EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0788

Cás C-788/21, Gobal Gravity: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Retten i Esbjerg – an Danmhairg) – Skatteministeriet Departementet v Global Gravity ApS (Tarchur chun réamhrialiú – Aontas custaim – Taraif Chustaim Choiteann – Aicmiú earraí – Ainmníocht Chomhcheangailte – Fo-cheannteidil 7616 99 90 agus 8609 00 90 – Tubular Transport Running-system (TubeLock) – Coincheap an “choimeádáin”)

IO C 112, 27.3.2023, p. 10–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/10


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Retten i Esbjerg – an Danmhairg) – Skatteministeriet Departementet v Global Gravity ApS

(Cás C-788/21 (1), Gobal Gravity)

(Tarchur chun réamhrialiú - Aontas custaim - Taraif Chustaim Choiteann - Aicmiú earraí - Ainmníocht Chomhcheangailte - Fo-cheannteidil 7616 99 90 agus 8609 00 90 - Tubular Transport Running-system (TubeLock) - Coincheap an “choimeádáin”)

(2023/C 112/13)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Retten i Esbjerg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Skatteministeriet Departementet

Cosantóir: Global Gravity ApS

An chuid oibríochtúil

Maidir le fo-cheannteideal 8609 00 90 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leRialachán Uimh 2658/87 (CEE) ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní áirítear leis an bhfo-cheannteideal sin gléas iompair píopaí atá comhdhéanta de roinnt péirí trasnán coinneála atá déanta as alúmanam, a leagtar go hingearach idir na píopaí atá á n-iompar, áit a bhfuil na péirí trasnán sin ceangailte le chéile trí bhíthin dhá bharra cóimeála cruach, atá feistithe le súilíní agus ar féidir píopaí eile a leagan in airde orthu ag baint úsáid as an bpróiseas céanna go dtí go socraítear líon na bpíopaí atá le hiompar san ualach, agus an t-ualach á chríochnú tar éis crocháin cruach a chrochadh ar na barraí cóimeála cruach sna ceithre choirnéal den ualach (trí na crocháin cruach a rith trí na súilíní sin), d’fhonn láimhseáil an ualaigh ina iomláine a éascú, ar ábhar é atá le fiosrú ag an gcúirt a rinne an tarchur.


(1)  IO C 109, 7.3.2022.


Top