Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0258

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2026 Iúil 16.
IMI – Imagens Médicas Integradas S.A. e.a. v Autoridade da Concorrência.
Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Comhaontaithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe – Mí-úsáid ceannasachta – Airteagail 101 agus 102 CFAE – Cur chun feidhme ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta – Cinneadh ó údarás iomaíochta náisiúnta lena n‑ordaítear iniúchadh – Cuardach a dhéanamh in áitreabh na ngnóthas lena mbaineann – Taifid ghnó a urghabháil ó chumarsáidí trí ríomhphoist – Barántas arna eisiúint ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus cumarsáidí a urramú – An ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint – Ceanglais nós imeachta – Easpa réamhúdaraithe ó bhreitheamh.
Cásanna uamtha C-258/23 go C-260/23.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2026:585

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

16 Iúil 2026 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Comhaontaithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe – Mí-úsáid ceannasachta – Airteagail 101 agus 102 CFAE – Cur chun feidhme ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta – Cinneadh ó údarás iomaíochta náisiúnta lena n‑ordaítear iniúchadh – Cuardach a dhéanamh in áitreabh na ngnóthas lena mbaineann – Taifid ghnó a urghabháil ó chumarsáidí trí ríomhphoist – Barántas arna eisiúint ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus cumarsáidí a urramú – An ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint – Ceanglais nós imeachta – Easpa réamhúdaraithe ó bhreitheamh)

I gCásanna Uamtha C‑258/23 go C‑260/23,

TRÍ IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Tribunal da Concorrência, Regulação e Supervisão (Cúirt Iomaíochta, Rialála agus Maoirseachta, an Phortaingéil), trí bhreitheanna an 21 Aibreán 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Aibreán 2023, sna himeachtaí

IMI – Imagens Médicas Integradas S.A. (C‑258/23),

Synlabhealth II S.A. (C‑259/23),

SIBS – Sociedade Gestora de Participações Sociais S. A.,

SIBS, Cartões – Produção e Processamento de Cartões S. A.,

SIBS Processos – Serviços Interbancários de Processamento S. A.,

SIBS International S. A.,

SIBS Pagamentos S. A.,

SIBS Gest S. A.,

SIBS Forward Payment Solutions S. A.,

SIBS MB S. A. (C‑260/23)

v

Autoridade da Concorrência,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Jarukaitis, O. Spineanu-Matei, M. Condinanzi agus F. Schalin, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin (Rapóirtéir), E. Regan, N. Piçarra, A. Kumin, N. Jääskinen, S. Gervasoni agus N. Fenger, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 3 Meitheamh 2025,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–

IMI – Imagens Médicas Integradas S. A., ag A. Dias Henriques, R. Oliveira, M. Rodrigues Caldeira agus M. Valente, advogados,

–

Synlabhealth II S. A., ag A. Martins Ferreira, advogado,

–

SIBS – Sociedade Gestora de Participações Sociais S. A. agus páirtithe eile, ag M. de Abreu Castelo Branco, J. Pateira Ferreira agus C. Pinto Correia, advogados,

–

Autoridade da Concorrência, ag D. Cardoso, A. Cruz Nogueira agus S. Parodi, advogadas,

–

Rialtas na Portaingéile, ag C. Alves, P. Barros da Costa agus A. Oliveira Santos, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Seice, ag L. Halajová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Gréige, ag K. Boskovits, i gcáil Gníomhaire,

–

Rialtas na Fionlainne, ag H. Leppo, i gcáil Gníomhaire,

–

Rialtas na Sualainne, ag F.-L. Göransson, i gcáil Gníomhaire,

–

an Coimisiún Eorpach, ag P. Berghe, P. Caro de Sousa agus E. Rousseva, i gcáil Gníomhairí,

–

Údarás Faireacháin CSTE, ag C. Simpson, E. Gromnicka agus M.-M. Joséphidès, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 23 Deireadh Fómhair 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2

Rinneadh na hiarrataí seo i dtrí shraith imeachtaí idir roinnt gnóthas agus an Autoridade da Concorrência (an tÚdarás Iomaíochta, an Phortaingéil) maidir le dlíthiúlacht na mbeart cuardaigh agus maidir le fianaise a scrúdú, a bhailiú agus a urghabháil ag áitreabh na ngnóthas sin i gcomhthéacs imscrúduithe arna ndéanamh ag an údarás sin maidir le cleachtais fhrithiomaíocha dá dtagraítear in Airteagail 101 agus 102 CFAE.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

CFAE

3

Foráiltear le hAirteagal 101 CFAE:

‘1.   Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d’fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n‑éifeacht iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:

(a)

praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach;

(b)

táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú;

(c)

margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú;

(d)

coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;

(e)

chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

2.   Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.

[...]’

4

De réir Airteagal 102 CFAE:

‘Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an margadh inmheánach sa mhéid gurbh fhéidir éifeacht a bheith aici ar thrádáil idir Ballstáit.

D’fhéadfadh sé go háirithe gurb é a bheadh sa mhí-úsáid sin:

(a)

praghsanna míchóra ceannaithe nó díolta nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach;

(b)

an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí;

(c)

coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad;

(d)

chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.’

An Chairt

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 7 den Chairt:

‘Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.’

6

De réir Airteagal 8 den Chairt:

‘1.   Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

2.   Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú.

[...]’

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003

7

Foráiltear le haithris 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail [101] agus [102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1), mar seo a leanas:

‘Is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil cásanna ann ina gcoinnítear taifid ghnó i dtithe bainisteoirí agus fostaithe gnóthais. Chun éifeachtacht na n‑iniúchtaí a chaomhnú, ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n‑údarú ag an gCoimisiún [Eorpach] chun dul isteach in aon áitreabh ina bhféadfar taifid ghnó a choinneáil, lena n‑áirítear tithe príobháideacha. Mar sin féin, ní mór feidhmiú na cumhachta sin a bheith faoi réir údarú an údaráis bhreithiúnaigh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Faoi Airteagal 3(1) den Rialachán sin, ‘[i] gcás ina gcuireann údaráis iomaíochta na mBallstát nó na cúirteanna náisiúnta an dlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm ar chomhaontuithe, cinntí comhlachas gnóthas nó cleachtais chomhbheartaithe de réir bhrí Airteagal [101(1) CFAE] a d’fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit de réir bhrí na forála sin, cuirfidh siad Airteagal [101 CFAE] i bhfeidhm freisin ar na comhaontuithe, na cinntí nó na cleachtais chomhbheartaithe sin. I gcás ina gcuireann údaráis iomaíochta na mBallstát nó na cúirteanna náisiúnta an dlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm ar mhí-úsáid a thoirmisctear le hAirteagal [102 CFAE], cuirfidh siad Airteagal [102 CFAE] i bhfeidhm freisin’.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 5 den Rialachán sin:

‘Beidh údaráis iomaíochta na mBallstát inniúil chun Airteagail [101] agus [102 CFAE] a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair. Chuige sin, féadfaidh siad, ag gníomhú dóibh ar a dtionscnamh féin nó ar ghearán, na cinntí seo a leanas a ghlacadh:

–

a ordú go gcuirfear deireadh le cion,

–

bearta sealadacha a ordú,

–

glacadh le gealltanais,

–

fíneálacha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nó aon phionós eile dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta a fhorchur.

I gcás ina measann siad, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dóibh, nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le toirmeasc, féadfaidh siad a chinneadh freisin nach bhfuil aon fhoras caingne ar a dtaobh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear le hAirteagal 20 den Rialachán sin, a bhaineann le ‘Cumhachtaí iniúchta an Choimisiúin’:

‘1.   Chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas.

2.   Tabharfar na cumhachtaí seo a leanas do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna n‑údarú ag an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh:

(a)

an chumhacht chun dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon mhodh iompair de chuid gnóthas agus comhlachas gnóthas

(b)

an chumhacht chun scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte;

(c)

an chumhacht chun cóipeanna nó sleachta as na leabhair nó na taifid sin a ghlacadh nó a fháil i bhfoirm ar bith;

[...]

3.   Déanfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n‑údarú ag an gCoimisiún chun iniúchadh a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an iniúchta agus an pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 23 i gcás ina mbeidh táirgeadh na leabhar nó na dtaifead eile a bhaineann leis an ngnó a éilítear neamhiomlán nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart nó míthreorach. In am trátha roimh an iniúchadh, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin iniúchadh d’údarás iomaíochta an Bhallstáit arb ar a chríoch atáthar chun an t‑iniúchadh a dhéanamh.

4.   Tá sé de cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas géilleadh d’iniúchtaí arna n‑ordú le cinneadh ón gCoimisiún. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an iniúchta, an dáta a mbeidh sí le tosú agus taispeánfar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 23 agus 24 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú. Déanfaidh an Coimisiún na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás iomaíochta an Bhallstáit arb ar a chríoch atáthar chun an t‑iniúchadh a dhéanamh.

[...]

6.   I gcás ina gcinnfidh oifigigh nó daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún, go bhfuil gnóthas ag cur i gcoinne iniúchta de réir bhrí an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó a gcomhionann d’údarás forfheidhmithe, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a n‑iniúchadh a dhéanamh.

7.   Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta i gcás an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 6, cuirfear iarratas isteach ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Foráiltear le hAirteagal 21 de Rialachán Uimh. 1/2003, dar teideal ‘Iniúchadh ar áitribh eile’:

‘1.   Má tá amhras réasúnach ann go bhfuil leabhair nó taifid eile a bhaineann leis an ngnó agus le hábhar an iniúchta, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú tromchúiseach ar Airteagal [101] nó Airteagal [102 CFAE] a chruthú, á gcoinneáil in aon áitreabh, talamh agus modh iompair eile, lena n‑áirítear tithe stiúrthóirí, bainisteoirí agus ball foirne eile de chuid na ngnóthas agus na gcomhlachas gnóthas lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, a ordú go ndéanfar iniúchadh ar na háitreabh, tailte agus modhanna iompair eile sin.

2.   Déanfar ábhar agus cuspóir an iniúchta a shonrú sa chinneadh, socrófar ann an dáta a gcuirfear tús léi agus léireofar ann gur féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair na Cúirte Breithiúnais. Leagfar amach ann, go háirithe, na cúiseanna a thug ar an gCoimisiún a chinneadh go bhfuil amhras ann de réir bhrí mhír 1. Déanfaidh an Coimisiún na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás iomaíochta an Bhallstáit arb ar a chríoch atáthar chun an t‑iniúchadh a dhéanamh.

3.   Ní fhéadfar cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 a fhorfheidhmiú gan réamhúdarú ó údarás breithiúnach náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Rialóidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh an Choimisiúin barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint go háirithe do thromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras faoi, do thábhacht na fianaise atá á lorg, do rannpháirtíocht an ghnóthais lena mbaineann agus don dóchúlacht réasúnta go gcoinneofar leabhair agus taifid ghnó a bhaineann le hábhar an iniúchta ar áitribh a n‑iarrtar an t‑údarú ina leith. Féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí údarás iomaíochta an Bhallstáit, mínithe mionsonraithe a thabhairt ar na gnéithe sin is gá chun gur féidir leis rialú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart comhéigneach atá beartaithe.

Mar sin féin, ní fhéadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an iniúchadh a thabhairt faoi cheist ná ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis atá i gcomhad an Choimisiúin a éileamh dó féin. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Choimisiúin faoi réir a hathbhreithnithe ach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

RGCS

12

Foráiltear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, agus ceartúchán IO 2018 L 127, lch. 2, ‘RGCS’), dar teideal ‘Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’:

‘1.   Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:

[...]

(g)

is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú;

[...]’

Treoir (AE) 2019/1

13

Leagtar amach le haithrisí 30 go 34 de Threoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (IO 2019 L 11, lch. 3):

‘(30)

Is gá go leor cumhachtaí imscrúdaitheacha a bheith ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun dúshláin forfheidhmiúcháin na timpeallachta digití a sheasamh agus ba cheart iad a úsáid chun cumasú do na [húdaráis iomaíochta náisiúnta] gach faisnéis a bhaineann le gnóthas nó comhlachas gnóthas is ábhar don bheart imscrúdaitheach a fháil i bhfoirm dhigiteach, lena n‑áirítear sonraí a fhaightear trí mhodhanna fóiréinseacha, beag beann ar an meán ina bhfuil an fhaisnéis stóráilte, amhail ríomhairí glúine, fóin phóca, gléasanna móibíleacha agus néalstóráil.

(31)

Ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta a bheith in ann na hiniúchtaí riachtanacha uile a dhéanamh ar áitribh gnóthas agus comhlachas gnóthas, i gcás ina bhfuil siad i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus i gcás ina bhfuil forais réasúnta ar a laghad ann lena mheas go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó 102 CFAE. Ní chuireann an Treoir seo cosc ar na Ballstáit údarú a éileamh roimh ré ó údarás náisiúnta breithiúnach maidir le hiniúchtaí den sórt sin.

(32)

Ionas go mbeidh siad éifeachtach, leis an gcumhacht atá acu chun iniúchtaí a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhfuil rochtain ag an ngnóthas nó ag an gcomhlachas gnóthas nó ag an duine is ábhar don iniúchadh uirthi i gcás ina mbaineann an fhaisnéis sin leis an ngnóthas atá á imscrúdú. Áirítear mar riachtanas air sin an chumhacht chun doiciméid, comhaid nó sonraí i dtaobh feistí a chuardach, ar nithe iad nach ndearnadh a shainaithint go beacht roimh ré. Gan an chumhacht sin, bheadh sé dodhéanta an fhaisnéis is gá a fháil don iniúchadh dá mba rud é go mbeadh meon constaiceach ag gnóthais nó dá ndiúltóidís comhoibriú. Leis an gcumhacht chun scrúdú a dhéanamh ar leabhair nó ar thaifid, cumhdaítear gach comhfhreagras, amhail teachtaireachtaí leictreonacha, beag beann ar cé acu a léadh nó a scriosadh iad.

(33)

Ar mhaithe le fadú neamhriachtanach ar iniúchtaí a sheachaint, ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin leanúint de chuardach a dhéanamh in áitreabh an údaráis nó in áitreabh ainmnithe eile agus cóipeanna nó sleachta de leabhair agus taifid a roghnú a bhaineann le gnó an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas atá á iniúchadh. Ba cheart a áirithiú sna cuardaigh sin go leanfaí d'urraim chuí a thabhairt do chearta cosanta na ngnóthas.

(34)

Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo go bhféadfadh go mbeadh taifid ghnó á gcoinneáil i dtithe stiúrthóirí, bainisteoirí agus ball foirne eile de ghnóthais agus de chomhlachais gnóthas, go háirithe mar gheall ar an méadú ar úsáid socruithe solúbtha oibre. Chun a áirithiú go mbeidh na hiniúchtaí éifeachtach, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun dul isteach in aon áitreabh, lena n‑áirítear tithe príobháideacha, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil amhras réasúnta ann go bhfuil taifid ghnó á gcoinneáil san áitreabh sin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir lena chruthú go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó ar Airteagal 102. Ba cheart feidhmiú na cumhachta sin a bheith faoi réir réamhúdarú a bheith faighte ag údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin ó údarás náisiúnta breithiúnach, lena bhféadfadh ionchúisitheoir poiblí i gcórais náisiúnta dlí áirithe a bheith san áireamh. Níor cheart an méid sin cosc a chur ar na Ballstáit i gcásanna fíorphráinne cúraimí údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh a thabhairt d’údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin atá ag gníomhú i gcáil údarás breithiúnach nó, mar eisceacht, an chumhacht a thabhairt iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh le toiliú na ndaoine is ábhar don iniúchadh. [...]’

14

Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir sin, dar teideal ‘Cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh ghnó’, mar seo a leanas:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin in ann aon iniúchtaí neamhfhógartha is gá dhéanamh ar ghnóthais agus comhlachais gnóthas le haghaidh Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna [n‑]údarú nó arna gceapadh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh:

(a)

an chumhacht chun dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon mhodh iompair de chuid gnóthas agus comhlachas gnóthas

(b)

an chumhacht chun scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte, agus an ceart a bheith acu chun rochtain a fháil ar aon fhaisnéis ar a bhfuil rochtain ag an eintiteas is ábhar don iniúchadh;

(c)

an chumhacht chun cóipeanna nó sleachta as na leabhair nó na taifid sin a ghlacadh nó a fháil i bhfoirm ar bith, agus i gcás ina measfaidh siad é a bheith iomchuí, leanúint de chuardaigh den sórt sin a dhéanamh agus na cóipeanna nó na sleachta sin a roghnú in áitreabh na n‑údarás iomaíochta náisiúnta nó in aon áitreabh ainmnithe eile;

[...]

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas géilleadh do na hiniúchtaí dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina gcuirfidh gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne iniúchta a d’ordaigh údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin agus/nó a d’údaraigh údarás breithiúnach náisiúnta, féadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta cúnamh riachtanach a fháil ó na póilíní nó ó údarás coibhéiseach forfheidhmiúcháin chun ligean dóibh an t‑iniúchadh a dhéanamh. Féadfar cúnamh den sórt sin a fháil mar bheart réamhchúraim.

3.   Ní dochar an tAirteagal seo do na ceanglais faoin dlí náisiúnta maidir le réamhúdarú iniúchtaí den chineál sin a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta.’

15

Foráiltear le hAirteagal 7 den Treoir sin, dar teideal ‘Cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh eile’ don mhéid seo a leanas:

‘1.   I gcás ina mbeidh amhras réasúnta ann go bhfuil leabhair nó taifid eile a bhaineann leis an ngnóthas agus le hábhar an iniúchta, agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a chruthú, á gcoinneáil in aon áitribh nó in aon talamh nó modh iompair seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir seo, lena n‑áirítear tithe na stiúrthóirí, na mbainisteoirí agus na mball foirne eile de ghnóthais nó de chomhlachais gnóthas, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin in ann iniúchtaí neamhfhógartha a dhéanamh ar aon áitribh, talamh agus modhanna iompair den sórt sin.

2.   Ní dhéanfar iniúchtaí den sórt sin gan réamhúdarú ó údarás breithiúnach náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí sin a leagtar amach i bpointe (a), (b) agus (c) d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(2) ar a laghad ag na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag údaráis iomaíochta náisiúnta chun iniúchadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.’

16

Faoi Airteagal 32 den Treoir sin, ‘[á]iritheoidh na Ballstáit go n‑áireofar doiciméid, ráitis ó bhéal, teachtaireachtaí leictreonacha, taifeadtaí agus gach mír eile a chuimsíonn faisnéis, beag beann ar an bhfoirm ina bhfuil sé agus ar an meán ina bhfuil an fhaisnéis stóráilte, ar na cineálacha cruthúnais atá inghlactha mar fhianaise os comhair údarás iomaíochta náisiúnta’.

Dlí na Portaingéile

17

Foráiltear le hAirteagal 34 den Constituição da República Portuguesa (Bunreacht Phoblacht na Portaingéile), dar teideal ‘Dosháraitheacht sainchónaithe agus comhfhreagrais’:

‘1.   Beidh sainchónaí agus rúndacht comhfhreagrais agus modhanna eile cumarsáide príobháidí dosháraithe.

[...]

4.   Tá toirmeasc ar údaráis phoiblí cur isteach ar chomhfhreagras, ar theileachumarsáid nó ar aon mhodh cumarsáide eile, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear leis an dlí maidir le nós imeachta coiriúil.’

18

Foráiltear le lei n.o 19/2012 que aprova o novo regime da concorrência, revogando as Leis n.os 18/2003, de 11 de junho, e 39/2006, de 25 de agosto, e procede à segunda alteração à Lei n.o 2/99, de 13 de janeiro (Dlí Uimh. 19/2012 lena bhformheastar an córas nua iomaíochta, lena n‑aisghairtear Dlíthe Uimh. 18/2003 an 11 Meitheamh agus Uimh. 39/2006 an 25 Lúnasa, agus lena ndéantar an dara leasú ar Dhlí Uimh. 2/99 an 13 Eanáir) an 8 Bealtaine 2012 (Diário da República, Sraith I, Uimh. 89, ‘an Dlí maidir le hiomaíocht’), in Airteagal 2(3) agus (5) de:

‘3.   Léireofar an Dlí seo ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear maidir le cleachtais fhrithiomaíocha nach dócha go ndéanfaidh siad difear don trádáil idir na Ballstáit.

[...]

5.   I gcomhthéacs Airteagail 101 agus 102 [CFAE], urramóidh cur i bhfeidhm an Dlí seo prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh agus [na Cairte].’

19

Faoi Airteagal 18 den Dlí sin:

‘1.   Agus a chumhachtaí forchurtha smachtbhannaí á bhfeidhmiú aige, beidh na cearta seo a leanas ag an Údarás Iomaíochta, trína chomhlachtaí nó trína ghníomhairí:

[...]

(c)

oibríochtaí a dhéanamh, ar áitribh, ar thailte nó ar mhodhanna iompair gnóthas nó comhlachas gnóthas, chun sleachta as scríbhinní agus as doiciméid eile a chuardach, a scrúdú, a bhailiú agus a urghabháil, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte, aon uair is gá bearta den sórt sin chun fianaise a fháil;

[...]

2.   Beidh na céimeanna dá bhforáiltear i míreanna (c) agus (d) den mhír roimhe seo faoi réir údarú ón údarás breithiúnach inniúil.

[...]’

20

Foráiltear le hAirteagal 20(1) den Dlí sin go n‑údaraítear, go n‑ordaítear nó go ndeimhnítear urghabháil doiciméad, gan beann ar a gcineál nó ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte, le cinneadh ón údarás breithiúnach.

21

Foráiltear le hAirteagal 20(6) den Dlí sin, i gcás urghabháil doiciméad atá cumhdaithe ag rúndacht baincéireachta i mbainc nó in institiúidí creidmheasa eile, go gceanglaítear réamhúdarú a fháil ón mbreitheamh imscrúdaithe.

22

Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht in Airteagal 21 den Dlí maidir le hiomaíocht:

‘Chun na céimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 18(1)(c) agus (d), Airteagal 19 agus Airteagal 20 a údarú, beidh dlínse ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí sa dlínse ina bhfuil suíomh an Údaráis Iomaíochta nó, má fhoráiltear go sainráite amhlaidh, ag breitheamh imscrúdaithe na cúirte céanna.’

23

Foráiltear le hAirteagal 21 den Dlí maidir le hiomaíocht, arna leasú le Lei n.o 17/2022 (Dlí Uimh. 17/2022) an 17 Lúnasa 2022:

‘Beidh sé de chumhacht ag údarás breithiúnach inniúil sa dlínse shuíomh [an Údaráis Iomaíochta] na céimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 18(1)(a) go (d), Airteagal 19 agus Airteagal 20 a údarú.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

24

Tá imscrúduithe seolta ag an Údarás Iomaíochta i roinnt earnálacha eacnamaíocha sa Phortaingéil chun a fháil amach an bhfuil cleachtais fhrithiomaíocha ann lena sáraítear, go háirithe, Airteagail 101 agus 102 CFAE. Go sonrach, bhain na himscrúduithe sin, faoi seach, le cleachtas comhbheartaithe féideartha idir gnóthais as ar eascair méadú ar phraghsanna soláthair seirbhísí teilearaideolaíochta d’ospidéil atá mar chuid den tseirbhís sláinte náisiúnta (Cás C‑258/23), cairtéal féideartha a bhaineann le praghsanna tástálacha ‘Covid-19’ a iarradh ar údaráis sláinte poiblí na Portaingéile (Cás C‑259/23) agus amhras faoi mhí-úsáid ceannasachta i réimse na próiseála íocaíochta (Cás C‑260/23).

25

Sa chomhthéacs seo, mheas an tÚdarás Iomaíochta gur ghá iniúchtaí a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí IMI – Imagens Médicas Integradas S.A. agus Synlabhealth II S.A., chomh maith le grúpa SIBS (‘na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí’), chun fianaise a scrúdú, a bhailiú agus a urghabháil. Deonaíodh na hiarrataí a seoladh chuig an údarás breithiúnach inniúil, eadhon Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí de chuid na Portaingéile, chun réamhúdarú a fháil chun na hiniúchtaí sin a dhéanamh.

26

Faoi théarmaí na mbarántas a d’eisigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, tugadh de chumhacht don Údarás Iomaíochta, ar an gcéad dul síos, gach doiciméad a bhaineann go díreach nó go hindíreach le cleachtais fhrithiomaíocha a urghabháil, go háirithe ríomhphoist agus doiciméid inmheánacha atá beartaithe chun faisnéis a chur in iúl idir leibhéil ordlathacha éagsúla agus chun cinntí a ullmhú i réimse bheartas tráchtála na ngnóthas, agus, ar an dara dul síos, an fhaisnéis atá iontu a scrúdú agus a chóipeáil. A mhéid a bhaineann go sonrach leis na bearta iniúchta atá beartaithe i gcoinne IMI agus Synlabhealth II, eisiatar leis na barántais sin fianaise a urghabháil san áitreabh atá tiomnaithe do chúram sláinte agus doiciméid a chumhdaítear le rúndacht leighis a chartlannú.

27

Le linn na n‑inúchtaí a rinneadh, ó mhí Eanáir 2021 go mí an Mhárta 2022, ar áitribh na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí, scrúdaigh an tÚdarás Iomaíochta ríomhphost fhostaithe na ngnóthas sin agus d’urghabh sé comhaid ríomhaireachta a mheastar a bheith ábhartha chun críocha a n‑imscrúduithe. Gabhadh 1 405, 731 agus 10797 gcomhad ríomhaireachta faoi seach.

28

Rinne na gnóthais sin agóid i gcoinne dhlíthiúlacht na n‑iniúchtaí sin os comhair an Tribunal da Concorrência, Regulação e Supervisão (an Chúirt Iomaíochta, Rialála agus Maoirseachta, an Phortaingéil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

29

Tugann an chúirt sin faoi deara go dtugtar leis an Dlí maidir le hiomaíocht an chumhacht don Údarás Iomaíochta doiciméid a urghabháil, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte, ar choinníoll gur dheonaigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí réamhúdarú. Tugann an chúirt sin faoi deara freisin, faoi Airteagal 20 den Dlí maidir le hiomaíocht, nach bhfuil gá le réamhúdarú arna dheonú ag cúirt ach amháin i gcásanna áirithe, eadhon i gcás ina mbaineann an t‑údarú le hiniúchtaí a dhéantar i mbaile duine nádúrtha, i mbunaíocht bhaincéireachta, i ngnólacht dlí nó i gcleachtas leighis.

30

De réir na cúirte sin, tá forálacha an dlí sin comhsheasmhach leis an loighic is bonn leis an dlí coiriúil, eadhon go bhfuil gá le hidirghabháil ó bhreitheamh imscrúdaithe i gcás ina bhféadfadh modh chun fianaise a fháil cearta bunúsacha a shárú, cé go meastar, i gcásanna eile, gur leor iniúchadh arna fhormheas ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, mar an t‑údarás breithiúnach inniúil.

31

I ndáil leis sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, de réir chásdlí chúirteanna na Portaingéile a bhfuil dlínse acu san ábhar, nach bhféadfadh iniúchadh laistigh de ghnóthas chun imscrúdú a dhéanamh ar chleachtais fhrithiomaíocha a bheith ann difear a dhéanamh do chearta bunúsacha. Go háirithe, ní féidir teachtaireachtaí fhostaithe an ghnóthais sin a aicmiú mar ‘chomhfhreagras’, a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, nuair a tharchuirtear iad trína sheirbhísí teachtaireachtaí feidhmiúla.

32

Ina dhiaidh sin, tagraíonn an chúirt sin d’fhorálacha Rialachán Uimh. 1/2003, a bhaineann le cumhachtaí imscrúdaithe an Choimisiúin. Tugann sí faoi deara, faoi Airteagal 20 den Rialachán sin, go bhféadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas agus, sa chomhthéacs sin, scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar aon‘taifid eile a bhaineann leis an ngnó’, gan beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte. Faoi Airteagal 21 den Rialachán sin, is féidir iniúchtaí a dhéanamh ar áitribh eile freisin, amhail sainchónaí stiúrthóirí, bainisteoirí agus ball foirne, ach is gá réamhúdarú ón údarás breithiúnach inniúil. Ina theannta sin, aicmítear in aithris 26 den Rialachán sin doiciméid i dteachtaireachtaí leictreonacha na ngnóthas mar ‘thaifid ghnó’.

33

Ina theannta sin, luann an chúirt a rinne an tarchur Treoir 2019/1 maidir le cumhachtaí iomaíochta údaráis iomaíochta na mBallstát. Leanann sé ó aithrisí 30 agus 32 agus ó Airteagal 6 den Treoir sin gur cheart do na húdaráis sin a bheith i dteideal an fhaisnéis uile a fháil a bhaineann leis an ngnóthas is ábhar do bheart imscrúdaitheach, gan beann ar an meán ina stóráiltear an fhaisnéis sin. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis sin a bheith in ann gach cineál comhfhreagrais a urghabháil, lena n‑áirítear teachtaireachtaí leictreonacha.

34

Tugann an chúirt sin faoi deara, thairis sin, faoi Airteagal 2(3) agus (5) de, nach mór an Dlí maidir le hiomaíocht a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais, lena n‑áirítear maidir le cleachtais fhrithiomaíocha nach dócha go ndéanfaidh siad difear don trádáil idir na Ballstáit. Ina theannta sin, laistigh de raon feidhme na bhforálacha sin, ní mór do chur i bhfeidhm an Dlí sin an Chairt a chomhlíonadh.

35

Ar deireadh, áitíonn an chúirt sin go mbaineann na doiciméid atá i gceist sna cásanna seo le gníomhaíocht tráchtála na ngnóthas a chumhdaítear leis na bearta iniúchta. Sa chás seo, is de chineál institiúideach é ríomhphost, ós rud é gur maoin eisiach de chuid na ngnóthas sin é, lena bhforchuirtear go haontaobhach ar a bhfostaithe coinníollacha úsáide an mhodha cumarsáide sin ar feadh thréimhse an chaidrimh fheidhmiúil eatarthu. Thairis sin, i gcomhréir le rialacha inmheánacha na ngnóthas sin, ríomhphost den sórt sin teoranta d’úsáid fheidhmiúil. Dá bhrí sin, tá toirmeasc ar a úsáid chun críoch pearsanta agus chun críoch a bhaineann le saol príobháideach an fhostaí.

36

Ar an taobh eile, maíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí nach mór ríomhphoist a bhfostaithe a chosaint mar ‘chomhfhreagras’ agus nach féidir doiciméid den sórt sin a urghabháil i gcomhthéacs imscrúdú ar chleachtais fhrithiomaíocha a thoirmisctear le hAirteagail 101 agus 102 CFAE. Mar mhalairt air sin, áitíonn siad gur gá, in aon chás, réamhúdarú ó bhreitheamh imscrúdaithe chun na litreacha sin a urghabháil.

37

Is sna himthosca sin a chinn an Tribunal da Concorrência, Regulação e Supervisão (an Chúirt Iomaíochta, Rialála agus Maoirseachta), i ngach ceann de na cásanna atá os a comhair, bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.

An ionann “[comhfhreagras]”, chun críocha Airteagal 7 den [Chairt], agus na taifid ghnó, atá i gceist sa chás seo, arna seoladh trí ríomhphost?

2.

An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 den [Chairt] ar urghabháil taifead gnó, atá mar thoradh ar chumarsáid a rinneadh idir bainisteoirí agus fostaithe i gcuideachtaí trí ríomhphost, nuair atá fiosrú á dhéanamh ar chomhaontuithe agus cleachtais arna dtoirmeasc de bhun Airteagal 101 CFAE (roimhe seo Airteagal 81 CCE)?

3.

An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 den [Chairt] ar urghabháil taifead gnó den sórt sin, ar bhonn údarú roimh ré ó údarás breithiúnach, sa chás seo, [Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí], ar a bhfuil sé de dhualgas ionadaíocht a dhéanamh ar an Stát, na leasanna arna gcinneadh le dlí a chosaint, ionchúisimh choiriúla a dhéanamh ar bhonn phrionsabal na dlíthiúlachta agus an dlíthiúlacht dhaonlathach a chosaint i gcomhréir leis an méid a leagtar síos [i mBunreacht Phoblacht na Portaingéile] agus a ghníomhaíonn go neamhspleách ar na húdaráis eile den rialtas lárnach, réigiúnach agus áitiúil?’

An nós imeachta os comhair na Cúirte

38

Le cinneadh an 14 Meitheamh 2023, chinn Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, de bhun Airteagal 54(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, Cásanna C‑258/23, C‑259/23 agus C‑260/23 a uamadh chun críocha an nós imeachta i scríbhinn agus ó bhéal agus an bhreithiúnais.

39

An 5 Márta 2024, sannadh na cásanna uamtha sin ar an gCeathrú Dlísheomra de chuid na Cúirte ionas go bhféadfadh sé breithiúnas a thabhairt gan éisteacht, ach le Tuairim spriocdhírithe ar an tríú ceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú.

40

Tugadh an Tuairim sin an 20 Meitheamh 2024, tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta ina dhiaidh sin.

41

An 9 Deireadh Fómhair 2024, chinn an Chúirt, mar gheall ar imeacht an Bhreithimh is Rapóirtéir mar thoradh ar dheireadh a théarma oifige, na cásanna uamtha seo a athshannadh do Bhreitheamh is Rapóirtéir nua.

42

Ós rud é, inter alia, go raibh an cheist a bhaineann le himpleachtaí bhreithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca) (C‑548/21, EU:C:2024:830), don fhreagra ar an tríú ceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú i ngach ceann de na cásanna seo, dlite d’fhoirmiú cúirte leathnaithe, d’iarr an Ceathrú Dlísheomra de chuid na Cúirte, de bhun Airteagal 60(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ar an gCúirt na cásanna sin a tharchur chuig an Mór-Dhlísheomra.

43

An 18 Márta 2025, chinn an Chúirt na cásanna sin a tharchur chuig Mór-Dhlísheomra na Cúirte agus d’athoscail sí an chuid ó bhéal den nós imeachta.

Inghlacthacht

44

Rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí agóid i gcoinne inghlacthacht na n‑iarrataí ar réamhrialú ina n‑iomláine.

45

Ar an gcéad dul síos, maíonn siad, go bunúsach, nach gcomhlíontar leis na hiarrataí sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta agus nach mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear le hábhar.

46

Ar an gcéad dul síos, i gCás C‑258/23, measann IMI nár chuir an chúirt a rinne an tarchur an fhaisnéis is gá ar fáil don Chúirt chun comhthéacs fíorasach agus dlíthiúil an cháis sna príomhimeachtaí a thuiscint, agus chun na ceisteanna dlíthiúla a ardaítear leis a leagan amach. Áitíonn sí, go háirithe, ós rud é nár tharraing an chúirt a rinne an tarchur aird na Cúirte ar bhreithiúnas Uimh. 91/2023 ón Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil, an Phortaingéil) an 16 Márta 2023, Cás Uimh. 559/2020, lenar dhearbhaigh an Tribunal Constitucional go raibh an riail go bhfuil an t‑Údarás Iomaíochta údaraithe chun ríomhphoist oscailte a chuardach agus a urghabháil le comhaontú ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí míbhunreachtúil, nach ráthaítear go mbeidh an freagra a thabharfaidh an Chúirt ar na ceisteanna a tharchuirtear chomh hiomlán agus chomh húsáideach agus is féidir. Ina dhiaidh sin, i gCás C‑259/23, measann Synlabhealth II freisin nach luaitear san iarraidh ar réamhrialú roinnt fíoras atá riachtanach chun an díospóid sna príomhimeachtaí, na forálacha náisiúnta is infheidhme agus an nasc idir na forálacha sin agus forálacha dhlí an Aontais a bhfuil a léiriú á lorg a thuiscint. Ar deireadh, i gCás C‑260/23, áitíonn cuideachtaí ghrúpa SIBS nach mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear le hábhar na díospóide sin, arb é atá i gceist leis measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na mbeart atá i gceist i bhfianaise dhlí na Portaingéile, agus ní i bhfianaise na Cairte.

47

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta, ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ar mhaithe le breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 24 Iúil 2023, Lin, C‑107/23 PPU, EU:C:2023:606, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do rialú a thabhairt ar cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, ós rud é gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 24 Iúil 2023, Lin, C‑107/23 PPU, EU:C:2023:606, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Ba cheart a mheabhrú freisin, de réir cásdlí socair, a léirítear anois in Airteagal 94(a) agus (b) de na Rialacha Nós Imeachta, de réir an ghá atá ann léiriú a thabhairt ar dhlí an Aontais Eorpaigh a bheidh úsáideach don chúirt náisiúnta, ní mór don chúirt náisiúnta comhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna atá á gcur aici a shainiú nó, ar a laghad, míniú a thabhairt ar na himthosca fíorasacha ar a bhfuil na ceisteanna sin bunaithe. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach, mar a luaitear in Airteagal 94(c) de na Rialacha sin, go bhfuil ráiteas san iarraidh ar réamhrialú maidir leis na cúiseanna a thug ar an gcúirt a rinne an tarchur fiosrú a dhéanamh faoi léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais, agus an nasc a bhunaítear léi idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, European Superleague Company, C‑333/21, EU:C:2023:1011, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Thairis sin, ní mór ní hamháin an Chúirt a chur ar a cumas freagraí fónta a thabhairt leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san ordú tarchuir ach, thairis sin, deis a thabhairt do rialtais na mBallstát agus do pháirtithe leasmhara eile barúlacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, European Superleague Company, C‑333/21, EU:C:2023:1011, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Sa chás seo, tá dóthain faisnéise sna hiarrataí ar réamhrialú chun go mbeidh an Chúirt in ann comhthéacs dlíthiúil agus fíorasach na ndíospóidí sna príomhimeachtaí agus brí agus raon feidhme na gceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú a thuiscint. Ina theannta sin, leag an chúirt a rinne an tarchur amach na cúiseanna a thug uirthi na hiarrataí sin a chur faoi bhráid na Cúirte agus an nasc, dar léi, atá ann idir forálacha dhlí an Aontais, lena n‑áirítear forálacha na Cairte, dá dtagraítear sna hiarrataí sin, agus forálacha dhlí na Portaingéile is infheidhme maidir leis na díospóidí sin.

52

I ndáil leis sin, is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú go n‑iarrann siad soiléiriú ón gCúirt maidir le raon feidhme na cosanta a thugtar le hAirteagal 7 den Chairt i gcoinne bearta chun taifid ghnó a urghabháil a eascraíonn as cumarsáid trí ríomhphost idir bainisteoirí agus fostaithe gnóthas, i gcomhthéacs a thagann faoi chur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus, go háirithe, Airteagail 101 agus 102 CFAE.

53

Beidh tionchar ag an léiriú a iarrfar ar an gCúirt a thabhairt ar fhorálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear sna hiarrataí ar réamhrialú ar scrúdú na cúirte a rinne an tarchur ar dhlíthiúlacht urghabhálacha doiciméad arna ndéanamh ag an Údarás Iomaíochta in éagmais réamhúdarú arna eisiúint ag cúirt.

54

Ina theannta sin, léirítear le hábhar na mbarúlacha i scríbhinn agus na hidirghabhálacha a rinneadh ag an éisteacht araon nach raibh aon deacracht ag na páirtithe leasmhara comhthéacs fíorasach agus dlíthiúil na gceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur a thuiscint, chun brí agus raon feidhme na ráiteas fíorasach is bonn leo a thuiscint, chun tuiscint a fháil ar na cúiseanna ar mheas an chúirt sin gur ghá iad a chur agus, ar deireadh, chun seasamh iomlán agus úsáideach a ghlacadh ar an ábhar sin.

55

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad fhoras do-ghlacthachta a d’ardaigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí.

56

Ar an dara dul síos, i gCás C‑259/23, áitíonn Synlabhealth II, sa chás seo, gur sháraigh an tÚdarás Iomaíochta teorainneacha an bharántais a d’eisigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí nuair a rinne sé na hiniúchtaí agus na hurghabhálacha ar áitreabh na cuideachta sin agus nár éisteadh é maidir leis na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú, de shárú ar na ceanglais nós imeachta a leagtar síos le dlí na Portaingéile, agus is é sin an fáth ar thionscain sé caingean i gcoinne an ordaithe tarchuir. Ós rud é nach bhfuil imthosca uile an cháis suite go fóill, ba cheart don Chúirt diúltú rialú a thabhairt nó, ar a laghad, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go ndéanfaidh an Tribunal da Relação de Lisboa (an Chúirt Achomhairc, Liospóin, an Phortaingéil) cinneadh san achomharc i gcoinne an chinnidh an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais. I gCás C‑260/23, maíonn na cuideachtaí ghrúpa SIBS freisin go ndearnadh an tarchur chun réamhrialú tráth nach raibh fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí suite ná pléite go fóill.

57

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur faoin gcúirt náisiúnta atá sé a chinneadh cén chéim de na himeachtaí is iomchuí di ceist a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Iúil 2008, Coleman, C‑303/06, EU:C:2008:415, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58

I gcás ina n‑iarrtar ar an gCúirt, dá bhrí sin, dlí an Aontais a léiriú i gcás nach bhfuil baint shoiléir aige le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí agus ina bhfuil an fhaisnéis is gá aici chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi, ní mór di na ceisteanna sin a fhreagairt gan gá di toimhde na bhfíoras ar ar bhraith an chúirt a rinne an tarchur a mheas í féin, toimhde a bheidh faoin gcúirt sin a chinneadh ina dhiaidh sin an bhfuil gá leis sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Iúil 2008, Coleman, C‑303/06, EU:C:2008:415, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

59

Dá bhrí sin, ní mór diúltú freisin don dara foras do-ghlacthachta a d’ardaigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí.

60

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, tá na ceisteanna a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur le haghaidh réamhrialú inghlactha.

Substaint

61

Mar réamhphointe, ba cheart dom a choinneáil i gcuimhne go sainítear raon feidhme na Cairte, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht na mBallstát, in Airteagal 51(1) di, ar dá réir nach ndírítear forálacha na Cairte chuig na Ballstáit ach amháin nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Deimhnítear leis an bhforáil sin cásdlí socair ar dá réir a bhfuil feidhm le bheith ag na cearta bunúsacha arna ráthú i ndlíchóras an Aontais i ngach cás arna rialú le dlí an Aontais, ach ní lasmuigh de na cásanna sin (féach breithiúnais an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson, C‑617/10, EU:C:2013:105, mír 19, agus an 6 Márta 2025, D.K. (Breitheamh a tharraingt siar), C‑647/21 agus C‑648/21, EU:C:2025:143, mír 38).

62

Ós rud é go mbaineann na díospóidí sna príomhimeachtaí leis an gceist maidir le cearta bunúsacha a urramú le linn iniúchtaí arna ndéanamh ag údarás iomaíochta náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe ar sháruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE agus, dá bhrí sin, le cásanna ina gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, tá feidhm ag forálacha na Cairte.

An chéad cheist

63

Lena céad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 7 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘cumarsáidí’, de réir bhrí an Airteagail sin, ríomhphoist a bhaineann leis an obair a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais trí sheirbhís teachtaireachtaí an ghnóthais sin.

64

Ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur thagair an chúirt a rinne an tarchur don choincheap ‘comhfhreagras’, go dtagraítear anois leis an Airteagal sin don choincheap ‘cumarsáidí’. Mar is léir ó na mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17), cuireadh ‘comhfhreagras’ in ionad an fhocail ‘cumarsáidí’ chun forbairtí teicniúla a chur san áireamh.

65

Is léir ó Airteagal 52(3) den Chairt, a mhéid a bhfuil cearta inti a fhreagraíonn do chearta a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’), 1950, go mbeidh a mbrí agus a raon feidhme mar an gcéanna leis na cinn a thugtar dóibh leis an gCoinbhinsiún sin. Mar sin féin, ní choiscfidh an fhoráil sin dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar.

66

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú go bhfuil cearta in Airteagal 7 den Chairt, a bhaineann leis an gceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, ar cearta iad a chomhfhreagraíonn do na cearta a ráthaítear le hAirteagal 8(1) ECHR. Is gá, dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, an bhrí agus an raon feidhme céanna a thabhairt d’Airteagal 7 is a thugtar le hAirteagal 8(1) ECHR, mar a léirítear é le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2010, McB., C‑400/10 PPU, EU:C:2010:582, mír 53; an 15 Samhain 2011, Dereci agus páirtithe eile, C‑256/11, EU:C:2011:734, mír 70, agus an 17 Nollaig 2015, WebMindLicenses, C‑419/14, EU:C:2015:832, mír 70).

67

Is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go bhféadfar cumarsáidí a thagann ó áitreabh gnó, amhail iad siúd a thagann ón mbaile, a áireamh sna coincheapa ‘saol príobháideach’ agus ‘comhfhreagras’ dá dtagraítear in Airteagal 8 ECHR. Shoiléirigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, chun a chinneadh an bhfuil na coincheapa sin infheidhme, gur critéar tábhachtach, ach nach gá gur critéar cinntitheach é, é an t‑ionchas réasúnach go ndéanfar an saol príobháideach a chosaint agus a urramú (féach ECtHR, 5 Meán Fómhair 2017, Bărbulescu v an Rómáin, CE:ECHR:2017:0905JUD006149608, § 73 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68

Dá bhrí sin, ós rud é gurb ionann idircheapadh teileachumarsáide agus cur isteach ar fheidhmiú an chirt a ráthaítear le hAirteagal 8(1) ECHR, is teorannú é freisin ar fheidhmiú an chirt chomhfhreagraigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt (breithiúnas an 17 Nollaig 2015, WebMindLicenses, C‑419/14, EU:C:2015:832, mír 71).

69

Chinn an Chúirt cheana féin go bhfuil feidhm ag an méid sin maidir le hurghabhálacha ríomhphost a dhéantar le linn iniúchtaí ar áitreabh gnó nó tráchtála duine nádúrtha nó ar áitreabh cuideachta tráchtála, arb ionann iad freisin agus cur isteach ar fheidhmiú an chirt a ráthaítear in Airteagal 8 ECHR (breithiúnas an 17 Nollaig 2015, WebMindLicenses, C‑419/14, EU:C:2015:832, mír 72).

70

Thairis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 31 dá Tuairim an 20 Meitheamh 2024, tá aicmiú ríomhphost mar ‘chomhfhreagras’ de réir bhrí Airteagal 8(1) ECHR agus, dá bhrí sin, mar ‘chumarsáid’ de réir bhrí Airteagal 7 den Chairt, neamhspleách ar an bhfíoras go bhfuair seolaí na ríomhphost sin cheana féin, cibé acu an bhfuil siad léite, neamhléite nó scriosta, toisc gur seoladh an chumarsáid ó áitreabh nó trealamh gnó (ECtHR, 11 Eanáir 2024, Arregui v an Spáinn, CE:ECHR:2024:0111JUD004254118, § 31 agus an cásdlí dá dtagraítear), nó trí ríomhphoist oifigiúil (ECtHR, 3 Aibreán 2007, Copland v an Ríocht Aontaithe, CE:ECHR:2007:0403JUD006261700, § 41 agus 42), nó gur seoladh duine dlítheanach é seoladh an tseoltóra nó an tseolaí (ECtHR, 14 Márta 2013, Bernh Larsen Holding AS agus páirtithe eile v an Iorua, CE:ECHR:2013:0314JUD002411708, § 106), nó, arís, ar an gceist an bhfuil a n‑inneachar de chineál príobháideach nó nach bhfuil (ECtHR, 16 Nollaig 1992, Niemietz v an Ghearmáin, CE:ECHR:1992:1216JUD001371088, § 32 in fine).

71

Dá bhrí sin, cé gur féidir ríomhphost a aicmiú mar rud ‘a bhaineann leis an ngnó’, i bhfianaise a fhoirme nó a ábhair, ní chiallaíonn sé sin go mbaintear an chosaint de a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt do chumarsáid. I ndáil leis sin, i mbreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 5 Meán Fómhair 2017, Bărbulescu v an Rómáin (CE:ECHR:2017:0905JUD006149608, § 74), a bhaineann le cás inar seoladh teachtaireachtaí príobháideacha ó ríomhaire gairmiúil, luadh nach raibh riail arna leagan síos ag an bhfostóir lena gceanglaítear ar fhostaithe staonadh ó aon ghníomhaíocht phearsanta ina n‑ionad oibre agus lena dtoirmisctear orthu acmhainní an ghnóthais a úsáid chun críoch pearsanta ábhartha chun críocha aicmithe mar ‘chomhfhreagras’ faoi Airteagal 8(1) ECHR.

72

Ar deireadh, síneann an chosaint seo freisin chuig sonraí pearsanta a ghintear trí tharchur ríomhphost den sórt sin a bhaineann leis an obair, a chosnaítear freisin le hAirteagal 8 den Chairt (ECtHR, 16 Deireadh Fómhair 2007, Wieser agus Bicos Beteiligungen GmbH v an Ostair, CE:ECHR:2007:1016JUD007433601, § 45).

73

Leanann sé ón méid sin roimhe seo nach mór Airteagal 7 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘cumarsáidí’, de réir bhrí an Airteagail sin, ríomhphoist a bhaineann leis an obair a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais trí sheirbhís teachtaireachtaí an ghnóthais sin.

An dara agus an tríú ceist

74

Lena dara agus tríú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcaithfear Airteagal 7 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar urghabháil, arna húdarú roimhe sin ag údarás breithiúnach, amhail Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí de chuid na Portaingéile, atá uathrialach agus freagrach, inter alia, as imeachtaí coiriúla a thionscnamh, thar ceann leas an phobail, agus as dlíthiúlacht dhaonlathach a chosaint, ar ríomhphoist a bhaineann leis an obair iad a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais, le linn iniúchadh arna dhéanamh ag údarás iomaíochta i gcomhthéacs imscrúdú a bhaineann le sáruithe ar Airteagail 101 nó 102 CFAE.

75

De réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, is faoin gCúirt atá sé freagra a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go measann an Chúirt gur gá forálacha dhlí an Aontais a chur san áireamh nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh i bhfoclaíocht a ceisteanna (breithiúnais an 20 Márta 1986, Tissier, 35/85, EU:C:1986:143, mír 9, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 60).

76

Toisc gur scríobh cúirt náisiúnta, go foirmiúil, ceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú trí thagairt a dhéanamh d’fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais, ní chuirtear cosc leis sin ar an gCúirt na léirithe uile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúnamh le linn breithniú a dhéanamh ar an gcás os a comhair a chur ar fáil don chúirt sin, cibé acu ar tharchuir sí chucu i bhfoclaíocht a ceisteanna nó nach ndearna. I ndáil leis sin, is faoin gCúirt atá sé na heilimintí de dhlí an Aontais ar gá iad a léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide a bhaint as an bhfaisnéis go léir a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, go háirithe as forais an ordaithe tarchuir (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

77

Sa chás seo, leis an dara agus an tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur faoi dhlíthiúlacht urghabhálacha ríomhphost, a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais, a dhéantar le linn iniúchtaí arna ndéanamh ag an Údarás Iomaíochta ar áitreabh gnó nó tráchtála an ghnóthais sin i gcomhthéacs imscrúdú ar shárú ar Airteagail 101 nó 102 CFAE. Go sonrach, fiafraíonn an chúirt sin an féidir le húdarás breithiúnach, amhail Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí de chuid na Portaingéile, urghabhálacha den sórt sin a údarú, nó an gá go n‑éileoidh siad réamhúdarú ó chúirt.

78

Cé nach bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ach den Chúirt maidir le léiriú Airteagal 7 den Chairt, lena n‑aithnítear go bhfuil an ceart ag gach duine go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú, i gcomhthéacs den sórt sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh baint a bheith ag na doiciméid a chumhdaítear leis na hurghabhálacha atá i gceist sna príomhimeachtaí ní hamháin le ‘cumarsáidí’ de réir bhrí Airteagal 7, ach le sonraí pearsanta freisin, a chosnaítear le hAirteagal 8 den Chairt. Cé go bhfuil an fhaisnéis a bhailítear mar chuid de ghníomhaíocht ghairmiúil, ní chiallaíonn sé sin nach féidir í a aicmiú mar shonraí pearsanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Aibreán 2025, Ministerstvo zdravotnictví (Sonraí a bhaineann le hionadaí duine dhlítheanaigh), C‑710/23, EU:C:2025:231, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

79

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú freisin go bhfuil dlúthnasc idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt a urramú, a fhorlíonann sé (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, C‑92/09 agus C‑93/09, EU:C:2010:662, mír 47, agus an 18 Nollaig 2025, Storstockholms Lokaltrafik, C‑422/24, EU:C:2025:980, mír 40).

80

Sna himthosca sin, d’fhonn freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, ní mór an dara agus an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú a athfhoirmliú agus a mheas, leis na ceisteanna sin, go n‑iarrann an chúirt sin, go bunúsach, an gá Airteagail 7 agus 8 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar ríomhphoist a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais a urghabháil, gan réamhúdarú ó chúirt, le linn iniúchadh arna dhéanamh ag údarás iomaíochta náisiúnta ag áitreabh gnó nó tráchtála gnóthas a bhfuil amhras ann go ndearna siad sáruithe ar Airteagail 101 nó 102 CFAE.

81

Maidir le raon feidhme na gceart a aithnítear sa Chairt, ní mór a mheabhrú nach cearta iomlána iad na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ach nach mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí (breithiúnais an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C‑817/19, EU:C:2022:491, mír 112, agus an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 45).

82

Glactar leis in Airteagal 52(1) den Chairt go bhféadfar teorainneacha a fhorchur ar fheidhmiú na gceart, amhail na cearta sin a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 di, ar choinníoll go bhforáiltear do na teorainneacha sin le dlí, go n‑urramaítear leo inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go bhfreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint (breithiúnais an 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, C‑92/09 agus C‑93/09, EU:C:2010:662, mír 50, agus an 8 Nollaig 2022, Google (Díliostú ábhair a líomhnaítear a bheith míchruinn), C‑460/20, EU:C:2022:962, mír 57).

83

Sa chás seo, ní mór a mheas gurb ionann urghabhálacha ríomhphost a dhéantar le linn iniúchtaí ar áitreabh gnó nó tráchtála duine nádúrtha nó ar áitreabh cuideachta tráchtála agus teorannú ar fheidhmiú an chirt chun príobháideachais a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2015, WebMindLicenses, C‑419/14, EU:C:2015:832, mír 72).

84

Thairis sin, maidir le ríomhphoist a mhalartaítear idir stiúrthóirí agus fostaithe gnóthais, chomh maith leis na taifid ghnó a eascraíonn astu, is léir, a mhéid is féidir sonraí pearsanta a bheith sna ríomhphoist agus sna taifid sin freisin, gurb ionann freisin urghabháil ag údarás náisiúnta iomaíochta i gcomhthéacs imscrúdú agus teorannú ar fheidhmiú an chirt a ráthaítear le hAirteagal 8 den Chairt.

85

Dá bhrí sin, ní fhéadfar teorainneacha den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin má fhoráiltear dóibh leis an dlí, má urramaítear leo inneachar sár-riachtanach na gceart sin, má chomhlíontar leo i ndáiríre cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas agus má chomhlíontar leo prionsabal na comhréireachta.

86

Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceanglas a bhaineann le comhlíonadh phrionsabal na dlíthiúlachta, is cosúil, sa chás seo, go gcomhlíontar é. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí bunaithe ar Airteagail 18 go 21 den Dlí maidir le hiomaíocht, lena gceadaítear don Údarás Iomaíochta, inter alia, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ar áitribh na ngnóthas a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE maidir le ‘hoibríochtaí chun sleachta as scríbhinní agus as doiciméid eile a chuardach, a scrúdú, a bhailiú agus a urghabháil, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte, aon uair is gá bearta den sórt sin chun fianaise a fháil’.

87

Ar an dara dul síos, maidir le inneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a urramú, ní mór a thabhairt faoi deara, cé go mbaineann bearta chun doiciméid a chuardach agus a urghabháil, amhail na bearta a dhéantar sna díospóidí sna príomhimeachtaí, le rochtain ar chumarsáidí, de réir bhrí Airteagal 7 den Chairt, go bhféachann siad go heisiach le rochtain a fháil ar ábhar ríomhphost agus teachtaireachtaí leictreonacha a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe mar a shainmhínítear sa chinneadh iniúchta. Ina theannta sin, baineann na bearta sin le ríomhphoist a mhalartaítear trí bhíthin sheirbhís teachtaireachtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann, chomh maith le doiciméid agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha atá fostaithe ag na gnóthais sin atá teoranta, i bprionsabal, do ghnéithe de shaol gairmiúil na ndaoine nádúrtha sin, d’eisiamh faisnéise maidir lena saol príobháideach agus a saol teaghlaigh, de réir bhrí Airteagal 7.

88

Ina theannta sin, dealraíonn sé nach bhfuil bailiú sonraí pearsanta gan teorainneacha nó rochtain ghinearálaithe orthu i gceist, mar riail ghinearálta, le hurghabháil cumarsáidí gairmiúla bainisteoirí agus fostaithe gnóthais is ábhar d’imscrúdú, ós rud é go bhfuil bailiú na sonraí sin atá sna cumarsáidí sin teoranta dóibh siúd a bhaineann leis an iompar frithiomaíoch a chumhdaítear le tionscnamh imscrúdú an Údaráis Iomaíochta. Thairis sin, ní fhéadfar na sonraí sin a úsáid chun críocha eile seachas an t‑iompar sin a shainaithint. Dá bhrí sin, a mhéid, i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais, lena n‑áirítear RGCS, sainítear leis an reachtaíocht náisiúnta críocha phróiseáil na sonraí a bhailítear agus a leagtar síos inti rialacha lena rialaítear an phróiseáil sin, lena n‑áirítear stóráil agus aistriú na sonraí sin, ní féidir a mheas go bhfuil urghabháil ríomhphost atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí de chineál lena ndéantar difear d’inneachar sár-riachtanach Airteagal 8 den Chairt.

89

Sna himthosca sin, faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil nach ndéantar difear le hurghabháil na ndoiciméad dá dtagraítear sna díospóidí sna príomhimeachtaí d’inneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

90

Ar an tríú dul síos, maidir leis an gceist an gcomhlíontar leis an gcur isteach sin, sa chás seo, cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de chuspóir ag iniúchtaí agus urghabhálacha cumarsáidí agus doiciméad agus meán eile, arna ndéanamh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta nuair a chuireann siad i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1/2003, Airteagail 101 nó 102 CFAE, cleachtais atá contrártha leis na forálacha sin a bhrath. Dá bhrí sin, is é cuspóir chumhachtaí imscrúdaitheacha na n‑údarás iomaíochta náisiúnta a chur ar a gcumas a gcúram a chomhlíonadh maidir le comhlíonadh rialacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ós rud é gurb é cuspóir na rialacha sin cosc a chur ar shaobhadh iomaíochta chun dochair do leas an phobail, do ghnóthais aonair agus do thomhaltóirí, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le leas eacnamaíoch a áirithiú san Aontas (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2002, Roquette Frères, C‑94/00, EU:C:2002:603, mír 42).

91

Mar is léir, go bunúsach, ó Phrótacal (Uimh. 27) maidir leis an margadh inmheánach agus an iomaíocht atá i gceangal le CFAE agus le CAE, áirítear sa mhargadh inmheánach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 CAE agus in Airteagal 26(2) CFAE, córas lena n‑áirithítear nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh, rud atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Feabhra 2011, TeliaSonera Sverige, C‑52/09, EU:C:2011:83, mír 20; an 22 Márta 2022, bpost, C‑117/20, EU:C:2022:202, mír 46, agus an 22 Márta 2022, Nordzucker agus páirtithe eile, C‑151/20, EU:C:2022:203, mír 51). Maidir le ról na n‑údarás iomaíochta náisiúnta in éifeachtacht an chórais sin, agus an méid a rannchuidíonn siad le cur chun feidhme Airteagail 101 agus 102 CFAE, ar forálacha beartais phoiblí iad, de réir cásdlí socair (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, International Skating Union v an Coimisiún, C‑124/21 P, EU:C:2023:1012, mír 192 agus an cásdlí dá dtagraítear), tá sé fíor-riachtanach i ndáil leis sin. Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas é iomaíocht neamhshaofa a ráthú, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt.

92

Ar an gceathrú dul síos, maidir le prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, de réir cásdlí socair, ceanglaítear le comhréireacht na mbeart as a n‑eascraíonn cur isteach ar na cearta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le hoiriúnacht agus riachtanas agus an ceanglas go mbeidh na bearta sin comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú (breithiúnas an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

93

Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha a fhéadfar a fhorchur ar na cearta agus ar na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt ach amháin a mhéid atá fíorghá leo, ar an tuiscint, i gcás ina mbeidh rogha idir roinnt bearta atá iomchuí chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú a bhaint amach, nach mór dul ar iontaoibh an bhirt lena mbaineann an t‑ualach is éadroime. Thairis sin, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan a chur san áireamh nach mór é a thabhairt i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a ndéanann an beart atá i gceist difear dóibh, trí chothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, an cuspóir leasa ghinearálta agus, ar an taobh eile, na cearta atá i gceist, chun a áirithiú nach mbeidh na míbhuntáistí a eascraíonn as an mbeart sin díréireach leis na haidhmeanna atá á saothrú. Mar sin, ní mór an fhéidearthacht bonn cirt a thabhairt do theorannú ar na cearta a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt a mheasúnú trí thromchúis an chur isteach a bhaineann le teorannú den sórt sin a thomhas agus trína fhíorú go bhfuil tábhacht an chuspóra leasa ghinearálta atá á shaothrú leis an teorannú sin i gcomhréir leis an tromchúis sin (breithiúnais an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 64, agus an 8 Nollaig 2022, Orde van Vlaamse Balies agus páirtithe eile, C‑694/20, EU:C:2022:963, mír 41).

94

Ina theannta sin, chun ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, ní mór rialacha soiléire agus beachta a leagan síos sa reachtaíocht atá i gceist lena mbaineann an cur isteach, chun raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear léi a rialú agus íoscheanglais a fhorchur ionas go mbeidh ráthaíochtaí leordhóthanacha ag na daoine lena mbaineann lena bhféadfar a sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu. Go háirithe, ní mór na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar beart a dhéanamh lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí den sórt sin a shonrú ann, agus ar an gcaoi sin lena ráthaítear go mbeidh an cur isteach teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).

95

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, is é is aidhm do chumhachtaí imscrúdaithe agus urghabhála cumarsáidí leictreonacha, doiciméad agus sonraí eile a bhaineann leis an ngnó ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ná cleachtais fhrithiomaíocha a thoirmisctear le hAirteagail 101 agus 102 CFAE a bhrath agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís rannchuidiú le cuspóir an leasa ghinearálta a bhaint amach, dá dtagraítear i mír 91 den bhreithiúnas seo, arb é atá ann iomaíocht neamhshaofa a chaomhnú sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh tábhacht an chuspóra sin údar a thabhairt le cur isteach ar na cearta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

96

Ar an dara dul síos, maidir leis an gceanglas riachtanais, ní mór a mheabhrú go gcomhlíontar an ceanglas sin i gcás nach féidir an cuspóir a shaothraítear leis na bearta atá i gceist a bhaint amach go réasúnta chomh héifeachtach céanna ar bhealaí eile nach bhfuil chomh sriantach céanna ar chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann, go háirithe na cearta maidir le hurraim don saol príobháideach agus maidir le cosaint sonraí pearsanta a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt (breithiúnais an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti (Clárú sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ag na póilíní), C‑205/21, EU:C:2023:49, mír 126, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Rochtain ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 88).

97

I ndáil leis sin, dealraíonn sé, agus cleachtais fhrithiomaíocha atá contrártha d’Airteagail 101 agus 102 CFAE á saothrú agus á mbrath, nach bhfuil aon mhodh eile, atá chomh héifeachtach céanna agus nach ndéanann an dochar céanna do na cearta maidir le hurraim do chumarsáidí agus do chosaint sonraí pearsanta, ina rogha mhalartach shásúil ar dhoiciméid a urghabháil ó ríomhphoist a mhalartaítear idir bainisteoirí agus fostaithe an ghnóthais lena mbaineann trí bhearta iniúchta arna ndéanamh ag údarás iomaíochta.

98

Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 21 dá Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2025, tá ríomhphoist a mhalartaítear i gcomhthéacs gairmiúil trí sheirbhísí teachtaireachtaí ar cheann de na príomhfhoinsí atá ar fáil d’údaráis iomaíochta chun iompar frithiomaíoch a bhrath. Dá bhrí sin, tá an ceart atá ag údarás iomaíochta cóipeanna a dhéanamh de thacair ríomhphost mar chuid do chumhacht athbhreithnithe an údaráis sin (féach, de réir analaí, maidir leis an gcumhacht a thugtar don Choimisiún le hAirteagal 20(2)(b) de Rialachán Uimh. 1/2003, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Nexans France agus Nexans v an Coimisiún, C‑606/18 P, EU:C:2020:571, mír 63). I ndáil leis sin, áirítear in Airteagal 32 de Threoir 2019/1 teachtaireachtaí leictreonacha i measc na fianaise a mheasfar a bheith inghlactha os comhair na n‑údarás iomaíochta náisiúnta. Dá mbainfí de na húdaráis sin, mar phrionsabal, an chumhacht chun cumarsáidí leictreonacha ghairmiúla den sórt sin a urghabháil, d’fhéadfaí difear a dhéanamh do shaothrú éifeachtach an chomhraic i gcoinne cairtéal agus mí-úsáid ceannasachta sa mhargadh inmheánach a cheanglaítear le hAirteagail 101 agus 102 CFAE.

99

Mar sin féin, cé go bhféadfaidh na Ballstáit a mheas gur gá cuardaigh agus urghabhálacha a úsáid chun fianaise ábhartha ar iompar neamhrialta a shuí, ní mór dá reachtaíocht agus dá gcleachtas ábhartha coimircí cuí agus leordhóthanacha a sholáthar i gcoinne mí-úsáid (féach, chuige sin, ECtHR, 25 Feabhra 1993, Funke v an Fhrainc, CE:ECHR:1993:0225JUD001082884, § 57, agus ECtHR, 21 Nollaig 2010, Société Canal Plus agus páirtithe eile v an Fhrainc, CE:ECHR:2010:1221JUD002940808, § 54 in fine).

100

Ar an tríú dul síos, maidir le comhréireacht an teorannaithe ar fheidhmiú na gceart a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a eascraíonn as urghabháil ríomhphost, ní mór measúnú a dhéanamh uirthi sa chomhthéacs ina bhfuil teorainn den sórt sin mar chuid de, trí thosca ábhartha uile an cháis ar leith a mheá, i ngach cás (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar shonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 89).

101

Maidir leis an teorannú a eascraíonn as urghabhálacha a dhéantar i gcomhthéacs iniúchtaí arna ndéanamh ag údarás iomaíochta, áirítear ar na tosca sin, inter alia, tromchúis an teorannaithe a chuirtear ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh atá i gceist agus na himthosca inar tharla sé.

102

Maidir le tromchúis an teorannaithe a thugtar leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gceadaítear, gan réamhúdarú ó bhreitheamh, don údarás iomaíochta náisiúnta ríomhphoist a urghabháil i gcomhthéacs imscrúdú ar chleachtais atá contrártha d’Airteagail 101 agus 102 CFAE, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil urghabháil comhfhreagrais ghairmiúil ag údarás iomaíochta náisiúnta á rialú go ginearálta ag coimircí nós imeachta atá beartaithe chun, inter alia, slándáil, sláine agus rúndacht na sonraí sin a áirithiú. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 33 dá Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2025, ní mór aon imscrúdú a dhéanann na húdaráis iomaíochta náisiúnta a bheith bunaithe ar chinneadh iniúchta cuí-réasúnaithe, nach mór a bheith bunaithe ar amhras réasúnach maidir le sárú a bheith déanta ag gnóthas ar na rialacha iomaíochta a leagtar síos le CFAE. Maidir le ríomhphoist a urghabháil, nuair a úsáideann imscrúdaitheoirí bogearraí imscrúdaithe ríomhaireachta, ní mór an nós imeachta innéacsaithe a thagann roimh an gcuardach ar fhaisnéis tráchtála atá ábhartha don imscrúdú a dhéanamh trí úsáid a bhaint as eochairfhocail a shainítear i ndáil le hábhar réamhchinntithe an imscrúdaithe.

103

Maidir leis na himthosca inar tharla an teorannú ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh atá i gceist, ní mór a mheabhrú nach mór idirdhealú a dhéanamh, i bprionsabal, idir an cás ina ndéantar an t‑iniúchadh ar áitribh ghnó na ngnóthas nó na gcomhlachas gnóthas atá i gceist agus an cás ina ndéantar é ar áitreabh eile, lena n‑áirítear tithe príobháideacha daoine nádúrtha.

104

Cé gur prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é an ceart bunúsach chun dosháraitheachta an bhaile, a chuirtear in iúl anois in Airteagal 7 den Chairt, a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 8 ECHR, is amhlaidh fós go bhféadfadh cur isteach poiblí dul níos faide i gcás ina mbaineann sé le háitreabh nó gníomhaíochtaí gairmiúla nó tráchtála (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meitheamh 2015, Deutsche Bahn agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑583/13 P, EU:C:2015:404, míreanna 19 go 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

105

Tá na cumhachtaí imscrúdaithe a thugtar do na húdaráis iomaíochta, i bprionsabal, dea-shainithe, go háirithe maidir le doiciméid nach doiciméid de chineál gairmiúil iad a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe, an ceart chun cúnamh dlíthiúil a fháil, rúndacht an chomhfhreagrais idir dlíodóirí agus cliaint a chaomhnú nó fiú an oibleagáid cúiseanna a lua leis an gcinneadh iniúchta agus an ceart caingean a thabhairt os comhair Chúirteanna an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meitheamh 2015, Deutsche Bahn agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑583/13 P, EU:C:2015:404, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ba cheart a mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go gceanglaítear ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta, inter alia, RGCS a chomhlíonadh i gcomhthéacs na n‑imscrúduithe a dhéanann siad.

106

Is léir freisin ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a bhaineann, go háirithe, le hAirteagal 8 ECHR, maidir le hiniúchtaí ar áitreabh gnó gnóthais, go bhféadfar mainneachtain cúirte, a d’fhéadfadh teorainn a chur le seoladh an iniúchta sin nó athbhreithniú a dhéanamh air, réamhúdarú le haghaidh iniúchta a dheonú a fhrithchothromú trí athbhreithniú breithiúnach ex post facto ar dhlíthiúlacht agus ar riachtanas birt fiosrúcháin den sórt sin, ar choinníoll go bhfuil an t‑athbhreithniú sin éifeachtach in imthosca sonracha an cháis atá i gceist. Ciallaíonn sé sin nach mór do na daoine lena mbaineann a bheith in ann athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil, ó fhíoras agus ó dhlí, ar an mbeart atá faoi dhíospóid agus ar a iompar. I gcás inar tharla oibríocht a mheastar a bheith neamhrialta cheana féin, ní mór don leigheas nó do na leigheasanna atá ar fáil a bheith in ann sásamh iomchuí a sholáthar don duine lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2023, Casino, Guichard-Perrachon agus AMC v an Coimisiún, C‑690/20 P, EU:C:2023:171, mír 38 agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine dá dtagraítear).

107

Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear thuas a bhaineann le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, nach gceanglaítear le forálacha dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta go ndeonóidh cúirt údarú roimh iniúchadh a dhéantar ar áitreabh gnó. I ndáil leis sin, ní cheanglaítear le hAirteagal 20(6) agus (7) de Rialachán Uimh. 1/2003 agus le hAirteagal 6(3) de Threoir 2019/1, a bhaineann le hiniúchtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta faoi seach ar áitribh ghnó na ngnóthas, réamhúdarú a fháil ó chúirt náisiúnta nó ó chomhlacht riaracháin neamhspleách, fiú i gcás ina n‑urghabhtar ríomhphoist, ach tagraítear leo, i ndáil leis sin, do na hoibleagáidí a leagtar síos leis an dlí náisiúnta trí chead a thabhairt do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an údarú sin ó údarás breithiúnach chun cumhachtaí iniúchta na n‑údarás iomaíochta náisiúnta a fheidhmiú.

108

Leanann sé ó na breithnithe sin go léir nach gcuirtear cosc le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, i bprionsabal, ar reachtaíocht Bhallstáit faoina ndéanann an t‑údarás iomaíochta náisiúnta, i gcomhthéacs imscrúdú ar shárú líomhnaithe ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE, ar áitribh ghnó nó tráchtála, ríomhphoist a bhfuil a n‑inneachar ábhartha do chuspóir an iniúchta a urghabháil, gan réamhúdarú a fháil ó chúirt.

109

É sin ráite, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, in éagmais réamhúdarú den sórt sin arna eisiúint ag cúirt, go n‑éilítear creat dlíthiúil agus teorannú docht ar na bearta atá i gceist chun daoine aonair a chosaint ar chur isteach treallach ag na húdaráis phoiblí ar na cearta a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt. Dá bhrí sin, ní féidir iniúchadh agus urghabháil araon a bheith comhoiriúnach leis na forálacha sin ach amháin má sholáthraítear coimircí cuí agus leordhóthanacha i gcoinne mí-úsáid agus treallachas leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2015, WebMindLicenses, C‑419/14, EU:C:2015:832, mír 77). Ní mór do na coimircí sin a bheith i bhfoirm athbhreithniú breithiúnach iomlán ex post ar na bearta atá i gceist. Mar is léir ón gcásdlí socair dá dtagraítear i mír 106 den bhreithiúnas seo, ní mór don athbhreithniú sin sásamh iomchuí a sholáthar do na daoine lena mbaineann, rud a fhágann gur féidir measúnú a dhéanamh freisin ar inghlacthacht na fianaise a bhailítear.

110

Sa chás seo, is léir óna horduithe tarchuir nár tharla na hiniúchtaí agus na hurghabhálacha in éagmais aon nós imeachta réamhúdaraithe, ós rud é gur údaraigh údarás breithiúnach iad, eadhon Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí de chuid na Portaingéile, atá, i gcomhréir le Bunreacht Phoblacht na Portaingéile, neamhspleách ar chomhlachtaí eile de chuid na n‑údarás lárnach, réigiúnach agus áitiúil agus atá freagrach, inter alia, as imeachtaí coiriúla a thionscnamh thar ceann leas an phobail agus as dlíthiúlacht dhaonlathach a chosaint. Is cosúil gur dócha go rannchuideoidh an t‑údarú arna dheonú ag an údarás breithiúnach sin leis an gcreat dlíthiúil dian le haghaidh na n‑iniúchtaí agus na n‑urghabhálacha a dhéanann an t‑údarás iomaíochta náisiúnta, go háirithe maidir le hoiriúnacht, fad agus raon feidhme ábhartha na n‑iniúchtaí agus na n‑urghabhálacha sin a chinneadh.

111

Dá bhrí sin, i gcásanna mar atá sna príomhimeachtaí, nach cúirt a thug réamhúdarú ach Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ex post den sórt sin ar oscailt do na daoine lena mbaineann agus go gcomhlíonann siad go hiomlán na ceanglais a leagtar amach i míreanna 106 agus 109 den bhreithiúnas seo.

112

Ar an dara dul síos, is iomchuí forchoimeádas a leagan amach maidir le hiniúchtaí as a n‑eascraíonn urghabháil fón póca, ríomhairí nó aon mheán ríomhaireachta eile nach leis na gnóthais a ndéantar iniúchadh ar a n‑áitribh é, ach le daoine nádúrtha amhail a mbainisteoirí agus a bhfostaithe.

113

Sa chás seo, shonraigh an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil an córas ríomhphoist atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí ‘teoranta d’úsáid fheidhmiúil’ agus go bhfuil a úsáid chun críoch pearsanta agus chun críoch a bhaineann le saol príobháideach fostaithe ‘toirmiscthe’ le rialacha inmheánacha na ngnóthas atá i gceist. Cé go dtagraíonn na hiarrataí ar réamhrialú do chuardach a rinneadh i mboscaí ríomhphoist nó i mboscaí sheirbhís teachtaireachtaí na bhfostaithe, ní shonraítear iontu, áfach, na meáin inar stóráladh na ríomhphoist atá i gceist agus a raibh na hiniúchóirí in ann rochtain a fháil orthu. Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh, ar léamh an bharántais arna eisiúint ag Oifig Ionchúisitheoir Poiblí na Portaingéile, a thagraíonn do ‘aon mheán ríomhaireachta nó ríomhaire’, gur cuimsíodh leis na meáin lena mbaineann fóin phóca, ríomhairí nó aon mheán ríomhaireachta eile nach mbaineann leis na gnóthais sin, ach lena mbainisteoirí agus lena bhfostaithe.

114

Más rud é, le linn iniúchtaí arna ndéanamh ag údarás iomaíochta ar áitreabh gnó gnóthais, go gceanglaítear ar imscrúdaitheoirí fóin phóca, ríomhairí nó aon mheán ríomhaireachta eile nach leis an ngnóthas sin, ach lena bhainisteoirí agus lena fhostaithe, a urghabháil, ní mór rochtain ar na sonraí atá sna gléasanna sin, i gcás inarb iomchuí tar éis iad a shéalú, a bheith faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag comhlacht riaracháin neamhspleách.

115

Ós rud é gur féidir gléas den sórt sin a úsáid go comhuaineach chun críoch príobháideach agus chun críoch gairmiúil nó tráchtála, d’fhéadfadh baint a bheith ag rochtain orthu, ag brath ar ábhar na ngléasanna sin, ní hamháin le sonraí tráchta agus suímh, ach freisin le grianghraif agus stair bhrabhsála idirlín a rinneadh trí úsáid a bhaint as na gléasanna céanna, nó fiú le hábhar na gcumarsáidí príobháideacha a dhéantar leo (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar shonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 92).

116

Dá bhrí sin, is dócha go gceadóidh rochtain ar shraith sonraí den sórt sin tátal an‑mhionsonraithe a bhaint maidir le saol príobháideach an duine lena mbaineann, amhail a nósanna laethúla, a áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, a chuid imeachtaí laethúla nó eile, na gníomhartha a dhéanann sé, a chaidreamh sóisialta agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn sé. Ina theannta sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh na sonraí sin teacht faoi chatagóirí speisialta sonraí, de réir bhrí Airteagal 9 RGCS. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh rochtain ar na sonraí a choinnítear i ngléasanna den sórt sin a bheith ina cúis le cur isteach tromchúiseach, nó fiú an‑tromchúiseach, ar na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar shonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, míreanna 93 go 95).

117

Tá sé fíor-riachtanach, go háirithe, d’fhonn a áirithiú go n‑urramaítear prionsabal na comhréireachta i ngach cás sonrach trí na tosca ábhartha uile a chur san áireamh, i gcás ina bhfuil an baol tromchúiseach, nó fiú an‑tromchúiseach, ann go gcuirfí isteach ar chearta bunúsacha an duine lena mbaineann de bharr rochtain a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar shonraí pearsanta, go mbeadh an rochtain sin faoi réir athbhreithniú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht riaracháin neamhspleách (féach breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar shonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 102).

118

Ceanglaítear leis an athbhreithniú roimh ré sin go mbeadh na cumhachtaí agus na cosaintí go léir is gá ag an gcúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách atá freagrach as a chur i gcrích chun a áirithiú go n‑áirithítear comhréiteach idir na leasanna agus na cearta dlisteanacha éagsúla atá i gceist. Go sonrach, maidir le hiniúchadh arna dhéanamh ag údarás iomaíochta, ceanglaítear le hathbhreithniú den sórt sin go mbeidh an chúirt sin nó an t‑eintiteas sin in ann cothromaíocht chóir a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, na leasanna dlisteanacha a bhaineann le riachtanais an imscrúdaithe agus, ar an taobh eile, na cearta bunúsacha go n‑urramófaí an saol príobháideach agus go gcosnófaí sonraí pearsanta na ndaoine a mbaineann an rochtain lena gcuid sonraí (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Bezirkshauptmannschaft Landeck (Iarracht rochtain a fháil ar shonraí pearsanta stóráilte ar fhón póca), C‑548/21, EU:C:2024:830, mír 103).

119

I ndáil leis sin, ba cheart a lua freisin gur faoin dlí náisiúnta amháin atá sé, i bprionsabal, na rialacha a bhaineann le hinghlacthacht fianaise a bhailítear a chinneadh, ar choinníoll, áfach, nach lú fabhar iad ná na rialacha lena rialaítear cásanna intíre comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágann siad go bhfuil sé dodhéanta sa chleachtas nó ródheacair na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta) (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 222 go 225).

120

Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo nach mór Airteagail 7 agus 8 den Chairt a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar ríomhphoist a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais a urghabháil, gan réamhúdarú ó chúirt, le linn iniúchadh arna dhéanamh ag údarás iomaíochta náisiúnta ar áitribh ghnó nó tráchtála na ngnóthas a bhfuil amhras ann go ndearna siad sáruithe ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, ar choinníoll go bhforáiltear do chreat dlíthiúil docht ann do chumhachtaí an údaráis sin agus coimircí cuí agus leordhóthanacha i gcoinne mí-úsáid agus treallachais, amhail athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ex post ar na bearta atá i gceist.

Costais

121

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cumhdaítear leis an gcoincheap ‘cumarsáidí’, de réir bhrí an Airteagail sin, ríomhphoist a bhaineann leis an obair a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais trí sheirbhís teachtaireachtaí an ghnóthais sin.

 

2.

Maidir le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar ríomhphoist a mhalartaítear idir fostaithe agus bainisteoirí gnóthais a urghabháil, gan réamhúdarú ó chúirt, le linn iniúchadh arna dhéanamh ag údarás iomaíochta náisiúnta ar áitribh ghnó nó tráchtála na ngnóthas a bhfuil amhras ann go ndearna siad sáruithe ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, ar choinníoll go bhforáiltear do chreat dlíthiúil docht ann do chumhachtaí an údaráis sin agus coimircí cuí agus leordhóthanacha i gcoinne mí-úsáid agus treallachais, amhail athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ex post ar na bearta atá i gceist.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Phortaingéilis.

Top