This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0287
Case C-287/22, Getin Noble Bank (Suspension or performance of a credit agreement): Judgment of the Court (Ninth Chamber) of 15 June 2023 (request for a preliminary ruling from the Sąd Okręgowy w Warszawie — Poland) — YQ, RJ v Getin Noble Bank S.A. (Reference for a preliminary ruling — Consumer protection — Unfair terms in consumer contracts — Directive 93/13/EEC — Mortgage loan indexed to a foreign currency — Article 6(1) — Article 7(1) — Application for interim measures — Suspension of performance of the loan agreement — Ensuring full effectiveness of the restitutory effect)
Cás C-287/22, Getin Noble Bank (Comhaontú creidmheasa a chur ar fionraí nó a chomhlíonadh): Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – YQ, RJ v Getin Noble Bank S.A (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Treoir 93/13/CEE – Iasacht mhorgáiste atá innéacsaithe d’airgeadra eachtrach – Airteagal 6(1) – Airteagal 7(1) – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Feidhmíocht an chomhaontaithe iasachta a chur ar fionraí – Lánéifeachtacht na héifeachta athdheimhnithí a áirithiú)

IO C 271, 31.7.2023, p. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/7 |
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – YQ, RJ v Getin Noble Bank S.A
(Cás C-287/22 (1), Getin Noble Bank (Comhaontú creidmheasa a chur ar fionraí nó a chomhlíonadh))
(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Treoir 93/13/CEE - Iasacht mhorgáiste atá innéacsaithe d’airgeadra eachtrach - Airteagal 6(1) - Airteagal 7(1) - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Feidhmíocht an chomhaontaithe iasachta a chur ar fionraí - Lánéifeachtacht na héifeachta athdheimhnithí a áirithiú)
(2023/C 271/09)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: YQ, RJ
Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
sa chaoi go gcoisctear cásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh cúirt náisiúnta iarratas ar dheonú beart eatramhach arna thaisceadh ag tomhaltóir a bhfuil an fionraí á lorg aige a dhíbhe, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir le neamhbhailíocht an chomhaontaithe iasachta arna thabhairt i gcrích ag an tomhaltóir sin ar an bhforas go bhfuil téarmaí éagóracha sa chomhaontú iasachta sin, íocaíocht na dtráthchodanna míosúla atá dlite faoin gcomhaontú iasachta sin, i gcás inar gá na bearta eatramhacha sin a dheonú chun éifeachtacht iomlán an chinnidh sin a áirithiú.