EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0170

Cás C-170/21: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – Profi Credit Bulgaria v T.I.T. (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Creidmheas tomhaltóirí – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 6(1) – Athbhreithniú ex officio – Diúltú ordú íocaíochta a eisiúint i gcás éileamh atá bunaithe ar théarma éagórach – Iarmhairtí a bhaineann le héagothroime téarma conarthach – An ceart chun aisíocaíochta – Prionsabal na coibhéise agus prionsabal na héifeachtachta – Fritháireamh a dhéanamh ex officio)

IO C 318, 22.8.2022, p. 12–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/12


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – Profi Credit Bulgaria v T.I.T.

(Cás C-170/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Creidmheas tomhaltóirí - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Airteagal 6(1) - Athbhreithniú ex officio - Diúltú ordú íocaíochta a eisiúint i gcás éileamh atá bunaithe ar théarma éagórach - Iarmhairtí a bhaineann le héagothroime téarma conarthach - An ceart chun aisíocaíochta - Prionsabal na coibhéise agus prionsabal na héifeachtachta - Fritháireamh a dhéanamh ex officio)

(2022/C 318/16)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Profi Credit Bulgaria

Cosantóir: T.I.T.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go gceanglaítear ar chúirt náisiúnta ex officio, agus iarratas á éisteacht aici ar ordú íocaíochta a dhéanamh agus i gcás nach nglacann an féichiúnaí is tomhaltóir lena mbaineann páirt sa nós imeachta go dtí go n-eiseofar an t-ordú íocaíochta sin, gan téarma éagórach sa chonradh creidmheasa tomhaltóra arna thabhairt i gcrích idir an tomhaltóir sin agus an díoltóir nó an soláthróir lena mbaineann, ar a bhfuil cuid den éileamh líomhnaithe sin bunaithe, a chur i bhfeidhm,. Sa chás sin, tá sé de chumhacht ag an gcúirt sin an t-iarratas sin a dhiúltú go páirteach, ar choinníoll gur féidir leis an gconradh leanúint ar aghaidh ar marthain gan aon leasú, athrú nó forlíonadh breise, a bhfuil sé de dhualgas ar an gcúirt sin a fhíorú.

2)

Ní mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn, cé go gceanglaítear leis an bhforáil sin ar an gcúirt náisiúnta, agus iarratas á éisteacht aici ar ordú íocaíochta, aird a thabhairt ar na tátail go léir a eascraíonn, faoin dlí náisiúnta, as cinneadh go bhfuil téarma i gconradh idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir éagórach chun a chinntiú nach bhfuil an tomhaltóir sin faoi cheangal ag an gconradh sin, nach gceanglaítear léi, i bprionsabal, ar an gcúirt sin fritháireamh a dhéanamh ex officio idir an íocaíocht a rinneadh ar bhonn an téarma sin agus an t-iarmhéid atá dlite faoin gconradh sin, faoi réir, áfach, chomhlíonadh phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

3)

Ní mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn, má léitear, faoin bhforáil sin, i bhfianaise phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gcúirt náisiúnta, agus í ag éisteacht iarratas ar ordú íocaíochta, fritháireamh a dhéanamh ex officio idir an íocaíocht a rinneadh ar bhonn téarma éagórach atá i gconradh creidmheasa tomhaltóra agus an t-iarmhéid atá dlite faoin gconradh sin, go gceanglaítear ar an gcúirt sin gan an cásdlí dá mhalairt i gcúirt níos uachtaraí a chur i bhfeidhm.


(1)  IO C 206, 31.05.2021


Top