EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0579

Cás T-579/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Márta 2022 – Genekam Biotechnology v an Coimisiún (Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den seachtú Chláir Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) – Tionscadal Fibrogelnet – Éileamh a aisghabháil – Sásra cumhdaigh riosca – Éileamh a aisghabhtar iarbhír ón gciste ráthaíochta – Cinneadh lena mbunaítear oibleagáid airgid infheidhmithe – Airteagal 299 CFAE – Dlínse údar an ghnímh – Deireadh le rannpháirteachas an iarratasóra sa tionscadal – Costais incháilithe – Tuarascálacha agus bunspriocanna inghnóthaithe)

IO C 198, 16.5.2022, p. 37–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 198, 16.5.2022, p. 29–29 (GA)

16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 198/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Márta 2022 – Genekam Biotechnology v an Coimisiún

(Cás T-579/20) (1)

(Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den seachtú Chláir Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) - Tionscadal Fibrogelnet - Éileamh a aisghabháil - Sásra cumhdaigh riosca - Éileamh a aisghabhtar iarbhír ón gciste ráthaíochta - Cinneadh lena mbunaítear oibleagáid airgid infheidhmithe - Airteagal 299 CFAE - Dlínse údar an ghnímh - Deireadh le rannpháirteachas an iarratasóra sa tionscadal - Costais incháilithe - Tuarascálacha agus bunspriocanna inghnóthaithe)

(2022/C 198/52)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Genekam Biotechnology AG (Duisbourg, an Ghearmáin) (ionadaí: S. Hertwig, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. André, J. Estrada de Solà agus R. Pethke, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Iarraidh bunaithe ar Airteagal 263 CFAE agus ag iarraidh go ndéanfaí Cinneadh C(2020) 5548 críochnaitheach ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2020 a neamhniú lena bhforchuirtear oibleagáid airgid infhorghníomhaithe i leith an iarratasóra a bhaineann le suim 119,659.55 euro, mar aon leis an ús mainneachtana, a eascraíonn as an deontas a fuair an t-iarratasóir don tionscadal Fibrogelnet

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear leis an achomharc.

2)

Ordaítear do Genekam Biotechnology AG na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí ar bhearta idirlinne.


(1)  IO C 414, 30.11.2020.


Top