Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0442

Cás T-442/22: Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2022 — PU v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

IO C 380, 3.10.2022, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 380/16


Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2022 — PU v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

(Cás T-442/22)

(2022/C 380/19)

Teanga an cháis: an Gréigis

Páirtithe sna himeachtaí

Iarratasóir: PU (ionadaí: P. Yatagantzidis, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na cinntí atá faoi chonspóid a neamhniú, eadhon (a) Cinneadh Uimh. 015/2022 an 23 Márta 2022 lena ndiúltaítear do chinneadh chomhlacht coláisteach an chosantóra an 3 Nollaig 2021 i gcoinne Chinneadh Uimh. 090/2021 agus Cinneadh an 8 Meán Fómhair 2021 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra, (b) Cinneadh Uimh. 090/2021 an 8 Meán Fómhair 2021 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra, (c) Cinneadh Uimh. 021/2022 an 30 Bealtaine 2022 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra agus (d) gach gníomh gaolmhar nó neamhghníomh gaolmhar eile de chuid chomhlachtaí an chosantóra;

a ordú don chosantóir méid iomlán EUR 100 000 leis mar chúiteamh as an damáiste neamhábhartha a bhain di; agus,

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí mar seo a leanas.

1.

An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear lochtanna nóis imeachta:

sárú ar phrionsabal na neamhchlaontachta, prionsabal an chomhionannais maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun measúnú a dhéanamh orthu siúd atá molta ag an Ardchomhairle Breithiúnach, buncheanglais nós imeachta Airteagail 1 go 3 de Chinneadh Uimh. 013/2020 ón gcomhlacht coláisteach maidir leis an nós imeachta chun Ionchúisitheoirí Eorpacha a thoghadh, an oibleagáid miontuairiscí an agallaimh a choinneáil agus an ceart chun éisteacht a fháil.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear lochtanna sa ráiteas ar chúiseanna na gcinntí atá faoi chonspóid.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe fhollasach agus barraíocht cumhachtaí lánroghnacha.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid cumhachtaí.


Top