This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CJ0048
Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 6 March 2025.#Alajärven Sähkö Oy and Others and Elenia Verkko Oyj v Energiavirasto.#Request for a preliminary ruling from the markkinaoikeus.#Reference for a preliminary ruling – Internal market for electricity – Directive (EU) 2019/944 – Article 57(4) and (5) – Independence of national regulatory authority in the exercise of its duties and powers – Policy guidelines issued by a Member State – Legislative amendment aimed at reducing electricity distribution prices – Decision concerning methods for monitoring electricity system operation charges taken by the regulatory authority concerned following that amendment – Account taken of the travaux préparatoires relating to the law that introduced that amendment.#Case C-48/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2025 Márta 6.
Alajärven Sähkö Oy e.a. agus Elenia Verkko Oyj v Energiavirasto.
Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach leictreachais – Treoir (AE) 2019/944 – Airteagal 57(4) agus (5) – Neamhspleáchas an údaráis rialála náisiúnta i bhfeidhmiú a dhualgas agus a chumhachtaí – Treoirlínte beartais arna n‑eisiúint ag Ballstát – Leasú reachtach arb é is aidhm dó praghsanna dáileacháin leictreachais a laghdú – Cinneadh maidir le modhanna chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir oibriúcháin an chórais leictreachais arna nglacadh ag an údarás rialála lena mbaineann tar éis an leasaithe sin – Na travaux préparatoires a bhaineann leis an dlí lenar tugadh isteach an leasú sin a chur san áireamh.
Cás C-48/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2025 Márta 6.
Alajärven Sähkö Oy e.a. agus Elenia Verkko Oyj v Energiavirasto.
Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach leictreachais – Treoir (AE) 2019/944 – Airteagal 57(4) agus (5) – Neamhspleáchas an údaráis rialála náisiúnta i bhfeidhmiú a dhualgas agus a chumhachtaí – Treoirlínte beartais arna n‑eisiúint ag Ballstát – Leasú reachtach arb é is aidhm dó praghsanna dáileacháin leictreachais a laghdú – Cinneadh maidir le modhanna chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir oibriúcháin an chórais leictreachais arna nglacadh ag an údarás rialála lena mbaineann tar éis an leasaithe sin – Na travaux préparatoires a bhaineann leis an dlí lenar tugadh isteach an leasú sin a chur san áireamh.
Cás C-48/23.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:144
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
6 Márta 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach leictreachais – Treoir (AE) 2019/944 – Airteagal 57(4) agus (5) – Neamhspleáchas an údaráis rialála náisiúnta i bhfeidhmiú a dhualgas agus a chumhachtaí – Treoirlínte beartais arna n‑eisiúint ag Ballstát – Leasú reachtach arb é is aidhm dó praghsanna dáileacháin leictreachais a laghdú – Cinneadh maidir le modhanna chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir oibriúcháin an chórais leictreachais arna nglacadh ag an údarás rialála lena mbaineann tar éis an leasaithe sin – Na travaux préparatoires a bhaineann leis an dlí lenar tugadh isteach an leasú sin a chur san áireamh)
I gCás C‑48/23,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó markkinaoikeus (an Chúirt Mhargaidh, an Fhionlainn), trí bhreith an 1 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 1 Feabhra 2023, sna himeachtaí
Alajärven Sähkö Oy agus páirtithe eile,
Elenia Verkko Oyj
v
Energiavirasto,
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leans: I. Jarukaitis (Rapóirtéir), Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, ag gníomhú mar Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, D. Gratsias agus E. Regan, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Alajärven Sähkö Oy agus páirtithe eile, ag E. Ruohoniemi, asianajaja, |
|
– |
Elenia Verkko Oyj, ag M. Alkio, asianajaja, |
|
– |
Energiavirasto, ag J. Tervo, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Fionlainne, ag M. Pere, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Cipire, ag E. Symeonidou, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag O. Beynet, J. Ringborg agus T. Scharf, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 5 Meán Fómhair 2024,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 57(4) agus (5) agus Airteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach do leictreachas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2012/27/AE (IO 2009 L 158, lch. 125). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí a thionscain gnóthais na Fionlainne Alajärven Sähkö Oy agus páirtithe eile agus Elenia Verkko Oyj, na hoibreoirí córais, i gcoinne Energiavirasto (an tÚdarás Fuinnimh, an Fhionlainn), maidir le cinntí an údaráis sin a chur ar neamhní chun a mhodhanna chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir oibríochta córas leictreachais a athrú. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
Treoir 2009/72/CE
|
3 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 35(4) agus (5) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO 2009 L 211, lch. 55), dar teideal ‘Ainmniú agus neamhspleáchas údarás rialála’: ‘4. Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chun na críche sin, áiritheoidh na Ballstáit, agus na cúraimí rialála a thugtar dóibh leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar á gcomhlíonadh acu, go mbeidh an méid seo a leanas amhlaidh i leith an údaráis rialála:
5. Chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:
I dtaca le pointe (b) den chéad fhomhír, áiritheoidh Ballstáit scéim sealaíochta iomchuí don bhord nó don bhainistíocht shinsearach. Ní fhéadfar comhaltaí an bhoird nó, in éagmais boird, comhaltaí den bhainistíocht shinsearach, a chur as oifig i rith a dtéarma ach amháin mura gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo nó má bhí siad ciontach as mí-iompar faoin dlí náisiúnta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2019/944
|
4 |
De réir aithrisí 80 agus 87 de Threoir 2019/944:
[...]
|
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 57(4) agus (5) den Treoir sin, dar teideal ‘Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála’: ‘4. Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an údarás rialála, le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh:
5. Chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:
[...]’ |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 59(1)(a) agus (m) den Treoir sin, dar teideal ‘Dualgais agus cumhachtaí na n‑údarás rialála’: ‘Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:
[...]
|
Dlí na Fionlainne
An Dlí maidir le Maoirseacht
|
7 |
Faoi mhír 10(1), pointe 1, den laki sähkö– ja maakaasumarkkinoiden valvonnasta (590/2013) (Dlí maidir le maoirseacht ar mhargaí leictreachais agus gáis nádúrtha (590/2013)); ‘an Dlí maidir le Maoirseacht’), ní mór don Údarás Fuinnimh, trí bhíthin cinnidh (cinneadh cinntitheacha), modhanna ceangailteacha a leagan síos d’oibreoirí córais, do phríomhoibreoirí córais atá freagrach as an gcóras agus d’oibreoirí córais tarchurtha atá freagrach as an gcóras lena gcinntear, le linn na tréimhse faireacháin, an mhodheolaíocht chun filleadh ar oibríochtaí córais d’oibreoirí córais agus na muirir atá le tobhach ar sheirbhísí tarchurtha, sula dtabharfar isteach iad. |
|
8 |
Foráiltear le mír 10(2) den Dlí sin go bhféadfaidh orduithe a bheith sa chinneadh lena gcinntear na modhanna atá le cur i bhfeidhm chun taraifí a shocrú a bhaineann, go háirithe, leis na prionsabail chun caipiteal a luacháil atá nasctha le hoibríochtaí córais nó le seirbhís, an bealach chun an toradh ceadaithe ar chaipiteal atá nasctha le hoibríochtaí córais nó le seirbhís nó an toradh ceadaithe ar sheirbhís a chinneadh, an bealach chun feidhmíocht oibríochtaí córais nó seirbhíse a chinneadh agus aon choigeartú ar an gcuntas brabúis agus caillteanais agus ar an gclár comhardaithe a cheanglaítear leis sin, chomh maith le cuspóirí lena ndreasaítear éifeachtúlacht oibríochtaí córais a mhéadú, comhtháthú margaidh a chur chun cinn, slándáil córais a fheabhsú agus gníomhaíochtaí taighde gaolmhara a chur chun cinn, an córas a fhorbairt agus seirbhísí córais a sholáthar lena gcuirtear bearta chun cinn chun éifeachtúlacht fuinnimh úsáideoirí córais a fheabhsú, agus an bealach ina sainítear na cuspóirí sin agus na modhanna trína gcuirtear i bhfeidhm iad maidir le praghsáil. |
|
9 |
Foráiltear le mír 13(1), pointe 2, den Dlí sin go bhféadfaidh an tÚdarás Fuinnimh cinneadh cinntitheacha a leasú trí chinneadh nua a ghlacadh arna iarraidh sin do sheolaí an chinnidh nó uaidh féin. Is féidir cinneadh cinntitheacha atá bailí ar feadh tréimhse shocraithe a leasú ar thionscnamh sheolaí an chinnidh nó an Údaráis Fuinnimh, agus féadfaidh an tÚdarás Fuinnimh cinneadh cinntitheacha atá bailí ar feadh tréimhse éiginnte a leasú uaidh féin má tá an leasú bunaithe ar athrú ar an reachtaíocht. |
An Dlí maidir leis an margadh leictreachais
|
10 |
Faoi Airteagal 19(1) den sähkömarkkinalaki (588/2013) (Dlí maidir leis an margadh leictreachais (588/2013); ‘an Dlí maidir leis an margadh leictreachais’), chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag úsáideoirí a gcórais ar leictreachas ar cháilíocht leordhóthanach, ní mór d’oibreoirí córais a gcórais leictreachais agus a naisc le córais eile a chothabháil, a oibriú agus a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le hoibriú na gcóras leictreachais agus le riachtanais réasúnta úsáideoirí córais. |
|
11 |
Faoi Airteagal 19(2) den Dlí sin, a tháinig i bhfeidhm tar éis leasú arna dhéanamh ag an laki sähkömarkkinalain muuttamisesta (730/2021) (Dlí lena leasaítear an Dlí maidir leis an Margadh Leictreachais (730/2021); ‘Dlí 730/2021’), ní mór córas leictreachais a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil sa chaoi go gcomhlíonann sé, go háirithe, na ceanglais cháilíochta maidir le hoibriú na gcóras leictreachais, go bhfuil cáilíocht theicniúil tharchur agus dháileadh an leictreachais go maith ar gach bealach eile agus gur féidir le hoibreoir an chórais seirbhísí tarchurtha agus dáileacháin a sholáthar d’úsáideoirí an chórais ar bhealach costéifeachtach. |
|
12 |
I mír 51 den Dlí maidir leis an margadh leictreachais tá forálacha níos mionsonraithe maidir leis na ceanglais cháilíochta is infheidhme maidir le hoibriú córais dáileacháin. |
|
13 |
Foráiltear le hAirteagal 52(1) den Dlí sin, arna leasú le Dlí 730/2021, nach mór forbairt córais dáileacháin leictreachais a bheith bunaithe ar phlean forbartha trédhearcach lena n‑áirítear, go háirithe, an méid seo a leanas:
|
|
14 |
Tá foráil idirthréimhseach maidir le hiontaofacht oibríochtúil na gcóras dáileacháin i mír 119 den Dlí maidir leis an Margadh Leictreachais, arna leasú le Dlí 730/2021. |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
15 |
Le cinntí an 30 Samhain 2015, bhunaigh an tÚdarás Fuinnimh modhanna faireacháin le haghaidh na dtréimhsí faireacháin ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2019 agus ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi seach, maidir leis an toradh ar oibríochtaí córais le haghaidh oibreoirí córais agus na muirir atá le tobhach ar sheirbhísí tarchurtha a chinneadh. |
|
16 |
Le cinntí an 15 Nollaig 2021 (‘na cinntí atá faoi chonspóid’), leasaigh an t‑údarás sin a chinntí an 30 Samhain 2015. Go háirithe, leasaigh sé na modhanna faireacháin sin le haghaidh na tréimhse faireacháin idir an 1 Eanáir 2022 agus an 31 Nollaig 2023. Thairis sin, sna cinntí atá faoi chonspóid, luaigh sé go ndearna sé an leasú sin ar a thionscnamh féin tar éis theacht i bhfeidhm Dhlí Uimh. 730/2021. |
|
17 |
Le caingne a tionscnaíodh an 17 agus an 19 Eanáir 2022 faoi seach os comhair an markkinaoikeus (Cúirt Mhargaidh, an Fhionlainn), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, iarrann na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, go háirithe, na cinntí atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a leasaigh siad na modhanna faireacháin sin trí na praghsanna aonaid atá le cur i bhfeidhm chun an tuairisceán a ríomh a thabhairt cothrom le dáta agus tríd an modh ríofa malartach is infheidhme chun an ráta úis saor ó riosca a chinneadh a bhaint. Áitíonn na hiarratasóirí sin, go háirithe, nár ghlac an tÚdarás Fuinnimh na cinntí atá faoi chonspóid go huathrialach, mar údarás rialála neamhspleách, ar an mbealach a cheanglaítear le hAirteagal 57 de Threoir 2019/944. |
|
18 |
Iarrann an tÚdarás Fuinnimh ar an gcúirt a rinne an tarchur na caingne sin a dhíbhe. Áitíonn sí, os comhair na cúirte sin, go dtagann na hathruithe ar na modhanna faireacháin chun toradh a chinneadh d’oibreoirí córais agus na muirir atá le gearradh ar sheirbhísí tarchuir faoi raon feidhme na leasuithe ar an Dlí maidir leis an margadh leictreachais agus ar an Dlí maidir le Maoirseacht. Áitíonn sí gur chinn an reachtas náisiúnta go gcomhlíonann na leasuithe sin ceanglais dhlí an Aontais maidir le neamhspleáchas an údaráis rialála náisiúnta agus nach bhfuil iontu ach rialacha arb ionann iad agus treoirlínte ginearálta. |
|
19 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, sna príomhimeachtaí, nach mór di a rialú, leis na cinntí atá faoi chonspóid, an raibh an tÚdarás Fuinnimh in ann na modhanna faireacháin sin a athrú le linn tréimhse faireacháin. Le linn an mheasúnaithe sin, ní mór di a chinneadh an mbaineann na leasuithe ar an Dlí maidir leis an margadh leictreachais a tugadh isteach le Dlí 730/2021 an bonn de neamhspleáchas an údaráis rialála náisiúnta dá bhforáiltear i dTreoir 2019/944 maidir le taraifí córais a shocrú agus i gcúraimí rialála eile. Chuige sin, is gá Airteagal 57(4) agus (5) agus Airteagal 59 den Treoir sin a léiriú. |
|
20 |
Bhunaigh an tÚdarás Fuinnimh na cinntí atá faoi chonspóid go bunúsach ar na travaux préparatoires a bhaineann le Dlí 730/2021. Luaitear sna cinntí sin, go háirithe, tar éis na leasuithe ar an Dlí maidir leis an margadh leictreachais a tugadh isteach le Dlí 730/2021 a tháinig i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2021, gur chuir an t‑údarás sin tús leis na hullmhúcháin chun na modhanna faireacháin a athrú chun iad a chur i gcomhréir le ceanglais na reachtaíochta. De réir na gcinntí sin, ba é príomhchuspóir na leasuithe sin uirlisí nua a chur ar fáil don údarás sin chun tionchar a imirt ar éabhlóid na dtaraifí tarchurtha gan forbairt córas leictreachais slán agus cliste a chur i mbaol. |
|
21 |
Léirítear sa bhille rialtais lena bhforáiltear do na leasuithe sin, arna tharraingt suas ag Rialtas na Fionlainne (‘an bille’), gurbh é cuspóir na leasuithe srian a chur le méadú ar phraghsanna dáileacháin leictreachais trí bhearta a dhéanamh chun leibhéil chostais na n‑oibreoirí córais dáileacháin a laghdú agus chun méadú ar leibhéil na gcostas a choinneáil faoi smacht. Tugadh aghaidh sa bhille sin ar leasuithe ar na modhanna faireacháin a chuir an tÚdarás Fuinnimh chun feidhme tar éis theacht i bhfeidhm na leasuithe ar an Dlí maidir leis an margadh leictreachais a tugadh isteach le Dlí Uimh. 730/2021. Sa bhille sin, luadh nach gá go mbeadh reachtaíocht ann a bhaineann go díreach le hábhar na modhanna ríofa chun athbhreithniú a dhéanamh ar na modhanna ríofa. Mínítear freisin ann, i gcreat‑tuarascáil arna tarraingt suas i ndáil leis na travaux préparatoires a bhaineann le hullmhú an bhille chéanna, gur luaigh an tÚdarás Fuinnimh, mar thoradh ar na leasuithe atá beartaithe ar na rialacha is infheidhme maidir le hoibreoirí córais dáileacháin, go mbeadh air leasú a dhéanamh cheana féin ar a chinntí cinnidh atá i bhfeidhm maidir leis na modhanna a úsáidtear chun taraifí na n‑oibreoirí córais dáileacháin a ríomh don tréimhse faireacháin atá i gceist. |
|
22 |
De réir measúnú ón Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fostaíochta dá dtagraítear sa bhille atá i gceist, tá tionchar suntasach ag na hathruithe ar an ríomh ar ioncam na n‑oibreoirí córais dáileacháin agus a n‑úinéirí. |
|
23 |
Ina theannta sin, i dtuarascáil a tarraingíodh suas mar chuid den díospóireacht pharlaiminteach ar an mbille, dúirt Coiste Airgeadais Pharlaimint na Fionlainne go mbeadh sé iomchuí idirghabháil a dhéanamh i dtuairisceáin mhíréasúnta na n‑oibreoirí córais a d’fhéadfaí a dhéanamh trí na modhanna ríofa atá ann cheana. De réir na tuarascála sin, faoi na modhanna faireacháin a bhí i bhfeidhm tráth na bhfíoras ábhartha, socraíodh luach an chórais ar bhonn praghsanna aonaid a bhaineann le comhpháirteanna arna socrú ag an Údarás Fuinnimh ar feadh tréimhse 8 mbliana, ó 2016 go 2023, agus níor léiríodh leibhéil iarbhír na gcostas a thuilleadh. Cuireadh in iúl sa tuarascáil freisin gurbh é cuspóir sonrach na leasuithe atá beartaithe athrú a cheadú ar an tsamhail faireacháin i lár na tréimhse faireacháin ábhartha. |
|
24 |
Measann an chúirt a rinne an tarchur freisin gur léir ó bhreithiúnais an 11 Meitheamh 2020, Prezident Slovenskej republiky (C‑378/19, EU:C:2020:462), agus an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Ghearmáin (Trasuí Threoracha 2009/72 agus 2009/73) (C‑718/18, EU:C:2021:662), nach féidir na modhanna chun taraifí tarchurtha agus dáileacháin leictreachais i gcoitinne a ríomh, ná na croí-ábhair ghaolmhara éagsúla, a shocrú leis an dlí náisiúnta ar bhealach ceangailteach don údarás rialála náisiúnta. Ina theannta sin, de réir an chásdlí sin, is ionann treoracha a thugann ionadaithe aireacht maidir le cinnteoireacht an údaráis rialála náisiúnta i gcomhthéacs a phríomhdhualgais agus a phríomhchumhachtaí rialála agus cur isteach ar neamhspleáchas an údaráis sin freisin. |
|
25 |
Le Treoir 2019/944, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit a mbeartais fuinnimh féin a shainiú agus a chur chun feidhme. Mar sin féin, níor cheart do na treoirlínte ginearálta beartais fuinnimh arna nglacadh ag na Ballstáit neamhspleáchas ná uathriail na n‑údarás rialála a shrianadh ná cur isteach ar a bpríomhchúraimí agus ar a bpríomhchumhachtaí rialála. |
|
26 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire nár bhain na leasuithe ar an Dlí maidir leis an margadh leictreachais a tugadh isteach le Dlí 730/2021 leis na modhanna faireacháin d’oibreoirí córais dáileacháin arna gcur i bhfeidhm ag an Údarás Fuinnimh agus toradh réasúnta á chinneadh acu. Níor athraigh na leasuithe reachtacha sin go díreach ach an oiread na praghsanna aonaid atá le cur i bhfeidhm chun bunús an toraidh sin a ríomh ná an ráta úis saor ó riosca atá le cur i bhfeidhm chun an ráta toraidh réasúnta a chinneadh. Mar a luadh sna travaux préparatoires a bhaineann leis an dlí sin, ba é cuspóir na leasuithe sin laghdú a dhéanamh ar phraghsanna dáileacháin leictreachais. Chuige sin, tugadh na modhanna agus na réasúnuithe don údarás rialála chun na modhanna ríofa a athrú i lár na tréimhse faireacháin, agus rinneadh measúnú roimh ré ar na hathruithe sin agus ar na héifeachtaí a bhaineann leo. Ba chosúil go raibh ról soiléir ag na ráitis sin i nglacadh na gcinntí atá faoi chonspóid ag an Údarás Fuinnimh. |
|
27 |
Measann an chúirt sin, chun an díospóid atá os a comhair a réiteach, go bhfuil gá le léiriú ar dhlí an Aontais maidir leis an gceist an féidir a mheas nach mbaineann an cuspóir atá á shaothrú ag rialacha náisiúnta, arb é atá ann srian a chur leis an méadú ar phraghsanna dáileacháin leictreachais agus na praghsanna sin a laghdú, chun cost‑éifeachtúlacht ghnóthais an chórais a fheabhsú, le dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta, nó an féidir na dualgais sin a bheith ina dtreoirlínte ginearálta beartais amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí. Féachann an chúirt sin freisin lena fháil amach cé na critéir atá le cur san áireamh chun críocha measúnaithe den sórt sin. Sa chomhthéacs sin, féachann an Chúirt Mhargaidh freisin lena fháil amach cén tábhacht atá le ceangal i ndáil leis sin ós rud é gur leagadh amach na ráitis thuasluaite sna travaux préparatoires a bhaineann le dlí, ag cur san áireamh, go háirithe, breithiúnas an 29 Aibreán 2004, Björnekulla Fruktindustrier (C‑371/02, EU:C:2004:275), agus an cheist an féidir na ráitis sin a mheas mar ‘threoirlínte ginearálta beartais’ de réir bhrí Airteagal 57 de Threoir 2019/944. |
|
28 |
Sna himthosca sin, chinn an Markkinaoikeus (an Chúirt Mhargaidh) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
29 |
Lena dhá cheist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 57(4) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 57(5)(a) de Threoir 2019/944, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 59 di, a léiriú mar chosc ar reachtaíocht Ballstáit arb é a chuspóir, mar a léirítear sna travaux préparatoires a bhaineann leis, tionchar a imirt, go háirithe, ar phraghsanna dáilte leictreachais gan, dá réir sin, forálacha a bheith ann go sonrach lena rialaítear taraifí tarchurtha nó dáileacháin leictreachais nó modhanna ríofa na dtaraifí sin, ach arb é éifeacht a theacht i bhfeidhm gur athraigh an t‑údarás rialála náisiúnta a mhodhanna chun faireachán a dhéanamh ar oibriú an chórais leictreachais roimh dhul in éag na tréimhse faireacháin atá ar siúl ar dháta an teacht i bhfeidhm sin. |
|
30 |
I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 57(4) den Treoir sin, go bunúsach, go ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas na n‑údarás rialála náisiúnta agus, chuige sin, go n‑áiritheoidh siad, agus na cúraimí rialála a thugtar dóibh leis an Treoir sin agus leis an reachtaíocht ghaolmhar á gcomhlíonadh acu, go bhfuil na húdaráis rialála náisiúnta leithleach go dlíthiúil agus neamhspleách ó thaobh feidhme de ar eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile agus go ngníomhóidh a bhfoireann agus na daoine atá freagrach as a mbainistiú go neamhspleách ar aon leas margaidh agus nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha díreacha ó aon rialtas ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus na cúraimí sin á ndéanamh acu. Mar sin féin, faoi Airteagal 57(4)(b)(ii), tá an ceanglas deireanach sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha eile ná do threoirlínte beartais ginearálta arna n‑eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59 de Threoir 2019/944, lena n‑áirítear an dualgas, a leagtar amach in Airteagal 59(1)(a), taraifí tarchurtha nó dáileacháin nó a modheolaíochtaí a shocrú nó a fhormheas. |
|
31 |
Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 57(5)(a) den Treoir sin, chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, go n‑áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an údarás sin cinntí uathrialacha a dhéanamh, go neamhspleách ar aon chomhlacht polaitiúil. |
|
32 |
Léirítear i bhforálacha Airteagal 57 de Threoir 2019/944, go bunúsach, ábhar aithrisí 80 agus 87 den Treoir sin, ina luaitear, ar an gcéad dul síos, nach mór d’údaráis rialála a bheith in ann cinntí a dhéanamh maidir le gach saincheist rialála ábhartha má tá an margadh inmheánach don leictreachas le feidhmiú i gceart, agus más gá dó a bheith go hiomlán neamhspleách ar aon leasanna poiblí nó príobháideacha eile agus, ar an dara dul síos, nach gceileann an Treoir sin ar na Ballstáit an fhéidearthacht a mbeartas náisiúnta fuinnimh a bhunú agus a eisiúint. |
|
33 |
Go háirithe, i ndáil leis sin, luaitear in aithris 87, ag brath ar shocruithe bunreachtúla Ballstáit, go bhféadfadh sé a bheith faoi inniúlacht Ballstáit an creat beartais ina n‑oibreoidh na húdaráis rialála a chinneadh, mar shampla maidir le slándáil an tsoláthair. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh na treoirlínte ginearálta beartais fuinnimh arna n‑eisiúint ag an mBallstát isteach ar neamhspleáchas ná ar uathriail na n‑údarás rialála sin. |
|
34 |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach sainmhínítear coincheap an ‘neamhspleáchais’ i dTreoir 2019/944. Mar sin féin, is léir ó chásdlí na Cúirte maidir le léiriú Threoir 2009/72, arb ionann Airteagal 35(4) agus (5) di, go bunúsach, agus Airteagal 57(4) agus (5) de Threoir 2019/944, a mhéid a bhaineann le comhlachtaí poiblí, go dtagraíonn an téarma, ina ghnáthbhrí, do stádas lena n‑áirithítear go bhfuil an comhlacht i gceist in ann gníomhú go hiomlán faoi shaoirse i ndáil leis na comhlachtaí sin a bhfuil a neamhspleáchas le háirithiú ina leith, faoi chosaint ar aon treoracha nó ar aon tionchar seachtrach. Tugtar le tuiscint leis an neamhspleáchas sin sa chinnteoireacht, laistigh de réimse na ndualgas agus na gcumhachtaí rialála, go ndéanann comhlachtaí rialála náisiúnta a gcinntí féin go neamhspleách agus chun leas an phobail amháin, chun comhlíonadh na gcuspóirí a shaothraítear le Treoir 2009/72 a áirithiú, gan a bheith faoi réir treoracha seachtracha ó eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Meitheamh 2020, Prezident Slovenskej republiky, C‑378/19, EU:C:2020:462, míreanna 32, 33 agus 54, agus an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Ghearmáin (Trasuí Threoracha 2009/72 agus 2009/73), C‑718/18, EU:C:2021:662, míreanna 108 agus 109]. |
|
35 |
I ndáil leis sin, tá sé ráite ag an gCúirt go bhfuil neamhspleáchas iomlán na n‑údarás rialála ar ghníomhaithe eacnamaíocha agus ar eintitis phoiblí, bídís ina gcomhlachtaí riaracháin nó ina gcomhlachtaí polaitiúla, agus, sa chás deireanach sin, bídís ina sealbhóirí cumhachta feidhmiúcháin nó ina sealbhóirí cumhachta reachtaí, ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfuil na cinntí a dhéanann na húdaráis sin neamhchlaonta agus neamh-idirdhealaitheach i ndáiríre, agus go n‑eisiatar an fhéidearthacht go gcaithfí le gnóthais agus leasanna eacnamaíocha a bhfuil baint acu leis an rialtas, leis an tromlach nó leis an gcumhacht pholaitiúil ar bhealach níos fabhraí agus go bhfuil siad in ann a ngníomhaíochtaí a chomhordú ar bhonn fadtéarmach, rud atá riachtanach chun cuspóirí Threoir 2009/72 a chomhlíonadh. Chinn an Chúirt freisin nach mór neamhspleáchas na n‑údarás rialála náisiúnta a áirithiú ní hamháin i ndáil leis an rialtas, ach freisin i ndáil leis an reachtas náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Ghearmáin (Trasuí Threoracha 2009/72 agus 2009/73), C‑718/18, EU:C:2021:662, míreanna 112 agus 130]. |
|
36 |
Chinn an Chúirt freisin nár cheart d’ionadaithe na n‑aireachtaí náisiúnta a bheith in ann a rannpháirtíocht sna nósanna imeachta sin maidir le rialáil taraifí a úsáid chun aon bhrú a chur ar an údarás rialála ná treoracha a thabhairt dó a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a chinntí faoi chuimsiú a dhualgas agus a chumhachtaí (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Prezident Slovenskej republiky, C‑378/19, EU:C:2020:462, mír 62). |
|
37 |
Ar an dara dul síos, mar a chinn an Chúirt, is cumhachtaí feidhmiúcháin iad na cumhachtaí a fhorchoimeádtar don údarás rialála atá bunaithe ar mheasúnú teicniúil agus speisialaithe ar réaltachtaí fíorasacha agus, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin, tá an t‑údarás sin faoi réir prionsabail agus rialacha arna mbunú le creat reachtach atá chomh mionsonraithe céanna ar leibhéal an Aontais, lena gcuirtear teorainn lena lánrogha agus lena gcuirtear cosc air roghanna polaitiúla a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Ghearmáin (Trasuí Threoracha 2009/72 agus 2009/73), C‑718/18, EU:C:2021:662, mír 132]. |
|
38 |
Cé, de réir fhoclaíocht Airteagal 59(1)(m) de Threoir 2019/944, gur faoi na húdaráis rialála atá sé, ar ndóigh, comhlíonadh na rialacha lena rialaítear slándáil agus iontaofacht na gcóras a áirithiú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht roimhe seo, níl aon rud san fhoclaíocht sin a thugann le fios go bhfuil sé de chumhacht acu na rialacha sin a bhunú. |
|
39 |
I ndáil leis sin, mar is léir ó aithris 87 den Treoir sin agus mar a fhoráiltear sa dara mír d’Airteagal 194(2) CFAE, tá sé de cheart ag na Ballstáit na coinníollacha a chinneadh maidir lena n‑acmhainní fuinnimh a shaothrú. Dá bhrí sin, ní cheileann an Treoir sin ar na Ballstáit an fhéidearthacht a mbeartas náisiúnta fuinnimh a bhunú agus a eisiúint ná an creat beartais ina n‑oibreoidh na húdaráis rialála a chinneadh, go háirithe, maidir le slándáil an tsoláthair. Dá bhrí sin, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a rialacha féin a ghlacadh maidir leis an margadh náisiúnta leictreachais, ach amháin maidir le dualgais agus cumhachtaí na n‑údarás rialála náisiúnta dá bhforáiltear leis an treoir chéanna sin. |
|
40 |
Sa chomhthéacs sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 52 agus 53 dá Thuairim, d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ag feidhmiú a chumhachtaí ag Ballstát chun a bheartas náisiúnta fuinnimh a bhunú ar na costais a bhaineann leis an gcóras leictreachais a oibriú. Thairis sin, díreach mar a fhéachann Ballstát, trí rialacha a ghlacadh, le praghsanna dáileacháin leictreachais a ísliú, níl sé sin ar neamhréir le hAirteagal 57(4) agus (5) de Threoir 2019/944. |
|
41 |
É sin ráite, i bhfianaise Airteagal 57(4) agus (5) de Threoir 2019/944, ní féidir bearta rialála náisiúnta a cheadú lena n‑áirítear forálacha mionsonraithe lena mbunaítear go sonrach na tosca atá faoi rogha an údaráis rialála náisiúnta, amhail leibhéil taraife an chórais leictreachais nó na modhanna iarbhír chun iad a ríomh. |
|
42 |
I ndáil leis sin, chun a chinneadh an bhfuil beart rialála náisiúnta, amhail an beart atá i gceist sna príomhimeachtaí, comhoiriúnach le prionsabal neamhspleáchas na n‑údarás rialála, ní mór don chúirt náisiúnta a mheas an bhfuil an t‑athrú ar na modhanna chun taraifí a shocrú don chóras leictreachais ag an údarás rialála náisiúnta mar thoradh ar dhlí nach mbaineann ach le gné nach mbaineann le dualgais an údaráis sin de réir bhrí Airteagal 59 de Threoir 2019/944, amhail slándáil an tsoláthair. |
|
43 |
Ina theannta sin, ní mór a áirithiú nach bhfuil na tuairimí a chuireann rialtas Ballstáit in iúl le linn an phróisis reachtaigh, go háirithe na tuairimí sin maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an reachtaíocht sin ar shocrú taraifí don chóras leictreachais lena mbaineann, atá sna travaux préparatoires a bhaineann leis an dlí sin, ceangailteach ar bhealach ar bith agus nach féidir leis an údarás rialála iad a mheas in aon chás mar threoracha a cheanglófaí air a chomhlíonadh agus a dhualgais agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Prezident Slovenskej republiky, C‑378/19, EU:C:2020:462, mír 63). |
|
44 |
Thairis sin, ós rud é, roimh dhul in éag na tréimhse faireacháin a bhí ar siúl ar dháta theacht i bhfeidhm na reachtaíochta céanna sin, gur leasaigh an reachtas náisiúnta na ceanglais a bhaineann le slándáil an tsoláthair arna mbunú ag an rialtas sin agus, mar thoradh air sin, gur mhodhnaigh an t‑údarás rialála na taraifí sin, ní chaitheann sé amhras ar neamhspleáchas fheidhmiú a chumhachtaí ag an údarás sin. |
|
45 |
Sa chás seo, mar is léir ó cháschomhad na Cúirte agus faoi réir fíoruithe ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé iad a dhéanamh, chun slándáil na gcóras dáileacháin leictreachais a fheabhsú, go háirithe maidir le dálaí adhaimsire ba chúis le suaitheadh suntasach ar an soláthar leictreachais san Fhionlainn, ghlac an reachtas náisiúnta an Dlí maidir leis an margadh leictreachais, lenar díríodh ar oibreoirí córais chun slándáil na gcóras dáileacháin a fheabhsú. De réir Rialtas na Fionlainne, foráladh leis an dlí sin, chuige sin, go háirithe, d’oibleagáid a chur ar na hoibreoirí sin na ceanglais a bhaineann le tógáil agus cothabháil na gcóras sin a chomhlíonadh, ar ceanglais iad a bhí le comhlíonadh i gcéimeanna faoi dheireadh 2028 ina réimsí freagrachta faoi seach. Mar sin féin, mar a luaigh Rialtas na Fionlainne agus mar a léirítear sna travaux préparatoires le haghaidh Dhlí 730/2021, glacadh na leasuithe reachtacha ar an dlí sin a tugadh isteach le Dlí 730/2021 chun síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme na gceanglas sin chun teorainn a chur, de réir na travaux préparatoires le haghaidh Dhlí 730/2021, le méaduithe ar phraghsanna dáileacháin leictreachais. Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i ndáil leis sin, nár bhain na leasuithe sin leis na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar rátaí fillte d’oibreoirí córais dáileacháin arna gcur i bhfeidhm ag an Údarás Fuinnimh. |
|
46 |
Chun intuarthacht a áirithiú sa phróiseas reachtach atá i gceist sna príomhimeachtaí, chuir an tÚdarás Fuinnimh tuarascáil réime síos a bhain leis an modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar shocrú taraifí d’oibriú an ghréasáin leictreachais, arb ionann í agus tuairim shaineolach neamhspleách maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na hathruithe sin ar na taraifí sin ó thaobh shlándáil an tsoláthair de. Thairis sin, i bhfianaise cháschomhad na Cúirte agus mar atá á choimeád ag an Údarás Fuinnimh, dealraíonn sé, faoi réir mheasúnú na cúirte a rinne an tarchur, gur ghlac an t‑údarás sin air féin, sna cinntí atá faoi chonspóid, scrúdú a dhéanamh ar shaincheist na modhanna faireacháin sin tar éis dháta theacht i bhfeidhm Dhlí 730/2021, i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe 2, den Dlí maidir le Maoirseacht, lena dtugtar an chumhacht go sainráite don Údarás Fuinnimh measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis na modhanna faireacháin agus ar na hathruithe orthu agus ar bhunúis na modhanna sin. |
|
47 |
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna dá dtagraítear ná nach mór Airteagal 57(4) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 57(5)(a) de Threoir 2019/944, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 59 di, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta arb é is cuspóir di, mar a léirítear sna travaux préparatoires a bhaineann léi, tionchar a imirt, go háirithe, ar phraghsanna dáileacháin leictreachais gan, dá réir sin, forálacha a bheith ann lena rialaítear go sonrach taraifí tarchurtha nó dáileacháin leictreachais nó modhanna ríofa na dtaraifí sin, ach arb é éifeacht a theacht i bhfeidhm gur athraigh an t‑údarás rialála náisiúnta a mhodhanna chun faireachán a dhéanamh ar tharaifí oibríochta córas leictreachais roimh dhul in éag don tréimhse faireacháin atá ar siúl ar dháta an teacht i bhfeidhm sin. |
Costais
|
48 |
Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 57(4) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 57(5)(a) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 59 de, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
ní chuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta arb é is cuspóir di, mar a léirítear sna travaux préparatoires lena mbaineann, go háirithe, tionchar a imirt ar phraghsanna dáileacháin leictreachais gan, sa cháil sin, forálacha a bheith inti go sonrach lena rialaítear taraifí tarchurtha nó dáileacháin leictreachais nó modhanna ríofa na dtaraifí sin, ach arb é an éifeacht a bhí lena theacht i bhfeidhm ná gur athraigh an t‑údarás rialála náisiúnta a mhodhanna chun faireachán a dhéanamh ar tharaifí oibriúcháin na gcóras leictreachais roimh dhul in éag na tréimhse faireacháin atá fós ar siúl ar dháta an teacht i bhfeidhm sin. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Fhionlainnis.