EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0402

Breithiúnas na Cúirte (An Dara Dlísheomra) 2023 Feabhra 9.
Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid e.a. v S agus Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid.
Tarchur chun réamhrialú – Comhaontú Comhlachais idir CEE agus an Tuirc – Cinneadh Uimh. 1/80 – Airteagail 6 agus 7 – Náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá lánpháirtithe i margadh saothair an Bhallstáit óstaigh agus ag a bhfuil ceart cónaithe coibhéiseach – Cinntí ó na húdaráis náisiúnta lena ndéantar ceart cónaithe náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu sa Bhallstát lena mbaineann le breis is 20 bliain a tharraingt siar ar an bhforas go bhfuil siad ina bhfíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach do leas bunúsach na sochaí – Airteagal 13 – An clásal standstill – Airteagal 14 – Réasúnú – Forais beartais phoiblí.
Cás C-402/21.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:77

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

9 Feabhra 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhaontú Comhlachais idir CEE agus an Tuirc – Cinneadh Uimh. 1/80 – Airteagail 6 agus 7 – Náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá lánpháirtithe i margadh saothair an Bhallstáit óstaigh agus ag a bhfuil ceart cónaithe coibhéiseach – Cinntí ó na húdaráis náisiúnta lena ndéantar ceart cónaithe náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu sa Bhallstát lena mbaineann le breis is 20 bliain a tharraingt siar ar an bhforas go bhfuil siad ina bhfíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach do leas bunúsach na sochaí – Airteagal 13 – An clásal standstill – Airteagal 14 – Réasúnú – Forais beartais phoiblí)

I gCás C-402/21,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír), trí bhreith an 23 Meitheamh 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 30 Meitheamh 2021,

sna himeachtaí idir

Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid,

agus

S,

agus sna himeachtaí idir

E,

C

agus

Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid,

tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Prechal, Uachtarán an Dlísheomra, M. L. Arastey Sahún, F. Biltgen (Rapóirtéir), N. Wahl agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: G. Pitruzzella,

Cláraitheoir: M. Ferreira, Príomhriarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 28 Meán Fómhair 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

E, ag A. Durmus agus E. Köse, advocaten,

C, ag A. Agayev agus Š. Petković, advocaten,

S, ag N. van Bremen, advocaat,

Rialtas na hÍsiltíre, ag K. Bulterman agus A. Hanje, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Danmhairge, ag M. Brochner Jespersen, J. Farver Kronborg, V. Pasternak Jørgensen, M. Søndahl Wolff agus Y. Thyregod Kollberg, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag D. Martin agus H. van Vliet, i gcáil Gníomhairí,

ag féachaint don chinneadh arna ghlacadh, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, chun rialú a dhéanamh ar an gcás gan Tuairim an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 6, 7, 13 agus 14 de Chinneadh Uimh. 1/80 ón gComhairle Comhlachais an 19 Meán Fómhair 1980 maidir le forbairt an chomhlachais idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc (“Cinneadh Uimh. 1/80”).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (an Státrúnaí Dlí agus Cirt agus Slándála, an Ísiltír) (“an Státrúnaí”) agus S, ar lámh amháin, i dteannta le E agus C, faoi seach, agus an Státrúnaí, ar an lámh eile, i ndáil le cinntí arna nglacadh ag an Státrúnaí lena n‑ordaítear go ndéanfaí ceart cónaithe S, E, agus C (“na páirtithe leasmhara”) a tharraingt siar agus go ndéanfaí iad a dhíbirt ó chríocha na hÍsiltíre.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

An Comhaontú Comhlachais

3

Is léir ó Airteagal 2(1) den Chomhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc, arna shíniú an 12 Meán Fómhair 1963 in Ankara ag Poblacht na Tuirce, ar lámh amháin, agus ag Ballstáit CEE agus an Chomhphobail, ar an lámh eile, arna chur i gcrích, arna fhormheas, agus arna dheimhniú ag an gComhphobal le Cinneadh 64/732/CEE ón gComhairle an 23 Nollaig 1963 (IO 1964 217, lch. 3685; “an Comhaontú Comhlachais”) gurb éard is aidhm leis ná neartú leanúnach cothrom an chaidrimh trádála agus eacnamaíoch a chur chun cinn idir na páirtithe conarthacha, agus aird á tabhairt ar an ngá forbairt bhrostaithe gheilleagar Phoblacht na Tuirce a áirithiú agus ráta fostaíochta agus dálaí maireachtála mhuintir na Tuirce a ardú.

4

Chuige sin, tá céim ullmhúcháin mar chuid den Chomhaontú Comhlachais lena gcuirtear ar chumas Phoblacht na Tuirce an geilleagar a neartú le cúnamh ón gComhphobal (Airteagal 3 den Chomhaontú), chomh maith le céim idirthréimhseach ar lena linn a áirithíonn na páirtithe conarthacha go mbunófar aontas custaim de réir a chéile agus go ndéanfar comhfhogasú ar bheartais eacnamaíocha (Airteagal 4 den Chomhaontú), agus céim dheiridh atá bunaithe ar an aontas custaim agus a bhaineann le comhordú bheartais eacnamaíocha na bpáirtithe conarthacha a neartú (Airteagal 5 den Chomhaontú).

5

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 6 den Chomhaontú:

“Chun cur i bhfeidhm agus forbairt an chórais comhlachais de réir a chéile a áirithiú, tiocfaidh na Páirtithe Conarthacha le chéile faoi chuimsiú chomhairle comhlachais a ghníomhóidh laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh leis an gComhaontú [Comhlachais].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

An Prótacal Breise

6

Leis an bPrótacal Breise, arna shíniú an 23 Samhain 1970 sa Bhruiséil, arna thabhairt i gcrích, arna fhormheas agus arna dhaingniú thar ceann an Chomhphobail le Rialachán (CEE) Uimh. 2760/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 (IO 1972 L 293, lch. 1) (“an Prótacal Breise”), ar dlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais é i gcomhréir le hAirteagal 62 de, leagtar síos, de bhun Airteagal 1 de, coinníollacha, socruithe agus tráthchláir na céime idirthréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú sin.

7

Cuid den Phrótacal Breise is ea Teideal II, dar teideal “Gluaiseacht daoine agus seirbhísí”, ina gclúdaítear i gCaibidil 1 “oibrithe” agus tugtar “Ceart bunaíochta, seirbhísí agus iompair” ar Chaibidil 2.

8

Foráiltear le hAirteagal 59 den Phrótacal sin:

“Sna réimsí a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, ní bheidh [Poblacht na] Tuirce i dteideal cóir níos fabhraí ná an chóir a thugann Ballstáit dá chéile de bhun Chonradh [CE].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Cinneadh Uimh. 1/80

9

I gCaibidil II de Chinneadh Uimh. 1/80, dar teideal “Forálacha sóisialta”, tá Roinn 1, dar teideal “Ceisteanna a bhaineann le fostaíocht agus le saorghluaiseacht oibrithe”, ina bhfuil Airteagail 6 go 16 den Chinneadh sin.

10

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6 den Chinneadh sin:

“1.   Faoi réir Airteagal 7 maidir le saor-rochtain ar fhostaíocht do bhaill dá theaghlaigh nó dá teaghlaigh, beidh oibrí de chuid na Tuirce, atá cláraithe go cuí mar chuid de mhargadh saothair Ballstáit:

i dteideal, i ndiaidh bliain d’fhostaíocht dhlíthiúil sa Bhallstát sin, athnuachain dá cheadúnais nó dá ceadúnais chun obair leis an bhfostóir céanna, má tá post ar fáil;

i dteideal sa Bhallstát sin, tar éis 3 bliana d’fhostaíocht dhlíthiúil agus faoi réir na tosaíochta a thabharfar d’oibrithe Bhallstáit an Chomhphobail, tairiscint fostaíochta eile a fhreagairt sa réimse oibre céanna ó fhostóir is rogha leis nó léi, ar tairiscint í a rinneadh faoi ghnáthchoinníollacha agus a cláraíodh le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit sin;

in ann leas a bhaint as saor‑rochtain sa Bhallstát sin ar aon ghníomhaíocht fostaíochta is rogha leis nó léi, i ndiaidh 4 bliana d’fhostaíocht dhlíthiúil.

[...]

3.   Leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le míreanna 1 agus 2 sa reachtaíocht náisiúnta.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 7 den chinneadh sin:

“Maidir le baill de theaghlach oibrí de chuid na Tuirce atá cláraithe go cuí mar chuid de mhargadh saothair Ballstáit, a bhfuil siad údaraithe chun dul in éineacht leis:

beidh siad i dteideal – faoi réir na tosaíochta a thugtar d’oibrithe Bhallstáit an Chomhphobail – aon tairiscint fostaíochta a fhreagairt, ar choinníoll go raibh cónaí dlíthiúil orthu ann ar feadh 3 bliana ar a laghad;

bainfidh siad leas as saor‑rochtain ar aon ghníomhaíocht fostaíochta a roghnaíonn siad, ar choinníoll go raibh cónaí dlíthiúil orthu ann ar feadh 5 bliana ar a laghad.

Féadfaidh leanaí d’oibrithe na Tuirce, a bhfuil cúrsa gairmoiliúna curtha i gcrích acu sa tír óstach, beag beann ar an tréimhse a raibh cónaí orthu sa Bhallstát sin, ar choinníoll go bhfuil duine dá dtuismitheoirí fostaithe go dleathach sa Bhallstát lena mbaineann le 3 bliana ar a laghad, freagra a thabhairt ar aon tairiscint fostaíochta sa Bhallstát sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Foráiltear in Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80:

“Ní féidir le Ballstáit an Chomhphobail nó le [Poblacht na] Tuirce srianta nua a thabhairt isteach ar na coinníollacha maidir le rochtain ar fhostaíocht na n‑oibrithe agus na mball teaghlaigh atá acu atá ann ina gcríocha féin faoi seach, a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu agus a bhfuil i bhfostaíocht dhlíthiúil.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Mar seo atá an fhoclaíocht in Airteagal 14 den Chinneadh:

“1.   Cuirfear forálacha na Roinne seo i bhfeidhm faoi réir teorainneacha a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.

2.   Ní dhéanfar difear do chearta ná d’oibleagáidí faoin reachtaíocht náisiúnta ná faoi chomhaontuithe déthaobhacha idir [Poblacht na] Tuirce agus Ballstáit an Chomhphobail, a mhéid a ndéantar cóir níos fabhraí a sholáthar dá náisiúnaigh leo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

I gcomhréir le hAirteagal 16 den Chinneadh sin, beidh feidhm ag forálacha Roinn 1 de Chaibidil II de ón 1 Nollaig 1980.

Treoir 2003/109/CE

15

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 12 de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar chónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO 2004 L 16, lch. 44), dar teideal “Cosaint ar dhíbirt”:

“1.   Ní fhéadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh cónaitheoir fadtéarmach a dhíbirt ach amháin i gcás ina bhfuil sé nó sí ina fhíorbhagairt nó a fíorbhagairt leorthromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí.

2.   Ní fhothófar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 ar bhreithnithe eacnamaíocha.

3.   Sula ndéanfar cinneadh cónaitheoir fadtéarmach a dhíbirt, cuirfidh na Ballstáit na cúinsí seo a leanas san áireamh:

(a)

tréimhse an chónaithe ina chríoch nó ina críoch;

(b)

aois an duine lena mbaineann;

(c)

na hiarmhairtí don duine lena mbaineann agus do bhaill dá theaghlaigh nó dá teaghlaigh;

(d)

na gaolta leis an tír chónaithe nó easnamh gaolta leis an tír thionscnaimh.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hÍsiltíre

An Dlí maidir le heachtrannaigh

16

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 22 den Wet tot algehele herziening van de Vreemdelingenwet (Vreemdelingenwet 2000) (an Dlí maidir le heachtrannaigh 2000), an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 495), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí (“an Dlí maidir le heachtrannaigh”):

“[...]

2.   Is féidir an ceadúnas cónaithe ar feadh tréimhse neamhtheoranta, dá bhforáiltear in Airteagal 20, a tharraingt siar más rud é:

[...]

(c)

go raibh an sealbhóir mar chuid de chiontú deiridh mar gheall ar chion lena ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó, nó go raibh an beart dá dtagraítear in Airteagal 37 de Wetboek van Strafrecht (Cód Coiriúil) curtha i bhfeidhm maidir leis;

(d)

cuireann an duine nach náisiúnach é nó í an tslándáil náisiúnta i mbaol.

3.   Féadfar rialacha lena sonraítear na forais dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos le beart riaracháin ginearálta nó dá bhun.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

An Fhoraithne maidir le heachtrannaigh

17

Mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 3.86 den Besluit tot uitvoering van de Vreemdelingenwet 2000 (Vreemdelingenbesluit 2000) (an Fhoraithne maidir le heachtrannaigh 2000), an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 497), sa leagan is infheidhme go dtí an 1 Iúil 2012 (“an Fhoraithne maidir le heachtrannaigh”):

“[...]

4.   Féadfar diúltú don iarratas [ar fhadú an ghnáthcheadúnais cónaithe ar feadh tréimhse theoranta] freisin ar bhonn Airteagal 18(1)(e) den Dlí [maidir le heachtrannaigh] i gcás inar gearradh pianbhreith ar an duine nach náisiúnach é nó í, le cinneadh cúirte atá tagtha chun bheith críochnaitheach, mar gheall ar chúig chion ar a laghad nó, i gcás ina raibh cónaí ar an eachtrannach sin ann ar feadh tréimhse níos lú ná 2 bhliain, mar gheall ar thrí chion ar a laghad, arb éard atá sa phianbhreith ná príosúnacht, nó coinneáil más mionaoiseach atá ann, pianbhreith seirbhíse [pobail] nó beart dá dtagraítear in Airteagal 37a, Airteagal 38m nó Airteagal 77h(4)(a) nó (b) den Chód Coiriúil, nó i gcás inar gearradh pianbhreith ar an duine nach náisiúnach é nó í, le cinneadh críochnaitheach coiriúil ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí (“strafbeschikking”), ná pianbhreith seirbhíse [pobail] nó an choibhéis thar lear de phionós nó beart den sórt sin agus ina bhfuil tréimhse iomlán na coda de na pionóis nó de na bearta sin atá infhorfheidhmithe go neamhchoinníollach comhionann ar a laghad leis an tréimhse a shonraítear i mír 5.

5.   Sa tréimhse dá dtagraítear i mír 4, beidh:

[...]

[nuair is éard a bheidh i dtréimhse an chónaithe ná] 15 bliana ar a laghad ach níos lú ná 20 bliain: 14 mhí.

[...]

11.   De mhaolú ar na míreanna roimhe seo, ní dhiúltaítear don iarratas [ar fhadú an ghnáthcheadúnais cónaithe ar feadh tréimhse theoranta]:

[...]

(b)

i gcás ina mbeidh tréimhse an chónaithe 20 bliain.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

18

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 3.98 den Fhoraithne sin:

“1.   Faoi Airteagal 22(2)(c) den Dlí [maidir le heachtrannaigh], féadfar an gnáthcheadúnas cónaithe ar feadh tréimhse neamhtheoranta a tharraingt siar i gcás inar gearradh pianbhreith ar an duine nach náisiúnach é nó í lena mbaineann, le cinneadh cúirte atá tagtha chun bheith críochnaitheach, mar gheall ar chion lena ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó, téarma príosúnachta, pianbhreith seirbhíse [pobail] nó beart dá dtagraítear in Airteagal 37a den Chód Coiriúil nó an choibhéis thar lear de phionós nó beart den sórt sin agus ina bhfuil tréimhse iomlán na bpionós nó na mbeart sin comhionann ar a laghad leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3.86(2), (3) nó (5).

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 3.86 agus 3.87.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

19

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 8.7 den Fhoraithne sin:

“1.   Beidh feidhm ag an mír seo i leith daoine nach náisiúnaigh iad a bhfuil náisiúntacht acu i mBallstát is páirtí in CAE nó sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó de chuid Chónaidhm na hEilvéise, a bhogann go dtí an Ísiltír nó a bhfuil cónaí orthu inti.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

20

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 8:22 den Fhoraithne sin:

“1.   Féadfaidh an tAire cónaí dlíthiúil a dhiúltú nó a fhoirceannadh ar fhorais beartais phoiblí nó slándála poiblí i gcás ina bhfuil iompar pearsanta an duine nach náisiúnach é nó í lena mbaineann ina fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí. Sula ndéanfaidh an tAire cinneadh, cuirfidh sé san áireamh tréimhse chónaithe an pháirtí leasmhair san Ísiltír, an aois, staid na sláinte, imthosca an teaghlaigh agus an staid eacnamaíoch, an t‑imeascadh sóisialta agus cultúrtha san Ísiltír agus díocas na ngaol atá aige nó aici leis an tír thionscnaimh.

[...]

3.   Ní dhéanfaidh an tAire cónaí dlíthiúil a fhoirceannadh, seachas má éilítear amhlaidh ar chúiseanna dianriachtanacha slándála poiblí, sna cásanna seo a leanas maidir leis an duine nach náisiúnach é nó í:

(a)

i gcás cónaí a bheith ar an duine sin san Ísiltír le 10 mbliana anuas; [...]

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

21

Le hAirteagal I den Besluit houdende wijziging van het Vreemdelingenbesluit 2000 in verband met aanscherping van de glijdende schaal (an Fhoraithne lena leasaítear an Fhoraithne maidir le heachtrannaigh chun an scála aistritheach a neartú), an 26 Márta 2012 (Stb. 2012, Uimh. 158), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí (“Foraithne an 26 Márta 2012”), rinneadh an Fhoraithne maidir le heachtrannaigh a leasú mar seo a leanas.

22

Cuireadh an téacs seo a leanas in ionad fhoclaíocht Airteagal 3.86(5) den Fhoraithne maidir le heachtrannaigh:

“Sa tréimhse dá dtagraítear i mír 4, beidh: [...]

[nuair is éard a bheidh i dtréimhse an chónaithe ná] ar a laghad 15 bliana: 14 mhí.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

23

Cuireadh an téacs seo a leanas in ionad fhoclaíocht Airteagal 3.86(11) den Fhoraithne maidir le heachtrannaigh, a athuimhríodh mar mhír 10:

De mhaolú ar na míreanna roimhe seo, ní dhiúltófar don iarratas i gcás inar 10 mbliana an tréimhse chónaithe, ach amháin i gcás:

(a)

cion a bheith ann dá bhforáiltear in Airteagal 22b(1) den Chód Coiriúil;

(b)

cion a bheith ann ar an reachtaíocht maidir le drugaí lena ngabhann príosúnacht 6 bliana nó níos mó mar phionós, de réir a shainmhínithe dlí.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

24

Foráiltear mar a leanas in Airteagal II d’Fhoraithne an 26 Márta 2012:

“Ní bheidh feidhm ag an bhForaithne seo ar dhuine nach náisiúnach é nó í nach bhféadfaí cur isteach ar a áit chónaithe nó a háit chónaithe faoin dlí a bhí i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm na Foraithne seo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

An ciorclán maidir le heachtrannaigh 2000

25

Foráiltear le mír B10/2.3 den Vreemdelingencirculaire 2000 (Ciorclán maidir le heachtrannaigh 2000), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí:

“[...]

Beartas poiblí agus slándáil phoiblí

I gcomhréir le hAirteagal 8.22(1) den Fhoraithne maidir le heachtrannaigh, déanfaidh [an t‑údarás inniúil] cónaí dlíthiúil a dhiúltú nó a fhoirceannadh i gcás gur fíorbhagairt láithreach ar leas bunúsach na sochaí é iompar pearsanta saoránaigh den Aontas nó baill den teaghlach, murab ea nach bhfuil deireadh na tréimhse chónaithe mar thoradh ar chur i bhfeidhm de réir análaí Airteagal 3.77 nó Airteagal 3.86 den Fhoraithne maidir le heachtrannaigh.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

26

Foráiltear mar a leanas i mír B 12/2.8 den Chiorclán sin, sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí:

“Déanfaidh [an t-údarás inniúil] an gnáthcheadúnas cónaithe ar feadh tréimhse neamhtheoranta a tharraingt siar i gcás inarb ann do chúinse dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Dlí maidir le heachtrannaigh agus gan mhaolú a bheith déanta ina leith le hAirteagail 3.97 agus 3.98 den Fhoraithne maidir le heachtrannaigh.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

Na díospóidí sna príomhimeachtaí

An díospóid sna príomhimeachtaí a bhaineann le S

27

Tá cónaí dlíthiúil ar S, náisiúnach de chuid na Tuirce, san Ísiltír ón 15 Feabhra 1983 agus tá sé nó sí ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar ghnáthcheadúnas cónaithe ar feadh tréimhse neamhtheoranta ón 9 Márta 1992.

28

Le cinneadh an 5 Deireadh Fómhair 2017, tharraing an Státrúnaí siar ó S, ar bhonn Airteagal 3.98 den Fhoraithne maidir le heachtrannaigh agus Airteagal 3.86 den Fhoraithne sin, arna leasú le Foraithne an 26 Márta 2012 (“an scála aistritheach neartaithe”), a cheadúnas nó a ceadúnas cónaithe, ordaítear dó nó di críoch na hÍsiltíre a fhágáil láithreach agus forchuirtear toirmeasc ar theacht isteach air nó uirthi.

29

Bhí an cinneadh sin bunaithe ar an bhfíric go raibh S, ó mhí na Samhna 1994, mar chuid de 39 gciontú choiriúla mar gheall ar chionta lena ngabhann príosúnacht 3 bliana nó níos mó agus go ndearna tréimhse iomlán na bpianbhreitheanna daingne príosúin a gearradh air nó uirthi, eadhon 66 mhí, i gcomparáid le tréimhse a chónaithe nó a cónaithe dhlíthiúil san Ísiltír, ceanglais an scála aistrithigh neartaithe a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, bhí an cinneadh sin bunaithe ar an bhfíric gurbh fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí é iompar pearsanta S a mhéid, ar an gcéad dul síos, go raibh cionta tromchúiseacha déanta aige, go sonrach robáil le foréigean, buirgléireacht agus gáinneáil ar dhrugaí crua agus, ar an dara dul síos, go raibh an‑bhaol ann go sáródh an páirtí leasmhar arís agus arís eile é ós rud é gur choinnigh S air nó uirthi leis na cionta tar éis dó nó di 2 bhliain a chaitheamh i ngnólacht faoi leith le haghaidh ciontóirí rialta.

30

Le cinneadh an 27 Márta 2018, dhiúltaigh an Státrúnaí don agóid a rinne S i gcoinne chinneadh an 5 Deireadh Fómhair 2017 toisc nach raibh bunús léi.

31

Agus í ag tabhairt faoi chaingean arna tabhairt ag S i gcoinne an chinnidh sin, chuir rechtbank Den Haag (an Chúirt Dúiche, an Háig, an Ísiltír), ina suí in Rotterdam (an Ísiltír), le breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 2018, cinneadh an 27 Márta 2018 agus cinneadh an 5 Deireadh Fómhair 2017 ar neamhní, ar an bhforas go raibh “srian nua” i gceist leis an scála aistrithigh neartaithe de réir bhrí Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80.

32

Rinne an Státrúnaí achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír), an chúirt a rinne an tarchur, agus é ag agairt, inter alia, go gcuirfí S i staid níos fabhraí ná mar a bheadh ag saoránaigh an Aontais dá mainneofaí an reachtaíocht náisiúnta sin a chur i bhfeidhm, rud a thiocfadh salach ar Airteagal 59 den Phrótacal Breise.

An díospóid sna príomhimeachtaí a bhaineann le C

33

Tá cónaí dlíthiúil ar C, náisiúnach de chuid na Tuirce, san Ísiltír ón 3 Bealtaine 1976 agus tá sé nó sí ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar ghnáthcheadúnas cónaithe ar feadh tréimhse neamhtheoranta ón 25 Márta 1983.

34

Le cinneadh an 22 Aibreán 2018, tharraing an Státrúnaí siar ó C, faoin scála aistritheach neartaithe, a cheadúnas nó a ceadúnas cónaithe, ordaítear dó nó di críoch na hÍsiltíre a fhágáil láithreach agus forchuirtear toirmeasc ar theacht isteach air nó uirthi. Bhí an cinneadh sin bunaithe ar an bhfíric go raibh C, ó 1988 i leith, mar chuid de 22 chiontú choiriúla, go háirithe tar éis 2012, mar gheall ar chionta a bhain le buirgléireacht, ionsaí agus gáinneáil ar dhrugaí crua, agus go ndearna tréimhse iomlán na bpianbhreitheanna daingne príosúin a gearradh air nó uirthi, eadhon 56 mhí, i gcomparáid le tréimhse a chónaithe nó a cónaithe dhlíthiúil san Ísiltír, ceanglais an scála aistrithigh neartaithe a chomhlíonadh. Mheas an Státrúnaí freisin go ndearna C mí-úsáid ghnéasach ar a iníon nó a hiníon faoi aois idir an 1 Meán Fómhair 1990 agus an 31 Nollaig 2000, rud a rinne a mheasúnú a neartú go raibh iompar pearsanta an pháirtí leasmhair ina fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí.

35

Le cinneadh an 3 Deireadh Fómhair 2018, dhiúltaigh an Státrúnaí don agóid a rinne C i gcoinne an chinnidh toisc nach raibh bunús léi.

36

Le breithiúnas an 24 Iúil 2019, dhearbhaigh rechtbank Den Haag (an Chúirt Dúiche, an Háig), ina suí in Middelburg (an Ísiltír), go raibh an chaingean arna tabhairt ag C i gcoinne chinneadh an 3 Deireadh Fómhair 2018 gan bhunús. Chinn an chúirt sin go raibh Airteagal 14 de Chinneadh Uimh. 1/80 infheidhme ós rud é go raibh iompar pearsanta C ina fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí agus, sa chás sin, nach bhféadfadh C brath ar Airteagal 13 den Chinneadh sin.

37

Rinne C achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ag áitiú nár bhagairt láithreach é a iompar nó a hiompar pearsanta ar leas bunúsach na sochaí agus go raibh Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 infheidhme sa chás seo.

An díospóid sna príomhimeachtaí a bhaineann le E

38

Tá cónaí dlíthiúil ar E, náisiúnach de chuid na Tuirce, san Ísiltír ó 1981, agus tá sé nó sí ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar ghnáthcheadúnas cónaithe ar feadh tréimhse neamhtheoranta ón 16 Márta 1995.

39

Le cinneadh an 30 Bealtaine 2018, tharraing an Státrúnaí siar ó E, faoin scála aistritheach neartaithe, a cheadúnas nó a ceadúnas cónaithe, ordaítear dó nó di críoch na hÍsiltíre a fhágáil láithreach agus forchuirtear toirmeasc ar theacht isteach air uirthi. Bhí an cinneadh sin bunaithe ar an bhfíric go raibh, ó 1990 i leith, mar chuid de 13 chiontú choiriúla, lena n‑áirítear cinn tar éis 2012, agus go ndearna tréimhse iomlán na bpianbhreitheanna daingne príosúin a gearradh air nó uirthi, eadhon 25 mhí, i gcomparáid le tréimhse a chónaithe nó a cónaithe dhlíthiúil san Ísiltír, ceanglais an scála aistrithigh neartaithe a chomhlíonadh. Ina theannta sin, mheas an Státrúnaí go raibh iompar pearsanta E ina fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí.

40

Le cinneadh an 24 Meán Fómhair 2018, diúltaíodh don agóid a rinne E i gcoinne chinneadh an 30 Bealtaine 2018 toisc nach raibh bunús léi.

41

Le breithiúnas an 2 Bealtaine 2019, dhearbhaigh rechtbank Den Haag (an Chúirt Dúiche, an Háig), ina suí in Amstardam (an Ísiltír), go raibh an chaingean arna tabhairt ag E i gcoinne chinneadh an 24 Meán Fómhair 2018 gan bhunús, agus í den tuairim ar an gcéad dul síos, fiú dá mba “srian nua” an scála aistritheach neartaithe de réir bhrí Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80, go raibh raon feidhme an Airteagail sin teoranta faoi Airteagal 14 den Chinneadh agus, ar an dara dul síos, go dtiocfaidh sé salach ar Airteagal 59 den Phrótacal Breise gan an reachtaíocht náisiúnta sin a chur i bhfeidhm maidir le E os rud é go gcuirfí E i staid níos fabhraí ná mar a bheadh ag saoránaigh an Aontais leis sin.

42

Rinne E achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ag áitiú go raibh cur i bhfeidhm an scála aistrithigh neartaithe ag teacht salach ar Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 agus nach mbeadh sé curtha i staid níos fabhraí ná mar a bheadh ag saoránaigh an Aontais mura gcuirfí an reachtaíocht náisiúnta sin i bhfeidhm maidir leis.

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

43

Measann an chúirt a rinne an tarchur, agus í ag tabhairt faoi achomhairc i gcoinne na mbreithiúnas a tugadh ag an gcéad chéim i leith S, C, agus E, gur gá Airteagail 13 agus 14 de Chinneadh Uimh. 1/80 a léiriú chun teacht ar réiteach ar na díospóidí sna príomhimeachtaí.

44

Ní chuireann an chúirt sin as an áireamh go bhféadfar an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann, eadhon Foraithne an 26 Márta 2012 lena bhforáiltear don scála aistritheach neartaithe, a aicmiú mar “srian nua” de réir bhrí Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80, ós rud é, murab ionann agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm na Foraithne sin, nach bhfuil toirmeasc inti a thuilleadh ar cheadúnas cónaithe na n-eachtrannach a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na hÍsiltíre ar feadh 20 bliain ar a laghad a tharraingt siar agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé níos deacra ar náisiúnaigh de chuid na Tuirce a gceart chun saorghluaiseachta sa chríoch sin a fheidhmiú.

45

Mar sin féin, iarrann an chúirt sin an bhféadfaidh náisiúnach de chuid na Tuirce a bhfuil a leithéid de cheart cónaithe aige nó aici is atá ag na páirtithe leasmhara, a chomhfhreagraíonn do na cearta faoi Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1/80, maidir le C, nó Airteagal 7 de, i gcás S agus E, brath ar Airteagal 13 den Chinneadh sin chun cur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta sin air a chosc, ós rud é, dar léi, nach dtugtar freagra soiléir i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais ina leith sin.

46

Dearbhaíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil iompar pearsanta na bpáirtithe leasmhara ina fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach leas bunúsach na sochaí. Is léir ó chásdlí na Cúirte, go háirithe breithiúnais an 18 Iúil 2007, Derin (C-325/05, EU:C:2007:442, mír 74) agus an 8 Nollaig 2011, Ziebell (C-371/08, EU:C:2011:809, mír 82), go bhféadfaidh Ballstát, ar bhonn measúnaithe ar a iompar nó a hiompar pearsanta atá ag luí le prionsabal na comhréireachta agus cearta bunúsacha náisiúnach de chuid na Tuirce lena mbaineann, faoi Airteagal 14 de Chinneadh Uimh. 1/80, na cearta arna dtabhairt le hAirteagail 6 agus 7 den Chinneadh sin a tharraingt siar má tá bagairt den sórt sin i gceist leis an iompar. Ina theannta sin, leanann sé as foclaíocht Airteagal 14 den Chinneadh sin go bhfuil feidhm ag Airteagal 13 den Chinneadh sin faoi réir teorainneacha a bhfuil bonn cirt leo, inter alia, ar fhorais an bheartais phoiblí.

47

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, sa chás seo, gur léir ón ráiteas míniúcháin a ghabhann le Foraithne an 26 Márta 2012 gurb é is cúis le glacadh na reachtaíochta náisiúnta lena mbaineann ná an fhorbairt atá tagtha ar an dearcadh ar chosaint an oird phoiblí laistigh de shochaí na hÍsiltíre. I ndáil leis sin, eascraíonn sé ón mbuntuiscint go bhfuil iompar pearsanta S, C agus E ina fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí, ionas go bhféadfar, i bprionsabal, a gceart cónaithe a fhoirceannadh de bhun Airteagal 14 de Chinneadh Uimh. 1/80. Iarrann an chúirt sin, áfach, an bhfuil Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 infheidhme i gcás ina ndíorthaíonn eachtrannach cearta cheana féin faoi Airteagal 6 nó Airteagal 7 den Chinneadh sin agus, i gcás freagra dearfach air sin, cén cineál nasc atá idir Airteagail 13 agus 14 den Chinneadh sin.

48

Sna himthosca sin, chinn an Raad van State (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

An bhféadfadh náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil ina sealbhóirí ar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 1/80 fós brath ar Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80?

(2)

An leanann sé ó Airteagal 14 de Chinneadh Uimh. 1/80 nach bhféadfaidh náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bheith ag brath a thuilleadh ar Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 más rud é, mar gheall ar a n‑iompar pearsanta, gur fíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach iad ar leas bunúsach na sochaí?

(3)

An féidir bonn cirt a thabhairt leis an srian nua, faoinar féidir ceart cónaithe náisiúnaigh de chuid na Tuirce a fhoirceannadh ar fhorais an bheartais phoiblí fiú tar éis 20 bliain [de chónaí dlíthiúil], trí thagairt a dhéanamh d’fhorbairt ar thuairimí sóisialta as ar eascair an srian nua sin? I ndáil leis sin, an leor go bhfuil an srian nua sin i dtaca leis an gcuspóir beartais phoiblí, nó an gcaithfidh sé a bheith iomchuí freisin chun an cuspóir sin a bhaint amach gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach?”

Maidir leis na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

49

Leis an gcéad cheist dá cuid, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 amhail gur féidir le náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil ina sealbhóirí ar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 den Chinneadh sin brath air.

50

I ndáil leis sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 go leagtar síos leis clásal standstill lena gcuirtear toirmeasc ar na Ballstáit srianta nua a thabhairt isteach ar na coinníollacha maidir le rochtain ar fhostaíocht oibrithe de chuid na Tuirce agus na mball teaghlaigh atá acu atá ann ina gcríocha féin, a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu agus a bhfuil i bhfostaíocht dhlíthiúil.

51

Mar is léir ón gcásdlí socair, tá éifeacht dhíreach ag an gclásal standstill sin (breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2003, Abatay agus páirtithe eile, C‑317/01 agus C‑369/01, EU:C:2003:572, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus tá sé beartaithe go mbeidh feidhm aige i leith náisiúnaigh de chuid na Tuirce nach bhfuil cearta fostaíochta acu go fóill agus, dá réir sin, cearta cónaithe ach an oiread faoi Airteagal 6(1) den Chinneadh sin (breithiúnas an 29 Aibreán 2010, an Coimisiún v an Ísiltír, C-92/07, EU:C:2010:228, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is éard is cúis leis an gclásal standstill sin ná an fhíric go bhfuil sé de chumhacht ag na Ballstáit cead a thabhairt do náisiúnaigh de chuid na Tuirce dul isteach ina gcríoch agus céad phost a ghlacadh istigh ann, agus tá sé mar aidhm leis a áirithiú go staonfaidh na húdaráis náisiúnta ó bhearta a ghlacadh a d’fhéadfadh cuspóir Chinneadh Uimh. 1/80 a bhaint amach a chur i mbaol, eadhon saorghluaiseacht d’oibrithe a bhunú, cé go bhféadfar, ag an gcéad chéim, d’fhonn an tsaoirse bhunúsach sin a chur chun feidhme de réir a chéile, srianta náisiúnta a bhí ann cheana maidir le rochtain ar fhostaíocht a choimeád (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2003, Abatay agus páirtithe eile, C-317/01 agus C-369/01, EU:C:2003:572, míreanna 80 agus 81).

52

Mar sin féin, is léir freisin ón gcásdlí socair go gcuirtear toirmeasc ginearálta leis an gclásal standstill céanna ar aon bheart inmheánach nua a thabhairt isteach arb é is cuspóir nó is éifeacht leis ná feidhmiú náisiúnaigh de chuid na Tuirce ar shaorghluaiseacht d’oibrithe laistigh den chríoch náisiúnta a chur faoi réir coinníollacha atá níos srianta ná na coinníollacha a bhí i bhfeidhm tráth theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 1/80 sa Bhallstát lena mbaineann (breithiúnais an 29 Márta 2017, Tekdemir, C-652/15, EU:C:2017:239, mír 25 agus an 2 Meán Fómhair 2021, Udlændingenævnet, C-379/20, EU:C:2021:660, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Tá bonn cirt le léiriú leathan den sórt sin ar raon feidhme an chlásail standstill lena mbaineann i bhfianaise chuspóir Chinneadh Uimh. 1/80, eadhon saorghluaiseacht d’oibrithe a bhunú. Le srian nua lena ndéantar dianú ar na coinníollacha maidir le rochtain ar chéad phost le haghaidh oibrí de chuid na Tuirce nó baill dá theaghlaigh nó dá teaghlaigh agus le srian lena gcuirtear teorainn, a luaithe agus a bhfaigheann an t-oibrí sin nó baill dá theaghlaigh nó dá teaghlaigh cearta fostaíochta faoi Airteagal 6 nó Airteagal 7 den Chinneadh sin, ar an rochtain ar ghníomhaíocht fostaíochta dá ráthaítear faoi na cearta sin, tagtar salach ar chuspóir an Chinnidh sin, eadhon saorghluaiseacht na n‑oibrithe lena mbaineann a bhaint amach.

54

Is fíor, mar a luaigh an chúirt a rinne an tarchur, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i mír 81 de bhreithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2003, Abatay agus páirtithe eile (C-317/01 agus C-369/01, EU:C:2003:572), nach gá go mbeadh náisiúnach de chuid na Tuirce atá fostaithe go dleathach cheana féin i mBallstát a bheith faoi chosaint a thuilleadh leis an gclásal standstill a bhaineann le rochtain ar fhostaíocht, ós rud é gurbh ann don rochtain sin cheana féin agus gur féidir leis an bpáirtí leasmhar tairbhe a bhaint as na cearta a thugtar dó nó di go sainráite faoi Airteagal 6 den Chinneadh sin cheana féin don chuid eile dá ghairm nó dá gairm bheatha sa Bhallstát.

55

Ní hea, áfach, go ndéantar cur i bhfeidhm an chlásail standstill a eisiamh ina leithéid de chás dá bharr. Fiú más féidir le náisiúnach de chuid na Tuirce agus baill dá theaghlaigh nó dá teaghlaigh a chumhdaítear faoi Airteagail 6 agus 7 de Chinneadh Uimh. 1/80 faoi seach brath ar na cearta a eascraíonn as na forálacha sin chun cur i gcoinne srianta ar fheidhmiú a saorghluaiseachta, gan a bheith faoi cheangal a chruthú, thairis sin, gur srianta nua iad agus go bhfuil siad ag teacht salach, mar sin, ar an gclásal standstill sin, is amhlaidh go bhféadfadh an dá chás sin tarlú in éineacht lena chéile.

56

Luaigh an Chúirt freisin i mír 84 de bhreithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2003, Abatay agus páirtithe eile (C-317/01 agus C-369/01, EU:C:2003:572), nach bhfuil raon feidhme Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 teoranta do náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá lánpháirtithe cheana féin i margadh saothair Ballstáit. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go dtagann an méid sin thuas faoi raon feidhme na forála sin.

57

Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gurb éard is cúis leis na díospóidí sna príomhimeachtaí ná cinneadh na n‑údarás inniúil san Ísiltír ceart cónaithe na bpáirtithe leasmhara a tharraingt siar faoin reachtaíocht náisiúnta, arna ghlacadh ar fhorais an bheartais phoiblí. Tá cead ag na húdaráis inniúla faoin reachtaíocht náisiúnta sin, a tugadh isteach tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 1/80 i gcríoch na hÍsiltíre, an ceart cónaithe a tharraingt siar agus oibrí de chuid na Tuirce a raibh cónaí dlíthiúil air nó uirthi sa chríoch sin le breis agus 20 bliain a dhíbirt agus a fhaigheann, dá bhrí sin, cearta faoin tríú fleasc d’Airteagal 6(1) nó faoin dara mír d’Airteagal 7 den Chinneadh sin, nuair is fíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach é nó í ar leas bunúsach na sochaí.

58

I ndáil leis sin, leanann sé ón gcásdlí go bhféadfaidh bearta Ballstáit lena ndírítear ar na critéir maidir le dlíthiúlacht staid náisiúnaigh de chuid na Tuirce a shainiú, trí, inter alia, coinníollacha cónaithe na náisiúnach sin ar a chríoch a ghlacadh nó a leasú, a bheith ina srianta nua de réir bhrí Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Samhain 2013, Demir, C-225/12, EU:C:2013:725, míreanna 38 agus 39).

59

Dá réir sin, cuirtear teorainn ar an gceart chun saorghluaiseachta atá acu faoi reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear cearta cónaithe na bpáirtithe leasmhara atá ina seilbh acu faoin tríú fleasc d’Airteagal 6(1) agus faoin dara mír d’Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 1/80 a tharraingt siar i gcomparáid leis an gceart chun saorghluaiseachta a bhí acu nuair a tháinig an Cinneadh sin i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, is srian nua é de réir bhrí Airteagal 13 den Chinneadh sin.

60

I bhfianaise a bhfuil thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist ná gurb é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 ná gur féidir le náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil ina sealbhóirí ar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 den Chinneadh sin brath air.

An dara agus an tríú ceist

61

Leis an dara agus an tríú ceist dá cuid, ar cheart iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80 a léiriú amhail go bhféadfadh náisiúnaigh de chuid na Tuirce brath ar Airteagal 13 den Chinneadh sin d’fhonn cur i gcoinne “srian nua” de réir bhrí na forála sin a bheadh curtha i bhfeidhm orthu, lena gcuirtear ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit deireadh a chur lena gceart cónaithe ar an bhforas, de réir na n-údarás sin, gur fíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach iad ar leas bunúsach na sochaí. I gcás freagra dearfach, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach an féidir bonn cirt a thabhairt le srian den sórt sin faoi Airteagal 14 den Chinneadh sin agus cad iad na coinníollacha faoinar féidir é sin a dhéanamh.

62

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80 go bhféadfaidh na Ballstáit maolú ó fhorálacha an Chinnidh sin lena dtugtar cearta áirithe d’oibrithe de chuid na Tuirce a chur i bhfeidhm.

63

Faoi Airteagal 14, is féidir cur i bhfeidhm fhorálacha na roinne de Chinneadh Uimh. 1/80 a bhaineann le fostaíocht agus saorghluaiseacht oibrithe a bheith ina srianta a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.

64

Dá bhrí sin, maidir le beart lena sáraítear an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 maidir le haon bheart inmheánach nua arb é is cuspóir nó is éifeacht leis ná feidhmiú náisiúnaigh de chuid na Tuirce ar shaorghluaiseacht d’oibrithe laistigh den chríoch náisiúnta a chur faoi réir coinníollacha atá níos srianta ná na coinníollacha a bhí i bhfeidhm tráth dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh sin sa Bhallstát lena mbaineann, féadfar bonn cirt a bheith leis ar fhorais an bheartais phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Chinneadh sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Udlændingenævnet, C‑379/20, EU:C:2021:660, míreanna 22 agus 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh náisiúnach de chuid na Tuirce a bhfuil ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar cheart cónaithe sa Bhallstát óstach de bhun Chinneadh Uimh. 1/80 atá faoi réir srian den sórt sin ar fhorais an bheartais phoiblí agóid a dhéanamh ina leith os comhair na gcúirteanna náisiúnta trína bheith ag brath ar an toirmeasc ar “srianta nua” a ghlacadh in Airteagal 13 den Chinneadh sin agus ar mhífheidhmiú Airteagal 14 den Chinneadh sin. Is léir ó chásdlí socair na Cúirte go bhféadfaidh náisiúnaigh de chuid na Tuirce brath go bailí ar Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 os comhair cúirteanna na mBallstát, má tá feidhm aige ina leith chun diúltú do rialacha an dlí náisiúnta atá contrártha leis a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2009, Sahin, C-242/06, EU:C:2009:554, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, ghlac an Chúirt leis go bhféadfaidh náisiúnach de chuid na Tuirce a bhfuil ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar cheart cónaithe sa Bhallstát óstach de bhun Chinneadh Uimh. 1/80 brath go bailí ar Airteagal 14(1) den Chinneadh sin os comhair cúirteanna náisiúnta an Bhallstáit sin chun diúltú do bheart náisiúnta atá contrártha leis an bhforáil sin a chur i bhfeidhm (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2011, Ziebell, C-371/08, EU:C:2011:809, mír 51).

66

Ní mór, áfach, an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80, ar maolú í ar an tsaoirse bhunúsach arb í saorghluaiseacht oibrithe, a léiriú go docht agus ní féidir leis na Ballstáit a raon feidhme a chinneadh go haontaobhach (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2011, Ziebell, C-371/08, EU:C:2011:809, mír 81).

67

Sa chás seo, iarrann an chúirt a rinne an tarchur cad iad na coinníollacha faoina bhféadfar a mheas go dtugtar bonn cirt le ceanglais an bheartais phoiblí do bheart nua atá ag teacht salach ar an gclásal standstill, amhail an beart náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí. Go háirithe, iarrann an chúirt an dtugtar aird chuí ar an léiriú sriantach atá le deanamh ar choincheap an “bheartais phoiblí” le neartú an scála aistrithigh dá bhforáiltear leis an mbeart náisiúnta sin mar thoradh ar fhorbairt ar thuairimí sóisialta, agus an dtagann sé faoi lánrogha an Bhallstáit lena mbaineann.

68

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú cé go bhfuil sé de shaoirse ag na Ballstáit, i gcomhréir lena riachtanais náisiúnta, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus ó thréimhse go tréimhse, ceanglais an bheartais phoiblí a chinneadh, go háirithe sa mhéid a bhfuil siad mar bhonn cirt le maolú ar phrionsabal na saorghluaiseachta daoine (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Bealtaine 2012, I, C‑348/09, EU:C:2012:300, mír 23), tá feidhmiú na cumhachta lánroghnaí sin faoi neart teorainneacha éagsúla.

69

Dá bhrí sin, is léir ó mhír 66 den bhreithiúnas seo nach mór léiriú docht a dhéanamh ar cheanglais an bheartais phoiblí.

70

Thairis sin, is léir ón gcásdlí nach mór do bhearta arna nglacadh ag na Ballstáit a thagann faoi na ceanglais sin agus dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80 a bheith iomchuí d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú maidir le cosaint an bheartais phoiblí agus nach rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Udlændingenævnet, C-379/20, EU:C:2021:660, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

71

Maidir le cás náisiúnaigh de chuid na Tuirce, amhail na páirtithe leasmhara, a raibh cónaí air nó uirthi sa Bhallstát óstach le breis agus 10 mbliana, chinn an Chúirt, ina theannta sin, gurb é Airteagal 12 de Threoir 2003/109 an creat tagartha chun Airteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80 a chur i bhfeidhm. Is éard a thagann ón gcreat tagartha sin ná, sa chéad áit, nach féidir an cónaitheoir fadtéarmach lena mbaineann a dhíbirt ach amháin má tá sé nó sí ina fhíorbhagairt nó a fíorbhagairt thromhchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí, sa dara háit, nach féidir bonn cirt a thabhairt do chinneadh díbeartha le forais eacnamaíocha agus, sa tríú háit, go gceanglaítear ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, sula nglacfaidh siad cinneadh den sórt sin, tréimhse chónaithe an pháirtí leasmhair ar chríoch an Stáit sin a chur san áireamh, chomh maith lena aois nó a haois, iarmhairtí na díbeartha don pháirtí leasmhar agus do bhaill dá theaghlaigh nó dá teaghlaigh, agus na gaolta leis an tír chónaithe nó easnamh gaolta leis an tír thionscnaimh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2011, Ziebell, C-371/08, EU:C:2011:809, míreanna 79 agus 80).

72

Dá bhrí sin, chinn an Chúirt nach bhféadfar bearta a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí a ghlacadh ach amháin sa chás ina gcruthaítear, tar éis do na húdaráis náisiúnta inniúla measúnú cás ar chás a dhéanamh, atá ag luí le prionsabal na comhréireachta agus le cearta bunúsacha an pháirtí leasmhair, go háirithe an ceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, go bhfuil iompar an pháirtí leasmhair ina fhíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí (breithiúnas an 8 Nollaig 2011, Ziebell, C-371/08, EU:C:2011:809, mír 82).

73

Shoiléirigh an Chúirt nach mór, chun a fháil amach an ann don bhagairt sin, aird a thabhairt ar na gnéithe fíorasacha a tháinig chun cinn i ndiaidh an chinnidh dheireanaigh ó na húdaráis inniúla faoina bhféadfadh bagairt iompar an pháirtí leasmhair ar an leas bunúsach lena mbaineann imithe i léig nó gur tháinig laghdú neamhthábhachtach air a bheith i gceist leo (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2011, Ziebell, C-371/08, EU:C:2011:809, mír 84).

74

I bhfianaise an méid sin, ní mór a mheas, sa chás seo, go dtagann neartú an scála aistrithigh, dá bhforáiltear leis an mbeart náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ar fhorais an bheartais phoiblí, faoi lánrogha údaráis inniúla na hÍsiltíre a shonraítear in Airteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80. Thairis sin, d’fhéadfadh go mbeadh bonn cirt leis an srian trí thagairt a dhéanamh d’fhorbairt ar thuairimí sóisialta as ar eascair an srian nua sin agus san fhíric go bhfuil an srian nua sin i dtaca leis an gcuspóir beartais phoiblí.

75

Mar sin féin, ní leor iontu féin an tagairt d’fhorbairt ar thuairimí sóisialta nó an bonn cirt atá bunaithe ar an mbeartas poiblí chun an beart náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí arna ghlacadh faoi Airteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80 a dhlisteanú. Maidir leis na bearta sin, ní mór go mbeidh siad iomchuí d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú maidir le cosaint an bheartais phoiblí agus nach rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh air sin. Agus an measúnú sin á dhéanamh aici, ní mór don chúirt a rinne an tarchur na cearta a thugtar le Cinneadh Uimh. 1/80 agus, go háirithe, na cearta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 13 de a chur san áireamh. Ina theannta sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a mheas an bhforáiltear leis na bearta sin do réamh-mheasúnú aonair ar staid láithreach an oibrí de chuid na Tuirce lena mbaineann sin a bheadh ag luí le prionsabal na comhréireachta agus le cearta bunúsacha an oibrí sin, mar a shonraítear i míreanna 71 go 73 den bhreithiúnas seo.

76

Sa chás seo, chun a fháil amach an gcomhlíontar leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí na ceanglais sin, féadfaidh na gnéithe seo a leanas, faoi réir na seiceálacha a bheidh le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, a bheith ina ngnéithe ábhartha. Ar an gcéad dul síos, an easpa uathoibríochta idir forchur pionóis agus tarraingt siar an chirt chónaithe a thugtar don pháirtí leasmhar faoi Chinneadh Uimh. 1/80 agus díbirt an pháirtí sin ó chríoch na hÍsiltíre. Ar an dara dul síos, ní mór do na húdaráis inniúla, a bhfuil sé ar intinn acu cinneadh um tharraingt siar den sórt sin a ghlacadh, tréimhse chónaithe an pháirtí leasmhair san Ísiltír, an aois, staid na sláinte, imthosca an teaghlaigh agus an staid eacnamaíoch, an t‑imeascadh sóisialta agus cultúrtha sa Bhallstát sin agus díocas na ngaol atá aige nó aici leis an tír thionscnaimh a chur san áireamh agus, sa deireadh thiar thall, ní mór dóibh, ar thaobh amháin, déine an phionóis a fhorchuirtear ar an bpáirtí leasmhar chun an cion a rinne an páirtí sin a phionósú agus, ar an taobh eile, tréimhse chónaithe an pháirtí sin a mheas. Ar an tríú dul síos, ní mór do na húdaráis sin, chun críocha cinneadh den sórt sin a ghlacadh, a chur san áireamh, ní hamháin cibé an bhfuil cionta déanta ag an duine sin arís agus arís eile le roinnt blianta anuas nó nach bhfuil, ach gnéithe eile freisin, amhail gur athraigh an páirtí sin a iompar nó a hiompar ar bhealach dearfach tar éis a chiontaithe nó a ciontaithe, go háirithe trí aiféala a chur in iúl, trí dheireadh a chur leis an úsáid a bhaineann sé nó sí as drugaí, trí staidéir a thosú nó cibé, ar a mhalairt, a shéanann an páirtí céanna na gníomhartha ar ciontaíodh é nó í ina leith nó an gcuireann sé nó sí i gcomhthéacs coibhneasach iad.

77

Dá bhrí sin, ní mór a thabhairt mar fhreagra ar an dara ceist agus ar an triú ceist nach mór Airteagal 14(1) de Chinneadh Uimh. 1/80 a léiriú sa chaoi go bhféadfadh náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá, dar le húdaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, ina fíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí, brath ar Airteagal 13 den Chinneadh sin d’fhonn cur i gcoinne “srian nua” de réir bhrí na forála sin a bheadh curtha i bhfeidhm orthu lena gcuirtear ar chumas na n-údarás sin deireadh a chur lena gceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí. D’fhéadfaí bonn cirt a thabhairt lena leithéid de shrian trí Airteagal 14 den Chinneadh sin a chur i bhfeidhm, más rud é go bhfuil sé iomchuí d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú maidir le cosaint an bheartais phoiblí agus nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach.

Costais

78

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 ón gComhairle Comhlachais an 19 Meán Fómhair 1980 maidir le forbairt an chomhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is féidir le náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil ina sealbhóirí ar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 den Chinneadh sin brath air.

 

2.

Maidir le hAirteagal 14 de Chinneadh Uimh. 1/80,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfaidh náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá, dar le húdaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, ina bhfíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí, brath ar Airteagal 13 den Chinneadh sin d’fhonn cur i gcoinne “srian nua” de réir bhrí na forála sin a bheadh curtha i bhfeidhm orthu lena gcuirtear ar chumas na n-údarás sin deireadh a chur lena gceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí. D’fhéadfaí bonn cirt a thabhairt lena leithéid de shrian trí Airteagal 14 den Chinneadh sin a chur i bhfeidhm, más rud é go bhfuil sé iomchuí d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú maidir le cosaint an bheartais phoiblí agus nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.

Top