This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CJ0200
Judgment of the Court (First Chamber) of 4 October 2024.#Agentsia po vpisvaniyata v OL.#Request for a preliminary ruling from the Varhoven administrativen sad.#Reference for a preliminary ruling – Protection of natural persons with regard to the processing of personal data – Regulation (EU) 2016/679 – Publication in the commercial register of a company’s constitutive instrument containing personal data – Directive (EU) 2017/1132 – Non-compulsory personal data – Lack of consent of the data subject – Right to erasure – Non-material damage.#Case C-200/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Chéad Dlísheomra) 2024 Deireadh Fómhair 4.
Agentsia po vpisvaniyata v OL.
Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Foilsiú bunreachta cuideachta ina bhfuil sonraí pearsanta i gclár tráchtála – Treoir (AE) 2017/1132 – Sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach – Easpa thoiliú an ábhair sonraí – An ceart go ndéanfaí léirscriosadh – Damáiste neamhábhartha.
Cás C-200/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Chéad Dlísheomra) 2024 Deireadh Fómhair 4.
Agentsia po vpisvaniyata v OL.
Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Foilsiú bunreachta cuideachta ina bhfuil sonraí pearsanta i gclár tráchtála – Treoir (AE) 2017/1132 – Sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach – Easpa thoiliú an ábhair sonraí – An ceart go ndéanfaí léirscriosadh – Damáiste neamhábhartha.
Cás C-200/23.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:827
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)
4 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Foilsiú bunreachta cuideachta ina bhfuil sonraí pearsanta i gclár tráchtála – Treoir (AE) 2017/1132 – Sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach – Easpa thoiliú an ábhair sonraí – An ceart go ndéanfaí léirscriosadh – Damáiste neamhábhartha)
I gCás C‑200/23,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Varhoven administrativen sad (Cúirt Uachtarach Riaracháin, an Bhulgáir), trí bhreith an 21 Márta 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Márta 2023, sna himeachtaí
Agentsia po vpisvaniyata
v
OL,
tríú páirtí:
Varhovna administrativna prokuratura,
AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),
comhdhéanta de A. Arabadjiev, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), P. G. Xuereb, A. Kumin agus I. Ziemele, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: L. Medina,
Cláraitheoir: R. Stefanova-Kamisheva, Riarthóir,
ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 7 Márta 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Agentsia po vpisvaniyata, ag I. D. Ivanov agus D. S. Miteva, le cúnamh ó Z. N. Mandazhieva, adwokat, |
|
– |
ag OL féin, le cúnamh ó I. Stoynev agus T. Tsonev, adwokats, |
|
– |
Rialtas na Bulgáire, ag T. Mitova agus R. Stoyanov, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus P.-L. Krüger, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Éire, ag M. Browne, an Príomh-Aturnae Stáit, agus A. Joyce, M. Lane agus M. Tierney, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó I. Boyle Harper, BL, |
|
– |
Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. Natale, avvocato dello Stato, |
|
– |
Rialtas na Polainne, B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Fionlainne A. Laine, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, A. Bouchagiar, C. Georgieva, H. Kranenborg agus L. Malferrari, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 30 Bealtaine 2024,
an breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 48 [CE], ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus tríú páirtithe a chosaint, d’fhonn na coimircí sin a dhéanamh coibhéiseach (IO 2009 L 258, lch. 11) agus Airteagail 4, 6, 17, 58 agus 82 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1) (‘RGCS’). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh sin in imeachtaí idir Agentsia po vpisvaniyata (gníomhaireacht atá freagrach as clárú i gcláir, an Bhulgáir) (‘an ghníomhaireacht’) agus OL maidir le diúltú na gníomhaireachta sin sonraí pearsanta áirithe a bhaineann le OL atá i mbunreacht cuideachta a foilsíodh sa chlár tráchtála a scriosadh. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
Treoir (AE) 2017/1132
|
3 |
Le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO 2017 L 69, lch. 46) rinneadh Treoir 2009/101 a aisghairm agus cuireadh ina hionad í, ó dháta a teacht i bhfeidhm, eadhon an 20 Iúil 2017. |
|
4 |
Leagtar amach in aithrisí 1, 7, 8 agus 12 de Threoir 2017/1132:
[...]
[...]
|
|
5 |
I Roinn 1 de Chaibidil II de Theideal I de Threoir 2017/1132, dar teideal, ‘Corprú na cuideachta poiblí faoi dhliteanas teoranta’, foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir sin dar teideal ‘Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithligh’: ‘Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad le feiceáil sna reachtanna nó san ionstraim chorpraithe nó i ndoiciméad ar leithligh a fhoilsítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i ndlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16: [...]
[...]’ |
|
6 |
Áirítear Airteagail 13 go 28 i Roinn 1 de Chaibidil III de Theideal I den Treoir sin dar teideal ‘Forálacha ginearálta’. |
|
7 |
De réir Airteagal 13 den Treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’: ‘Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe a fhorordaítear leis an Roinn seo maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II.’ |
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 14 de Threoir 2017/1132, dar teideal ‘Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh ag cuideachtaí’: ‘Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh cuideachtaí na doiciméid agus na sonraí seo a leanas ar a laghad a nochtadh go héigeantach:
[...]’ |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 15(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Athruithe ar dhoiciméid agus ar shonraí’: ‘Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar aon athruithe ar na doiciméid agus ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a iontráil sa chlár inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(1) agus go nochtfar iad, i gcomhréir le Airteagal 16(3) agus (5), de ghnáth laistigh de 21 lá ón doiciméadacht iomlán maidir leis na hathruithe sin a fháil, lena n‑áirítear, más infheidhme, an tseiceáil dlíthiúlachta de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta le haghaidh iontráil a dhéanamh sa chomhad.’ |
|
10 |
De réir Airteagal 16 den Treoir sin, dar teideal ‘Nochtadh sa chlár’: ‘1. I ngach Ballstát, osclófar comhad i gclár lárnach, tráchtála nó cuideachtaí (“an clár”), le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá cláraithe ann. [...] 3. Coimeádfar sa chomhad na doiciméid uile agus na sonraí uile a cheanglaítear a nochtadh de bhun Airteagal 14, nó cuirfear isteach sa chlár iad; beidh ábhar na n‑iontrálacha a chuirtear sa chlár le feiceáil sa chomhad i ngach cás. Áiritheoidh na Ballstáit gur indéanta go leictreonach an comhdú a dhéanann cuideachtaí mar aon le daoine eile agus le comhlachtaí a gceanglaítear orthu fógraí a thabhairt i dtaca leis na doiciméid uile agus leis na sonraí uile a cheanglaítear a nochtadh de bhun Airteagal 14 nó a gceanglaítear orthu cuidiú le tabhairt an fhógra sin. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar gach cuideachta, nó ar chatagóirí áirithe cuideachtaí na doiciméid sin uile agus na sonraí sin uile nó cineálacha áirithe díobh a chomhdú go leictreonach. Na doiciméid uile agus na sonraí uile dá dtagraítear in Airteagal 14 a dhéantar a chomhdú, is cuma más go leictreonach nó i bhfoirm páipéir, is i bhfoirm leictreonach a choinneofar sa chomhad nó a chuirfear isteach sa chlár iad. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid sin uile agus na sonraí sin uile a chuirtear i gcomhad i bhfoirm páipéir a chomhshó i bhfoirm leictreonach trí mheán an chláir. [...] 4. Beidh teacht ar chóip de na doiciméid uile nó de na sonraí uile dá dtagraítear in Airteagal 14, nó ar chóip d’aon chuid díobh, ar iarratas a chur isteach. Féadfar iarratais a chur isteach tríd an gclár trí mheán páipéir nó trí mheán leictreonach de réir mar a roghnóidh an t‑iarratasóir. [...] 5. Déanfar na doiciméid agus na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a nochtadh tríd an téacs iomlán nó cuid den téacs a fhoilsiú san iris náisiúnta a ainmníonn an Ballstát chun na críche sin nó trí bhíthin tagairt a dhéanamh don doiciméad a taisceadh sa chomhad nó a cuireadh isteach sa chlár. Féadfar an iris náisiúnta a ainmnítear chun na críche sin a choinneáil i bhfoirm leictreonach. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh meán a bheadh chomh héifeachtach céanna le foilsiú san iris náisiúnta a chur ina ionad a mbeidh i gceist leis, ar a laghad, leas a bhaint as córas trína bhféadfaí rochtain a fháil, in ord croineolaíoch, ar an bhfaisnéis nochta trí ardán lárnach leictreonach. 6. Féadfaidh an chuideachta a bheith muiníneach as na doiciméid agus as na sonraí amhail i gcoinne tríú páirtithe tar éis dóibh a bheith nochta i gcomhréir le mír 5 agus an tráth sin amháin, mura gcruthaíonn an chuideachta go raibh na tríú páirtithe ar an eolas fúthu. [...] 7. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid a nochtar i gcomhréir le mír 5 agus an méid atá le feiceáil sa chlár nó sa chomhad. I gcásanna neamhréireachta, áfach, ní fhéadfar dul i muinín an téacs a nochtadh i gcomhréir le mír 5, amhail i gcoinne tríú páirtithe; féadfaidh tríú páirtithe den sórt sin dul i muinín an téacs sin, áfach, mura gcruthaíonn an chuideachta go raibh siad ar an eolas faoi na téacsanna a cuireadh i dtaisce sa chomhad nó a cuireadh isteach sa chlár. [...]’ |
|
11 |
Foráiltear le hAirteagal 21 de Threoir 2017/1132, dar teideal ‘Teanga an nochta agus aistriú na ndoiciméad agus na sonraí atá le nochtadh’: ‘1. Déanfar na doiciméid agus na sonraí atá le nochtadh de bhun Airteagal 14 a tharraingt suas agus a chomhdú i gceann de na teangacha a cheadaítear leis na rialacha teanga is infheidhme sa Bhallstát ina n‑osclaítear an comhad dá dtagraítear in Airteagal 16(1). 2. De bhreis ar an nochtadh éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 16, ceadóidh na Ballstáit aistriúcháin na ndoiciméad agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a nochtadh go saorálach i gcomhréir le hAirteagal 16 i dteanga oifigiúil ar bith nó i dteangacha oifigiúla ar bith de chuid an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit a fhorordú go ndéanfar aistriúchán na ndoiciméad agus na sonraí sin a dheimhniú. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun rochtain ag tríú páirtithe ar na haistriúcháin a nochtadh go saorálach a éascú. 3. De bhreis ar an nochtadh éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 16, agus ar an nochtadh saorálach dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit nochtadh na ndoiciméad agus na sonraí lena mbaineann i dteanga nó i dteangacha ar bith eile a cheadú, i gcomhréir le hAirteagal 16. [...] 4. I gcásanna go bhfuil neamhréireacht idir na doiciméid agus na sonraí a nochtadh i dteangacha oifigiúla an chláir agus an t‑aistriúchán a nochtadh go saorálach, ní féidir brath ar an aistriúchán a nochtadh go saorálach amhail i gcoinne tríú páirtithe; [...] [...]’ |
|
12 |
De réir Airteagal 161 de Threoir 2017/1132, dar teideal ‘Cosaint sonraí’: Beidh próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo faoi réir Threoir 95/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31].’ |
|
13 |
Foráiltear le hAirteagal 166 den Treoir sin, dar teideal ‘Aisghairm’: ‘Aisghairtear Treoracha [...] 2009/101/CE [...] agus 2012/30/AE [...]. Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV iad.’ |
|
14 |
Liostaítear in Iarscríbhinn II le Treoir 2017/1132 na cineálacha cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), Airteagal 13, Airteagal 29(1), Airteagal 36(1), Airteagal 67(1) agus Airteagal 119(1)(a) den Treoir sin, lena n‑áirítear, i gcás na Bulgáire, ODD. |
|
15 |
I gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV de Threoir 2017/1132, ar thaobh amháin, agus Airteagail 2, 2a, 3, 4 agus 7a de Threoir 2009/101 a fhreagraíonn, faoi seach, d’Airteagail 14, 15, 16, 21 agus 161 de Threoir 2017/1132. Ar an taobh eile, freagraíonn Airteagal 3 de Threoir 2012/30 d’Airteagal 4 de Threoir 2017/1132. |
Treoir 2019/1151
|
16 |
Leasaíodh Treoir 2017/1132 le Treoir (AE) 2019/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí (IO 2019 L 186, lch. 80), a tháinig i bhfeidhm an 31 Iúil 2019 agus lena bhforáiltear, in Airteagal 1, dar teideal ‘Leasuithe ar Threoir [2017/1132]’: ‘Leasaítear Treoir [2017/132] mar seo a leanas: [...] (6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: ‘Airteagal 16 Nochtadh sa chlár 1. I ngach Ballstát, osclófar comhad i gclár lárnach, tráchtála nó cuideachtaí (“an clár”), le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá cláraithe ann. [...] 2. Coimeádfar sa chomhad dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na doiciméid agus an fhaisnéis uile a cheanglaítear a nochtadh de bhun Airteagal 14, nó cuirfear isteach go díreach sa chlár iad agus déanfar ábhar na n‑iontrálacha sa chlár a thaifeadadh sa chomhad. Na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14, beag beann ar an modh a ndéanfar iad a chomhdú, is i bhfoirm leictreonach a choimeádfar sa chomhad nó a chuirfear isteach go díreach sa chlár iad. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár na doiciméid agus an fhaisnéis sin uile a chomhdaítear i bhfoirm pháipéir a chomhshó i bhfoirm leictreonach chomh tapa agus is féidir. [...] 3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 14, a nochtadh trína gcur ar fáil don phobal sa chlár. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh freisin go ndéanfaí cuid de na doiciméid agus den fhaisnéis nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile a fhoilsiú in iris náisiúnta arna hainmniú chun na críche sin nó ar mheán a bheadh chomh héifeachtach céanna. [...] 4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid atá sa chlár agus sa chomhad. Déanfaidh Ballstáit a éilíonn doiciméad agus faisnéis a fhoilsiú in iris náisiúnta nó ar ardán lárnach leictreonach na bearta is gá a ghlacadh chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid a nochtar i gcomhréir le mír 3 agus an méid a fhoilsítear san iris nó ar an ardán. I gcás aon neamhréireachtaí faoin Airteagal seo, beidh forlámhas ag na doiciméid agus faisnéis arna gcur ar fáil sa chlár. 5. Ní fhéadfaidh an chuideachta brath ar na doiciméid ná ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe ach amháin tar éis dóibh a bheith nochta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, murar chruthaigh an chuideachta go raibh na tríú páirtithe ar an eolas faoi sin. 6. Maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna dtíolacadh mar chuid de chuideachta a fhoirmiú, de bhrainse a chlárú nó de chuideachta nó brainse a [chomhdú], áiritheoidh na Ballstáit go stórálfar iad sna cláir i bhformáid atá inléite ag meaisín agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha.’ (7) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 16a Rochtain ar fhaisnéis nochta 1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis uile nó d’aon chuid díobh nó di, dá dtagraítear in Airteagal 14, a fháil ón gclár ar iarratas a fháil [...].’ [...] (19) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 161: ‘Airteagal 161 Cosaint sonraí Beidh próiseáil aon sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo faoi réir [RGCS].’ |
|
17 |
De réir Airteagal 2 de Threoir 2019/1151, dar teideal ‘Trasuí’ ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Lúnasa 2021 ar a dhéanaí. [...] 2. D’ainneoin mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na Rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun [...] pointe (6) d’Airteagal 1 den Treoir seo, a mhéid a bhaineann Airteagal 16(6) de Threoir (AE) [2017/1132] [a chomhlíonadh], faoin 1 Lúnasa 2023. 3. De mhaolú ar mhír 1, Ballstáit a mbíonn deacrachtaí ar leith acu maidir leis an Treoir seo a thrasuí, beidh siad i dteideal tairbhe a bhaint as síneadh ama ar an tréimhse dá bhforáiltear sa mhír sin suas le bliain. [...] [...]’ |
RGCS
|
18 |
In aithrisí 26, 32, 40, 42, 43, 50, 85, 143 agus 146 de RGCS, foráiltear mar seo a leanas:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
|
|
19 |
Foráiltear le hAirteagal 4 de RGCS, dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
[...]
[...]
[...]’ |
|
20 |
Foráiltear le hAirteagal 5 de RGCS, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’: ‘1. Maidir le sonraí pearsanta: [...]
[...] 2. Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).’ |
|
21 |
De réir Airteagal 6 de RGCS, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’: ‘1. Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:
[...]
[...]
[...] 3. Déanfar an bunús don phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 1 a leagan síos leis an méid seo a leanas:
Cinnfear críoch na próiseála sa bhunús dlí sin nó, maidir leis an bpróiseáil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, beidh ga léi le haghaidh cúram [a] chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Féadfaidh forálacha sonracha a bheith sa bhunús dlí sin chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú, lena n‑áirítear na coinníollacha ginearálta lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí ag an rialaitheoir; [na] cineálacha sonraí atá faoi réir a bpróiseála; na hábhair sonraí lena mbaineann; na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh agus na críocha ar chucu a bhféadfar iad a nochtadh dóibh; an teorannú de réir cuspóra; tréimhsí stórála; agus oibríochtaí próiseála agus nósanna imeachta próiseála, lena n‑áirítear bearta chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú, amhail iad sin do staideanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX. Comhlíonfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cuspóir a bhaineann le leas an phobail agus beidh sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú. [...]’ |
|
22 |
Foráiltear le hAirteagal 17 de RGCS, dar teideal ‘An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)’ mar seo a leanas: ‘1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan [moill] mhíchuí agus beidh sé d’oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan [moill] mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:
[...]’ 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas: [...]
[...]’ |
|
23 |
Is é seo a leanas atá in Airteagal 21(1) de RGCS: ‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar phointe (e) nó [...] ar phointe (f) d’Airteagal 6(1), lena n‑áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.’ |
|
24 |
Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 58 de RGPD: ‘1. Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta: [...] 2. Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta: [...] 3. Beidh na cumhachtaí údaraithe agus comhairleacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta: [...]
[...] 4. Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don údarás maoirseachta de bhun an Airteagail seo faoi réir coimircí iomchuí, lena n‑áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí, atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit i gcomhréir leis an [gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, “an Chairt”]. 5. Forálfaidh gach Ballstát le dlí go mbeidh de chumhacht ag a údarás maoirseachta sáruithe ar an Rialachán seo a [thabhairt] os comhair na n‑údarás breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú nó dul ina mbun ar bhealach eile d’fhonn forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú. 6. Féadfaidh gach Ballstát a fhoráil le dlí go mbeidh cumhachtaí breise ag a údarás maoirseachta chomh maith leo siúd dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3. Ní chuirfidh oibriú na gcumhachtaí sin isteach ar fheidhmiú éifeachtach Chaibidil VII.’ |
|
25 |
De réir Airteagal 82 de RGCS, dar teideal ‘An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas’: ‘1. Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó. 2. Aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidh sé faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo. 3. Beidh rialaitheoir nó próiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste. [...]’ |
|
26 |
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 94 den Rialachán sin: ‘1. Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018. 2. Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. [...]’ |
Dlí na Bulgáire
|
27 |
Foráiltear le hAirteagal 2 den Zakon za targovskia registar i registara na yuridicheskite litsa s nestopanska tsel (an Dlí maidir leis an gclár tráchtála agus clár na ndaoine dlítheanacha seachbhrabúsacha, DV Uimh. 34, an 25 Aibreán 2006), sa leagan is infheidhme sa díospóid sna príomhimeachtaí (‘An Dlí maidir leis na cláir’): ‘(1) Is bunachar sonraí leictreonach aonair é an clár tráchtála agus clár na ndaoine dlítheanacha seachbhrabúsacha ina bhfuil na himthosca arna gclárú de réir dlí, mar aon leis na doiciméid a chuirtear ar fáil go poiblí de réir dlí, a bhaineann le trádálaithe agus brainsí trádálaithe iasachta, daoine dlítheanacha seachbhrabúsacha agus brainsí daoine dlítheanacha iasachta seachbhrabúsacha. (2) Cuirfear ar fáil na himthosca agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 go poiblí gan faisnéis is sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(1) de [RGCS], cé is moite d’fhaisnéis nach mór a chur ar fáil go poiblí de réir dlí.’ |
|
28 |
Foráiltear le hAirteagal 3 den Dlí sin: ‘Is í an [ghníomhaireacht] atá i bhfeighil ar an gclár tráchtála agus ar chlár na ndaoine dlítheanacha seachbhrabhúsacha, faoi choimirce an Ministar na pravosadieto [an tAire Dlí agus Cirt, an Bhulgáir].’ |
|
29 |
De réir Airteagal 6(1) den Dlí sin: ‘Ceanglaítear ar gach trádálaí agus gach duine dlítheanach seachbhrabúsach iarratas a dhéanamh ar chlárú sa chlár tráchtála nó i gclár na ndaoine dlítheanacha seachbhrabúsacha, agus na himthosca dá bhfuiltear ag iarraidh clárú agus na doiciméid atá le cur ar fáil go poiblí á dtíolacadh.’ |
|
30 |
Tá an méid seo a leanas in Airteagal 11 den Dlí sin: ‘(1) Cuirfear an clár tráchtála agus clár na ndaoine dlítheanacha seachbhrabúsacha ar fáil go poiblí. Beidh sé de cheart ag duine ar bith teacht ar an mbunachar sonraí arb é na cláir é, saor ó tháille. (2) Áiritheoidh an [ghníomhaireacht] rochtain thaifeadta ar chlár an trádálaí nó an duine dhlítheanaigh sheachbhrabúsaigh.’ |
|
31 |
Foráiltear le hAirteagal 13(1), (2), (6) agus (9) den Dlí maidir leis na cláir: ‘(1) Is ar bhonn foirm iarratais a dhéanfar clárú, scriosadh agus foilsiú. (2) Beidh san fhoirm iarratais: 1. sonraí an iarratasóra; […] 3. An imthoisc atá le clárú, an iontráil a iarrtar a scriosadh nó an doiciméad atá le cur ar fáil go poiblí; (6) Beidh na doiciméid ag gabháil leis an iarratas nó, de réir mar a bheidh, an doiciméad atá le cur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis na ceanglais dlí. Cuirfear na doiciméid i láthair i bhfoirm bundoiciméid, cóip arna fíordheimhniú ag an iarratasóir nó cóip arna fíordheimhniú ag nótaire. Déanfaidh an t‑iarratasóir cóipeanna fíordheimhnithe de dhoiciméid atá le cur ar fáil go poiblí sa chlár tráchtála a thíolacadh, ina bhfolaítear na sonraí pearsanta nach iad siúd atá éigeantach faoin dlí. [...] (9) Más rud é go luaitear sonraí pearsanta san iarratas nó sna doiciméid a cheanglaítear leis nach bhfuil éigeantach faoin dlí, meastar gur thug na daoine a chuir na sonraí sin ar fáil a dtoiliú do phróiseáil agus cur ar fáil na sonraí sin go poiblí ag an nGníomhaireacht. [...]’ |
|
32 |
Foráiltear le hAirteagal 101(3) den Targovski zakon (Dlí tráchtála, DV Uimh. 48, an 18 Meitheamh 1991), sa leagan is infheidhme sa díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí Tráchtála’) nach mór ‘ainm, ainm dlíthiúil agus cód aitheantais uathúil na gcomhpháirtithe’ a bheith i gconradh na cuideachta’. |
|
33 |
De réir Airteagal 119 den Dlí sin: ‘(1) Chun an chuideachta a chlárú sa chlár tráchtála, tá an méid seo a leanas éigeantach: 1. bunreacht na cuideachta a chuirtear ar fáil go poiblí a thíolacadh; […] (2) Cláraítear na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1 [...] sa chlár [...] [...] (4) Chun bunreacht na cuideachta a leasú nó a fhorlíonadh sa chlár tráchtála, ní mór cóip den bhunreacht sin ina bhfuil gach leasú agus gach faisnéis fhorlíontach, arna fíordheimhniú ag an gcomhlacht a dhéanann ionadaíocht don chuideachta ar mhaithe lena cur ar fáil go poiblí.’ |
|
34 |
Foráiltear le hAirteagal 6 de Naredba no 1 ot 14 fevruarin 2007 za vodene, sahranyavane i dostap do targovskia registar i do registara na yuridicheskite litsa s nestopanska tsel (An tOrdú maidir leis an gclár tráchtála agus clár na ndaoine dlíthiúla seachbhrabúsacha, DV Uimh. 18, an 27 Feabhra 2007), arna ghlacadh ag an Ministar na pravosadieto (an tAire Dlí agus Cirt), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí, mar seo a leanas: ‘Déantar daoine dlítheanacha seachbhrabúsacha a chlárú sa chlár tráchtála agus i gclár na daoine dlítheanacha seachbhrabúsacha ar bhonn foirm iarratais i gcomhréir leis na hiarscríbhinní [ina bhfuil foirmeacha sonracha]. Déanfar na doiciméid sa chlár tráchtála agus i gclár na ndaoine dlítheanacha seachbhrabúsacha a chur ar fáil go poiblí ar bhonn foirm iarratais i gcomhréir leis na hiarscríbhinní [ina bhfuil foirmeacha sonracha].’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
35 |
Tá OL ina chomhpháirtí in Praven Shtit Konsulting OOD, cuideachta faoi dhliteanas teoranta faoi dhlí na Bulgáire a cláraíodh sa chlár tráchtála an 14 Eanáir 2021 i ndiaidh bunreacht na cuideachta, dar dáta an 30 Nollaig 2020, arna shíniú ag comhpháirtithe na cuideachta sin, a thíolacadh. |
|
36 |
Chuir an ghníomhaireacht an conradh sin, ina bhfuil céadainm agus sloinne, uimhir aitheantais, uimhir cárta aitheantais, dáta agus áit eisiúna an chárta sin mar aon le seoladh OL agus a síniú, ar fáil go poiblí faoi mar a tíolacadh é. |
|
37 |
An 8 Iúil 2021, d’iarr OL ar an ngníomhaireacht na sonraí pearsanta a bhaineann léi a bhí sa bhunreacht cuideachta sin a scriosadh, á dhearbhú di, más amhlaidh go raibh próiseáil a cuid sonraí bunaithe ar a toiliú, bhí sí á tharraingt siar. |
|
38 |
D’éagmais freagra ón ngníomhaireacht, thug OL caingean os comhair Administrativen sad Dobrich (Cúirt Riaracháin Dobrich, an Bhulgáir), a chuir an diúltú intuigthe sin ar neamhní agus a tharchuir an cás ar ais chuig an ngníomhaireacht ionas go nglacfadh sí cinneadh nua. |
|
39 |
D’fheidhmiú an bhreithiúnais sin, agus breithiúnas comhchosúil maidir leis an gcomhpháirtí eile a ghlac na céimeanna céanna, i litir an 26 Eanáir 2022, chuir an ghníomhaireacht in iúl gur cheart cóip fhíordheimhnithe de bhunreacht na cuideachta ina bhfolaítear sonraí pearsanta na gcomhpháirtithe, cé is moite dóibh siúd atá éigeantach de réir dlí, a chur ar fáil di ionas go bhféadfaí an t‑iarratas ar scriosadh a láimhseáil. |
|
40 |
An 31 Eanáir 2022, thug OL caingean eile os comhair Administrativen sad Dobrich (Cúirt Riaracháin, Dobrich) ionas go ndéanfaí an litir sin a chur ar neamhní agus go n‑ordófaí don ghníomhaireacht sin an damáiste neamhábhartha a rinneadh di a chúiteamh. |
|
41 |
An 1 Feabhra 2022, sular seirbheáladh fógra faoin gcaingean sin, scrios an ghníomhaireacht an uimhir aitheantais, na sonraí maidir le cárta aitheantais agus seoladh OL, dá tionscnamh féin, ach níor scriosadh a hainm, a sloinne ná a síniú. |
|
42 |
Le breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, chuir Administrativen sad Dobrich (Cúirt Riaracháin, Dobrich) litir an 26 Eanáir 2022 ar neamhní agus d’ordaigh sé don ghníomhaireacht OL a cúiteamh le 500 leva na Bulgáire (BGN) (timpeall is EUR 255), móide ús dlíthiúil, mar gheall ar dhamáiste neamhábhartha, de bhun Airteagal 82 de RGCS. De réir an bhreithiúnais sin, ar thaobh amháin, b’ionann an damáiste sin agus eispéiris shiceolaíocha agus mothúcháin dhiúltacha OL, is é sin eagla agus faitíos roimh aon mhí-úsáid agus easpa cumhachta agus díomá nárbh fhéidir a sonraí pearsanta a chosaint. Ar an taobh eile, bhain an damáiste sin leis an ríomhphost sin a bhí mar chúis le sárú ar an gceart go ndéanfaí léirscriosadh a chumhdaítear in Airteagal 17(1) de RGCS agus próiseáil neamhdhleathach a sonraí a bhí sa chonradh a cuireadh ar fáil go poiblí. |
|
43 |
Chuir an ghníomhaireacht achomharc deiridh faoi bhráid na cúirte a rinne an tarchur, an Varhoven administrativen sad (Cúirt Uachtarach Riaracháin, an Bhulgáir), i gcoinne an bhreithiúnais sin. |
|
44 |
Dar leis an gcúirt sin, áitíonn an ghníomhaireacht nach amháin go bhfuil sí ina rialaitheoir sonraí ach freisin ina faighteoir de na sonraí pearsanta a seoladh i gcomhthéacs an nós imeachta chun Praven Shtit Konsulting a chlárú. Thairis sin, ní bhfuair an ghníomhaireacht aon chóip de bhunreacht na cuideachta sin inar folaíodh sonraí pearsanta OL nach raibh le cur ar fáil go poiblí, cé gur iarr sí an méid sin sular cláraíodh an chuideachta sin sa chlár tráchtála. Dar leis an gcúirt sin, ní féidir bac a chur ar chlárú na cuideachta tráchtála sa chlár sin mura bhfuil cóip den sórt sin curtha isteach. Is é sin an toradh ar Thuairim Uimh. 01-116(20)/01.02.2021 ón údarás maoirseachta náisiúnta, an Komisia za zashtita na lichnite danni (an Coimisiún um Chosaint Sonraí Pearsanta, an Bhulgáir, ‘CPDCP’), a tíolacadh de bhun Airteagal 58(3)(b) de RGCS, dá dtagraíonn an ghníomhaireacht. Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i gcás OL, nach féidir leis an ngníomhaireacht, mar rialaitheoir sonraí, a cuid oibleagáidí maidir le scriosadh a leagan ar dhaoine eile, agus nach bhfuil Tuairim Uimh. 01-116(20) i gcomhréir le RGCS de réir cásdlí náisiúnta. |
|
45 |
Luann an chúirt a rinne an tarchur freisin, i bhfianaise fhormhór an chásdlí náisiúnta, gur cosúil go bhfuil gá le ceanglais an Rialacháin sin a shoiléiriú. Go sonrach, tá an chúirt sin in amhras faoin réiteach atá le déanamh idir an ceart chun cosanta sonraí agus an reachtaíocht lena n‑áirithítear foilsiú agus rochtain ar dhoiciméid áirithe de chuideachtaí agus sonraíonn sí, go háirithe, nach féidir na deacrachtaí léirithe a ardaíonn an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí le breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni (C‑398/15, EU:C:2017:197), a réiteach. |
|
46 |
Sna himthosca sin, chinn an Varhoven administrativen sad (Cúirt Uachtarach Riaracháin) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
Breithnithe tosaigh
|
47 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann na ceisteanna le léiriú RGCS agus Treoir 2009/101 araon, a códaíodh agus ar cuireadh Treoir 2017/1132 ina hionad, treoir atá infheidhme ratione temporis maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí. Dá bhrí sin, ní mór an iarraidh ar réamhrialú a léiriú sa chaoi go bhfuil léiriú ar Threoir 2017/1132 á lorg. |
|
48 |
Thairis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá haire i mír 15 dá Tuairim, ós rud é gur tharla roinnt de na fíorais i ndiaidh an 1 Lúnasa 2021, dáta dhul in éag na teorann ama chun Treoir 2019/1151 a thrasuí, atá in Airteagal 2 den Treoir sin, ní mór don chúirt a rinne an tarchur a fhíorú an dtagann na fíorais sin faoi raon feidhme ratione temporis Threoir 2017/1132 nó Threoir 2017/1132 arna leasú le Treoir 2019/1151. |
|
49 |
Bíodh sin mar atá, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil tionchar ag na leasuithe ar fhoclaíocht Airteagail 16 agus 161 de Threoir 2017/1132 ná ag Airteagal 16a a cuireadh leis an Treoir sin le Treoir 2019/1151 ar an anailís atá le déanamh ag an gCúirt ar an gcás seo, agus go bhfuil na freagraí atá le tabhairt ar an mbreithiúnas seo ábhartha ar aon nós. |
An chéad cheist
|
50 |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 21(2) de Threoir 2017/1132 le léiriú sa chaoi go leagtar oibleagáid leis ar Bhallstát nochtadh bunreachta cuideachta sa chlár tráchtála a údarú, ar bunreacht é atá faoi réir an nochta éigeantaigh dá bhforáiltear leis an Treoir sin agus ina bhfuil sonraí pearsanta seachas na sonraí pearsanta íosta atá éigeantach, nach bhfuil a bhfoilsiú éigeantach faoi dhlí an Bhallstáit sin. |
|
51 |
Go sonrach, tá an chúirt sin in amhras faoi raon feidhme an nochta shaorálaigh a luaitear san fhoráil sin agus is mian léi a fháil amach an bhforchuirtear oibleagáid leis an bhforáil sin ar na Ballstáit nochtadh faisnéise atá i ndoiciméid na gcuideachtaí a údarú, amhail sonraí pearsanta nach raibh na Ballstáit ag lorg de bhun an nochta éigeantaigh dá bhforáiltear leis an Treoir sin. |
|
52 |
De réir na chéad fhomhíre d’Airteagal 21(2) de Threoir 2017/1132 ‘De bhreis ar an nochtadh éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 16 [den Treoir sin], ceadóidh na Ballstáit aistriúcháin na ndoiciméad agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 [den Treoir sin] a nochtadh go saorálach i gcomhréir le hAirteagal 16 [di] i dteanga oifigiúil ar bith nó i dteangacha oifigiúla ar bith de chuid an Aontais’. Leis an dara fomhír d’Airteagal 21(2), údaraítear do na Ballstáit a fhorordú ‘go ndéanfar aistriúchán na ndoiciméad agus na sonraí sin’ a dheimhniú. Ar deireadh, baineann an tríú fomhír d’Airteagal 21(2) leis na bearta is gá chun rochtain ar na ‘haistriúcháin’ sin a nochtadh go saorálach a éascú. |
|
53 |
Liostaítear in Airteagal 14 de Threoir 2017/1132 na doiciméid agus an fhaisnéis a bhaineann leis an gcuideachta nach mór a fhoilsiú go héigeantach ar a laghad. Ní mór na doiciméid agus an fhaisnéis sin, i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go (5) den Treoir sin, a chur isteach nó a iontráil sa chlár, a bheith ar fáil trí chóip iomlán nó pháirteach a fháil, ar iarratas a chur isteach agus a nochtadh trí fhoilsiú den téacs iomlán nó cuid den téacs san iris náisiúnta nó trí bhíthin tagairt a dhéanamh don doiciméad nó trí bheart comhéifeachta. |
|
54 |
I ndáil leis sin, i bhfianaise, go háirithe, go n‑úsáidtear an téarma ‘aistriúchán’ in Airteagal 21(2) de Threoir 2017/1132 roinnt uaireanta, is léir ó fhoclaíocht na forála sin go mbaineann sí le nochtadh saorálach aistriúcháin na ndoiciméad agus na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir sin i dteanga oifigiúil den Aontas Eorpach agus, dá réir sin, leis an teanga ina bhfoilsítear na doiciméid agus an fhaisnéis sin. Ní thagraíonn an fhoráil sin d’inneachar na ndoiciméad agus na faisnéise sin, áfach. |
|
55 |
Dá réir sin, tugtar le fios le foclaíocht Airteagal 21(2) de Theoir 2017/1132 nach féidir an fhoráil sin a léiriú sa chaoi go bhforchuirtear aon oibleagáid ar na Ballstáit maidir le foilsiú sonraí pearsanta nach n‑éilítear le forálacha eile de dhlí an Aontais Eorpaigh ná le forálacha dhlí an Bhallstáit lena mbaineann, ach atá i ndoiciméad atá faoi réir foilsiú éigeantach dá bhforáiltear leis an Treoir sin. |
|
56 |
Is amhlaidh nach bhféadfaidh an Chúirt léiriú sin a fhágáil i leataobh sa chás gur ríshoiléir brí forála de chuid dhlí an Aontais óna foclaíocht (breithiúnas an 25 Eanáir 2022, VYSOČINA WIND, C‑181/20, EU:C:2022:51, mír 39). |
|
57 |
In aon chás, maidir le comhthéacs Airteagal 21(2) de Threoir 2017/1132, tacaíonn teideal an Airteagail sin, a thagraíonn do ‘T[h]eanga an nochta agus aistriú na ndoiciméad agus na sonraí atá le nochtadh’ leis an léiriú sin, dála na míreanna eile den Airteagal sin. |
|
58 |
Foráiltear le hAirteagal 21(1) de Threoir 2017/1132: ‘Déanfar na doiciméid agus na sonraí atá le nochtadh de bhun Airteagal 14 a tharraingt suas agus a chomhdú i gceann de na teangacha a cheadaítear’ leis na rialacha náisiúnta teanga is infheidhme san ábhar sin. Foráiltear le hAirteagal 21(3) den Treoir sin, de bhreis ar an nochtadh éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir sin agus ar an nochtadh saorálach dá bhforáiltear le hAirteagal 21(2) den Treoir chéanna, go bhféadfaidh na Ballstáit nochtadh na ndoiciméad agus na sonraí lena mbaineann ‘i dteanga ar bith eile’ a cheadú. Maidir le hAirteagal 21(4), tagraíonn sé don ‘aistriúchán a nochtadh go saorálach’. |
|
59 |
Deimhnítear an léiriú sin, ar deireadh, le haithris 12 den Treoir sin ar dá réir ba cheart rochtain trasteorann ar fhaisnéis de chuid cuideachta a éascú trí chlárú deonach na ndoiciméad agus na sonraí a éilítear a cheadú i dteangacha breise, de bhreis ar an nochtadh éigeantach a dhéantar i gceann amháin de na teangacha a cheadaítear i mBallstát na cuideachta. |
|
60 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar Cheist 1 nach mór Airteagal 21(2) de Threoir 2017/1132 a léiriú sa chaoi nach leagtar oibleagáid leis ar Bhallstát nochtadh bunreachta cuideachta sa chlár tráchtála a údarú, ar bunreacht é atá faoi réir an nochta éigeantaigh dá bhforáiltear leis an Treoir sin agus ina bhfuil sonraí pearsanta seachas na sonraí pearsanta íosta atá éigeantach, nach bhfuil a bhfoilsiú éigeantach faoi dhlí an Bhallstáit sin. |
An dara agus an tríú ceist
|
61 |
I bhfianaise an fhreagra ar an gcéad cheist, ní gá freagra a thabhairt ar an dara ceist ná ar an tríú ceist, nach gcuirtear ach don chás ina dtabharfaí freagra dearfach ar an gcéad cheist sin. |
An cúigiú ceist
|
62 |
Lena cúigiú ceist, arb iomchuí í a fhreagairt roimh an gceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil RGCS, go háirithe Airteagal 4(7) agus (9), le léiriú sa chaoi go bhfuil an t‑údarás atá freagrach as clár tráchtála Ballstáit a choimeád, a fhoilsíonn, sa chlár sin, sonraí pearsanta atá i mbunreacht cuideachta, atá faoi réir an nochta éigeantaigh dá bhforáiltear i dTreoir 2017/1132, a chuirtear ar fáil dó d’fhonn an chuideachta a chlárú sa chlár sin, ina ‘fhaighteoir’ de na sonraí sin agus ina ‘rialaitheoir’ ar na sonraí sin, de réir bhrí na forála sin. |
|
63 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 161 de Threoir 2017/1132, go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh i gcomhthéacs na Treorach sin faoi réir Threoir 95/46 agus, dá réir sin, faoi réir RGCS, ina sonraítear, in Airteagal 94(2) go ndéanfar tagairtí don Treoir sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán sin. |
|
64 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara ar dtús, de bhun Airteagal 14(a), (b) agus (d)(i) agus (ii) de Threoir 2017/1132 nach mór do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun go gcuimseoidh an nochtadh éigeantach maidir le cuideachtaí ar a laghad ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta, a leasuithe, agus ceapadh, foirceannadh oifige agus sonraí na ndaoine, ar féidir leo, mar chomhlacht a bunaíodh de bhun an dlí nó mar chomhaltaí den chomhlacht sin, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla nó a ghlacann páirt i riar, i maoirseacht nó i rialú na cuideachta sin. Thairis sin, de bhun Airteagal 4(i) den Treoir sin, áirítear ar an bhfaisnéis éigeantach atá le bheith san ionstraim chomhdhéanaimh atá le nochtadh céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó cuideachtaí a shínigh nó ar síníodh an ionstraim sin ina n‑ainm. |
|
65 |
De bhun Airteagal 16(3), (4) agus (5) den Treoir sin, mar a luadh i mír 53 den bhreithiúnas seo, ní mór na doiciméid agus an fhaisnéis sin a chur isteach nó a iontráil sa chlár, a bheith ar fáil trí chóip iomlán nó pháirteach a fháil ar iarratas a chur isteach agus a nochtadh trí fhoilsiú den téacs iomlán nó cuid den téacs sin san iris náisiúnta nó trí bhíthin tagairt a dhéanamh don doiciméad nó trí bheart comhéifeachta. |
|
66 |
Dá réir sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 26 dá Tuairim, is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh go háirithe, cad iad na catagóirí faisnéise a bhaineann le céannacht na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 4(i) agus Airteagal 14(d) de Threoir 2017/1132, go sonrach, cad iad na cineálacha sonraí pearsanta faoi réir nochtadh éigeantach, i gcomhréir le dlí an Aontais. |
|
67 |
Is ‘sonraí pearsanta’, de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS iad na sonraí maidir le céannacht na ndaoine sin, mar fhaisnéis a bhaineann le daoine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni, C‑398/15, EU:C:2017:197, mír 34). |
|
68 |
Is amhlaidh atá i gcás na faisnéise breise a bhaineann le céannacht na ndaoine sin nó catagóirí eile daoine a chinneann na Ballstáit a chur faoi réir nochtadh éigeantach, nó mar is amhlaidh sa chás seo, atá sna doiciméid a chuirtear faoi réir nochtadh den sórt sin gan cur ar fáil na sonraí sin a bheith éigeantach faoi Threoir 2017/1132 ná faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoir sin chun feidhme. |
|
69 |
Ina dhiaidh sin, maidir leis an gcoincheap ‘faighteoir’ de réir bhrí Airteagal 4(9) de RGCS, is é sin ‘duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh’, agus sonraítear san fhoráil sin go n‑eisiatar ón sainmhíniú sin údaráis phoiblí a fhaigheann na sonraí sin faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith. |
|
70 |
Trí na doiciméid atá faoi réir an nochta éigeantaigh dá bhforáiltear le hAirteagal 14 de Threoir 2017/1132 a fháil, i gcomhthéacs an iarratais ar chlárú na cuideachta sa chlár tráchtála, ar doiciméid iad ina bhfuil sonraí pearsanta, bíodh siad éigeantach faoin Treoir sin nó faoin dlí náisiúnta nó ná bíodh, is ‘faighteoir’ na sonraí sin de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS é an t‑údarás atá freagrach as clár an Bhallstáit a choimeád. |
|
71 |
Ar deireadh, de bhun Airteagal 4(7) de RGCS, cuimsíonn an coincheap ‘rialaitheoir’ daoine nádúrtha nó dlítheanacha, údaráis phoiblí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile a chinneann, ina n‑aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála. Foráiltear san fhoráil sin freisin, i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, go bhféadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. |
|
72 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte go mbeartaítear leis an bhforáil sin a áirithiú, trí shainmhíniú leathan ar an gcoincheap ‘rialaitheoir’, cosaint éifeachtach iomlán do na hábhair sonraí (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge (Sonraí arna bpróiseáil in iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear. |
|
73 |
I bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 4(7) de RGCS, arna léamh i bhfianaise an chuspóra sin, is léir, chun a chinneadh an bhfuil duine nó eintiteas ina ‘rialaitheoir’, de réir bhrí na forála sin, nach mór a fhíorú an gcinneann an duine nó an t‑eintiteas sin, ina aonar nó i gcomhpháirt le daoine nó eintitis eile, críocha agus modhanna na próiseála nó an gcinntear iad sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. I gcás ina gcinntear an méid sin leis an dlí náisiúnta, ní mór a fhíorú ansin an ainmnítear an rialaitheoir leis an dlí sin nó an ndéantar foráil do chritéir shonracha is infheidhme maidir lena ainmniú (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge (Sonraí arna bpróiseáil in iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, mír 29). |
|
74 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, i bhfianaise an tsainmhínithe leathain ar an gcoincheap ‘rialaitheoir’, de réir bhrí Airteagal 4(7), gur féidir go mbeidh cinneadh na gcríoch agus na modhanna próiseála agus, más ábhartha, ainmniú an rialaitheora sin faoin dlí náisiúnta intuigthe, chomh maith lena bheith sainráite. I gcás ina bhfuil siad intuigthe, is gá go n‑eascraíonn an cinneadh sin go sách cinnte ón ról, ón misean agus ó na cumhachtaí arna mbronnadh ar an duine nó ar an eintiteas lena mbaineann (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge (Sonraí arna bpróiseáil in iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, mír 30) |
|
75 |
Thairis sin, trí na sonraí pearsanta sin a fuarthas i gcomhthéacs iarratas ar chlárú cuideachta sa chlár tráchtála a thrascríobh agus a choinneáil, trína gcur in iúl, i gcás inarb iomchuí, ar iarratas ó thríú páirtithe agus trína bhfoilsiú san iris náisiúnta, nó trí bheart comhéifeachta, déanann an t‑údarás sin próiseáil ar na sonraí pearsanta dá bhfuil sé ina ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 4(2) agus (7) de RGCS (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni, C‑398/15, EU:C:2017:197, mír 35). |
|
76 |
Maidir leis an bpróiseáil sin ar na sonraí pearsanta, déantar í ar leithligh ón bpróiseáil a dhéantar nuair a chuireann an t‑iarratasóir ar chlárú sa chlár tráchtála iad in iúl agus nuair a fhaigheann an t‑údarás sin na sonraí sin, agus déantar í i ndiaidh na próiseála sin. Thairis sin, déanann an t‑údarás atá freagrach as an gclár a choimeád an phróiseáil sin ina aonar, i gcomhréir leis na críocha agus na modhanna a leagtar síos i dTreoir 2017/1132 agus le reachtaíocht an Bhallstáit lena gcuirtear an Treoir sin chun feidhme. |
|
77 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ó aithrisí 1, 7 agus 8 den Treoir sin go mbeartaítear leis an nochtadh dá bhforáiltear léir leasanna tríú páirtithe a chosaint i ndáil le cuideachtaí faoi theorainn scaireanna agus cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, de bhrí nach soláthraíonn siad mar ráthaíocht do thríú páirtithe ach sócmhainní na cuideachta. Chuige sin, ní mór don nochtadh a chur ar chumas na dtríú páirtithe teacht ar bhundoiciméid na cuideachta lena mbaineann agus ar shonraí áirithe a bhaineann léi, lena n‑áirítear céannacht na ndaoine ar féidir leo ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta. |
|
78 |
Thairis sin, is é is aidhm don Treoir sin deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú sna caidrimh idir cuideachtaí agus tríú páirtithe i gcomhthéacs méadú ar an trádáil idir na Ballstáit i ndiaidh chruthú an mhargaidh inmheánaigh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfadh gach duine ar mian leis caidreamh gnó a thosú le cuideachtaí atá lonnaithe i mBallstáit eile agus dul ar aghaidh leis an gcaidreamh sin teacht ar na sonraí bunúsacha a bhaineann le hionchorpú na gcuideachtaí tráchtála agus le cumhachtaí na ndaoine ar féidir leo ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann, agus is gá, chuige sin go mbeidh na sonraí ábhartha go léir leagtha amach go sainráite sa chlár (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni, C‑398/15, EU:C:2017:197, míreanna 49 agus 50). |
|
79 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 39 dá Tuairim, trí na doiciméid agus an fhaisnéis atá faoi réir nochtadh éigeantach a sheoladh chuig an údarás atá freagrach as an gclár a choimeád agus trí na sonraí pearsanta atá sna doiciméid sin a phróiseáil, ní fheidhmíonn an t‑iarratasóir ar chlárú na cuideachta sin sa chlár tráchtála aon tionchar ó thaobh na gcríoch agus na próiseála a dhéanfaidh an t‑údarás sin ina dhiaidh sin a chinneadh. Thairis sin, saothraíonn sé críocha éagsúla a bhaineann leis féin, eadhon na foirmiúlachtaí is gá don chlárú sin a chomhlíonadh. |
|
80 |
Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá haire i míreanna 31 agus 32 dá Tuairim, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur cuireadh sonraí pearsanta OL ar fáil go poiblí i gcomhthéacs fheidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean don ghníomhaireacht mar údarás atá freagrach as an gclár a choimeád, agus go gcinntear críocha agus modhanna próiseála na sonraí sin le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta atá faoi thrácht sna príomhimeachtaí, go háirithe Airteagal 13(9) den Dlí maidir leis na cláir. Dá réir sin, ní dhéanann sé difear don cheist an bhfuil an ghníomhaireacht ina rialaitheoir ar an bpróiseáil sin nár seoladh cóip fhíordheimhnithe de bhunreacht na cuideachta ina bhfolaítear na sonraí pearsanta atá éigeantach faoin reachtaíocht sin, rud atá ar neamhréir leis na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear faoin reachtaíocht sin. |
|
81 |
Ní thugtar an cháil sin faoi cheist ach an oiread leis an bhfíoras nach bhfuil smacht ag an ngníomhaireacht, de bhun na reachtaíochta céanna, sula gcuirtear ar líne iad, ar na sonraí pearsanta atá sna híomhánna leictreonacha nó sna bundoiciméid a sheoltar chun críocha chlárú na cuideachta. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana go mbeadh sé ar neamhréir le hAirteagal 4(7) de RGCS, dá dtagraítear i mír 72 den bhreithiúnas seo, iris oifigiúil Bhallstáit a eisiamh ón gcoincheap ‘rialaitheoir’ ar an bhforas nach bhfeidhmíonn sé rialú ar na sonraí pearsanta ina fhoilseacháin (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, État belge(Sonraí arna bpróiseáil in iris oifigiúil), C‑231/22, EU:C:2024:7, mír 38). |
|
82 |
Sna himthosca sin, is cosúil, i staid amhail í sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhfuil an ghníomhaireacht ina rialaitheoir ar phróiseáil shonraí pearsanta OL, arb é atá i gceist leis sin na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí ar líne, fiú más rud é gur cheart cóip de bhunreacht na cuideachta ina bhfolaítear na sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach faoin reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí a chur ar fáil don ghníomhaireacht sin, de bhun na reachtaíochta sin, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé an méid sin a fhíorú. Dá réir sin, tá an ghníomhaireacht sin freagrach freisin, de bhun Airteagal 5(2) de RGCS, as Airteagal 5(1) a chomhlíonadh. |
|
83 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar an gcúigiú ceist nach mór RGCS, agus go háirithe Airteagal 4(7) agus (9) de, a léiriú sa chaoi go bhfuil an t‑údarás atá freagrach as clár tráchtála Ballstáit a choimeád, a fhoilsíonn, sa chlár sin, sonraí pearsanta atá i mbunreacht cuideachta, atá faoi réir an nochta éigeantaigh dá bhforáiltear i dTreoir 2017/1132, a cuireadh ar fáil dó i gcomhthéacs iarratas ar chlárú na cuideachta sa chlár sin, ina ‘fhaighteoir’ de na sonraí sin, agus ina ‘rialaitheoir’ ar na sonraí sin, de réir bhrí na forála sin, inter alia a mhéid a chuireann sé na sonraí sin ar fáil go poiblí, fiú i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta sa bhunreacht sin nach bhfuil éigeantach faoin Treoir sin nó faoi dhlí an Bhallstáit sin. |
An ceathrú ceist
Inghlacthacht
|
84 |
Áitíonn Rialtas na Bulgáire go bhfuil an ceathrú ceist do-ghlactha toisc go n‑ardaítear ceist hipitéiseach léi. Dar leis an Rialtas sin, baineann an cheist sin le comhréireacht reachtaíochta náisiúnta a bhaineann leis na rialacha nós imeachta i ndáil le feidhmiú an chirt dá dtagraítear in Airteagal 17 de RGCS, reachtaíocht nár glacadh go fóill, le hAirteagal 16 de Threoir 2017/1132. |
|
85 |
I gcomhréir le cásdlí socair, leis an nós imeachta um tharchur chun réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, bunaítear dlúthchomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, bunaithe ar leithdháileadh na bhfeidhmeanna eatarthu, agus is ionstraim é faoina dtugann an Chúirt Bhreithiúnais treoir do na cúirteanna náisiúnta maidir le léiriú dhlí an Aontais atá riachtanach chun na cásanna atá le breithniú acu a chinneadh. I gcomhthéacs an chomhair sin, is faoin gcúirt náisiúnta amháin, a bhfuil an díospóid os a comhair agus a bhfuil uirthi freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise ghnéithe sonracha an cháis, an bhfuil gá le cinneadh réamhrialaithe chun go bhféadfaidh sí breith a thabhairt ar an gcás agus an bhfuil na ceisteanna a chuireann sí ar an gCúirt ábhartha. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt Bhreithiúnais, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 23 Samhain 2021, IS (neamhdhleathacht an ordaithe tarchuir), C‑564/19, EU:C:2021:949, míreanna 59 agus 60 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
86 |
Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 24 Samhain 2020, Openbaar Ministerie (Brionnú doiciméad), C‑510/19, EU:C:2020:953, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
87 |
Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur chun rialú a dhéanamh, ag an gcéim dheireanach, i dtaobh dhleathacht dhiúltú na gníomhaireachta na sonraí pearsanta atá i gceist sna príomhimeachtaí a scriosadh, ar an bhforas nár cuireadh cóip de bhunreacht na cuideachta ina bhfolaítear na sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach faoin dlí náisiúnta ar fáil don ghníomhaireacht, rud atá ar neamhréir leis na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin. Thairis sin, is léir ón iarraidh sin go bhfuil diúltú den sórt sin ag teacht le cleachtas na gníomhaireachta. Ar deireadh, luaigh an chúirt sin go bhfuil gá le freagra na Cúirte ar an gceist sin chun an díospóid sna príomhimeachtaí a chinneadh, i gcomhthéacs nach bhfuil an cásdlí aonfhoirmeach. |
|
88 |
Dá réir sin, murab ionann agus an méid a áitíonn Rialtas na Bulgáire, tá an ceathrú ceist inghlactha. |
Substaint an cháis
|
89 |
I bhfianaise na faisnéise atá san iarraidh ar réamhrialú, mar a leagtar amach i mír 87 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas, lena ceathrú ceist, go bhfiafraíonn an chúirt náisiúnta, go bunúsach, an bhfuil Treoir 2017/1132, agus go háirithe Airteagal 16 den Treoir sin, agus Airteagal 17 de RGCS le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht nó cleachtas Ballstáit faoina ndiúltaíonn an t‑údarás atá freagrach as an gclár tráchtála sa Bhallstát sin a choimeád d’aon iarratas ar shonraí pearsanta a léirscriosadh, ar sonraí iad nach bhfuil éigeantach faoin Treoir sin ná faoin dlí náisiúnta, atá i mbunreacht cuideachta a fhoilsítear sa chlár sin, i gcás nár cuireadh cóip den bhunreacht sin ina bhfolaítear na sonraí sin ar fáil don údarás sin, rud atá ar neamhréir leis na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin. |
|
90 |
I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de RGCS, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan moill mhíchuí agus beidh sé d’oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan moill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais a leagtar amach san fhoráil sin. |
|
91 |
Is amhlaidh an cás, de réir Airteagal 17(1)(c), i gcás ina ndéanann an t‑ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) den Rialachán sin agus nach ann ‘d’fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil’ nó, i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(d) i gcás ina ndearnadh ‘próiseáil mhídhleathach’ ar na sonraí. |
|
92 |
Is léir freisin ó Airteagal 17(3)(b) de RGCS nach bhfuil feidhm ag Airteagal 17(1) den Rialachán sin sa mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun go gcomhlíonfar oibleagáid dhlíthiúil lena n‑éilítear an phróiseáil le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. |
|
93 |
Dá bhrí sin, chun a chinneadh, i staid amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí an bhfuil ceart go ndéanfaí léirscriosadh ag an ábhar sonraí faoi Airteagal 17 de RGCS, ní mór, ar dtús, an foras nó na forais faoina bhféadfadh próiseáil na sonraí pearsanta a bheith dleathach a scrúdú. |
|
94 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 6(1), an chéad fhomhír, de RGCS do liosta cuimsitheach agus teoranta de na cásanna ina bhféadfar a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach. Chun a mheas go bhfuil próiseáil dleathach, ní mór di teacht faoi cheann de na cásanna dá bhforáiltear sna forálacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 99 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
95 |
In éagmais thoiliú an ábhair sonraí do phróiseáil a shonraí pearsanta de bhun Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó sa chás nach bhfuil toiliú tugtha ag an ábhar sonraí faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan athbhrí, de réir bhrí Airteagal 4(11) de RGCS, féadfaidh údar maithe a bheith leis an bpróiseáil sin fós i gcás ina bhfreagraíonn sé do cheann de na ceanglais maidir le riachtanas dá dtagraítear i bpointí (b) go (f) d’Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, den Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile(Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 92). |
|
96 |
Sa chomhthéacs sin, ní mór na forais dá bhforáiltear leis an bhforáil dheireanach sin, a mhéid a fhágann siad gur féidir próiseáil sonraí pearsanta a bheith dleathach sa chás nach bhfuil toiliú tugtha ag an ábhar sonraí, ní mór léiriú sriantach a dhéanamh orthu (breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile(Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 93 agus an cásdlí dá dtagraítear. |
|
97 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, i gcomhréir le hAirteagal 5 de RGCS, gur faoin rialaitheoir atá sé a chruthú go mbailítear na sonraí sin chun críoch sonraithe sainráite dlisteanach, go bhfuil siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil agus go ndéanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile(Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 95). |
|
98 |
Cé gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an bhfuil údar le gnéithe éagsúla den phróiseáil amhail í atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi cheann amháin nó faoi cheann eile de na riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (f) de RGCS, féadfaidh an Chúirt treoir úsáideach a thabhairt di mar sin féin ionas gur féidir léi an díospóid atá os a comhair a chinneadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile(Coinníollacha ginearálta maidir le líonra sóisialta a úsáid), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 96). |
|
99 |
Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá haire i mír 43 dá Tuairim, is cosúil nach gcomhlíonann an toimhde maidir le toiliú a leagtar síos le hAirteagal 13(9) den Dlí maidir leis na cláir, na coinníollacha éigeantacha Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (a) de RGCS, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 4(11) den Rialachán sin. |
|
100 |
Mar is léir ó aithrisí 32, 42 agus 43 den Rialachán sin, ba cheart toiliú a thabhairt trí ghníomh soiléir dearfach, mar shampla trí dhearbhú i scríbhinn nó dearbhú ó bhéal, ach ní mheasfar go bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse mura bhfuil rogha atá dílis nó saor ag an ábhar sonraí nó mura bhfuil sé nó sí in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil. Níor cheart don toiliú, thairis sin, a bheith ina fhoras dlí bailí i gcás sonrach ina bhfuil éagothromaíocht shoiléir idir an t‑ábhar sonraí agus an rialaitheoir, go háirithe i gcás inar údarás poiblí é an rialaitheoir. |
|
101 |
Dá réir sin, ní fhéadfaí a mheas go léirítear le toimhde den sórt sin go bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan athbhrí don phróiseáil sonraí arna déanamh ag údarás poiblí amhail an ghníomhaireacht. |
|
102 |
Ina dhiaidh sin, ní dhealraíonn sé go bhfuil na forais dleathachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (d) maidir le conradh a chomhlíonadh nó leasanna ríthábhachtacha duine nádúrtha a chosaint, ábhartha i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta atá i gceist sna príomhimeachtaí. Is amhlaidh atá i gcás an fhorais dleathachta dá bhforáiltear le hAirteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (f) maidir le próiseáil a bhfuil gá léi chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir, ós rud é gur léir ó Airteagal 6(1), an dara fomhír, de RGCS nach dtiocfaidh próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag údarás poiblí i gcomhlíonadh a chúraimí faoi raon feidhme an fhorais sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2022, Inspektor v Inspektorata kam Visshia sadeben savet(Críocha próiseála sonraí pearsanta – Imscrúdú coiriúil), C‑180/21, EU:C:2022:967, mír 85). |
|
103 |
Ar deireadh, maidir leis na forais dleathachta in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (c) agus (e) de RGCS, ní mór a mheabhrú, faoi phointe (c), go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach má tá gá leis sin chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh. Thairis sin, faoi phointe (e) de, tá an phróiseáil dleathach freisin nuair is gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. |
|
104 |
Sonraítear in Airteagal 6(3) de RGCS, inter alia, maidir leis an dá chás sin ina mbeadh próiseáil dleathach, nach mór an phróiseáil a bheith bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, agus nach mór don bhunús dlí sin freagairt do chuspóir a bhaineann le leas an phobail agus nach mór dó bheith comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú. |
|
105 |
Sa chéad áit, maidir leis an gceist an bhfuil gá leis an bpróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí chun oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh, de réir bhrí Airteagal 6(1), an chéad mhír, pointe (c), de RGCS, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i míreanna 45 agus 47 dá Tuairim nach gceanglaítear le Treoir 2017/1132 go ndéanfar próiseáil go córasach ar na sonraí pearsanta go léir atá i ndoiciméad atá faoi réir an nochta éigeantaigh dá bhforáiltear leis an Treoir sin. Seachas sin, is léir ó Airteagal 161 den Treoir sin nach mór don phróiseáil ar shonraí pearsanta arna déanamh i gcomhthéacs Threoir 2017/1132 agus, go háirithe aon bhailiú, stóráil, cur ar fáil do thríú páirtithe agus foilsiú d’fhaisnéis de bhun na Treorach sin na ceanglais a eascraíonn ó RGCS a chomhlíonadh. |
|
106 |
Is faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhthéacs chur chun feidhme na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear leis an Treoir sin, féachaint chuige go ndéantar na cuspóirí maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus cosaint leasanna tríú páirtithe, arna saothrú ag an Treoir sin, agus a thugtar chun cuimhne i mír 77 den bhreithiúnas seo, a réiteach agus, thairis sin, na cearta a chumhdaítear le RGCS agus an ceart bunúsach chun go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a réiteach, agus sin trí ualú cothrom a dhéanamh idir na cuspóirí agus na cearta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 98). |
|
107 |
Dá réir sin, ní fhéadfaí a mheas go bhfuil údar le nochtadh poiblí sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach faoi Threoir 2017/1132 ná faoin reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar sonraí pearsanta iad atá i mbunreacht cuideachta, bunreacht atá faoi réir nochtadh éigeantach agus a sheoltar chuig an ngníomhaireacht, mar gheall ar an gceanglas maidir le nochtadh poiblí na ndoiciméad sin dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir sin i gcomhréir le hAirteagal 16 di agus, dá réir sin, go n‑eascraíonn sé ó oibleagáid dhlíthiúil dá bhforáiltear le dlí an Aontais. |
|
108 |
Ní dhealraíonn sé go bhfuil dleathacht na próiseála atá i gceist sna príomhimeachtaí léirithe, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, ar oibleagáid dhlíthiúil dá bhforáiltear le dlí na Bulgáire de réir Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (c) de RGCS ós rud é, ar an gcéad dul síos, gur léir ón gcomhad atá ar fáil don Chúirt go bhforáiltear le hAirteagal 2(2) den Dlí maidir leis na cláir go gcuirtear na doiciméid riachtanacha sa chlár ar fáil go poiblí seachas an fhaisnéis is sonraí pearsanta ‘cé is moite d’fhaisnéis nach mór a chur ar fáil go poiblí de réir dlí’ agus, ar an dara dul síos, go mbunaítear toimhde maidir le toiliú le hAirteagal 13(9) den Dlí sin, agus ní dhealraíonn sé go gcomhlíonann an toimhde sin ceanglais RGCS, mar is léir ó mhír 99 den bhreithiúnas seo. |
|
109 |
Sa dara háit, maidir leis an gceist an bhfuil gá leis an bpróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (e) dá dtagraíonn, go háirithe, an chúirt a rinne an tarchur agus Rialtas na Bulgáire agus an ghníomhaireacht, chinn an Chúirt cheana gurb ionann gníomhaíocht údaráis phoiblí arb é atá inti ná sonraí a bhfuil sé de cheangal ar chuideachtaí a chur in iúl ar bhonn oibleagáidí dlíthiúla a stóráil i mbunachar sonraí, a chur ar chumas na n‑ábhar sonraí teacht ar na sonraí sin agus cóipeanna de na sonraí sin a chur ar fáil dóibh agus cúram ar mhaithe le leas an phobail de réir bhrí na forála sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni, C‑398/15, EU:C:2017:197, mír 43). |
|
110 |
Dá réir sin, is fíor go ndealraíonn sé go bhfuil an phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna déanamh i bhfeidhmiú cúraim ar mhaithe le leas an phobail de réir bhrí Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (e) de RGCS. Mar sin féin, chun na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin a chomhlíonadh, is gá go mbeidh an phróiseáil sin ag freagairt go héifeachtach do na cuspóirí leasa phoiblí arna saothrú, gan dul thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), (C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 109). |
|
111 |
Ní chomhlíontar an ceanglas sin maidir le gá a bheith ann i gcás inar féidir an cuspóir leasa ghinearálta arna shaothrú a bhaint amach ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna ar bhealaí eile agus nach ndéanann an oiread sin dochair do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann, go háirithe na cearta maidir le hurraim don saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, agus ní mór feidhm a bheith ag díolúintí agus teorainneacha ar an bprionsabal go ndéanfar na sonraí sin a chosaint a mhéid a bhfuil fíorghá leo amháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), (C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
112 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá haire i mír 51 dá Tuairim, ní fhéadfaí a mheas go bhfuil gá le sonraí pearsanta a chur ar fáil go poiblí ar líne, ar sonraí iad nach n‑éilítear le Treoir 2017/1132 ná leis an dlí náisiúnta, chun na cuspóirí arna saothrú leis an Treoir sin a bhaint amach. |
|
113 |
Go sonrach, maidir le bealaí nach ndéanann an oiread sin dochair do na cearta bunúsacha sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta atá faoi thrácht sna príomhimeachtaí go gceanglaítear ar an iarratasóir ar chlárú na cuideachta sa chlár tráchtála cóip de bhunreacht na cuideachta sin, gan na sonraí neamhriachtanacha, a chur ar fáil chun í a fhoilsiú sa chlár sin agus a bheith ar fáil do thríú páirtithe, agus, sa chás seo, níor chuir sí an chóip sin ar fáil don ghníomhaireacht riamh, fiú i ndiaidh di an méid sin a lorg. Mar sin féin, dheimhnigh Rialtas na Bulgáire agus an ghníomhaireacht, fiú i ndiaidh na tréimhse réasúnta sin agus sa chás nach bhfuil an t‑ábhar sonraí ábalta cóip den sórt sin a fháil ón gcuideachta nó óna hionadaithe, nach bhforáiltear leis an reachtaíocht sin go bhféadfaidh an ghníomhaireacht sin féin an chóip sin a dhéanamh, rud a bheadh ina bhealach atá chomh héifeachtach céanna chun nochtadh doiciméad cuideachtaí, deimhneacht dhlíthiúil agus leasanna tríú páirtithe a áirithiú, agus, ag an am céanna, nach ndéanfadh an oiread sin dochair do chosaint sonraí pearsanta. |
|
114 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 56 dá Tuairim, murab ionann agus an méid a mhaígh roinnt Ballstát ina mbarúlacha os comhair na Cúirte, ní fhéadfadh tús áite a bheith ag an gceanglas maidir le hiomláine agus iontaofacht na ndoiciméad cuideachta sin atá faoi réir nochtadh éigeantach de réir Threoir 2017/1132, lena gceanglaítear, dar leo, go bhfoilseofar na doiciméid sin faoi mar a cuireadh iad ar fáil do na húdaráis atá freagrach as an gclár tráchtála a choimeád, ar an gceart sin, nó d’fhágfaí an chosaint gan éifeacht. |
|
115 |
Go sonrach, leis an gceanglas sin, ní fhéadfaí a cheangal go gcoimeádfar sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach faoi Threoir 2017/1132 ná faoin dlí naisiúnta ar fáil don phobal ar líne sa chlár sin, cé go bhféadfadh an ghníomhaireacht sin féin an chóip de dhoiciméad na cuideachta sin atá i gceist a ullmhú, mar is léir ó mhír 113 den bhreithiúnas seo, d’fhonn é a chur ar fáil. |
|
116 |
Dá réir sin, dealraíonn sé go dtéann an phróiseáil ar shonraí pearsanta atá faoi thrácht sna príomhimeachtaí, in aon chás, níos faide ná mar is gá chun an cúram a chuirtear ar an ngníomhaireacht ar mhaithe le leas an phobail de bhun na reachtaíochta náisiúnta a chur i gcrích. |
|
117 |
Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 58 dá Tuairim, faoi réir fíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt sin, ní dhealraíonn sé ach oiread go gcomhlíonann an phróiseáil sin na coinníollacha maidir le dleathacht dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (c) nó (e), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(3) de RGCS. |
|
118 |
Ina dhiaidh sin, maidir leis an iarratas ar léirscriosadh de bhun Airteagal 17 de RGCS atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chás go dtiocfadh an chúirt a rinne an tarchur ar an gconclúid, i ndiaidh a measúnaithe ar dhleathacht na próiseála sin, nach bhfuil an phróiseáil sin dleathach, is faoin ngníomhaireacht a bheadh sé, mar rialaitheoir, mar is léir ó mhíreanna 82 agus 83 den bhreithiúnas seo, i gcomhréir le foclaíocht Airteagal 17(1)(d) de RGCS, na sonraí lena mbaineann a léirscriosadh gan moill mhíchuí (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh fiachais gan íoc), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 108). |
|
119 |
Dá dtiocfadh an chúirt sin ar an gconclúid, áfach, go bhfreagraíonn an phróiseáil sin go héifeachtach don fhoras dleathachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1)(e) de RGCS, go háirithe a mhéid a bhí gá le sonraí nach bhfuil éigeantach faoi Threoir 2011/1132 ná faoin reachtaíocht náisiúnta atá faoi thrácht sna príomhimeachtaí a chur ar fáil go poiblí, ar líne, sa chlár tráchtála, ionas nach gcuirfí moill ar chlárú na cuideachta sin, ar mhaithe le tríú páirtithe a chosaint, ní mór a thabhairt faoi deara go mbeadh feidhm ag Airteagal 17(1)(c) de RGCS. |
|
120 |
Is léir ón bhforáil sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21(1) de RGCS, go bhfuil ceart ag an ábhar sonraí chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus ceart go ndéanfaí léirscriosadh acu, mura bhfuil forais dhlisteanacha sháraitheacha a mbeidh sáraíocht acu ar chearta agus saoirsí an duine sin de réir bhrí Airteagal 21(1) de RGCS, agus is faoin rialaitheoir atá sé an méid sin a léiriú (breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 111). |
|
121 |
I gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní dhealraíonn sé go bhfuil foras dlisteanach sáraitheach ann i gcoinne iarratas den sórt sin de réir bhrí na forála sin. |
|
122 |
Ar an gcéad dul síos, is léir ón ordú tarchuir go bhfuil an chuideachta ina bhfuil OL ina comhpháirtí cláraithe sa chlár tráchtála cheana. |
|
123 |
Ar an dara dul síos, mar a tugadh faoi deara i mír 115 den bhreithiúnas seo, leis an gceanglas maidir le hiomláine agus iontaofacht na ndoiciméad cuideachtaí atá faoi réir nochtadh éigeantach, ní fhéadfaí a cheangal go gcoimeádfaí ar fáil don phobal ar líne, sa chlár sin, sonraí pearsanta nach bhfuil éigeantach faoi Threoir 2017/1132 ná faoin dlí náisiúnta. |
|
124 |
Ar deireadh, fiú dá dtiocfadh an chúirt a rinne an tarchur ar an gconclúid go bhfreagraíonn an phróiseáil sin go héifeachtach don fhoras dleathachta dá bhforáiltear le hAirteagal 6(1)(c) de RGCS, ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar síos go sainráite le RGCS, agus go háirithe le hAirteagal 17(3)(c) de, an ceanglas go dtiocfar ar réiteach idir, ar thaobh amháin, na cearta bunúsacha chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus chun sonraí pearsanta a chosaint, a chumhdaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, agus ar an taobh eile, na cuspóirí dlisteanacha arna saothrú le dlí an Aontais nó dlí na mBallstát atá mar bhunús don oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil gá leis an bpróiseáil chun í a urramú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 8 Nollaig 2022, Google (Díliostú ábhair a líomhnaítear a bheith míchruinn), C‑460/20, EU:C:2022:962, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear. |
|
125 |
Dá réir sin, mar a chinn an Chúirt cheana, féadfaidh bunús a bheith le teorannú ar rochtain ar shonraí atá le nochtadh go héigeantach faoi dhlí an Aontais, do na tríú páirtithe amháin a léiríonn go bhfuil leas sonrach acu, ar bhonn cás ar chás, ar chúiseanna sáraitheacha agus dlisteanacha a bhaineann le staid shonrach na ndaoine lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni, C‑398/15, EU:C:2017:197, mír 60). |
|
126 |
Dá réir sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 67 dá Tuairim, caithfidh sé gurb amhlaidh an cás, a fortiori más rud é, mar is amhlaidh sa chás seo, nach bhfuil na sonraí pearsanta lena mbaineann éigeantach faoi Threoir 2017/1132 ná faoin dlí náisiúnta. |
|
127 |
I bhfianaise an mhéid sin, is é an freagra ar an gceathrú ceist nach mór Treoir 2017/1132, agus go háirithe Airteagal 16 di, agus Airteagal 17 de RGCS a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht nó cleachtas Ballstáit faoina ndiúltaíonn an t‑údarás atá freagrach as an gclár tráchtála sa Bhallstát sin a choimeád d’aon iarratas ar shonraí pearsanta a léirscriosadh, ar sonraí iad nach bhfuil éigeantach faoin Treoir sin ná faoin dlí náisiúnta, atá i mbunreacht cuideachta a fhoilsítear sa chlár sin, i gcás nár cuireadh cóip den bhunreacht sin ina bhfolaítear na sonraí sin ar fáil don údarás sin, rud atá ar neamhréir leis na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin. |
An séú ceist
|
128 |
Lena séú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 4(1) de RGCS le léiriú sa chaoi go dtagann síniú lámhscríofa duine nádúrtha faoin gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ de réir bhrí na forála sin. |
|
129 |
Luaitear san fhoráil sin go ciallaíonn sonraí pearsanta ‘aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha [sainaitheanta] nó in‑sainaitheanta’ agus sonraítear gur duine nádúrtha in‑sainaitheanta ‘duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin’. |
|
130 |
I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana go léiríonn na focail ‘aon fhaisnéis’ sa sainmhíniú ar an gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ san fhoráil sin cuspóir reachtóir an Aontais ciall leathan a thabhairt don choincheap sin, a d’fhéadfadh gach cineál faisnéise a chumhdach, idir fhaisnéis oibiachtúil agus fhaisnéis shuibiachtúil i bhfoirm tuairimí nó measúnaithe, ar choinníoll ‘go mbaineann’ siad leis an ábhar sonraí (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 23). |
|
131 |
Baineann faisnéis le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta i gcás, mar gheall ar a hinneachar, a cuspóir nó a héifeacht go bhfuil baint aici le duine in‑sainaitheanta (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 24). |
|
132 |
Maidir le duine a bheith ‘in‑sainaitheanta’, sonraítear in aithris 26 de RGCS gur cheart aird a thabhairt ar ‘na modhanna go léir, amhail díriú ar leith, is dócha, le réasún, a úsáidfidh an rialaitheoir nó duine eile chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach’. |
|
133 |
Dá bhrí sin, cuimsíonn an sainmhíniú leathan ar an gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ ní hamháin na sonraí a bhailíonn agus a stórálann an rialaitheoir, ach freisin an fhaisnéis go léir a eascraíonn as próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le duine sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 26). |
|
134 |
Is léir freisin ó chásdlí na Cúirte go dtugtar faisnéis maidir le duine nádúrtha le peannaireacht an duine sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Nowak, C‑434/16, EU:C:2017:994, mír 37). |
|
135 |
Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara go n‑úsáidtear síniú lámhscríofa duine nádúrtha, go ginearálta, chun an duine sin a shainaithint, chun luach fianaise a thabhairt, maidir lena gcruinneas agus lena n‑ionracas, do na doiciméid ar a bhfuil an síniú sin nó chun freagracht a ghlacadh astu. Thairis sin, dealraíonn sé, ar bhunreacht na cuideachta atá i gceist sna príomhimeachtaí, go ngabhann síniú na gcomhpháirtithe lena n‑ainmneacha. |
|
136 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar an séú ceist nach mór Airteagal 4(1) de RGCS a léiriú sa chaoi go dtagann síniú lámhscríofa duine nádúrtha faoin gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ de réir bhrí na forála sin. |
An seachtú ceist
|
137 |
Lena seachtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 82(1) de RGCS le léiriú sa chaoi gur leor go gcailleann an t‑ábhar sonraí smacht ar a chuid sonraí, ar feadh tréimhse theoranta, toisc na sonraí sin a bheith curtha ar fáil go poiblí ar líne, sa chlár tráchtála, chun bheith ina chúis le ‘damáiste neamhábhartha’, nó an gceanglaítear leis an gcoincheap sin go léireofar go bhfuil iarmhairtí diúltacha inbhraite breise ann. |
|
138 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar síos san fhoráil sin ‘[a]on duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó’. |
|
139 |
I ndáil leis sin, ós rud é nach dtagraíonn RGCS do dhlí na mBallstát maidir le brí agus raon feidhme théarmaí na forála sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na coincheapa ‘damáiste ábhartha nó neamhábhartha’ agus ‘cúiteamh... as an damáiste a bhain dó’, ní mór a mheas gur coincheapa de dhlí an Aontais iad na coincheapa sin, nach mór léiriú aonfhoirmeach a thabhairt orthu sna Ballstáit go léir (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Post (Damáiste neamhábhartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta), C‑300/21, EU:C:2023:370, mír 30). |
|
140 |
Chuige sin, ní mór Airteagal 82(1) de RGCS a léiriú sa chaoi nach leor an sárú féin ar an Rialachán sin chun go mbeidh ceart chun cúitimh i gceist, ós rud é go bhfuil ‘damáiste’ ábhartha nó neamhábhartha nó ‘damáiste a bhain dó’ ar cheann de na coinníollacha don cheart chun cúitimh dá bhforáiltear le hAirteagal 82(1), faoi mar atá an sárú ar an Rialachán sin agus nasc cúisíoch idir an damáiste sin agus an sárú sin, agus is coinníollacha carnacha iad na trí choinníoll sin (breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Post (Damáiste neamhábhartha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta), C‑300/21, EU:C:2023:370, mír 32, agus an 11 Aibreán 2024, juris, C‑741/21, EU:C:2024:288, mír 34). |
|
141 |
Dá réir sin, ní mór don duine atá ag lorg cúiteamh ar dhamáiste neamhábhartha ar bhonn na forála sin ní hamháin an sárú ar an Rialachán sin a léiriú, ach freisin go raibh an sárú sin ina chúis le damáiste den sórt sin a bhain dó. Ní fhéadfaí toimhde a dhéanamh gurb ann do dhamáiste den sórt sin díreach toisc gur tharla sárú den sórt sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Post (Damáiste neamhábhartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta), C‑300/21, EU:C:2023:370, míreanna 42 agus 50 agus an 11 Aibreán 2024, juris, C‑741/21, EU:C:2024:288, mír 35). |
|
142 |
Go sonrach, ceanglaítear ar ábhar sonraí ar tharla sárú ar RGCS agus a raibh iarmhairtí diúltacha aige sin ina leith a léiriú gurb ionann na hiarmhairtí sin agus damáiste neamhábhartha, de réir bhrí Airteagal 82 den Rialachán sin, toisc nach leor an sárú féin ar na forálacha sin chun go mbeidh ceart aige chun cúitimh (breithiúnas an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, C‑687/21, EU:C:2024:72, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
143 |
Dá réir sin, i gcás ina n‑ardaíonn duine atá ag lorg cúitimh ar an mbonn seo go bhfuil imní orthu go mbainfear mí-úsáid as a chuid sonraí pearsanta sa todhchaí mar gheall ar shárú den sórt sin, ní mór don chúirt a rinne an tarchur a fhíorú gur féidir a mheas go bhfuil bunús leis an imní sin, sna himthosca sonracha atá i gceist agus i ndáil leis an duine lena mbaineann (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 85) |
|
144 |
Bíodh sin mar atá, chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana gur léir, ní hamháin ó fhoclaíocht Airteagal 82(1) de RGCS, arna léamh i gcomhar le haithrisí 85 agus 146 den Rialachán sin, lena dtugtar le fios go bhfuil léiriú leathan le déanamh ar an gcoincheap ‘damáiste neamhábhartha’, de réir bhrí na chéad fhorála sin, ach freisin ón gcuspóir chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, dá dtagraítear sa Rialachán sin, go bhféadfadh an imní ar ábhar sonraí go mbainfidh tríú páirtithe mí-úsáid as a shonraí pearsanta i ndiaidh sárú ar an Rialachán sin a bheith, inti féin, ina ‘damáiste neamhábhartha’ de réir bhrí Airteagal 82(1) (breithiúnas an 20 Meitheamh 2024, PS (Seoladh mícheart), C‑590/22, EU:C:2024:536, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
145 |
Go sonrach, is léir ón liosta samplach de na cineálacha ‘damáiste’ a d’fhéadfaí a dhéanamh d’ábhair sonraí sa chéad abairt d’aithris 85 de RGCS, go raibh sé i gceist ag reachtóir an Aontais a áireamh ar an gcoincheap ‘damáiste’ a d’fhéadfaí a dhéanamh d’ábhair sonraí, lena n‑áirítear ‘smacht ar a gcuid sonraí pearsanta a chailleadh’ i ndiaidh sárú ar an Rialachán sin, fiú murar baineadh mí-úsáid as na sonraí atá i gceist go nithiúil (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 82). |
|
146 |
Thairis sin, ní bheadh léiriú ar Airteagal 82(1) de RGCS ar dá réir nach n‑áireofar an coincheap ‘damáiste neamhábhartha’ de réir bhrí na forála sin cásanna nach n‑ardaíonn an t‑ábhar sonraí ach an imní atá air go mbainfidh tríú páirtí mí-úsáid as a shonraí sa todhchaí, i gcomhréir leis an ráthaíocht maidir le hardleibhéal cosanta do dhaoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta laistigh den Aontas, atá beartaithe leis an ionstraim sin (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 83). |
|
147 |
Mar an gcéanna, ní féidir an coincheap sin a theorannú do dhamáiste ar leibhéal áirithe tromchúise, go háirithe i ndáil leis an tréimhse ar lena linn a bhain na hiarmhairtí diúltacha den sárú ar an Rialachán sin do na hábhair sonraí (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Gemeinde Ummendorf, C‑456/22, EU:C:2023:988, míreanna 16 agus 19 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
148 |
Dá réir sin, ní fhéadfaí a mheas, de bhreis ar na trí choinníoll a leagtar amach i mír 140 den bhreithiúnas seo, go bhféadfadh coinníollacha eile a bheith i gceist chun go mbeidh an dliteanas dá bhforáiltear in Airteagal 82(1) de RGCS ann, amhail cineál nithiúil an damáiste nó cineál oibiachtúil an tsáraithe (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Gemeinde Ummendorf, C‑456/22, EU:C:2023:988, mír 17). |
|
149 |
Ní cheanglaítear leis an bhforáil sin ach an oiread, i ndiaidh sárú léirithe ar fhorálacha an Rialacháin sin, gur gá go mbeidh ‘tairseach de minimis’ i gceist leis an damáiste sin chun go bhféadfar é a chúiteamh (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Gemeinde Ummendorf, C‑456/22, EU:C:2023:988, mír 18). |
|
150 |
Dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon chúis nach féidir le foilsiú sonraí pearsanta ar an idirlíon agus cailleadh smachta ar na sonraí sin ar feadh tréimhse ghearr ag an am céanna a bheith ina chúis le ‘damáiste neamhábhartha’ de réir bhrí Airteagal 82(1) de RGCS, lena dtugtar ceart chun cúitimh, is gá fós go léireoidh na daoine sin gur bhain damáiste den sórt sin dóibh, dá íosta é (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Nollaig 2023, Gemeinde Ummendorf, C‑456/22, EU:C:2023:988, mír 22 agus an 11 Aibreán 2024, juris, C‑741/21, EU:C:2024:288, mír 42). |
|
151 |
Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs mhéid an damáiste atá dlite faoin gceart chun cúitimh as damáiste neamhábhartha, ní hamhlaidh go bhfuil níos lú tábhachta ag baint le damáiste neamhábhartha arna dhéanamh trí shárú ar shonraí pearsanta, de réir a chineáil, ná mar a bhaineann le díobháil choirp (breithiúnas an 20 Meitheamh 2024, Scalable Capital, C‑182/22 agus C‑189/22, EU:C:2024:531, mír 39). |
|
152 |
Thairis sin, i gcás ina n‑éiríonn le duine a léiriú go ndearnadh damáiste dó le sárú ar RGCS, de réir bhrí Airteagal 82 den Rialachán sin, ní mór na critéir mheasúnaithe maidir leis an gcúiteamh atá dlite i gcomhthéacs na leigheasanna atá ceaptha chun coimirciú na gceart atá ag daoine aonair faoin Airteagal sin a leagan síos i ndlíchóras gach Ballstáit, ar choinníoll gur cúiteamh iomlán éifeachtach atá i gceist leis sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Meitheamh 2024, Scalable Capital, C‑182/22 agus C‑189/22, EU:C:2024:531, mír 43). |
|
153 |
I ndáil leis sin, comhlíonann an ceart chun cúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 82(1), go háirithe i gcás damáiste neamhábhartha, feidhm chúiteach amháin, a mhéid nach mór do chúiteamh airgid bunaithe ar an bhforáil sin a chur ar chumas an damáiste iomlán a bhain do dhuine go nithiúil mar gheall ar shárú ar an Rialachán sin a chúiteamh, seachas feidhm dhíspreagthach nó phionósach (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Post (Damáiste neamhábhartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta), C‑300/21, EU:C:2023:370, míreanna 57 agus 58 agus an 11 Aibreán 2024, juris, C‑741/21, EU:C:2024:288, mír 61). |
|
154 |
Thairis sin, ar an gcéad dul síos, tá dliteanas an rialaitheora de bhun Airteagal 82 de RGCS faoi réir faillí a bheith déanta ag an rialaitheoir, agus glactar leis go ndearna sé faillí, mura léiríonn sé nach bhfuil an teagmhas is cúis leis an damáiste inchurtha ina leith ar chor ar bith agus, ar an dara dul síos, ní cheanglaítear le hAirteagal 82 go gcuirfear san áireamh leibhéal tromchúise na faillí sin agus méid na ndamáistí a thugtar chun an damáiste neamhábhartha a chúiteamh ar bhonn na forála sin á shocrú (breithiúnais an 21 Nollaig 2023, Krankenversicherung Nordrhein, C‑667/21, EU:C:2023:1022, mír 103, agus an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, C‑687/21, EU:C:2024:72, mír 52). |
|
155 |
Sa chás seo, mar a tugadh faoi deara i mír 42 den bhreithiúnas seo, shonraigh an chúirt a rinne an tarchur gur chinn cúirt riaracháin Dobrich go raibh damáiste neamhábhartha ann arbh é na heispéiris dhiúltacha shíceolaíocha agus mothúchán a bhí ag OL, eadhon an eagla agus an imní i dtaca le haon mhí-úsáid agus easpa cumhachta agus díomá maidir leis an bhféidearthacht lena sonraí pearsanta a chosaint. Chinn an chúirt sin freisin gur eascair an damáiste sin ó litir na gníomhaireachta dar dáta an 26 Eanáir 2022, a bhí ina cúis le sárú ar an gceart chun léirscriosadh a leagtar síos in Airteagal 17(1) de RGCS agus próiseáil neamhdhleathach a shonraí a bhí i mbunreacht na cuideachta a cuireadh ar fáil go poiblí. |
|
156 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar an seachtú ceist nach mór Airteagal 82(1) de RGCS a léiriú sa chaoi gur leor go gcailleann an t‑ábhar sonraí smacht ar a chuid sonraí, ar feadh tréimhse theoranta, toisc na sonraí sin a bheith curtha ar fáil go poiblí ar líne, sa chlár tráchtála, chun bheith ina chúis le ‘damáiste neamhábhartha’, ar choinníoll go léiríonn an duine sin gurb amhlaidh gur bhain damáiste den sórt sin dó, dá íosta é, agus ní cheanglaítear leis an gcoincheap sin go léireofar iarmhairtí inbhraite diúltacha breise. |
An t‑ochtú ceist
|
157 |
Lena hochtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 82(3) de RGCS le léiriú sa chaoi gur leor tuairim údaráis maoirseachta náisiúnta, arna heisiúint ar bhonn Airteagal 58(3)(b) den Rialachán sin, chun údarás atá freagrach as clár tráchtála Ballstáit a choimeád, ar rialaitheoir é an t‑údarás sin de réir bhrí Airteagal 4(7) den Rialachán sin, a dhíolmhú ó dhliteanas de bhun Airteagal 82(2) den Rialachán sin? |
|
158 |
Sa chéad áit, maidir leis na rialacha dliteanais dá bhforáiltear le hAirteagal 82 de RGCS, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 82(1) go mbeidh aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin sin i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó. Mar is léir ó phointe 140 den bhreithiúnas seo, tá an ceart sin chun cúitimh faoi réir trí choinníoll charnacha a chomhlíonadh. |
|
159 |
I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 82(2) den Rialachán sin, beidh aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán sin. San fhoráil sin, ina leagtar amach na rialacha dliteanais dá leagtar síos an prionsabal in Airteagal 82(1), leagtar síos na trí choinníoll riachtanacha chun go mbeidh ceart chun cúitimh ann, eadhon, próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh de shárú ar fhorálacha RGCS, damáiste a bhain don ábhar sonraí agus nasc cúisíoch idir an phróiseáil neamhdhleathach agus an damáiste sin (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Post (Damáiste neamhábhartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta), C‑300/21, EU:C:2023:370, mír 36). |
|
160 |
Foráiltear in Airteagal 82(3) de RGCS go mbeidh rialaitheoir díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste (breithiúnas an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, C‑687/21, EU:C:2024:72, mír 45). |
|
161 |
Mar a chinn an Chúirt cheana, is léir ó anailís ar na míreanna éagsúla d’Airteagal 82 de RGCS, i gcomhar lena chéile, ó chomhthéacs an Airteagail sin agus ó na cuspóirí arna saothrú ag reachtóir an Aontais tríd an Airteagal sin go bhforáiltear do rialacha dliteanais as faillí ina bhfuil an t‑ualach fianaise ar an rialaitheoir, agus ní ar an duine ar bhain an damáiste dó (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krankenversicherung Nordrhein, C‑667/21, EU:C:2023:1022, míreanna 94 agus 95). |
|
162 |
Go sonrach, ní bheadh sé i gcomhréir leis an gcuspóir chun ardleibhéal cosanta a áirithiú léiriú a ghlacadh faoina mbeadh ar na daoine ar bhain damáiste dóibh mar gheall ar shárú ar RGCS, i gcomhthéacs caingean le haghaidh cúitimh bunaithe ar Airteagal 82 den Rialachán sin, a léiriú ní hamháin gur tharla an sárú sin agus an damáiste a bhain dóibh mar gheall air, ach freisin gurbh ann d’fhaillí arna déanamh ag an rialaitheoir d’aon ghnó nó trí fhaillí, nó fiú leibhéal tromchúise na faillí sin, cé nach bhfuil ceanglais den sórt sin leagtha síos in Airteagal 82 (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krankenversicherung Nordrhein, C‑667/21, EU:C:2023:1022, mír 99). |
|
163 |
Dá réir sin, i gcomhréir leis an gcásdlí a leagtar síos i mír 154 den bhreithiúnas seo, tá dliteanas an rialaitheora de bhun Airteagal 82 de RGCS faoi réir faillí a bheith déanta aige, agus déantar toimhde gurb ann d’fhaillí, mura gcruthaíonn an rialaitheoir nach bhfuil sé ar dóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste. |
|
164 |
I ndáil leis sin, mar is léir ón bhfrása ‘ar dóigh ar bith’ a bheith curtha isteach d’aon ghnó le linn an nós imeachta reachtaigh, ní mór na himthosca inar féidir an rialaitheoir a dhíolmhú ó dhliteanas sibhialta de bhun Airteagal 82 de RGCS a bheith teoranta go docht dóibh siúd inar féidir leis an rialaitheoir a chruthú nach bhfuil an damáiste inchurtha dó (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 70). |
|
165 |
Chinn an Chúirt freisin, i gcás sárú sonraí pearsanta arna dhéanamh ag tríú páirtí amhail cibearchoirpeach nó duine atá ag gníomhú faoina fhreagracht, gurb é an t‑aon bhealach ina bhféadfaidh an rialaitheoir a bheith díolmhaithe ó dhliteanas, ar bhonn Airteagal 82(3) de RGCS, ná trína chruthú nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir aon sárú ar an oibleagáid maidir le cosaint sonraí atá air de bhun Airteagail 5, 24 agus 32 den Rialachán sin agus an damáiste a bhain don duine nádúrtha lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 72 agus an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, C‑687/21, EU:C:2024:72, mír 51). |
|
166 |
Dá réir sin, chun go bhféadfar an rialaitheoir a dhíolmhú ó dhliteanas, de bhun Airteagal 82(3), ní fhéadfadh sé gur leor dó a léiriú gur thug sé treoracha do na daoine atá ag gníomhú faoina údarás, de réir bhrí Airteagal 29 den Rialachán sin, agus gur mhainnigh ar dhuine de na daoine sin ina oibleagáid na treoracha sin a leanúint, sa chaoi gur chuir sé le tarlú an damáiste atá faoi thrácht (breithiúnas an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, C‑687/21, EU:C:2024:72, mír 52). |
|
167 |
Sa dara háit, maidir leis na rialacha a bhaineann le fianaise, ní mór a thabhairt faoi deara nach leagtar síos rialacha in RGCS maidir le fianaise a ligean isteach nó a luach atá le cur i bhfeidhm ag na cúirteanna náisiúnta a bhfuil caingean le haghaidh cúitimh faoina mbráid bunaithe ar Airteagal 82 den Rialachán sin. Dá réir sin, in éagmais rialacha dhlí an Aontais ar an ábhar sin, is faoi dhlíchóras gach Ballstáit atá sé na rialacha a leagan síos maidir leis na gníomhartha atá le glacadh chun a chinntiú go ndéanfar cearta daoine aonair faoi Airteagal 82 agus, go sonrach, na rialacha a bhaineann le fianaise, faoi réir urramú na bprionsabal a bhaineann le coibhéis agus éifeachtacht (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
168 |
Sa tríú háit, maidir le fógra arna thabhairt de bhun Airteagal 58(3)(b) de RGCS, ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar síos cumhachtaí an údaráis maoirseachta leis an Airteagal sin. |
|
169 |
Dá réir sin, le hAirteagal 58(1) de RGCS, tugtar cumhachtaí imscrúdaithe don údarás sin; in Airteagal 58(2), tugtar cumhachtaí dó chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh agus in Airteagal 58(3), leagtar amach na cumhachtaí comhairleacha agus in Airteagal 58(5), an chumhacht chun aon sárú ar an Rialachán sin a thabhairt os comhair na n‑údarás breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú d’fhonn forálacha an Rialacháin sin a chur i bhfeidhm. |
|
170 |
I measc na gcumhachtaí a liostaítear in Airteagal 58(3) de RGCS, tá an chumhacht a thugtar le hAirteagal 58(3)(b), chun ‘tuairimí a thabhairt, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, don pharlaimint náisiúnta, do rialtas an Bhallstáit nó, i gcomhréir le dlí Ballstáit, do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile agus don phobal, maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta’. |
|
171 |
Is léir ó fhoclaíocht na forála sin agus go háirithe ón téarma ‘tuairimí’ go mbaineann eisiúint tuairime den sórt sin le cumhachtaí comhairleacha agus ní le cumhachtaí maoirseachta an údaráis maoirseachta. |
|
172 |
Léiríonn na téarmaí ‘tuairimí’ agus ‘cumhachtaí comhairleacha’ freisin nach bhfuil tuairim a eisítear ar bhonn Airteagal 58(3)(b) ceangailteach de réir dlí de bhun dhlí an Aontais. |
|
173 |
Deimhníonn aithris 143 de RGCS an léiriú sin. Leagtar amach san aithris sin ‘ba cheart leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach os comhair na cúirte náisiúnta inniúla in aghaidh cinneadh ó údarás maoirseachta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis an duine sin. Baineann cinneadh den sórt sin go háirithe le feidhmiú cumhachtaí imscrúdaitheacha, ceartaitheacha agus údaraithe ag an údarás maoirseachta nó le gearáin a dhíbhe nó a dhiúltú. Mar sin féin, ní chuimsítear leis an gceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil bearta a dhéanann údaráis mhaoirseachta nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de, amhail tuairimí a d’eisigh an t‑údarás maoirseachta nó comhairle a thug sé’. |
|
174 |
De bhrí nach bhfuil tuairim arna tabhairt don rialaitheoir ceangailteach ó thaobh an dlí de, ní fhéadfadh tuairim a léiriú, inti féin, nach bhfuil an damáiste inchurtha i leith an rialaitheora, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 164 den bhreithiúnas seo ná, dá réir sin, a bheith leordhóthanach chun an rialaitheoir sin a dhíolmhú ó dhliteanas de bhun Airteagal 82(3) de RGCS. |
|
175 |
Tá léiriú den sórt sin ar Airteagal 82(3) i gcomhréir leis na cuspóirí arna saothrú ag RGCS freisin chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus cúiteamh éifeachtach don damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh dóibh mar gheall ar phróiseáil arna déanamh de shárú ar an Rialachán sin a áirithiú. Dá mba rud é gur leor don rialaitheoir tuairim nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de a agairt chun aon dliteanas a sheachaint agus, dá réir sin, aon oibleagáid cúitimh a sheachaint, ní bheadh aon spreagadh ann dó gach rud atá ar a chumas a dhéanamh chun an t‑ardleibhéal cosanta a áirithiú agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán a chomhlíonadh. |
|
176 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar an ochtú ceist nach mór Airteagal 82(3) de RGCS a léiriú sa chaoi nach leor tuairim údaráis maoirseachta náisiúnta, arna heisiúint ar bhonn Airteagal 58(3)(b) den Rialachán sin, chun údarás atá freagrach as clár tráchtála Ballstáit a choimeád, ar rialaitheoir é an t‑údarás sin de réir bhrí Airteagal 4(7) den Rialachán sin, a dhíolmhú ó dhliteanas de bhun Airteagal 82(2) den Rialachán sin. |
Costais
|
177 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.