Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CB0761

Cás C-761/23, Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – an tSeicia) – N.V.N. v Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí – Treoir 2011/98/AE – Cead aonair a eisiúint do náisiúnaigh tríú tír chun obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit – Prionsabal an chomhionannais – Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Faisnéis rúnaicmithe – Rochtain ar an gcomhad)

IO C, C/2025/239, 20.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/239/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/239/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/239

20.1.2025

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – an tSeicia) – N.V.N. v Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců

(Cás C-761/23, Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců)  (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí - Treoir 2011/98/AE - Cead aonair a eisiúint do náisiúnaigh tríú tír chun obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit - Prionsabal an chomhionannais - Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Faisnéis rúnaicmithe - Rochtain ar an gcomhad)

(C/2025/239)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe

Iarratasóir: N.V.N.

Cosantóir: Komise pro rozhodování ve věcech pobytu cizinců

An chuid oibríochtúil

Ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagail 41 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le prionsabal an chomhionannais, sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta a n-iarrtar uirthi athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cinnidh maidir le cónaí arna ghlacadh de bhun Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát ar bhonn faisnéis rúnaicmithe, chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a údarú don duine lena mbaineann, i gcás ina measann an chúirt sin nach bhfuil bonn cirt leis an mainneachtain an fhaisnéis sin a nochtadh don duine sin, cé go bhfuil cumhacht den sórt sin aici i gcomhthéacs achomharc nach dtagann faoi raon feidhme díospóidí a bhaineann le ceart cónaithe eachtrannach.


(1)  IO C, C/2024/2723.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/239/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top