Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta
Asiakirja 62022CN0211
Case C-211/22: Request for a preliminary ruling from the Tribunal da Relação de Lisboa (Portugal) lodged on 17 March 2022 — Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ v Autoridade da Concorrência
Cás C-211/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa (an Phortaingéil) a taisceadh an 17 Márta 2022 – Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ v Autoridade da Concorrência
Cás C-211/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa (an Phortaingéil) a taisceadh an 17 Márta 2022 – Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ v Autoridade da Concorrência
IO C 266, 11.7.2022, s. 8—10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
11.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 266/8 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa (an Phortaingéil) a taisceadh an 17 Márta 2022 – Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ v Autoridade da Concorrência
(Cás C-211/22)
(2022/C 266/11)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal da Relação de Lisboa
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Super Bock Bebidas, S.A., AN, BQ
Cosantóir: Autoridade da Concorrência
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1) |
An sárú mar gheall ar chuspóir é socrú íosphraghsanna ingearach ina aonar, nach gá réamhanailís a dhéanamh ar leibhéal leordhóthanachta dhíobháil an chomhaontaithe? |
2) |
D’fhonn a shuíomh go bhfuil eilimint an “chomhaontaithe” den sárú trí íosphraghsanna a shocrú (faoi thost) do dháileoirí, an gá sa chás sonrach a chruthú gur chuir na dáileoirí na praghsanna seasta i bhfeidhm i ndáiríre, go háirithe le fianaise dhíreach? |
3) |
An bhfuil a dhóthain gné sa mhéid seo chun a mheas go ndearnadh sárú (faoi thost) trí íosphraghsanna a shocrú do dháileoirí: (i) seoladh liostaí ina bhfuil íosphraghsanna agus lamhálacha dáileacháin; (ii) iarratas ó dháileoirí ar fhaisnéis faoi phraghsanna díolacháin; (iii) gearáin ó dháileoirí (i gcás go measann siad go bhfuil na praghsanna athdhíola a fhorchuirtear orthu neamhiomaíoch nó nuair a thagann siad ar an tuairim nach léiríonn dáileoirí iomaíocha urraim orthu); (iv) sásraí faireacháin praghsanna a bheith ann (an modh is éasca); agus (v) bearta frithbheartaíochta a bheith ann (gan chruthúnas gur cuireadh chun feidhme i ndáiríre iad)? |
4) |
I bhfianaise Airteagal 101(1)(a) den CFAE, Airteagal 4(a) de Rialachán Uimh. 330/2010 (1) de Threoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le srianta ingearacha agus chásdlí an Aontais, an féidir a thoimhdiú go ndéanfaidh comhaontú idir soláthróir agus a dháileoirí lena socraítear (go hingearach) íosphraghsanna agus coinníollacha tráchtála eile is infheidhme maidir le hathdhíol dochar leordhóthanach don iomaíocht, gan dochar don anailís ar na héifeachtaí eacnamaíocha dearfacha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcleachtas a luadh, de réir bhrí Airteagal 101(3) CFAE? |
5) |
An bhfuil cinneadh breithiúnach i gcomhoiriúnacht le hAirteagal 101(1)(a) CFAE agus le cásdlí an Aontais Eorpaigh, lena gcinntear gurb ann do ghné “an chomhaontais” de shórt oibiachtúil idir sholáthróir agus dáileoirí ar na boinn seo a leanas:
|
6) |
An féidir le comhaontú íosphraghsanna athdhíola den sórt sin a chumhdaíonn an chríoch náisiúnta iomlán nach mór, tionchar a imirt ar thrádáil idir Ballstáit? |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lch. 1).