Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0514

    Cás T-514/22: Caingean arna tabhairt an 24 Lúnasa 2022 — Vitromed v EUIPO — Vitromed Healthcare (VITROMED Germany)

    IO C 380, 3.10.2022, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/26


    Caingean arna tabhairt an 24 Lúnasa 2022 — Vitromed v EUIPO — Vitromed Healthcare (VITROMED Germany)

    (Cás T-514/22)

    (2022/C 380/32)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Vitromed GmbH (Jena, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Linß, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Vitromed Healthcare (Jaipur, an India)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: an t-iarratasóir

    Trádmharc atá faoi cheist: ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh VITROMED Germany — Iarratas Uimh. 18 209 244

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Meitheamh 2022 i gCás R 1670/2021-2

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    an freasúra ina iomláine a dhíbhe;

    a ordú don chosantóir na costais a íoc.

    Saincheist dlí

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top