EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0403

Cás T-403/22: Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – DZ Bank v BRA

IO C 380, 3.10.2022, p. 14–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 380/14


Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – DZ Bank v BRA

(Cás T-403/22)

(2022/C 380/17)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: DZ Bank AG Deutsche Zentral-Genossenschaftsbank, Frankfurt am Main (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger agus M. Weber, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2022 (SRB/ES/2022/18), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann an cinneadh atá faoi chonspóid, lena n-áirítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III leis an gcinneadh sin, le ranníocaíocht an iarratasóra;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Mar mhalairt air sin, sa chás ina measann an Chúirt Ghinearálta nach ann don chinneadh ó thaobh dlí de, de bharr gur úsáid an cosantóir an teanga oifigiúil mhícheart, agus go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú do-ghlactha dá bhrí sin ar an bhforas go bhfuil an chaingean gan chuspóir, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú nach ann don chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh dlí de;

a ordú don chosantóir costais na n-imecahtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ardaíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leo siúd a ardaíodh i gCás T-396/22 Landesbank Baden-Württemberg v BRA.


Top