Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0683

    Cás C-683/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) arna taisceadh an 4 Samhain 2022 — Adusbef — Associazione difesa utenti servizi bancari e finanziari agus páirtithe eile v Presidenza del Consiglio dei ministri agus páirtithe eile

    IO C 35, 30.1.2023, p. 35–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/35


    Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) arna taisceadh an 4 Samhain 2022 — Adusbef — Associazione difesa utenti servizi bancari e finanziari agus páirtithe eile v Presidenza del Consiglio dei ministri agus páirtithe eile

    (Cás C-683/22)

    (2023/C 35/41)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Adusbef – Associazione difesa utenti servizi bancari e finanziari, AIPE – Associazione italiana pressure equipment, Confimi Industria Abruzzo – Associazione dell’industria manifatturiera e dell’impresa privata dell’Abruzzo

    Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Ministero delle Infrastrutture e della Mobilità sostenibili, DIPE – Dipartimento programmazione e coordinamento della politica economica, Autorità di regolazione dei trasporti, Corte dei Conti, Avvocatura Generale dello Stato

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1)

    An bhfuil sé contrártha do dhlí [an Aontais] an reachtaíocht náisiúnta a léiriú sa chiall go bhféadfaidh an t-údarás dámhachtana nós imeachta a thionscnamh maidir le modhnú suibiachtúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar lamháltas mótarbhealaigh bailí nó ar athchaibidliú an lamháltais sin, gan measúnú agus seasamh a chur in iúl maidir leis an oibleagáid nós imeachta um sholáthar poiblí a sheoladh?

    2)

    An bhfuil sé contrártha do dhlí [an Aontais] an reachtaíocht náisiúnta a léiriú sa chiall go bhféadfaidh an t-údarás dámhachtana nós imeachta a thionscnamh maidir le modhnú suibiachtúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar lamháltas mótarbhealaigh bailí nó ar athchaibidliú an lamháltais sin, gan measúnú a dhéanamh ar iontaofacht lamháltóra a rinne mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí a chomhlíonadh?

    3)

    I gcás ina sainaithnítear sárú ar phrionsabal maidir le soláthar poiblí agus/nó i gcás ina bhfuarthas amach go bhfuil sealbhóir lamháltais mótarbhealaigh neamhiontaofa, an bhforchuirtear oibleagáid le reachtaíocht [an Aontais] deireadh a chur leis an gcaidreamh?


    Top