EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0145

Cás T-145/22: Caingean arna tabhairt an 17 Márta 2022 – CEDC International v EUIPO – Underberg (Cruth bhrobh féir i mbuidéal)

IO C 198, 16.5.2022, p. 56–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 198, 16.5.2022, p. 40–40 (GA)

16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 198/40


Caingean arna tabhairt an 17 Márta 2022 – CEDC International v EUIPO – Underberg (Cruth bhrobh féir i mbuidéal)

(Cás T-145/22)

(2022/C 198/80)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: CEDC International sp. z o.o. (Oborniki Wielkopolskie, an Pholainn) (ionadaí: M. Fijałkowski, radca prawny (Comhairleoir Dlí))

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Underberg AG (Dietlikon, an Eilvéis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh (Cruth bhrobh féir i mbuidéal) – Iarratas ar chlárú Uimh. 33 266

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Nollaig 2021 i gCás R 1954/2020-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i bpáirt i leith na forais freasúra faoi Airteagal 8(3) de Rialachán Uimh 207/2009;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta agus an Bhoird Achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagail 94(1) agus 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gceangal le hAirteagal 8(3) de Rialachán Uimh 207/2009;

Sárú ar Airteagal 8(3) de Rialachán 207/2009.


Top