráchtála, atá bunaithe ar fhéiniúlacht inscne thoimhdithe ar bhonn teidil, riachtanach go hoibiachtúil ná riachtanach chun comhlíonadh cuí an chonartha lena mbaineann a chumasú, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 33 agus 34 den bhreithiúnas seo.

40

Is cosúil go bhfuil réiteach inoibrithe ann nach bhfuil chomh cunórach céanna, ós rud é go bhféadfadh an gnóthas lena mbaineann rogha a dhéanamh, maidir le custaiméirí nach mian leo a dteidil a léiriú nó go ginearálta, cumarsáid a dhéanamh ar bhonn foirmlí cineálacha, cuimsitheacha agus neamhchoibhneasacha le féiniúlacht inscne thoimhdithe na gcustaiméirí. Thairis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 49 agus 50 dá Thuairim, dealraíonn sé, faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, go n‑úsáideann SNCF Connect foirmlí den sórt sin cheana féin agus, ina theannta sin, nach bhfuil aon tionchar ag léiriú an teidil mhíchruinn ar sholáthar na seirbhísí iompair lena mbaineann, rud a dhearbhaíonn nach bhfuil gá oibiachtúil leis an bpróiseáil sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí chun príomhábhar an chonartha a chomhlíonadh.

41

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, ag an éisteacht, gur mhaígh SNCF Connect gur shaothraigh an phróiseáil sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí an dara cuspóir, eadhon seirbhísí iompair a oiriúnú do thraenacha oíche, lena gcuimsítear gluaisteáin a choinnítear do dhaoine a bhfuil an fhéiniúlacht inscne chéanna acu, agus chun cabhrú le paisinéirí faoi mhíchumas. De réir SNCF Connect, d’fhéadfadh sé go mbeadh eolas ar fhéiniúlacht inscne na gcustaiméirí lena mbaineann ag teastáil chun críche na seirbhísí iompair sin a oiriúnú.

42

Ní féidir leis an dara cuspóir sin údar a thabhairt le próiseáil chórasach agus ghinearálaithe sonraí a bhaineann le teidil custaiméirí go léir an ghnóthais lena mbaineann, lena n‑áirítear custaiméirí a bhíonn ag taisteal i rith an lae nó siúd nach bhfuil faoi mhíchumas. Tá próiseáil den sórt sin díréireach agus, ar an mbonn sin, ar neamhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, dá dtagraítear i mír 24 den bhreithiúnas seo, ós rud é go bhféadfaí í a theorannú do shonraí a bhaineann le féiniúlacht inscne na gcustaiméirí sin amháin ar mian leo taisteal ar thraein oíche nó cúnamh pearsantaithe a fháil mar gheall ar a míchumas.

43

Dá bhrí sin, ní mór an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) de RGCS, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1)(c) de, a léiriú sa chaoi nach ndealraíonn sé go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le teidil custaiméirí gnóthais iompair, arb é is cuspóir di an chumarsáid tráchtála a phearsantú bunaithe ar a bhféiniúlacht inscne, éigeantach ná riachtanach go hoibiachtúil chun comhlíonadh cuí conartha a chumasú agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas go bhfuil sí riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh.

An chéad fomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS

44

Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach más rud é gur ‘gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t‑ábhar sonraí’.

45

De réir cásdlí socair, leagtar síos san fhoráil sin trí choinníoll charnacha ionas go mbeidh an phróiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear léi dleathach, eadhon, ar an gcéad dul síos, leas dlisteanach a bheith á shaothrú ag rialaitheoir nó ag tríú páirtí; ar an dara dul síos, an gá atá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun an leas dlisteanach atá á shaothrú a bhaint amach; agus, ar an tríú dul síos, an coinníoll nach mbeidh sáraíocht ag leasanna nó cearta agus saoirsí bunúsacha an duine lena mbaineann an chosaint sonraí ar leas dlisteanach an rialaitheora nó an tríú páirtí [breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 106 agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Koninklijke Nederlandse Lawn Tennisbond, C‑621/22, EU:C:2024:857, mír 37].

46

Ar an gcead dul síos, maidir leis an gcoinníoll a bhaineann le leas dlisteanach a shaothrú, ní mór a shonrú, i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(d) de RGCS, gur faoin rialaitheoir atá sé, tráth a gheofar sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí sin, na leasanna dlisteanacha atá á saothrú a léiriú dó i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin bunaithe ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) den Rialachán sin. In éagmais sainmhíniú ar ‘leas dlisteanach’ sa RGCS, is féidir, i bprionsabal, raon leathan leasanna a mheas mar leasanna dlisteanacha. Go háirithe, níl an coincheap sin teoranta do na leasanna a chumhdaítear agus a chinntear le dlí éigin [féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 107, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Koninklijke Nederlandse Lawn Tennisbond, C‑621/22, EU:C:2024:857, míreanna 38, 40 agus 41 agus an cásdlí dá dtagraítear].

47

Dá bhrí sin, is léir ó aithris 47 de RGCS go bhféadfadh leas dlisteanach den sórt sin a bheith ann mar shampla i gcás ina bhfuil caidreamh ábhartha iomchuí idir an t‑ábhar sonraí agus an rialaitheoir i gcásanna amhail gur cliant den rialaitheoir an t‑ábhar sonraí nó go bhfuil an t‑ábhar sonraí i seirbhís an rialaitheora.

48

Ar an dara dul síos, maidir leis an gcoinníoll a bhaineann leis an ngá atá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an leasa dhlisteanaigh atá á shaothrú, agus ag féachaint don chásdlí dá dtagraítear i mír 28 den bhreithiúnas seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach an féidir an leas dlisteanach i bpróiseáil na sonraí atá á saothrú a bhaint amach go réasúnta ar bhealaí eile nach ndéanann an méid céanna dochar do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha na n‑ábhar sonraí, agus ní mór an phróiseáil sin a dhéanamh laistigh de theorainneacha a bhfuil fíorghá leo chun an leas dlisteanach sin a bhaint amach.

49

Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú chomh maith nach mór an coinníoll a bhaineann le gá na próiseála a scrúdú i gcomhar le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a chumhdaítear in Airteagal 5(1)(c) de RGCS, lena bhforáiltear nach mór do na sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, HTB Neunte Immobilien Portfolio agus Ökorenta Neue Energien Ökostabil IV, C‑17/22 agus C‑18/22, EU:C:2024:738, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Ar deireadh, ar an tríú dul síos, maidir leis an gcoinníoll nach sáraíonn leasanna nó cearta agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann cosaint sonraí leas dlisteanach an rialaitheora nó tríú páirtí, chinn an Chúirt gurb é atá i gceist leis sin cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta agus na leasanna freasúracha atá i gceist, rud a bhraitheann, i bprionsabal, ar imthosca nithiúla an cháis ar leith agus, dá bhrí sin, gur faoin gcúirt a rinne an tarchur lena mbaineann a bhí sé an cothromú sin a dhéanamh agus na himthosca sonracha sin á gcur san áireamh. Mar is léir ó aithris 47 de RGCS, d’fhéadfadh, go háirithe, sáraíocht a bheith ag leasanna agus ag cearta bunúsacha an ábhair sonraí ar leas an rialaitheora sonraí i gcás ina ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil in imthosca nach mbeadh na hábhair sonraí ag súil leis go ndéanfaí a leithéid de phróiseáil iontu (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, HTB Neunte Immobilien Portfolio agus Ökorenta Neue Energien Ökostabil IV, C‑17/22 agus C‑18/22, EU:C:2024:738, míreanna 53 agus 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Sa chás seo, cé gur faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a mheas, maidir le próiseáil sonraí pearsanta atá i gceist sna príomhimeachtaí, an gcomhlíontar na trí choinníoll dá dtagraítear i mír 45 den bhreithiúnas seo, is faoin gCúirt atá sé, agus í ag rialú ar tharchur chun réamhrialú, soiléiriú a thabhairt chun an chúirt sin a threorú sa chinneadh sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, HTB Neunte Immobilien Portfolio agus Ökorenta Neue Energien Ökostabil IV, C‑17/22 agus C‑18/22, EU:C:2024:738, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52

Maidir leis an gcéad choinníoll, dá dtagraítear i mír 46 den bhreithiúnas seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a fháil amach ar léirigh SNCF Connect leas dlisteanach dá custaiméirí, i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(d) de RGCS, ag céim bhailiú na sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 58 dá Thuairim, ceanglaítear leis an bhforáil sin go gcuirfí na daoine lena mbaineann ar an eolas go díreach faoin leas dlisteanach atá á shaothrú tráth an bhailithe sin, agus ní féidir údar a thabhairt leis an mbailiú sin ar bhonn na céad fomhíre d’Airteagal 6(1)(f) den Rialachán sin gan an beart sin. Leis an gcomhad atá os comhair na Cúirte, ní féidir a mheas ar comhlíonadh an ceanglas sin sna príomhimeachtaí.

53

Sa chomhthéacs sin, ní mór a shoiléiriú, ina bharúlacha i scríbhinn, go ndearna SNCF Connect tagairt do chuspóir na margaíochta, a bhféadfadh sé go mbeadh gá leis an gcumarsáid a phearsantú agus, dá bhrí sin, na sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a phróiseáil.

54

I ndáil leis sin, de réir an abairt dheireanach d’aithris 47 de RGCS, féadfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na margaíochta a mheas mar phróiseáil a dhéantar ar mhaithe le leas dlisteanach. Go háirithe, féadfar pearsanú fógraíochta a ionannú le taighde margaidh i gcomhthéacs den sórt sin [féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 115].

55

Maidir leis an dara coinníoll, dá dtagraítear i mír 48 den bhreithiúnas seo, faoi réir a fhíoraithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, dealraíonn sé go bhféadfaí pearsantú na cumarsáide tráchtála a theorannú do phróiseáil shloinnte agus thúsainmneacha na gcustaiméirí, toisc gur faisnéis iad a dteidil agus/nó a bhféiniúlacht inscne nach ndealraíonn sé go bhfuil fíorghá léi sa chomhthéacs sin, go háirithe i bhfianaise phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí.

56

Ina mbarúlacha i scríbhinn faoi seach, áitíonn SNCF Connect agus Rialtas na Fraince, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí pearsanta a phróiseáil, nach mór na cleachtais agus coinbhinsiúin shóisialta a bhaineann go sonrach le gach Ballstát a chur san áireamh, go háirithe chun éagsúlacht teanga agus chultúrtha a chaomhnú, dá dtagraítear in aithris 4 de RGCS. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS do chleachtais agus coinbhinsiúin shóisialta a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh an bhfuil gá le próiseáil den sórt sin, agus é á chur in iúl nach mór an tAirteagal sin a léiriú go sriantach, mar a mheabhraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo.

57

Ar an dara dul síos, is cosúil nach ndéanann easpa próiseála sonraí a bhaineann le teidil nó féiniúlacht inscne na gcustaiméirí lena mbaineann difear don éagsúlacht sin. Mar is léir ó mhír 40 den bhreithiúnas seo, is faoin rialaitheoir atá sé na cleachtais shóisialta agus na comhaontuithe sóisialta sin a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint, maidir le custaiméirí nach mian leo a dteidil a chur in iúl nó go ginearálta, as foirmlí cineálacha, cuimsitheacha agus neamh-chomhghaolmhara le féiniúlacht inscne na gcustaiméirí sin, agus mar thoradh air sin nach féidir glacadh leis na hargóintí a chuir SNCF Connect agus Rialtas na Fraince chun cinn in aon chás.

58

Maidir leis an tríú coinníoll, dá dtagraítear i mír 50 den bhreithiúnas seo, agus cothromaíocht a dhéanamh idir na cearta agus na leasanna freasúracha lena mbaineann, eadhon cearta agus leasanna an rialaitheora, ar thaobh amháin, agus cearta agus leasanna an ábhair sonraí, ar an taobh eile, is gá a chur san áireamh, go háirithe, ionchais réasúnta an ábhair sonraí agus raon feidhme na próiseála lena mbaineann agus a tionchar ar an ábhar sonraí sin [breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile(Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 116].

59

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 70 dá Thuairim, faoi réir a fhíoraithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní mheastar go mbeidh custaiméir gnóthais iompair ag súil go bpróiseálfaidh an gnóthas sin sonraí a bhaineann lena theideal nó lena fhéiniúlacht inscne i gcomhthéacs ticéad a cheannach. B’amhlaidh a bheadh, go háirithe, dá mba chun críche na margaíochta amháin a rinneadh an phróiseáil sin.

60

Ní féidir forlámhas a bheith ag an leas dlisteanach i ndáil leis an taighde margaidh, ar aon chuma, i gcás ina bhfuil baol ann go gcuirfí isteach ar chearta agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí. Mar is léir ó aithris 75 de RGCS, d’fhéadfaí rioscaí a bheith ann i dtaca le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta as damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha, go háirithe i gcás ina n‑eascródh idirdhealú as próiseáil den chineál sin.

61

Sa chomhthéacs sin, go háirithe, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a chinneadh an bhfuil baol idirdhealaithe bunaithe ar fhéiniúlacht inscne, arna líomhain ag Mousse, go háirithe i bhfianaise Threoir 2004/113, lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí.

62

Ba cheart a shoiléiriú, i ndáil leis sin, nach féidir raon feidhme na Treorach sin a laghdú go hidirdhealú a eascraíonn as baint a bheith aige le hinscne amháin nó le hinscne eile amháin. I bhfianaise a cuspóra agus chineál na gceart a bhféachann sí lena gcosaint, tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an Treoir sin freisin maidir le hidirdhealú a eascraíonn as athrú féiniúlachta inscne duine (féach, de réir analaí, breithiúnas an 27 Aibreán 2006, Richards, C‑423/04, EU:C:2006:256, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

63

Dá bhrí sin, ní mór léiriú a dhéanamh ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán sin, sa chaoi nach bhféadfar a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le teidil custaiméirí gnóthais iompair, arb é is cuspóir di an chumarsáid tráchtála a phearsantú bunaithe ar a bhféiniúlacht inscne, riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, i gcás:

nár cuireadh an leas dlisteanach atá á shaothrú in iúl do na custaiméirí sin tráth bhailiú na sonraí sin; nó

nach ndéantar an phróiseáil sin laistigh de theorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach chun an leas dlisteanach sin a bhaint amach; nó

i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha uile, nach bhféadfaidh forlámhas a bheith ag cearta agus saoirsí bunúsacha na gcustaiméirí sin ar an leas dlisteanach sin, go háirithe mar gheall ar riosca idirdhealaithe bunaithe ar fhéiniúlacht inscne.

64

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná go bhfuil an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) agus (f) de RGCS, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán sin, le léiriú sa chaoi:

nach ndealraíonn sé go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le teidil custaiméirí gnóthais iompair, arb é is cuspóir di an chumarsáid tráchtála a phearsantú bunaithe ar a bhféiniúlacht inscne, éigeantach ná riachtanach go hoibiachtúil chun comhlíonadh cuí conartha a chumasú agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas go bhfuil sí riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh;

nach bhféadfar a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le teidil custaiméirí gnóthais iompair, arb é is cuspóir di an chumarsáid tráchtála a phearsantú bunaithe ar a bhféiniúlacht inscne, riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, i gcás:

nár cuireadh an leas dlisteanach atá á shaothrú in iúl do na custaiméirí sin tráth bhailiú na sonraí sin; nó

nach ndéantar an phróiseáil sin laistigh de theorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach chun an leas dlisteanach sin a bhaint amach; nó

i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha uile, nach bhféadfaidh forlámhas a bheith ag cearta agus saoirsí bunúsacha na gcustaiméirí sin ar an leas dlisteanach sin, go háirithe mar gheall ar riosca idirdhealaithe bunaithe ar fhéiniúlacht inscne.

An dara ceist

65

Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS le léiriú sa chaoi, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin bhforáil sin, gur gá a chur san áireamh an bhfuil sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh faoi Airteagal 21 de RGCS.

66

Foráiltear le hAirteagal 21(1) de RGCS go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 6(1)(e) nó (f)den Rialachán sin, lena n‑áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha le próiseáil den chineál sin a dhéanamh, ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

67

Le hinfheidhmeacht Airteagal 21 de RGCS agus, dá bhrí sin, le ceart agóide a bheith ann, glactar leis go bhfuil próiseáil dhleathach ann, bunaithe sa chás seo ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) den Rialachán sin. Le bheith dleathach, ní mór próiseáil den sórt sin an coinníoll maidir le dianriachtanas, dá dtagraítear i mír 48 den bhreithiúnas seo, a chomhlíonadh ar dtús.

68

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 80 agus 82 dá Thuairim, leanann sé, dá bhrí sin, ó fhoclaíocht agus ó scéim na bhforálacha lena mbaineann nach féidir an ceart chun agóid a dhéanamh a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht agus, go háirithe, ar an ngá atá le próiseáil sonraí pearsanta atá i gceist sna príomhimeachtaí.

69

Deimhnítear an léiriú sin leis an gcuspóir atá á shaothrú le RGCS, is é sin, i bhfianaise aithris 10 de, ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Bheadh sé d’éifeacht ag aon léiriú eile na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS a lagú trí leathnú a dhéanamh ar na forais atá le dlíthiúlacht na próiseála lena mbaineann, cé nach mór an fhoráil sin a léiriú go sriantach, ag féachaint don chásdlí dá dtagraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo.

70

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná go bhfuil an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS le léiriú sa chaoi, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin bhforáil sin, nach gá a chur san áireamh an bhfuil sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh faoi Airteagal 21 de RGCS.

Costais

71

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) agus (f) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní dhealraíonn sé go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le teidil custaiméirí gnóthais iompair, arb é is cuspóir di an chumarsáid tráchtála a phearsantú bunaithe ar a bhféiniúlacht inscne, éigeantach ná riachtanach go hoibiachtúil chun comhlíonadh cuí conartha a chumasú agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas go bhfuil sí riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh;

ní fhéadfar a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le teidil custaiméirí gnóthais iompair, arb é is cuspóir di an chumarsáid tráchtála a phearsantú bunaithe ar a bhféiniúlacht inscne, riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, i gcás:

nár cuireadh an leas dlisteanach atá á shaothrú in iúl do na custaiméirí sin tráth bhailiú na sonraí sin; nó

nach ndéantar an phróiseáil sin laistigh de theorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach chun an leas dlisteanach sin a bhaint amach; nó

i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha uile, nach bhféadfaidh forlámhas a bheith ag cearta agus saoirsí bunúsacha na gcustaiméirí sin ar an leas dlisteanach sin, go háirithe mar gheall ar riosca idirdhealaithe bunaithe ar fhéiniúlacht inscne.

 

2.

Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(f) de RGCS,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin bhforáil sin, ní ghá a chur san áireamh an bhfuil sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh faoi Airteagal 21 den Rialachán sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.

Top