EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0046

Cás T-46/22: Caingean arna tabhairt an 25 Eanáir 2022 – Esedra v An Pharlaimint

IO C 109, 7.3.2022, p. 34–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 109, 7.3.2022, p. 19–20 (GA)

7.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 109/19


Caingean arna tabhairt an 25 Eanáir 2022 – Esedra v An Pharlaimint

(Cás T-46/22)

(2022/C 109/45)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Esedra (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: M. Vastmans, avocate)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

dá réir sin;

cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa chun an conradh atá i gceist a dhámhachtain ar SAS PEOPLE & BABY agus chun diúltú do thairiscint an SRL ESEDRA a chur ar neamhní;

cúiteamh a thabhairt do SRL ESEDRA as an díobháil a bhain dó mar thoradh ar an gcinneadh neamhdhleathach sin;

ordú a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca lena chaingean i gcoinne chinneadh Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2021 le diúltú don tairiscint a chur an t-iarratasóir isteach faoi nós imeachta tairisceana Uimh. PE PERS 2021 027 maidir le bainistiú iomlán ar shaoráid cúraim leanaí Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, atá lonnaithe ar shráid Wayenberg, agus lena mbronntar an conradh ar SAS People & Baby, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 18 Iúil 2018, maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, sárú ar Airteagal 170 CFAE, sárú ar Airteagal 16(1) de shonraíochtaí na tairisceana, sárú ar phrionsabail ghinearálta dhlí agus, go háirithe, ar phrionsabail minutie, na réasúnaíochta foirmiúla agus patere legem ipse fecisti agus earráid fhollasach measúnaithe.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 3.13 de shonraíochtaí na tairisceana, sárú ar fhoraithne, an 21 Feabhra 2019, chun cáilíocht agus inrochtaineacht chúram leanaí i gcomhphobal Fraincise na Beilge a neartú agus sárú ar ordú, an 2 Bealtaine 2019, ó Rialtas Chomhphobal Fraincise na Beilge lena leagtar síos scéim údaraithe agus scéim fóirdheontais le haghaidh naíolanna, cúram seirbhísí leanaí agus feighlithe (comhfheighlithe) leanaí neamhspleácha agus/nó ar fhoraithne, an 22 Samhain 2013, ón Rialtas Pléimeannach a bhaineann le coinníollacha maidir le húdarú agus beartas cáilíochta le haghaidh cúram teaghlaigh agus grúpa naíonán agus lapadán, sárú ar phrionsabail ghinearálta dhlí agus, go háirithe, ar phrionsabail minutie agus patere legem ipse fecisti agus earráid fhollasach measúnaithe.


Top