This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CB0561
Case C-561/22, Willy Hermann Service: Order of the Court (Ninth Chamber) of 7 March 2023 (request for a preliminary ruling from the Bundesverwaltungsgericht (Innsbruck) — Austria) — Willy Hermann Service GmbH, DI v Präsidentin des Landesgerichts Feldkirch (Reference for a preliminary ruling — Article 99 of the Rules of Procedure of the Court of Justice — Directive 2013/34/EU — Articles 30 and 51 — Publication of financial statements — Penalties for failure to publish — Imposition of periodic penalty payments by a civil court — Administrative procedure for the recovery of those periodic penalty payments, which have become final — Legislation precluding the review of those periodic penalty payments by an administrative court — Res judicata — Principle of effectiveness — Proportionality)
Cás C-561/22, Willy Hermann Service: Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (Innsbruck) – an Ostair) – Willy Hermann Service GmbH, DI v Präsidentin des Landesgerichts Feldkirch (Iarratas ar réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Treoir 2013/34/AE – Airteagal 30 agus Airteagal 51 – Cuntais bhliantúla a nochtadh – Pionóis mar gheall ar mhainneachtain nochtadh – Fíneálacha ag cúirt shibhialta a fhorchur – Imeachtaí riaracháin chun na fíneálacha pionósacha sin atá tagtha chun bheith críochnaitheach a ghnóthú – Rialachán lena n-eisiatar athbhreithniú a dhéanamh ar na fíneálacha sin ag cúirt riaracháin – Fórsa dlíthiúil – Prionsabal na héifeachtachta – Comhréireacht)

IO C 173, 15.5.2023, p. 8–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
15.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 173/8 |
Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (Innsbruck) – an Ostair) – Willy Hermann Service GmbH, DI v Präsidentin des Landesgerichts Feldkirch
(Cás C-561/22 (1), Willy Hermann Service)
(Iarratas ar réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Treoir 2013/34/AE - Airteagal 30 agus Airteagal 51 - Cuntais bhliantúla a nochtadh - Pionóis mar gheall ar mhainneachtain nochtadh - Fíneálacha ag cúirt shibhialta a fhorchur - Imeachtaí riaracháin chun na fíneálacha pionósacha sin atá tagtha chun bheith críochnaitheach a ghnóthú - Rialachán lena n-eisiatar athbhreithniú a dhéanamh ar na fíneálacha sin ag cúirt riaracháin - Fórsa dlíthiúil - Prionsabal na héifeachtachta - Comhréireacht)
(2023/C 173/10)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht (Innsbruck)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Willy Hermann Service GmbH, DI
Cosantóir: Präsidentin des Landesgerichts Feldkirch
An chuid oibríochtúil
Maidir le dlí an Aontais,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil cúirt riaracháin, a dhéanann rialú ar aisghabháil íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear ar chuideachta agus a bainisteoir maidir le mainneachtain na cuntais bhliantúla a fhoilsiú, faoi cheangal ag cinneadh na cúirte sibhialta, ar cinneadh críochnaitheach é, cinneadh lenar forchuireadh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sin agus ar socraíodh a méid chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 30 agus Airteagal 51 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle, arna dtrasuí sa dlí baile.
(1) Dáta an taiscthe: 24.8.2022