This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CC0438
Opinion of Advocate General Ćapeta delivered on 5 September 2024.#Protéines France and Others v Ministre de l'Économie, des Finances et de la Souveraineté industrielle et numérique.#Request for a preliminary ruling from the Conseil d'État.#Reference for a preliminary ruling – Regulation (EU) No 1169/2011 – Provision of food information to consumers – Article 2(2)(n) to (p) and Articles 7, 9 and 17 – Fair practices concerning the naming of foods – Legal names, customary names and descriptive names – Substitution of components or ingredients of a food – Article 38(1) – Matters specifically harmonised – National measures prohibiting the use of meat-related names to designate a product containing vegetable proteins.#Case C-438/23.
Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta arna thabhairt ar an 2024 Méan Fómhair 5.
Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta arna thabhairt ar an 2024 Méan Fómhair 5.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:704
TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
ĆAPETA
arna tabhairt an 5 Meán Fómhair 2024 ( 1 )
Cás C‑438/23
Association Protéines France,
Union végétarienne européenne,
Association végétarienne de France,
Beyond Meat Inc.
v
Ministre de l’Économie, des Finances et de la Souveraineté industrielle et numérique,
páirtithe uamtha:
77 Foods SAS,
Les Nouveaux Fermiers SAS,
Umiami SAS,
NxtFood SAS,
Nutrition et santé SAS,
Olga SAS
(Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc)
(Tarchur chun réamhrialú – Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 – Faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí – Airteagail 7, 9, 17 agus 38 agus mír 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI – Cóirchleachtais maidir le faisnéis – Ainm an bhia – Ábhair a chomhchuibhítear go sonrach – Inniúlacht iarmharach na mBallstát – Beart náisiúnta lena dtoirmisctear ainmneacha a bhaineann le táirgí ainmhithe a úsáid chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú – Teorannú do tháirgí a mhonaraítear ar an gcríoch náisiúnta)
I. Réamhrá
|
1. |
‘Tá deireadh ag gach rud, ach amháin an t‑ispín, a bhfuil dhá cheann aige’. |
|
2. |
An féidir ispín a rangú mar fheoil agus mar ghlasra? Chun a bheith níos cruinne, an féidir le Ballstát toirmeasc a chur ar úsáid an ainm ‘ispín’ agus ainmneacha eile a bhaineann le táirgí ainmhithe chun bianna atá bunaithe ar phróitéiní plandúla a ainmniú, nó an bhfuil cosc air é sin a dhéanamh faoi dhlí ábhartha an Aontais? |
|
3. |
Is í sin an phríomhcheist a thagann chun cinn sa chás seo, inar tharchuir an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) roinnt ceisteanna chun na Cúirte Breithiúnais maidir le léiriú Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí. ( 2 ) |
II. Na fíorais sna príomhimeachtaí, na ceisteanna a tharchuirtear agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais
|
4. |
In 2022, ghlac údaráis na Fraince foraithne maidir le hainmneacha áirithe a úsáid chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú (‘foraithne 2022’). ( 3 ) |
|
5. |
Leis an bhforaithne sin, cuirtear chun feidhme Airteagal L. 412-10 den Code de la consommation (Cód Tomhaltóirí na Fraince), arna leasú in 2020, ina luaitear an méid seo a leanas: ‘Ní féidir na hainmneacha a úsáidtear chun bianna de bhunadh ainmhíoch a ainmniú a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, chun iad a mhargú nó chun iad a chur chun cinn. Cinnfear le foraithne cion na bpróitéiní plandúla nach féidir ainmneacha den sórt sin a úsáid tharstu.’ ( 4 ) |
|
6. |
Tá trí iarratas ar leithligh ar neamhniú fhoraithne 2022 taiscthe ag na comhlachais agus na cuideachtaí seo a leanas a chuireann bianna atá bunaithe ar phróitéin phlandúil chun cinn: (i) Association Protéines France (‘Protéines France’); ( 5 ) (ii) Union végétarienne européenne (Aontas Eorpach na bhFeoilséantóirí; ‘EVU’) agus Association végétarienne de France (Cumann Feoilséantóirí na Fraince; ‘AVF’); ( 6 ) agus (iii) Beyond Meat, Inc. (‘Beyond Meat’), ( 7 ) os comhair na Comhairle Stáit, arb í an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo í. |
|
7. |
Is iad seo a leanas forálacha ábhartha fhoraithne 2022. Ar an gcéad dul síos, chun táirge próiseáilte ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú, toirmisctear le hAirteagal 2, inter alia, ainmneacha a úsáideann téarmaíocht shonrach bhúistéireachta, charcuterie nó táirgí éisc, chomh maith le hainmneacha bianna de bhunadh ainmhíoch mar a úsáidtear ar bhonn tráchtála iad. ( 8 ) |
|
8. |
Ar an dara dul síos, údaraítear le hAirteagal 3 d’fhoraithne 2022, de mhaolú ar Airteagal 2, ainmneacha bianna sin de bhunadh ainmhíoch ina bhfuil próitéiní plandúla a úsáid, ar choinníoll nach mó iad ná céatadán áirithe. ( 9 ) Leagtar síos an cion uasta de phróitéiní plandúla leis an iarscríbhinn a ghabhann le foraithne 2022. ( 10 ) |
|
9. |
Ar an tríú dul síos, de réir Airteagal 1 di, tá feidhm ag foraithne 2022 maidir le bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a mhonaraítear sa chríoch náisiúnta. Cuirtear leis sin in Airteagal 5 nach bhfuil táirgí a mhonaraítear nó a mhargaítear go dleathach i mBallstát eile, i Stát is páirtí i gComhaontú LEE nó sa Tuirc faoi réir cheanglais na foraithne sin. |
|
10. |
Ina dhiaidh sin, in 2024, ghlac údaráis na Fraince foraithne nua leis an ainm céanna le foraithne 2022 (‘foraithne 2024’). ( 11 ) Le foraithne 2024, aisghairtear foraithne 2022 ( 12 ) agus coinnítear ar bun, le roinnt modhnuithe, an toirmeasc ar úsáid ainmneacha a bhaineann le táirgí de bhunadh ainmhíoch chun tuairisc a thabhairt ar bhianna atá bunaithe ar phróitéin phlandúil, chun iad a mhargú nó a chur chun cinn. Rinneadh caingne i gcoinne dhlíthiúlacht na foraithne nua sin a thaisceadh leis an gComhairle Stáit freisin. |
|
11. |
Is iad seo a leanas na hathruithe ábhartha a tugadh isteach le foraithne 2024. Ar an gcéad dul síos, le hAirteagal 2 den fhoraithne sin bunaítear liosta téarmaí a bhfuil toirmeasc ar a n‑úsáid chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla ( 13 ) a ainmniú, rud a leagtar síos anois le hIarscríbhinn I. ( 14 ) |
|
12. |
Ar an dara dul síos, le hAirteagal 3 d’fhoraithne 2024, athdhearbhaítear an t‑údarú chun téarmaí áirithe a úsáid, mar a leagtar síos anois le hIarscríbhinn II, chun bianna de bhunadh ainmhíoch ina bhfuil próitéiní plandúla nach mó ná cion áirithe iad a ainmniú. ( 15 ) |
|
13. |
Ar an tríú dul síos, tá Airteagal 5 d’fhoraithne 2024 leagtha síos ar bhealach níos leithne. Foráiltear leis anois nach bhfuil táirgí a mhonaraítear nó a mhargaítear go dleathach i mBallstát eile nó in aon tríú tír faoi réir cheanglais na foraithne sin. |
|
14. |
Eascraíonn an cás seo as na himeachtaí a bhaineann le foraithne 2022. Le litreacha dar dáta an 14 Márta agus an 6 Bealtaine 2024, chuir an Chomhairle Stáit an Chúirt ar an eolas nach bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear trí fhoraithne 2024 a ghlacadh gan chuspóir, agus go bhfuil gá fós leis an léiriú atá á lorg chun a chur ar a cumas rialú ar an díospóid sna príomhimeachtaí agus ar na caingne i gcoinne fhoraithne 2024. |
|
15. |
I mo thuairimse, réitíonn sé sin aon saincheist a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an gceist an bhfuil an iarraidh ar réamhrialú gan chuspóir. |
|
16. |
San ordú tarchuir, míníonn an chúirt a rinne an tarchur go léann sí foraithne 2022 mar léiriú ar rún údaráis na Fraince tomhaltóirí a chosaint ar ainmneacha míthreoracha. Tugann an chúirt chéanna le fios go bhfuil feidhm ag foraithne 2022 i gcásanna ní hamháin ina n‑úsáidtear ainmneacha lena n‑ainmnítear táirgí de bhunadh ainmhíoch le haghaidh bianna atá bunaithe ar phróitéin phlandúil amháin, ach freisin i gcás ina soláthraítear tásca breise i ndlúthghaireacht do na hainmneacha sin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi ionadú páirteach nó iomlán le próitéiní plandúla i gcomhdhéanamh na mbianna sin. Mar shampla, tá toirmeasc ar úsáid na n‑ainmneacha ‘stéig soighe’ agus ‘ispín glasraí’ chun bianna a ainmniú ina gcuirtear próitéiní plandúla in ionad na bpróitéiní feola. |
|
17. |
Is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach an gcuirtear cosc le Rialachán 1169/2011 ar na húdaráis náisiúnta foraithne 2022 a achtú toisc go ndearnadh na hábhair a chumhdaítear leis an bhforaithne sin a chomhchuibhiú go sonrach de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin. Ag brath ar fhreagra na ceiste sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur roinnt ceisteanna breise chun go mbeidh sí in ann rialú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na foraithne sin le dlí an Aontais. |
|
18. |
Sna himthosca sin, chinn an Chomhairle Stáit bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
|
19. |
Chuir Protéines France, EVU agus Beyond Meat, in éineacht le Rialtais na Fraince, Rialtas na hIodáile agus Rialtas na Gréige agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn faoi bhráid na Cúirte. Níor tionóladh aon éisteacht. |
III. Anailís
A. Cúlra
|
20. |
Tagann an cás seo chun cinn i gcomhthéacs na conspóide maidir le hainmneacha bianna plandabhunaithe sa Fhrainc. |
|
21. |
Mar sin féin, níl an Fhrainc ina haonar. Léirítear i dtuarascálacha a rinneadh le déanaí gur ghlac Ballstáit eile, amhail an Iodáil, an Pholainn agus an Rómáin, ( 16 ) rialacha comhchosúla, nó go bhfuil siad ag smaoineamh ar rialacha den sórt sin a ghlacadh, lena gcuirtear toirmeasc ar úsáid téarmaíochta a bhaineann le feoil agus táirgí éisc (‘ainmneacha feola’) le haghaidh bianna plandabhunaithe. Tá forbairtí comhchosúla ann i dtíortha eile ar domhan, amhail, an Afraic Theas, ( 17 ) an Eilvéis ( 18 ) agus na Stáit Aontaithe. ( 19 ) Ag an am céanna, ghlac Ballstáit áirithe, amhail an Ghearmáin ( 20 ) agus an Ísiltír, ( 21 ) bearta lena gceadaítear go sainráite téarmaí den sórt sin a úsáid. |
|
22. |
Tá leasanna éagsúla agus casta taobh thiar de na conspóidí seo maidir le bianna a ainmniú. ( 22 ) Mar sin féin, nuair a aistrítear iad ón réimse polaitiúil go dtí an réimse breithiúnach, ní mór do na gníomhaithe uirlisí dlíthiúla a roghnú, bíodh sin an tsaoirse cainte, ( 23 ) cleachtais tráchtála éagóracha, ( 24 ) earráidí nós imeachta ( 25 ) nó an easpa inniúlacht rialála, agus ardaítear an easpa inniúlachta sin sa chás seo. |
|
23. |
Is é ceann den tsraith argóintí a úsáidtear go minic i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, mar chóras dlí ilsrathach, ná an easpa inniúlacht rialála atá ag na Ballstáit rialacha náisiúnta a achtú toisc gurb ann do rialacha an Aontais sa réimse ábhartha. Más ann do rialacha den sórt sin de chuid an Aontais, tá cosc ar na Ballstáit gníomhú ar an leibhéal náisiúnta. ( 26 ) |
|
24. |
Go deimhin, bhí sé sin ar cheann de na huirlisí dlíthiúla a d’úsáid na hiarratasóirí sna himeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Braitheann siad ar Rialachán 1169/2011 chun díospóid a dhéanamh faoi inniúlacht údaráis na Fraince foraithne 2022 a ghlacadh. |
|
25. |
Cuirtear in iúl in Airteagal 38 de Rialachán 1169/2011 prionsabal lena dtoirmisctear bearta náisiúnta a ghlacadh sa réimse áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán sin. Déantar foráil ann maidir leis an méid seo a leanas: ‘1. Maidir leis na hábhair a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh ná a choimeád ar bun ina leith mura bhfuil sé sin údaraithe faoi dhlí Aontais. Níor cheart go n‑eascródh constaicí ar shaorghluaiseacht earraí as na bearta náisiúnta seo, lena n‑áirítear idirdhealú i leith bianna ó Bhallstáit eile. 2. Gan dochar d’Airteagal 39, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhaineann le hábhair nach gcomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcuireann na bearta sin cosc, bac ná srian ar shaorghluaiseacht earraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.’ ( 27 ) |
|
26. |
Bunaithe ar an bhforáil sin, is í an phríomhcheist a ardaítear sa chás seo ná an dtagann rialacha na Fraince faoi Airteagal 38(1) de Rialachán 1169/2011, nó ina ionad sin faoi Airteagal 38(2) de. |
|
27. |
Is é tús agus deireadh na ceiste ná an rialaítear cheana féin le dlí an Aontais an cheist an féidir nó nach féidir ainmneacha feola a úsáid le haghaidh bianna plandabhunaithe. |
|
28. |
Maíonn Protéines France, EVU agus Beyond Meat go gcomhchuibhítear go sonrach le hAirteagail 7 agus 17 de Rialachán 1169/2011, arna léamh i gcomhar le mír 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis, an fhéidearthacht atá ag oibreoirí ainmneacha feola a úsáid le haghaidh bianna plandabhunaithe má chuireann siad isteach tásca breise go bhfuil próitéiní plandúla sa táirge atá i gceist, seachas próitéiní feola. Dá bhrí sin, áitíonn na páirtithe sin nach féidir leis na Ballstáit an tsaincheist sin a rialáil a thuilleadh. Tagann an Coimisiún ar an gconclúid chéanna. |
|
29. |
Glacann Rialtas na Fraince, Rialtas na hIodáile agus Rialtas na Gréige a mhalairt de sheasamh. |
B. An ndearnadh na hábhair a chumhdaítear le rialacha na Fraince a chomhchuibhiú go sonrach le Rialachán 1169/2011?
1. Forálacha ábhartha Rialachán 1169/2011
|
30. |
Téann Rialachán 1169/2011 siar go dtí Treoir 79/112/CEE, ( 28 ) agus Treoir 2000/13/CE ina dhiaidh sin. ( 29 ) Dála a réamhtheachtaithe, léirítear i Rialachán 1169/2011, atá bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, an dá chuspóir, d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú. Bunaítear leis sraith rialacha comhchuibhithe lena n‑áirithítear go bhfuil faisnéis leordhóthanach ag tomhaltóirí faoi bhia agus, ar an gcaoi sin, gur féidir leo roghanna eolasacha a dhéanamh maidir lenar cheart dóibh táirgí áirithe a cheannach agus maidir leis na táirgí a roghnóidh siad a cheannach. ( 30 ) |
|
31. |
Rinne reachtóir an Aontais an rogha maidir leis na cineálacha faisnéise (dá ngairtear sonraí sainordaitheacha) nach mór d’oibreoirí a sholáthar do thomhaltóirí agus táirgí bia á gcur ar an margadh acu. Ina measc sin, liostaítear ainm an bhia in Airteagal 9(1)(a) de Rialachán 1169/2011. |
|
32. |
Le hAirteagal 17(1) de Rialachán 1169/2011 forchuirtear an oibleagáid ar oibreoirí ainm dlíthiúil an bhia a úsáid, más ann d’ainm den sórt sin. Is féidir foráil a dhéanamh maidir le hainm dlíthiúil le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht na mBallstát. |
|
33. |
Ar leibhéal an Aontais, forordaítear ainmneacha dlíthiúla do bhianna éagsúla i gcomhthéacsanna éagsúla. Mar shampla, tá reachtaíocht AE ann maidir le seacláid, ( 31 ) mil, ( 32 ) caife ( 33 ) agus súnna torthaí, ( 34 ) gan ach cuid acu a lua. Tá cuid de na hionstraimí sin bunaithe ar fhorálacha an mhargaidh inmheánaigh, agus tá cuid eile acu bunaithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (‘CBT’). |
|
34. |
Leanann sé go soiléir ó Airteagal 17(1) de Rialachán 1169/2011 nach gcuirtear bac ar na Ballstáit ainmneacha dlíthiúla a bhunú i gcás nach leagtar síos ainmneacha den sórt sin ar leibhéal an Aontais. De réir Airteagal 2(2)(n) den Rialachán sin, ciallaíonn ‘ainm dlíthiúil’ ainm bia a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis nó, in éagmais forálacha den sórt sin de chuid an Aontais, an t‑ainm dá bhforáiltear sna dlíthe, sna Rialacháin agus sna forálacha riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia leis an tomhaltóir deiridh nó le holl-lónadóirí. |
|
35. |
Murab ann d’ainm dlíthiúil do bhia áirithe, tugtar le fios in Airteagal 17(1) de Rialachán 1169/2011 gur féidir le hoibreoirí an gnáthainm nó an t‑ainm tuairisciúil a úsáid. |
|
36. |
Mínítear in Airteagal 2(2)(o) de Rialachán 1169/2011 go gciallaíonn ‘gnáthainm’ ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia, agus nach gá míniú breise a thabhairt ar an ainm sin, cé go luaitear in Airteagal 2(2)(p) de go gciallaíonn ‘ainm tuairisciúil’ ainm lena dtugtar tuairisc ar an mbia, agus ar a úsáid más gá, atá soiléir go leor chun a chur ar chumas tomhaltóirí a fhíorchineál a bheith ar eolas acu agus idirdhealú a dhéanamh idir é agus táirgí eile a bhféadfaí mearbhall a chruthú leo. |
|
37. |
Trí fhoráil a dhéanamh gur féidir ainm tuairisciúil a úsáid mura bhfuil gnáthainm ann, nó mura n‑úsáidtear é, ceadaítear d’oibreoirí le hAirteagal 17(1) de Rialachán 1169/2011, dar liom, ainm difriúil a roghnú fiú más ann do ghnáthainm. Níl rogha den sórt sin ann, áfach, nuair a fhorordaítear an t‑ainm le dlí. |
|
38. |
Ní mór ainm an bhia, mar aon le haon fhaisnéis eile a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí, a bheith leordhóthanach ( 35 ) agus gan mearbhall a chruthú. I ndáil leis sin, le hAirteagal 7(1)(a) de Rialachán 1169/2011 cuirtear toirmeasc ar fhaisnéis mhíthreorach faoi bhia, inter alia, maidir lena chineál, lena chéannacht, lena airíonna agus lena chomhdhéanamh. |
|
39. |
Ina theannta sin, tugtar le fios in Airteagal 7(1)(d) de Rialachán 1169/2011 nach féidir le faisnéis bhia a bheith míthreorach ‘trína thabhairt le tuiscint, trí chuma an bhia, sa chur síos nó sa léiriúchán pictiúrtha go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia, cé gur cuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda atá sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin’. |
|
40. |
Ar deireadh, luaitear an méid seo a leanas, atá ábhartha don chás seo, i mír 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán 1169/2011, dar teideal ‘Ainm an bhia agus na sonraí sonracha a ghabhann leis’, dá dtagróidh mé mar ‘riail Iarscríbhinn VI’: ‘I gcás bianna ina ndéantar comhchuid nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair a mbíonn súil ag na tomhaltóirí gurb í nó gurb é is iondúil a bhíonn á úsáid iontu nó a bhíonn iontu go nádúrtha, beidh léiriú soiléir ar an lipéadú – chomh maith leis an liosta comhábhar – ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar a úsáideadh don ionadú páirteach nó iomlán, agus maidir leis an léiriú sin:
|
|
41. |
Ba cheart a mheabhrú gur shoiléirigh an Chúirt nach bhfuil difríocht idir úsáid an natha ‘ainm an táirge’ i mír (a) den riail sin agus an nath ‘ainm an bhia’. ( 36 ) |
2. An chéad cheist
|
42. |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach an gcumhdaítear leis an riail lena dtoirmisctear faisnéis mhíthreorach a leagtar síos le hAirteagal 7 de Rialachán 1169/2011 úsáid ainmneacha feola le haghaidh bianna plandabhunaithe, ionas go mbeidh cosc ar na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar an tsaincheist sin. |
|
43. |
Cad atá i gceist le hAirteagal 7 de Rialachán 1169/2011? Cé air a bhforchuireann sé oibleagáidí agus cad chuige é? Chun na ceisteanna sin a fhreagairt, tá roinnt gnéithe ábhartha ann le cur san áireamh. |
|
44. |
Ar an gcéad dul síos, is Rialachán de chuid an Aontais é an gníomh atá i gceist. Ní gá Rialacháin a chur chun feidhme faoin dlí náisiúnta, agus go deimhin, i bprionsabal, toirmisctear an méid sin. Tá feidhm dhíreach ag na cearta agus na hoibleagáidí a n‑eascraíonn ó Rialachán maidir le seolaithe sna Ballstáit, ( 37 ) lena n‑áirítear más daoine aonair iad na seolaithe. Is é sin le rá, is féidir le Rialacháin éifeacht dhíreach chothrománach a bheith acu. |
|
45. |
Ar an dara dul síos, in ainneoin a fhoclaíochta ginearálta, forchuirtear le hAirteagal 7 de Rialachán 1169/2011, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8 de, ( 38 ) oibleagáidí ar oibreoirí gnó bia. Is é ceann de na hoibleagáidí sin ná an ceanglas gan faisnéis mhíthreorach a sholáthar faoina dtáirgí. Nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar ainm táirge, ciallaíonn sé sin nár cheart ainm a dtáirge a sholáthraítear do thomhaltóirí a bheith míthreorach. |
|
46. |
Dá réir sin, déantar an t‑ábhar sin – go bhfuil sé d’oibleagáid ar oibreoirí ainmneacha míthreoracha a sholáthar – a chomhchuibhiú go sonrach le Rialachán 1169/2011, mar a mhaíonn an Coimisiún. Dá bhrí sin, tá cosc ar na Ballstáit rialacha a ghlacadh maidir leis an ábhar céanna ina reachtaíocht féin. Mar a chinn an Chúirt, le Rialachán ‘cuirtear cosc, i bprionsabal, ar na Ballstáit forálacha náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil i gcomhthráth’. ( 39 ) |
|
47. |
Ní fhorordaítear le hAirteagal 7 de Rialachán 1169/2011, áfach, cé na hainmneacha nithiúla atá míthreorach do thomhaltóirí, ná ní féidir leo iad a fhorordú. Is ceist fíorais é cé acu atá nó nach bhfuil ainm áirithe míthreorach, rud a bhraitheann ar chultúr (gastranómach) agus ar ionchais bhainteacha na dtomhaltóirí sa Bhallstát ina n‑úsáidtear an t‑ainm sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith éagsúil ó Stát go Stát. ( 40 ) Ní ghlactar leis i Rialachán 1169/2011 go bhfuil ionchais aonfhoirmeacha ag an Aontas maidir le bia. Fágann sé sin gur féidir difríochtaí a bheith ann sna Ballstáit. ( 41 ) Sin é an fáth ar mheas an Chúirt gur faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé rialú a dhéanamh ar an gceist an dócha go gcuirfeadh lipéadú táirgí áirithe an tomhaltóir ar míthreoir. ( 42 ) |
|
48. |
An féidir leis na Ballstáit a chinneadh roimh ré agus trí Rialachán ginearálta cé na hainmneacha atá míthreorach? |
|
49. |
De réir na cúirte a rinne an tarchur, glacadh foraithne 2022 d’fhonn tomhaltóirí a chosaint ar ainmneacha míthreoracha (féach mír 16 den Tuairim seo). |
|
50. |
Mar sin féin, má tá úsáid an ainm ‘ispín soighe’, mar shampla, míthreorach do thomhaltóirí na Fraince, tá cosc ar a úsáid cheana féin le hAirteagal 7 de Rialachán 1169/2011 féin. Ní gá aon reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach i gcás den sórt sin, ní gá ach an toirmeasc sin a fhorfheidhmiú i gcásanna áirithe. ( 43 ) |
|
51. |
Bhainfeadh dlí náisiúnta is infheidhme go ginearálta den cheart is cosúil a bhronntar ar oibreoirí le Rialachán 1169/2011 agus cinneadh á dhéanamh cé na hainmneacha atá agus nach bhfuil míthreorach. Mura bhfuil ainm dlíthiúil ann do bhia áirithe, féadfaidh oibreoirí, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán 1169/2011, gnáthainm nó aon ainm tuairisciúil oiriúnach eile a roghnú do tháirge. |
|
52. |
Tá an ceart sin chun an t‑ainm a roghnú teoranta ag dhá oibleagáid. Forordaítear ceann amháin le hAirteagal 7 de Rialachán 1169/2011, lena gcuirtear cosc ar oibreoirí ainm míthreorach a roghnú, agus an ceann eile le hAirteagal 17 de, lena gcuirtear oibleagáid ar oibreoirí ainm dlíthiúil a úsáid más ann d’ainm den sórt sin. |
|
53. |
Mar a míníodh cheana, is féidir ainmneacha dlíthiúla le haghaidh cineálacha áirithe bia a bhunú le reachtaíocht na mBallstát mura bhfuil aon reachtaíocht de chuid an Aontais ann maidir leis an mbia sin. Mar sin féin, níl aon trácht i Rialachán 1169/2011 maidir leis na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith le hainm dlíthiúil a bhunú. |
|
54. |
Ar bhonn an mhéid sin roimhe seo, molaim go dtabharfaidh an Chúirt freagra ar an gcéad cheist ar an mbealach seo a leanas. Le Rialachán 1169/2011, cuirtear cosc ar na Ballstáit cinneadh a dhéanamh trí rialacha ginearálta maidir leis na hainmneacha atá míthreorach. Ní choisctear ar na Ballstáit, áfach, ainmneacha dlíthiúla a bhunú le haghaidh bianna áirithe trí bhíthin rialacha ginearálta, ar choinníoll nach mbunaítear ainmneacha dlíthiúla den sórt sin le dlí an Aontais. |
|
55. |
Is í an cheist ábhartha, atá le freagairt sa deireadh ag an gcúirt a rinne an tarchur, dá bhrí sin, a bhfuil i ndáiríre i gceist le rialacha na Fraince. Fillfidh mé ar an tsaincheist sin arís i míreanna 82 go 98 den Tuairim seo. |
3. An dara ceist
|
56. |
Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach an ndearnadh comhchuibhiú sonrach le riail Iarscríbhinn VI, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 de Rialachán 1169/2011, ar an bhféidearthacht ainmneacha feola a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar bhia ina gcuirtear próitéiní plandúla in ionad feola, chun bia den sórt sin a mhargú nó a chur chun cinn (‘táirge ionadach’). |
|
57. |
Ar an gcéad dul síos, ní aontaíonn na páirtithe os comhair na Cúirte faoi infheidhmeacht riail Iarscríbhinn VI maidir le feoil a ionadú le próitéiní plandúla i mbianna. |
|
58. |
Áitíonn Protéines France, EVU agus Beyond Meat go mbaineann riail Iarscríbhinn VI go deimhin le hionaduithe den sórt sin. De réir mar a thuigim a n‑argóint, tá siad den tuairim gur cheadaigh reachtóir an Aontais ainmneacha feola a úsáid i dtáirgí ina gcuirtear próitéiní plandúla in ionad feola, ar choinníoll go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas go cuí le tásc breise a ghabhann le hainm bia, agus dá bhrí sin nach gcuirtear ar míthreoir iad. Dá réir sin, ní féidir leis na Ballstáit toirmeasc a chur ar úsáid ainm le haghaidh táirge ionadach a chomhlíonann na ceanglais sin. |
|
59. |
Os a choinne sin, measann Rialtas na Fraince, Rialtas na hIodáile agus Rialtas na Gréige, in éineacht leis an gCoimisiún, nach bhfuil feidhm ag riail Iarscríbhinn VI maidir le himthosca an cháis seo. Go bunúsach, maíonn siad nach bhfuil feidhm ag an riail sin maidir le bia nach bhfuil ann ach aon chomhábhar amháin, ( 44 ) agus ní chumhdaíonn sí cás ionadaithe iomláin ach oiread. |
|
60. |
I mo thuairimse, níl an argóint a chuir na Ballstáit sin agus an Coimisiún chun cinn diongbháilte. Ina ionad sin, measaim go gcumhdaítear le riail Iarscríbhinn VI úsáid ainmneacha feola le haghaidh na dtáirgí ionadacha plandabhunaithe. ( 45 ) |
|
61. |
Sula mínítear cén fáth, ní mór aghaidh a thabhairt ar réamh-shaincheist amháin. Le cur i bhfeidhm riail Iarscríbhinn VI, glactar leis, i gcás ina mbeadh na hainmneacha atá i rialacha na Fraince os a gcomhair, go mbeadh coinne ag tomhaltóirí leis go mbeadh feoil iontu. |
|
62. |
Le tabhairt chun cuimhne tá feidhm ag riail Iarscríbhinn VI i gcás ina ndéantar ‘comhábhar nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair a mbíonn súil ag na tomhaltóirí gurb í nó gurb é is iondúil a bhíonn á úsáid iontu nó a bhíonn iontu go nádúrtha’. ( 46 ) |
|
63. |
Ní cosúil go bhfuil aon díospóid ann i measc na bpáirtithe os comhair na Cúirte maidir leis an bhfíric go mbeadh tomhaltóirí ag súil gur táirge de bhunadh ainmhíoch a bheadh i mbia a ainmnítear leis an ainm ‘ispín’, ‘stéig’ amháin nó aon léiriú eile dá dtagraítear i rialacha na Fraince. |
|
64. |
Bunaithe ar réamhleagan den sórt sin, leanfaidh mé ar aghaidh leis an anailís maidir le cén cineál ionaduithe a bhfuil feidhm ag riail Iarscríbhinn VI maidir leo. |
(a) An gcumhdaítear le riail Iarscríbhinn VI próitéiní plandúla a chur in ionad feola?
|
65. |
De réir a téarmaí sainráite, tá riail Iarscríbhinn VI ábhartha do chásanna ina ndéantar comhábhar éagsúil a chur in ionad comhábhair a mbíonn tomhaltóirí ag súil leis i mbia áirithe go páirteach nó go hiomlán. Dá bhrí sin, cumhdaítear le foclaíocht na rialach sin cás, mar shampla, nach bhfuil aon fheoil in ispíní, ach próitéiní plandúla amháin. Ina theannta sin, ní thugtar le fios le haon ní san fhoclaíocht sin nach bhfuil feidhm ag an riail sin ach amháin maidir le bia a bhfuil níos mó ná aon chomhábhar amháin ann. |
|
66. |
Is cosúil go bhfuil sé ábhartha riail Iarscríbhinn VI a chur i gcomhthéacs níos leithne Rialachán 1169/2011, Airteagal 7(1)(d) de. Tugann an fhoráil sin le tuiscint go bhfuil úsáid ainm bia a thugann le tuiscint go bhfuil comhábhar sa bhia (feoil) de ghnáth, ach ar cuireadh comhábhar eile (próitéin phlandúil) ina ionad i ndáiríre, míthreorach i bprionsabal agus, dá bhrí sin, go bhfuil toirmeasc air. |
|
67. |
I ndáil leis sin, is féidir a mheas go gcuireann riail Iarscríbhinn VI réiteach ar fáil inar féidir an t‑ainm atá i gceist a úsáid, áfach, cé gur cuireadh comhábhar eile in ionad an chomhábhair a rabhthas ag súil leis. Is é an réiteach ná tásc a chur leis an ainm a shoiléiríonn an comhábhar ionadach. Mar shampla, fiú má chruthaíonn an t‑ainm ‘ispín’ ionchas go mbeidh feoil ann, d’fhéadfadh an téarma ‘ispín glasraí’ a mhíniú gur cuireadh próitéiní plandúla in ionad feola sa táirge sin. ( 47 ) |
|
68. |
Comhthacaíonn an stair reachtach freisin le hinfheidhmeacht riail Iarscríbhinn VI maidir le próitéiní plandúla a chur in ionad feola. |
|
69. |
Le linn an phróisis cinnteoireachta, bhí Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh araon ar aon intinn go bhféadfaí ainm an bhunbhia a ndearnadh a chomhábhair a ionadú a úsáid chun an bia ionadach ina mbeadh comhábhair éagsúla a ainmniú. Níor aontaigh siad, áfach, faoin gcaoi ar cuireadh tomhaltóirí ar an eolas faoi sin. Cé gur mhol an Pharlaimint go n‑úsáidfí sonrúcháin áirithe, amhail ‘bia bréige’, ( 48 ) chuir an Chomhairle ina choinne sin agus b’fhearr léi go dtabharfaí léiriú soiléir ar an gcomhábhar ionadach chomh maith le hainm an bhia. ( 49 ) Sa leagan deiridh, thángthas ar chomhréiteach go gcuirfí an tásc sin i ndlúthghaireacht don ainm agus i gclómhéid áirithe. ( 50 ) |
|
70. |
Dá bhrí sin, tugtar le fios sa stair reachtach nár theastaigh ón bParlaimint ná ón gComhairle cosc a chur ar úsáid ainmneacha a úsáidtear de ghnáth le haghaidh cineál amháin bia a úsáid le haghaidh cineál éagsúil bia freisin; ní raibh difríocht eatarthu ach amháin sa réiteach atá beartaithe maidir le conas an mearbhall a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí a shárú. |
|
71. |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo go gcumhdaítear le riail Iarscríbhinn VI próitéiní plandúla a chur in ionad feola. |
(b) Ábharthacht an bhreithiúnais in TofuTown.com maidir le léiriú riail Iarscríbhinn VI
|
72. |
Tugtar le fios sa bhreithiúnas in TofuTown.com ( 51 ) gur féidir cur i bhfeidhm riail Iarscríbhinn VI a eisiamh trí ainm dlíthiúil a bhunú. |
|
73. |
Mar a mhínítear (féach míreanna 32 go 37 den Tuairim seo), de réir Airteagal 17 de Rialachán 1169/2011, ní mór d’oibreoirí tuairisc a thabhairt ar a dtáirgí bia faoina n‑ainm dlíthiúil más ann dó. Mura bhfuil ann dó, agus ós rud é go gcaithfidh siad ainm a thabhairt dá dtáirgí, féadfaidh siad gnáthainm nó ainm tuairisciúil a úsáid. |
|
74. |
Bhain cás TofuTown.com leis an gceist an bhféadfaí téarmaí amhail ‘im tofu’, ‘cáis veigeatórach’ agus ‘bainne soighe’ a úsáid, ós rud é go leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ( 52 ) sainmhínithe sonracha ar ‘b[h]ainne’ agus ‘táirgí bainne’, lena n‑áirítear ‘im’ agus ‘cáis’. Chinn an Chúirt nach bhféadfaí na téarmaí sin a úsáid chun táirgí atá bunaithe ar phlandaí amháin a ainmniú, fiú dá mbeadh tásca breise ann maidir leis an gcomhábhar ionadach i ndlúthghaireacht do na hainmneacha. Mheas an Chúirt gur le haghaidh táirgí bainne amháin a forchoimeádadh na téarmaí sin. ( 53 ) |
|
75. |
Ina theannta sin, le Rialachán 1308/2013, forchoimeádtar go heisiach do tháirgí bainne na hainmneacha sin de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán 1169/2011 a úsáidtear iarbhír le haghaidh táirgí bainne. Áiríodh leis sin gnáthainmneacha, amhail an téarma ‘Sahne’ sa Ghearmáinis. Murab ionann agus an téarma ‘Rahm’, níor áiríodh an téarma ‘Sahne’ i Rialachán 1308/2013. Mar sin féin, mheas an Chúirt nach bhféadfaí an gnáthainm sin a úsáid ach oiread chun táirge plandabhunaithe amháin a ainmniú. ( 54 ) |
|
76. |
Feictear dom gur féidir an breithiúnas sin a léamh ar an mbealach seo a leanas: i gcás ina bhfuil ainm dlíthiúil ag táirge, ní féidir an t‑ainm dlíthiúil sin a úsáid, fiú le tásc breise, chun táirge ina bhfuil comhábhair ionadacha a ainmniú. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, dá mba ainm dlíthiúil é ‘ispín’, ní fhéadfaí é a úsáid chun táirge ina bhfuil próitéiní glasraí amháin a ainmniú, fiú má tá tásc breise ann amhail ‘ispín glasraí’. |
|
77. |
Is í an chonclúid a d’fhéadfaí a bhaint as an mbreithiúnas in TofuTown.com ná go gceadaítear le riail Iarscríbhinn VI ainmneacha feola a úsáid le haghaidh bia atá bunaithe ar phróitéin phlandúil agus gan tásc breise a bheith ag gabháil le hainm an bhia ach amháin mura ainm dlíthiúil é an t‑ainm feola. Trí ainm dlíthiúil a bhunú, féadfaidh an reachtóir a úsáid le haghaidh aon táirge ionadach a thoirmeasc. |
|
78. |
Is féidir ainm dlíthiúil den sórt sin a sholáthar le dlí an Aontais, mar a tharla in TofuTown.com, nó in éagmais aon reachtaíocht de chuid an Aontais, leis an dlí náisiúnta. |
|
79. |
Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit toirmeasc a chur ar ghnáthainmneacha feola a úsáid le haghaidh bianna atá bunaithe ar phróitéin phlandúil trí ainmneacha dlíthiúla a dhéanamh de ghnáthainmneacha den sórt sin. |
|
80. |
Molaim, dá bhrí sin, go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais an dara ceist ar an mbealach seo a leanas. Le riail Iarscríbhinn VI, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 de Rialachán 1169/2011, níl comhchuibhiú sonrach déanta ar úsáid ainmneacha le haghaidh táirgí ionadacha. Fágann na forálacha sin gur féidir leis na Ballstáit ainmneacha dlíthiúla a bhunú, agus na hainmneacha sin á bhforchoimeád ar an gcaoi sin i gcás bianna áirithe. |
|
81. |
Ós rud é gur féidir leis an reachtóir riail Iarscríbhinn VI a eisiamh trí ainmneacha dlíthiúla a bhunú, arís eile, is í an cheist ábhartha atá le freagairt ar deireadh ag an gcúirt a rinne an tarchur a bhfuil i ndáiríre i gceist le rialacha na Fraince. Tiocfaidh mé ar aghaidh leis an gceist sin anois. |
4. An mbunaítear ainmneacha dlíthiúla le rialacha na Fraince?
|
82. |
Is cosúil go nglacann na páirtithe os comhair na Cúirte seo seasaimh éagsúla maidir le cé acu a bhunaítear nó nach mbunaítear ainmneacha dlíthiúla le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch le rialacha na Fraince. |
|
83. |
Níor ghlac Rialtas na Fraince seasamh sna barúlacha i scríbhinn a chuir sé faoi bhráid na Cúirte maidir le cé acu a bhí nó nach raibh sé beartaithe ag údaráis na Fraince ainmneacha dlíthiúla a bhunú. Mar sin féin, maíonn Protéines France, i gcomhthéacs na n‑imeachtaí intíre, gur dhiúltaigh údaráis na Fraince don hipitéis gur bunaíodh ainmneacha dlíthiúla le foraithne 2022. ( 55 ) Níor míníodh comhthéacs na conspóide sin. |
|
84. |
I mo thuairimse, ní mór measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ainmneacha dlíthiúla rialáilte ag rialacha na Fraince, ar bhonn na héifeachta atá ag rialacha den sórt sin. Níl rún na n‑údarás náisiúnta cinntitheach maidir leis an measúnú sin. |
|
85. |
Más é éifeacht na rialacha náisiúnta go bhforchoimeádtar ainmneacha áirithe le haghaidh cineálacha áirithe táirgí, socraítear ainmneacha dlíthiúla leis sin. Is amhlaidh atá an cás fiú amháin más rud é, go foirmiúil, nach luaitear sna rialacha sin go rialaíonn siad ainmneacha bia. |
|
86. |
Bunaithe ar an bhfaisnéis sa cháschomhad, feictear dom go mbunaíonn rialacha na Fraince ainmneacha dlíthiúla bianna áirithe atá bunaithe ar fheoil. |
|
87. |
Ar an gcéad dul síos, is léir go bhféadfaí ainmneacha táirgí feola a rialáil ar an leibhéal náisiúnta, ós rud é nach mbunaítear ainmneacha den sórt sin ar leibhéal an Aontais, mar atá siad, mar shampla, i gcás táirgí bainne. Chomh fada agus is eol dom, cé is moite de roinnt eisceachtaí, ( 56 ) níl aon ainmneacha dlíthiúla ann le haghaidh táirgí feola ar leith i reachtaíocht an Aontais. ( 57 ) |
|
88. |
I ndáil leis sin, i gcomhthéacs reachtaíocht AE maidir le CBT, mhol an Pharlaimint leasú a bhí beartaithe chun úsáid téarmaí áirithe a theorannú do tháirgí feola. Ba é seo a leanas an leasú sin: ‘Ainmneacha a thagann faoi Airteagal 17 de [Rialachán 1169/2011] agus atá in úsáid faoi láthair do tháirgí feola agus do tháirgeadh feola, forchoimeádfar iad go heisiach do tháirgí ina bhfuil feoil. Áirítear ar na hainmniúcháin sin, mar shampla: Stéig, Ispín, Scalóip, Burgar, Burgar Mairteola.’ ( 58 ) Ach tréigeadh an togra sin áfach. ( 59 ) |
|
89. |
Dá bhféadfadh reachtóir an Aontais na hainmneacha sin a rialáil ar leibhéal an Aontais ach nár rialáil, cén fáth nach bhféadfadh Ballstát an rud céanna a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta? |
|
90. |
Dála reachtaíocht tréigthe an Aontais, forchoimeádann rialacha na Fraince ainmneacha áirithe le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch. Mar a léiríonn Beyond Meat, fágann na rialacha sin go bhfuil sé dodhéanta go praiticiúil aon ainmneacha feola a úsáid le haghaidh bianna atá bunaithe ar phróitéin phlandúil. |
|
91. |
Go bunúsach, códaíonn rialacha na Fraince gnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla le haghaidh feola, agus ar an gcaoi sin déantar ainmneacha dlíthiúla díobh. I ndáil leis sin, níl rialacha na Fraince mórán éagsúil le reachtaíocht an Aontais maidir le bainne agus táirgí bainne, a bhí i gceist in TofuTown.com. Díreach mar nach sainítear i Rialachán 1308/2013 cion beacht na dtáirgí bainne a liostaítear, amhail im agus cáis, ach go gceanglaítear leis go mbeidh bainne iontu, ní shainítear i rialacha na Fraince ábhar beacht gach táirge a luaitear, ach tugtar le tuiscint nach mór feoil a bheith iontu. |
|
92. |
Ina theannta sin, cosúil le Rialachán 1308/2013 atá i gceist in TofuTown.com, inar tagraíodh d’ainmneacha a úsáidtear iarbhír le haghaidh táirgí bainne gan iad a liostú go sainráite, tagraíonn rialacha na Fraince d’ainmneacha a úsáidtear iarbhír le haghaidh táirgí feola – amhail téarmaí sonracha a úsáidtear le haghaidh búistéireachta agus charcuterie – agus ar an gcaoi sin déantar ainmneacha dlíthiúla díobh, ar an mbealach céanna a aithníonn an Chúirt in TofuTown.com, a fhorchoimeádtar le haghaidh táirgí ina bhfuil feoil agus dóibhsean amháin. |
|
93. |
An bhfuil tábhacht ag baint lenar spreag na rialacha náisiúnta? |
|
94. |
Táim den tuairim nach mbaineann na cúiseanna lena chinneadh an bhfuil ainmneacha dlíthiúla bunaithe ag rialacha áirithe. Cé acu a bhí nó nach raibh sé beartaithe ag údaráis na Fraince tomhaltóirí nó tionscal na feola a chosaint, nó an í is cúis leis na rialacha sin ná an oidhreacht ghastranómach náisiúnta a chosaint faoi mar a luaigh Rialtas na hIodáile, nó éagsúlacht teanga a chaomhnú nó aon chúis eile, níl tionchar aige sin ar an bhfreagra ar an gceist an é éifeacht na rialacha ainmneacha áirithe a fhorchoimeád do tháirgí áirithe. Is é sin, i mo thuairim, an t‑aon cheist amháin atá ábhartha. |
|
95. |
Tá claonadh ionam freisin aontú leis na hargóintí a chuir Rialtas na hIodáile chun cinn gurb ionann an toirmeasc ar ainm a úsáidtear de ghnáth le haghaidh bianna áirithe a úsáid le haghaidh bianna eile agus an t‑ainm sin a fhorchoimeád don bhia bunaidh. Is cuma nach luann siad go foirmiúil gur ainmneacha dlíthiúla iad seo. |
|
96. |
Mar atá á chur i bhfeidhm ag rialacha na Fraince, tá an toirmeasc ar úsáid ainmneacha feola le haghaidh bianna atá bunaithe ar phróitéin phlandúil comhionann leis na hainmneacha sin a chur in áirithe do bhianna atá bunaithe ar fheoil. |
|
97. |
Dá bhrí sin, dar liom, leagann rialacha na Fraince ainmneacha dlíthiúla síos. Mar sin féin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé an méid sin a fhíorú ar deireadh. |
|
98. |
Mar achoimre, ní chuirtear cosc le hAirteagal 7 de Rialachán 1169/2011, ná riail Iarscríbhinn VI, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 de, ar na Ballstáit ainmneacha dlíthiúla a bhunú (in éagmais ainmneacha dlíthiúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais). Dá bhrí sin, má bhunaítear ainmneacha dlíthiúla le rialacha na Fraince, tagann siad faoi Airteagal 38(2) den Rialachán sin. |
C. Ceisteanna breise
|
99. |
I bhfianaise an togra atá agam déileáil le rialacha na Fraince mar rialacha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 38(2) de Rialachán 1169/2011, is gá freagra a thabhairt ar an tacar ceisteanna laistigh de rúibric an cheathrú ceist. |
1. An ceathrú ceist
|
100. |
Leanann an freagra ar chuid (a) agus ar chuid (b) den cheathrú ceist ón anailís ar an dara ceist. |
|
101. |
Le hAirteagail 9 agus 17 de Rialachán 1169/2011, ní chuirtear bac ar na Ballstáit beart náisiúnta a ghlacadh lena gcinntear cion na bpróitéiní plandúla faoina gceadaítear úsáid ainmneacha lena n‑ainmnítear bianna de bhunadh ainmhíoch chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a thuairisciú, a mhargú nó a chur chun cinn. Trí chionmhaireachtaí den sórt sin a bhunú, is amhlaidh a bhunaíonn na Ballstáit ainmneacha dlíthiúla. |
|
102. |
Trí bhearta náisiúnta a ghlacadh lena dtoirmisctear gnáthainmneacha agus ainmneacha tuairisciúla áirithe a úsáid, lena n‑áirítear nuair a bhíonn tásca breise ag gabháil leo, iompaíonn Ballstát na gnáthainmneacha agus na hainmneacha tuairisciúla sin ina n‑ainmneacha dlíthiúla, a bhfuil siad i dteideal a dhéanamh. |
|
103. |
Le cuid (c) den cheathrú ceist, is cosúil go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur deimhniú ar chinneadh a rinne sí cheana féin. Leanann sé, eadhon, ón ordú tarchuir gur tíolacadh éileamh go sáraíonn foraithne 2022 rialacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht earraí mar éileamh ar leithligh sna príomhimeachtaí agus gur dhiúltaigh an chúirt a rinne an tarchur dó. Mhínigh an chúirt sin gur mheas sí nach gcruthaíonn an fhoraithne sin bacainn ar allmhairí bia ó Bhallstáit eile, ná ar onnmhairí ón bhFrainc isteach i mBallstáit eile. |
|
104. |
Le tabhairt chun cuimhne, má aicmítear rialacha na Fraince a bheith ina n‑ábhair nach gcomhchuibhítear go sonrach le Rialachán 1169/2011, ansin de bhua Airteagal 38(2) den Rialachán sin, ceadaítear na rialacha sin ‘ar choinníoll nach gcuireann na bearta sin cosc, bac ná srian ar shaorghluaiseacht earraí’. |
|
105. |
Áitíonn Rialtas na Fraince go gcomhlíonann rialacha na Fraince Airteagal 38(2) de Rialachán 1169/2011 toisc go mbaineann siad le staid inmheánach amháin agus, dá bhrí sin, nach gclúdaítear iad leis an tsaorghluaiseacht earraí. Ní féidir le bearta den sórt sin, nach bhfuil ceaptha chun trádáil earraí idir na Ballstáit a rialú, a bheith mar bhacainn ar shaorghluaiseacht earraí. |
|
106. |
I gcodarsnacht leis sin, tá EVU agus Beyond Meat den tuairim go gcuireann foraithne 2022 srian ar shaorghluaiseacht earraí. Áitíonn siad freisin nach gcomhlíonann an fhoraithne sin aon chuspóir leasa ghinearálta agus nach bhfuil sí riachtanach ná comhréireach. |
|
107. |
I ndáil leis sin, tugaim chun cuimhne nach bhfuil feidhm ag rialacha na Fraince ach amháin maidir le bia a tháirgtear sa Fhrainc do mhargadh na Fraince. Dá bhrí sin, rialaítear leis na rialacha sin cás inmheánach amháin, atá lasmuigh de raon feidhme rialacha an Chonartha lena rialaítear saoirsí an mhargaidh. |
|
108. |
Mar shampla, in Mathot, ( 60 ) chinn an Chúirt nár chuir rialacha lipéadaithe maidir le him a fhorchuirtear ar tháirgeoirí Beilgeacha amháin, agus ní ar tháirgeoirí ó Bhallstáit eile, srian ar allmhairí ime ná nár dhochar iad do mhargú ime allmhairithe (faoi Airteagal 34 CFAE mar atá anois). Dá bhrí sin, níor sháraigh sé na rialacha maidir le saorghluaiseacht. |
|
109. |
Níos déanaí fós, in Asociación Nacional de Productores de Ganado Porcino, ( 61 ) chinn an Chúirt nár cuireadh bac ar reachtaíocht náisiúnta, lenar foráladh nach bhféadfaí sonrúchán díolacháin áirithe le haghaidh mhuca Ibéaracha (‘ibérico de cebo’) a dheonú ach amháin do tháirgí a chomhlíon coinníollacha áirithe arna bhforchur leis an reachtaíocht sin a bhaineann leis an gcríoch náisiúnta amháin, le hAirteagal 34 CFAE a bhaineann le srianta ar allmhairí, ná le hAirteagal 35 CFAE a bhaineann le srianta ar onnmhairí. Bhí foráil sa reachtaíocht sin lena gceadaítear táirgí ó Bhallstáit eile faoi ainmniúcháin chomhchosúla a allmhairiú agus a mhargú sa Spáinn faoi ainmniúcháin den sórt sin gan na ceanglais a leagtar síos leis a chomhlíonadh. |
|
110. |
Tá forálacha comhchosúla i rialacha na Fraince. |
|
111. |
Ní gá údar a bheith le rialacha náisiúnta atá lasmuigh de raon feidhme na rialacha maidir le saorghluaiseacht. ( 62 ) Dá bhrí sin, ní bhaineann argóintí nach bhfuil rialacha den sórt sin comhréireach le hábhar mar ábhar dhlí an Aontais, toisc nach gcruthaíonn siad bacainn ar thrádáil. |
|
112. |
Cuireann Beyond Meat argóint leis maidir leis an bhfáth a bhféadfaí a mheas go gcruthaíonn foraithne 2022 bac ar thrádáil. Cuireann sé i dtábhacht go mbainistíonn oibreoirí slabhraí soláthair casta a bhaineann le roinnt Ballstát, agus dá bhrí sin go gcruthaíonn an fhoraithne sin rioscaí suntasacha dlíthiúla d’oibreoirí atá bunaithe i mBallstáit eile nuair a mhargaíonn siad a dtáirgí sa Fhrainc, toisc go mbeidh orthu tionscnamh a dtáirgí agus comhlíonadh reachtaíocht ceann de na Ballstáit eile a léiriú. |
|
113. |
Is féidir liom a rá go bhfuil an argóint sin an‑láidir. Foráiltear le foraithne 2022 nach bhfuil feidhm aici maidir le táirgí ó Bhallstáit eile, ó Stáit LEE agus ón Tuirc. Dá bhrí sin, ionas nach ngabhfadh a rialacha leis, bheadh ar allmhaireoir a chruthú gur de thionscnamh ceann de na Stáit sin an táirge, cruthúnas a d’fhéadfadh ualaí agus costais bhreise riaracháin a fhorchur. |
|
114. |
Leasaíodh an fhoráil sin d’fhoraithne 2022, áfach. Foráiltear anois le foraithne 2024 nach bhfuil feidhm ag a rialacha maidir le haon táirge allmhairithe, rud a chiallaíonn nach gá d’allmhaireoirí tionscnamh an bhia allmhairithe a chruthú chun cur i bhfeidhm na foraithne sin a sheachaint. |
|
115. |
Dá bhrí sin, molaim go bhfreagróidh an Chúirt cuid (c) den cheathrú ceist sa chaoi is nach gcuireann Rialachán 1169/2011 cosc ar na Ballstáit rialacha a ghlacadh a bhfuil feidhm acu go heisiach maidir le staideanna inmheánacha amháin agus nach gá údar a bheith leis na bearta sin. |
|
116. |
D’fhéadfainn a rá freisin go bhféadfadh sé go mbeadh gá fós le bonn cirt mar ábhar dlí náisiúnta. Ina theannta sin, is ábhar do phróisis pholaitiúla náisiúnta iad díospóireachtaí faoi na cúiseanna atá le reachtaíocht a thabhairt isteach, nó gan í a thabhairt isteach, lena mbunaítear ainmneacha dlíthiúla. |
|
117. |
Mar sin féin, is féidir conspóidí polaitiúla a thabhairt chuig réimse an Aontais, ós rud é gur féidir leis an Aontas Eorpach cinneadh a dhéanamh ainmneacha dlíthiúla a bhunú, nó cosc a chur ar bhunú na n‑ainmneacha sin. Tá na hargóintí a ardaíodh le linn na n‑imeachtaí sin go bhfuil an toirmeasc ar úsáid ainmneacha feola le haghaidh bianna glasraí bunaithe ar phróitéin ag teacht salach ar bheartais an Aontais, amhail an straitéis ‘Farm to Fork’ ( 63 ) nó an Comhaontú Glas don Eoraip i gcoitinne, tábhachtach. Mar sin féin, fad nach ndéanann reachtóir an Aontais idirghabháil, níl aon tionchar ag breithiúna na Cúirte, ná agamsa, ar an údar atá leis an toirmeasc ar ainmneacha feola a úsáid le haghaidh bianna atá plandabhunaithe sa Fhrainc nó in aon Bhallstát eile, is cuma cén dearcadh pearsanta atá againn ar an ábhar. |
2. An tríú ceist
|
118. |
Cuirtear an tríú ceist an é an freagra ar an gcéad cheist nó ar an dara ceist go bhfuil cosc ar na Ballstáit bearta amhail foraithne 2022 a ghlacadh. Má leanann an Chúirt an togra s’agamsa, ní gá an tríú ceist a fhreagairt. Mar mhalairt air sin, tabharfaidh mé aghaidh air go hachomair. |
|
119. |
Is é an freagra ar chuid (b) den tríú ceist, mura bhfuil inniúlacht iarmharach ag na Ballstáit rialáil a dhéanamh, nach féidir leo cion na bpróitéiní plandúla le haghaidh úsáid ainmneacha feola a chinneadh ach oiread. |
|
120. |
A mhéid a bhaineann le cuid (a) den tríú ceist, a bhaineann le pionóis riaracháin a fhorchur, is léir, fiú má tá comhchuibhiú sonrach ann, gur féidir leis na Ballstáit, agus go deimhin ní mór dóibh, cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha an Aontais a áirithiú. Má mheasann na húdaráis náisiúnta gur modh éifeachtach iad na pionóis riaracháin chun éifeachtacht rialacha an Aontais a áirithiú, ní chuirtear cosc orthu pionóis den sórt sin a fhorchur i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos le Rialachán 1169/2011. |
|
121. |
Deimhnítear é sin, mar atá léirithe ag an gCoimisiún, le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ( 64 ) lena gcuirtear an fhreagracht ar na Ballstáit dlí an bhia a fhorfheidhmiú. Áirítear leis sin rialacha a leagan síos maidir le pionóis. ( 65 ) |
|
122. |
Dá bhrí sin, molaim go bhfreagróidh an Chúirt cuid (a) den tríú ceist sa chaoi nach gcuirtear cosc le Rialachán 1169/2011 ar na Ballstáit pionóis riaracháin a fhorchur i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin sin. |
IV. Conclúid
|
123. |
I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a tharchuir an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) le haghaidh réamhrialú mar seo a leanas:
|
( 1 ) Bunteanga: an Béarla.
( 2 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO 2011 L 304, lch. 18) (‘Rialachán 1169/2011’).
( 3 ) Décret no 2022-947 du 29 juin 2022 relatif à l’utilisation de certaines dénominations employées pour désigner des denrées comportant des protéines végétales (Foraithne Uimh. 2022-947 an 29 Meitheamh 2022 a bhaineann le húsáid ainmneacha áirithe a úsáidtear chun earraí bia ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú) (JORF Uimh. 150 an 30 Meitheamh 2022, téacs Uimh. 3).
( 4 ) Eascraíonn Airteagal L.412-10 den Chód Tomhaltóirí as Airteagal 5 den Loi du 10 juin 2020 relative à la transparence de l’information sur les produits agricoles et alimentaires (Dlí an 10 Meitheamh 2020 maidir le trédhearcacht faisnéise faoi tháirgí talmhaíochta agus bia) (JORF Uimh. 142 an 11 Meitheamh 2020, téacs Uimh. 1).
( 5 ) Is comhlachas fiontar é Protéines France i margadh próitéine plandúla na Fraince. Rinne roinnt cuideachtaí idirghabháil chun tacú lena cur i bhfeidhm sna príomhimeachtaí, lena n‑áirítear an chuideachta Beyond Meat, Inc., chomh maith le 77 Foods SAS, Les Nouveaux Fermiers SAS, Umiami SAS, NxtFood SAS, Nutrition et santé SAS agus Olga SAS.
( 6 ) Is brateagraíocht é EVU de chomhlachais agus de chumainn veigeán agus veigeatóirí ar fud an Aontais Eorpaigh. Mar cheann dá bhaill, is cumann é AVF a bunaíodh sa Fhrainc a bhfuil sé mar aidhm aige veigeatóireachas a chur chun cinn.
( 7 ) Is táirgeoir bianna próitéine plandúla é Beyond Meat, a bhfuil a cheanncheathrú sna Stáit Aontaithe.
( 8 ) Féach Airteagal 2(3) agus (4) d’fhoraithne 2022.
( 9 ) Féach Airteagal 3(1) d’fhoraithne 2022.
( 10 ) Tá an liosta de níos mó ná 300 ainm san iarscríbhinn roinnte i gcúig roinn de tháirgí ainmhithe, a bhfuil cion uasta de phróitéiní plandúla nach féidir a shárú in aice leo, idir 0.5 % agus 7 % de ghnáth. Mar shampla, faoi Roinn III maidir le hainmneacha, a dhíorthaítear ón gcód cleachtais, le haghaidh charcuterie comhdhéanta d’fheoil leasaithe, ‘bagún’ 0.5 %; ‘chipolata’ 0.5 %, ‘merguès/merguez’ agus ‘salami’ 1.0 %. Faoi Roinn IV maidir le hainmneacha, a dhíorthaítear ón gcód dea-chleachtais le haghaidh táirgí éanlaithe clóis, ‘cnaipíní (éanlaith chlóis)’ 3.5 %.
( 11 ) Décret no 2024-144 du 26 février 2024 relatif à l’utilisation de certaines dénominations employées pour désigner des denrées comportant des protéines végétales (Foraithne Uimh. 2024-144 an 26 Feabhra 2024 a bhaineann le húsáid ainmneacha áirithe a úsáidtear chun earraí bia ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú) (JORF Uimh. 48 an 27 Feabhra 2024, téacs Uimh. 15).
( 12 ) Féach Airteagal 9 d’fhoraithne 2024.
( 13 ) Féach Airteagal 2(3) d’fhoraithne 2024, a chuirtear in ionad Airteagal 2(3) agus (4) d’fhoraithne 2022.
( 14 ) Leagtar síos le hIarscríbhinn I a ghabhann le foraithne 2024 an liosta seo a leanas de 21 théarma: ‘filet; faux filet; rumsteck; entrecote; aiguillette baronne; bavette d’aloyau; onglet; hampe; biftek; basse côte; paleron; flanchet; steak; escalope; tendron; grillade; longe; travers; jambon; boucher/bouchère; charcutier/charcutière.’
( 15 ) In Iarscríbhinn II a ghabhann le foraithne 2024, tá liosta comhdhlúite téarmaí, a chuirtear i láthair anois in ord aibítre.
( 16 ) Féach, mar shampla, Carreño, I., ‘France bans “meaty” terms for plant‑based products: Will the European Union Follow?’, European Journal of Risk Regulation, Iml. 13, Uimh. 4, 2022, lch. 665; Planchenstainer, F. ‘“Meat me in Italy”: The Italian ban on meat‑sounding names and cell-cultured meat’, European Food and Feed Law Review, Iml. 19, Uimh. 2, 2024, lch. 66, go háirithe lch. 71.
( 17 ) Féach, mar shampla, Buxton, A., ‘Plant‑based labeling globally: Where consumers and companies currently stand’, Plant Based World Pulse, 18 Iúil 2023.
( 18 ) Féach, mar shampla, Polydor, S. agus Strobel, E.-M., ‘Switzerland: “No” to vegan salami, but “yes” to soy-based whipping cream? Labelling rules for plant‑based alternatives to foods of animal origin’, European Food and Feed Law Review, Iml. 16, Uimh. 3, 2021, lch. 239.
( 19 ) Maidir leis na Stáit Aontaithe, tugann scoláirí faoi deara go ndearna thart ar 30 stát iarracht reachtaíocht a rith a chuir cosc ar théarmaíocht feola do tháirgí plandabhunaithe nó feoil saotharlainne. Féach, mar shampla, Taylor, S., ‘Meat wars: The unsettled intersection of federal and state food labeling regulations for plant‑based meat alternatives’, University of Massachusetts Law Review, Iml. 15, Uimh. 2, 2020, lch. 269.
( 20 ) Féach, maidir leis an nGearmáin, mar shampla, Meisterernst, A., ‘Leitsätze vegetarische Lebensmittel Vor 300. Leitsätze für vegane und vegetarische Lebensmittel mit Ähnlichkeit zu Lebensmitteln tierischen Ursprungs’, in Sosnitza/Meisterernst, Lebensmittelrecht, Werkstand: 187. EL, Lúnasa 2023. míreanna 1 go 14; Horn, D., ‘II. Grundlagen des Lebensmittelrecht’, in Streinz/Kraus, Lebensmittelrechts-Handbuch, Werkstand: 46. EL Eanáir 2024, míreanna 246a-246 m (léite le cabhair an mheaisínaistriúcháin).
( 21 ) Féach, a mhéid a bhaineann leis an Ísiltír, Nederlandse Voedsel- en Warenautoriteit, Handboek Etikettering van levensmiddelen, Leagan 8.0, 27 Meitheamh 2022, mír 22.10 (léite le cabhair an mheaisínaistriúcháin).
( 22 ) Féach, mar shampla, Tai, S., ‘Legalizing the meaning of meat’, Loyola University Chicago Law Journal, Iml. 51, Uimh. 3, 2020, lch. 743.
( 23 ) Tá sé seo ar cheann de na príomhargóintí a thagann chun cinn i gcomhthéacs chomhchosúil sna Stát Aontaithe. Féach, mar shampla, Pitkoff, J., ‘State bans on labelling for alternative meat products: Free speech and consumer protection’, NYU Environmental Law Journal, Iml. 29, Uimh. 2, 2021, lch. 297.
( 24 ) Mar shampla, i gcomhthéacs an cháis as ar eascair breithiúnas an 14 Meitheamh 2017, TofuTown.com (C‑422/16, EU:C:2017:458, mír 16), thionscain an t‑iarratasóir, ar bhonn an dlí iomaíochta éagóraí náisiúnta, caingean le haghaidh urghaire chun toirmeasc a chur ar úsáid ainmneacha áirithe chun táirgí plandabhunaithe a mhargú.
( 25 ) Sa chás seo, d’ardaigh na hiarratasóirí argóint den sórt sin, ag maíomh gur sáraíodh an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na Rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 2015 L 241, lch. 1) nuair a glacadh foraithne 2022. Mhínigh an chúirt a rinne an tarchur, áfach, gur dhiúltaigh sí don argóint sin, agus nár tharchuir sí aon cheist ina leith sin.
( 26 ) Féach, mar shampla, Gutman, K., The Constitutional Foundations of Contract Law: A Comparative Analysis, Oxford University Press, Oxford, 2014, lgh. 31 go 36. Féach freisin Weatherill, S., ‘The fundamental question of minimum or maximum harmonisation’, in Garben, S. agus Govaere, I. (eag.), The Internal Market 2.0, Hart Publishing, Oxford, 2020, lch. 261.
( 27 ) Béim curtha leis.
( 28 ) Treoir ón gComhairle an 18 Nollaig 1978 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia atá ar díol don tomhaltóir deiridh (IO 1979 L 33, lch. 1), atá bunaithe go háirithe ar Airteagal 100 CEE (Airteagal 115 CFAE anois).
( 29 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia (IO 2000 L 109, lch. 29), bunaithe ar Airteagal 95 CE (Airteagal 114 CFAE anois).
( 30 ) Féach, go háirithe, Airteagal 1(1) agus Airteagal 3(1) agus (2) de Rialachán 1169/2011, mar aon le haithrisí 1 go 3 agus 37 de.
( 31 ) Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide atá ceaptha mar bhia don duine (IO 2000 L 197, lch. 19).
( 32 ) Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO 2002 L 10, lch. 47).
( 33 ) Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc caife agus le húisc siocaire (IO 1999 L 66, lch. 26).
( 34 ) Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO 2002 L 10, lch. 58).
( 35 ) De réir Airteagal 7(2) de Rialachán 1169/2011, ní mór faisnéis bhia a bheith cruinn, soiléir agus éasca le tuiscint don tomhaltóir.
( 36 ) Féach breithiúnas an 1 Nollaig 2022, LSI – an Ghearmáin (C‑595/21, EU:C:2022:949, go háirithe míreanna 24, 25 agus 35).
( 37 ) Féach, mar shampla, breithiúnais an 10 Deireadh Fómhair 1973, Variola (34/73, EU:C:1973:101, mír 10); an 5 Bealtaine 2015, an Spáinn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑146/13, EU:C:2015:298, mír 105); agus an 21 Márta 2024, Remia Com Impex (C‑10/23, EU:C:2024:259, mír 52).
( 38 ) Leagtar síos le hAirteagal 8 de Rialachán 1169/2011 freagrachtaí na n‑oibreoirí gnó bia maidir le ceanglais faisnéise bia.
( 39 ) Breithiúnas an 15 Samhain 2012, Al-Aqsa v an Chomhairle agus an Ísiltír v Al-Aqsa (C‑539/10 P agus C‑550/10 P, EU:C:2012:711, mír 85). Béim curtha leis.
( 40 ) Maidir le deacrachtaí a thagann chun cinn ina leith sin, féach Nilsson, K.L., ‘Misleading? To whom?’, European Food and Feed Law Review, Iml. 7, Uimh. 1, 2012, lch. 22.
( 41 ) Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 1(1) de Rialachán 1169/2011: ‘Leis an Rialachán seo, déantar an bunús a sholáthar chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí maidir le faisnéis bhia, agus na difríochtaí i dtaca le brath tomhaltóirí, agus riachtanas faisnéise tomhaltóirí, á gcur san áireamh...’ (béim curtha leis). Féach aithris 16 de freisin.
( 42 ) Féach, mar shampla, breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2009, Severi (C‑446/07, EU:C:2009:530, mír 60), agus an 4 Meitheamh 2015, Teekanne (C‑195/14, EU:C:2015:361, mír 36).
( 43 ) Tugaim faoi deara freisin nach gcuireann rialacha na Fraince cosc ar allmhairiú táirgí isteach sa Fhrainc a úsáideann ainmneacha feola le haghaidh bia atá bunaithe ar phróitéin phlandúil. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair a thuiscint conas a chosnaíonn na rialacha sin tomhaltóirí ó bheith curtha ar míthreoir, ós rud é go mbíonn táirgí comhionanna a mhargaítear faoi ainmneacha éagsúla ann ag an am céanna.
( 44 ) I ndáil leis sin, braitheann an Coimisiún ar a threoirdhoiciméad féin, lena soláthraítear, mar cheann de na samplaí, píotsa inar cuireadh táirge eile in ionad cáise. Féach an fógra ón gCoimisiún maidir le ceisteanna agus freagraí i ndáil le cur i bhfeidhm [Rialachán 1169/2011] (IO 2018 C 196, lch. 1), mír 2.1.
( 45 ) Féach, ina leith sin, Oelrichs, C., ‘Ersatzzutatenkennzeichnung und Irreführungseignung – Konsequenzen der EuGH-Rechtsprechung für die Gestaltung von Lebensmittelaufmachungen’, Zeitschrift für das gesamte Lebensmittelrecht, 2023, cuid 2, lch. 164 (léite le cabhair an mheaisínaistriúcháin).
( 46 ) Béim curtha leis.
( 47 ) Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin go mbaintear baol mearbhaill go huathfheidhmeach tríd an bhfocal ‘glasra’ a chur leis an ainm ‘ispín’. D’fhéadfadh ainm den sórt sin a bheith míthreorach fós. D’fhéadfadh sé, mar shampla, go gcreidfeadh tomhaltóir gur ispín é le glasraí breise. Mar sin féin, is ceist ar leithligh í an bhfuil an tásc breise a roghnaíodh míthreorach ón gceist an gceadaítear, i bprionsabal, tásc den sórt sin a chur le hainm feola chun bia plandabhunaithe a ainmniú.
( 48 ) Féach Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, A7-0109/2010, 19 Aibreán 2010, leasuithe 63, 78 agus 230, lgh. 40, 46, 47, 120 agus 121.
( 49 ) Féach Seasamh (AE) Uimh. 7/2011 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE, Treoir 90/496/CEE, Treoir 1999/10/CE, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004, arna nglacadh ag an gComhairle an 21 Feabhra 2011 (IO 2011 C 102 E, lch. 1), Ráiteas ar Chúiseanna na Comhairle, cuid III(A), mír (b), lch. 44. Féach freisin, mar shampla, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa ar bhun Airteagal 294(6) [CFAE] maidir le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, COM (2011) 77 final, 22 Feabhra 2011, lgh. 4 agus 5; Doiciméad 9426/11 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011, go háirithe lch. 4 agus an Iarscríbhinn, lgh. 113 go 116.
( 50 ) Féach, mar shampla, Doiciméad 11001/11 ón gComhairle, an 6 Meitheamh 2011, go háirithe lch. 7 agus an Iarscríbhinn, lgh. 46 go 50; 11623/11 ón gComhairle, an 20 Meitheamh 2011; 12512/11 ón gComhairle, an 14 Iúil 2011.
( 51 ) Breithiúnas an 14 Meitheamh 2017 (C‑422/16, EU:C:2017:458).
( 52 ) Féach Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 671) (‘Rialachán 1308/2013’), go háirithe Airteagal 78(1)(c) agus míreanna 1 agus 2 de Chuid III d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis. Glacadh an Rialachán sin i gcomhthéacs CBT.
( 53 ) Féach breithiúnas an 14 Meitheamh 2017, TofuTown.com (C‑422/16, EU:C:2017:458, go háirithe míreanna 25 go 27 agus 40)
( 54 ) Féach breithiúnas an 14 Meitheamh 2017, TofuTown.com (C‑422/16, EU:C:2017:458, go háirithe míreanna 28 go 30).
( 55 ) Déanann Protéines France an ordonnance du juge des référés du Conseil d’État (ordú ó Bhreitheamh an fhaoisimh eatramhaigh na Comhairle Stáit), an 27 Iúil 2022, mír 10, a agairt.
( 56 ) Féach Rialachán 1308/2013, go háirithe Airteagal 78(1)(a) agus (d) agus míreanna I go III de Chuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis (maidir le mairteoil agus laofheoil). Féach freisin Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO 2004 L 139, lch. 55), míreanna 1.1, 3.1 agus 7.1 d’Iarscríbhinn I de (maidir le sainmhínithe ar fheoil, ar tháirgí iascaigh agus ar tháirgí feola), dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(f) de Rialachán 1169/2011.
( 57 ) Féach Carreño, I. agus Dolle, T., ‘Tofu steaks? Developments on the naming and marketing of plant‑based foods in the aftermath of the TofuTown judgment’European Journal of Risk Regulation, Iml. 9, Uimh. 3, 2018, lch. 575, go háirithe lch. 576.
( 58 ) Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n‑oileán beag Aeigéach (‘an togra’), A8-0198/2019, 7 Bealtaine 2019, leasú 165, lgh. 168 go 170.
( 59 ) Féach leasuithe Pharlaimint na hEorpa a glacadh an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an togra, a luaitear i bhfonóta 58 a ghabhann leis an Tuairim seo, P9-TA(2020)0289; féach freisin rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 maidir leis an togra sin, P9_TA(2021)0458.
( 60 ) Féach breithiúnas an 18 Feabhra 1987 (98/86, EU:C:1987:89, míreanna 6 go 9 agus 12).
( 61 ) Féach breithiúnas an 14 Meitheamh 2018 (C‑169/17, EU:C:2018:440, míreanna 21 go 31).
( 62 ) Féach, ina leith sin, mo Thuairim in Società Italiana Imprese Balneari (C‑598/22, EU:C:2024:129, go háirithe míreanna 36 go 44), ina bpléitear an t‑idirdhealú idir, ar thaobh amháin, bearta náisiúnta arb ionann iad agus bac éigin ar a laghad ar shaorghluaiseacht agus nach gá iad a thoirmeasc más féidir údar a thabhairt leo agus, ar an taobh eile, bearta náisiúnta nach bacainní ar thrádáil iad agus dá bhrí sin a eisiatar ó chur i bhfeidhm na gConarthaí.
( 63 ) Féach, ina leith sin, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ COM(2020) 381 final, an 20 Bealtaine 2020, go háirithe mír 2.4.
( 64 ) Féach Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO 2002 L 31, lch. 1), go háirithe Airteagal 17(2).
( 65 ) Féach, maidir le réamhtheachtaí Rialachán 1169/2011, eadhon Treoir 2000/13, breithiúnas an 23 Samhain 2006, Lidl Italia (C-315/05, EU:C:2006:736, mír 58); féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Stix-Hackl in Lidl Italia (C-315/05, EU:C:2006:553, mír 35).