EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0701

Cás C-701/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) arna taisceadh an 15 Samhain 2022 — SC AA SRL v MFE

IO C 94, 13.3.2023, p. 12–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 94/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) arna taisceadh an 15 Samhain 2022 — SC AA SRL v MFE

(Cás C-701/22)

(2023/C 94/13)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Cluj

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SC AA SRL

Cosantóir: MFE

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gá prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a léiriú, i gcomhar le prionsabal na coibhéise, sa chiall go gcuirtear cosc ar dhuine dlítheanach a oibríonn gnóthas brabúsach, a fhaigheann maoiniúchán neamh-inaisíoctha ó CFRE, a bheith in ann ús mainneachtana a fháil ó údarás poiblí Ballstáit (ús pionósach) ar íocaíocht dhéanach caiteachais incháilithe ar feadh tréimhse ama ina raibh gníomh riaracháin lenar eisiadh an aisíocaíocht i bhfeidhm, agus a cuireadh ar neamhní ina dhiaidh sin le cinneadh breithiúnach?

2)

I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist, an bhfuil locht thairbhí an chistithe a dhámhtar, locht a bhunaítear leis an gCinneadh sin, ábhartha maidir le méid an úis mainneachtana, ar an gcoinníoll gur dhearbhaigh an t-údarás poiblí céanna atá freagrach as bainistiú cistí Eorpacha go raibh na costais go léir incháilithe ar deireadh tar éis an breithiúnas sin a thabhairt?

3)

Agus prionsabal na coibhéise á léiriú maidir leis an bpointe ábhartha ama a dhámhtar an t-ús mainneachtana do thairbhí an mhaoiniúcháin neamh-inaisíoctha ó CFRE, an bhfuil sé ábhartha go bhforáiltear sa dlí náisiúnta i gcás neamhrialtacht a bheith suite, gurb é an t-aon iarmhairt amháin uirthi sin ná nach ndeonaítear an tairbhe airgeadais atá i gceist nó, de réir mar a bheidh, go n-aistarraingítear é (suimeanna nach bhfuil dlite a aisíoc), a mhéid ar deonaíodh é, gan ús a mhuirearú, cé go raibh sé de bhuntáiste ag an tairbhí iad a úsáid go dtí dáta na haisíocaíochta, agus nach ach sa chás nach ndéantar an aisíocaíocht sin laistigh den tréimhse reachtúil de 30 lá tar éis an t-ionstram fiachais a fhógairt, an gceadaítear le forálacha Airteagal 42(1) agus (2) de Ordonanța de urgență a Guvernului 66/2011d (Ordú Éigeandála an Rialtais 66/2011) ús a bhailiú tar éis don tréimhse sin dul in éag?

4)

An gcuirtear cosc le forálacha an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE, in imthosca amhail imthosca an cháis seo, infheidhmeacht Threoir 2011/7/AE (1) a leathnú le riail náisiúnta chuig conradh le haghaidh maoiniúcháin neamh-inaisíoctha arna dheonú ag CFRE, conradh arna thabhairt i gcrích idir an t-údarás poiblí atá freagrach as bainistiú cistí Eorpacha agus duine dlítheanach a oibríonn gnóthas brabúsach?


(1)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (athmhúnlú) (IO 2011 L 48, lch. 1).


Top