Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0767

    Cás C-767/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa (an Laitvia) an 12 Nollaig 2022 — 1Dream OÜ, DS, DL, VS, JG v Latvijas Republikas Saeima

    IO C 94, 13.3.2023, p. 23–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    13.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 94/23


    Iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa (an Laitvia) an 12 Nollaig 2022 — 1Dream OÜ, DS, DL, VS, JG v Latvijas Republikas Saeima

    (Cás C-767/22)

    (2023/C 94/25)

    Teanga an cháis: an Laitvis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Satversmes tiesa

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí os comhair na Cúirte Bunreachtúla: 1Dream OÜ, DS, DL, VS, JG

    Cosantóir: Latvijas Republikas Saeima

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1)

    An gcuimsítear faoi raon feidhme Threoir 2014/42, (1) go háirithe Airteagal 4 de, agus faoi raon feidhme Chinneadh Réime 2005/212, (2) go háirithe Airteagal 2 de, reachtaíocht náisiúnta ar dá réir a dtugann cúirt náisiúnta breith maidir le fáltais ón gcoireacht a choigistiú in imeachtaí ar leithligh a bhaineann le maoin a fuarthas go mídhleathach, atá scartha ó na príomhimeachtaí coiriúla, sula gcruthaítear go ndearnadh cion coiriúil agus sula gciontaítear aon duine i leith an chiona sin, agus lena bhforáiltear freisin do choigistiú atá bunaithe ar ábhar a fuarthas ó chomhad an cháis choiriúil?

    2)

    I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gcaithfear a mheas go bhfuil an reachtaíocht maidir le rochtain ar ábhar i gcomhad an cháis in imeachtaí a bhaineann le maoin a fuarthas go mídhleathach i gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt agus in Airteagal 8(1) de Threoir 2014/42?

    3)

    An gcaithfear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcoisctear leis ar chúirt bhunreachtúil Ballstáit, a bhfuil caingean os a comhair maidir le bunreachtúlacht reachtaíochta náisiúnta arna dearbhú a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais, a rialú go bhfuil feidhm ag prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus nach mór éifeachtaí dlí na reachtaíochta sin a choinneáil ar mhaithe leis an tréimhse ina raibh sí i bhfeidhm?


    (1)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO 2014 L 127, lch. 39).

    (2)  Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO 2005 L 68, lch. 49).


    Top