Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CC0656

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Norkus arna thabhairt ar an 2025 Márta 6.


ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:158

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

NORKUS

arna tabhairt an 6 Márta 2025 (1)

Cás C656/23 [Karaman] (i)

B

v

Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(iarraidh ar réamhrialú ó rechtbank Noord-Holland (an Chúirt Dúiche, an Ollainn Thuaidh, an Ísiltír))

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas tearmainn – Treoir 2011/95/AE – Caighdeáin i dtaca le cáilitheacht mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta agus inneachar na cosanta a dheonaítear – Cineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí – Airteagal 13 – Aithris 21 – Cead cónaithe – Airteagal 24(1) – Cinneadh maidir leis an dáta a thiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint do dhídeanaithe i bhfeidhm – Treoir 2013/32/AE – Nósanna imeachta coiteanna maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Airteagal 6 – Dáta a ‘dhéantar’, a ‘chláraítear’ nó a ‘thaisctear’ iarratas – Caighdeáin náisiúnta níos fabhraí)






I.      Réamhrá

1.        Leis an iarraidh seo ar réamhrialú (2) tugtar deis don Chúirt Bhreithiúnais coincheap an stádais dídeanaí agus na cearta a ghabhann leis a shoiléiriú tuilleadh. Ní mór don Chúirt a chinneadh an bhfuil iarmhairtí dlíthiúla ag cineál dearbhaitheach an aitheantais do stádas dídeanaí ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta a dtiocfaidh cead cónaithe do dhídeanaí arna eisiúint ag Ballstát i bhfeidhm. Ós rud é nach mór do na Ballstáit cead cónaithe a eisiúint do thairbhithe de stádas dídeanaí a luaithe is féidir tar éis deonú cosanta idirnáisiúnta, (3) eascraíonn an cheist an dtagann an cead sin i bhfeidhm go cúlghabhálach ón tráth a bhfuil ceart suibiachtúil ag an duine i dtrácht chun aitheantais dá stádas dídeanaí nó ag tráth éigin eile.

2.        Féachann rechtbank Noord-Holland (an Chúirt Dúiche, an Ollainn Thuaidh, an Ísiltír) lena aimsiú, go háirithe, an bhfuil an t‑am a thiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint do dhídeanaí i bhfeidhm á chinneadh ag Airteagal 6 de Threoir 2013/32/AE (4) agus, má tá, cibé acu an dáta iomchuí é an dáta a ndéantar, a gcláraítear, nó a thaisctear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an bhforáil sin. I gcás nach dtagann cead cónaithe arna eisiúint do dhídeanaí i bhfeidhm ‘nuair a dhéanann duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur conas is féidir é seo a réiteach le hAirteagal 13 agus le haithris 21 den Treoir maidir le Cáiliú, lena ndéantar tagairt don oibleagáid atá ar na Ballstáit stádas dídeanaí a dheonú do dhaoine a chomhlíonann na critéir cháilitheacha ábhartha agus cineál dearbhaitheach an ghnímh sin.

3.        Eascraíonn an iarraidh reatha ar réamhrialú i gcomhthéacs moilleanna (a mhaireann tamall fada) líomhnaithe ar phróiseáil na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus an cuireadh siar a tharlaíonn mar thoradh air sin, i gcásanna áirithe, de dhílsiú nó de theachtadh ceart – amhail an ceart chun cead cónaithe – arna dheonú le dlí an Aontais do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

 An Treoir maidir le Cáiliú

4.        Sonraítear an méid seo a leanas in aithris 21 den Treoir sin:

‘Is gníomh dearbhaitheach é stádas dídeanaí a aithint.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.        Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 2 den treoir sin:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[…]

(d) ciallaíonn “dídeanaí” náisiúnach ó thríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi roimh ghéarleanúint mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, mar gheall ar a thuairim pholaitiúil nó mar gheall ar a chomhaltas de ghrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin, nó duine gan stát atá lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí air roimhe seo ar na cúiseanna sin a luaitear thuas agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach, filleadh ar an tír sin, …

(e)      ciallaíonn “stádas dídeanaí” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheith aitheanta ag Ballstát mar dhídeanaí;

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.        De réir Airteagal 13 den treoir sin, dar teideal ‘Stádas dídeanaí a dheonú’:

‘Deonóidh na Ballstáit stádas dídeanaí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát a cháilíonn mar dhídeanaí i gcomhréir le Caibidlí II agus III.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.        Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 24(1) den treoir sin, dar teideal ‘Ceadanna cónaithe’:

‘A luaithe is féidir tar éis cosaint idirnáisiúnta a dheonú, eiseoidh na Ballstáit cead cónaithe do thairbhithe de stádas dídeanaí nach mór a bheith bailí ar feadh 3 bliana ar a laghad agus a bheith in‑athnuaite, mura n‑éilítear a mhalairt ar chúiseanna doshéanta slándála náisiúnta nó ord poiblí …’

 An Treoir maidir le Nósanna Imeachta

8.        Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 6 den treoir sin, dar teideal ‘Rochtain ar an nós imeachta’:

‘1.       Nuair a dhéanann duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chuig údarás atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun iarratais den sórt sin a chlárú, déanfar an clárú tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis don iarratas a bheith déanta.

[…]

2.      Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deis éifeachtach ag duine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, é a thaisceadh a luaithe is féidir. …

3.      Gan dochar do mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh go pearsanta agus/nó in áit ainmnithe.

4.      D’ainneoin mhír 3, measfar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith taiscthe a luaithe a bheidh foirm arna cur isteach ag an iarratasóir nó, i gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta, tuarascáil oifigiúil, sroichte ag údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9.        Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 9(1) den treoir sin, dar teideal ‘An ceart chun fanacht sa Bhallstát go dtí go scrúdófar an t‑iarratas’:

‘Beidh cead ag iarratasóirí fanacht sa Bhallstát, chun críocha an nós imeachta agus chun na gcríoch sin amháin, go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás cinntitheach i gcomhréir leis na nósanna imeachta ag an gcéad chéim a leagtar amach i gCaibidil III. Ní hionann an ceart fanachta sin agus a bheith i dteideal cead cónaithe.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

10.      Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 31, dar teideal ‘Nós imeachta scrúdúcháin’:

‘[…]

2.      Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích a luaithe is féidir, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus iomlán.

3.      Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích laistigh de 6 mhí ó thaisceadh an iarratais.

[…]

Féadfaidh na Ballstáit síneadh nach faide ná 9 mí eile a chur leis an teorainn ama 6 mhí a leagtar amach sa mhír seo …,

[…]

Mar eisceacht, féadfaidh na Ballstáit, i gcúinsí lena bhfuil údar cuí, na teorainneacha ama a leagtar síos sa mhír seo a shárú 3 mhí ar a mhéad i gcás inar gá sin chun scrúdú leordhóthanach agus iomlán ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú.

…’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2013/33/AE (5)

11.      Leagtar amach in Airteagal 6 den treoir sin, dar teideal ‘Doiciméideacht’:

‘1.      Áiritheoidh na Ballstáit, laistigh de 3 lá tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh, go dtabharfar doiciméad don iarratasóir arna eisiúint ina ainm nó ina hainm féin lena ndeimhnítear a stádas mar iarratasóir nó lena ndeimhnítear go bhfuil cead aige nó aici fanacht ar chríoch an Bhallstáit fad a bheidh a iarratas nó a hiarratas ar feitheamh nó á scrúdú.

Mura bhfuil an sealbhóir saor chun gluaiseacht laistigh de chríoch iomlán an Bhallstáit nó laistigh de chuid di, deimhneofar sa doiciméad an méid sin freisin.

[…]

4.      Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar d’iarratasóirí, doiciméad nach mór dó bheith bailí fad a bheidh siad údaraithe fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12.      Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 7 den treoir sin, dar teideal ‘Cónaí agus saoirse gluaiseachta’:

‘1.      Féadfaidh iarratasóirí gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh nó laistigh de limistéar atá sannta dóibh ag an mBallstát sin. Ní dhéanfaidh an limistéar sannta difear do réimse doshannta an tsaoil phríobháidigh agus tabharfaidh sé raon feidhme leordhóthanach chun rochtain ar na sochair go léir faoin Treoir seo a ráthú.

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Dlí na hÍsiltíre

 An Dlí maidir le Náisiúnaigh Eachtracha

13.      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 28 den Vreemdelingenwet (an Dlí maidir le Náisiúnaigh Eachtracha) an 23 Samhain 2000 (6):

‘1.      Beidh an chumhacht ag [an gcosantóir]:

(a)      an t‑iarratas ar chead cónaithe ar théarma seasta a dheonú, diúltú dó, gan é a scrúdú, é a dhearbhú doghlactha nó diúltú do bhreithniú a dhéanamh air; …’

14.      Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 29 den dlí sin:

‘1.      Féadfar cead cónaithe ar théarma seasta, dá dtagraítear in [Airteagal 28], a eisiúint do náisiúnach eachtrach:

(a)      a bhfuil stádas dídeanaí aige; nó

…’

15.      Foráiltear le hAirteagal 44 den Dlí sin don mhéid seo a leanas:

‘…

2.      Má ghlactar leis an iarratas ar chead cónaithe ar théarma seasta dá dtagraítear in Airteagal 28(1)(a), deonófar an cead cónaithe sin ón dáta a bhfaighfear an t‑iarratas.’

III. Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

16.      An 10 Deireadh Fómhair 2021, chuaigh B (‘an t‑iarratasóir’), ar náisiúnach tríú tír é, chuig an Ter Apel Application Centre of the Immigratie- en Naturalisatiedienst (Seirbhís Inimirce agus Eadóirseachta, an Ísiltír; ‘IND’) chun iarratas a dhéanamh ar thearmann. Cláraíodh a iarratas ar an dáta sin. Ón dáta sin, bhí an t‑iarratasóir ina chónaí go dleathach san Ísiltír, bhain sé leas as coinníollacha glactha tearmainn, agus ní raibh sé i mbaol díbeartha (baol refoulement).

17.      An 20 Deireadh Fómhair 2021, sholáthair IND, ag feidhmiú faoi údarás an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Stát‑Rúnaí Dlí agus Cirt agus Slándála na hÍsiltíre; ‘an cosantóir’), foirm chaighdeánach iarratais náisiúnta um chosaint idirnáisiúnta, foirm M35-H, don iarratasóir a shínigh é agus a taisceadh ar an dáta céanna.

18.      Le cinneadh dar dáta an 26 Lúnasa 2022, dheonaigh an cosantóir cosaint idirnáisiúnta don iarratasóir de bhun Airteagal 29(1)(a) den Dlí maidir le Náisiúnaigh Eachtracha. (7) I gcomhréir le hAirteagal 44(2) den dlí sin, tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 20 Deireadh Fómhair 2021, eadhon, an dáta ar thaisc an t‑iarratasóir an fhoirm iarratais M35-H. Deonaíodh cead cónaithe don iarratasóir ón 20 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2026.

19.      Thionscain an t‑iarratasóir caingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur chun cur i gcoinne an dáta a tháinig a chead cónaithe i bhfeidhm. Measann sé go dtiocfaidh cead cónaithe i bhfeidhm ar an dáta a gcuirfidh iarrthóir tearmainn in iúl gur mian leis tearmann a fháil. Tarlaíonn sé sin nuair a dhéanann iarrthóir tearmainn iarratas de bhun Airteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta – an 10 Deireadh Fómhair 2021 sa chás seo.

20.      De réir an iarratasóra, leis an bhfíoras nach bhfuil feidhm ag cead cónaithe go dtí go gcomhlíontar ceanglais nós imeachta an chosantóra maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh, baintear an bonn de chineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí mar atá daingnithe ag an gCúirt (8) agus tá sé contrártha le hAirteagal 13 den Treoir maidir le Cáiliú. Tá sé contrártha freisin le héifeachtacht agus le cuspóir na Treorach maidir le Nósanna Imeachta toisc go mbeadh an t‑iarratasóir ag brath go míchuí ar na húdaráis inniúla maidir leis an gceart chun tearmainn, maidir leis an bhféidearthacht leas a bhaint as cearta a ráthaítear faoi Airteagal 18 (Ceart chun tearmainn) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus maidir le stádas cónaithe fadtéarmach a fháil de bhun Threoir 2003/12/CE. (9) Ní féidir feidhmiú an chirt chun tearmainn a bheith ag brath ar ualach oibre na n‑údarás inniúil ná ar na roghanna polaitiúla a dhéanfaidh na Ballstáit maidir le soláthar foirne na n‑údarás sin agus ní féidir caitheamh go héagsúil le hiarrthóirí tearmainn ar an mbonn maidir leis an uair atá siad in ann iarratas foirmiúil a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta agus ar an mbonn sin amháin.

21.      Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 31(2) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích a luaithe is féidir. Sonraítear in Airteagal 31(3) den treoir sin go dtosaíonn an tréimhse nach mór an cinneadh a ghlacadh laistigh di ón uair a dtaiscfear an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Déantar eisceacht go sainráite mar sin don bhonn tuisceana go bhféadfaí brath ar na cearta a luaitear sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta ón tráth ‘a ndéantar’ an t‑iarratas. Is féidir tátal a bhaint as seo go bhfuil feidhm ag gach ceart ón tráth ‘a dhéantar’ an t‑iarratas, mura bhforáiltear do dháta eile sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta.

22.      Measann an cosantóir go gcomhlíontar dlí an Aontais le hAirteagal 44 den Dlí maidir le Náisiúnaigh Eachtracha. Ní mheastar go bhfuarthas iarratas ar thearmann faoina bhun ach amháin tar éis é a thaisceadh ar an modh forordaithe. Thug an t‑iarratasóir le fios gur mhian leis iarratas a dhéanamh ar thearmann an 10 Deireadh Fómhair 2021. Cláraíodh an mian sin ar an lá céanna. An 20 Deireadh Fómhair 2021, cuireadh na ceanglais fhoirmiúla i gcrích nuair a síníodh an fhoirm iarratais agus cuireadh tús leis an nós imeachta tearmainn. Eisíodh cead cónaithe don iarratasóir le héifeacht ó dháta an iarratais, is é sin an 20 Deireadh Fómhair 2021. Measann an cosantóir go gcomhlíontar leis sin le hAirteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú agus an ceanglas faoina bhun go n‑eisítear cead cónaithe in‑athnuaite ‘a luaithe is féidir tar éis cosaint idirnáisiúnta a dheonú’. Is léir ón bhforáil sin go bhfuil difríocht idir stádas dídeanaí, rud atá de chineál dearbhaitheach, agus cead cónaithe, nach bhfuil. Ní fhéadtar Treoir 2003/86/CE (10) agus na breithiúnais in A agus S agus XC inar tugadh léiriú ar an treoir sin, a chur i bhfeidhm de réir analaí toisc go rialaítear go sainráite le hAirteagal 24 den Treoir maidir le Cáiliú an dáta nach mór cead cónaithe a eisiúint.

23.      Trí chur in iúl gur mhian leis tearmann a fháil, rinne an t‑iarratasóir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta agus iarratas ar thearmann de bhun Airteagal 28 den dlí maidir le Náisiúnaigh Eachtracha. Ní chiallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh feidhm ag an gcead cónaithe a eisíodh don iarratasóir ón dáta sin. Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta go bhféadfaidh na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir iarratas ar thearmann a dhéanamh (a dhéanamh) agus an t‑iarratas sin a thaisceadh (a thaisceadh). Is léir ó Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta go bhfuil inniúlacht ag na Ballstáit rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hiarratas a thaisceadh.

24.      Ina theannta sin, i bhfianaise an bhrú ar IND tráth iarratas an iarratasóra, ní tréimhse ró-fhada í an tréimhse de 10 lá idir an tráth a chuir sé in iúl gur mian leis cosaint idirnáisiúnta a fháil agus an tráth a raibh sé ábalta iarratas ar thearmann a thaisceadh. Bhí an t‑iarratasóir ábalta iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh ‘a luaithe is féidir’ agus ghníomhaigh an cosantóir amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta.

25.      Agus fad an chónaí dhleathaigh á ríomh, caitear ar bhealach níos fabhraí le náisiúnaigh tríú tíortha san Ísiltír ná mar a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais. (11) Sa chás go n‑éiríonn le hiarratas ar thearmann, beidh feidhm le cead cónaithe arna dheonú ón dáta a gcuirtear an t‑iarratas sin isteach. Ciallaíonn sé sin go meastar gur tréimhse cónaithe dhlíthiúil í ré iomlán an nós imeachta tearmainn agus iarratais ar stádas cónaithe fadtéarmach á measúnú.

26.      Níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte an bhfuil rialacha náisiúnta lena bhforáiltear nach féidir le feidhm a bheith ag cead cónaithe sula gcomhlíontar ceanglais náisiúnta nós imeachta (12) atá contrártha le cineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí agus/nó le hAirteagal 13 den Treoir maidir le Cáiliú. (13) Is léir ó Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta go bhfuil difríocht idir iarratas ar thearmann a dhéanamh agus é a thaisceadh. Baineann an díospóid sa chás seo go bunúsach le cibé an rialaítear le dlí an Aontais an dáta a dtiocfaidh cead cónaithe arna dheonú do dhídeanaithe i bhfeidhm agus, más amhlaidh, an bhfuil, faoi dhlí an Aontais, na héifeachtaí sin nasctha leis an dáta ‘a ndéantar’ nó ‘a dtaisctear’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó le dáta eile.

27.      Chinn rechtbank Noord-Holland (an Chúirt Dúiche, an Ollainn Thuaidh) mar sin bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

‘(1)      An mbaineann Airteagal 6 den [Treoir maidir le Nósanna Imeachta] leis an bhfreagra ar an gceist maidir le cén uair a mheasfar cead cónaithe a bheith deonaithe?

(2)      Má bhaineann: an bhfuil Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta le léiriú sa chaoi go gcinnfear dáta éifeachtach an cheada cónaithe leis an dáta:

 —      a dhéanfar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta); nó

—      a chlárófar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (an chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(5) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta); nó

—      a thaiscfear an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (go foirmiúil) (Airteagal 6(2), (3) agus (4) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta)?

(3)      Mura gcinntear dáta éifeachtach an cheada cónaithe leis an dáta a dhéantar an t‑iarratas, cad é an gaol le hAirteagal 13 den Treoir maidir le Cáiliú, arna léamh i gcomhar le haithris 21 do, ar dá réir atá deonú stádais dídeanaí dearbhaitheach?’

IV.    An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

28.      Chuir an t‑iarratasóir, Rialtas na hÍsiltíre agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Rinne na páirtithe céanna argóint ó bhéal a chur i láthair agus d’fhreagair siad ceisteanna na Cúirte ag an éisteacht an 5 Nollaig 2024.

V.      Measúnú

A.      Argóintí

29.      Measann an t‑iarratasóir gur cheart an tríú ceist ón gcúirt a rinne an tarchur a fhreagairt ar dtús amhail is nach mór tosaíocht a bheith ag cineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí ar fhreagra cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur. Measann sé go dtiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú i bhfeidhm ón dáta a ‘dhéanfar’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta. Le haon dáta níos déanaí bhainfí an bonn de chineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí mar atá daingnithe in Airteagal 13 agus in aithris 21 den Treoir maidir le Cáiliú agus bheadh iarratasóirí ag brath go míchuí ar na húdaráis inniúla chun a gceart chun tearmainn a ráthaítear le hAirteagal 18 den Chairt a chur chun feidhme. Mar mhalairt air sin, áitíonn an t‑iarratasóir gur cheart go mbeadh éifeacht ag cead cónaithe ar dháta cláraithe iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

30.      Measann Rialtas na hÍsiltíre agus an Coimisiún nach gcinntear le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta cathain a thiocfaidh cead cónaithe i bhfeidhm. Tugann an Coimisiún faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, le hAirteagal 6(1) de Threoir 2013/33 agus le hAirteagal 24 den Treoir maidir le Cáiliú, go bhféadfaidh na Ballstáit cead cónaithe a eisiúint a mbeidh éifeacht aige ón dáta a ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta. Measann an Coimisiún go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go dtiocfaidh cead cónaithe i bhfeidhm go cúlghabhálach ón dáta a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag ‘dul thar’ ceanglais na Treorach maidir le Cáiliú agus na Treorach maidir le Nósanna Imeachta. Tugann Rialtas na hÍsiltíre faoi deara nach gcinntear le hAirteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú cathain a thiocfaidh cead cónaithe a eisítear do dhídeanaí i bhfeidhm. Ní chuirtear bac le dlí an Aontais, áfach, ar rialacha náisiúnta ar dá bhun a dtiocfaidh cead cónaithe den sórt sin i bhfeidhm ón tráth a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Measann Rialtas na hÍsiltíre agus an Coimisiún araon nach mbaintear an bonn de chineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí leis an bhfíoras go dtiocfaidh cead cónaithe i bhfeidhm ón dáta a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

B.      Anailís

31.      De réir a ceisteanna, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena aimsiú, go bunúsach, an rialaítear le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta an dáta a dtiocfaidh cead cónaithe (14) arna eisiúint do dhídeanaí i bhfeidhm. I gcás nach rialaítear leis an bhforáil sin an t‑ábhar sin agus nach dtiocfaidh cead cónaithe i bhfeidhm ar an dáta a ndéanfaidh dídeanaí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur conas is féidir é sin a réiteach le cineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí.

32.      Sula ndéanfaidh mé anailís ar ábharthacht Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta i gcomhthéacs na hiarrata seo ar réamhrialú, scrúdóidh mé coincheap an stádais dídeanaí agus an t‑idirdhealú i ndlí an Aontais idir an stádas sin agus ‘a bheith ina dhídeanaí’. Ina theannta sin, scrúdaítear na cearta éagsúla a ghabhann leis na coincheapa dlí sin. Go háirithe, mínítear an nasc idir stádas dídeanaí a dheonú (15) agus an ceart chun cead cónaithe de bhun dhlí an Aontais, mar aon le hábharthacht Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta sa chomhthéacs sin. Ar deireadh, déantar iniúchadh ar an gceist cibé an gcuirtear bac leis an Treoir maidir le Cáiliú agus leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta ar reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena bhforáiltear go dtiocfaidh cead cónaithe i bhfeidhm go cúlghabhálach ón dáta a dtaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

 Stádas dídeanaí agus an ceart chun cead cónaithe de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú

33.      Is é cuspóir na Treorach maidir le Cáiliú critéir chomhchoiteanna a bhunú chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a shainaithint agus chun a áirithiú go mbeidh íosleibhéal sochar ar fáil do na daoine sin i ngach Ballstát. (16) Foráiltear le hAirteagal 13 den Treoir maidir le Cáiliú go ndeonóidh na Ballstáit stádas dídeanaí do gach náisiúnach tríú tír nó do gach duine gan stát a chomhlíonann na coinníollacha ábhartha maidir le cáiliú mar dhídeanaí i gcomhréir le Caibidilí II agus III den treoir sin. Níl aon rogha ag na Ballstáit ina leith sin. (17)

34.      Agus é á athdhearbhú go bhfuil aitheantas nó deonú stádas dídeanaí de chineál dearbhaitheach agus níorbh ionann é agus a bheith ina dhídeanaí, (18) tá sé tugtha chun suntais ag an gCúirt go bhfuil idirdhealú idir an fíoras de bheith ina ‘dhídeanaí’, mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(d) den Treoir maidir le Cáiliú, agus ‘stádas dídeanaí’ a dheonú nó a aithint go foirmiúil, mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(e) den treoir sin. (19) Is ar aitheantas foirmiúil mar dhídeanaí amháin a bheidh an duine lena mbaineann, faoi Airteagal 2(b) den Treoir maidir le Cáiliú, ina ‘tairbhí de chosaint idirnáisiúnta’ chun críocha na treorach sin agus beidh sé nó sí i dteideal na gceart agus na sochar go léir atá leagtha síos i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú. (20)

35.      Tá an t‑idirdhealú idir bheith ina dhídeanaí agus stádas dídeanaí agus na cearta éagsúla a ghabhann leis na coincheapa sin soiléir go háirithe ó Airteagal 14(4) go (6) den Treoir maidir le Cáiliú maidir le stádas dídeanaí a chúlghairm, deireadh a chur leis nó lena athnuachan a dhiúltú agus ón gcásdlí a bhaineann leis. Féadfaidh Ballstát stádas dídeanaí a chúlghairm nó gan é a dheonú faoi Airteagal 14(4) nó (5) den Treoir maidir le Cáiliú fiú má shásaíonn an duine lena mbaineann na coinníollacha ábhartha ar a mbraitheann sé nó sí de thoradh a bheith ina dhídeanaí nó ina dídeanaí. Leanann dídeanaithe de leas a bhaint as cearta áirithe a ráthaítear faoi Choinbhinsiún na Ginéive d’ainneoin stádas dídeanaithe a bheith caillte acu ach ní bheidh siad i dteideal na sochar go léir i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú a fháil a thuilleadh. I gcomhréir le hAirteagal 14(6) den treoir sin, ní mór an t‑íosleibhéal cosanta a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Ginéive a chomhlíonadh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 78(1) CFAE agus le hAirteagal 18 den Chairt. (21)

36.      Leanann sé as sin go ndeonaítear cearta áirithe i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú amhail cosaint ar refoulement (Airteagal 21), i bprionsabal, do gach dídeanaí; agus tá cearta eile, lena n‑áirítear an ceart chun faisnéise faoi na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann, inter alia, le stádas dídeanaí (Airteagal 22), an ceart chun cead cónaithe (Airteagal 24), an ceart chun doiciméad taistil (Airteagal 25) agus rochtain ar fhostaíocht a dheonú (Airteagal 26) ag brath ar dheonú na cosanta idirnáisiúnta. (22) Ina theannta sin, tá cearta i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú atá coibhéiseach leo siúd atá leagtha amach i gCoinbhinsiún na Ginéive chomh maith le cearta lena dtugtar cosaint níos fearr, nach bhfuil a chomhionann sa choinbhinsiún sin. Tagann an ceart chun cead cónaithe de bhun Airteagal 24 den Treoir maidir le Cáiliú faoin gcatagóir dheiridh sin.

37.      Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gceart chun cead cónaithe, toisc go bhféadfaidh sé rochtain de facto ar chearta eile faoi Chaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú a éascú. Chuige sin, sonraítear in aithris 40 den Treoir maidir le Cáiliú ‘laistigh de na teorainneacha atá leagtha amach ag oibleagáidí idirnáisiúnta, féadfaidh Ballstáit a leagan síos gur gá cead cónaithe a eisiúint roimh ré chun sochair a dheonú maidir le rochtain ar fhostaíocht, leas sóisialach, cúram sláinte agus rochtain ar shaoráidí lánpháirtithe.’ Cé gur shonraigh an Chúirt go dtagraíonn an coinníoll san aithris sin ‘do phróisis atá de chineál riaracháin amháin’ ós rud é gurb é cuspóir Chaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú íosleibhéal sochar a ráthú do dhídeanaithe i ngach Ballstát, (23) is léir ón achtachán reachtach a rinneadh le déanaí d’Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2024/1347 an tábhacht a bhaineann le cead cónaithe agus le rochtain éifeachtach ar chearta. (24) Sonraítear san fhoráil sin ‘[i] gcás nach n‑eisítear cead cónaithe do thairbhí de chosaint idirnáisiúnta laistigh de 15 lá tar éis cosaint idirnáisiúnta a dheonú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta sealadacha, amhail doiciméad a chlárú nó a eisiúint, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag an tairbhí sin ar na cearta a leagtar síos [i gCaibidil VII], … go dtí go n‑eiseofar cead cónaithe i gcomhréir le hAirteagal 24.’ (25)

38.      Sa bhreithiúnas i M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm),  dheimhnigh an Chúirt nach bhfuil náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, nach bhfuil a stádas dídeanaí aitheanta go foirmiúil, i dteideal cead cónaithe de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú. (26) Is amhlaidh é sin cé go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach ag an duine i gcomhréir le Caibidil II den Treoir maidir le Cáiliú, go gcomhlíonann sé na coinníollacha ábhartha atá leagtha síos i gCaibidil III den treoir sin agus go bhfuil ceart suibiachtúil aige go n‑aithneofar stádas dídeanaí mar dhuine a bhfuil stádas dídeanaí aige. (27)

39.      Is é a leanann as sin ná go bhfuil an ceart chun cead cónaithe de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú ‘gaolmhar le’ nó ‘ag gabháil le’ stádas dídeanaí (28) mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(e) den treoir sin. (29) Chuige sin, ceanglaítear le hAirteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú ar Bhallstáit cead cónaithe a eisiúint do dhídeanaithe chomh luath agus is féidir tar éis cosaint idirnáisiúnta a bheith deonaithe orthu.  Níl aon cheanglas sa Treoir maidir le Cáiliú cead cónaithe a eisiúint roimh an dáta sin. Thairis sin, cé nach gcinntear go sainráite leis an bhforáil sin an pointe ama a dtiocfaidh an cead cónaithe i bhfeidhm faoi dhlí an Aontais, níl aon rud i dtéacs na Treorach maidir le Cáiliú lena dtugtar le fios go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais ceadanna cónaithe arna n‑eisiúint do dhídeanaithe a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach agus mar sin roimh dheonú foirmiúil de chosaint idirnáisiúnta. Leanann sé ó théacs Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú nach mór do na Ballstáit eisiúint cead cónaithe a bhrostú tar éis cosaint idirnáisiúnta a bheith deonaithe ar dhídeanaí. (30) Ionas nach mbainfear an bonn de nó nach gcuirfear bac ar chuspóir na forála sin agus chun a áirithiú go mbainfidh duine ag a bhfuil stádas dídeanaí tairbhe éifeachtach as na cearta go léir atá i gCaibidil VII den treoir sin, measaim nach mór go mbeadh feidhm ag an gcead cónaithe ó dháta a eisiúna.

40.      Ní fhéadtar amhras a chaitheamh ar an léiriú seo ar Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109. (31) Ceanglaítear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2003/109 ar Bhallstát stádas cónaithe fadtéarmach a dheonú do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach agus go leanúnach laistigh dá chríoch ar feadh 5 bliana díreach roimh chur isteach an iarratais ábhartha. Leagtar síos in Airteagal 4(2) agus (3) de Threoir 2003/109 rialacha beachta chun an tréimhse chónaithe ‘5 bliana’ a shonraítear in Airteagal 4(1) den treoir sin a ríomh. Chuige sin, foráiltear leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109, a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, ‘go gcuirfear san áireamh leath ar a laghad dáta a rinneadh an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh ar a bhonn a deonaíodh an chosaint idirnáisiúnta sin agus an dáta a deonaíodh an cead cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 24 den [Treoir maidir le Cáiliú], nó iomlán na tréimhse má sháraíonn sé 18 mí i ríomh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1.’ Ní mór a thabhairt faoi deara nach rialaítear leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109 cathain a thiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú i bhfeidhm ach go bhforáiltear ann go ndéanfar tréimhsí cónaithe de dhaoine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh a ríomh, i gcúinsí áirithe, ó thaisceadh a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ach amháin chun críocha an cheanglais ‘i gceist’ a ríomh. Ní féidir an tríú fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109 a chur i bhfeidhm lasmuigh den chomhthéacs sin agus níl sé ina thacaíocht do dhearbhú an iarratasóra go dtiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú i bhfeidhm ón dáta a ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

 Airteagal 6 agus Airteagal 9(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta

41.      Measaim nach ndéanann Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta agus an cásdlí a bhaineann léi aon athrú ná ní bhaineann sé ón léiriú seo ar Airteagal 13 agus Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú. Féachann an Treoir maidir le Nósanna Imeachta le rochtain éifeachtach, éasca agus thapa ar an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú a áirithiú. (32) Ceanglaítear le hAirteagal 6 den treoir sin ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh na daoine lena mbaineann an ceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta a fheidhmiú go héifeachtach agus déantar idirdhealú idir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, a chlárú agus a thaisceadh.

42.      ‘Déanann’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ trína chur in iúl gur mian leis iarratas a dhéanamh ar an gcosaint sin chuig údarás atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun iarratas a chlárú. (33) I gcomhréir le hAirteagal 6(1) den treoir sin, ní mór do na Ballstáit iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú 3 nó 6 lá oibre ar a dhéanaí tar éis iarratas den sórt sin a bheith ‘déanta’. (34)

43.      Foráiltear le hAirteagal 6(2) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta go n‑áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deis éifeachtach ag duine a bhfuil iarratas ‘déanta’ aige ar chosaint idirnáisiúnta é ‘a thaisceadh’ a luaithe is féidir. (35) Ceanglaítear leis an ngníomh deiridh sin, i bprionsabal, ar an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta foirm arna soláthar chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta a chomhlánú. Níl aon fhoirmiúlachtaí riaracháin ag gabháil leis an ngníomh um iarratas ‘a dhéanamh’ ar chosaint idirnáisiúnta. Ní mór cloí leis na foirmiúlachtaí sin, áfach, agus an t‑iarratas á ‘thaisceadh’. (36) Dá bhrí sin, is dhá chéim ar leith as a chéile iad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh agus a thaisceadh. Mar sin féin, tá dlúthbhaint idir na gníomhartha sin, sa mhéid go bhfuil sé i gceist leo rochtain éifeachtach ar an nós imeachta ina ndéantar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú agus chun éifeachtacht Airteagal 18 den Chairt a áirithiú. (37)

44.      Is cásdlí socair é nach féidir le Ballstát, gan dochar a dhéanamh d’éifeachtúlacht Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, moill neamh-inchosanta a chur ar an am a dtugtar deis don duine lena mbaineann a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh. (38) Is é mo thuairim go bhfuil feidhm ag an gcur chuige seo mutatis mutandis maidir le hAirteagal 6(2) den treoir sin agus maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh i bhfianaise úsáid na dtéarmaí ‘deis éifeachtach’ agus ‘a luaithe is féidir’ san fhoráil sin. (39) Le taisceadh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta cuirtear tús na teorann ama 6 mhí (40) ar laistigh di, i gcomhréir le hAirteagal 31(3) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, nach mór don údarás cinntitheach, i bprionsabal, cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin. (41)

45.      Cé go bhfaigheann náisiúnach tríú tír stádas ‘iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta’, de réir bhrí Airteagal 2(c) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, (42) ón bpointe ama ‘a dhéanann’ sé nó sí iarratas den sórt sin, ní fhoráiltear leis an treoir sin maidir le cead cónaithe a eisiúint d’iarratasóir den sórt sin agus ní shonraítear ann a fortiori an dáta a dtiocfaidh cead cónaithe den sórt sin i bhfeidhm. (43)

46.      Le hAirteagal 9(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, áfach, tugtar an ceart d’iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar chríoch an Bhallstáit go dtí go scrúdófar a iarratas nó a hiarratas. Is chun críche an nós imeachta amháin atá an ceart fanachta agus maireann sé go dtí go nglacfar cinneadh de bhun Chaibidil III den Treoir maidir le Nósanna Imeachta. Sonraítear go sainráite leis an bhforáil sin freisin nach ionann an ceart fanachta agus teidlíocht ar chead cónaithe; (44) cuireann sé chun cosc ar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a bheith ‘ag fanacht go neamhdhleathach’, de réir bhrí Threoir 2008/115/CE, (45) le linn na tréimhse ón tráth a ndéantar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go dtí go nglacfar cinneadh ar an iarratas sin ag an gcéad chéim. (46)

47.      Deimhnítear, inter alia, le hAirteagal 6(1) agus le hAirteagal 7(1) de Threoir 2013/33 ceart iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta fanacht i mBallstát (nó cuid de) fad a bheidh a iarratas nó a hiarratas ar feitheamh scrúdaithe. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den treoir sin, ní mór do na Ballstáit doiciméad a sholáthar d’iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta lena ndeimhnítear a stádas mar iarratasóir nó lena ndeimhnítear go bhfuil cead aige nó aici fanacht ar chríoch an Bhallstáit fad a bheidh a iarratas nó a hiarratas ar feitheamh nó á scrúdú.

48.      Ós rud é nach gcuirtear tús le céim scrúdaithe an nós imeachta go dtí go bhfuil céim rochtana an nós imeachta (47) críochnaithe,  beidh moill ar thosú an nós imeachta scrúdúcháin mar thoradh ar mhoill ag an gcéim rochtana. (48) Cuirfidh sé seo moill sa deireadh ar dheonú stádais dídeanaí (49) agus cuirfear siar an fhéidearthacht go mbainfidh dídeanaithe leas as cearta a ghabhann leis an stádas sin, lena n‑áirítear an ceart chun cead cónaithe de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú. Mar sin féin, in éagmais foráil reachtach amhail an tríú fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109, ní mheasaim go bhfuil ceart ag dídeanaí cead cónaithe a fháil, de bharr moill den sórt sin, nuair a dheonaítear stádas dídeanaí a thagann i bhfeidhm go cúlghabhálach. Dá gcinnfí a mhalairt, shaobhfaí an t‑idirdhealú soiléir idir ‘a bheith ina dhídeanaí’ agus stádas dídeanaí agus na cearta éagsúla a ghabhann leis na coincheapa dlíthiúla sin. (50)

49.      Sa chás seo, tugann an t‑iarratasóir faoi deara cé go raibh sé ábalta a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a ‘thaisceadh’ 10 lá tar éis é a dhéanamh, (51) níl an tréimhse ama atá i gceist ionadaíoch agus bhí ar iarratasóirí áirithe fanacht míonna roimh a n‑iarratas a thaisceadh. Is é mo thuairim, ó tharla gur dealraitheach nach bhfuil aon mhoill míréasúnta ná neamh-inchosanta lena mbainfí an bonn d’éifeachtúlacht Airteagal 6(2) den Treoir um Nósanna Imeachta agus rochtain ar an nós imeachta iarratais sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, tá barúlacha an iarratasóra maidir le cásanna eile a bhaineann le tríú páirtithe go hiomlán neamhábhartha.

50.      Ar aon chuma, tá sé de dhualgas ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iarratas a thaisceadh leis na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, cé nach mór do Bhallstát, inter alia, an fhoirm riachtanach a sholáthar dóibh de bhun Airteagal 6(4) de. (52) Níl aon léiriú sa chomhad os comhair na Cúirte gur theip ar an gcosantóir na foirmeacha riachtanacha a sholáthar d’iarratasóirí, gur theip air glacadh leo uair agus a bhí siad comhlánaithe ná gur chuir sé bac ná moill ar mhodh míréasúnta lena nglacadh.

51.      Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, murab ionann agus na fíorais sa bhreithiúnas in A agus S, (53) ina ndiúltófaí an ceart chun athaontú teaghlaigh de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 do mhionaoiseach neamhthionlactha go neamh-inchúlghairthe ar an mbonn nach mionaoiseach é a thuilleadh, ag brath ar an dáta a ndearnadh measúnú ar an bhfíoras sin, nach bhfuil aon tásc sa chomhad os comhair na Cúirte go scriosfar na cearta a deonaíodh don iarratasóir de bhun, inter alia, na Treorach maidir le Cáiliú ar bhealach comhchosúil sa chás seo.

 Conclúid eatramhach

52.      Ní chinntear le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta an dáta a dtiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint do dhuine a bhfuil stádas dídeanaí aige i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir maidir le Cáiliú, arna léamh i gcomhar le haithris 21, agus le hAirteagal 24(1) de, ní mór cead cónaithe a eisiúint do dhídeanaí a luaithe is féidir tar éis stádas dídeanaí a bheith deonaithe dó agus, i bprionsabal, tiocfaidh sé i bhfeidhm ón dáta eisiúna d’ainneoin chineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí. Níl aon cheanglas de bhun na bhforálacha sin chun cead cónaithe a dheonú ná chun é a theacht i bhfeidhm roimh dheonú foirmiúil nó roimh aitheantas foirmiúil do stádas dídeanaí.

 Ceart na mBallstát caighdeáin níos fabhraí a thabhairt isteach

53.      I gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, féadfaidh na Ballstáit caighdeáin níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil maidir le nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, a mhéid atá na caighdeáin sin comhoiriúnach leis an treoir sin. Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir maidir le Cáiliú freisin go bhféadfaidh Ballstáit caighdeáin níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil chun inneachar na cosanta idirnáisiúnta a chinneadh ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach leis an treoir sin. (54) Chinn an Chúirt mar sin, go bunúsach, nach féidir raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach maidir le Cáiliú a shíneadh ratione personae chun daoine a áireamh, nach bhfuil, a priori, aon bhaint acu le réasúnaíocht na cosanta idirnáisiúnta. (55)

54.      Measaim, áfach, go bhféadfaidh Ballstát, tar éis stádas dídeanaí a dheonú do dhuine, a mheas go dtiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú don duine sin i bhfeidhm go cúlghabhálach ón dáta a taisceadh a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta. (56) Chuige sin, ní leathnaítear le foráil náisiúnta amhail Airteagal 44(2) den Dlí ar Náisiúnaigh Eachtracha raon feidhme ratione personae chur i bhfeidhm na Treorach maidir le Cáiliú chun daoine a áireamh, a priori, nach bhfuil aon bhaint acu le réasúnaíocht na cosanta idirnáisiúnta. Ní fheabhsaíonn sé ach ceart arna dheonú de bhun Chaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú do thairbhí cosanta idirnáisiúnta. Cé go bhféadfadh sé seo na línte idir stádas agus cearta comhfhreagracha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a dhéanamh doiléir, ní cosúil go mbaineann an fhoráil sin an bonn de chuspóirí na Treorach maidir le Nósanna Imeachta nó na Treorach maidir le Cáiliú. Chuir an Chúirt béim ar mhír 57 den bhreithiúnas in A agus S an fíoras go bhféadfadh fad ama an nós imeachta tearmainn a bheith suntasach. Go háirithe, i dtréimhsí ina bhfuil borradh suntasach ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, is minic a sháraítear na teorainneacha ama a leagtar síos chuige sin le dlí an Aontais. Ós rud é go bhféadfaidh forálacha náisiúnta amhail Airteagal 44(2) den Dlí maidir le Náisiúnaigh Eachtracha moilleanna sa nós imeachta a mhaolú go pointe áirithe, ní dealraitheach, faoi réir fíorú na cúirte a rinne an tarchur, go mbaintear an bonn de chuspóirí na dtreoracha atá i gceist.

VI.    Conclúid

55.      I bhfianaise an mhéid sin thuas, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur ag rechtbank Noord-Holland (an Chúirt Dúiche, an Ollainn Thuaidh, an Ísiltír) mar seo a leanas:

(1)       Ní mór Airteagal 6 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar a léiriú mar seo a leanas:

ní chinntear an dáta a dtiocfaidh cead cónaithe arna eisiúint do dhuine a bhfuil stádas dídeanaí aige i bhfeidhm leis.

(2) Ní mór Airteagal 13, arna léamh i gcomhar le haithris 21, agus le hAirteagal 24(1) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach a léiriú mar seo a leanas:

ní mór cead cónaithe a eisiúint do dhídeanaí a luaithe is féidir tar éis stádas dídeanaí a bheith deonaithe dó. Gan dochar do cheart Ballstáit caighdeáin níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil, in imthoisc áirithe, ní mór go dtiocfaidh cead cónaithe den sórt sin i bhfeidhm ón dáta eisiúna d’ainneoin chineál dearbhaitheach an stádais dídeanaí.


1      Bunteanga: an Béarla.


i      Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.


2      Taisceadh an iarraidh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 7 Samhain 2023.


3      Féach Airteagal 24(1) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear (IO 2011 L 337, lch. 9), (‘an Treoir maidir le Cáiliú’).


4      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60), (‘an Treoir maidir le Nósanna Imeachta’).


5      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO 2013 L 180, lch. 96).


6      Stb. 2000, Uimh 495.


7      San fhoráil sin déantar tagairt do stádas dídeanaí.


8      Féach breithiúnais an 12 Aibreán 2018, A agus S (C‑550/16, EU:C:2018:248, míreanna 53 agus 54, ‘an breithiúnas  in A agus S’) agus an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh linbh a bhfuil lánaois slánaithe aige) (C‑279/20, EU:C:2022:618, mír 46; ‘an breithiúnas  in XC’).


9      Treoir ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO 2004 L 16, lch. 44)  arna leasú le  Airteagal 1(3)(b) de Threoir 2011/51/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena leasaítear Treoir 2003/109 d’fhonn a raon feidhme a leathnú chuig tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta (IO 2011 L 132, lch. 1).


10      Treoir ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12).


11      Féach Airteagal 4 de Threoir 2003/109.


12      Sa chás seo, an 20 Deireadh Fómhair 2021.


13      Féach freisin aithris 21 den Treoir maidir le Cáiliú agus an breithiúnas in A agus S.


14      I gcomhréir le hAirteagal 2(m) den Treoir maidir le Cáiliú, ‘ciallaíonn “cead cónaithe” aon chead nó údarú arna eisiúint ag údaráis Bhallstáit, san fhoirm dá bhforáiltear faoi dhlí an Stáit sin, lena gceadaítear do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát cónaí ar a chríoch’.


15      In aithris 21 den Treoir maidir le Cáiliú, déantar tagairt don ‘recognition of refugee status’ (leagan Béarla), la ‘reconnaissance du statut de réfugié’ (leagan Fraincise), ‘pabėgėlio statuso pripažinimas’ (leagan Liotuáinise), el ‘reconocimiento del estatuto de refugiado’ (leagan Spáinnise), o ‘reconhecimento do estatuto de refugiado’, (leagan Portaingéilise), agus ‘recunoașterea statutului de refugiat’ (leagan Rómáinise). Tagraíonn na téarmaí seo, i mo thuairim, don admháil fhoirmiúil ar chás a bhí ann roimhe sin. In Airteagal 13 den treoir sin, déantar tagairt do ‘granting refugee status’ (leagan Béarla), ‘l’octroi du statut de réfugié’ (leagan Fraincise), ‘pabėgėlio statuso suteikimas’ (leagan Liotuáinise), ‘concesión del estatuto de refugiado’ leagan Spáinnise), ‘concessão do estatuto de refugiado’ (leagan Portaingéilise), agus ‘acordarea statutului de refugiat’ (leagan Rómáinise). Tagraíonn na téarmaí sin, i mo thuairim, do bhronnadh stádais, nár ghá go raibh sé ann roimhe sin. Measaim, áfach, go bhfuil na téarmaí sin in aithris 21 agus in Airteagal 13 den Treoir maidir le Cáiliú idirmhalartaithe agus úsáidfidh mé iad dá réir sin sa Tuairim seo. Féach, mar shampla, mír 35 den Tuairim seo. Tá an cur chuige seo le sonrú, mar shampla, sna leaganacha Iodáilise agus Gearmáinise den Treoir maidir le Cáiliú a úsáideann an téarma céanna ‘riconoscimento’ agus ‘zuerkennen’ faoi seach in aithris 21 agus in Airteagal 13 den treoir sin. Féach freisin breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm) (C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2019:403, mír 91; (‘an breithiúnas in M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm)’). Sa Choinbhinsiún a bhaineann le Stádas Dídeanaithe, arna shíniú sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (Sraith Conarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, 1954, lch. 150, Uimh. 2545), arna fhorlíonadh leis an bPrótacal a bhaineann le Stádas Dídeanaithe, arna thabhairt i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, agus a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), tagraítear, go bunúsach, d’aitheantas ‘mar dhídeanaí’ (Airteagal 1(C)(6)) agus do chearta a thabhairt faoin gcoinbhinsiún sin (Airteagail 4, 13, 14 agus 15).


16      Féach aithris 12 den Treoir maidir le Cáiliú.


17      Féach an breithiúnas in M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm) agus breithiúnas an 18 Meitheamh 2024, Bundesrepublik Deutschland (Éifeacht cinnidh lena ndeonaítear stádas dídeanaí)  (C‑753/22, EU:C:2024:524, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach, áfach, Airteagal 14(4) den Treoir maidir le Cáiliú maidir le stádas dídeanaí a aisghairm, deireadh a chur leis nó lena athnuachan a dhiúltú. Féach freisin, Airteagal 14(5) den Treoir maidir le Cáiliú maidir leis an gcinneadh gan stádas dídeanaí a dheonú sna cásanna a gcuirtear síos orthu in Airteagal 14(4) den treoir sin.


18      Féach freisin aithris 21 den Treoir maidir le Cáiliú.


19      Féach, chuige sin, an breithiúnas in M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), míreanna 90 go 92 agus 98, 99, 106, 110 agus 111. Ina Thuairim i M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm)  (C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2018:486, mír 78), dúirt an tAbhcóide Ginearálta Wathelet ‘gur dealraitheach ó scéim ghinearálta [an Treoir maidir le Cáiliú] go bhfuil na coinníollacha maidir lena bheith ina dhídeanaí, ar thaobh amháin, agus maidir le stádas dídeanaí a dheonú nó a tharraingt siar, ar an taobh eile, ina dhá choincheap ar leith.’


20      Féadfar dílsiú láithreach na gceart i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú do thairbhithe den dlí cosanta idirnáisiúnta a chur i gcodarsnacht le fáil incriminteach nó céimnithe de chearta faoi Choinbhinsiún na Ginéive. ‘I gcodarsnacht leis an ngnáthchur chuige sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, ní hamhlaidh an cás go bhfuil na cearta go léir atá leagtha amach sa Choinbhinsiún dlite láithreach do gach dídeanaí toimhdeach a thagann ar chríoch Stáit. Ina ionad sin, tá dídeanaithe i dteideal raon leathan ceart de réir mar a mhéadaíonn an gaol atá ach leis an Stát tearmainn’, féach, Hathaway, J.C., ‘The Architecture of the UN Refugee Convention and Protocol’, in Costello, C., Foster, M., agus Mc Adam, J., (eag.), The Oxford Handbook of International Refugee Law, Oxford University Press, 2021, lgh. 180-182.


21      An breithiúnas in M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), míreanna 91, 98, 99, 110 agus 111. Féach freisin, breithiúnas an 6 Iúil 2023, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Dídeanaí a bhfuil coir thromchúiseach déanta aige) (C‑8/22, EU:C:2023:542, míreanna 66 go 70).


22      An breithiúnas in M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), mír 91. Féach freisin, breithiúnas an 18 Meitheamh 2024, Generalstaatsanwaltschaft Hamm (Iarratas ar dhídeanaí a eiseachadadh go dtí an Tuirc) (C‑352/22, EU:C:2024:521, míreanna 39 go 41).


23      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 24 Meitheamh 2015, T. (C‑373/13, EU:C:2015:413, mír 96).


24      Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2011/95 (IO L 2024/1347).


25      Féach freisin aithris 57 de Rialachán 2024/1347. Níl feidhm ratione temporis an rialachán sin maidir leis an iarraidh seo ar réamhrialú. Féach Airteagal 42 den Rialachán sin, lena bhforáiltear go mbeidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.


26      Breithiúnas i M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), míreanna 91, 99 agus 103.


27      Féach, de réir analaí, an breithiúnas in A agus S, mír 54.


28      Féach freisin Airteagal 24(2) den Treoir maidir le Cáiliú i ndáil le cearta de thairbhithe de stádas cosanta coimhdí chun cead cónaithe.


29      An breithiúnas in M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), míreanna 91, 99 agus 103. Féadfar ceart dídeanaí chun cead cónaithe a chúlghairm de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú ar chúiseanna doshéanta a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta nó leis an ord poiblí. I gcúinsí den sórt sin, coimeádann an dídeanaí a stádas dídeanaí go dtí go gcuirfear deireadh leis an stádas sin. Féach, de réir analaí, breithiúnas an 24 Meitheamh 2015, T.  (C‑373/13, EU:C:2015:413, míreanna 45 go 55 agus 95). Féach freisin Airteagal 24(1) agus (5) de Rialachán 2024/1347. Foráiltear le hAirteagal 24(1) den Rialachán sin go mbeidh ‘de cheart ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta cead cónaithe a bheith acu fad a bheidh an stádas dídeanaí nó an stádas cosanta coimhdí acu’. Sonraítear in Airteagal 24(5) de nach bhféadfaidh ‘na húdaráis inniúla cead cónaithe a chúlghairm ná diúltú do chead cónaithe a athnuachan ach amháin i gcás ina bhfuil stádas dídeanaí tarraingthe siar acu …’


30      Féach freisin Airteagal 24(2) de Rialachán 2024/1347 lena bhforáiltear go n‑eiseofar ‘cead cónaithe a luaithe is féidir tar éis stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a bheith deonaithe, agus ar a dhéanaí 90 lá tar éis fógra a thabhairt faoin gcinneadh maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú …' (béim curtha leis).


31      Féach míreanna 20 agus 25 den Tuairim seo.


32      Breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Fáiltiú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta) (C‑808/18, EU:C:2020:1029, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear).


33      Nó chuig ‘údaráis eile’, de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta. Féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Meitheamh 2020, Ministerio Fiscal (Údarás ar dócha go bhfaighidh sé iarratas ar chosaint idirnáisiúnta) (C‑36/20 PPU, EU:C:2020:495, míreanna 94 agus 98).


34      Braitheann an teorainn ama ar cibé an ndéantar an t‑iarratas chuig an údarás atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun an t‑iarratas sin a chlárú nó chuig údaráis eile ar dóigh dóibh iarratas den sórt sin a fháil ach nach bhfuil inniúil faoin dlí náisiúnta chun é a chlárú. Féadfar an teorainn ama a shíneadh i gcás ina mbeidh iarratais chomhuaineacha ó líon mór iarratasóirí. Féach Airteagal 6(5) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta.


35      Cé go leagtar síos le hAirteagal 6(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta tréimhsí sonracha ama chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú, ní dhéantar amhlaidh le hAirteagal 6(2) den treoir sin chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh. Le hAirteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32 (IO L 2024/1348), foráiltear, áfach, ‘[go ndéanfaidh] an t‑iarratasóir an t‑iarratas a thaisceadh le húdarás inniúil an Bhallstáit … a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 21 lá ón tráth a chlárófar an t‑iarratas …’. Féadfar síneadh de 2 mhí a chur leis an teorainn ama sin de bhun Airteagal 28(5) den rialachán sin. Níl feidhm ratione temporis ag Rialachán 2024/1348 maidir leis an iarraidh seo ar réamhrialú. Féach Airteagal 79(1) de, lena bhforáiltear go mbeidh feidhm ag an rialachán sin ón 12 Meitheamh 2026.


36      Breithiúnas an 25 Meitheamh 2020, Ministerio Fiscal (Údarás ar dócha go bhfaighidh sé iarratas ar chosaint idirnáisiúnta) (C‑36/20 PPU, EU:C:2020:495, mír 93).


37      Breithiúnas an 30 Meitheamh 2022, Valstybės sienos apsaugos tarnyba agus páirtithe eile  (C‑72/22 PPU, EU:C:2022:505, mír 62).


38      Breithiúnas an 22 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Ungáir (Dearbhú rúin roimh iarratas ar thearmann) (C‑823/21, EU:C:2023:504, míreanna 46 agus 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). Athraíonn na cearta a thugtar d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta de réir na céime den nós imeachta atá i gceist. Mar sin, i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, tá sé de cheart ag iarratasóirí dul i gcomhairle le comhairleoir ag gach céim den nós imeachta. I gcodarsnacht leis sin, níl feidhm ag na ráthaíochtaí d’iarratasóirí in Airteagal 12 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta ach amháin maidir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil III den treoir sin.


39      Féach freisin, Airteagal 4(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta lena bhforáiltear nach mór do na Ballstáit a áirithiú ‘go gcuirfear modhanna iomchuí ar fáil’ don údarás cinntitheach atá freagrach as iarratais a scrúdú, ‘lena n‑áirítear pearsanra inniúil leordhóthanach, chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir leis an Treoir seo.’


40      Tá an tréimhse 6 mhí gan dochar don fhéidearthacht an tréimhse sin a shíneadh ar na forais a leagtar amach in Airteagal 31(3) agus (4) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta.


41      Breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Fáiltiú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta)  (C‑808/18, EU:C:2020:1029, mír 101). Athraíodh na teorainneacha ama in Airteagail 6 agus 31 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta le déanaí le hAirteagail 27, 28 agus 35 de Rialachán 2024/1348.


42      Is féidir sainmhínithe comhionanna a aimsiú in Airteagal 2(i) den Treoir maidir le Cáiliú agus in Airteagal 2(b) de Threoir 2013/33.


43      Mar a thugann Rialtas na hÍsiltíre faoi deara, ní thagraítear le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, dar teideal ‘Rochtain ar an nós imeachta’, ach amháin do chéim iarratais an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú. Ní dhéantar tagairt ann don chead cónaithe arna eisiúint de bhun Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Cáiliú tar éis an nós imeachta iomlán a bheith curtha i gcrích.


44      Cuireann Rialtas na hÍsiltíre béim láidir gurb é Airteagal 9(1) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta an t‑aon fhoráil den Treoir sin a thagraíonn do chead cónaithe, agus lena ndéantar tagairt ach amháin chun an ceart sin a eisiamh go sainráite.


45      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).


46      Féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Samhain 2023, Odbor azylové a migrační politiky MV (Raon feidhme na Treorach um Fhilleadh)  (C‑257/22, EU:C:2023:852, míreanna 37 go 42 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 22 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Ungáir (Dearbhú rúin roimh iarratas ar thearmann) (C‑823/21, EU:C:2023:504, mír 45).


47      De réir bhrí Airteagal 6 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta.


48      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Samhain 2021, an Coimisiún v an Ungáir (Coiriúlú cúnaimh d’iarrthóirí tearmainn) (C‑821/19, EU:C:2021:930, mír 81).


49      Do dhaoine a chuir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach i gcomhréir le Caibidil II den Treoir maidir le Cáiliú agus a chomhlíonann na coinníollacha ábhartha atá leagtha síos i gCaibidil III den Treoir sin.


50      Is é mo thuairim, i bhfianaise chineál aonchiallach na hoibleagáide ar na Ballstáit in Airteagal 6(2) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta, go bhféadfaidh an ceart a bheith ag iarratasóir, mar sin féin, caingean a thionscnamh chun iallach a chur ar údarás inniúil Ballstáit ligean dó nó di iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh nó caingean le haghaidh damáistí de bharr moill mhíréasúnta.


51      Dealraíonn sé ón iarraidh ar réamhrialú go raibh 10 mí go leith caite idir an dáta a rinne an t‑iarratasóir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (10 Deireadh Fómhair 2021) agus ar deonaíodh an chosaint sin dó (26 Lúnasa 2022).


52      Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfaí iarratais a thaisceadh go pearsanta agus/nó in áit ainmnithe. Féach Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Nósanna Imeachta.


53      Féach, mír 57 den bhreithiúnas sin.


54      Féach aithris 12 den Treoir maidir le Cáiliú, ina ndéantar tagairt don ghá atá le leibhéal íosta sochar a áirithiú. Féach freisin aithris 41 den Treoir sin lena bhforáiltear go bhféadfaidh Ballstáit caighdeáin níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta ná mar a dheonaítear dá náisiúnaigh féin.


55      Breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Ahmedbekova  (C‑652/16, EU:C:2018:801, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).


56      Mar a léiríodh roimhe seo ag mír 40 den Tuairim seo, féadfar tréimhse chónaithe den sórt sin a chur san áireamh freisin de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109. Ní mór a thabhairt faoi deara, mura gcomhlíontar na teorainneacha ama agus na coinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109, go mbeidh feidhm ag Airteagal 13 den Treoir sin agus go bhfuil an ceart chun cónaithe i mBallstáit eile mar a fhoráiltear i gCaibidil III den Treoir sin eisiata.

Top