Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0732

Cás T-732/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Nollaig 2024 – Deripaska v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Coinneáil ainm an iarratasóra ar an liosta – An coincheap príomhdhuine gnó – An coincheap duine gnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise – Airteagal 2(1)(a) agus (g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Pléadáil neamhdhleathachta – Oibleagáid cúiseanna a lua – An ceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil agus cearta na cosanta – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht – An ceart chun maoine – An ceart chun éisteacht a fháil)

IO C, C/2025/1097, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1097/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1097/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1097

24.2.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Nollaig 2024 – Deripaska v an Chomhairle

(Cás T-732/22)  (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo cistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Coinneáil ainm an iarratasóra ar an liosta - An coincheap ‘príomhdhuine gnó’ - An coincheap ‘duine gnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise’ - Airteagal 2(1)(a) agus (g) de Chinneadh 2014/145/CBES - Pléadáil neamhdhleathachta - Oibleagáid cúiseanna a lua - An ceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil agus cearta na cosanta - Earráid mheasúnaithe - Comhréireacht - An ceart chun maoine - An ceart chun éisteacht a fháil)

(C/2025/1097)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Oleg Vladimirovich Deripaska (Khutor Sokolsky, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, M. Brésart agus J. Goffin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: V. Piessevaux agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Maingain, Dlíodóir)

Idiragraí chun tacú leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Giolito, C. Georgieva agus L. Puccio, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí ar neamhní, sa chéad áit, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 1), sa dara háit, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 1), sa tríú háit, Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 226, lch. 104), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 226, lch. 3), agus, sa cheathrú háit, Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/847), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/849), a mhéid a bhaineann na gníomhartha uile sin leis, agus, ar an dara dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, cúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a líomhnaítear a bhain dó mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha atá faoi chonspóid.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do Oleg Vladimirovich Deripaska a chostais féin a íoc, chomh maith leis na gcostais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.


(1)   IO C 24, 23.1.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1097/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top