EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CB0659

Cás C-659/21: Ordú na Cúirte (an tOchtú dlísheomra) an 30 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa – an Phortaingéil) – Orbest, SA v CS, QN, OP agus Eile (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Iompar eitlíochta – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu – Airteagal 5(3) – Díolúine ó chúram an chúitimh – An coincheap “imthosca eisceachtúla” – Cliseadh teicniúil an eitleáin toisc gur bhuail feithicil lónadóireachta le triú páirtí faoin eitleán sin agus é páirceáilte ag an aerfort)

IO C 198, 16.5.2022, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 198, 16.5.2022, p. 13–13 (GA)

16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 198/13


Ordú na Cúirte (an tOchtú dlísheomra) an 30 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa – an Phortaingéil) – Orbest, SA v CS, QN, OP agus Eile

(Cás C-659/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Iompar eitlíochta - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu - Airteagal 5(3) - Díolúine ó chúram an chúitimh - An coincheap “imthosca eisceachtúla” - Cliseadh teicniúil an eitleáin toisc gur bhuail feithicil lónadóireachta le triú páirtí faoin eitleán sin agus é páirceáilte ag an aerfort)

(2022/C 198/20)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Lisboa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Orbest, SA

Cosantóirí: CS, QN, OP agus Eile

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 5(3) Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, a léirmhíniú amhail is go bhféadfar cliseadh teicniúil eitleáin a thárla toisc gur bhuail feithicil lónadóireachta le triú páirtí faoin eitleán sin agus é páirceáilte ag an aerfort a chuimsiú le raon feidhme na choincheapa “imthosca eisceachtúla”, de réir bhrí na forála sin.


(1)  A taisceadh an 2.11.2021


Top