EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0499

Cás C-499/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 22 Iúil 2022 – Novo Banco SA – Sucursal en España, Banco de Portugal, Fundo de Resolução v J.M.F.T., M.H.D.S

IO C 482, 19.12.2022, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 482/4


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 22 Iúil 2022 – Novo Banco SA – Sucursal en España, Banco de Portugal, Fundo de Resolução v J.M.F.T., M.H.D.S

(Cás C-499/22)

(2022/C 482/06)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Novo Banco SA – Sucursal en España, Banco de Portugal, Fundo de Resolução

Cosantóirí: J.M.F.T., M.H.D.S

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An bhfuil léiriú ar Airteagal 3(2) de Threoir 2001/24 (1) lena n-aithnítear, i mBallstát óstach, éifeachtaí cinnidh ó údarás riaracháin inniúil an Bhallstáit baile nár foilsíodh de réir na dtéarmaí a cheanglaítear le hAirteagal 6(1) go (4) de Threoir 2001//24 i gcomhréir leis an gceart bunúsach chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí faoi Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), le prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla agus le prionsabal an chomhionannais agus an toirmeasc ar aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta faoi Airteagal 21(2) den Chairt?

2)

An bhfuil léiriú ar Airteagal 3(2) de Threoir 2011/24 lena n-aithnítear, i mBallstát óstach, éifeachtaí cinnidh ó údarás riaracháin inniúil an Bhallstáit baile lenar eisiadh oibleagáidí agus dualgais áirithe ón aistriú go “banc idirlinne” den ghnáth-ghníomhaíocht agus de roinnt de na sócmhainní agus dliteanais den bhanc a bhfuil feidhm ag na bearta atheagraithe ina leith i gcomhréir leis an gceart bunúsach chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil faoi Airteagal 47 den Chairt agus le prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla i gcás gur cruthaíodh, leis an iompar ina dhiaidh sin den “bhanc idirlinne”, agus é faoi rialú údaráis phoiblí a chuireann dlí an Aontais i bhfeidhm, ionchas dlisteanach i measc na gcustaiméirí sa Bhallstát óstach gur ghlac an “banc idirlinne” air féin an dliteanas a bhain leis na dualgais agus na hoibleagáidí a bhí ag an mbanc atá ina ábhar don bheart atheagraithe i leith na gcustaiméirí sin?

3)

An bhfuil léiriú ar Airteagal 3(2) de Threoir 2001/24 lena n-aithnítear, i mBallstáit óstach, éifeachtaí cinnidh ó údarás riaracháin inniúil an Bhallstáit baile lena n-aistrítear seasamh an chreidiúnaí go “banc idirlinne” faoi na caidrimh chonarthacha a bhí ag an mbanc atá ina ábhar do na bearta atheagraithe ach go bhfágtar ar an mbanc atá i mbéal cliseadh an oibleagáid chun na suimeanna a d’íoc an custaiméir faoi chonarthaí ar cuireadh ar neamhní iad mar gheall ar earráid toilithe mar thoradh ar an bhfaisnéis neamhleor arna cur ar fáil ag an mbanc a aisíoc i gcomhréir leis an gceart bunúsach chun maoine faoi Airteagal 17 den Chairt, leis an bprionsabal go ndéanfar tomhaltóirí a chosaint ar ardleibhéal faoi Airteagal 38 den Chairt agus le prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla?


(1)  Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh (IO 2001 L 125, lch. 15).


Top