Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CN0064

    Cás C-64/20: Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire), arna dhéanamh an 6 Feabhra 2020 – UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne

    IO C 162, 11.5.2020, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.5.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    2


    Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire), arna dhéanamh an 6 Feabhra 2020 – UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne

    (Cás C-64/20)

     

    Teanga an cháis: an Ghaeilge

    An chúirt nó an binse a rinneadh an tarchur

    An Ard-Chúirt (Éire)

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: UH

    Cosantóirí: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne

    Na ceisteanna don Réamhrialú:

    1.

    An bhfuil an discréid ag cúirt náisiúnta faoiseamh a dhiúltú in ainneoin gur chinn sí gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt do ghné ar leith de Threoir den Aontas Eorpach (“AE”) agus, má tá an discréid sin aici, cad iad na tosca cuí a ba chóir a chur san áireamh i dtaca leis an discréid agus/nó an bhfuil an chúirt náisiúnta i dteideal na tosca céanna, a chuirfeadh sí san áireamh dá mba shárú ar an dlí náisiúnta a bheadh faoi chaibidil aici, a chur san áireamh?

    2.

    An mbainfí an bonn de phrionsabal na héifeachta dírí i nDlí an Aontais Eorpaigh dá ndiúltódh cúirt náisiúnta faoiseamh a dheonú sa chás seo mar gheall ar theacht i bhfeidhm Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/6 (1), 11ú Nollaig 2018, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (agus a chur i bhfeidhm arna chur siar go dtí an 28ú Eanáir 2022), in ainneoin gur chinn an chúirt náisiúnta gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt don dualgas in Airteagail 61(1), 58(4), agus 59(3) de Threoir 2001/82/CE (2) go mbeadh pacáistiú agus lipéadú táirgí tréidliachta i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit .i. Gaeilge chomh maith le Béarla in Éirinn?


    (1)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO 2019, L 4, lch. 43).

    (2)  Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO 2001, L 311, lch. 1).


    Top