Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0292

    Cás C-292/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Bealtaine 2022 – Teritorialna direktsia Mitnitsa –Varna v “NOVA TARGOVSKA KOMPANIA 2004” AD

    IO C 266, 11.7.2022, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 266/17


    Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Bealtaine 2022 – Teritorialna direktsia Mitnitsa –Varna v “NOVA TARGOVSKA KOMPANIA 2004” AD

    (Cás C-292/22)

    (2022/C 266/21)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Administrativen sad Varna

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir ar phointe dlí: Teritorialna direktsia Mitnitsa -Varna

    Freagróir ar an achomharc:“NOVA TARGOVSKA KOMPANIA 2004” AD

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    Cad iad na critéir a bhaineann le hearra amhail an t-earra sna príomhimeachtaí, eadhon ola pailme scagtha, tuartha agus díbholaithe a bhfuil an trádainm PALM FAT MP 36-39 air, a dhéantar, le linn a mhonaraithe teicneolaíochta, “a shuaitheadh, a scagadh, a fhuarú, a fhaghairt agus a phacáil” ag baint úsáid as próisis fhisiciúla amháin nach ndéanann modhnú ceimiceach air, a aicmiú faoi cheannteideal 1511 nó faoi cheannteideal 1517 de Chaibidil 15 den [Ainmníocht Chomhcheangailte]?

    2.

    Cad is brí leis an téarma “uigiú”, a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas lena ndéantar na táirgí ar a nglaotar “shortenings” faoi cheannteideal 1517 i Nótaí Míniúcháin an Chórais Tuairiscithe agus Códaithe Tráchtearraí?

    3.

    Más rud é go bhfuil “ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach” tar éis dul trí “phróiseas uigithe”, an leor é sin chun aicmiú an táirge sin faoi cheannteideal 1517 a eisiamh?

    4.

    In éagmais caighdeán, modhanna, critéar agus táscairí cruthaithe san [Ainmníocht Chomhcheangailte], sna Nótaí Míniúcháin leis an Ainmníocht Chomhcheangailte agus sna Nótaí Míniúcháin leis an gCóras Comhchuibhithe chun comhcháilíocht ola pailme a thástáil agus chun a chruthú go ndearnadh próiseáil uirthi trí “uigiú”, an bhféadfaidh na húdaráis chustaim inniúla, d’fhonn aicmiú taraife earraí faoi cheannteideal 1511 nó faoi cheannteideal 1517, nósanna imeachta anailíseacha amhail, mar a cuireadh i bhfeidhm sa chás seo, RAP 66, leagan 02/17.11.2020 chun uigiú saille trí threá a chruthú, agus an modh sin bunaithe ar an modh AOCS Cc 16-60 a foilsíodh go hoifigiúil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go neamhspleách?

    Mura bhféadfaí é sin a dhéanamh, cad iad na caighdeáin, na modhanna, na critéir agus na táscairí faoina bhféadfaí an táirge a thástáil chun a chruthú gur cuireadh faoi “phróiseas uigithe” é, is é sin le rá, gurb ionann é agus “brioscóir pailme”?

    5.

    An gcaithfear an Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2658/87 ón gCoimisiún an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (1), arna leasú le Rialachán Cur Cun Feidhme (AE) 2018/1602 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 (2), a léirmhíniú sa chaoi nach mór táirgí ar a nglaotar “brioscóirí”, a dhéantar as ola pailme scagtha trí uigiú, a aicmiú faoi cheannteideal 1517 den Ainmníocht sin agus, go háirithe, faoi fho-cheannteideal 1517 90 99?


    (1)  IO 1987 L 256, lch. 1.

    (2)  IO 2018 L 273, lch. 1.


    Top