EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0032

Cás T-32/22: Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2022 – Vyatsky Plywood Mill v an Coimisiún

IO C 109, 7.3.2022, p. 32–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 109, 7.3.2022, p. 17–17 (GA)

7.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 109/17


Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2022 – Vyatsky Plywood Mill v an Coimisiún

(Cás T-32/22)

(2022/C 109/42)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vyatsky Plywood Mill OOO (Kirov, an Rúis) (ionadaithe: M. Krestiyanova agus N. Tuominen, dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise (1) a chur ar neamhní ina iomláine, sa mhéid a ndéanann sé difear don iarratasóir;

Ordú a thabhairt don chosantóir na costais mar thoradh ar na himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagail 3 agus 4 den Bhun-Rialachán (2), go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe trí mhainneachtain aighneachtaí Comhlachais Sraithadhmaid AE a bhreithniú ina chinneadh ar an raon táirge, ar chomhdhéanamh agus ar shainmhíniú thionscal an Aontais agus gur sháraigh an Coimisiún phrionsabal an dea-riaracháin. I ndáiríre, mar údarás imscrúdaithe neamhchlaonta, ba cheart don Choimisiún díriú ar fhianaise a chuir Comhlachais Sraithadhmaid AE isteach ar a dtionscnamh féin, fíorú a dhéanamh uirthi agus measúnú cuí fíorasach agus dlíthiúil a thabhairt i gcomhthéacs an raon táirge, ar ghné bhunúsach í d’imscrúdú frithdhumpála a dhéanann difear do gach cinneadh. Go héifeachtach, dhiúltaigh an Coimisiún do/rinne an Coimisiún neamhaird d’aon fhianaise nó d’argóint ón iarratasóir maidir le haighneacht Chomhlachais Sraithadhmaid AE.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 3 den Bhun-Rialachán trí anailís lochtach ar phraghsanna a dhéanamh i dtaca le díobháil agus le nasc cúisíoch. Ar an gcéad dul síos, rinne an Coimisiún neamhshuim d’fhorbairtí praghsanna iar-TI agus níor tugadh aird chuí ar dheighilt mhargadh shoiléir. Ar an dara dul síos, ní dhearna an Coimisiún measúnú ar an éifeacht rochtain ar an bpríomh-amhábhar ag tionscal an Aontais, ar thionchar na n-allmhairí ó thríú tíortha agus ar aon idirdhealú féideartha i gcoinne na Rúise.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 21 den Bhun-Rialachán, ós rud é go dtéann forchur bearta frithdhumpála ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise i gcoinne leas foriomlán an Aontais. Beidh tionscal an Aontais, allmhaireoirí neamhghaolmhara agus úsáideoirí nochta do ghanntanas sraithadhmad beithe d’ardchaighdeán, atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus atá réasúnta ó thaobh an phraghais de.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear – ina ionad sin, má mheasann an Chúirt Ghinearálta nach mór an Rialachán atá á chonspóid a choinneáil – go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe tríd an mbeart a fhorchur ina fhoirm reatha, rud atá i gcoinne leas an Aontais. Ba mhó a d’fhreastalófaí ar raon feidhme na n-imeachtaí dá mbeadh sna bearta dleacht athraitheach atá bunaithe ar dhleacht ad valorem a dhéantar a uasteorannú le híosphraghas allmhairiúcháin.


(1)  IO 2021, L 394, lch. 7.

(2)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016, L 176, lch. 21).


Top