This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0710
Joined Cases T-710/21, T-722/21 and T-723/21: Judgment of the General Court of 27 April 2022 — Roos and Others v Parliament (Public health — Requirement to present a valid EU digital COVID-19 certificate to access the Parliament’s buildings — Legal basis — Freedom and independence of Members of the European Parliament — Obligation to ensure the health of staff in the service of the European Union — Parliamentary immunity — Processing of personal data — Right to respect for private life — Right to physical integrity — Right to security — Equal treatment — Proportionality)
Cásanna Uamtha T-710/21, T-722/21 agus T-723/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Roos agus páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa (Sláinte poiblí – Gá le Deimhniú Digiteach COVID-19 AE bailí chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh na Parlaiminte – Bunús dlí – Saoire agus neamhspleáchas na bhfeisirí – Oibleagáid chun sláinte an fhoireann i seirbhís an Aontais a chinntiú – Díolúine pharlaiminteach – Próiseáil sonraí pearsanta – An ceart chun príobháideachais – An ceart chun iomláine coirp – An ceart chun slándála – Prionsabal na córa comhionainne – Comhréireacht)

IO C 266, 11.7.2022, p. 25–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
11.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 266/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Roos agus páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa
(Cásanna Uamtha T-710/21, T-722/21 agus T-723/21) (1)
(Sláinte poiblí - Gá le Deimhniú Digiteach COVID-19 AE bailí chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh na Parlaiminte - Bunús dlí - Saoire agus neamhspleáchas na bhfeisirí - Oibleagáid chun sláinte an fhoireann i seirbhís an Aontais a chinntiú - Díolúine pharlaiminteach - Próiseáil sonraí pearsanta - An ceart chun príobháideachais - An ceart chun iomláine coirp - An ceart chun slándála - Prionsabal na córa comhionainne - Comhréireacht)
(2022/C 266/29)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Robert Roos agus 17 n-iarratasóir eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn leis an mBreithiúnas (ionadaithe: P. de Bandt, M. Gherghinaru, L. Panepinto agus V. Heinen, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Alves agus A.-M. Dumbrăvan, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena n-iarratais de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, ar feisirí iad uilig a toghadh do Pharlaimint na hEorpa don téarma parlaiminteach 2019-2024, go gcuirfear an cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 27 Deireadh Fómhair 2021 maidir le rialacha eisceachtúla sláinte agus slándála lena rialaítear rochtain ar fhoirgnimh na Parlaiminte ar a trí áit oibre ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear do na caingne. |
2. |
Ordaítear do Robert Roos agus do na hiarratasóirí eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn na costais a íoc, lena n-áirítear costais na nósanna imeachta eatramhacha. |