EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0097

Cás C-97/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Essen (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – DC v HJ

IO C 165, 19.4.2022, p. 33–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 165, 19.4.2022, p. 28–28 (GA)

19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 165/28


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Essen (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Feabhra 2022 – DC v HJ

(Cás C-97/22)

(2022/C 165/42)

Teanga an chais: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Essen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: DC

Cosantóir: HJ

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 14(5) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a léirmhíniú sa chaoi is go n-eisiatar, i gcás nach dtarraingíonn an custaiméir a dhearbhú intinne siar maidir le conradh tógála a chur i gcrích lasmuigh d’áitreabh gnó ach go dtí tar éis don chonraitheoir a sheirbhísí a chur ar fáil (ina n-iomláine), aon éileamh de chuid an chonraitheora ar chúiteamh nó maidir le cailleadh luacha nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le hiarratas ar chúiteamh le haghaidh cailleadh luacha faoi na forálacha i ndáil leis na hiarmhairtí dlí a bhaineann le tarraingt siar, cé go bhfuil gnóthachan caipitiúil faighte ag an gcustaiméir mar thoradh ar sheirbhísí tógála an chonraitheora, eadhon, go ndearnadh é a shaibhriú?


(1)  IO 2011 L 304, lch. 64.


Top