Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0365

    Cás C-365/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de Cassation (an Bheilg) a taisceadh an 7 Meitheamh 2022 – IT v Stát na Beilge

    IO C 380, 3.10.2022, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/2


    Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de Cassation (an Bheilg) a taisceadh an 7 Meitheamh 2022 – IT v Stát na Beilge

    (Cás C-365/22)

    (2022/C 380/02)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour de cassation

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: IT

    Cosantóir: Stát na Beilge

    An cheist a tharchuirtear

    An gcaithfear pointe 1 d’Airteagal 311(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) a léirmhíniú sa chaoi gurb ionann mótarfheithiclí deireadh ré arna bhfáil, ó na daoine dá dtagraítear in Airteagal 314 den Treoir, ag gnólacht díolta feithiclí dara lámha agus raice, atá beartaithe le bheith díolta “le haghaidh páirteanna” gan na páirteanna a bhaint díobh, agus earraí dara lámha de réir bhrí na forála sin?


    (1)  IO L 2006 L 347, lch. 1.


    Top