This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0790
Case C-790/22, Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck: Request for a preliminary ruling from the Verwaltungsgerichtshof (Austria) lodged on 28 December 2022 — R GmbH v Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck
Cás C-790/22, Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 28 Nollaig 2022 – R GmbH v Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck
Cás C-790/22, Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 28 Nollaig 2022 – R GmbH v Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck
IO C 94, 13.3.2023, p. 25–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 94/25 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 28 Nollaig 2022 – R GmbH v Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck
(Cás C-790/22, Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck)
(2023/C 94/28)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: R GmbH
Údarás is freagróir: Bürgermeister der Landeshauptstadt Innsbruck
Questions referred
1. |
An gcaithfear Airteagal 14(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(5) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Bhallstáit nó ar léiriú ar an reachtaíocht sin ar dá réir ba cheart a mheas go bhfuil bia mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine mura ráthaítear gur féidir é a úsáid de réir na críche dár beartaíodh é, gan aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach in Airteagal 14(5) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 chun go mbeidh bia mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine (mar gheall air éilliú trí ábhar coimhthíoch nó ar shlí eile, nó trí mhorgadh, trí mheathlú nó trí lobhadh) a bheith ann? Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist. |
2. |
An gcaithfear Airteagal 14(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(5) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi gur chóir a mheas go bhfuil bia mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine más rud é, nuair a chaitear é mar a beartaíodh, go sáraíonn sé go suntasach (faoi chúig, i gcás gnáthdhuine fásta ag a bhfuil meáchan coirp 70 kg) leibhéal ar a mbreathnaíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, ina mheasúnú ar bhreiseán bia (atá sa bhia), mar iontógáil laethúil inghlactha? |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO 2002 L 31, lch. 1)