Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0443

    Cás T-443/22: Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2022 — PV v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

    IO C 380, 3.10.2022, p. 17–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/17


    Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2022 — PV v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

    (Cás T-443/22)

    (2022/C 380/20)

    Teanga an cháis: an Gréigis

    Páirtithe sna himeachtaí

    Iarratasóir: PV (ionadaí: P. Yatagantzidis, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    na cinntí atá faoi chonspóid a neamhniú, eadhon (a) Cinneadh Uimh. 015/2022 an 23 Márta 2022 lena ndiúltaítear do chinneadh chomhlacht coláisteach an chosantóra an 3 Nollaig 2021 i gcoinne Chinneadh Uimh. 090/2021 agus Cinneadh an 8 Meán Fómhair 2021 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra, (b) Cinneadh Uimh. 090/2021 an 8 Meán Fómhair 2021 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra, (c) Cinneadh Uimh. 021/2022 an 30 Bealtaine 2022 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra agus (d) gach gníomh gaolmhar nó neamhghníomh gaolmhar eile de chuid chomhlachtaí an chosantóra;

    a ordú don chosantóir méid iomlán EUR 100 000 leis mar chúiteamh as an damáiste neamhábhartha a bhain di; agus,

    a ordú don chosantóir na costais a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Chun tacú leis an gcaingean, tá an t-iarratasóir ag brath ar na saincheisteanna dlí céanna a mhaíodh i gCás T-442/22 PU v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.


    Top