Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0562

Cásanna uamtha T-562/21 agus T-590/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2023 – Worldwide Brands agus Guangdong Camel Apparel v EUIPO – Guangdong Camel Apparel agus Worldwide Brands (CAMEL CROWN) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CAMEL CROWN’ – Clárú idirnáisiúnta an mhairc fíortha níos luaithe camel active – Forais choibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

IO C, C/2023/129, 16.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/129/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/129/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/129

16.10.2023

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2023 – Worldwide Brands agus Guangdong Camel Apparel v EUIPO – Guangdong Camel Apparel agus Worldwide Brands (CAMEL CROWN)

(Cásanna uamtha T-562/21 agus T-590/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CAMEL CROWN’ - Clárú idirnáisiúnta an mhairc fíortha níos luaithe camel active - Forais choibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(C/2023/129)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir i gCás T-562/21: Worldwide Brands, Inc. Zweigniederlassung Deutschland (Köln, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. L. Gracia Albero, E. Cebollero González agus B. Tomás Acosta, Dlíodóirí)

Iarratasóir i gCás T-590/21: Guangdong Camel Apparel Co. Ltd (Foshan, an tSín) (ionadaithe: C. Bercial Arias agus F. Codevelle, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: i gCás T-562/21, D. Walicka agus V. Ruzek, Gníomhairí, agus, i gCás T-590/21, D. Walicka, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta i gCás T-562/21: Guangdong Camel Apparel Co. Ltd (Foshan) (ionadaithe: C. Bercial Arias agus F. Codevelle, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta i gCás T-590/21: Worldwide Brands, Inc. Zweigniederlassung Deutschland (Köln) (ionadaí: J. L. Gracia Albero, Dlíodóir)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na h-iarratasóirí araon go gcuirfí cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Meitheamh 2021 ar neamhní go páirteach (Cásanna uamtha R 159/2020-5 agus R 184/2020-5).

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear do na na caingne i gCásanna T-562/21 agus T-590/21.

2.

I gCás T-562/21, ordaítear do Worldwide Brands, Inc. Zweigniederlassung Deutschland na costais a íoc.

3.

I gCás T-590/21, ordaítear do Guangdong Camel Apparel Co. Ltd na costais, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc i gcás R 159/2020-5, a íoc.


(1)   IO C 462, 15.11.2021.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/129/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top