This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CV0001(01)
Opinion of the Court of 16 June 2022.#Opinion pursuant to Article 218(11) TFEU (Modernised Energy Charter Treaty).#Opinion pursuant to Article 218(11) TFEU – Request for an Opinion – Draft modernised Energy Charter Treaty – Article 26 – Dispute settlement mechanism – Admissibility.#Case Avis 1/20.
Tuairim na Cúirte 2022 Meitheamh 16.
Avis rendu en vertu de l'article 218, paragraphe 11, TFUE (Traité sur la Charte de l’énergie modernisé).
Tuairim arna tabhairt de bhun Airteagal 218(11) CFAE — Iarraidh ar Thuairim — Dréacht Chonradh um Chairt Fuinnimh nuachóirithe — Airteagal 26 — Sásra um réiteach díospóidí — Inghlacthacht.
Cás Avis 1/20.
Tuairim na Cúirte 2022 Meitheamh 16.
Avis rendu en vertu de l'article 218, paragraphe 11, TFUE (Traité sur la Charte de l’énergie modernisé).
Tuairim arna tabhairt de bhun Airteagal 218(11) CFAE — Iarraidh ar Thuairim — Dréacht Chonradh um Chairt Fuinnimh nuachóirithe — Airteagal 26 — Sásra um réiteach díospóidí — Inghlacthacht.
Cás Avis 1/20.
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:485
TUAIRIM 1/20 ÓN gCÚIRT (An Ceathrú Dlísheomra)
16 Meitheamh 2022
(Tuairim arna tabhairt de bhun Airteagal 218(11) CFAE — Iarraidh ar Thuairim — Dréacht Chonradh um Chairt Fuinnimh nuachóirithe — Airteagal 26 — Sásra um réiteach díospóidí — Inghlacthacht)
I dTuairim 1/20,
iarraidh ar Thuairim de bhun Airteagal 218(11) CFAE, arna déanamh an 2 Nollaig 2020 ag Ríocht na Beilge,
An CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra)
comhdhéanta de C. Lycourgos, Uachtarán Dlísheomra, S. Rodin, J.-C. Bonichot, L.S. Rossi (Rapóirtéir) agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas :
|
– |
Rialtas na Beilge, dá ndéanann S. Baeyens, J.-C. Halleux, C. Pochet agus M. Van Regemorter, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Seice, dá ndéanann K. Najmanová, H. Pešková, M. Smolek agus J. Vláčil, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Gearmáine dá ndéanann J. Möller agus D. Klebs, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Gréige, dá ndéanann K. Boskovits agus G. Karipsiadis ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Spáinne, dá ndéanann S. Centeno Huerta, A. Gavela Llopis agus J. Ruiz Sánchez, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Fraince, dá ndéanann A. Daniel agus W. Zemamta, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Cróite, dá ndéanann G. Vidović Mesarek, ionadaíocht i gcáil gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na hIodáile, dá ndéanann G. Palmieri, ionadaíocht i gcáil gníomhaire le tacaíocht ó P. Garofoli, avvocato dello Stato, |
|
– |
Rialtas na Liotuáine, dá ndéanann K. Dieninis agus R. Dzikovič, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hUngáire, dá ndéanann M.Z. Fehér agus K. Szíjjártó, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hÍsiltíre dá ndéanann M.K. Bulterman agus J. M. Hoogveld ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Polainne, dá ndéanann B. Majczyna ionadaíocht i gcáil gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Slóivéine, dá ndéanann N. Pintar Gosenca ionadaíocht i gcáil gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Slóvaice, dá ndéanann B. Ricziová ionadaíocht i gcáil gníomhaire, |
|
– |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann B. Driessen agus A. Lo Monaco, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann L. Armati, O. Beynet, F. Erlbacher, M. Kellerbauer, T. Maxian Rusche agus R. Vidal Puig, ionadaíocht i gcáil gníomhairí, |
tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht,
an Tuairim seo a leanas:
Tuairim
|
1 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht san iarraidh ar Thuairim a chuir Ríocht na Beilge faoi bhráid na Cúirte: «An bhfuil an Dréacht-Chonradh um Chairt Fuinnimh nuachóirithe ag luí leis na Conarthaí, agus go háirithe le hAirteagal 19 CAE agus Airteagal 344 CFAE:
|
An dlí lena mbaineann
|
2 |
Rinneadh an Conradh um Chairt Fuinnimh, a síníodh i Liospóin an 17 Nollaig 1994 (IO 1994 L 380, lch. 24; ‘ ECT’), a fhormheas thar ceann na gComhphobal Eorpach le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO 1998 L 69, lch. 1). Tá brollach agus ocht gcuid ann, lena n-áirítear Cuid I, dar teideal ‘Sainmhínithe agus Cuspóir’, lena gcuimsítear Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Chonradh sin, agus Cuid V, dar teideal ‘Réiteach Díospóidí’, lena gcuimsítear Airteagail 26 go 28 den Chonradh sin. |
|
3 |
In Airteagal 1 ECT, dar teideal ‘Sainmhínithe’, sainmhínítear, chun críocha an Chonartha sin, tacar téarmaí lena n-áirítear, i mír 6 agus i mír 7 den Airteagal sin, ‘infheistíocht’ agus ‘infheisteoir’. |
|
4 |
In Airteagal 26 de ECT, dar teideal ‘Díospóidí idir infheisteoir agus Páirtí Conarthach a réiteach’, sonraítear an méid seo a leanas: “1. I gcás inar féidir sin, socrófar go síochánta díospóidí idir Páirtí Conarthach agus infheisteoir de chuid Páirtí Chonarthaigh eile maidir le hinfheistíocht de chuid an Pháirtí Chonarthaigh sin i réimse an chéad Pháirtí Chonarthaigh a bhaineann le mainneachtain líomhnaithe maidir le hoibleagáid an chéad Pháirtí Chonarthaigh faoi Chuid III. 2. Mura féidir díospóid den sórt sin a réiteach i gcomhréir le forálacha mhír 1 faoi cheann trí mhí ón dáta a d’iarr ceachtar den dá pháirtí sa díospóid réiteach cairdiúil, féadfaidh an t-infheisteoir atá mar pháirtí sa díospóid a roghnú é a chur isteach lena réiteach:
3. a) Faoi réir fhomhíreanna (b) agus (c) amháin, tugann gach páirtí conarthach leis seo a thoiliú neamhchoinníollach le díospóid a chur faoi bhráid eadrána nó idir-réitigh idirnáisiúnta de réir fhorálacha an Airteagail seo. [...] 4. I gcás ina roghnóidh infheisteoir an díospóid a chur isteach lena réiteach faoi fhomhír (2)(c), tabharfaidh an t-infheisteoir a thoiliú i scríbhinn freisin chun an díospóid a chur faoi bhráid:
[...]” |
|
5 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 34(1) de ECT, dar teideal ‘Comhdháil na Cairte Fuinnimh’: “Tiocfaidh na Páirtithe Conarthacha le chéile go tréimhsiúil laistigh de Chomhdháil na Cairte Fuinnimh, (“an Chomhdháil ar an gCairt”), agus beidh gach Páirtí Conarthach i dteideal ionadaí a bheith aige ag an gComhdháil sin. Tionólfar gnáthchruinnithe ag tréimhsí a chinnfidh an Chomhdháil ar an gCairt.” |
An comhaontú atá beartaithe
|
6 |
Ó tharla nach raibh ECT faoi réir athbhreithniú mór ón 16 Aibreán 1998, nuair a tháinig sé i bhfeidhm, bheartaigh Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh é a nuachóiriú. Tar éis malartuithe faisnéise ar an bpointe sin, ghlac an Chomhdháil ar an gCairt, an 27 Samhain 2018, liosta de réimsí éagsúla a bhféadfaí a phlé chun tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an nuachóiriú (‘liosta de na réimsí atá oscailte do chaibidlíocht).’ |
|
7 |
Tá na réimsí seo a leanas sa liosta sin:
|
|
8 |
An 6 Samhain 2019, chuir an Chomhdháil ar an gCairt an Grúpa um Nuachóiriú ar bun agus thug sí treoir dó tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le nuachóiriú ar ECT, d’fhonn an próiseas sin a thabhairt chun críche go pras. Shoiléirigh an Chomhdháil go gcuirfear san áireamh, sa chaibidlíocht, liosta de na réimsí atá oscailte do chaibidlíocht chomh maith leis na roghanna beartais arna moladh ag na Páirtithe Conarthacha. |
|
9 |
Bhí an chéad bhabhta caibidlíochta ar siúl ón 6 go dtí an 9 Iúil 2020, an dara babhta ón 8 go dtí an 11 Meán Fómhair 2020 agus an tríú babhta ón 3 go dtí an 6 Samhain 2020. |
|
10 |
An 15 Iúil 2019, thug Comhairle an Aontais Eorpaigh sainordú don Choimisiún Eorpach tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le ECT a nuachóiriú agus ghlac sí na treoracha caibidlíochta lena mbaineann. I mí Dheireadh Fómhair 2019, mhol an tAontas Eorpach roghanna beartais le haghaidh nuachóiriú agus ina dhiaidh sin, i mí na Bealtaine 2020, chuir sé isteach tograí le haghaidh leasuithe ar ECT. |
|
11 |
Ar cheann de na roghanna beartais agus na leasuithe atá molta ag an Aontas tá togra chun Airteagal 26 ECT a leasú d’fhonn tiomantas an Aontais chun athdhearbhú a dhéanamh ar athchóiriú struchtúrach ar shásraí chun díospóidí idir infheisteoirí agus an stát a réiteach ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
|
12 |
Chuir Rúnaíocht na Cairte um Fhuinneamh agus roinnt Páirtithe Conarthacha in iúl, áfach, nach mbaineann an comhaontú arna thabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha maidir le nuachóiriú ECT ach leis an liosta de na réimsí atá oscailte do chaibidlíocht. Comhaontaíodh mar sin gur cheart go mbeadh aon réimse sa bhreis orthu siúd a áirítear sa liosta sin ina ábhar comhthola idir na Páirtithe Conarthacha. |
|
13 |
Le linn an dara babhta caibidlíochta, chuir an tAontas tograí i láthair chun athchóiriú a dhéanamh ar an sásra chun díospóidí idir infheisteoirí agus an stát a réiteach i réimsí nach n-áirítear sa liosta sin. Níor thángthas ar chomhaontú, áfach, maidir leis na tograí sin a phlé. |
|
14 |
Bhí an chaibidlíocht maidir le REIOnna, a thagann faoi na réimsí a áirítear sa liosta céanna, ar an gclár oibre don tríú babhta den chaibidlíocht. Mar chuid den bhabhta sin, mhol Poblacht na Casacstáine neamhchur i bhfeidhm forálacha áirithe ECT a leathnú i measc chomhaltaí REIO agus, chuige sin, Airteagal 26 ECT a leasú trína fhoráil go sainráite nach bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le díospóidí infheistíochta a réiteach idir comhaltaí REIO. |
|
15 |
Mar sin féin, ní raibh sainordú ag an gCoimisiún chun tacú leis an togra seo. Níor iarr an tAontas go gcuirfí REIOnna san áireamh i liosta na réimsí a bhféadfaí caibidlíocht a dhéanamh orthu agus luaitear i dtreoracha caibidlíochta na Comhairle “nach dtacaíonn an [tAontas Eorpach] le leasú a dhéanamh ar fhoráil REIO i bpróiseas nuachóirithe ECT.”» |
Na himeachtaí os comhair na Cúirte
|
16 |
An 2 Nollaig 2020, tharchuir Ríocht na Beilge an iarraidh seo ar Thuairim. |
|
17 |
An 8 Deireadh Fómhair 2021, de bhun Airteagal 62(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, d’iarr an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta ar Ríocht na Beilge, i bhfianaise bhreithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Poblacht na Moldóive (C-741/19, EU:C:2021:655), agus go háirithe mír 40 go mír 66 de, ar mhian léi a hiarraidh ar thuairim a choimeád. |
|
18 |
I litir dar dáta an 10 Samhain 2021, chuir Ríocht na Beilge in iúl don Chúirt go raibh sé ar intinn aici a hiarraidh a choimeád. |
Inghlacthacht na hiarrata ar Thuairim
Measúnuithe arna ndéanamh ag Ríocht na Beilge
|
19 |
Cuireann Ríocht na Beilge in iúl go bhfuil sí ag iarraidh tuairime maidir le comhoiriúnacht leis na Conarthaí, is é le rá comhoiriúnacht Airteagal 26 ECT, mar a leagtar amach i ndréacht ECT nuachóirithe (“Airteagal 26 de ECT Nuachóirithe”), agus an tsásra réitigh díospóidí dá bhforáiltear ann, dá mheasfaí an sásra sin a bheith infheidhme maidir le díospóidí idir infheisteoir ó Bhallstát amháin agus ó Bhallstát eile (‘díospóidí laistigh den Aontas’), chomh maith leis na coincheapa ‘infheistíocht’ agus ‘infheisteoir’ sa togra maidir le leasú ar Airteagal 1 ECT. |
|
20 |
Maidir leis sin, cuireann Ríocht na Beilge in iúl, ós rud é nach bhfuil aon chomhthoil ann faoi láthair maidir le haon leasú ar Airteagal 26 ECT, go nglactar leis go bhfanfaidh Airteagal 26 gan athrú. |
|
21 |
Dar le Ríocht na Beilge, tá an iarraidh ar thuairim atá ann faoi láthair inghlactha, mar sin féin, a mhéid a bhaineann sé le ‘comhaontú’ atá ‘beartaithe’, agus nach bhfuil an iarraidh róluath. |
|
22 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn sí, ós rud é gur gealltanas ceangailteach é dréacht ECT nuachóirithe arna dhéanamh ag eintitis atá faoi réir dlí idirnáisiúnta phoiblí, gur ‘comhaontú’ é de réir bhrí Airteagal 218(11) CFAE. Go háirithe, ós rud é nach conradh nua go foirmiúil é an dréacht sin, ach gur leasú é ar chonradh a bhí ann roimhe, ní hionann sin agus a rá nach ‘comhaontú’ é. Leanann sé ón gcásdlí, go háirithe ó Thuairim 1/03 (Coinbhinsiún Nua Lugano) an 7 Feabhra 2006 (EU:C:2006:81), go raibh ar an gCúirt athbhreithniú a dhéanamh cheana féin ar chonradh atá ann cheana gan aon cheist a bheith ann mar gheall ar inghlacthacht na hiarrata ar thuairim maidir leis an gconradh nua a raibh sé beartaithe é a thabhairt i gcrích. |
|
23 |
Ansin, áitíonn Ríocht na Beilge gur comhaontú ‘atá beartaithe’ é dréacht ECT nuachóirithe de réir bhrí chásdlí na Cúirte. I ndáil leis sin, maíonn sí, ar an gcéad dul síos, nár tugadh an dréacht sin i gcrích go fóill, agus is é an toradh atá air sin ná go n-urramaítear cuspóir coisctheach an nós imeachta maidir le Tuairim. Ar an dara dul síos, toisc nár tugadh aghaidh, leis an gcinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht agus na treoracha caibidlíochta, ar infheidhmeacht ECT maidir le díospóidí laistigh den Aontas go ginearálta agus, go sonrach, ar infheidhmeacht an tsásra réitigh díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 26 de, ní dhéantar difear d’inghlacthacht na hiarrata seo ar Thuairim. Is léir mar thoradh ar chásdlí na Cúirte, go háirithe, ó bhreithiúnas an 5 Samhain 2002, an Coimisiún v an Danmhairg (C-467/98, EU:C:2002:625, mír 39), nuair a dhéantar comhaontú a athchaibidliú ina iomláine, go ndearbhaíonn na páirtithe na gealltanais a eascraíonn as an gconradh tosaigh, nach cuid den athchaibidlíocht iad nó nach bhfuil ach faoi réir athruithe imeallacha. Dá bhrí sin, tagraítear san athchaibidlíocht reatha ar ECT don chonradh sin ina iomláine, agus tugtar le tuiscint go bhfuil Airteagal 26 de á dhaingniú. Ar aon chuma, baineann an iarraidh ar thuairim seo leis na sainmhínithe ar ‘infheisteoir’ agus ‘infheistíocht’ in Airteagal 1 de ECT, atá go sainráite faoi réir leasú, i gcomhréir leis an liosta de na réimsí atá oscailte do chaibidlíocht. |
|
24 |
Ar deireadh, níl an t-iarratas ar thuairim seo róluath. Go háirithe, tá eolas sách maith ar a bhfuil sna forálacha ábhartha den chomhaontú atá beartaithe agus ar an gcomhthéacs a bhaineann le caibidlíocht maidir leis an gcomhaontú sin chun go bhféadfaidh an Chúirt freagra úsáideach a thabhairt ar an iarraidh seo. Ar an gcéad dul síos, tá dul chun cinn leordhóthanach bainte amach ag an togra leasaithe a rinne an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit chun tacú le cinneadh nach bhfuil aon soiléiriú ann maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 26 de ECT Nuachóirithe maidir le díospóidí laistigh den Aontas. Ar an dara dul síos, i bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh le linn an dara babhta caibidlíochta, ní bheadh aon chomhthoiliú tagtha chun cinn maidir leis na tograí go léir a rinne an tAontas a thabhairt isteach in ECT nuachóirithe. Ar an tríú dul síos, cé gur thíolaic Poblacht na Casacstáine, le linn an tríú babhta caibidlíochta, togra chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcaidreamh dlíthiúil atá ann cheana idir páirtithe REIOnna agus páirtithe in ECT agus a gcomhaltaí, i bhfianaise an chonartha sin, ní cheadódh sainordú caibidlíochta an Choimisiúin dó an togra sin a phlé. Sna himthosca sin, de réir Ríocht na Beilge, ní bheidh aon soiléiriú in ECT nuachóirithe maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 26 de i leith díospóidí laistigh den Aontas, a d’fhéadfaí a léirmhíniú mar dheimhniú ar an staid reatha. |
Achoimre ar na príomhbharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte
|
25 |
Tá na Ballstáit go léir a bhí rannpháirteach sa nós imeachta i scríbhinn, seachas an Ungáir agus an Coimisiún den tuairim go bhfuil an iarraidh seo ar thuairim inghlactha. Cuireann roinnt de na Stáit sin, go háirithe Poblacht na Seice agus Poblacht na Slóivéine, i bhfios go láidir go bhfuil gá le seasamh ón gCúirt chun deireadh a chur le haon débhríocht i gcás léirmhíniú ar Airteagal 26 ECT. Ar an gcéad dul síos, níl na Ballstáit d'aon toil ag léirmhíniú nach bhfuil feidhm ag an Airteagail seo maidir le díospóidí laistigh den Aontas. Ar an dara dul síos baineann an chuid is mó de na himeachtaí eadrána a thionscnaítear ar bhonn an Airteagail seo go beacht le díospóidí laistigh den Aontas. Ar deireadh, sna himeachtaí seo, diúltaíonn na headránaithe go córasach a dhearbhú nach bhfuil dlínse acu, fiú tar éis bhreithiúnas an 6 Márta 2018 in Achmea (C-284/16, EU:C:2018:158). |
|
26 |
Dar le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, dá mba leor, d’fhonn iarraidh ar thuairim a bheith neamh-inghlactha, go mbainfeadh an fhoráil le foráil nach ndearna an comhaontú leasaitheach difear dá hábhar, thiocfadh, ag an gcéim den scrúdú ar inghlacthacht iarratais den sórt sin, ceisteanna deacra chun cinn maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir na forálacha ‘sean’ agus forálacha ‘nua’ den chomhaontú atá i gceist mar thoradh orthu. |
|
27 |
Cuireann Poblacht na Fraince isteach nach féidir an iarraidh ar thuairim a mheas a bheith neamh-inghlactha ar an bhforas go mbaineann sí le comhaontú a tugadh i gcrích cheana. Ar an gcéad dul síos, cuirtear ceist ar an gCúirt i leith an fhíorais nach ann do chlásal lena n-eiseofaí, go sainráite, díospóidí laistigh den Aontas ón sásra dá bhforáiltear in Airteagal 26 de ECT nuachóirithe. In éagmais clásal den sórt sin sa chomhaontú sin, d’fhéadfadh sé go sárófaí dlí an Aontais trí fhorálacha eile an chomhaontaithe sin, forálacha nach mbeadh contrártha do dhlí an Aontais dá mbeadh an clásal sonrach sin ann. Ina theannta sin, bhainfeadh an iarraidh seo ar thuairim le hathchaibidlíocht ar chomhaontú ina iomláine, ós rud é go n-áirítear le raon feidhme na hathchaibidlíochta gach cuid shubstaintiúil de ECT. Thairis sin, d’fhéadfadh an dréacht ECT nuachóirithe a bheith i bhfoirm comhaontaithe iomlán nua, a thiocfadh in ionad ECT atá i bhfeidhm faoi láthair. D’iarrfaí ar an Aontas Eorpach, dá bhrí sin, a ghealltanais maidir le ECT ina iomláine a dheimhniú, is éard a bheidh sa dréacht ECT nuachóirithe, dá bhrí sin, go háirithe maidir lena shásra um réiteach díospóidí, ná comhaontú atá beartaithe agus nach comhaontú é a tugadh i gcrích. |
|
28 |
Tugann an Coimisiún faoi deara nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfar an cheist maidir le hinfheidhmeacht an tsásra um réiteach díospóidí maidir le díospóidí laistigh den Aontas a tharraingt anuas i gcomhthéacs na réimsí inar cuireadh tús leis an gcaibidlíocht agus a bhfuil dlúthbhaint acu leis na saincheisteanna a ardaíodh san iarraidh seo ar Thuairim. Thairis sin, maidir le tabhairt i gcrích ECT nuachóirithe gan Airteagal 26 ECT a leasú, nó gan a léirmhíniú a chinneadh le hionstraim dlí idirnáisiúnta phoiblí lena gcumasaítear ceangal a chur ar bhinsí eadrána, d’fhéadfadh binsí eadrána iad a léirmhíniú sa chiall go ndaingneoidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhaontú nua idirnáisiúnta, infheidhmeacht Airteagal 26 de ECT nuachóirithe maidir le díospóidí laistigh den Aontas. |
|
29 |
Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh iarraidh ar thuairim, a bhfuil a raon feidhme sách leathan, á spreagadh ag cuspóir dlisteanach institiúide nó Ballstáit, ar cuspóir é a bhaineann le méid inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát faoi seach a fháil sula gcinnfidh sé an comhaontú atá beartaithe a shíniú agus a thabhairt i gcrích. D’fhéadfaí a léirmhíniú go gciallódh mainneachtain Airteagal 26 de ECT a leasú go bhféadfadh na Ballstáit dliteanas idirnáisiúnta a thabhú go díreach i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Is éard a bheadh i gceist leis sin ná sárú ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit chun cur i bhfeidhm agus comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú ina gcríocha faoi seach, trí fheidhmiú inniúlachta náisiúnta a bhfuil tosaíocht aici ar inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus sainchumais na Cúirte a eascraíonn as Airteagal 19 CAE agus as Airteagal 344 CFAE a cheadú. |
|
30 |
Tugann an Coimisiún faoi deara go mbeidh sé d’éifeacht ag an Tuairim ón gCúirt go mbeadh na hinstitiúidí agus na Ballstáit ceangailte agus iad ag leanúint leis an gcaibidlíocht leantach nuachóirithe maidir le ECT. Ag brath ar ábhar na Tuairime seo, ní mór léirmhíniú na Cúirte a léiriú i gcomhaontú idir na Ballstáit agus an tAontas maidir leis an léirmhíniú ar Airteagal 26 de ECT nuachóirithe, nó i gconradh idir na Ballstáit agus an tAontas lena leasaítear Airteagal 26 de ECT nuachóirithe inter se, nó déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh leasaithe ón gCoimisiún, raon feidhme an tsainordaithe caibidlíochta a leathnú. |
|
31 |
Ar an taobh eile, measann an Ungáir nach bhfuil an iarraidh ar thuairim seo inghlactha. Tugann sí dá haire, chun go mbeadh an Chúirt in ann rialú a thabhairt ar chomhoiriúnacht na bhforálacha de chomhaontú atá beartaithe leis na Conarthaí, gur gá don Chúirt faisnéis leordhóthanach a bheith aici ar ábhar iarbhír an chomhaontaithe sin. Sa chás seo, ar bhonn na ndoiciméad agus na faisnéise atá ar fáil faoi láthair agus ar bhonn staid na himeartha sa chaibidlíocht, níl téacs iomlán ná téacs páirteach dhréacht-ECT nuachóirithe ar fáil agus ní féidir tátal a bhaint as an gcaibidlíocht leanúnach. Ar an gcéad dul síos, níl an chaibidlíocht ach ag an gcéim tosaigh, agus níor chuir an Ballstát a rinne an iarraidh ar thuairim seo faoi iamh léi ach téacs ECT atá i bhfeidhm faoi láthair. Ar an dara dul síos, ní liosta uileghabhálach é liosta na réimsí a bhfuil caibidlíocht ar fáil ina leith agus d’fhéadfaí é a fhorlíonadh. Ar an tríú dul síos, is iad na tuairimí maidir le roghanna polaitiúla na bPáirtithe Conarthacha a dhéanfaí roimh an gcéad bhabhta foirmiúil caibidlíochta. |
|
32 |
Tá amhras ar an gComhairle freisin maidir le hinghlacthacht na hiarrata seo ar thuairim ós rud é, go háirithe, nach bhfuil an éiginnteacht maidir le hinneachar an chomhaontaithe atá beartaithe agus maidir leis an leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Airteagal 26 ECT, nach bhfuil aon iarmhairtí ó aon tuairim dhiúltach ón gCúirt ábhartha sa chás seo agus nach bhfuil an cásdlí a d’eascair as breithiúnas an 5 Samhain 2002, an Coimisiún v an Danmhairg (C-467/98, EU:C:2002:625), ábhartha sa chás seo, gur forbraíodh an cásdlí sin i gcomhthéacs mainneachtain oibleagáidí faoi Airteagal 258 CFAE a chomhlíonadh. |
|
33 |
Sna himthosca sin, ní dhíospóideann an Chomhairle ábharthacht na gcúiseanna a leag Ríocht na Beilge amach mar thaca le hinghlacthacht na hiarrata seo ar thuairim agus tá sí den tuairim nach féidir a chur as an áireamh go n-áireofaí Airteagal 26 de ECT sa chaibidlíocht ar deireadh. I gcás den sórt sin, foráiltear le treoracha caibidlíochta na Comhairle go n-áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an toradh i gcomhréir le dlí an Aontais. |
Seasamh na Cúirte
|
34 |
Faoi Airteagal 218(11) CFAE, féadfaidh Ballstát, an Pharlaimint, an Chomhairle nó an Coimisiún Tuairim na Cúirte a fháil i dtaobh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh ag luí leis na Conarthaí. |
|
35 |
Is cásdlí socair na Cúirte é go mbeartaítear leis an bhforáil sin cosc a chur le castachtaí a eascraíonn as díospóidí dlíthiúla maidir le comhoiriúnacht comhaontuithe idirnáisiúnta atá ina gceangal ar an Aontas leis na Conarthaí. Is cinnte, i gcás cinneadh ón gCúirt a d’fhéadfaí a chinneadh, tar éis comhaontú idirnáisiúnta atá ina cheangal ar an Aontas Eorpach a thabhairt chun críche, go bhfuil comhaontú den sórt sin, mar gheall ar a ábhar nó mar gheall ar an nós imeachta arna ghlacadh chun é a thabhairt i gcrích, ar neamhréir le forálacha na gConarthaí, go bhféadfaidh deacrachtaí tromchúiseacha eascairt as sin, ní hamháin laistigh den Aontas Eorpach ach freisin i ndáil le caidreamh idirnáisiúnta, agus go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear tríú tíortha (Tuairim 1/19 (Coinbhinsiún Iostanbúl) an 6 Deireadh Fómhair 2021, EU:C:2021:832, mír 193 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
36 |
Ar an ábhar sin, ní gá, mar réamhchoinníoll chun iarraidh ar thuairim a chur isteach faoi Airteagal 218(11) CFAE, go mbeadh comhaontú cinntitheach ann idir na hinstitiúidí lena mbaineann. (Tuairim 1/19 (Coinbhinsiún Iostanbúl) an 6 Deireadh Fómhair 2021, EU:C:2021:832, mír 204 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Dá bhrí sin, féadfar iarraidh ar thuairim a chur faoi bhráid na Cúirte i gcás inarb eol ábhar an chomhaontaithe atá beartaithe, fiú má tá roinnt roghanna oscailte agus difríochtaí fós ann maidir le dréachtú na dtéacsanna atá i gceist (Tuairim 1/09 (Comhaontú maidir le Córas Aontaithe um Dhlíthíocht Phaitinní a Chruthú) an 8 Márta 2011, EU:C:2011:123, mír 53). |
|
38 |
Is fíor sin go háirithe i gcás nach mbaineann an iarraidh ar thuairim ach leis an gceist an bhfuil inniúlacht ag an Aontas Eorpach comhaontú atá beartaithe a thabhairt i gcrích (féach, chuige sin, Tuairim 2/94 (Aontachas an Chomhphobail le CECD) an 28 Márta 1996, EU:C:1996:140, mír 13 go mír 18). |
|
39 |
Ós rud é, áfach, go mbaineann an iarraidh ar thuairim leis an gceist maidir le comhoiriúnacht an chomhaontaithe sin leis na Conarthaí, is gá don Chúirt faisnéis leordhóthanach a bheith aici maidir le hinneachar iarbhír an chomhaontaithe sin (Tuairim 2/94 (Aontachas an Chomhphobail le CECD) an 28 Márta 1996, EU:C:1996:140, mír 19, agus Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh ar CECD) an 18 Nollaig 2014, EU:C:2014:2454, mír 147). |
|
40 |
Ar an gcéad dul síos, ní bhaineann an iarraidh seo ar thuairim le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh chun ECT nuachóirithe a thabhairt i gcrích, ach le comhréireacht ECT nuachóirithe, agus go háirithe Airteagal 26 de, leis na Conarthaí. |
|
41 |
Ar an dara dul síos, aithníonn Ríocht na Beilge féin, nuair a tíolacadh an t-iarratas seo ar Thuairim, nach raibh aon doiciméad ann ina mbeadh téacs ECT, ina leagan nuachóirithe, nó leagan nuachóirithe d’Airteagal 26 de. |
|
42 |
Dar le Ríocht na Beilge, níor cheart go ndéanfadh an méid sin difear d’inghlacthacht na hiarrata sin ar thuairim ós rud é gurb eol go maith, ag an gcéim seo den chaibidlíocht, nach bhfuil aon leasú ar Airteagal 26 beartaithe sa leagan nuachóirithe de ECT. Níor cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le nuachóiriú ECT ach amháin i bhfianaise liosta na réimsí a bhfuil caibidlíocht ar fáil ina leith, nach n-áirítear ann an sásra um réiteach díospóidí dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
43 |
Mar sin féin, ní féidir a bhaint de thátal as an bhfianaise a cuireadh faoi bhráid na Cúirte nach leasófaí Airteagal 26 ECT i ndiaidh na caibidlíochta sin. |
|
44 |
Ar an gcéad dul síos, cé gur fíor gur shainaithin Comhdháil na Cairte liosta na réimsí a bhfuil caibidlíocht ar fáil ina leith agus nach n-áirítear ar an liosta sin an sásra um réiteach díospóidí dá dtagraítear in Airteagal 26 ECT, is amhlaidh i gcónaí, ar an dáta ar tíolacadh an iarraidh seo ar Thuairim, go raibh an chaibidlíocht ag céim an-luath agus nach raibh breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Poblacht na Moldóive (C-741/19, EU:C:2021:655) tugtha ag an gCúirt go fóill. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí teacht ar chomhthoil i measc na bpáirtithe conarthacha i bhfabhar an réimse a bhaineann leis an Airteagal sin a chur ar an liosta sin. Dá bhrí sin, níl toradh aon chaibidlíochta sa réimse seo intuartha go leor agus ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfar Airteagal 26 ECT a leasú. |
|
45 |
Sa dara háit, mar a luaigh Ríocht na Beilge féin, cuireadh tús le caibidlíocht i bhfianaise an tsainmhínithe ar na coincheapa ‘infheistíocht’ agus ‘infheisteoir’, de réir bhrí Airteagal 1 de ECT, ar coincheapa iad a dhéanann difear do raon feidhme an tsásra um réiteach díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 26 ECT. Ní hamháin nár glacadh aon téacs leasaitheach d’Airteagal 1 ag an gcéim seo, ach ina theannta sin, ní féidir an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon leasuithe ar na coincheapa sin ar an sásra réitigh díospóidí a mheas in éagmais aon fhianaise lena bhféadfaí na rialacha lena rialaítear an sásra sin a fhionnadh go beacht. |
|
46 |
I bhfianaise na n-éiginnteachtaí sin, níl go leor faisnéise ag an gCúirt maidir leis an ábhar agus, go háirithe, maidir le raon feidhme Airteagal 26 a bheidh le feiceáil in ECT nuachóirithe, cé go bhfuil an raon feidhme sin faoi réir na hiarrata seo ar thuairim. Is cosúil go bhfuil an dara ceann, dá bhrí sin, róluath. |
|
47 |
Ar deireadh, ba cheart a chur leis sin maidir le cúrsaí seiftiúlachta dá dtagraítear i mír 25 den Tuairim seo, a thabharfadh údar don Chúirt seasamh a ghlacadh maidir le comhoiriúnacht Airteagal 26 ECT leis na Conarthaí, gur leor a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach mbaineann na breithnithe sin le cuspóir an nós imeachta tuairime dá dtagraítear i mír 35 den Tuairim seo, ós rud é go bhfuil an fhoráil sin i bhfeidhm cheana féin. Ar an taobh eile, agus in aon chás, thug an Chúirt rialú cheana féin ar an gceist sin. Tá sé soiléir ó bhreithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Poblacht na Moldóive (C-741/19, EU:C:2021:655), agus go háirithe i mír 40 go mír 66 de, go gceanglaítear, le hurraim do phrionsabal neamhspleáchas dhlí an Aontais, a chumhdaítear in Airteagal 344 CFAE, go léireofaí Airteagal 26(2)(c) ECT mar Airteagal a chiallaíonn nach bhfuil sé infheidhme maidir le díospóidí idir Ballstát agus infheisteoir de chuid Ballstáit eile maidir le hinfheistíocht a rinne an Ballstát sin sa chéad Bhallstát. |
|
48 |
Leanann sé as na cúinsí uile roimhe seo nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ag an gCúirt maidir le hinneachar iarbhír an chomhaontaithe atá beartaithe agus, dá bhrí sin, nach mór a mheas go bhfuil an iarraidh ar thuairim seo, toisc go bhfuil sí róluath, neamh-inghlactha. |
Dá réir sin, tugann an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) an Tuairim seo a leanas:
Tá an iarraidh ar Thuairim arna tarchur ag Ríocht na Beilge an 2 Nollaig 2020 neamh-inghlactha.
Lycourgos Rodin Bonichot
Rossi Spineanu-Matei
Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg an 16 Meitheamh 2022.
A. Calot Escobar C. Lycourgos
Cláraitheoir Uachtarán an Ceathrú Dlísheomra