EUR-Lex Piekļuve Eiropas Savienības tiesību aktiem
Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 62021TA0079
Case T-79/21: Judgment of the General Court of 14 June 2023 — Ryanair and Airport Marketing Services v Commission (State aid — Agreements concluded with the airline Ryanair and its subsidiary Airport Marketing Services — Marketing services — Decision declaring the aid incompatible with the internal market and ordering its recovery — Advantage — ‘Real need’ test — Articles 41 and 47 of the Charter of Fundamental Rights — Right of access to the file — Right to be heard)
Cás T-79/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 — Ryanair agus Airport Marketing Services Ltd v An Coimisiún (Státchabhair – Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an aerlíne Ryanair agus lena fhochuideachta Airport Marketing Services – Seirbhísí Margaíochta – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go n-aisghabhálfaí í – Buntáiste – Critéir maidir le riachtanas iarbhír – Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha – An ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad – An ceart chun éisteacht a fháil)

IO C 271, 31.7.2023., 24./24. lpp.
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 — Ryanair agus Airport Marketing Services Ltd v An Coimisiún
(Cás T-79/21) (1)
(Státchabhair - Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an aerlíne Ryanair agus lena fhochuideachta Airport Marketing Services - Seirbhísí Margaíochta - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go n-aisghabhálfaí í - Buntáiste - Critéir maidir le riachtanas iarbhír - Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha - An ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad - An ceart chun éisteacht a fháil)
(2023/C 271/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Ryanair DAC (Sord, Éire), Airport Marketing Services Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, S. Rating, I.-G. Metaxas-Maranghidis agus D. Pérez de Lamo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, J. Carpi Badía agus C. Georgieva, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: Maceroni agus A.-L. Meyer, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh (AE) 2020/1671 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 maidir le Státchabhair SA.47867 2018/C (ex 2017/FC), arna cur chun feidhme ag an bhFrainc i bhfabhar Ryanair agus Airport Marketing Services ar neamhní (IO 2020 L 388, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Ryanair DAC agus Airport Marketing Services Ltd a gcuid costas féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc; |
3) |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cuid costas féin a íoc. |