This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0703
Case T-703/21: Judgment of the General Court of 25 January 2023 — Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa v EUIPO — Falubaz Polska (FALUBAZ) (EU trade mark — Invalidity proceedings — EU word mark FALUBAZ — Absolute ground for invalidity — Bad faith — Article 52(1)(b) of Regulation (EC) No 207/2009 (now Article 59(1)(b) of Regulation (EU) 2017/1001))
Cás T-703/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2023 – Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa v EUIPO – Falubaz Polska (FALUBAZ) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh FALUBAZ – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

IO C 94, 13.3.2023, p. 35–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 94/35 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2023 – Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa v EUIPO – Falubaz Polska (FALUBAZ)
(Cás T-703/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh FALUBAZ - Dearbhfhoras neamhbhailíochta - Meon mímhacánta - Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])
(2023/C 94/38)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa S.A. (Zielona Góra, an Pholainn) (ionadaí: T. Grucelski, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Falubaz Polska S.A. spółka komandytowo-akcyjna (Zielona Góra) (ionadaí: J. Kurzawski, Dlíodóir)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Lúnasa 2021 (Cás R 1681/2020-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Zielonogórski Klub Żużlowy Sportowa S.A. na costais a íoc. |