EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0517

Cás C-517/22 P: Achomharc arna thabhairt an 2 Lúnasa 2022 ag Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-479/20, Eurobolt agus páirtithe eile v an Coimisiún

IO C 398, 17.10.2022, p. 15–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/15


Achomharc arna thabhairt an 2 Lúnasa 2022 ag Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-479/20, Eurobolt agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-517/22 P)

(2022/C 398/19)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV (ionadaithe: B. Natens agus A. Willems, Advocaten)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Stafa Group BV

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

seasamh leis an iarratas ag an gcéadchéim agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/611 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CE) Uimh. 91/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí de cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad ar allmhairí arna seoladh ón Malaeisia, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh (1) (an Rialachán atá faoi chonspóid) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis na hachomharcóirí; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-achomharcóirí agus a chostais féin ó na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc agus a ordú d’aon pháirtí eile san achomharc a gcostais féin a íoc;

nó ar a mhalairt

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais; agus

costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais a fhorchoimeád le haghaidh breithiúnas críochnaitheach ón gCúirt Ghinearálta agus a ordú d’aon pháirtí eile sna himeachtaí a gcostais féin a íoc.

Saincheisteanna agus príomhargóintí

Mar thaca lena n-achomharc, maíonn na hachomharcóirí seacht saincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, maidir le hAirteagal 266 CFAE agus prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, léirigh an Chúirt Ghinearálta go mícheart iad agus chuir sí chun mífheidhme iad, trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid dleachtanna frith-dhul a fhorchur go cúlghabhálach an athuair mar aon le bac a chur orthu a aisíoc.

Ar an dara dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 266 CFAE go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme é trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid sárú ar na bunriachtanacha nóis imeachta in imeachtaí frithdhumpála “a leigheas”.

Ar an tríú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 266 CFAE agus prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid an sárú arna chruthú i mbreithiúnas an 3 Iúil 2019 a “leigheas”, Eurobolt (C-644/17, EU:C:2019:555).

Ar an gceathrú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 264 agus 266 CFAE go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhféadfadh an Coimisiún inniúlacht na Cúirte Breithiúnais a fhorghabháil, agus, ar an gcaoi sin, sháraigh sí Airteagal 296 CFAE.

Ar an gcúigiú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme é trína chinneadh nach n-éilítear aisíocaíocht iomlán dleachtanna sa chás seo leis an bprionsabal sin.

Ar an séú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) , Airteagal 5(1) agus 5(2) CAE, chomh maith le prionsabal an dea-riaracháin go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhfuil bunús ceart dlí leis an Rialachán atá faoi chonspóid.

Ar an seachtú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 5(1) agus 5(2) CAE agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid bac cinntitheach a chur ar aisíoc na ndleachtanna, arb dleachtanna iad a cuireadh ó bhailíocht sa bhreithiúnas in Eurobolt.


(1)  IO 2020 L141, lch. 1.

(2)  IO 2016 L 176, lch. 21.


Top