This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0734
Case C-734/22: Request for a preliminary ruling from the Oberster Gerichtshof (Austria) lodged on 29 November 2022 — Republic of Austria v GM
Cás C-734/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 29 Samhain 2022 – Republik Österreich v GM
Cás C-734/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 29 Samhain 2022 – Republik Österreich v GM
IO C 94, 13.3.2023, p. 18–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 94/18 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 29 Samhain 2022 – Republik Österreich v GM
(Cás C-734/22)
(2023/C 94/20)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Republik Österreich
Freagróir ar an achomharc: GM
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An bhfuil Airteagal 3 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (1) infheidhme go díreach maidir le héilimh ina n-iarrann Poblacht na hOstaire cabhair a dheonaigh sí de réir conartha d’iarratasóirí ar mhaoiniú faoi chlár cabhrach agraí-chomhshaoil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (2) a aisghabháil trí leigheasanna de chuid an dlí phríobháidigh toisc gur sháraigh faighteoir na cabhrach oibleagáidí conarthacha? |
2. |
I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1, an gcaithfear an tríú fomhír d’Airteagal 3(1) den Rialachán dá dtagraítear i gCeist 1 a léiriú sa chaoi go bhfuil idirbhriseadh freisin sa tréimhse theorann de bharr imscrúduithe nó imeachtaí dlí i gcás ina n-iarrann an páirtí a thug an chabhair, tar éis an chéad iarratas seachbhreithiúnach i leith éileamh ar aisíocaíocht, ar fhaighteoir an deontais arís, roinnt uaireanta más iomchuí, an chabhair a aisíoc agus ina dtugann sé fógra rabhaidh go seachbhreithiúnach seachas a éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh sna cúirteanna? |
3. |
I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1, an bhfuil cur i bhfeidhm thréimhse theorann 30 bliain dá bhforáiltear sa dlí sibhialta náisiúnta i leith na n-éileamh ar aisíocaíocht i gCeist 1 i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta? |
(1) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 L 312, lch. 1).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2005 L 277, lch. 1).