EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0137

Cás T-137/22: Caingean arna tabhairt an 14 Márta 2022 – an Ísiltír v an Coimisiún

IO C 198, 16.5.2022, p. 53–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 198, 16.5.2022, p. 37–37 (GA)

16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 198/37


Caingean arna tabhairt an 14 Márta 2022 – an Ísiltír v an Coimisiún

(Cás T-137/22)

(2022/C 198/77)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman agus J. Langer, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón gCoimisiún le huimhir thagartha Ares (2022) 99942 lena ndiúltaítear d’iarraidh Ríocht na hÍsiltíre ar shíneadh 4 bliana i dteannta riail na dtréimhse 8 mbliana le haghaidh suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil mar thoradh ar chás FresQ, agus

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar thoimhde mhícheart nach bhfuil an nós imeachta aisghabhála i gcás FresQ tugtha chun críche go fóill.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go gcuireann an Coimisiún an tríú fomhír d’Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 1306/2013 i bhfeidhm go mícheart a mhéid a dhéanann sé toimhde go bhfuil an bhreis ar an tréimhse 8 mbliana le haghaidh suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil mar thoradh ar chás FresQ inchurtha i leith na hÍsiltíre.


Top