EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0825

Cás T-825/22: Caingean arna tabhairt an 29 Nollaig 2022 – Cucurnia v an Pharlaimint

IO C 94, 13.3.2023, p. 54–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 94/54


Caingean arna tabhairt an 29 Nollaig 2022 – Cucurnia v an Pharlaimint

(Cás T-825/22)

(2023/C 94/65)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Fiammetta Cucurnia (an Róimh, an Iodáil) (ionadaí: M. Merola, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú nach ann do bheart, nó mar mhalairt air sin é a neamhniú ina iomláine, ar beart é ar cuireadh an t-iarratasóir ar an eolas ina leith trí bhíthin na Teachtaireachta arna glacadh ag Ceann Aonaid an Aonaid um Thuarastal agus Theidil Shóisialta na bhFeisirí sa Stiúrthóireacht um Thuarastal agus Theidil Shóisialta na bhFeisirí in Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa maidir le hathríomh ceart pinsin scoir ar tugadh fógra ina leith trí litir chláraithe (Tag. D313509), a fuarthas an 28 Samhain 2022, lenar athríomhaigh Parlaimint na hEorpa a chearta pinsin scoir agus lenar ordaigh sí an méid a íocadh ar bhonn an phinsin arna ríomh roimhe sin a ghnóthú;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa na suimeanna uile a coinníodh siar go míchuí a aisíoc, móide an t-ús reachtúil lena mbaineann ón dáta a coinníodh siar iad go dtí an dáta a n-íoctar iad, agus a ordú do Pharlaimint na hEorpa an breithiúnas atá le tabhairt a chur chun feidhme agus na céimeanna, na gníomhartha nó na bearta is gá a dhéanamh chun tabhairt ar ais iomlán láithreach na scéime pinsin bunaidh a áirithiú;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear easpa inniúlachta údar an ghnímh lena ndéantar dochar do bhall foirne, sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta ar an bhforas go raibh an ráiteas ar chúiseanna neamhleor agus gur sáraíodh Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh dá bharr.

2.

An dara saincheist dlí lena maítear go raibh easpa bunúis dlí agus cur i bhfeidhm mícheart i dtaobh Airteagal 75 de na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht na bhFeisirí.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an prionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha agus cearta faighte a chosaint, agus sárú iarmhartach ar Airteagal 1 de Phrótacal Breise Uimh. 1 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.


Top