Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 62022TA0197

    Cásanna Uamtha T-197/22 agus T-198/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 – Ioulia and Irene Tseti Pharmaceutical Laboratories v EUIPO – Arbora & Ausonia (InterMed Pharmaceutical Laboratories eva intima) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharcanna fíoraithe de chuid an Aontais Eorpaigh InterMed Pharmaceutical Laboratories eva intima – Focalmharcanna níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta ‘EVAX’ – Foras coibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    IO C 271, 31.7.2023, str. 26—27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    31.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 271/26


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2023 – Ioulia and Irene Tseti Pharmaceutical Laboratories v EUIPO – Arbora & Ausonia (InterMed Pharmaceutical Laboratories eva intima)

    (Cásanna Uamtha T-197/22 agus T-198/22) (1)

    (Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharcanna fíoraithe de chuid an Aontais Eorpaigh InterMed Pharmaceutical Laboratories eva intima - Focalmharcanna níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta ‘EVAX’ - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2023/C 271/38)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Ioulia and Irene Tseti Pharmaceutical Laboratories SA (an Aithin, an Ghréig) (ionadaithe: C. Chrysanthis, P.-V. Chardalia agus A. Vasilogamvrou, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, Gníomhaire)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Arbora & Ausonia, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)

    Ábhar:

    Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí na cinntí ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Márta 2022 (Cás R 1244/2021-1 agus Cás R 1245/2021-1) ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Márta 2022 (Cás R 1244/2021-1) ar neamhní chomh fada agus a bhaineann sé leis na táirgí ‘ullmhóidí leithris; ullmhóidí glantacháin coirp; ullmhóidí glantacháin’ in Aicme 3, agus na táirgí ‘ullmhóidí sláinteachais; táirgí sláinteachais le haghaidh leighis’, in Aicme 5.

    2)

    Diúltaítear don chuid eile den chaingean i gCás T-197/22.

    3)

    Cuirtear an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Márta 2022 (Cás R 1245/2021-1) ar neamhní.

    4)

    Ordaítear do gach páirtí i gCás T-197/22 a chostais féin a íoc.

    5)

    I gCás T-198/22, ordaítear doEUIPO agus Arbora & Ausonia, SL na costais arna dtabhú ag Ioulia and Irene Tseti Pharmaceutical Laboratories SA a íoc;


    (1)  IO C 222, 7.6.2022.


    Góra