Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0142

    Cás T-142/22: Caingean arna tabhairt an 15 Márta 2022 – Landesbank Baden-Württemberg v SRB

    IO C 198, 16.5.2022, p. 54–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 198, 16.5.2022, p. 38–39 (GA)

    16.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 198/38


    Caingean arna tabhairt an 15 Márta 2022 – Landesbank Baden-Württemberg v SRB

    (Cás T-142/22)

    (2022/C 198/79)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Landesbank Baden-Württemberg (Stuttgart, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger und M. Weber, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (SRB)

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 15 Nollaig 2021 maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex-ante le haghaidh 2017 Landesbank Baden-Württemberg leis an gCiste Réitigh Aonair (SRB/ES/2021/82), lena n-áirítear na hiarscríbhinní, a neamhniú;

    a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

    Mar mhalairt air sin, i gcás nach mór don Chúirt Ghinearálta a chinneadh nach bhfuil ann, ó thaobh dlí de, don chinneadh faoi chonspóid mar gheall gur bhain an cosantóir úsáid as an teanga oifigiúil mhícheart agus, dá bhrí sin, go mbeadh an chaingean le haghaidh neamhniú doghlactha ar an bhforas go mbeadh sé gan chuspóir, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    a dhearbhú nach bhfuil ann, ó thaobh dlí de, don chinneadh faoi chonspóid;

    a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí: Leis an gcinneadh, sáraítear Airteagal 81(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (1) in éineacht le hAirteagal 3 de Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 (2) agus prionsabal ginearálta an chomhionannais, mar níl sé sa teanga oifigiúil, an Ghearmáinis, atá le húsáid leis an iarratasóir agus níl sé ag teacht leis an teanga arna húsáid le haghaidh cinntí a bhaineann le hinstitiúidí eile de chuid na Gearmáine.

    2.

    An dara saincheist dlí: Leis an gcinneadh, sáraítear an oibleagáid cúiseanna a thabhairt, a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus in Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) toisc go bhfuil roinnt bearnaí sa réasúnaíocht, go hairithe maidir le húsáid an chosantóra de roinnt cumhachtaí discréideacha a thugtar le dlí, agus níl sé intuigthe ná trédhearcach.

    3.

    An tríú saincheist dlí: Leis an gcinneadh, sáraítear an ceanglas maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach faoin gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt mar tá athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh beagnach dodhéanta, agus déantar dochar, dá bhrí sin, do chosaint éifeachtach bhreithiúnach an iarratasóra.

    4.

    An ceathrú saincheist dlí: Leis an dara habairt d’Airteagal 7(4) den Rialachán Tarmligthe (3), sáraítear dlí a bhfuil céim níos airde aige mar ligtear leis idirdhealú atá go hoibiachtúil míchuí agus neamhréireach a dhéanamh idir baill de scéim cosanta institiúideach (“IPS”) agus ligtear d’ualú coibhneasta táscairí IPS.

    5.

    An cúigiú saincheist dlí: Leis an gcinneadh, sáraítear, inter alia, Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (4) agus an ceanglas maidir le ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca. mar úsáidtear iolraitheoir de 5/9 do tháscaire IPS i gcás an iarratasóra. Tá idirdhealú idir institiúidí ag leibhéal tháscaire IPS, mar gheall ar an éifeacht chosanta leathan atá ag IPS, ar neamhréir leis an scéim agus treallach.

    6.

    An séú saincheist dlí: Le hAirteagail 6, 7 agus 9 agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe, sáraítear dlí a bhfuil céim níos airde aige, go háirithe toisc go sáraítear leo an ceanglas maidir le ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca, prionsabal na comhréireachta agus an ceanglas maidir le haird a thabhairt ar na fíorais go léir.

    7.

    An seachtú saincheist dlí: Leis an gcinneadh, sáraítear saoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh faoi Airteagal 16 den Chairt agus prionsabal na comhréireachta mar gheall nach bhfuil na hiolraitheoirí coigeartaithe riosca i gcomhréir le próifíl riosca an iarratasóra, ar próifíl é atá níos fearr ná an mheánphróifíl.

    8.

    An t-ochtú saincheist dlí: Leis an gcinneadh, sáraítear Airteagal 16 agus 20 den Chairt, prionsabal na comhréireachta agus an ceart chun dea-riaracháin mar gheall ar earráidí follasacha an chosantóra agus é ag feidhmiú a dhiscréide ar roinnt bealaí.

    9.

    An naoú saincheist dlí: Leis an gcéad agus dara habairt d’Airteagal 20(1) den Rialachán Tarmligthe, sáraítear Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE (5) agus an ceanglas maidir le ranníocaíochtaí a ríomh de réir an riosca.


    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).

    (2)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 1958 17, lch. 385).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex-ante le socruithe maoinithe réiteach (IO 2015 L 11, lch. 44).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1).

    (5)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).


    Top