Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0742

    Cás T-742/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Feabhra 2023 – UPL Europe agus Indofil Industries (Netherlands) v an Coimisiún (Táirgí cosanta plandaí – An tsubstaint ghníomhach mancóiseib – Neamh-athnuachan ar fhormheas – Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 – Nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar fhormheas substainte gníomhaí a athnuachan – Ballstát is rapóirtéir nua a ainmniú mar gheall ar tharraingt siar an iar-Bhallstáit is rapóirtéir as an Aontas Eorpach – Cearta na cosanta – Prionsabal an dea-riaracháin – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Nós imeachta um aicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe – Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – Ionchais dhlisteanacha)

    IO C 127, 11.4.2023, p. 31–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 127/31


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Feabhra 2023 – UPL Europe agus Indofil Industries (Netherlands) v an Coimisiún

    (Cás T-742/20) (1)

    (Táirgí cosanta plandaí - An tsubstaint ghníomhach mancóiseib - Neamh-athnuachan ar fhormheas - Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 - Nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar fhormheas substainte gníomhaí a athnuachan - Ballstát is rapóirtéir nua a ainmniú mar gheall ar tharraingt siar an iar-Bhallstáit is rapóirtéir as an Aontas Eorpach - Cearta na cosanta - Prionsabal an dea-riaracháin - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Nós imeachta um aicmiú comhchuibhithe agus lipéadú comhchuibhithe - Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 - Ionchais dhlisteanacha)

    (2023/C 127/38)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: UPL Europe Ltd (Warrington, an Ríocht-Aontaithe), Indofil Industries (Netherlands) BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaithe: C. Mereu agus P. Sellar, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Dawes, G. Koleva agus F. Castilla Contreras, Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2087 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí mancóiseib, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO 2020 L 423, lch. 50), ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Díbhtear an chaingean.

    2.

    Ordaítear do UPL Europe Ltd agus Indofil Industries (Netherlands) BV a gcostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach sa chaingean seo a íoc.

    3.

    Ordaítear do Indofil Industries (Netherlands) a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag an gCoimisiún sna himeachtaí ar bhearta idirlinne a íoc.


    (1)  IO C 53, 15.2.2021.


    Top