This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CJ0541
Judgment of the Court (Grand Chamber) of 4 October 2024.#Republic of Lithuania and Others v European Parliament and Council of the European Union.#Action for annulment – First package of mobility measures (‘Mobility Package’) – Regulation (EU) 2020/1054 – Maximum daily and weekly driving times – Minimum breaks and daily and weekly rest periods – Organisation of the work of the drivers in such a way that the drivers are able to return every three or four weeks, depending on the case, to their place of residence or to the operational centre of their employer to begin and spend their regular or compensatory weekly rest period – Prohibition on taking regular or compensatory weekly rest in the vehicle – Time limit for the installation of second generation (V2) smart tachographs – Date of entry into force – Regulation (EU) 2020/1055 – Conditions relating to the requirement of establishment – Obligation to return the vehicle to the operational centre in the Member State of establishment – Obligation concerning the number of vehicles and drivers normally based at the operational centre of the Member State of establishment – Cabotage – Cooling-off period of four days for cabotage – Derogation for cabotage as part of combined transport operations – Directive (EU) 2020/1057 – Specific rules for posting drivers in the road transport sector – Transposition period – Internal market – Specific regime applicable to the freedom to provide transport services – Common transport policy – Articles 91 and 94 TFEU – Fundamental freedoms – Principle of proportionality – Impact assessment – Principles of equal treatment and non-discrimination – Principles of legal certainty and protection of legitimate expectations – Protection of the environment – Article 11 TFEU – Consultation of the European Economic and Social Committee and the European Committee of the Regions.#Joined Cases C-541/20 to C-555/20.
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024.
Poblacht na Liotuáine agus páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Caingne le haghaidh neamhniú – Céad shraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht (‘Pacáiste Soghluaisteachta’) – Rialachán (AE) 2020/1054 – Uastréimhsí tiomána laethúil agus seachtainiúil – Íostréimhsí sosanna agus scíthe laethúil agus seachtainiúil – Obair tiománaithe a eagrú amhail is gur féidir leo filleadh abhaile nó ar ionad oibríochtúil an fhostóra, de réir an cháis, le dul isteach nó lena tréimhse scíthe rialta nó cúiteach a chaitheamh ann gach trí nó ceithre seachtaine – Toirmeasc ar thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord an fheithicil – Spriocdháta i gcomhair shuiteáil tacagraf cliste den dara ghlúin (V2) – Dáta chur i bhfeidhm – Rialachán (AE) 2020/1055 – Coinníollacha maidir leis an gceanglas bunaíochta – Oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí ar an t‑ionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta – Oibleagáid maidir le líon na bhfeithiclí agus na dtiománaithe a fhostaítear de ghnáth ag ionad oibríochtúil an Bhallstáit bunaíochta – Cabatáiste – Tréimhse mharana ceithre lá le haghaidh cabatáiste – Maolú maidir le cabatáiste i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte – Treoir (AE) 2020/1057 – Rialacha sonracha le haghaidh postú tiománaithe san earnáil iompair de bhóthar – Spriocdháta trasuite – An margadh inmheánach – Scéim shonrach infheidhme ar an tsaoirse chun seirbhisí iompair a sholáthar – Comhbheartas iompair – Airteagail 91 agus 94 CFAE – Saoirsí bunúsacha – Prionsabal na comhréireachta – Measúnú tionchair – Prionsabail na córa comhionainne agus neamh-idirdhealaithe – Prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh – Cosaint an chomhshaoil – Airteagal 11 CFAE – Comhairliúchán le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chomh maith le Coiste Eorpach na Réigiún.
Cásanna uamtha C-541/20 go C-555/20.
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024.
Poblacht na Liotuáine agus páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Caingne le haghaidh neamhniú – Céad shraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht (‘Pacáiste Soghluaisteachta’) – Rialachán (AE) 2020/1054 – Uastréimhsí tiomána laethúil agus seachtainiúil – Íostréimhsí sosanna agus scíthe laethúil agus seachtainiúil – Obair tiománaithe a eagrú amhail is gur féidir leo filleadh abhaile nó ar ionad oibríochtúil an fhostóra, de réir an cháis, le dul isteach nó lena tréimhse scíthe rialta nó cúiteach a chaitheamh ann gach trí nó ceithre seachtaine – Toirmeasc ar thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord an fheithicil – Spriocdháta i gcomhair shuiteáil tacagraf cliste den dara ghlúin (V2) – Dáta chur i bhfeidhm – Rialachán (AE) 2020/1055 – Coinníollacha maidir leis an gceanglas bunaíochta – Oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí ar an t‑ionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta – Oibleagáid maidir le líon na bhfeithiclí agus na dtiománaithe a fhostaítear de ghnáth ag ionad oibríochtúil an Bhallstáit bunaíochta – Cabatáiste – Tréimhse mharana ceithre lá le haghaidh cabatáiste – Maolú maidir le cabatáiste i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte – Treoir (AE) 2020/1057 – Rialacha sonracha le haghaidh postú tiománaithe san earnáil iompair de bhóthar – Spriocdháta trasuite – An margadh inmheánach – Scéim shonrach infheidhme ar an tsaoirse chun seirbhisí iompair a sholáthar – Comhbheartas iompair – Airteagail 91 agus 94 CFAE – Saoirsí bunúsacha – Prionsabal na comhréireachta – Measúnú tionchair – Prionsabail na córa comhionainne agus neamh-idirdhealaithe – Prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh – Cosaint an chomhshaoil – Airteagal 11 CFAE – Comhairliúchán le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chomh maith le Coiste Eorpach na Réigiún.
Cásanna uamtha C-541/20 go C-555/20.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:818
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra)
4 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )
[Téacs ceartaithe de réir orduithe an 19 Nollaig 2024 agus 12 Márta 2025]
Clár
|
I. An dlí lena mbaineann |
|
|
A. Dlí idirnáisiúnta |
|
|
B. Dlí an Aontais |
|
|
1. Na rialacha maidir le fad ama oibre |
|
|
(a) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 |
|
|
(b) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 |
|
|
(c) Rialachán 2020/1054 |
|
|
2. Na rialacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta agus le hoibríochtaí cabatáiste agus le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte |
|
|
(a) Treoir 92/106/CEE |
|
|
(b) Rialachán Uimh. 1071/2009 |
|
|
(c) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 |
|
|
(d) Rialachán 2020/1055 |
|
|
3. Na rialacha maidir le hoibrithe a phostú |
|
|
(a) Treoir 96/71/CE |
|
|
(b) Treoir 2014/67/AE |
|
|
(c) Maidir le Treoir 2018/957 |
|
|
(d) Maidir le Treoir 2020/1057 |
|
|
4. Comhaontú Idirinstitiúideach |
|
|
II. Cúlra na ndíospóidí |
|
|
III. An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais |
|
|
A. Cás C‑541/20 |
|
|
B. Cás C‑542/20 |
|
|
C. Cás C‑543/20 |
|
|
D. Cás C‑544/20 |
|
|
E. Cás C‑545/20 |
|
|
F. Cás C‑546/20 |
|
|
G. Cás C‑547/20 |
|
|
H. Cás C‑548/20 |
|
|
I. Cás C‑549/20 |
|
|
J. Cás C‑550/20 |
|
|
K. Cás C‑551/20 |
|
|
L. Cás C‑552/20 |
|
|
M. Cás C‑553/20 |
|
|
N. Cás C‑554/20 |
|
|
O. Cás C‑555/20 |
|
|
P. Uamadh Chásanna C‑541/20 go C‑555/20 |
|
|
IV. Maidir leis na caingne |
|
|
A. Rialachán Uimh. 2020/1054 |
|
|
1. Forbhreathnú ar na pléadálacha dlí |
|
|
2. Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
(a) Inghlacthacht |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(b) Maidir le hábhar na caingne |
|
|
(1) Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(2) Maidir le sárú ar phrionsabal na comhréireachta |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
– An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
– Comhréireacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
(3) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(4) Sárú ar na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(5) Sárú ar Airteagal 91(2) agus ar Airteagal 94 CFAE |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(6) Sárú ar rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
3. Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(i) An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
(ii) Comhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
– Oiriúnacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach |
|
|
– An gá atá le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
– Comhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
(b) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(c) Sárú ar fhorálacha CFAE maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(d) Sárú ar Airteagal 91(2) agus ar Airteagal 94 CFAE |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
4. Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054 |
|
|
(a) Réamhbharúlacha |
|
|
(b) Earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta a bheith ann |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(c) Sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus ar chosaint an ionchais dhlisteanaigh |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(d) Sárú ar an dara fomhír d’Airteagal 151 CFAE |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
5. Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 |
|
|
(a) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(b) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
6. Conclúid maidir le Rialachán 2020/1054 |
|
|
B. Rialachán 2020/1055 |
|
|
1. Forbhreathnú ar na pléadálacha dlí |
|
|
2. Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009 |
|
|
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta |
|
|
(1) Scrúdú a rinne reachtóir an Aontais ar chomhréireacht Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009 |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(2) Comhréireacht Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear Airteagal 5(1)(b) de Rialachán Uimh. 1071/2009 isteach |
|
|
(b) Na pléadálacha eile atá dírithe i gcoinne Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009 |
|
|
3. Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 |
|
|
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta |
|
|
(1) An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(2) Comhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
– Oiriúnacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach |
|
|
– An gá atá le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 |
|
|
– Comhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 |
|
|
(b) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(c) Sárú ar Airteagal 91(1) CFAE |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(d) Sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Cinntí na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(e) Sárú ar na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(f) Sárú ar rialacha dhlí an Aontais agus ar ghealltanais an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
4. Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009 |
|
|
(a) Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(b) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(c) Sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
5. Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 |
|
|
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(b) Sárú ar Airteagal 91(2) agus ar Airteagal 94 CFAE |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(c) Sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
6. Conclúid maidir le Rialachán 2020/1055 |
|
|
C. Treoir 2020/1057 |
|
|
1. Forbhreathnú ar na pléadálacha |
|
|
2. Rialacha an Aontais is infheidhme maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar |
|
|
3. Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 |
|
|
(a) Sárú ar Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71 |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(b) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(i) Réamhbhreithnithe |
|
|
(ii) An chóir idirdhealaithe arna líomhain |
|
|
– An chóir idirdhealaitheach líomhnaithe a chuirtear ar oibríochtaí iompair trastrádála i gcomparáid le hoibríochtaí iompair déthaobhacha |
|
|
– An chóir idirdhealaitheach líomhnaithe a chuirtear ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte i gcomparáid le hoibríochtaí iompair déthaobhacha |
|
|
(c) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta |
|
|
(1) An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(2) Comhréireacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 |
|
|
(i) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
– Oiriúnacht Airteagal 1(3) go (7) de Rialachán 2020/1057 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach |
|
|
– An gá atá le hAirteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 |
|
|
– Comhréireacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 |
|
|
(d) Sárú ar Airteagal 91(1) CFAE |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(e) Sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(f) Sárú ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
(i) Saorghluaiseacht earraí |
|
|
(ii) Saoirse chun seirbhísí a sholáthar |
|
|
(g) Sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt |
|
|
(1) Argóint na bpáirtithe |
|
|
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
4. Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057 |
|
|
(a) Argóintí na bpáirtithe |
|
|
(b) Measúnú na Cúirte Breithiúnais |
|
|
5. Conclúid maidir le Treoir 2020/1057 |
|
|
D. Conclúid ghinearálta na gcaingne |
|
|
V. Costais |
(Caingne le haghaidh neamhniú – Céad shraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht (‘Pacáiste Soghluaisteachta’) – Rialachán (AE) 2020/1054 – Uastréimhsí tiomána laethúil agus seachtainiúil – Íostréimhsí sosanna agus scíthe laethúil agus seachtainiúil – Obair tiománaithe a eagrú amhail is gur féidir leo filleadh abhaile nó ar ionad oibríochtúil an fhostóra, de réir an cháis, le dul isteach nó lena tréimhse scíthe rialta nó cúiteach a chaitheamh ann gach trí nó ceithre seachtaine – Toirmeasc ar thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord an fheithicil – Spriocdháta i gcomhair shuiteáil tacagraf cliste den dara ghlúin (V2) – Dáta chur i bhfeidhm – Rialachán (AE) 2020/1055 – Coinníollacha maidir leis an gceanglas bunaíochta – Oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí ar an t‑ionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta – Oibleagáid maidir le líon na bhfeithiclí agus na dtiománaithe a fhostaítear de ghnáth ag ionad oibríochtúil an Bhallstáit bunaíochta – Cabatáiste – Tréimhse mharana ceithre lá le haghaidh cabatáiste – Maolú maidir le cabatáiste i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte – Treoir (AE) 2020/1057 – Rialacha sonracha le haghaidh postú tiománaithe san earnáil iompair de bhóthar – Spriocdháta trasuite – An margadh inmheánach – Scéim shonrach infheidhme ar an tsaoirse chun seirbhisí iompair a sholáthar – Comhbheartas iompair – Airteagail 91 agus 94 CFAE – Saoirsí bunúsacha – Prionsabal na comhréireachta – Measúnú tionchair – Prionsabail na córa comhionainne agus neamh-idirdhealaithe – Prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh – Cosaint an chomhshaoil – Airteagal 11 CFAE – Comhairliúchán le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chomh maith le Coiste Eorpach na Réigiún)
I gCásanna Uamtha C‑541/20 go C‑555/20,
[Mar a ceartaíodh le hordú an 19 Nollaig 2024] CAINGNE le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, arna dtionscnamh an 23 Deireadh Fómhair 2020 (Cásanna C‑541/20 go C‑550/20 agus C‑552/20) agus an 26 Deireadh Fómhair 2020 (Cásanna C‑551/20 agus C‑553/20 go C‑555/20),
Poblacht na Liotuáine, dá ndéanann K. Dieninis, R. Dzikovič agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó R. Petravičius, advokatas, A. Kisieliauskaitė agus G. Taluntyté (C‑541/20 agus C‑542/20),
Poblacht na Bulgáire, dá ndéanann M. Georgieva, T. Mitova agus L. Zaharieva ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin T. Mitova agus L. Zaharieva, i gcáil Gníomhairí (C‑543/20 go C‑545/20),
An Rómáin, dá ndéanann R. Antonie, L.-E. Baţagoi, M. Chicu, E. Gane, R.-I. Haţieganu, L. Liţu agus A. Rotăreanu ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí (C‑546/20 go C‑548/20),
Poblacht na Cipire, dá ndéanann I. Neophytou ionadaíocht, i gcáil Gníomhaire(C‑549/20 agus C‑550/20),
An Ungáir, dá ndéanann Z. Fehér agus K. Szíjjártó ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí (C‑551/20),
Poblacht Mhálta, dá ndéanann A. Buhagiar ionadaíocht, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó D. Sarmiento Ramírez-Escudero agus J. Sedano Lorenzo, abogados (C‑552/20),
Poblacht na Polainne, dá ndéanann B. Majczyna, M. Horoszko, D. Krawczyk agus D. Lutostańska ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí (C‑553/20 go C‑555/20),
iarratasóirí,
le tacaíocht ó:
Ríocht na Beilge, dá ndéanann S. Baeyens, P. Cottin, L. Delmotte agus J.-C. Halleux, C. Pochet agus B. Van Hyfte ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin S. Baeyens, P. Cottin, L. Delmotte, C. Pochet agus B. Van Hyfte, i gcáil Gníomhairí (C‑552/20),
Poblacht na hEastóine, dá ndéanann N. Grünberg agus M. Kriisa ionadaíocht ar dtús, i gcáil Gníomhairí, agus ina dhiadh sin M. Kriisa, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20, C‑542/20, C‑544/20, C‑545/20, C‑547/20 go C‑552/20, C‑554/20 agus C‑555/20),
Poblacht na Laitvia, dá ndéanann K. Pommere, I. Romanovska agus V. Soņeca ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin J. Davidoviča, K. Pommere agus I. Romanovska, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Poblacht na Liotuáine, dá ndéanann K. Dieninis, R. Dzikovič agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó R. Petravičius, advokatas, A. Kisieliauskaitė agus G. Taluntyté (C‑545/20, C‑547/20, C‑549/20, C‑551/20, C‑552/20 agus C‑554/20),
An Rómáin, dá ndéanann R. Antonie, L.-E. Baţagoi, M. Chicu E. Gane, R.-I. Haţieganu, L. Liţu agus A. Rotăreanu ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑545/20 agus C‑549/20 go C‑555/20),
idiragraithe,
v
Parlaimint na hEorpa, dá ndéanann I. Anagnostopoulou, O. Denkov, C. Ionescu-Dima, A. Tamás agus S. Toliušis ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin I. Anagnostopoulou, O. Denkov, C. Ionescu-Dima, W. D. Kuzmienko, B. D. Simon, S. Toliušis agus R. van de Westelaken, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
le tacaíocht ó:
Ríocht na Danmhairge, dá ndéanann, J. Nymann‑Lindegren, M. Søndahl Wolff agus L. Teilgård ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin V. Pasternak Jørgensen, M. Søndahl Wolff agus L. Teilgård, agus ina dhiaidh sin V. Pasternak Jørgensen agus M. Søndahl Wolff, agus ar deireadh C. Maertens agus M. Søndahl Wolff, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, dá ndéanann J. Möller agus D. Klebs ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin J. Möller, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
An Phoblacht Heilléanach (C‑542/20, C‑543/20, C‑545/20 go C‑547/20 agus C‑551/20),
Poblacht na Fraince, dá ndéanann A.-L. Desjonquères, A. Ferrand agus N. Vincent ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin A.-L. Desjonquères agus N. Vincent, agus ina dhiaidh sin R. Bénard, J.-L. Carré, V. Depenne, A.-L. Desjonquères agus B. Herbaut, agus ar deireadh R. Bénard, M. Guiresse, B. Herbaut agus B. Travard, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Ard-Diúcacht Lucsamburg, dá ndéanann A. Germeaux agus T. Uri ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin A. Germeaux, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Ríocht na hÍsiltíre, dá ndéanann M. K. Bulterman agus J. Langer ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Poblacht na hOstaire, dá ndéanann A. Posch agus J. Schmoll ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Ríocht na Sualainne, dá ndéanann H. Eklinder, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus O. Simonsson ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin H. Eklinder, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus O. Simonsson, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
idiragraithe,
agus
Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann M. Bencze, I. Gurov, A. Norberg, K. Pavlaki, V. Sanda, A. Sikora-Kaléda, A. Vârnav agus L. Vétillard ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
le tacaíocht ó:
Ríocht na Danmhairge, dá ndéanann J. Nymann‑Lindegren, M. Søndahl Wolff agus L. Teilgård ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin V. Pasternak Jørgensen, M. Søndahl Wolff agus L. Teilgård, agus ina dhiaidh sin V. Pasternak Jørgensen agus M. Søndahl Wolff, agus ar deireadh C. Maertens agus M. Søndahl Wolff, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, dá ndéanann J. Möller agus D. Klebs ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin J. Möller, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
An Phoblacht Heilléanach (C‑542/20, C‑543/20, C‑545/20 go C‑547/20 agus C‑551/20),
Poblacht na Fraince, dá ndéanann A.-L. Desjonquères, A. Ferrand agus N. Vincent ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin A.-L. Desjonquères agus N. Vincent, agus ina dhiaidh sin R. Bénard, J.-L. Carré, V. Depenne, A.-L. Desjonquères agus B. Herbaut, agus ar deireadh R. Bénard, M. Guiresse, B. Herbaut agus B. Travard, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Poblacht na hIodáile, dá ndéanann G. Palmieri ionadaíocht, i gcáil Gníomhaire, agus ina dhiaidh sin S. Fiorentino, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó A. Lipari agus G. Santini, avvocati dello Stato (C‑541/20 go C‑555/20),
Ard-Diúcacht Lucsamburg, dá ndéanann A. Germeaux agus T. Uri ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin A. Germeaux, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Ríocht na hÍsiltíre, dá ndéanann M. K. Bulterman agus J. Langer ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Poblacht na hOstaire, dá ndéanann ionadaíocht A. Posch agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
Ríocht na Sualainne, dá ndéanann H. Eklinder, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus O. Simonsson ionadaíocht i dtosach, agus ina dhiaidh sin H. Eklinder, C. Meyer-Seitz, M. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus O. Simonsson, i gcáil Gníomhairí (C‑541/20 go C‑555/20),
idiragraithe,
Tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, E. Regan (Rapóirtéir), T. Von Danwitz, F. Biltgen agus Z. Csehi, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, A. Kumin, I. Ziemele, J. Passer, D. Gratssias, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: G. Pitruzzella,
Cláraitheoir: R. Şereş agus R. Stefanova-Kamisheva, Riarthóirí,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 24 agus an 25 Aibreán 2023,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Samhain 2023,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena hiarratais, iarrann Poblacht na Liotuáine (C‑541/20 agus C‑542/20) ar an gCúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas a chur ar neamhní:
|
|
2 |
Lena hiarratais, iarrann Poblacht na Bulgáire (C‑543/20 go C‑545/20) ar an gCúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas a chur ar neamhní:
|
|
3 |
Lena hiarratais, iarrann Poblacht na Bulgáire (C‑546/20 go C‑548/20) ar an gCúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas a chur ar neamhní:
|
|
4 |
Lena hiarratais, iarrann Poblacht na Cipire (C‑549/20 agus C‑550/20) ar an gCúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas a chur ar neamhní:
|
|
5 |
Lena hiarratas, iarrann an Ungáir (C‑551/20) ar an gCúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas a chur ar neamhní:
|
|
6 |
Lena hiarratas, iarrann Poblacht Mhálta (C‑552/20) ar an gCúirt Bhreithiúnais Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid a chuireann sí mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
|
7 |
Lena hiarratais, iarrann Poblacht na Bulgáire (C‑553/20 go C‑555/20) ar an gCúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas a chur ar neamhní:
|
I. An dlí lena mbaineann
A. Dlí idirnáisiúnta
|
8 |
An 9 Bealtaine 1992 i Nua Eabhrac, glacadh Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (Cnuasach Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml 1771, lch. 107, ‘UNFCCC’), a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá san atmaisféar a chobhsú ag leibhéal lena gcuirtear bac ar aon chorraíl antrapaigineach san atmaisféar a dhéanann dochar do chóras an chomhshaoil. An 11 Nollaig 1997, ghlac na páirtithe san UNFCCC Prótacal Kyoto don Chreat‑Choinbhinsiún sin. |
|
9 |
Chun teacht roimh dheireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, lenar cumhdaíodh an tréimhse 2013-2020, ghlac Comhdháil Pháirtithe UNFCCC Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide an 12 Nollaig 2015, agus é mar phríomhchuspóir aige an méadú ar theocht an domhain a choinneáil idir 1.5 °C agus 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. |
|
10 |
Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 2 den chomhaontú sin: ‘1. Trí rannchuidiú le cur chun feidhme [UNFCCC], lena n‑áirítear a chuspóir, is é is aidhm don Chomhaontú seo an fhreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide a neartú, i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe agus an chomhraic i gcoinne na bochtaineachta, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
2. Cuirfear chun feidhme é i gcomhréir le cothromas agus le prionsabal na bhfreagrachtaí atá coiteann ach difreáilte agus na n‑acmhainneachtaí faoi seach, agus na staideanna náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh.’ |
|
11 |
Foráiltear le hAirteagal 4(1) go (3) den Chomhaontú sin: ‘1. Chun an sprioc fhadtéarmach theochta a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, tá sé d’aidhm ag na Páirtithe buaicphointe domhanda na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach a luaithe is féidir, ag aithint dóibh go dtógfaidh sé níos mó ama ar Pháirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad buaicphointe a bhaint amach, agus laghduithe tapa a dhéanamh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an eolaíocht is fearr atá ar fáil, chun cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa sa dara leath den chéad seo, ar bhonn cothromais, agus i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe agus iarrachtaí chun an bhochtaineacht a dhíothú. 2. Déanfaidh gach Páirtí rannchuidithe comhleanúnacha arna gcinneadh go náisiúnta a bhfuil sé beartaithe aige a bhaint amach a ullmhú, a chur in iúl agus a choinneáil ar bun. Saothróidh na Páirtithe bearta maolaithe intíre, arb é is aidhm dóibh cuspóirí na rannchuidithe sin a bhaint amach. 3. Beidh rannchuidiú comhleanúnach gach Páirtí arna chinneadh go náisiúnta ina dhul chun cinn thar rannchuidiú reatha an Pháirtí arna chinneadh go náisiúnta ag an am agus léireoidh sé an uaillmhian is airde is féidir a bheith aige, rud a léireoidh a fhreagrachtaí agus a chumais faoi seach atá coiteann ach difreáilte, i bhfianaise imthosca náisiúnta éagsúla.’ |
B. Dlí an Aontais
1. Na rialacha maidir le fad ama oibre
(a) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006
|
12 |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO 2006 L 102, lch. 1) a leasú go deireanach, i roinnt forálacha, le Rialachán 2020/1054. |
|
13 |
Foráiltear le hAirteagal 4(d) agus (h), nár leasaíodh le Rialachán 2020/1054, de Chaibidil I de Rialachán Uimh. 561/2006 dar teideal ‘Forálacha tosaigh’: ‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
[...]
[...]’ |
|
14 |
Foráiltear le hAirteagal 8(6) agus (8), i gCaibidil II de Rialachán Uimh. 561/2006, dar teideal ‘Trealamh, tréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe’, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054: ‘6. Glacfaidh an tiománaí an méid seo a leanas ar a laghad le linn aon dá sheachtain i ndiaidh a chéile:
Tosóidh tréimhse scíthe sheachtainiúil ag deireadh sé thréimhse 24 uair an chloig ar a dhéanaí ón tréimhse scíthe sheachtainiúil roimhe sin. [...] 8. I gcás ina roghnóidh tiománaí é sin a dhéanamh, féadfar tréimhsí scíthe laethúla agus tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe ar shiúl ón mbunáit a ghlacadh i bhfeithicil, ar choinníoll go bhfuil saoráidí codlata oiriúnacha inti do gach tiománaí agus go bhfuil an fheithicil ina stad.’ |
|
15 |
Rinneadh foráil sa chaibidil chéanna, in Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054, maidir leis an méid seo a leanas: ‘2. Maidir le haon am a chaitheann tiománaí ag taisteal chuig an áit nó ón áit nach bhfuil feithicil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo suite ag áit chónaithe an tiománaí nó ag ionad an fhostóra a mbíonn an tiománaí bunaithe air de ghnáth, ní mheasfar gur scíth nó sos é an t‑am sin, ach amháin má tá an tiománaí i mbád farantóireachta nó i dtraein agus rochtain aige ar chodlatán. 3. Measfar gur cúram eile é aon am a chaitheann tiománaí, agus é ag tiomáint feithicle nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ag taisteal chuig an áit, nó ón áit, nach bhfuil feithicil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo suite go dtí áit chónaithe an tiománaí nó go dtí ionad an fhostóra, lena mbíonn an tiománaí ceangailte de ghnáth.’ |
|
16 |
Is mar seo a leanas a bhí foclaíocht in Airteagal 14 i gCaibidil IV de Rialachán Uimh. 561/2006, dar teideal ‘Maoluithe’, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054: ‘1. Ar choinníoll nach ndéanfaidh sé sin dochar do na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1, féadfaidh na Ballstáit, tar éis údarú a fháil ón gCoimisiún, maoluithe a dheonú ar chur i bhfeidhm Airteagal 6 go hAirteagal 9 i gcás oibríochtaí iompair a dhéantar i gcúinsí eisceachtúla. 2. I gcásanna práinneacha, féadfaidh na Ballstáit eisceacht shealadach a dheonú ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá, agus tabharfar fógra ina leith don Choimisiún láithreach. 3. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile faoi aon mhaolú a dheonaítear faoin Airteagal seo.’ |
|
17 |
Faoi Airteagal 16(2) de Rialachán Uimh. 561/2006, atá i gCaibidil V den Rialachán sin, dar teideal ‘Nósanna imeachta rialaithe agus pionóis’, agus nár leasaíodh le Rialachán 2020/1054: ‘Déanfaidh an gnóthas iompair tráthchlár agus tábla seirbhíse a tharraingt suas ina léireofar, do gach tiománaí, ainm, áit an astaithe agus an t‑amchlár réamhbhunaithe do na tréimhsí tiomána éagsúla, cúraimí eile, sosanna agus amanna infhaighteachta. Beidh sliocht ón tábla seirbhíse agus cóip den tráthchlár seirbhíse ag gach tiománaí a leagtar cúram seirbhíse dá bhforáiltear i mír 1 air.’ |
|
18 |
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 18 den chaibidil chéanna de Rialachán Uimh. 561/2006, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1054: ‘Glacann na Ballstáit leis na bearta riachtanacha le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.’ |
(b) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014
|
19 |
Leasaíodh ar roinnt forálacha le Rialachán 2020/1054 Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 561/2006 (IO 2014 L 60, lch. 1). |
|
20 |
Foráiltear i gCaibidil I de Rialachán Uimh. 165/2014, dar teideal ‘Prionsabail, raon feidhme agus ceanglais’, mír 4 d’Airteagal 3, dar teideal ‘Raon feidhme’, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054 mar seo a leanas: ‘Cúig bliana déag tar éis d’fheithiclí nua-chláraithe tacagraf a bheith acu i gcomhréir le hAirteagal 8, le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 10, caithfear an tacagraf sin a fheistiú ar fheithiclí a oibríonn i mBallstát eile seachas an Ballstát clárúcháin.’ |
|
21 |
I gCaibidil II de Rialachán Uimh. 165/2014, dar teideal ‘Tacagraif chliste’, is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht in Airteagal 11 den Rialachán sin, dar teideal ‘Forálacha mionsonraithe do thacagraif chliste’ sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054: ‘Chun a áirithiú go gcomhlíonann tacagraif chliste na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe is gá a ghlacadh chun Airteagail 8, 9 agus 10 a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, gan na forálacha sin lena bhforálfaí don tacagraf sonraí breise a thaifeadadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). Maidir leis na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa chéad mhír:
|
|
22 |
Luaitear i gCaibidil VI de Rialachán Uimh. 165/2014, dar teideal ‘Trealamh a úsáid’, foráiltear in Airteagal 33(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Freagracht gnóthas iompair’, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1054: ‘Coimeádfaidh gnóthais iompair leatháin taifid agus sonraí clóite, in ord croineolaíoch agus i bhfoirm inléite, aon uair a thabharfar ar aird iad i gcomhréir le hAirteagal 35 ar feadh bliain amháin ar a laghad tar éis a n‑úsáide agus cuirfidh siad cóipeanna ar fáil do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh. Tabharfaidh gnóthais iompair cóipeanna de shonraí arna n‑íoslódáil ó na cártaí tiománaí do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin, agus leaganacha páipéir priontáilte de na cóipeanna sin. Soláthrófar na leatháin taifid, na hasphriontaí agus na sonraí arna n‑íoslódáil nó tabharfar ar láimh iad arna iarraidh sin ag oifigeach rialaithe údaraithe.’ |
|
23 |
Foráiltear le hAirteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO 2016 L 139, lch. 1), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/502 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2018 (IO 2018 L 85, lch. 1) (‘Rialachán Cur Chun Feidhme 2016/799’): ‘Comhlíonfar le déanamh, tástáil, suiteáil, cigireacht, oibriú agus deisiú tacagraf cliste agus a gcomhpháirteanna na ceanglais theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn IC a ghabhann leis an Rialachán seo.’ |
|
24 |
Foráiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 6 de Rialachán 2016/799: ‘Beidh feidhm ag Iarscríbhinn IC ón 15 Meitheamh 2019 i leith [...]’ |
|
25 |
Baineann Iarscríbhinn IC leis na ceanglais maidir le tacagraif chliste a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil agus a rialú. |
(c) Rialachán 2020/1054
|
26 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in aithrisí 1, 2, 4, 6, 8, 13 go 15, 17 go 19, 23, 27, 34 agus 36 de Rialachán 2020/1054:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
|
|
27 |
Foráiltear le hAirteagal 1(6) go (8), (11), (13) agus (16) de Rialachán 2020/1054: ‘Leasaítear Rialachán [Uimh. 561/2006] mar a leanas: [...]
[...]
[...]
[...]
|
|
28 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 2 de Rialachán 2020/1054: ‘Leasaítear leis seo Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 mar a leanas: [...]
[...]
|
|
29 |
Na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le tacagraif chliste dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11 de Rialachán Uimh. 165/2014, arna leasú le hAirteagal 2(8)(a) de Rialachán 2020/1054, is iad atá faoi réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme 2016/799 (IO 2021 L 273, lch. 1), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/980 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2023 a mhéid a bhaineann leis an tacagraf cliste idirthréimhseach agus leis an úsáid a bhaineann sé as Seirbhís Fíordheimhnithe Teachtaireachtaí Loingseoireachta Saorsheirbhíse Galileo agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 (IO 2023 L 134, lch. 28) (‘Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/1228’). Leasaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/1228, faoi Airteagal 1 de, Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2016/799 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/1228. |
|
30 |
Foráiltear an méid seo a leanas sa chéad fhomhír d’Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054: ‘Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’ |
2. Na rialacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta agus le hoibríochtaí cabatáiste agus le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte
(a) Treoir 92/106/CEE
|
31 |
Is mar seo a leanas atá foclaíocht an tríú haithrise sa bhrollach a ghabhann le Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO 1992 L 368, lch. 38): ‘[D]e bhrí gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, forbairt bhreise a dhéanamh ar iompar comhcheangailte mar mhalairt ar iompar de bhóthar de bharr na bhfadhbanna méadaitheacha a bhaineann le brú tráchta, leis an gcomhshaol agus le sábháilteacht ar bhóithre.’ |
|
32 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1 den Treoir sin: ‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, gan dochar do Rialachán (CEE) Uimh. 881/92 ón gComhairle an 26 Márta 1992 maidir le rochtain ar an margadh in iompar earraí de bhóthar laistigh den Chomhphobal go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó (IO 1992 L 95, lch. 1). Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘iompar comhcheangailte’ iompar earraí idir na Ballstáit i gcás ina n‑úsáideann an leoraí, an leantóir, an leathleantóir, bíodh aonad tarracóra, cabhail shoghluaiste nó coimeádán 20 troigh nó níos mó aige nó ná bíodh, an bóthar ar an gcéim thosaigh nó ar an gcéim dheiridh den turas agus, ar an gcéim eile, ar an iarnród nó ar an uiscebhealach intíre nó ar sheirbhísí muirí i gcás inar mó an bealach seo ná 100 km i líne dhíreach trasna na tíre agus ina ndéanann sé an chéim thosaigh nó an chéim dheiridh den turas;
|
|
33 |
Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 4 den Treoir sin: ‘Na hoibreoirí iompair de bhóthar uile atá bunaithe i mBallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le rochtain ar an ngairm agus maidir le rochtain ar an margadh le haghaidh iompar earraí idir na Ballstáit, beidh sé de cheart acu, i gcomhthéacs oibríocht iompair chomhcheangailte idir na Ballstáit, céimeanna tosaigh agus/nó céimeanna deiridh d’iompar de bhóthar a dhéanamh, ar céimeanna iad atá ina gcuid dhílis den oibríocht iompair chomhcheangailte agus a bhféadfaidh trasnú teorann a bheith ar áireamh leo nó gan a bheith ar áireamh leo.’ |
(b) Rialachán Uimh. 1071/2009
|
34 |
I gCaibidil I de Rialachán Uimh. 1071/2009, dar teideal ‘Forálacha ginearálta’, in Airteagal 3 de, dar teideal ‘Ceanglais chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh’, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1055, foráladh don mhéid seo a leanas: ‘1. Déanfaidh gnóthais a bheidh ag gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar an méid seo a leanas:
2. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceanglais fhorlíontacha bhreise a fhorchur, a bheidh comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh ar ghnóthais a chomhlíonadh chun go n‑údarófar dóibh gabháil de ghairm an oibreora iompair de bhóthar.’ |
|
35 |
Sonraíodh i gCaibidil II de Rialachán Uimh. 1071/2009, dar teideal ‘Coinníollacha atá le comhlíonadh chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhlíonadh’, in Airteagal 5 de, dar teideal ‘Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta’, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1055: ‘D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(a) a chomhlíonadh, déanfaidh gnóthas an méid seo a leanas sa Bhallstát lena mbaineann:
|
|
36 |
De réir a theidil, baineann Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 1071/2009 leis na coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil. |
(c) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009
|
37 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 2, 4, 5, 13 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta iompair de bhóthar (IO 2009 L 300, lch. 72):
[...]
[...]
[...]
|
|
38 |
Luaitear an méid seo a leanas i gCaibidil I de Rialachán Uimh. 1072/2009, dar teideal ‘Forálacha ginearálta’, in Airteagal 2 de, dar teideal ‘Sainmhínithe’, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1055: ‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
[...]’ |
|
39 |
Áirítear i gCaibidil III de Rialachán Uimh. 1072/2009, dar teideal ‘Cabatáiste’, Airteagail 8 go 10 de. |
|
40 |
Foráiltear le hAirteagal 8 den Rialachán sin, dar teideal ‘Prionsabal ginearálta’, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1055: ‘1. Aon oibreoir tarlaithe de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht a bhfuil ceadúnas Comhphobail aige agus a bhfuil fianú tiománaí ag a thiománaí más náisiúnach tríú tír é, ceadófar dó, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh. 2. A luaithe a bheidh na hearraí a iompraíodh le linn iompar idirnáisiúnta chuig an mBallstát óstach seachadta, ceadófar do na tarlóirí dá dtagraítear i mír 1 suas le trí oibríocht chabatáiste a dhéanamh leis an bhfeithicil chéanna, nó más de chónasc cúpláilte í an fheithicil, le mótarfheithicil na feithicle céanna sin tar éis iompar idirnáisiúnta ó Bhallstát eile nó ó thríú tír chuig an mBallstát óstach. Laistigh de 7 lá ón díluchtú deireanach sa Bhallstát óstach le linn an iompair idirnáisiúnta chuig an Ballstát sin a tharlóidh an díluchtú deireanach le linn oibríocht chabatáiste roimh fhágáil an Bhallstáit óstaigh. Laistigh den teorainn ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh oibreoirí iompair cuid de na hoibríochtaí cabatáiste nó na hoibríochtaí cabatáiste uile a cheadaítear faoin bhfomhír sin a dhéanamh in aon Bhallstát ar choinníoll go mbeidh siad teoranta d’aon oibríocht chabatáiste amháin in aghaidh an Bhallstáit laistigh de 3 lá tar éis na hiontrála neamhualaithe i gcríoch an Bhallstáit sin. 3. Ní mheastar seirbhísí oibreoirí iompair de bhóthar náisiúnta arna ndéanamh sa Bhallstát óstach ag oibreoir iompair neamhchónaitheach a bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin má tá an t‑oibreoir iompair in ann fianaise shoiléir a thabhairt faoin iompar idirnáisiúnta atá ag teacht isteach agus faoi gach oibríocht chabatáiste ina dhiaidh sin. Beidh na sonraí seo a leanas le haghaidh gach oibríochta san fhianaise dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
4. Ní bheidh gá le haon doiciméad breise lena gcruthaítear go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo á gcomhlíonadh. 5. Ceadaítear d’aon oibreoir iompair atá i dteideal i mBallstát na bunaíochta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, na hoibríochtaí tarlú de bhóthar arna sonrú in Airteagal 1(5)(a), (b) agus (c) a dhéanamh ar fruiliú nó ar luaíocht, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, oibríochtaí cabatáiste den chineál céanna nó oibríochtaí cabatáiste le feithiclí sa chatagóir chéanna, de réir mar a bheidh, a chur i gcrích. 6. Ceadófar gan srian oibríochtaí cabatáiste faoi chuimsiú na gcineálacha tarlaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(5)(d) agus (e).’ |
|
41 |
Foráiltear le hAirteagal 10 de Rialachán Uimh. 1072/2009, dar teideal ‘Nós imeachta coimirce’, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1055: ‘1. I gcás ina mbeidh mórshuaitheadh ar an margadh náisiúnta iompair laistigh de limistéar geografach áirithe de thoradh cabatáiste nó i gcás ina mbeidh an cabatáiste ina chúis leis an suaitheadh sin a bheith níos measa, féadfaidh aon Bhallstát an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin d’fhonn bearta coimirce a ghlacadh, ar choinníoll go dtabharfar dó an fhaisnéis is gá agus na bearta a bheartaíonn sé a ghlacadh i leith oibreoirí iompair cónaitheacha. 2. Chun críocha mhír 1:
3. Scrúdóidh an Coimisiún an staid, ar bhonn na sonraí ábhartha go háirithe agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 15(1), cinnfidh sé laistigh de mhí ón iarratas a fháil ón mBallstát an gá nó nach gá bearta coimirce agus, más gá, glacfaidh sé iad. Féadfar bearta den sórt sin a leathnú chun an limistéar lena mbaineann a eisiamh go sealadach ó raon feidhme an Rialacháin seo. Na bearta a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí, agus beidh siad inathnuaite uair amháin faoi na teorainneacha céanna bailíochta. Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na Ballstáit agus don Chomhairle faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun na míre seo. 4. Má chinneann an Coimisiún bearta coimirce a ghlacadh i dtaobh Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstát amháin, beidh sé de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann bearta a ghlacadh a mbeidh raon feidhme coibhéiseach acu maidir le hoibreoirí iompair cónaitheacha agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Cuirfear na bearta sin i bhfeidhm ón dáta céanna, ar a dhéanaí, leis na bearta cosanta arna nglacadh ag an gCoimisiún. 5. Féadfaidh gach Ballstát cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 a tharchur chuig an gComhairle laistigh de thríocha lá tar éis an fógra a fháil. Laistigh de 30 lá tar éis don Bhallstát an cinneadh a chur faoi bhráid na Comhairle, nó, i gcás gur chuir níos mó ná Ballstát amháin faoina bráid é, 30 lá tar éis é a bheith curtha faoina bráid den chéad uair, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh difriúil a dhéanamh. Beidh feidhm ag na teorannacha bailíochta a leagtar síos sa tríú fomhír de mhír 3 maidir le cinneadh na Comhairle. Beidh sé de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann bearta a ghlacadh a mbeidh raon feidhme coibhéiseach acu maidir le hoibreoirí iompair cónaitheacha agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Mura ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh cinneadh an Choimisiúin ina chinneadh críochnaitheach. 6. I gcás inarb é tuairim an Choimisiúin gur gá síneadh ama a chur leis na bearta dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle, a dhéanfaidh cinneadh trí thromlach cáilithe.’ |
(d) Rialachán 2020/1055
|
42 |
Luaitear in aithrisí 6, 8 agus 20 go 22 de Rialachán 2020/1055:
[...]
[...]
|
|
43 |
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 1 de Rialachán 2020/1055: ‘Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 leis seo mar a leanas: [...] (3) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 ‘Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta 1. D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(a) a chomhlíonadh, déanfaidh gnóthas sa Bhallstát bunaíochta an méid seo a leanas:
[...]”’ |
|
44 |
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 2 de Rialachán 2020/1055: ‘Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 leis seo mar a leanas: [...]
|
3. Na rialacha maidir le hoibrithe a phostú
(a) Treoir 96/71/CE
|
45 |
Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO 1997 L 18, lch. 1), arna leasú le Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 (IO 2018 L 173, lch. 16), dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’: ‘ – 1. Áirithítear leis an Treoir seo go ndéanfar oibrithe ar postú a chosaint le linn a bpostaithe maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, trí fhorálacha éigeantacha a leagan síos maidir le dálaí oibre agus cosaint shláinte agus shábháilteacht na n‑oibrithe, ar forálacha iad nach mór a urramú. [...] 3. Beidh feidhm ag an Treoir seo a mhéid a dhéanann na gnóthais dá dtagraítear i mír 1 ceann de na bearta trasnáisiúnta seo a leanas:
[...]’ |
|
46 |
Foráiltear le hAirteagal 2(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhíniú’: ‘Ciallaíonn “tiománaí postaithe”, chun críocha na Treorach seo, tiománaí a dhéanann a chuid oibre ar chríoch Bhallstáit seachas an Ballstát ina n‑oibríonn an t‑oibreoir de ghnáth ar feadh tréimhse theoranta.’ |
|
47 |
Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh’, mar a leanas: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit, cibé dlí is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta, go ráthóidh na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1) d’oibrithe a phostófar ar a gcríoch, ar bhonn na córa comhionainne, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhaineann leis na nithe seo a leanas, a leagtar síos sa Bhallstát ina ndéantar an obair ar a chríoch:
[...] 3. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair, i gcomhréir le custaim agus le cleachtais gach Ballstáit, gan an dara fleasc de mhír 1(c) a chur i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus (b) nuair nach faide ná aon mhí amháin fad an phostaithe. 4. Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, a fhoráil go bhféadfar maoluithe ar an dara fleasc de mhír 1(c) a dhéanamh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus (b) agus ar chinneadh ó Bhallstát de réir bhrí mhír 3 den Airteagal seo trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna, de réir bhrí mhír 8, a bhaineann le hearnáil gníomhaíochta amháin nó níos mó, i gcás nach faide ná mí amháin fad an phostaithe. [...]’ |
(b) Treoir 2014/67/AE
|
48 |
Baineann Airteagal 9 de Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) (IO 2014 L 159, lch. 11) le ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe i ndáil le hoibrithe a phostú. |
(c) Maidir le Treoir 2018/957
|
49 |
De réir aithris 15 de Threoir 2018/957: ‘Mar gheall ar chineál fíor-shoghluaiste na hoibre in iompar idirnáisiúnta de bhóthar, eascraíonn ceisteanna agus dúshláin dhlíthiúla ar leith as cur chun feidhme na Treorach seo san earnáil seo ar gá aghaidh a thabhairt orthu, mar chuid den Phacáiste Soghluaisteachta, le rialacha sonracha maidir le hiompar de bhóthar, arb é is aidhm dóibh freisin an comhrac i gcoinne na calaoise agus na mí-úsáide a neartú.’ |
|
50 |
Foráiltear le hAirteagal 3(3) den Treoir sin: ‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hearnáil an iompair de bhóthar ó dháta chur i bhfeidhm gnímh reachtaigh lena leasaítear Treoir 2006/22/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n‑aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO 2006 L 102, lch. 35),] maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i ndáil le Treoir [96/71] agus Treoir [2014/67] maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
(d) Maidir le Treoir 2020/1057
|
51 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in aithrisí 1 go 4, 7 go 13, 15 agus 43 de Threoir 2020/1057:
[...]
[...]
[...]
|
|
52 |
Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057, dar teideal ‘Rialacha sonracha maidir le tiománaithe a phostú’: ‘1. Bunaítear leis an Airteagal seo rialacha sonracha i ndáil le gnéithe áirithe de Threoir [96/71] a bhaineann le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus gnéithe áirithe de Threoir [2014/67] a bhaineann le ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe maidir le tiománaithe den sórt sin a phostú. 2. Beidh feidhm ag na rialacha sonracha sin maidir le tiománaithe a fhostaíonn gnóthais iad agus na gnóthais sin a bheith bunaithe i mBallstát a dhéanann an beart trasnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) de Threoir [96/71]. 3. D’ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir [96/71], ní mheasfar tiománaí a bheith ar postú chun críocha Threoir [96/71] agus oibríochtaí déthaobhacha iompair lasta á ndéanamh aige. Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn oibríocht iompair dhéthaobhach i dtaca le hearraí earraí a bhogadh, bunaithe ar chonradh iompair, ón mBallstát bunaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 é, chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír, nó ó Bhallstát eile nó tríú tír eile chuig an mBallstát bunaíochta. Ón 2 Feabhra 2022, arb é sin an dáta óna mbeidh ar thiománaithe, de bhun Airteagal 34(7) de Rialachán [...] Uimh. 165/2014, sonraí trasnaithe teorann a thaifeadadh de láimh, cuirfidh na Ballstáit an díolúine i bhfeidhm freisin le haghaidh oibríochtaí déthaobhacha iompair earraí a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo i gcás ina ndéanfaidh an tiománaí atá i mbun oibríocht iompair dhéthaobhach gníomhaíocht luchtaithe agus/nó díluchtaithe freisin sna Ballstáit nó sna tríú tíortha a thrasnaíonn sé, ar choinníoll nach ndéanfaidh sé na hearraí a luchtú agus a dhíluchtú sa Bhallstát céanna. I gcás oibríocht iompair dhéthaobhach a thosóidh sa Bhallstát bunaíochta nach ndéanfar gníomhaíocht bhreise lena linn agus leantar uirthi sin le hoibríocht iompair dhéthaobhach go dtí an Ballstát bunaíochta, beidh feidhm ag an díolúine sin ar ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír maidir le dhá ghníomhaíocht luchtaithe agus/nó díluchtaithe ar a mhéad, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa tríú fomhír. Ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo ach amháin go dtí an dáta óna ndéanfar an tacagraf cliste a dhéanann taifeadadh ar ghníomhaíochtaí trasnaithe teorann agus gníomhaíochta breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a shuiteáil sna feithiclí atá cláraithe i mBallstát den chéad uair, faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 8(1) den Rialachán sin. Ón dáta sin amach ní bheidh feidhm ag na díolúintí le haghaidh gníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo ach amháin maidir le tiománaithe a úsáideann feithiclí ina bhfuil tacagraif chliste feistithe, i gcomhréir le hAirteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán sin. 4. D'ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir [96/71], ní mheasfar tiománaí a bheith ar postú chun críocha Threoir [96/71] agus oibríochtaí déthaobhacha iompair do phaisinéirí á gcur i gcrích aige. Chun críocha na Treorach seo, le hoibríocht iompair dhéthaobhach a dhéantar faoi chuimsiú seirbhís idirnáisiúnta ó am go chéile nó rialta do phaisinéirí, de réir bhrí Rialachán [Uimh. 1073/2009], ceanglófar ar thiománaí ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
Ón 2 Feabhra 2022, arb é sin an dáta óna gceanglaítear ar thiománaithe, de bhun Airteagal 34(7) de Rialachán [Uimh. 165/2014], sonraí trasnaithe teorann a thaifeadadh de láimh, cuirfidh na Ballstáit an díolúine le haghaidh oibríochtaí déthaobhacha iompair do phaisinéirí a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo i bhfeidhm freisin i gcás ina láimhseálann an tiománaí a dhéanann oibríocht iompair dhéthaobhach paisinéirí ar ócáid amháin agus/nó ina scaoileann sé amach paisinéirí ar ócáid amháin sna Ballstáit nó sna tríú tíortha a thrasnaíonn an tiománaí, ar choinníoll nach soláthraíonn sé seirbhísí iompair do phaisinéirí idir dhá áit sa Bhallstát a thrasnaítear. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir leis an turas fillte. Ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ach amháin go dtí an dáta óna ndéanfar na tacagraif chliste a chomhlíonann an ceanglas chun gníomhaíochtaí trasnaithe teorann agus gníomhaíochtaí breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(1) de Rialachán [Uimh. 165/2014] a thaifeadadh a shuiteáil i bhfeithiclí arna gclárú i mBallstát den chéad uair, de bhun an cheathrú fomhír d’Airteagal 8(1) den Rialachán sin. Ón dáta sin amach ní bheidh feidhm ag an díolúine do ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ach amháin maidir le tiománaithe a úsáideann feithiclí ina bhfuil tacagraif chliste feistithe, i gcomhréir le hAirteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán sin. 5. D'ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir [96/71], ní mheasfar tiománaí a bheith ar postú chun críocha Threoir [96/71] agus é ag dul trí chríoch Ballstáit gan earraí a luchtú nó a dhíluchtú agus gan paisinéirí a thógáil nó a ligean amach. 6. D’ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir [96/71], ní mheasfar tiománaí a bheith ar postú chun críocha Threoir [96/71] agus an chéim bhóthair thosaigh nó dheiridh d’oibríocht iompair chomhcheangailte á déanamh aige de réir bhrí Threoir [92/106] más oibríochtaí iompair déthaobhacha atá sa chéim bhóthair, inti féin, de réir bhrí mhír 3 den Airteagal seo. 7. Measfar tiománaí atá ag déanamh oibríochtaí cabatáiste, mar a shainmhínítear i Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009 agus (CE) Uimh. 2009/2009 é, a bheith postaithe de bhun Threoir 96/71/CE. [...] 10. Ní chaithfear ar bhealach níos fabhraí le gnóthais iompair arna mbunú i Stát nach Ballstát é ná mar a chaithfear le gnóthais arna mbunú i mBallstát, lena n‑áirítear nuair a bheidh oibríochtaí iompair á ndéanamh acu faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha lena ndeonaítear rochtain ar mhargadh an Aontais nó ar áiteanna de. 11. De mhaolú ar Airteagal 9(1) agus (2) de Threoir [2014/67], ní fhéadfaidh na Ballstáit ach na ceanglais riaracháin agus na bearta rialaithe seo a leanas a fhorchur i ndáil le tiománaithe a phostú:
[...]’ |
|
53 |
Foráiltear le hAirteagal 9 de Threoir 2020/1057, dar teideal ‘Trasuí’, sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír de mhír 1: ‘Faoin 2 Feabhra 2022, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 2 Feabhra 2022.’ |
4. Comhaontú Idirinstitiúideach
|
54 |
I míreanna 12 go 16 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO 2016 L 123, lch. 1; ‘an Comhaontú Idirinstitiúideach’), a leagtar amach i gCaibidil III de, dar teideal ‘Uirlisí le haghaidh Reachtóireacht Níos Fearr’, luaitear an méid seo a leanas faoin gceannteideal ‘Measúnú Tionchair’:
|
|
55 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht i bpointe 42 den chomhaontú idirinstitiúideach, atá i gCaibidil VII de, dar teideal ‘Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm’: ‘Cuireann na trí institiúid i bhfios go láidir gur gá reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm go tapa agus i gceart sna Ballstáit. Beidh an teorainn ama chun treoracha a thrasuí chomh gearr agus is féidir agus, de ghnáth, ní rachaidh sí thar dhá bhliain.’ |
II. Cúlra na ndíospóidí
|
56 |
An 31 Bealtaine 2017, ghlac an Coimisiún Eorpach roinnt tograí mar chuid de ‘An chéad sraith beart maidir leis an tsoghluaiseacht’, nó ‘Phacáiste Soghluaisteachta’, arb é is aidhm dóibh gnéithe áirithe de reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir leis an earnáil iompair a leasú. |
|
57 |
Áiríodh orthu sin, ar an gcéad dul síos, an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le riachtanais íosta maidir le tréimhsí uasta tiomána laethúla agus seachtainiúla, sosanna íosta agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 maidir le suíomh le tacagraif [COM (2017) 277 deiridh (‘an togra le haghaidh Rialachán maidir le hAm Oibre’)], ar an dara dul síos, an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil [COM (2017) 281 deiridh, an ‘Rialachán maidir le Bunú’ anseo feasta] agus, ar an tríú dul síos, an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/22 maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i ndáil le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú san earnáil iompair de bhóthar [COM (2017) 278 deiridh, an ‘Togra le haghaidh Treoir maidir le postú’ anseo feasta]. |
|
58 |
Bhí dhá mheasúnú tionchair ag gabháil leis na tograí sin, ceann amháin maidir leis an gcéad cheann agus an tríú ceann de na tograí sin (SWD (2017) 186 deiridh, ‘an Measúnú Tionchair – an tSraith Shóisialta’), agus an ceann eile maidir leis an dara togra (SWD (2017) 194 deiridh, ‘Measúnú Tionchair – an tSraith Bhunaíochta’). |
|
59 |
An 18 Eanáir 2018, thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) dhá thuairim ar leith uaidh maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil [COM(2017) 281 final – 2017/0123 (COD)] (IO 2018 C 197, lch. 38), agus maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le hoibrithe a phostú san earnáil iompair de bhóthar [COM(2017) 278 final –2017/0121 (COD)] agus maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le riachtanais íosta maidir le tréimhsí uasta tiomána laethúla agus seachtainiúla, sosanna íosta agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 maidir le suíomh le tacagraif [COM(2017) 277 final – 2017/0122 (COD)] (IO 2018 C 197, lch. 45). Óna thaobh féin de, thug Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tuairim uaidh maidir leis na trí thogra sin an 1 Feabhra 2018 dar teideal ‘An Eoraip ag Gluaiseacht: ceisteanna maidir leis an obair in iompar de bhóthar’ (IO 2018 C 176, lch. 57). |
|
60 |
Tar éis plé a dhéanamh laistigh den Pharlaimint agus den Chomhairle araon agus idir an dá institiúid, thángthas ar chomhréiteach maidir leis na trí thogra ón gCoimisiún le linn na caibidlíochta a tionóladh an 11 agus an 12 Nollaig 2019 faoi chuimsiú an chruinnithe thríthaobhaigh idirinstitiúidigh idir an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún. |
|
61 |
An 7 Aibreán 2020, nuair a vótáil an Chomhairle maidir le glacadh na dtrí ghníomh reachtacha atá i gceist, fuair siad tacaíocht ó thromlach cáilithe de na Ballstáit, ach chuir naoi gcinn acu, eadhon Poblacht na Bulgáire, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne agus an Rómáin, i gcoinne an ghlactha sin. |
|
62 |
An 15 Iúil 2020, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialacháin 2020/1054 agus 2020/1055 agus Treoir 2020/1057 (le chéile, ‘na gníomhartha a chonspóidtear’). |
III. An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais
A. Cás C‑541/20
|
63 |
Iarrann Poblacht na Liotuáine ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
64 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
65 |
Le hordú an 13 Aibreán 2021, an Liotuáin v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑541/20 R, EU:C:2021:264), dhiúltaigh Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais don iarraidh ó Phoblacht na Liotuáine feidhm Airteagal 1(6)(d) agus Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar fionraí. |
|
66 |
Le cinntí an 27 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Liotuáine. |
|
67 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
|
68 |
Tharraing Poblacht na Liotuáine siar a hiarratas ar Airteagal 1(7) de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní ag an éisteacht a tionóladh an 25 Aibreán 2023. |
B. Cás C‑542/20
|
69 |
Iarrann Poblacht na Liotuáine ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
70 |
Le cinntí an 26 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Liotuáine. |
|
71 |
Le cinntí den dáta céanna, dheonaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead idiragartha do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile chun idiragairt le tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
C. Cás C‑543/20
|
72 |
Iarrann Poblacht na Bulgáire ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
73 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt:
|
|
74 |
Le cinntí an 29 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte cead idiragartha do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Bulgáire. |
|
75 |
Le cinntí den dáta céanna, dheonaigh Uachtarán na Cúirte cead idiragartha do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
D. Cás C‑544/20
|
76 |
Iarrann Poblacht na Bulgáire ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
77 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
78 |
Le cinntí an 29 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Bulgáire. |
|
79 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
E. Cás C‑545/20
|
80 |
Iarrann Poblacht na Bulgáire ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
81 |
Le cinntí an 29 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Bulgáire. |
|
82 |
Le cinntí den dáta céanna, dheonaigh Uachtarán na Cúirte cead idiragartha do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
|
83 |
Le hordú an 3 Meitheamh 2022, an Bhulgáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑545/20 R, EU:C:2022:445), dhiúltaigh Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais d’iarratas Phoblacht na Bulgáire maidir le feidhm Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar fionraí go príomha, a mhéid a chuirtear mír 1(b) isteach leis in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, nó, mar mhalairt air sin, Airteagal 1(3) a chur ar fionraí ina iomláine nó, mar mhalairt air sin, i Rialachán 2020/1055 a chur ar fionraí ina iomláine. |
F. Cás C‑546/20
|
84 |
Iarrann an Rómáin ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
85 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
86 |
Le cinneadh an 21 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an Rómáin. |
|
87 |
Le cinntí den dáta céanna, dheonaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
G. Cás C‑547/20
|
88 |
Iarrann an Rómáin ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
89 |
Le cinntí an 22 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia agus do Phoblacht na Liotuáine idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an Rómáin. |
|
90 |
Le cinntí den dáta céanna, dheonaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
|
91 |
Le hordú an 03 Meitheamh 2022, an Liotuáin v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑547/20 R, EU:C:2022:446), dhiúltaigh Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais don iarraidh ó Phoblacht na Liotuáine feidhm Airteagal 1(3)(d) de Rialachán 2022/1055 a chur ar fionraí, a mhéid a chuirtear mír 1(b) isteach leis in Airteagal 5 de Rialachán 1071/2009. |
H. Cás C‑548/20
|
92 |
Iarrann an Rómáin ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
93 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
94 |
Le cinntí an 22 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an Rómáin. |
|
95 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
I. Cás C‑549/20
|
96 |
Iarrann Poblacht na Cipire ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
97 |
Le cinntí an 12 Bealtaine 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Cipire. |
|
98 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
J. Cás C‑550/20
|
99 |
Iarrann Poblacht na Cipire ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
100 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt:
|
|
101 |
Le cinntí an 29 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ord atá á lorg ag Poblacht na Cipire. |
|
102 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
K. Cás C‑551/20
|
103 |
Iarrann an Ungáir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
104 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
105 |
Le cinntí an 13 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine agus don Rómáin idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an Ungáir. |
|
106 |
Le cinntí den dáta céanna, dheonaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
L. Cás C‑552/20
|
107 |
Áitíonn Poblacht Mhálta gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
108 |
Le cinntí an 22 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte cead idiragartha do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine agus don Rómáin mar thaca leis an ordú atá á lorg ag Poblacht Mhálta. |
|
109 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
M. Cás C‑553/20
|
110 |
Iarrann Poblacht na Polainne ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
111 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
112 |
Le cinntí an 27 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Polainne. |
|
113 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
N. Cás C‑554/20
|
114 |
Iarrann Poblacht na Polainne ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
115 |
Le cinntí an 27 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Polainne. |
|
116 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
O. Cás C‑555/20
|
117 |
Iarrann Poblacht na Polainne ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
118 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:
|
|
119 |
Le cinntí an 27 Aibreán 2021, thug Uachtarán na Cúirte cead do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia agus don Rómáin idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na Polainne. |
|
120 |
Le cinntí den dáta céanna, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Ríocht na Sualainne idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus ag Poblacht na hIodáile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle. |
P. Uamadh Chásanna C‑541/20 go C‑555/20
|
121 |
Le cinneadh an 13 Deireadh Fómhair 2023, chinn Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, Cásanna C‑541/20 go C‑555/20 a uamadh chun críocha na céime ó bhéal den nós imeachta, sa mhéid nár dúnadh an chéim sin go fóill, agus chun críocha an chinnidh lena ndúntar na himeachtaí. |
IV. Maidir leis na caingne
A. Rialachán Uimh. 2020/1054
|
122 |
Iarrann Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑543/20), an Rómáin (Cás C‑546/20), an Ungáir (Cás C‑551/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑553/20) go neamhneofar roinnt forálacha de Rialachán 2020/1054 nó, mar mhalairt air sin, an Rialachán sin a chur ar neamhní ina iomláine. |
|
123 |
Ar an gcéad dul síos, iarrtar leis na caingne a thionscain Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir go gcuirfí Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ar neamhní, lenar cuireadh mír 8 nua in ionad Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, lena gcuirtear toirmeasc, go bunúsach, ar thiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó níos mó ná 45 uair an chloig arna nglacadh mar chúiteamh as laghdú ar thréimhse scíthe seachtainiúla roimhe sin a ghlacadh i bhfeithicil (‘an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil’). |
|
124 |
Ar an dara dul síos, iarrtar leis na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne go gcuirfí Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar neamhní, lenar cuireadh mír 8a isteach in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 561/2006, lena bhforchuirtear oibleagáid ar ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi is go mbeidh siad in ann filleadh gach trí nó ceithre seachtaine, ag brath ar cé acu a ghlac siad nó nár ghlac siad dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile roimhe sin, ag ionad oibríochtúil an fhostóra sin nó ag a n‑áit chónaithe, faoi seach, chun tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach amháin ar a laghad a thosú nó a chaitheamh ann (‘an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054’). |
|
125 |
Ar an tríú dul síos, iarrtar leis an gcaingean a thionscain an Ungáir go gcuirfí Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054 ar neamhní freisin, lenar cuireadh mír 4 nua agus mír 4a in ionad Airteagal 3(4) de Rialachán Uimh. 165/2014, lena gcuirtear chun cinn dáta theacht i bhfeidhm na hoibleagáide tacagraif chliste den dara glúin (‘V2 tacagraif’) a shuiteáil. |
|
126 |
Ar an gceathrú agus deireadh dul síos, iarrtar leis an gcaingean a thionscain Poblacht na Liotuáine go gcuirfí Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 ar neamhní, a mhéid a leagtar síos leis an gcéad fomhír den Airteagal sin dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin mar an fichiú lá tar éis fhoilsiú Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
1. Forbhreathnú ar na pléadálacha dlí
|
127 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean (Cás C‑541/20) chun Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, ardaíonn Poblacht na Liotuáine ceithre shaincheist dlí, lena líomhnaítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar Airteagal 45 CFAE, maidir leis an dara dul síos, sárú ar Airteagal 26 CFAE (an chéad chuid) agus ar phrionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe (an dara cuid), maidir leis an tríú dul síos, sárú ar Airteagal 3(3) CAE, sárú ar Airteagail 11 agus 191 CFAE agus ar bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide a chomhrac agus, ar an gceathrú dul síos, ar phrionsabal na comhréireachta. Mar thaca leis an ordú atá á lorg sa chaingean sin chun Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, ardaíonn an Ballstát sin trí shaincheist dlí, lena líomhnaítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ar an dara dul síos, sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, a leagtar síos in Airteagal 296 CFAE, agus, ar an tríú dul síos, sárú ar phrionsabal an chomhair dhílis, a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE. |
|
128 |
Mar thaca lena caingean (Cás C‑543/20) chun Airteagal 1(6)(c) agus Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, maíonn Poblacht na Bulgáire cúig shaincheist dlí. Líomhnaítear leis an gcéad saincheist go dtí an tríú saincheist, atá dírithe i gcoinne Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, sárú, maidir leis an gcéad saincheist, ar Airteagal 45 CFAE (an chéad chuid) agus ar Airteagal 21(1) CFAE agus ar Airteagal 45(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), (an dara cuid), maidir leis an dara dul síos, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE agus in Airteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, atá i gceangal le Conradh AE agus CFAE (‘an Prótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta’), agus, maidir leis an tríú dul síos, sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Líomhnaítear leis an gceathrú saincheist, atá dírithe i gcoinne Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE agus in Airteagal 1 den Phrótacal lena ngabhann. Líomhnaítear leis an gcúigiú saincheist, atá dírithe i gcoinne Airteagal 1(6)(c) agus (d) den Rialachán sin, sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus ar an toirmeasc ar aon idirdhealú, a chumhdaítear in Airteagal 18 CFAE agus in Airteagail 20 agus 21 den Chairt, ar phrionsabal chomhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, agus, a mhéid a mheasann an Chúirt Bhreithiúnais gur gá sin, ar Airteagal 95(1) CFAE. |
|
129 |
Mar thaca lena caingean (Cás C‑546/20) chun Airteagal 1(6)(c) agus Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, maíonn an Rómáin trí shaincheist dlí. Líomhnaítear leis an gcéad saincheist, atá dírithe i gcoinne an dá fhoráil sin, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a leagtar síos in Airteagal 5(4) CAE. Líomhnaítear leis an dara saincheist, a ardaíodh i gcoinne Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, sárú ar an tsaoirse bunaíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 49 CFAE. Líomhnaítear leis an tríú saincheist, arna roinnt ina dá chuid, a dhírítear i gcoinne Airteagal 1(6)(c) agus (d) den Rialachán sin, sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta, a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE. |
|
130 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean (Cás C‑551/20) chun Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, maíonn an Ungáir saincheist aonair, lena líomhnaítear earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta. Mar thaca leis an ordú atá á lorg sa chaingean sin chun Airteagal 2(2) den Rialachán sin a chur ar neamhní, ardaíonn an Ballstát sin trí shaincheist dlí, lena líomhnaítear, ar an gcéad dul síos, earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta; ar an dara dul síos, sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus ar chosaint an ionchais dhlisteanaigh; agus, ar an tríú dul síos, sárú ar an oibleagáid iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a chaomhnú dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 151 CFAE. |
|
131 |
Mar thaca lena caingean (Cás C‑553/20) lena n‑iarrtar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, maíonn Poblacht na Polainne cúig shaincheist dlí lena líomhnaítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE, ar an dara dul síos, ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, maidir leis an tríú dul síos, sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, agus maidir leis an gceathrú dul síos, Airteagal 94 CFAE agus, maidir leis an gcúigiú dul síos, sárú ar Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt. |
|
132 |
Ba cheart go ndéanfaí scrúdú i ndiaidh a chéile ar orduithe na gcaingne lena n‑iarrtar Airteagal 1(6)(d), Airteagal 1(6)(c), Airteagal 2(2) agus Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní. |
2. Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054
|
133 |
Mar thaca lena gcaingne faoi seach chun Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, líomhnaíonn Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑543/20), an Rómáin (Cás C‑546/20), Poblacht na Polainne (Cás C‑553/20), de réir mar atá, an sárú, go bunúsach:
|
(a) Inghlacthacht
(1) Argóint na bpáirtithe
|
134 |
I gcás C‑543/20, cuireann an Chomhairle a hamhras in iúl maidir le hinghlacthacht na n‑orduithe caingne ó Phoblacht na Bulgáire lena n‑iarrtar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 20/1054 a chur ar neamhní, ós rud é nach gcuirtear i gcoinne bhailíocht na forála sin i ndáiríre ach iarrtar leis na horduithe sin soiléiriú ar léiriú na forála sin. |
|
135 |
Tugann an Chomhairle faoi deara i ndáil leis sin go gcaithfear téacs dlí a eascraíonn as an Aontas a léiriú a mhéid agus is féidir i gcomhréir le brí na bhforálacha de na conarthaí. Tugann sí faoi deara, sa chás seo, de réir Phoblacht na Bulgáire, go bhféadfaí léiriú comhsheasmhach den sórt sin a thabhairt ar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, agus mar thoradh air sin, dá mba amhlaidh an cás, nach mbeadh ar an gCúirt Bhreithiúnais scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha a bhfuiltear ag brath orthu mar thaca lena hordú. Dá bhrí sin, bheadh an léiriú a raibh an Ballstát sin i bhfabhar leis ceart, agus sa chás sin ní chaithfeadh sé amhras ar bhailíocht na forála sin, nó bheadh an léiriú sin mícheart, toisc go bhfuil léiriú eile ann atá comhsheasmhach leis na Conarthaí, agus sa chás sin chaithfí diúltú do na pléadálacha uile a bhfuiltear ag brath orthu toisc iad a bheith gan bhunús. |
|
136 |
Ní bheadh sé inghlactha do Bhallstát leas a bhaint as a sheasamh pribhléideach faoi Airteagal 263 CFAE chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht gníomhartha reachtacha de dhlí an Aontais chun soiléiriú ar a mbrí a lorg, agus chun na críche sin amháin, trí léirithe éagsúla a chur faoi bhráid na Cúirte agus trína iarraidh uirthi neamhaird a thabhairt ar chuid acu. Ní fhéadtar Airteagal 263 CFAE, mar Airteagal 267 CFAE, a úsáid chun ceisteanna hipitéiseacha a chur ar an gCúirt Bhreithiúnais. |
|
137 |
Áitíonn Poblacht na Bulgáire go bhfuil an t‑ordú atá á lorg ina caingean chun Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní inghlactha. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
138 |
Is léir ó léamh comhcheangailte ar Airteagail 263 CFAE agus 264 CFAE nach mór é a bheith mar chuspóir ag caingean arna tionscnamh ar bhonn na chéad cheann de na forálacha sin lena n‑iarrtar ceann de na gníomhartha dá dtagraítear sa chéad mhír den fhoráil sin a chur ar neamhní an gníomh sin a chur ar neamhní. Dá bhrí sin, níl aon bhunús in Airteagal 263 CFAE le caingean a lorgaíonn a petitum léiriú ar ghníomh den sórt sin ón gCúirt agus ní mór í a dhíbhe toisc í a bheith neamh-inghlactha. |
|
139 |
Mar sin féin, i gcás ina n‑iarrann páirtí, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, gníomh de chuid an Aontais a chur ar neamhní agus ina gcuireann sé in iúl ina iarratas, mar a cheanglaítear leis an gcéad mhír d’Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 120(c) de na Rialacha Nós Imeachta, na pléadálacha dlí agus na hargóintí a bhfuiltear ag brath orthu chun tacú lena chur i bhfeidhm agus achoimre ar na pléadálacha dlí sin, ní mór don Chúirt Bhreithiúnais a fhíorú, go riachtanach agus go neamhspleách ar aon iarraidh chuige sin ón iarratasóir, an bhfuil bunús maith leis an léiriú ar an ngníomh atá faoi chonspóid arb é bunchúis na bpléadálacha agus na n‑argóintí sin é. Má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais léiriú difriúil ar an mbeart sin, d’fhéadfadh an léiriú sin a bheith leordhóthanach chun údar a thabhairt le diúltú na ngníomhartha sin mar ghníomhartha gan bhunús. |
|
140 |
Sa chás seo, leagtar amach go soiléir beacht san iarratas a thaisc Poblacht na Bulgáire i gCás C‑543/20 na pléadálacha agus na hargóintí a bhfuil sí ag brath orthu mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean chun Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, agus an achoimre ar na pléadálacha sin. Dá bhrí sin, is léir ón iarratas sin gurb é cuspóir na caingne sa chás sin amhras a chaitheamh ar dhlíthiúlacht na forála sin faoi Airteagal 263 CFAE i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa chéad mhír d’Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 120(c) de na Rialacha Nós Imeachta. |
|
141 |
Ina theannta sin, is léir ón gcur i bhfeidhm sin go dtosaíonn na pléadálacha dlí agus na hargóintí ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire ag brath ón mbuntuiscint nach mór Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a léiriú sa chaoi go gceanglaítear leis an bhforáil sin ar thiománaithe, d’fhonn a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh, filleadh, de réir mar a bheidh, gach trí nó ceithre seachtaine, ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe, gan foráil a dhéanamh don fhéidearthacht do thiománaithe an áit ar mian leo an tréimhse scíthe sin a chaitheamh iad féin a roghnú. |
|
142 |
Dá bhrí sin, éilíonn scrúdú na bpléadálacha agus na n‑argóintí sin ar an gCúirt Bhreithiúnais a fhíorú an bhfuil an léiriú ar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, arb é bunús na bpléadálacha agus na n‑argóintí sin é, ceart. |
|
143 |
Is fíor go n‑aithníonn Poblacht na Bulgáire féin, i réamhchuid dá cur i bhfeidhm, ar an gcéad dul síos, gur féidir an fhoráil sin a léiriú sa chaoi nach bhforchuireann sí oibleagáid den sórt sin ar thiománaithe filleadh ar cheann den dá áit a shonraítear inti, ós rud é go bhfuil sé de shaoirse ag na tiománaithe sin i gcónaí a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a roghnú nuair is mian leo déanamh amhlaidh, agus, ar an dara dul síos, dá nglacfadh an Chúirt Bhreithiúnais léiriú den sórt sin, nach mbeadh aon ghá scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha agus na hargóintí a bhfuiltear ag brath orthu chun tacú lena gníomhaíocht, lena líomhnaítear sárú ar shaoirsí bunúsacha gluaiseachta d’oibrithe agus do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, chomh maith le prionsabail na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. Mar sin féin, ní thugann imthosca den sórt sin údar leis an gcaingean sin a dhíbhe toisc í a bheith neamh-inghlactha. Ní mór don Chúirt Bhreithiúnais, cibé an cás, bunús maith an léirithe ar an bhforáil sin a dheimhniú atá ina bhonn pléadálacha agus argóintí. |
|
144 |
Ní mór, ar an gcaoi sin, an eisceacht neamh-inghlacthacht a d’ardaigh an Chomhairle a dhiúltú i gcoinne na n‑orduithe caingne a chuir Poblacht na Bulgáire chun cinn lena n‑iarrtar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní. |
(b) Maidir le hábhar na caingne
|
145 |
Is léir ó na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne chun cinn mar thaca lena gcaingne faoi seach lena n‑iarrtar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, go bhfuil na pléadálacha ar a bhfuil na Ballstáit sin ag brath, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, ar na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le CFAE agus ar fhorálacha CFAE a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, bunaithe ar an mbonn nach mór an fhoráil sin a léiriú sa chiall a luaitear i mír 141 den bhreithiúnas seo, eadhon go gceanglaítear ar thiománaithe filleadh, de réir mar a bheidh, gach trí nó ceithre seachtaine, ar lárionad oibríochtúil a bhfostóra nó ar a n‑áit chónaithe, rud a fhágann nach féidir leo féin an áit a roghnú inar mian leo a dtréimhse scíthe rialta nó sheachtainiúil chúiteach a chaitheamh. |
|
146 |
Mar sin féin, cuireann Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Polainne, i ndáil leis sin, i gcoinne reachtóir an Aontais as neamhaird a dhéanamh ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúil, ós rud é go mbainfí soiléireacht shuntasacht d’Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, agus ar an gcaoi sin ba cheart go ndéanfaí scrúdú i dtosach báire ar na pléadálacha agus argóintí lena líomhnaítear sárú ar an bprionsabal sin. |
(1) Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla
(i) Argóint na bpáirtithe
|
147 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, ina ceathrú saincheist, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta ina ceathrú cuid di, Poblacht na Bulgáire, lena tríú saincheist, agus Poblacht na Polainne, lena dara saincheist, nach gcomhlíonann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na deimhneachta dlíthiúla mar gheall ar an easpa soiléireachta maidir lena raon feidhme beacht. |
|
148 |
Ceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go mbeidh rialacha dlí soiléir, beacht agus intuartha maidir lena n‑éifeachtaí, ionas gur féidir le páirtithe leasmhara a seasamh a fhionnadh i gcásanna agus i gcaidrimh dhlíthiúla a thagann faoi dhlíchóras an Aontais Eorpaigh. Cé gur féidir glacadh leis go bhfuil riail doiléir, go bhfuil téarmaí teibí inti nó go dtugtar corrlach lánroghnach léi, bheadh an méid sin faoi choinníoll nach mbeadh treallachas mar thoradh uirthi agus gur féidir í a shoiléiriú le cásdlí, rud nach amhlaidh anseo. |
|
149 |
Ar an gcéad dul síos, is é tuairim Phoblacht na Bulgáire agus Phoblacht na Polainne nach sainíodh fiú nádúr na gceanglas atá ar na tiománaithe nó na gnóthais iompair go soiléir. Tá amhras tábhachtach ann maidir le foclaíocht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a bhaineann leis an gceist an bhfuil sé de rogha ag na tiománaithe áit eile seachas an dá áit arna lua san fhoráil sin a roghnú chun a dtréimhsí scíthe seachtainiúla a ghlacadh, más rud é go bhforchuirtear ar na tiománaithe nó na gnóthais iompair oibleagáid na forála sin a chomhlíonadh, agus sa chás ina bhforchuirtear ar na gnóthais iompair í a chomhlíonadh, an bhforchuirtear ar na gnóthais sin an t‑am saor agus an modh iompair amháin a thabhairt do na tiománaithe amhail is gur féidir leis an tiománaí a am saor a ghlacadh i gceann amháin den dá áit arna lua nó an bhforchuirtear ar na gnóthais freisin a áirithiú go sroicheann an tiománaí ceann amháin den dá áit sin go hiarbhír, rud a thabharfadh aithris 14 den rialachán sin le fios dá ndéantar tagairt leis do chomhlíonadh oibleagáid an oibreora iompair ‘maidir le bainistiú an gnáth-thuras fillte’. |
|
150 |
Measann Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Bulgáire gurb é an t‑aon léiriú amháin ar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 atá comhsheasmhach le saoirsí bunúsacha tiománaithe agus leis an gcuspóir dálaí oibre a fheabhsú ná a bheith den tuairim nach gceanglaítear leis an bhforáil sin ar an tiománaí filleadh ar a áit chónaithe ná ar an mBallstát ina bhfuil a fhostóir bunaithe, ach nach mór don oibreoir iompair obair an tiománaí a eagrú ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar shaoirse an tiománaí rogha a dhéanamh a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh san áit inar mian leis a dhéanamh amhlaidh. De réir Phoblacht na Bulgáire, áfach, fiú má tá raon feidhme den sórt sin ag an bhforáil sin, níor cheart go mbeadh an fostóir faoi cheangal ag oibleagáid den sórt sin ach amháin má chuireann an tiománaí in iúl gur mian leis filleadh ar cheann den dá áit sin. |
|
151 |
Ar an dara dul síos, measann Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne go bhfuil sé thar a bheith deacair a shocrú an bealach inar chóir don ghnóthas iompair an oibleagáid arna leagan síos in Airteagal 1(6)(d) a urscaoileadh go hiarbhír. Áitíonn Poblacht na Liotuáine, i ndáil leis sin, nár shonraigh reachtóir an Aontais an bealach inar chóir an oibleagáid sin a chomhlíonadh go réalaíoch. Dá bhrí sin, ní shonraítear na socruithe maidir le filleadh an tiománaí, amhail na costais agus an cruthúnas ar fhilleadh, ná na socruithe maidir le diúltú filleadh agus na hiarmhairtí a bhaineann leis i dtéarmaí pionós don fhostóir agus, i gcás inarb iomchuí, don oibrí. Ar an gcaoi chéanna, níl sainmhíniú soiléir ar an nath ‘áit chónaithe’ atá ag an tiománaí. Go háirithe, níl sé soiléir an gcaithfidh tiománaí ó thríú tír filleadh ar an tríú tír nó ar áit chónaithe shealadach an Bhallstáit lena mbaineann agus, ar bhonn níos ginearálta, an dtagraíonn an abairt sin don Bhallstát lena mbaineann nó do sheoladh sonrach na háite cónaithe. Fágann na héiginnteachtaí sin go léir nach féidir Rialachán 2020/1054 a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Maidir le Poblacht na Polainne, áitíonn sí nach féidir a shainaithint leis an Rialachán sin an chaoi nach mór don ghnóthas iompair oibleagáid a chur ar an tiománaí leas a bhaint as an bhféidearthacht a thairgeann sé dó maidir le filleadh. Ar an gcaoi chéanna, níl sé soiléir an fheithicil a chaithfear a úsáid chun na críche sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin oibleagáidí a fhorchur ar oibreoirí iompair nach féidir leo a urscaoileadh go hiomlán gan sárú a dhéanamh ar cheart bunúsach oibrithe chun saoirse aonair. |
|
152 |
Ar an tríú dul síos, áitíonn Poblacht na Polainne nach bhfuil sé soiléir ar cheart filleadh ar an ionad oibríochtúil sula bhfillfear ar an áit chónaithe. Níl sé soiléir ó fhoclaíocht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 an gcomhlíonfadh an gnóthas iompair an oibleagáid chun tréimhse scíthe a ráthú do thiománaithe trí chead a thabhairt dóibh filleadh go díreach ar a n‑áit chónaithe, ós rud é go ‘dtosaíonn tréimhse scíthe seachtainiúla an tiománaí’ ag an ionad oibríochtúil. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an éagmais soiléireachta sin go gcuirfí brú ar na gnóthais iompair modh iompair a thabhairt do na tiománaithe chuig ionad oibríochtúil an fhostóra, agus chuig a n‑áit chónaithe amháin ansin, rud a chiallódh sos de cháilíocht níos lú do na tiománaithe a bhfuil cónaí orthu fada ón ionad oibríochtúil. |
|
153 |
Ar an gceathrú dul síos, measann Poblacht na Polainne nach bhfuil sé soiléir an é an tacagraf, arb ionann a thaifid agus an fhianaise a cheanglaítear leis an tríú fomhír d’Airteagal 8(8)(a) de Rialachán Uimh. 561/2006, mar a chuirtear isteach sa Rialachán sin le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, an tacagraf lena bhfilleann an tiománaí ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a áit chónaithe nó ar an bhfeithicil a úsáideann an tiománaí de ghnáth. Ba cheart go gcoimeádfaí taifead ar na sonraí arna mbailiú trí bhíthin an tacagraif ar feadh bliain amháin ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán Uimh. 165/2014. Mar sin féin, de réir aithris 14 de Rialachán 2020/1054, d’fhéadfadh an gnóthas iompair doiciméid eile a úsáid freisin chun a léiriú go gcomhlíontar an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, gan an tréimhse a bhfuil na doiciméid sin le coinneáil lena linn a shonrú in Airteagal 8(8)(a) de Rialachán Uimh. 561/2006 mar sin féin. |
|
154 |
Cé gur fíor go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, bearta a ghlacadh lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, ba cheart, mar sin féin, ábhar na mbeart náisiúnta sin a chinneadh le beachtas leordhóthanach le rialacháin. Níorbh ionann é sin agus forálacha Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, lena dtabharfaí corrlach lánrogha rófhairsing do na húdaráis náisiúnta inniúla nó lena gcuirfí raon réiteach náisiúnta ilchineálach as cuimse ar fáil. Mar sin féin, féachann an Rialachán sin go beacht le deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú maidir leis na hoibleagáidí atá ar ghnóthais iompair. Ba cheart go sonrófaí na hoibleagáidí sin ar bhealach uileghabhálach agus doshéanta in acht de chuid an Aontais a bhfuil feidhm dhíreach aige d’fhonn a áirithiú go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh sé go méadófaí an éiginnteacht dhlíthiúil, áfach, leis an soiléiriú a dhéanann na Ballstáit éagsúla ar fhorálacha an Rialacháin sin ach cur i bhfeidhm éagsúil na bhforálacha a bheith ann mar thoradh. |
|
155 |
Ar an gcúigiú dul síos, measann Poblacht na Bulgáire go gcuirtear an éiginnteacht dhlíthiúil atá ina bhonn Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 in iúl leis an malairt léirithe a thagann chun cinn sna forais cinnidh a chuir an Chomhairle in iúl sa chéad léamh le linn an nós imeachta reachtach agus sna mínithe a chuir an Pharlaimint in iúl lena linn maidir le leasú nár glacadh leis sa deireadh. Dheimhneofaí é sin freisin le ráitis a rinne an Coimisiún mar fhreagairt ar iarraidh ar shoiléiriú ó ionadaithe na hearnála iompair, chomh maith le doiciméid ‘Ceisteanna agus Freagraí’ a bhaineann, go háirithe, le Rialachán 2020/1054 [‘Mobility Package I – Social Rules, Driving and rest times, Questions and Answers, Parts 1 and 2’ (‘Pacáiste Soghluaisteachta I – Rialacha Sóisialta – Amanna tiomána agus scíthe – Ceisteanna agus Freagraí, Cuid 1 agus 2’), 25 Samhain 2020 agus 21 Aibreán 2021], ina bhfuil treoirlínte ann nach bhfuil ceangailteach ar aon nós. |
|
156 |
Ar an séú dul síos, tugann Poblacht na Bulgáire faoi deara, in éagmais deimhneacht dhlíthiúil, nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfaidh údaráis áitiúla nó saoránaigh an Aontais Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a léiriú mar airteagal lena gceanglaítear ar thiománaithe filleadh gach trí nó ceithre seachtaine ar a n‑áit chónaithe nó ar an mBallstát ina bhfuil a bhfostóir bunaithe. Dá bhrí sin, is léir ó thuarascáil ó phóilíní na Beilge gur gearradh fíneáil ar ghnóthas iompair ar an bhforas amháin nár fhill an tiománaí a seiceáladh tar éis 13 seachtaine, gan aon mheasúnú a bheith déanta maidir leis an áit inar roghnaigh an tiománaí sin a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh, cé go raibh an deis ag an tiománaí filleadh ar a áit chónaithe nó ar an mBallstát ina bhfuil a fhostóir bunaithe. |
|
157 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
158 |
Is cásdlí socair de chuid na Cúirte é go gceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar an gcéad dul síos, go mbeidh rialacha dlí soiléir agus beacht agus, ar an dara dul síos, go mbeidh a gcur i bhfeidhm intuartha ag na daoine atá faoina réir, go háirithe i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith acu. Ceanglaítear leis an bprionsabal sin, go háirithe, go gcuirtear ar chumas na ndaoine lena mbaineann leis na rialacha sin eolas beacht a bheith acu ar fhairsingeacht na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear orthu, agus nach mór do na daoine sin a bheith in ann a fháil amach go soiléir na cearta agus na hoibleagáidí atá acu agus bearta a dhéanamh dá réir sin (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 223 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
159 |
Ina theannta sin, ní féidir a thuiscint leis na ceanglais sin go gcuirtear bac ar reachtóir an Aontais, i gcomhthéacs rialach a ghlacann sé, ó choincheap teibí dlí a úsáid, nó go gceanglaítear leo riail theibí den sórt sin tagairt a dhéanamh do na cásanna sonracha éagsúla ina bhféadfadh feidhm a bheith aici, ós rud é nach féidir leis an reachtóir na cásanna sin go léir a chinneadh roimh ré (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 224 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
160 |
Mar sin, ní gá do ghníomh reachtach féin soiléirithe de chineál teicniúil a sholáthar, ionas go mbeidh reachtóir an Aontais in ann leas a bhaint as creat ginearálta dlí atá, más gá, le sonrú níos déanaí (breithiúnas an 30 Eanáir 2019, Planta Tabak, C‑220/17, EU:C:2019:76, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
161 |
Dá bhrí sin, ní gá go bhfuil sé contrártha leis an gceanglas maidir le hintuarthacht má thugtar, i ngníomh dlí, discréid do na húdaráis atá freagrach as an ngníomh sin a chur chun feidhme, ar choinníoll go sainítear go sách soiléir an raon feidhme agus na rialacha mionsonraithe maidir leis an discréid sin a fheidhmiú, agus aird ar an aidhm dhlisteanach faoi cheist, amhail cosaint leordhóthanach a thabhairt ar threallachas (breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, mír225 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
162 |
Ar an gcaoi chéanna, ní fhorchuirtear an oibleagáid le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go gcaomhnaítear an dlíchóras gan athrú thar am, ach saoirse a bheith ag reachtóir an Aontais, agus é ag feidhmiú a chorrlach lánrogha, chun an staid reachtach mar atá sé a leasú (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Meitheamh 2021, Jumbocarry Trading, C‑39/20, EU:C:2021:435, mír 50). |
|
163 |
Is i bhfianaise na mbreithnithe sin nach mór measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. |
|
164 |
Ar an gcaoi sin, ba cheart a chuimhniú go gcuirtear isteach in Airteagal 8 de Rialachán 561/2006 leis an bhforáil sin mír 8a, lena n‑áirítear trí fhomhír. |
|
165 |
De réir na chéad fomhíre, eagraíonn na gnóthais iompair obair na dtiománaithe ar bhealach is gur féidir leis na tiománaithe, le linn gach tréimhse ceithre seachtaine as a chéile, filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe, faoi seach, chun dul isteach ann nó chun a tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ann. |
|
166 |
Foráiltear leis an dara fomhír, i gcás inar ghlac tiománaí dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile, i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Rialachán Uimh. 561/2006, mar a leasaíodh le hAirteagal 1(6)(a) de Rialachán 2020/1054, go n‑eagróidh an gnóthas iompair obair an tiománaí amhail is gur féidir leis an tiománaí filleadh le haghaidh an tríú seachtaine d’fhonn a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh. |
|
167 |
Ar deireadh, faoin tríú fomhír, ní mór don ghnóthas iompair an chaoi a gcomhlíonann sé an oibleagáid sin a dhoiciméadú agus an doiciméadacht sin a choimeád ar a áitreabh chun í a thíolacadh arna iarraidh sin do na húdaráis mhaoirseachta. |
|
168 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le hargóint Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire agus Phoblacht na Polainne, ar dá réir nach féidir Airteagal 8(8a) sin de Rialachán Uimh. 561/2006, mar a cuireadh isteach le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, a thuiscint, ar thaobh amháin cibé acu a bhfuil an oibleagáid dá bhforáiltear san fhoráil sin ar na tiománaithe nó ar na gnóthais iompair agus, ar an taobh eile, a bhfuil sé de rogha ag na tiománaithe áit éagsúil ó ionad oibríochtúil an fhostóra nó a n‑áit chónaithe, chun dul isteach ann nó chun a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ann, ba cheart a dhearbhú, mar a thagann sé chun solais fhollasaigh ó fhoclaíocht Airteagal 8(8a), ach go háirithe ó na téarmaí ‘eagróidh na gnóthais iompair’, sna chéad dhá fhomhír, agus ‘déanfaidh an gnóthas an chaoi a gcomhlíonann sé an oibleagáid sin a dhoiciméadú’, sa tríú fomhír, nach mbaineann na forálacha in Airteagal 8(8a) leis na tiománaithe ach leis na gnóthais iompair, agus an oibleagáid á forchur ar na gnóthais sin obair na dtiománaithe a eagrú, mar is léir ó na téarmaí ‘amhail is gur féidir leo’ a úsáidtear sna chéad dhá fhomhír, amhail is go mbeidh an deis ag na tiománaithe, ag brath ar an gcás, gach trí nó ceithre seachtaine, filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra, nó filleadh ar a n‑áit chónaithe, faoi seach, chun dul isteach ann nó chun a dtréimhse scíthe sheachtainiúla rialta nó chúiteach a ghlacadh ann. |
|
169 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 126 dá Thuairim, forchuirtear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 oibleagáid ar ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú, sa mhéid is nach mór do na gnóthais sin, ina gcáil mar fhostóir, a chur ar a gcumas, trí dhul ar iontaoibh na modhanna uile atá ar fáil dóibh i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta arna bhunú lena dtiománaithe, filleadh na dtiománaithe sin le linn a n‑ama oibre ar cheann den dá áit a shonraítear san fhoráil sin, eadhon ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí, agus an oibleagáid sin teoranta, thairis sin, do cheann amháin den dá áit sin agus dá bhrí sin ní shíneann sí go háiteanna eile. |
|
170 |
Tá an oibleagáid dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, áfach, gan dochar do shaoirse an tiománaí a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh san áit inar mian leis a dhéanamh amhlaidh. |
|
171 |
Ní fhorchuirtear aon oibleagáid le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar thiománaithe a mhéid a bhaineann leis an áit ina nglacann siad a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach. Go háirithe, cé go ndeimhnítear le haithris 8 de Rialachán 2020/1055 go ráthaítear leis an bhforáil sin go spreagfar an ‘ceart’ chun filleadh ar cheann den dá áit shonracha dá dtagraítear san fhoráil sin chun an tréimhse scíthe sin a thosú nó a chaitheamh, ní fhorchuirtear aon oibleagáid orthu ina leith sin. Ní fhoráiltear leis, dá bhrí sin, go gceanglaítear ar thiománaithe, i ngach imthoisc, filleadh ar ionad oibríochtúil a bhfostóra nó ar a n‑áit chónaithe, rud a fhágann go bhfuil sé de shaoirse acu a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh i gcás inar mian leo a dhéanamh amhlaidh. |
|
172 |
Thairis sin, daingnítear raon feidhme na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 le haithris 14 den Rialachán sin, ina luaitear, chun cosc a chur ar thiománaithe fanacht as a mbaile ar feadh tréimhse rófhada, nach mór do ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas ionad oibríochtúil an fhostóra nó a n‑áit chónaithe a bhaint amach, de réir mar a bheidh, gach trí nó ceithre seachtaine, agus a lua go sainráite ag an am céanna go bhfuil tiománaithe ‘saor chun an áit ina gcaithfidh siad a gcuid tréimhsí scíthe a roghnú’. |
|
173 |
Ciallaíonn sé sin freisin, más rud é go gcaomhnaítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 saoirse na dtiománaithe maidir leis an áit inar mian leo dul isteach ann nó inar mian leo a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ann, thar aon ní eile agus níos bunúsaí ná sin, gur chinntigh reachtóir an Aontais nach gcuirtear aon bhrú ar thiománaí chun roghnú, más amhlaidh an cás, gan filleadh ar ais ar ionad oibríochtúil a bhfostóra ná ar a n‑áit chónaithe. Ar an gcaoi sin, cuireadh in iúl leis an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 49) an deacracht atá ag na tiománaithe saoirse a gcinnidh a chruthú nuair a roghnaíonn siad a dtréimhsí scíthe a ghlacadh san fheithicil. |
|
174 |
Ba cheart a thabhairt i gcuimhne ós rud é go meastar an t‑oibreoir a bheith ina pháirtí níos laige sa chaidreamh fostaíochta, is gá bac a chur ar an bhfostóir as a bheith ar a chumas chun srian a chur ar chearta an oibreora, nó a bheith ar a chumas chun a chur ina luí ar an oibreoir gan a chearta a dheimhniú i gcoinne a fhostóra (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, CCOO, C‑55/18, EU:C:2019:402, míreanna 44 agus 45 chomh maith leis an cásdlí dá dtagraítear). |
|
175 |
Dá bhrí sin, ní féidir Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a léiriú, contrártha leis an méid a mholann Poblacht na Bulgáire, mar fhoráil lena gceadaítear d’fhostóir an oibleagáid maidir le heagrú obair a thiománaithe a sheachaint chun na tiománaithe a chur ar a gcumas filleadh ar an bhforas gur tharscaoil siad, roimh ré agus go ginearálta, an ceart a dheonaítear dóibh leis an bhforáil sin chun a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh san áit inar mian leo. |
|
176 |
Mar a thug an Chomhairle faoi deara i gceart déantar forlíonadh le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán 561/2006, nár athraíodh a ábhar i ndáiríre le hAirteagal 1(8)(b) de Rialachán 2020/1054, agus as a eascraíonn sé, i gcás ina bhfágann an tiománaí feithicil ag áit seachas a áit chónaithe nó ionad oibríochtúil an fhostóra, ní chuirtear an t‑am a chaitear go dtí agus ón bhfeithicil san áireamh, i bprionsabal, mar chuid den tréimhse scíthe. Sa chomhthéacs sin, cinntítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 anois an ceart do thiománaithe, atá mar bhonn Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán 561/2006, dul go dtí ceann amháin den dá áit sin chun a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh. Ós rud é nach ionann an t‑am a éilítear san fhilleadh sin agus am sosa, ach am oibre, is faoin bhfostóir atá sé aon chostais a bhaineann leis an bhfilleadh sin a íoc. |
|
177 |
Dá bhrí sin, ceanglaítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar ghnóthais iompair obair a dtiománaithe a eagrú ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas dóibh, de réir mar a bheidh, filleadh gach trí nó ceithre seachtaine ar ionad oibríochtúil an ghnóthais nó ar a n‑áit chónaithe chun a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh ann. |
|
178 |
Chun an bonn a bhaint d’éifeachtacht cheart an tiománaí filleadh ar cheann de na háiteanna dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, forchuirtear leis an bhforáil sin freisin, i bprionsabal, oibleagáid ar an ngnóthas iompair filleadh an tiománaí a eagrú ar a chostas féin, ach amháin má roghnaíonn an tiománaí gan filleadh ar an áit sin chun a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh ann. Dá bhrí sin, ní cheanglaítear ar ghnóthas iompair na bearta is gá a dhéanamh chun filleadh tiománaí ar leith a eagrú má chuireann sé a rogha in iúl dó gan filleadh ar cheann de na háiteanna sin. |
|
179 |
Ní cheanglaítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ach oiread ar ghnóthais iompair, contrártha leis an méid a mholann Poblacht na Polainne, oibleagáid a chur ar thiománaithe a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ina n‑áit chónaithe féin, ós rud é nach bhféadfaidh fostóir an áit ina bhfuil sé beartaithe ag a oibrí an tréimhse scíthe sin a ghlacadh a fhorchur, ná, a fortiori, na gníomhaíochtaí a dhéanann tiománaí a rialú nuair nach n‑oibríonn sé. |
|
180 |
Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid atá beartaithe ag Poblacht na Liotuáine, ní féidir aon phionós a chur ar an tiománaí, i gcás ina ndiúltaíonn an tiománaí a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ag a áit chónaithe, nó ar thaobh an ghnóthais iompair, mura bhfilleann an tiománaí ar cheann de na háiteanna a shonraítear san fhoráil sin, ar choinníoll go bhfuil an gnóthas sin in ann a shuí gur roghnaigh an tiománaí faoi shaoirse gan úsáid a bhaint as an bhféidearthacht fillte a bhí beartaithe aige a eagrú. |
|
181 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an argóint a chuir Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne chun cinn, lena líomhnaítear easpa sonraí, i Rialachán 2020/1054, maidir le cur chun feidhme praiticiúil na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, d’fhonn a chur ar chumas tiománaithe filleadh, go háirithe eagrú an fhillte fhéideartha sin ag gnóthais iompair, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 159 den bhreithiúnas seo, nach gcuireann prionsabal na deimhneachta dlíthiúla bac ar reachtóir an Aontais, i gcomhthéacs forála a ghlacann sé, coincheap teibí dlí a úsáid agus nach gceanglaítear leis riail theibí den sórt sin chun tagairt a dhéanamh do na cásanna sonracha éagsúla ina bhféadfadh feidhm a bheith aige, ós rud é nach féidir leis an reachtóir sin na cásanna sin go léir a chinneadh roimh ré. |
|
182 |
Dá bhrí sin, ní cheanglaítear le comhlíonadh phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ar reachtóir an Aontais na socruithe sonracha uile chun forálacha gnímh reachtaigh a chur chun feidhme a shainiú ná na cásanna sonracha uile a bhféadfadh feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir leo a mheas, ós rud é go bhfuil an reachtóir sin i dteideal, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 160 den bhreithiúnas seo, dul ar iontaoibh creata dhlíthiúil ghinearálta, ar mhaithe le solúbthacht agus chun gníomhú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a d’fhéadfadh a bheith riachtanach a shonrú níos déanaí. |
|
183 |
Dá bhrí sin, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh toisc nár shonraigh sé, i bhforáil a bhfuil feidhm ghinearálta aici amhail Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, na socruithe praiticiúla go léir a bhaineann le heagrú na hoibre maidir le filleadh féideartha tiománaithe, go háirithe na socruithe sin a bhaineann leis na modhanna iompair a fhéadfaidh siad a úsáid chun an filleadh sin a dhéanamh. Bhainfeadh soiléirithe den sórt sin an bonn den tsolúbthacht a bhí beartaithe ag reachtóir an Aontais a thabhairt do ghnóthais iompair, ina gcáil mar fhostóir, chun cinneadh a dhéanamh iad féin, i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta lena dtiománaithe, maidir leis na socruithe sonracha chun na cearta comhfhreagracha a thugtar dóibh a fheidhmiú, i bhfianaise gach cáis ar leith. Mura ndéanfar neamhaird ar an gceanglas sin maidir le solúbthacht, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh as gan míniú a thabhairt, i bhforáil den sórt sin maidir le cur i bhfeidhm ginearálta, ar na rialacha mionsonraithe faoina gcaithfidh gnóthais iompair réiteach a dhéanamh idir an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 maidir le saoirse na dtiománaithe rogha a dhéanamh i gcás inar mian leo a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh, ós rud é go bhfuil na socruithe sin ag brath i ndáiríre ar gach cás ar leith. |
|
184 |
Ní mór, ar an gcaoi sin, argóint na Liotuáine nach sonraítear go soiléir an nath ‘áit chónaithe’ a dhiúltú. Ag féachaint ar ghnáthbhrí na dtéarmaí sin agus ar chásdlí socair na Cúirte, ar dá réir a bhaineann an áit chónaithe leis an áit ina bhfuil gnáthshuimeanna an duine lena mbaineann le fáil (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Samhain 2004, Adanez-Vega, C‑372/02, EU:C:2004:705, mír 37, agus an 11 Meán Fómhair 2014, B., C‑394/13, EU:C:2014:2199, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear), ní mór a mheas go dtagraíonn an coincheap sin, go soiléir agus go beacht, d’áit shonrach agus ní do chríoch Bhallstáit ina iomláine, mar a bhí beartaithe ag Poblacht na Liotuáine. |
|
185 |
Maidir le cás ar leith na dtiománaithe tríú tír, ní féidir a áitiú go bhfuil sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla i gceist leis an bhfíoras nach rialaítear an cás sin go sainráite le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ós rud é, de réir na forála sin, nach mór do ghnóthais iompair a chur ar chumas na dtiománaithe sin filleadh le linn a n‑ama oibre ar a n‑áit chónaithe, i gcás inarb iomchuí, atá suite i dtríú tír nó ar ionad oibríochtúil an fhostóra, atá suite ar chríoch an Aontais Eorpaigh. |
|
186 |
Sa tríú háit, maidir leis an argóint níos sonraí a chuir Poblacht na Polainne chun cinn sa chomhthéacs sin, ar dá réir is cosúil go bhforchuirtear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 oibleagáid ar ghnóthais iompair a áirithiú go mbeidh tiománaithe in ann filleadh ar dtús ar ionad oibríochtúil an fhostóra sular féidir leo filleadh ar a n‑áit chónaithe féin ansin, rud a fhágann nach féidir leo filleadh go díreach ar an áit sin, ní féidir glacadh leis an argóint sin. Is léir ó fhoclaíocht na forála sin, arna léamh i bhfianaise aithris 14 den Rialachán sin, nach mór do thiománaithe a bheith in ann filleadh ar an gcéad ‘nó’ go dtí an dara ceann den dá áit shonracha sin chun a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh ann. Dá bhrí sin, is mar thoradh ar mhíléamh na forála sin ag an mBallstát sin na castachtaí praiticiúla líomhnaithe a bhaineann leis an oibleagáid atá ar thiománaí filleadh ar dtús ar ionad oibríochtúil an fhostóra sula mbeidh sé in ann filleadh ar a áit chónaithe. |
|
187 |
Thairis sin, cé gur fíor nach gceanglaítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar thiománaithe filleadh ar dtús ar ionad oibríochtúil an fhostóra, sula bhfilleann siad, i gcomhréir lena mianta, ar a n‑áit chónaithe, ní chuireann sé toirmeasc ar ghnóthas iompair, ina cháil mar fhostóir, oibleagáid a chur ar na tiománaithe atá fostaithe aige, ar choinníoll go bhforchuirtear an oibleagáid sin le linn na tréimhse ama oibre, filleadh ar dtús ar an ionad oibríochtúil sin, oibleagáid den sórt sin a bhaineann le ham oibre a thagann faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta idir an gnóthas sin agus a thiománaithe. |
|
188 |
Thairis sin, le haon oibleagáid den sórt sin filleadh ar dtús ar ionad oibríochtúil an fhostóra, ní bhaintear de na tiománaithe lena mbaineann ar bhealach ar bith an ceart an áit a roghnú inar mian leo a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh, tar éis dóibh, i gcás inarb iomchuí, treoir a bhfostóra filleadh ar an ionad oibríochtúil sin a chomhlíonadh agus ar an gcaoi sin oibleagáid atá orthu a chomhlíonadh i ndáil leis an gcaidreamh fostaíochta leis an ionad sin. |
|
189 |
Sa cheathrú háit, maidir le hargóint Phoblacht na Polainne ar dá réir a bhfuil éagmais soiléireachta ag an tríú fomhír d’Airteagal 8(8a) de Rialachán Uimh. 561/2006 a cuireadh isteach le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, i ndáil leis an chaoi ina gcaithfidh na gnóthais iompair comhlíonadh na hoibleagáide dá bhforáiltear a dhoiciméadú, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir bhrí aithris 14 den rialachán deiridh sin, d’fhéadfaí an oibleagáid sin maidir le fianaise a chomhlíonadh trí bhíthin na sonraí tacagraif nó le taifead seirbhísí na dtiománaithe nó le haon doiciméad eile. |
|
190 |
Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 140 dá Thuairim, bhí sé beartaithe ag reachtóir an Aontais méid áirithe solúbthachta a thairiscint do ghnóthais iompair trí dheis a thabhairt dóibh a chruthú, trí bhíthin aon doiciméadacht ábhartha chun na críche sin, go gcomhlíontar an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 agus an chaoi ar réitíodh an oibleagáid sin, i gcás inarb iomchuí, leis an rogha a chuir an tiománaí in iúl a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh in áit eile seachas ina áit chónaithe. Ina theannta sin, tá solúbthacht amhail sin i gcomhréir le chéile leis an tsolúbthacht a chuireann reachtóir an Aontais ar fáil do ghnóthais iompair maidir le filleadh an tiománaí a eagrú. |
|
191 |
I ndáil leis sin, cé nach sainaithnítear ar bhealach níos beaichte leis an tríú fomhír d’Airteagal 8(8a) de Rialachán Uimh. 561/2006, a chuirtear isteach sa Rialachán sin le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, an chaoi, go háirithe, inar féidir le gnóthais iompair a léiriú go gcomhlíonann siad an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil sin, ní chiallaíonn sé sin go sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis an bhforáil sin. |
|
192 |
Ar dtús, ní féidir na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a thuiscint, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 159 den bhreithiúnas seo, mar cheanglais lena gceanglaítear foráil chun tagairt a dhéanamh do na cásanna sonracha éagsúla ina bhféadfadh feidhm a bheith aici, ós rud é nach féidir le reachtóir an Aontais na cásanna sin go léir a chinneadh roimh ré. Dá réir sin, ní gá d’fhoráil amhail an fhoráil a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 8(8a) de Rialachán 561/2006, a mhéid a chuirtear isteach mír 1(d) in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 2020/1054 léi, a bhfuil feidhm aici maidir leis an iliomad cásanna éagsúla, na cásanna uile a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith aici maidir leo a shonrú go mion. |
|
193 |
Thairis sin, ba cheart a mheabhrú, maidir le clárúcháin tacagraif, go sonraítear in aithris 14 de Rialachán 2020/1054 go bhféadfaidh siad a bheith ina bhfianaise ábhartha, go bhfuil sraith forálacha sonracha i Rialachán Uimh. 165/2014, arna leasú le hAirteagal 2 de Rialachán 2020/1054, atá beartaithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Rialachán Uimh. 561/2006, agus an Coimisiún freagrach, faoi Airteagal 2(8)(a) de Rialachán 2020/1054, as forálacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide sonraí áirithe a bhaineann le ham oibre a thaifeadadh agus a choinneáil. |
|
194 |
Ina theannta sin, a mhéid is gá rialacha sonracha áirithe a shonrú tuilleadh maidir le cur chun feidhme a n‑oibleagáidí ag gnóthais iompair faoi Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, amhail na hoibleagáidí a bhaineann le cruthúnas ar chomhlíonadh na forála sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugtar le hAirteagal 18 de Rialachán Uimh. 561/2006, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1054, cumhacht shainráite do na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 291(1) CFAE, na bearta is gá a ghlacadh chun Rialachán Uimh. 561/2006 a chur i bhfeidhm. Is léir ó chásdlí socair go bhféadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun rialachán a chur chun feidhme mura gcuireann siad bac ar a infheidhmeacht dhíreach, mura gceileann siad a chineál mar ghníomh de dhlí an Aontais agus má shonraíonn siad feidhmiú na lánrogha a thugtar dóibh leis an Rialachán sin agus iad fós laistigh de theorainneacha a fhorálacha (breithiúnas an 12 Aibreán 2018, an Coimisiún v an Danmhairg, C‑541/16, EU:C:2018:251, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
195 |
Ar deireadh, in éagmais rialacha beachta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an gcaoi nach mór do ghnóthais iompair a léiriú go gcomhlíonann siad a n‑oibleagáid faoi Airteagal 1 (6) (d) de Rialachán 2020/1054, is faoi na gnóthais féin atá sé, ina gcáil mar fhostóir, modh iontaofa agus éifeachtach a roghnú, faoi chuimsiú na solúbthachta a chuireann reachtóir an Aontais ar fáil, agus úsáid á baint as na modhanna uile atá ar fáil dóibh i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta lena dtiománaithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas cruthúnais a bhaineann leis an oibleagáid sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 30 Eanáir 2019, Planta Tabak, C‑220/17, EU:C:2019:76, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
196 |
Sa chúigiú háit, maidir leis an argóint a chuir Poblacht na Bulgáire chun cinn, bunaithe ar thosca áirithe a eascraíonn as an nós imeachta reachtach, is leor a thabhairt faoi deara nach féidir leis na mínithe a thug an Pharlaimint maidir le leasuithe a diúltaíodh le linn an nós imeachta sin ná leo siúd a leag an Chomhairle amach ina meabhrán míniúcháin a bhaineann leis an togra le haghaidh rialachán maidir le ham oibre, arb ionann iad agus gníomhartha idirmheánacha arna nglacadh ag institiúidí an Aontais chun ullmhú do ghlacadh gnímh reachtaigh gan a seasamh a leagan síos go cinntitheach, difear a dhéanamh do léiriú Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, mar is léir ó fhoclaíocht an leagain deiridh den fhoráil sin a ghlac reachtóir an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir le doiciméid den sórt sin a bheith ina gcúis le héiginnteacht dhlíthiúil. |
|
197 |
Is amhlaidh atá maidir le ráitis a rinne an Coimisiún tar éis ghlacadh Rialachán 2020/1054, amhail iad siúd sna doiciméid ‘Ceisteanna agus Freagraí’ a bhaineann leis an rialachán sin, dá dtagraítear i mír 155 den bhreithiúnas seo, ós rud é nach bhfuil aon stádas dlíthiúil ceangailteach ag na doiciméid sin, nach bhfuil, thairis sin, neamhghnách (féach, de réir analaí breithiúnas an 12 Aibreán 2018, an Coimisiún v an Danmhairg, C‑541/16, EU:C:2018:251, mír 47). Dá bhrí sin, ní féidir leis na ráitis sin sárú a léiriú, le hAirteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. |
|
198 |
Ar deireadh, sa séú háit, maidir leis an bhfíoras a líomhain Poblacht na Bulgáire gur fhorchuir póilíní na Beilge fíneáil ar an bhforas amháin nár fhill an tiománaí a seiceáladh tar éis trí seachtaine déag, gan aon mheasúnú a bheith déanta ar an áit inar roghnaigh sé a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh, cé go raibh an deis ag an tiománaí sin filleadh ar a áit chónaithe nó ar an mBallstát ina bhfuil a fhostóir bunaithe, ní féidir leis a léiriú, fiú má tá sé bunaithe, go sáraíonn Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ní féidir teip den sórt sin a thuiscint go réasúnta ón mbealach inar chuir údaráis náisiúnta an fhoráil sin i bhfeidhm i gcás ar leith. |
|
199 |
Dá bhrí sin, ní mór an ceathrú cuid den cheathrú cuid den cheathrú saincheist a chuir Poblacht na Liotuáine ar aghaidh, an tríú saincheist a chuir Poblacht na Bulgáire ar aghaidh agus an dara saincheist a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús. |
|
200 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na pléadálacha agus na hargóintí eile a chuir Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne chun cinn mar thaca lena n‑éilimh go ndéanfaí Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, mar a d’aithin an chéad dá Bhallstát iad féin go sainráite ina gcaingean agus ag an éisteacht, a mhéid atá siad bunaithe ar an mbonn mícheart go gceanglaítear leis an bhforáil sin ar thiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil a bhfostóra nó ar a n‑áit chónaithe, de réir mar a bheidh, gach trí nó ceithre seachtaine, gan cead a thabhairt dóibh an áit a roghnú inar mian leo a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh. |
(2) Maidir le sárú ar phrionsabal na comhréireachta
(i) Argóint na bpáirtithe
|
201 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, lena ceathrú saincheist ina chéad chuid go tríú cuid, Poblacht na Bulgáire, lena dara saincheist, an Rómáin, lena céad saincheist ina dara cuid, agus Poblacht na Polainne, lena céad saincheist, nach gcomhlíonann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
202 |
Sa chéad áit, cuireann na ceithre Bhallstát sin in aghaidh chomhréireacht na hoibleagáide a leagtar síos san fhoráil sin. |
|
203 |
Sa chéad áit, de réir Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine agus Phoblacht na Polainne, ní chomhlíonann an oibleagáid sin prionsabal na comhréireachta mar gheall ar a iarmhairtí diúltacha ar ghnóthais iompair, go háirithe maidir leis na costais shuntasacha airgeadais a ghintear do na gnóthais sin. |
|
204 |
Ar thaobh amháin, eascraíonn costais oibriúcháin as an oibleagáid sin atá nasctha le heagrú an turas fillte sa Bhallstát bunaíochta, chomh maith le caillteanas ioncaim atá nasctha leis an am a chaitear ar an bhfilleadh sin, ar lena linn nach ndéanann na tiománaithe, agus iad ag taisteal i bhfeithiclí neamhualaithe, aon ghníomhaíocht shochrach, as a n‑eascraíonn teorannú ar ghníomhaíocht tráchtála agus laghdú ar ioncam. Ar an taobh eile, eascraíonn costais shuntasacha bhreise as an gceanglas a fhorchuirtear ar ghnóthais iompair leis an tríú fomhír d’Airteagal 8(8a) de Rialachán Uimh. 561/2006, arna chur isteach le mír 6(d) de Rialachán 2020/1054, chun an tslí ina maolaíonn siad ar an oibleagáid dá bhforáiltear san fhoráil sin. |
|
205 |
Is FBManna iad gnóthais iompair den chuid is mó, a bhfuil na hualaí sin go léir an‑trom ina leith. I dtaca leis sin, chuirfeadh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfios go láidir gur gá teorainn a chur leis na hualaí sin, agus, ar a thaobh, chuirfeadh Coiste Eorpach na Réigiún in iúl go mbeadh níos mó deacrachtaí ag na Ballstáit ar fhorimeall an Aontais croí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, Ina theannta sin, glacadh an fhoráil atá i gceist tráth géarchéime eacnamaíche a spreagadh de bharr phaindéim COVID-19, rud a mhéadaíonn a héifeachtaí diúltacha. |
|
206 |
Sa dara háit, ní chomhlíonann an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 prionsabal na comhréireachta mar gheall ar na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn aige ar thiománaithe. |
|
207 |
I dtosach báire, de réir Phoblacht na Liotuáine agus Phoblacht na Bulgáire, sáraíonn an oibleagáid sin an prionsabal sin, sa mhéid is, trí theorainn a chur le ceart na dtiománaithe a rogha féin a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu a dtréimhsí scíthe a chaitheamh agus, ar an gcaoi sin, difear a dhéanamh dá saoirse gluaiseachta, gur beart follasach míchuí é a théann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le dálaí scíthe na n‑oibrithe a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, áitíonn Poblacht na Polainne, óna taobh féin, go bhfuil an oibleagáid sin contrártha d’Airteagal 4(f) de Rialachán Uimh. 561/2006, ar dá réir a áirítear leis an gcoincheap ‘sos’ aon tréimhse gan bhriseadh ina bhféadfaidh tiománaí a chuid ama a dhiúscairt gan bhac. Áitíonn an Ballstát sin freisin gur chinn reachtóir an Aontais go treallach, in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, na háiteanna ina gceanglaítear ar thiománaithe a scíth a ligean. |
|
208 |
Ina dhiaidh sin, maíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, agus Poblacht na Polainne go mbeidh an líon is airde aistear a bhaineann leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ina chúis le tuirse bhreise do thiománaithe na mBallstát sin, go háirithe dóibh siúd ar gá dóibh filleadh ar na Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh. Bíonn tionchar ag an éagothroime do na tiománaithe sin, a chruthaítear leis an oibleagáid sin, ar a sláinte agus ar a gcumas obair a dhéanamh, i bhfianaise an ídithe atá orthu mar gheall ar dhianluas na dturas fillte. Bheadh iarmhairtí diúltacha aige sin ar shábháilteacht ar bhóithre freisin. Dá bhrí sin, níl an beart atá i gceist iomchuí chun an cuspóir a shaothraítear leis an Rialachán sin a bhaint amach, is é sin feabhas a chur ar dhálaí oibre na dtiománaithe san Aontas Eorpach agus ar shábháilteacht ar bhóithre. |
|
209 |
Ar deireadh, áitíonn an Rómáin, cé go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí Rialachán 2020/1054, mar is léir ó aithris 1 de, oibrithe cáilithe a mhealladh i réimse an iompair de bhóthar, go bhfágfaidh athlonnú éigeantach gnóthas iompair a eascraíonn as na costais a bhaineann leis an oibleagáid nua sin go mbeidh líon suntasach díobh neamhchosanta ar an mbaol go gcaillfidh siad a bpoist nó go rachaidh siad ar imirce chuig Ballstát eile chun go mbeidh siad in ann leanúint den ghníomhaíocht a bhfuil siad cáilithe lena dhéanamh. Dá bhrí sin, de réir na faisnéise atá ar fáil don Rómáin, measann níos mó ná 45 % de ghnóthais iompair atá bunaithe sa Bhallstát sin go mbunódh siad cuideachtaí agus fochuideachtaí nó go n‑athlódh siad a ngníomhaíochtaí chuig Ballstáit iarthar na hEorpa chun éifeachtaí diúltacha na mbeart atá sa ‘Phacáiste Soghluaisteachta’ a mhaolú. Thiocfadh na héifeachtaí diúltacha sin chun cinn in earnáil atá ríthábhachtach don gheilleagar náisiúnta, ós rud é go bhfuil seirbhísí iompair lasta de bhóthar i measc na n‑earnálacha a ghineann na honnmhairí is tábhachtaí don Rómáin agus a rannchuidíonn go mór leis an gcomhardú trádála náisiúnta a chothromú. |
|
210 |
Sa tríú háit, de réir Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine agus Phoblacht na Polainne, ní chomhlíonann an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 prionsabal na comhréireachta mar gheall ar a éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol. Chiallódh an oibleagáid sin turais bhreise a sceidealú le haghaidh imeacht agus filleadh na mílte tiománaí in aghaidh an lae. Bheadh sé de cheangal go hoibiachtúil ar thiománaithe a thagann ó Bhallstáit ar fhorimeall an Aontais go háirithe taisteal thar achair an‑fhada, i bhfad níos airde ná iad siúd a dhéanann a gcontrapháirtithe i Lár agus in Iarthar na hEorpa, áit a dtarlaíonn formhór an iompair san Aontas. Thairis sin, is dócha go dtarlódh tuairisceáin le hualach laghdaithe nó fiú gan aon ualach, ag cur iallach ar na mílte feithicil rith gan ualach. Chiallódh an méadú suntasach sin ar líon na dturas go dtiocfadh méadú ar astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin (CO2) agus go mbeadh tionchar suntasach aige ar an gcomhshaol. |
|
211 |
Sa cheathrú háit, maíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne go raibh réitigh eile nach raibh chomh trom céanna do thiománaithe agus do ghnóthais iompair ann. D’fhéadfaí saoirse na dtiománaithe a chaomhnú trí oibleagáid a chur ar ghnóthais iompair turas fillte a eagrú i gcásanna inar mian leo filleadh, agus sna cásanna sin amháin. Ar an gcaoi sin, ní thabhódh oibreoirí costais bhreise iomarcacha. D’áiritheofaí leis an réiteach malartach sin níos mó solúbthachta agus, ar an gcaoi sin, cosaint leordhóthanach do chearta tiománaithe. Thairis sin, cuireann Poblacht na Polainne in iúl gur mhol an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta sa Pharlaimint beart chuige sin le linn an nós imeachta reachtaigh. |
|
212 |
Sa dara háit, cuireann an Rómáin agus Poblacht na Polainne i gcoinne an scrúdaithe a rinne reachtóir an Aontais ar chomhréireacht an bhirt dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 agus, go háirithe, déanann siad gearán faoin easpa measúnaithe tionchair, de shárú ar an gComhaontú Idirinstitiúideach, go háirithe pointí 12 go 15 de, maidir leis an leagan críochnaitheach den fhoráil sin. Dá bhrí sin, theip ar reachtóir an Aontais anailís a dhéanamh ar roinnt imthosca atá ábhartha don staid a bhfuil sé beartaithe a rialú leis an bhforáil sin. |
|
213 |
Sa chéad áit, áitíonn Poblacht na Polainne nach ndearna reachtóir an Aontais anailís ar cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 le méadú ar an trácht. Mar sin féin, sa chleachtas, agus ós rud é go mbaintear an oibleagáid sin amach le hiompar de bhóthar, bheadh 8880000 turas fillte thar thréimhse bliana mar thoradh ar chomhlíonadh na hoibleagáide sin. Thairis sin, níor chuir an reachtóir san áireamh na hachair shuntasacha a bheidh ar thiománaithe ó Stáit fhorimeallacha an Aontais Eorpaigh taisteal chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh. |
|
214 |
Sa dara háit, áitíonn Poblacht na Polainne nach ndearna reachtóir an Aontais anailís chuí ar thionchar na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar shábháilteacht na dtiománaithe. Thug an reachtóir sin neamhaird ar an tuairim ó CESE maidir leis an togra le haghaidh rialachán maidir le ‘ham oibre’, inar oth leis an gcoiste sin nach raibh measúnú críochnúil ar shábháilteacht tiománaithe, paisinéirí ná na timpeallachta bóthair i ndáil le tuirse tiománaithe ag gabháil leis na leasuithe atá beartaithe. Áitíonn an Rómáin nár cuireadh san áireamh an tionchar ar na tiománaithe i dtaca leis na turais fhada, a athdhéantar thar thréimhsí gearra, nuair a glacadh an fhoráil sin. |
|
215 |
Sa tríú háit, maíonn Poblacht na Polainne, murab ionann agus a leagan tosaigh, go gceanglaítear le téacs críochnaitheach Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar ghnóthais iompair, gan measúnú tionchair a bheith déanta ina leith sin, an chaoi a gcomhlíonann siad an oibleagáid a leagtar síos ann a dhoiciméadú agus an doiciméadacht sin a choinneáil chun go mbeidh siad in ann í a thíolacadh i gcás cigireachta. De réir an Bhallstáit sin, ba cheart anailís uileghabhálach a bheith déanta ar éifeachtaí oibleagáide den sórt sin sula nglacfaí leis an oibleagáid, agus é á chur san áireamh gur FBManna iad formhór na ngnóthas iompair. |
|
216 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
217 |
Lena n‑argóintí, caitheann Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne amhras ar chomhoiriúnacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 le prionsabal na comhréireachta. Ós rud é go n‑easaontaíonn an Rómáin agus Poblacht na Polainne, thairis sin, go ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht na forála sin, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar an dara hargóint ar dtús. |
– An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054
|
218 |
Is cásdlí socair de chuid na Cúirte é nach mór do reachtóir an Aontais a bheith in ann a shuí os comhair na Cúirte gur ghlac sé an gníomh atá i gceist trína lánrogha a fheidhmiú go héifeachtach. Chuige sin, ní mór dó, ar a laghad ar bith, a bheith in ann na fíorais bhunúsacha ar glacadh an beart sin ar a mbonn agus ar a raibh feidhmiú a lánrogha ag brath a tháirgeadh agus a leagan amach ar bhealach soiléir agus aonchiallach (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 116 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
219 |
É sin ráite, tá lánrogha leathan ag reachtóir an Aontais ní hamháin maidir le cineál agus raon feidhme na mbeart atá le déanamh, ach freisin maidir le hábharthacht na sonraí bunúsacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 116 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
220 |
I ndáil leis sin, is cásdlí socair é nach mbaineann an fhoirm ina liostaítear na sonraí bunúsacha sin le hábhar. Féadfaidh reachtóir an Aontais a chur san áireamh ní hamháin an measúnú tionchair ach aon fhoinse faisnéise eile freisin (breithiúnas an 13 Márta 2019, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑128/17, EU:C:2019:194, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
221 |
Dá bhrí sin, tá sé ráite ag an gCúirt nach leanann sé ó fhoclaíocht mhíreanna 12 go 15 den Chomhaontú Idirinstitiúideach go gcaithfear oibleagáid measúnú tionchair a dhéanamh i ngach imthoisc (breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 82). |
|
222 |
Cé go bhforáiltear le pointe 14 den Chomhaontú Idirinstitiúideach nach mór don Pharlaimint agus don Chomhairle, agus tograí reachtacha ón gCoimisiún á scrúdú acu, measúnuithe tionchair an Choimisiúin a chur san áireamh go hiomlán, luaitear i mír 12 den chomhaontú sin ‘gur uirlis atá sna measúnuithe sin chun cabhrú leis na trí institiúid cinntí eolasacha a dhéanamh agus nach dtagann siad in ionad cinntí polaitiúla a dhéantar sa phróiseas cinnteoireachta daonlathach’. Dá bhrí sin, cé go gceanglaítear orthu measúnuithe tionchair an Choimisiúin a chur san áireamh, níl an Pharlaimint ná an Chomhairle faoi cheangal ag a n‑inneachar, go háirithe maidir leis na measúnuithe atá iontu (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Márta 2024, Landeshauptstadt Wiesbaden, C‑61/22, EU:C:2024:251, mír 101 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
223 |
Dá bhrí sin, ós rud é gur ghlac reachtóir an Aontais Eorpaigh beart éagsúil agus, i gcás inarb iomchuí, beart níos sriantaí ná an beart a moladh ag deireadh an mheasúnaithe tionchair, ní hionann é sin agus a léiriú gur sháraigh sé na teorainneacha ar a raibh gá leis an gcuspóir a bhí á shaothrú a bhaint amach (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Márta 2024, Landeshauptstadt Wiesbaden, C‑61/22, EU:C:2024:251, mír 102). |
|
224 |
Ar an gcaoi chéanna, is léir ó chásdlí na Cúirte, i gcás ina leasaíonn reachtóir an Aontais gnéithe substaintiúla den togra a thíolaic an Coimisiún, nach bhforchuirtear le mír 15 den Chomhaontú Idirinstitiúideach aon oibleagáid dhaingean ar an reachtóir sin measúnú tionchair an Choimisiúin a thabhairt cothrom le dáta, ós rud é nach bhforáiltear leis an bpointe sin ach don fhéidearthacht nuashonrú den sórt sin a dhéanamh i gcás ina measann an Pharlaimint agus an Chomhairle ‘go bhfuil sé iomchuí agus riachtanach chun críocha an phróisis reachtaigh’ (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Márta 2019, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑128/17, EU:C:2019:194, mír 43). |
|
225 |
Dá bhrí sin, cé gur céim sa phróiseas reachtach é ullmhú na measúnuithe tionchair nach mór, mar riail ghinearálta, a dhéanamh i gcás inar dócha go mbeidh tionchar suntasach eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta ag tionscnamh reachtach, ní féidir measúnú tionchair den sórt sin a fhágáil ar lár, áfach, mar shárú ar phrionsabal na comhréireachta i gcás ina bhfuil reachtóir an Aontais i gcás ar leith inar gá é a sheachaint agus ina bhfuil dóthain faisnéise aige chun go mbeidh sé in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt arna ghlacadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, míreanna 84 agus 85). |
|
226 |
I ndáil leis sin, d’fhonn a lánrogha a fheidhmiú go héifeachtach, féadfar a cheangal ar reachtóir an Aontais freisin, le linn an nós imeachta reachtaigh, sonraí eolaíocha agus torthaí eile atá ar fáil a chur san áireamh, lena n‑áirítear doiciméid eolaíocha a úsáideann na Ballstáit ag cruinnithe den Chomhairle agus nach leis an gComhairle féin iad (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is féidir le reachtóir an Aontais sonraí a fhaigheann sé ón bhfearann poiblí a bhfuil rochtain ag gach duine nó gnóthas lena mbaineanna orthu a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Iúil 2010, Afton Chemical, C‑343/09, EU:C:2010:419, mír 39). |
|
227 |
Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go raibh measúnú tionchair ag reachtóir an Aontais, nuair a ghlac sé Rialachán 2020/1054, agus gur bhain an measúnú sin, inter alia, leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin. Go deimhin, tar éis éifeachtaí díobhálacha ar shláinte na dtiománaithe a shainaithint i dtéarmaí struis agus tuirse mar thoradh ar thréimhsí fada as baile, rinneadh mionscrúdú sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 20), a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le hAm Oibre, ar thionchar birt lena n‑éascaítear scíth sheachtainiúil tiománaithe sa bhaile (cuid 1/2, lgh. 41, 55 agus 63). |
|
228 |
Sa chomhthéacs sin, rinneadh foráil in Airteagal 1(5)(c) den togra sin do mhír 8b a chur isteach in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 561/2006, mír ina luaitear nach mór don ghnóthas iompair obair a chuid tiománaithe a eagrú sa chaoi go mbeadh siad in ann aon tréimhse scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha amháin ar a laghad a chaitheamh ina n‑áit chónaithe thar gach tréimhse trí seachtaine as a chéile. |
|
229 |
Is fíor, mar a chuireann Poblacht na Polainne in iúl, agus an ceart aici, mar thaca lena hargóint, nach raibh an leagan deiridh den oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, a ghlac reachtóir an Aontais, ina ábhar do mheasúnú tionchair breise, cé go bhfuil sé éagsúil le hAirteagal 1(5)(c) den togra le haghaidh rialachán maidir le ‘ham oibre’. |
|
230 |
Ba cheart a mheabhrú, áfach, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 220 go 226 den bhreithiúnas seo, ní hamháin nach gceanglaítear ar reachtóir an Aontais measúnú tionchair a dhéanamh i ngach imthoisc, ach, ina theannta sin, nach bhfuil measúnú tionchair den sórt sin ceangailteach air, ós rud é go bhfuil sé de shaoirse ag an reachtóir sin, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh seachas iad siúd a bhí ina ábhar dó. Ní leor í gné shóisialta amháin, áfach, le léiriú sa chás seo gur theip ar reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán2020/1054 a dhéanamh toisc gur ghlac leis an reachtóir sin foráil amháin a bhí éagsúil ón méid a mhol an Coimisiún ar bhonn measúnaithe tionchair. |
|
231 |
Murab ionann agus an méid a mholann Poblacht na Polainne, ní thugtar na breithnithe sin faoi cheist ar bhealach ar bith leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, go háirithe pointe 15 de. Cé gur fíor go sonraítear san fhoráil sin ‘go ndéanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle measúnuithe tionchair ar na leasuithe substaintiúla a dhéanann siad ar an togra ón gCoimisiún’, is fíor fós, mar a cuireadh in iúl i mír 224 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil aon oibleagáid dhaingean ar na hinstitiúidí sin i mír 15, ós rud é nach bhforáiltear léi ach don chumhacht measúnú tionchair den sórt sin a dhéanamh i gcás, de réir a foclaíochta sainráite, ina measann an Pharlaimint agus an Chomhairle ‘go bhfuil sé iomchuí agus riachtanach chun críocha an phróisis reachtaigh’. |
|
232 |
In aon chás, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, go sriantar le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 an riail maidir le filleadh tiománaithe gach trí seachtaine, a bheartaigh an Coimisiún ina thogra le haghaidh rialachán maidir le ham oibre, don staid ina nglacann an tiománaí, i gcomhréir leis an riail mhaolaithe a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 8(6) de Rialachán Uimh. 561/2006, arna chur isteach le hAirteagal 1(6)(a) de Rialachán 2020/1054, dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile. Dá bhrí sin, faoi Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, is é filleadh na dtiománaithe gach ceithre seachtaine an riail phrionsabail. |
|
233 |
Ar an taobh eile de, foráiltear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 gur féidir leis an ngnóthas iompair obair na dtiománaithe a eagrú amhail is gur féidir leo filleadh abhaile go dtí a n‑áit chónaithe nó go dtí ionad oibríochtúla an fhostóra. Ba cheart go n‑éascódh an dara rogha, mar a chuir an Chomhairle in iúl, comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar síos san fhoráil sin, go háirithe i gcás, mar a luaitear i mír 185 den bhreithiúnas seo, ina bhfuil cónaí ar an tiománaí i dtríú tír nó in áit atá i bhfad ó ionad oibríochtúil an fhostóra. |
|
234 |
Dá bhrí sin, bhí gá níos mó le hoibleagáid chun measúnú tionchair breise a dhéanamh, sa chás seo, ós rud é go bhfuil an fhoráil a ghlac reachtóir an Aontais ar deireadh in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 níos solúbtha do ghnóthais iompair ná an fhoráil a mhol an Coimisiún, rud a fhágann gur lú an tionchar atá aici ar na gnóthais sin. |
|
235 |
Ní féidir le haon cheann de na hargóintí a chuir an Rómáin agus Poblacht na Polainne chun cinn a shuíomh go raibh ar reachtóir an Aontais measúnú tionchair breise den sórt sin a bheith aige maidir leis an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil sin. |
|
236 |
Sa chéad áit, maidir leis an argóint a chuir an Rómáin agus Poblacht na Polainne chun cinn, lena líomhnaítear nár scrúdaigh reachtóir an Aontais tionchar na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, mar gheall ar na turais bhreise a bhaineann léi, maidir le déine tráchta, is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 20 agus 21) gur fhill formhór na dtiománaithe, gan beann ar an mBallstát ina raibh a bhfostóir bunaithe, ar a n‑áit chónaithe gach ceithre seachtaine ar a laghad roimh theacht i bhfeidhm na forála sin, agus fiú má bhí difríochtaí áirithe ann ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil tiománaithe fostaithe i mBallstát a d’aontaigh don Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004 nó roimhe sin. Tugtar faoi deara sa mheasúnú tionchair i ndáil leis sin go háirithe, cé go gcaitheann líon tiománaithe atá ag méadú, dá bhfostaítear i mBallstát a d’aontaigh an tAontas ar an 1 Bealtaine 2004 nó ina dhiaidh sin, tréimhsí fada as baile, ní chaitheann siad ach idir dhá agus cheithre sheachtain ar an mbóthar den chuid is mó sula bhfilleann siad ar a n‑áit chónaithe, is gnáth nach gcaitheann tiománaithe dá bhfostaítear i mBallstát a d’aontaigh an tAontas roimh an dáta sin níos mó ná seachtain amháin nó dhá sheachtaine as a n‑áit chónaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil a dhóthain faisnéise ag reachtóir an Aontais chun tionchar Airteagal 1(6)(d) ar dhéine tráchta a mheasúnú. |
|
237 |
Sa dara háit, maidir le hargóint Phoblacht na Polainne nach ndearna reachtóir an Aontais anailís cheart ar thionchar na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar shábháilteacht na dtiománaithe sin, ní mór diúltú don argóint sin ar an gcúis chéanna leis an gcúis a leagtar amach sa mhír roimhe seo. |
|
238 |
Sa tríú háit, maidir le hargóint an Bhallstáit sin bunaithe ar easpa measúnaithe tionchair a bhaineann leis an mbeart dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 8(8a) de Rialachán Uimh. 561/2006, arna chur isteach le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ar dá réir nach mór do ghnóthais iompair an chaoi a gcomhlíonann siad an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil sin a dhoiciméadú, is leor a thabhairt faoi deara go bhfuil an beart sin, atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na príomhfhadhbanna a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, eadhon an deacracht a bhaineann le reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú, go háirithe sa réimse sóisialta (cuid 1/2, lgh. 14 go 17), a bhfuil dlúthnasc aici leis an oibleagáid sin, a bhí ina hábhar do mheasúnú tionchair agus atá beartaithe chun comhlíonadh na hoibleagáide sin a áirithiú. Ina theannta sin, mar is léir ó aithris 14 den Rialachán sin, agus mar a cuireadh in iúl i mír 189 den bhreithiúnas seo, féadfar an dualgas cruthúnais a leagtar síos leis an mbeart sin a chomhlíonadh le haon doiciméad, ós rud é nár fhorchuir reachtóir an Aontais aon nós imeachta ar leith ina leith sin. |
|
239 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóintí na Rómáine agus Phoblacht na Polainne lena líomhnaítear mainneachtain reachtóir an Aontais scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí a eascraíonn as an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
– Comhréireacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054
|
240 |
Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, go gceanglaítear le prionsabal na comhréireachta, atá mar chuid de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go mbeadh gníomhartha institiúidí an Aontais oiriúnach chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis na rialacha i dtrácht a bhaint amach agus nach sárófaí leo an méid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena dtuigfí, nuair a thairgtear rogha idir roinnt bearta iomchuí, gur cheart dul ar iontaoibh na gceann is lú srianta agus nár cheart na míbhuntáistí a eascraíonn as a bheith díréireach leis na haidhmeanna a shaothraítear (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 340 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
241 |
Leagtar an prionsabal sin amach freisin in Airteagal 5(4) CAE agus in Airteagal 1 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. |
|
242 |
Maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar chomhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta, d’aithin an Chúirt go bhfuil lánrogha leathan ag reachtóir an Aontais, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó, i réimsí ina bhfuil roghanna polaitiúla, eacnamaíocha nó sóisialta i gceist lena ghníomhaíocht, agus ina n‑iarrtar air measúnuithe agus meastóireachtaí casta a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní ceist í arbh é beart a glacadh i réimse den sórt sin an t‑aon bheart nó an beart is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann, ós rud é nach féidir difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht an bhirt sin ach amháin más léir go bhfuil sé míchuí ag féachaint don chuspóir atá reachtóir an Aontais ag iarraidh a shaothrú (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle |
|
243 |
Mar sin féin, fiú i gcás ina bhfuil corrlach leathan lánroghnach ann, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais a rogha a bhunú ar chritéir oibiachtúla agus scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na haidhmeanna a shaothraítear leis an mbeart a roghnaítear de chineál lena dtugtar údar le hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, fiú de chineál substaintiúil, d’oibreoirí áirithe. Faoi Airteagal 5 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, ní mór do dhréachtghníomhartha reachtacha aird a thabhairt ar an ngá atá ann a áirithiú go n‑íoslaghdófar aon ualach ar oibreoirí eacnamaíocha agus go mbeidh sé i gcomhréir leis an gcuspóir atá le baint amach (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 115 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
244 |
Is faoi reachtóir an Aontais atá sé, i gcás ina bhfuil an gníomh atá i gceist ina ábhar d’imeachtaí breithiúnacha, a shuíomh os comhair na Cúirte, chun an gníomh sin a ghlacadh, gur fheidhmigh sé a lánrogha go héifeachtach, sa mhéid gur chuir sé tosca agus imthosca ábhartha uile an cháis san áireamh a bhí beartaithe a rialáil leis an ngníomh sin. Dá bhrí sin, mar is léir cheana féin ó mhír 218 den bhreithiúnas seo, ní mór don reachtóir sin, ar a laghad, a bheith in ann na fíorais bhunúsacha nach mór a chur san áireamh chun údar a thabhairt leis na bearta atá faoi chonspóid sa ghníomh sin agus a raibh feidhmiú a lánrogha ag brath orthu a thabhairt ar aird agus a leagan amach go soiléir agus go haonchiallach. |
|
245 |
I ndáil leis sin, is faoin iarratasóir atá sé na cúiseanna a chur in iúl a bhfuil na míbhuntáistí a eascraíonn as an rogha reachtach a rinne reachtóir an Aontais díréireach leis na buntáistí a thairgeann sé murach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meitheamh 2018, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle |
|
246 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, i gcás ina bhfuil iarmhairtí ag gníomh an Aontais lena mbaineann sna Ballstáit uile agus ina nglactar leis go n‑áirithítear cothromaíocht idir na leasanna éagsúla lena mbaineann, ag féachaint do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart sin, nach féidir a mheas go bhfuil an chothromaíocht sin, agus staid ar leith na mBallstát uile á cur san áireamh, contrártha le prionsabal na comhréireachta (breithiúnais an 21 Meitheamh 2018, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑5/16, EU:C:2018:483, mír 167, agus an 13 Márta 2019, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑128/17, EU:C:2019:194, mír 106). |
|
247 |
Tá feidhm iomlán ag na prionsabail a eascraíonn as an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 240 go 246 den bhreithiúnas seo maidir le bearta arna nglacadh i réimse an chomhbheartais iompair, amhail na bearta sin a leagtar síos i Rialachán 2020/1054, a bhfuil roghanna polaitiúla agus measúnuithe casta maidir lena dtionchar eacnamaíoch agus sóisialta ag baint leo, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE (féach, chuige sin, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, míreanna 112 agus 113). Ar an gcaoi sin, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, agus corrlach lánroghnach á tabhairt don Pharlaimint agus don Chomhairle leis an gConradh CAE chun comhbheartas iompair a bhunú i dtaca leis na rialacha comhchoiteanna iomchuí a ghlacadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2004, an Spáinn agus an Fhionlainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑184/02 agus C‑223/02, EU:C:2004:497, míreanna 29 agus 56 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
248 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin, is gá a scrúdú ar sháraigh reachtóir an Aontais prionsabal na comhréireachta nuair a ghlac sé Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
249 |
Is é an cuspóir atá á shaothrú leis an bhforáil sin, i bhfianaise nach mór comhréireacht na forála sin a scrúdú, feabhas a chur, mar is léir, go háirithe, ó aithrisí 1, 2, 6, 8, 14 agus 36 den Rialachán sin, ar dhálaí oibre agus ar shábháilteacht na dtiománaithe ar bhóithre laistigh den Aontas Eorpach, trína áirithiú gur féidir le tiománaithe filleadh go tráthrialta ar a n‑áit chónaithe chun a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh, ionas nach mbeidh an tréimhse a chaitheann tiománaithe atá i mbun oibríochtaí iompair idirnáisiúnta ar shiúl ón áit chónaithe sin rófhada. Dá bhrí sin, is é is cuspóir na forála sin leigheas a fháil ar an easpa rialacha soiléire maidir leis an tréimhse scíthe seachtainiúla agus maidir le tiománaithe a fhilleadh ar a n‑áit chónaithe. |
|
250 |
Tá an cuspóir sin mar chuid den chuspóir níos ginearálta atá á shaothrú le Rialachán 2020/1054, arb é atá ann, mar a luaitear in aithris 1 de, cothrom iomaíochta a áirithiú idir gnóthais iompair chun a áirithiú go mbeidh earnáil an iompair de bhóthar sábháilte, éifeachtúil agus freagrach go sóisialta, chun neamh-idirdhealú a áirithiú agus oibrithe oilte a mhealladh. Chuige sin, is é is aidhm don Rialachán rialacha sóisialta an Aontais a bhunú i réimse an iompair de bhóthar atá soiléir, comhréireach, oiriúnach don fheidhm, éasca a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh orthu, agus a chuirtear chun feidhme go héifeachtach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. |
|
251 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne, nach ndéanann dlisteanacht na gcuspóirí éagsúla sin a dhíospóid, go sáraítear le hAirteagal 1(6) (d) de Rialachán 2020/1054, ann féin, na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
252 |
D’fhonn a chinntiú an bhfuil an fhoráil sin i gcomhréir leis an bprionsabal sin, is gá scrúdú a dhéanamh ar a bhfuil an oibleagáid dá bhforáiltear léi iomchuí chun cuspóir na forála sin a bhaint amach, is é an cuspóir sin dálaí oibre agus sábháilteacht na dtiománaithe ar na bóithre tríd a áirithiú nach mbeidh an t‑am fada as cuimse a chaitheann tiománaithe a chuireann oibríochtaí iompair idirnáisiúnta i gcrích fad óna n‑áit chónaithe, agus scrúdú a dhéanamh le fáil amach nach dtéann an fhoráil sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus go bhfuil an fhoráil sin comhréireacht ó thaobh an chuspóra sin de. Oiriúnacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach |
|
253 |
Sa chéad áit, maidir le hoiriúnacht na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, is leor a thabhairt faoi deara, maidir le beart lena gcuirtear d’oibleagáid ar ghnóthais iompair cead a thabhairt do thiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe gach trí nó ceithre seachtaine, de réir mar a bheidh, chun a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh ann, faoi seach, gur beart é lena n‑áirithítear nach bhfanfaidh na tiománaithe sin ar shiúl le linn tréimhsí fada ina n‑áit chónaithe, ós rud é go dtugann sé an deis dóibh, más mian leo, filleadh ar an ionad sin, ag eatraimh rialta nach faide ná ceithre seachtaine, tar éis dóibh dul isteach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na socruithe sonracha chun an oibleagáid sin a chur chun feidhme, in ionad oibríochtúil an fhostóra, i gcomhréir leis na roghanna a thugtar chuige sin do ghnóthais iompair, dá dtagraítear i míreanna 186 go 188 agus 233 thuas. |
|
254 |
Is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 20 agus 21) go raibh líon mór tiománaithe ag filleadh abhaile ar a n‑áit chónaithe gach dhá go ceithre sheachtaine, sular glacadh le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 fiú, beag beann ar an mBallstát inar bunaíodh a bhfostóir, ar an gcaoi is nach mbeadh ach tionchar teoranta ag an oibleagáid dá bhforáiltear leis an bhforáil sin ar na gnóthais iompair. |
|
255 |
Mar sin féin, murab ionann agus an méid a mhaíonn Poblacht na Polainne, ní féidir a thuiscint as sin go bhfuil an oibleagáid sin míchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach. |
|
256 |
Fiú má d’fhill líon mór tiománaithe atá fostaithe san Aontas Eorpach ar a n‑áit chónaithe gach ceithre seachtaine ar a laghad sular glacadh Rialachán 2020/1054, níorbh amhlaidh an cás i gcás na dtiománaithe sin go léir. Ina theannta sin, tugadh faoi deara sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 20), amhail an staidéar a rinne an Coimisiún ar an rialachán sóisialta is infheidhme maidir leis an earnáil iompair sular glacadh an Rialachán sin [‘Ex-post evaluation of social legislation in road transport and its enforcement, Final report’ (‘Meastóireacht ex post ar reachtaíocht shóisialta in iompar de bhóthar agus a forfheidhmiú, Tuarascáil deiridh’, Meitheamh 2016 (‘an mheastóireacht ex post ar reachtaíocht shóisialta’), lch. 24], dá dtagraítear in aithris 4 den Rialachán sin, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar thréimhsí a chaitheann tiománaithe atá fostaithe san Aontas Eorpach i bhfad óna n‑áit chónaithe le deich mbliana anuas. Dá bhrí sin, ráthaítear go sonrach le hAirteagal 1(6)(d) den Rialachán sin cosaint shóisialta mhéadaithe do na tiománaithe lena mbaineann, agus áirithítear ag an am céanna, trí riail éigeantach aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm san Aontas Eorpach, iomaíocht níos cothroime idir gnóthais iompair agus sábháilteacht ar bhóithre níos fearr ar fud an Aontais Eorpaigh. |
|
257 |
Sna himthosca sin, bhí reachtóir an Aontais i dteideal a mheas gurb iomchuí an fhoráil sin chun an cuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin a bhaint amach. An gá atá le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 |
|
258 |
Sa dara háit, maidir leis an ngá atá le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, tá Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne faoi dhíospóid ar an bhforas go bhfuil bearta malartacha ann nach bhfuil chomh sriantach leis an mbeart a glacadh san fhoráil sin. |
|
259 |
I ndáil leis sin, is fíor gur beartaíodh, i gcomhthéacs an nós imeachta reachtaigh, an fhéidearthacht chun an oibleagáid sin a theorannú do chásanna ina roghnaíonn tiománaithe filleadh, mar is léir ón tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta sa Pharlaimint, dá dtagraíonn Poblacht na Polainne. |
|
260 |
Mar sin féin, níor choinnigh reachtóir an Aontais an rogha mhalartach sin. Ós rud é gurb ionann an tiománaí, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 174 den bhreithiúnas seo, agus an chuid lag den chaidreamh conarthach lena fhostóir, bheadh an baol ann nach mbeadh rogha an tiománaí go hiomlán saor, ós rud é gur dócha go mbeadh an tiománaí faoi bhrú rogha a dhéanamh a bheadh fabhrach do leasanna an fhostóra. Sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 49), cuireadh an tábhacht in iúl go sonrach, maidir leis an tréimhse scíthe sheachtainiúil a ghlacadh, a dheacra atá sé a léiriú gurb ann do shaoirse rogha éifeachtach arna feidhmiú ag tiománaithe. |
|
261 |
Sna himthosca sin, d’fhéadfadh reachtóir an Aontais a mheas go dlisteanach nach mbainfí amach an toradh céanna leis an mbeart malartach atá beartaithe ag Poblacht na Bulgáire, ag an Rómáin agus ag Poblacht na Polainne agus a bhaintear amach le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. Comhréireacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 |
|
262 |
Sa tríú háit, maidir le comhréireacht na hoibleagáide dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, is gá a chinneadh, mar a áitíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne, an bhforchuireann an fhoráil sin, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú leis an bhforáil sin, ualach iomarcach i bhfianaise na n‑iarmhairtí diúltacha a bheadh aici ar ghnóthais iompair, ar thiománaithe agus ar an gcomhshaol faoi seach. |
|
263 |
Maidir le cuspóir an leasa ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ní mór a mheabhrú, mar is léir ó Airteagal 3(3) CAE, nach é amháin go bhfuil an tAontas Eorpach chun margadh inmheánach a bhunú ach go n‑oibríonn sé freisin ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa, atá, inter alia, bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, agus go gcuireann sé cosaint shóisialta chun cinn, inter alia. Ar an gcaoi sin, níl fís eacnamaíochta amháin ag an Aontas, ach fís shóisialta freisin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2016, AGET Iraklis, C‑201/15, EU:C:2016:972, míreanna 76 agus 77 chomh maith leis an gcásdlí dá dtagraítear). De réir bhrollach CFAE, is ‘bunaidhm’ de chuid an Aontais é feabhas leanúnach a chur ar dhálaí maireachtála agus fostaíochta. |
|
264 |
I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 90 CFAE go saothrófar cuspóirí na gConarthaí faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair. Thairis sin, sonraítear in Airteagal 9 CFAE, go sonrach le haghaidh cuspóirí beartais shóisialta, go gcuirfidh an tAontas Eorpach san áireamh na ceanglais atá nasctha leis na cuspóirí sin agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais na cuspóirí sin a chur san áireamh ina n‑iomláine, lena n‑áirítear, de réir na chéad mhíre d’Airteagal 151 CFAE, inter alia, ardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, dálaí maireachtála agus oibre feabhsaithe, cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine. |
|
265 |
D’fhéadfadh na cuspóirí sin cúis mhaith a thabhairt do na hiarmhairtí eacnamaíochta diúltacha, a d’fhéadfadh a bheith suntasach d’oibríochtaí iompair áirithe (féach, de réir anailíse, breithiúnais an 23 Deireadh Fómhair 2012, Nelson agus páirtithe eile, C‑581/10 agus C‑629/10, EU:C:2012:657, mír 81, chomh maith leis an 2 Meán Fómhair 2021, Irish Ferries, C‑570/19, EU:C:2021:664, mír 98). |
|
266 |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart a chur in iúl freisin, de réir chásdlí na Cúirte, i gcás ina bhfuil comhordú déanta cheana féin ag gníomh reachtach ar dhlíthe na mBallstát i réimse áirithe gníomhaíochta de chuid an Aontais, nach féidir an deis a bhaint de reachtóir an Aontais an gníomh sin a oiriúnú d’aon athrú ar imthosca nó d’aon fhorbairt eolais ag féachaint don chúram atá air cosaint na leasanna ginearálta a aithnítear in CFAE a áirithiú agus cuspóirí trasearnálacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear in Airteagal 9 den Chonradh sin a chur san áireamh, lena n‑áirítear na ceanglais a bhaineann le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn agus cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú. I gcás den sórt sin, ní fhéadfaidh reachtóir an Aontais a chúram a chomhlíonadh go cuí maidir le cosaint na leasanna ginearálta sin agus na gcuspóirí cothrománacha sin a áirithiú ach amháin má tá sé i dteideal reachtaíocht ábhartha an Aontais a oiriúnú d’athruithe nó d’fhorbairtí den sórt sin (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, míreanna 41 agus 42 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
267 |
Go háirithe, thug an Chúirt dá haire, i bhfianaise na bhforbairtí suntasacha a rinne difear don mhargadh inmheánach, go bhfuil reachtóir an Aontais i dteideal gníomh reachtach a oiriúnú chun na leasanna lena mbaineann a athchothromú d’fhonn cosaint shóisialta na n‑oibrithe lena mbaineann a mhéadú agus an iomaíocht a dhéanamh níos cothroime laistigh den mhargadh sin trí na coinníollacha faoina bhfeidhmítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a athrú (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, míreanna 62 agus 64). |
|
268 |
Mar sin féin, sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta a ghabhann leis an Rialachán maidir le ‘hAm Oibre’ atá beartaithe, chinn an Coimisiún ní hamháin gur dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha ar shláinte tiománaithe mar gheall ar thréimhsí fada óna n‑áit chónaithe, ó thaobh struis agus tuirse de, ach freisin gur cosúil gur tháinig méadú suntasach ar thréimhsí a chaitheann tiománaithe atá fostaithe san Aontas lasmuigh dá n‑áit chónaithe le deich mbliana anuas mar gheall ar idirnáisiúnú an mhargaidh iompair, agus chuir sé in iúl ag an am céanna gurb é an meath ar dhálaí oibre is cúis leis an nganntanas tiománaithe, i bpáirt, rud a dhéanann dochar d’íomhá agus do tharraingteacht na gairme (cuid 1/2, lch. 9 agus 20). |
|
269 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin, is gá scrúdú a dhéanamh, sa chéad áit, ar na hargóintí a bhaineann leis na hiarmhairtí diúltacha do ghnóthais iompair a d’eascródh as an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ar a bhfuil Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne ag brath. |
|
270 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús gur áirithigh reachtóir an Aontais leibhéal áirithe solúbthachta do na gnóthais sin, chun iarmhairtí den sórt sin a mhaolú. |
|
271 |
Sa chéad áit, ní bhaineann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 leis na tréimhsí scíthe seachtainiúla uile, ach leo siúd amháin a ghlacann tiománaithe le linn gach tréimhse 4 seachtaine, agus an tréimhse sin á laghdú go 3 seachtaine i gcás ina mbeidh dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile tógtha acu roimhe sin, agus sa chás sin amháin. |
|
272 |
Ina dhiaidh sin, trí mhainneachtain an bealach ina gcomhlíontar an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil sin a shonrú go beacht, d’fhág reachtóir an Aontais lamháil inlíochta do ghnóthais iompair trí chead a thabhairt dóibh an bealach is iomchuí, dar leo, chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh a roghnú. |
|
273 |
Bíodh sin mar atá, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 186 agus 233 den bhreithiúnas seo, tugtar an deis leis an bhforáil sin do na fostóirí filleadh na dtiománaithe a eagrú, más mian leo, chuig a n‑áit chónaithe nó chuig ionad oibríochtúil an fhostóra sin, fad is a shíleann an Coimisiún, i gcomhréir le cur chuige níos radacaí, go bhforchuirtear an ceanglas le hAirteagal 1(5)(c) de Rialachán maidir le ‘hAm Oibre’ atá beartaithe, ar fhostóirí filleadh na dtiománaithe a eagrú chuig a n‑áit chónaithe amháin. |
|
274 |
Ar deireadh, le hAirteagal 12 de Rialachán Uimh. 561/2006, arna leasú le hAirteagal 1(11) de Rialachán 2020/1054, tugtar gnéithe breise solúbthachta maidir le filleadh tiománaithe. Le hAirteagal 1(11) ceadaítear don tiománaí, de mhaolú air sin, chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó a áit chónaithe féin a bhaint amach, chun tréimhse scíthe rialta nó chúiteach sheachtainiúil a thosú nó a ghlacadh, faoi seach, an tréimhse tiomána laethúil agus sheachtainiúil a shárú d’aon uair an chloig ar a mhéad, nó fiú dhá uair an chloig ar a mhéad, ar choinníoll go bhfuil sos gan bhriseadh 30 nóiméad tógtha aige díreach roimh an tiomáint bhreise, ar choinníoll go gcúitítear an farasbarr sin le tréimhse scíthe choibhéiseach a ghlactar in aon bhabhta amháin le haon tréimhse scíthe, ag deireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine atá i gceist ar a dhéanaí. Is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 51) gurb é is aidhm don leasú seo a cheadú do thiománaithe, go háirithe iad siúd atá i mbun turais fhada idirnáisiúnta, a n‑áit chónaithe nó ionad oibríochtúil an fhostóra a bhaint amach chun scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ag an áit chónaithe sin nó in áit phríobháideach eile is rogha leo. |
|
275 |
Maidir leis na hargóintí a bhaineann le costais, go háirithe, a thabhaítear do na gnóthais iompair, faoi Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an neartú a dhéanann an tAontas ar chosaint shóisialta catagóirí oibrithe faoi leith, trí bhíthin na hoibleagáide dá bhforáiltear leis an bhforáil sin sa chás seo, a bhfuil sé mar aidhm aige dálaí oibre na n‑oibrithe a fheabhsú lena áirithiú nach mbeidh an t‑am a chaitheann siad i bhfad óna n‑áit chónaithe fada as cuimse, agus d’fhéadfadh costais sa bhreis a bheith ann do na fostóirí atá faoi cheangal an oibleagáid a chomhlíonadh leis an neartú sin. Cé go bhféadfadh costais áirithe a bheith i gceist le hoibleagáid a bhunaigh reachtóir an Aontais do na gnóthais iompair a iompraíonn ualach na hoibleagáide sin, ní sárú ann féin é sin ar phrionsabal na comhréireachta, áfach, mura rud é go bhfuil na costais sin díréireach go follasach leis an gcuspóir atá á shaothrú. |
|
276 |
Ar an gcaoi sin, maidir le hargóint Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine, Phoblacht na Polainne, sa chéad áit, ar dá réir a mbíonn costais bhreise shuntasacha curtha ar na gnóthais ar ionadúil cáilíocht FBM a bheith acu, le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, de bharr an riachtanais chun filleadh na dtiománaithe a eagrú, agus cuid shuntasach dóibh le déanamh le feithiclí gan aon lastas, is leor a chur in iúl go n‑áitíonn na Ballstáit sin ina n‑argóint ar bhealach ginearálta agus teibí, gan a chur in iúl go mbeadh an tionchar ar chostais na ngnóthas iompair as cuimse i ndáil leis an gcuspóir atá á shaothrú. Thairis sin, cuireann Poblacht na Polainne í féin in iúl go bhfuil sé ‘deacair measúnú a dhéanamh’ ar na costais a bhaineann le filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar áit chónaithe an tiománaí agus go bhfuil sé ‘deacair ríomh na gcostas a tháirgeadh’. |
|
277 |
Mar sin féin, mar is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 20 agus 21), roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, d’fhill formhór na dtiománaithe ar a n‑áit chónaithe gach ceithre seachtaine ar a laghad, gan beann ar an mBallstát ina raibh a bhfostóir bunaithe. |
|
278 |
Ina dhiaidh sin, maidir leis an argóint lena n‑áitíonn an Rómáin agus Poblacht na Polainne go bhforchuirtear leis an bhforáil sin ualaí an‑trom ar ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit a aicmítear mar ‘Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh’, i gcomparáid le grúpa eile Ballstát a aicmítear, de réir mar a bheidh, ‘Ballstáit atá lonnaithe i lár an Aontais’ nó ‘Ballstáit atá lonnaithe in iarthar an Aontais’, ba cheart a thabhairt faoi deara gur dócha go mbeidh na costais a bhaineann leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d), Rialachán 2020/1054 níos suntasaí do ghnóthais iompair, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, a roghnaigh samhail ghnó arb é atá inti bulc a gcuid seirbhísí, nó iad ar fad, a sholáthar d’fhaighteoirí atá bunaithe i mBallstáit atá i bhfad ón gcéad Bhallstát agus a ndéanann a dtiománaithe a n‑oibríochtaí iompair ar an gcaoi sin óna n‑áit chónaithe. |
|
279 |
Bíodh sin mar atá, mar a chuir an Chomhairle in iúl le cúis mhaith, is iad na tiománaithe a fhostaíonn na gnóthais iompair a roghnaigh samhail oibriúcháin eacnamaíoch amhail sin a bhfuil an gá is mó acu i leith na cosanta a thagann as an rialachán comhchuibhithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, rud a chuireann nádúr comhréireach na forála sin in iúl maidir le baint amach na cuspóra a shaothraítear léi chun dálaí oibre a fheabhsú. |
|
280 |
Ina theannta sin, a mhéid a úsáideann gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit áirithe an tsamhail eacnamaíoch atá i gceist go bunúsach, is léir ó chásdlí na Cúirte, dá dtagraítear i mír 246 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil iarmhairtí ag beart an Aontais lena mbaineann sna Ballstáit uile agus ina nglactar leis go n‑áirithítear cothromaíocht idir na leasanna éagsúla lena mbaineann, ag féachaint do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart sin, nach féidir a mheas go bhfuil saothrú cothromaíochta den sórt sin ag cur staid na mBallstát uile san áireamh, ann féin, contrártha do phrionsabal na comhréireachta. |
|
281 |
Ina theannta sin, is léir ón gcásdlí socair, a mheabhraítear i mír 266 agus 267 den bhreithiúnas seo, go bhfuil reachtóir an Aontais, i bhfianaise na bhforbairtí suntasacha a rinne difear don mhargadh inmheánach, i dteideal gníomh reachtach a oiriúnú chun na leasanna lena mbaineann a athchothromú d’fhonn cosaint shóisialta na dtiománaithe a mhéadú trí leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfeidhmítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus chun iomaíocht chóir a áirithiú. |
|
282 |
Sa chás seo, dealraíonn sé gur fhéach reachtóir an Aontais go sonrach, trí rialacha an Aontais maidir le ham oibre na dtiománaithe a leasú, le cothromaíocht nua a bhaint amach, mar is léir ó aithris 1 de Rialachán 2020/1054, agus aird á tabhairt, ar thaobh amháin, ar leas na dtiománaithe tairbhe a bhaint as dálaí oibre níos fearr agus as sábháilteacht mhéadaithe ar bhóithre agus, ar an taobh eile, ar leas na bhfostóirí a ngníomhaíochtaí iompair a dhéanamh faoi dhálaí cothroma tráchtála. |
|
283 |
Agus na leasanna éagsúla atá i gceist á gcur san áireamh, bhí reachtóir an Aontais in ann a mheas, i gcomhthéacs an chorrlaigh lánroghnaigh a bhfuil aige sa chomhbheartas iompair, go raibh gá le beart sonrach a thabhairt isteach chun dálaí oibre na dtiománaithe a bhí fostaithe san Aontas, a chaitheadh tréimhsí a mhéadaigh go suntasach thar na deich bliana deireanacha óna n‑áit chónaithe, a fheabhsú agus a mheas go raibh na héifeachtaí diúltacha ar a sláinte mar gheall ar thréimhsí fada á gcaitheamh i bhfad óna n‑áit chónaithe níos tromchúisí ná na héifeachtaí diúltacha, go háirithe i dtéarmaí na gcostas, ar líon áirithe gnóthas iompair a sholáthar seirbhísí ar bhonn buan beag nó mór sna Ballstáit eile seachas na cinn ina bhfuil siad bunaithe. Tá athchothromú den sórt sin comhsheasmhach le huaillmhianta sóisialta an Aontais Eorpaigh a leagtar amach, inter alia, in Airteagal 9 CFAE. |
|
284 |
Dá bhrí sin, cé nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh éifeachtaí éagsúla a bheith ag Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar ghnóthais iompair ag brath ar an mBallstát ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe, is amhlaidh fós nach mór aon éifeacht dhiúltach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air i dtéarmaí ualaí ar fhostóirí áirithe a mheas i bhfianaise na n‑éifeachtaí dearfacha cosanta sóisialta a bheidh ann do gach tiománaí atá fostaithe san Aontas Eorpach. Ní ionann an staid gur féidir éifeachtaí éagsúla a bheith sna Ballstáit nach bhfuil díreach mar an gcéanna agus fianaise go nglacadh reachtóir an Aontais beart a bhí díréireach go follasach. |
|
285 |
Ina theannta sin, maidir le hargóintí Phoblacht na Polainne a bhaineann leis na costais a eascraíonn as an oibleagáid doiciméadacht a sholáthar a leagtar amach sa tríú fomhír d’Airteagal 8(8a) de Rialachán Uimh. 561/2006, mar a cuireadh isteach le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an oibleagáid doiciméadaithe sin beartaithe chun ceann de na príomhfhadhbanna a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta a leigheas, eadhon an deacracht a bhaineann le reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú (cuid 1/2, lch. 14 go 17). Is féidir comhlíonadh na hoibleagáide sin arna leagan síos sa dara cuid den fhoráil, mar a cuireadh in iúl cheana féin, i mír 189 den bhreithiúnas seo go háirithe, a chruthú le haon doiciméad, agus dá bharr, is féidir comhlíonadh a chruthú trí bhíthin na sonraí tacagraif nó le taifead seirbhísí na dtiománaithe, ar dócha go gcuirfear teorainn leis ar chostais an doiciméadaithe atá de dhíth. Go bunúsach, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán Uimh. 561/2006 agus Airteagal 33(2) de Rialachán Uimh. 165/2014, sa leagan ab infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054, ceanglaíodh cheana féin ar ghnóthais iompair an dá chineál doiciméid dheireanacha sin a bheith acu agus a choimeád, ar feadh bliana amháin ar a laghad. |
|
286 |
Ar deireadh, maidir leis an argóint atá bunaithe ar phaindéim COVID-19, is leor a thabhairt faoi deara nár faoi reachtóir an Aontais a bhí sé éifeachtaí na paindéime sin a leigheas i gcomhthéacs Rialachán 2020/1054, lena bhféachtar le dálaí oibre tiománaithe a fheabhsú, go háirithe ós rud é go raibh cuspóir den sórt sin ag gníomhartha reachtacha sonracha eile de chuid an Aontais, amhail, i réimse an iompair, Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 a bhaineann le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur siar seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO 2020 L 165, lch. 10). Dá bhrí sin, ní bhaineann éifeachtaí phaindéim COVID-19 le hábhar chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 leis na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
287 |
In aon chás, le hAirteagal 14(2) de Rialachán Uimh. 561/2006, arna leasú le hAirteagal 1(13) de Rialachán 2020/1054, ceadaítear do na Ballstáit, i gcásanna práinne, maolú sealadach a dheonú, in imthosca eisceachtúla, ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán Uimh. 561/2006 a bhaineann, inter alia, le ham tiomána agus tréimhsí sosa, ar feadh tréimhse nach faide ná tríocha lá, a dtugann siad údar cuí leis agus a gcuireann siad an Coimisiún ar an eolas láithreach ina leith. |
|
288 |
Sa dara háit, maidir leis na hargóintí a bhaineann leis na hiarmhairtí diúltacha do thiománaithe a d’eascródh as an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ar a bhfuil Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne ag brath, is iomchuí, i dtosach báire, diúltú, mar argóint gan bhunús, don argóint lena maíonn na Ballstáit sin go gcuireann an fhoráil sin srian ar cheart na dtiománaithe rogha a dhéanamh i gcás inar mian leo a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh. Tá an argóint sin bunaithe ar an mbuntuiscint mhícheart, mar is léir ó mhíreanna 168 go 180 den bhreithiúnas seo, go gceiltear leis an bhforáil sin ar thiománaithe an fhéidearthacht áit eile a roghnú gan bhac chun an tréimhse scíthe sin a ghlacadh. Ní mór, dá bhrí sin, diúltú don argóint sin, mar a luaitear i mír 200 den bhreithiúnas sin, ar an bhforas sin amháin. |
|
289 |
Caithfear diúltú leis an argóint a chuireann Poblacht na Polainne ar aghaidh sa chomhthéacs sin, a bunaíodh ar chineál treallach na n‑áiteanna, dar leis an mBallstát sin, a chaithfidh na tiománaithe a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh gach trí nó ceithre seachtaine, de réir mar a bheidh, faoi Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. De bhreis ar an méid a cuireadh in iúl sa mhír roimhe seo, ní féidir a dhíospóid go dáiríre go bhfuil fíornasc ag lárionad oibríochtúil an fhostóra agus áit chónaithe an tiománaí, ar áiteanna oibiachtúla iad inar dócha go dtosóidh nó go gcaithfidh tiománaí, de réir mar a bheidh, a dtréimhse scíthe sheachtainiúil, leis an tiománaí deireanach sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 211 agus 212 dá Thuairim. |
|
290 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, sa chéad áit, gur chinn an Chúirt cheana féin gur cheart go bhfreagródh an t‑ionad oibríochta lena bhfuil tiománaí ceangailte de ghnáth don áit óna ndéanann siad a gcuid dualgas go rialta chun feithicil a thógáil ar láimh agus a thiomáint, ar feithicil í atá feistithe le trealamh taifeadta agus a bhfilleann siad uirthi ag deireadh an trealaimh sin le linn ghnáthfheidhmiú a gcuid dualgas (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Aibreán 2010, Smit Reizen, C‑124/09, EU:C:2010:238, mír 27 agus 31). |
|
291 |
Sa dara háit, mar a luadh cheana i mír 184 den bhreithiúnas seo, is léir ó chásdlí socair go gcomhfhreagraíonn an Stát ina bhfuil gnáthchónaí ar na daoine lena mbaineann don Stát ina bhfuil gnáthionad a leasanna suite freisin. |
|
292 |
Ní fhéadfaí leanúint ar aghaidh, ansin, le hargóint Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine ná Phoblacht na Polainne ar dá réir a bheadh tuirse mhéadaithe ar na tiománaithe de thoradh ar na turais fillte a dhéanadh siad thar achair fhada faoi Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. I gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 561/2006, nár leasaíodh a inneachar, go bunúsach, le hAirteagal (8)(b) de Rialachán 2020/1054, is am oibre é an t‑am a chaitheann tiománaí chun filleadh ar ionad oibríochtúil a fhostóra nó ar a áit chónaithe. Mar a thug an Chomhairle faoi deara, mar is ceart, ní mhíníonn na Ballstáit sin an fáth a bhfuil an t‑am oibre a chaitear ar fhilleadh den sórt sin níos tuirsiúla ná an t‑am oibre a bhaineann le haon turas eile a dhéantar mar chuid d’oibríocht iompair ar chuir an fostóir de chúram uirthi. Go deimhin, léiríonn an mheastóireacht ex post ar an Reachtaíocht Shóisialta (lch. 24) agus an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 20) gur cúis tuirse agus struis go beacht iad tréimhsí fada a chaitheann tiománaithe lasmuigh dá n‑áit chónaithe, rud nach ndéanann aon cheann de na ceithre Bhallstát sin agóid ina choinne. |
|
293 |
Ar deireadh, maidir le hargóint na Rómáine go ndéanann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 dochar do leasanna na dtiománaithe mar gheall ar an mbaol go gcaillfí poist mar thoradh ar fhéimheacht agus athlonnú gnóthas iompair, is de chineál amhantrach é, in éagmais aon fhianaise shonrach a d’fhéadfadh bunús a thabhairt leis. |
|
294 |
Sa tríú háit, maidir leis na hargóintí a bhaineann leis na hiarmhairtí diúltacha ar an timpeallacht a chruthófaí leis an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d), a mhaíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne, go háirithe, is é go mbeidh an iliomad turas sa bhreis thar achair fhada le pleanáil dá bharr na hoibleagáide sin. Mar sin féin, mar a luadh, go háirithe, i mír 236 den bhreithiúnas seo, léirigh an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta gur fhill formhór na dtiománaithe, lena n‑áirítear iad siúd a bhí fostaithe sna Ballstáit a d’aontaigh don Aontas Eorpach ón 1 Bealtaine 2004, ar a n‑áit chónaithe go tráthrialta ar feadh tréimhse níos lú ná ceithre seachtaine sular glacadh an fhoráil sin. |
|
295 |
Thairis sin, murab ionann agus an méid a thugann Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne le fios, ní dosheachanta ar chor ar bith é go n‑úsáidfidh tiománaithe feithiclí folmha chun an ceart a thugtar dóibh in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a fheidhmiú. Ar thaobh amháin, i gcomhthéacs na solúbthachta a fhágann an fhoráil sin do ghnóthais iompair chun an oibleagáid a leagtar síos inti a chomhlíonadh, féadfaidh siad modhanna eile iompair a úsáid, amhail iompar poiblí, nach cosúil go bhfuil astaíochtaí breise i gceist lena n‑úsáid a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide sin. Ar an taobh eile, d’fhéadfaí a shamhlú go bhféadfaí an filleadh ar cheann den dá áit dá dtagraítear san fhoráil sin a cheangal le filleadh feithiclí an ghnóthais iompair ar a ionad oibríochtúil i gcomhthéacs gnáthghníomhaíochtaí iompair. |
|
296 |
Sna himthosca sin, níl baint dhíreach ag tionchar líomhnaithe Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar an timpeallacht, go háirithe i bhfoirm méadú féideartha ar astaíochtaí truailleán, leis an bhforáil sin, ach braitheann sé ar na roghanna eagraíochtúla a dhéanann na gnóthais iompair maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide a leagtar síos san fhoráil sin. |
|
297 |
Dá réir sin, ní bhaineann míbhuntáistí le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 atá díréireach go follasach leis an gcuspóir atá á shaothrú leis an bhforáil sin. |
|
298 |
Ag féachaint don mhéid a tháinig roimhe seo, ní féidir a mheas gur sháraigh reachtóir an Aontais a chorrlach lánroghnach nuair a ghlac sé leis an bhforáil sin. |
|
299 |
Dá réir sin, ní mór diúltú d’argóintí Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine agus Phoblacht na Polainne atá ag iarraidh comhréireacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a thabhairt faoi cheist. |
|
300 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad go dtí an tríú cuid den cheathrú saincheist a d’ardaigh Poblacht na Liotuáine, don dara saincheist a d’ardaigh Poblacht na Bulgáire, don dara cuid den chéad saincheist a d’ardaigh an Rómáin agus don chéad saincheist a d’ardaigh Poblacht na Polainne toisc í a bheith gan bhunús. |
(3) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe
(i) Argóint na bpáirtithe
|
301 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, leis an dara cuid dá dara saincheist, Poblacht na Bulgáire, leis an gcéad chuid dá cúigiú saincheist, agus an Rómáin, leis an dara chuid dá tríú saincheist, nach gcomhlíonann Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE. Líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire freisin go ndearnadh sárú ar Airteagal 20 agus 21 den Chairt agus ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE agus in Airteagal 95(1) CFAE, ‘a mhéid a mheasann an Chúirt gur gá sin’. |
|
302 |
Sa chéad áit, áitíonn na trí Bhallstát sin go sáraítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 sa mhéid is go gceadaítear leis idirdhealú idir oibreoirí atá bunaithe sna Ballstáit atá lonnaithe ar fhorimeall geografach an Aontais Eorpaigh agus iad siúd atá bunaithe sna Ballstáit atá suite i lár an Aontais Eorpaigh. Bheadh eagrú obair na dtiománaithe feithiclí earraí troma sa chaoi gur féidir leo filleadh ar a n‑áit chónaithe nó ar lárionad oibríochtúil a bhfostóra gach ceithre seachtaine ar a laghad i bhfad níos lú teoranta do ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit a bhfuil margadh mór náisiúnta acu, a ndéanann a dtiománaithe oibríochtaí iompair sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas iompair bunaithe, gar dá n‑áit chónaithe, ná do ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, a bhfuil a margadh náisiúnta teoranta agus a dhíríonn ar iompar idirnáisiúnta. Go háirithe, áitíonn an Rómáin go bhféadfadh an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) a bheith ina cúis le caillteanais shuntasacha do ghnóthais iompair arna mbunú sna Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, caillteanais atá, in aon chás, i bhfad níos airde ná na caillteanais arna dtabhú ag gnóthais iompair arna mbunú sna Ballstáit i lár nó in iarthar na hEorpa. Thairis sin, ba cheart na gnéithe eile den chéad phacáiste soghluaisteachta a chur san áireamh sa mheasúnú ar éifeachtaí Rialachán 2020/1054 ar an margadh iompair agus, go háirithe, ar an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de. Léireodh measúnú foriomlán ar na bearta sin go soiléir go bhfuil siad idirdhealaitheach ar an iomlán do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh. |
|
303 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine freisin go gcuireann an t‑idirdhealú a dhéantar le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 maidir le gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh bac ar fheidhmiú na saoirsí is saintréithe den mhargadh inmheánach, ós rud é go bhfuil na gnóthais sin i staid neamhfhabhrach i gcomparáid le gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite i lár an Aontais Eorpaigh agus sna réigiúin timpeall ar an lárionad sin. Dá bhrí sin, is beart cosantach é an fhoráil sin lena ndéantar gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh a eisiamh ón margadh iompair i gcuid de chríoch an Aontais Eorpaigh agus arb é is aidhm dó méid ghníomhaíochtaí na ngnóthas sin a laghdú. Ar an gcaoi sin, ba cheart don na Ballstáit sin dálaí oibre lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht na dtiománaithe a thairiscint do na tiománaithe ach ba cheart dóibh freisin gníomhaíocht na dtiománaithe a eagrú i mbealach is go mbeadh na turais a dhéanadh na feithiclí gan brabús, nó turais ina mbeadh na feithiclí folamh, agus iad ag fanacht ar thiománaithe eile lena n‑ionadú nó le filleadh, i ndiaidh a dtréimhse scíthe sheachtainiúil, ó ionad oibríochtúil an fhostóra nó a n‑áit chónaithe. |
|
304 |
Sa dara háit, áitíonn Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Bulgáire go n‑eascraíonn idirdhealú as Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 i gcoinne tiománaithe atá fostaithe ag gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh i gcomparáid leo siúd atá fostaithe ag gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá lonnaithe i lár an Aontais Eorpaigh, ós rud é go mbeadh turais achair fhada ag teastáil chun filleadh ar an mBallstát cónaithe ar feadh tréimhsí gearra ama, rud nach gá gur mian le tiománaithe. Laistigh de Bhallstát, dhéanfaí idirdhealú idir tiománaithe áitiúla agus tiománaithe ó Bhallstáit eile de bharr na hoibleagáide a chonspóidtear. Ina theannta sin, chuirfí oibrithe atá fostaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh i gcás níos casta go hoibiachtúil, sa mhéid is go mbeadh orthu achair níos faide a thaisteal agus níos mó ama a chailleadh ná oibrithe atá fostaithe i réigiúin thart ar lár an Aontais chun a gceart chun sosa sheachtainiúil rialta nó chúiteach a fheidhmiú. |
|
305 |
Sa tríú háit, áitíonn Poblacht na Bulgáire go sáraítear freisin, leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, prionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit mar gheall ar staid na mBallstát atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, ar staid í nach bhfuil chomh fabhrach céanna. |
|
306 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
307 |
Mar réamhphointe, is gá diúltú d’éileamh Phoblacht na Bulgáire lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 95(1) CFAE, is é sin an ‘saoirse chun seirbhísí a sholáthar’, ós rud é, de shárú ar na ceanglais a eascraíonn as an gcéad mhír d’Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus as Airteagal 120(c) de Rialacha Nós Imeachta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear i mír 139 den bhreithiúnas seo, go dtagraíonn an Ballstát sin do shárú den sórt sin gan argóintí sonracha a sholáthar mar thaca leis an éileamh sin agus tagairt amháin á dhéanamh aife d’Airteagal 95(1) CFAE ‘a mhéid a mheasann an Chúirt a bhfuil gá leis’. |
|
308 |
É sin ráite, ba cheart a mheabhrú gur prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é prionsabal na córa comhionainne, arna ráthú in Airteagal 20 den Chairt, ina bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos in Airteagal 21(1) de ina léiriú ar leith, lena n‑éilítear nach gcaitear staideanna comhchosúla ar bhealaí éagsúla ach nach gcaitear staideanna éagsúla ar bhealaí cosúla, móide i staideanna nach mbeadh bunús maith oibiachtúil lena gcaitheamh ar bhealach éagsúil (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Feabhra 2022, Glavna direktsia Pozharna bezopasnost i zashtita na naselenieto, C‑262/20, EU:C:2022:117, mír 58, chomh maith leis an 14 Iúil 2022, an Coimisiún v VW agus páirtithe eile, C‑116/21 P go C‑118/21 P, C‑138/21 P agus C‑139/21 P, EU:C:2022:557, míreanna 95 agus 140 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
309 |
Ní mór measúnú a dhéanamh ar inchomparáideacht na gcásanna faoi seach atá i gceist ní ar bhealach uilíoch agus teibí, ach go sonrach agus go nithiúil i bhfianaise na ngnéithe uile is saintréithe dóibh. Ní mór, go háirithe, na heilimintí sin a chinneadh agus a mheasúnú i bhfianaise ábhar agus chuspóir ghníomh an Aontais lena ndéantar an t‑idirdhealú atá i gceist. Caithfear prionsabail agus cuspóirí an réimse lena mbaineann an gníomh a chonspóidtear a chur san áireamh freisin (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Meitheamh 2018, MB (Athrú inscne agus pinsean scoir), C‑451/16, EU:C:2018:492, mír 42, agus an 10 Feabhra 2022, OE (Gnáthchónaí céile – Critéar náisiúntachta), C‑522/20, EU:C:2022:87, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
310 |
Tá údar le difríocht sa chaoi a gcaitear le cásanna inchomparáide i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar chritéar oibiachtúil agus réasúnach, eadhon i gcás ina mbaineann sé le haidhm atá incheadaithe ó thaobh an dlí de arna saothrú leis an reachtaíocht atá i gceist, agus go bhfuil an difríocht sin comhréireach leis an aidhm atá á saothrú leis an gcóir lena mbaineann (breithiúnais an16 Nollaig 2008, Arcelor Atlantique agus Lorraine agus páirtithe eile, C‑127/07, EU:C:2008:728, mír 47, chomh maith leis an 27 Eanáir 2022, Fondul Proprietatea, C‑179/20, EU:C:2022:58, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
311 |
Maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta, go sonrach, cé go leagtar amach an prionsabal sin in Airteagal 21(2) den Chairt, foráiltear in Airteagal 52(2) de, áfach, go bhfeidhmeofar na cearta a aithnítear sa Chairt atá faoi réir forálacha sna Conarthaí faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a shainítear sna Conarthaí sin. Is amhlaidh atá i gcás Airteagal 21(2) den Chairt, a chomhfhreagraíonn, mar a dhearbhaítear leis na mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17) a bhaineann leis an bhforáil sin, don chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE agus nach mór feidhm a bheith aige i gcomhréir leis an bhforáil sin (breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2019, Krah, C‑703/17, EU:C:2019:850, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
312 |
Lena chois sin, ní chuirtear cosc le hAirteagal 18 CFAE, lena bhfógraítear prionsabal ginearálta coisc in aghaidh aon idirdhealú, ar idirdhealú díreach amháin, arna bhunú ar náisiúntacht, ach cuirtear cosc leis ar gach cineál idirdhealú díreach agus indíreach, lena mbíonn an toradh céanna i gceist trí chur i bhfeidhm critéir idirdhealaithe eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2012, an Coimisiún v an Ostair, C‑75/11, EU:C:2012:605, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
313 |
Ina theannta sin, maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar chomhlíonadh phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe a rinne reachtóir an Aontais, chinn an Chúirt go bhfuil lánrogha leathan ag reachtóir an Aontais, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó, i gcás ina bhfuil baint aige le réimse a bhaineann le roghanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta agus nuair a iarrtar air measúnuithe agus meastóireachtaí casta a dhéanamh. Ní féidir difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht gnímh ach le nádúr ghnímh atá neamhoiriúnach go follasach i ndáil leis an gcuspóir a shaothraíonn reachtóir an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Feabhra 2022, OE (Gnáthchónaí céile – Critéar náisiúntachta), C‑522/20, EU:C:2022:87, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar sin féin, fiú i gcás ina bhfuil corrlach lánroghnach den sórt sin ann, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais a rogha a bhunú ar chritéir oibiachtúla atá iomchuí don aidhm atá á saothrú leis an reachtaíocht lena mbaineann, agus na fíorais uile agus na sonraí teicniúla agus eolaíocha uile atá ar fáil tráth glactha an ghnímh atá i gceist á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Nollaig 2008, Arcelor Atlantique agus Lorraine agus páirtithe eile, C‑127/07, EU:C:2008:728, mír 58). |
|
314 |
Agus a lánrogha á fheidhmiú aige, ní mór do reachtóir an Aontais, sa bhreis ar an gcuspóir atá á shaothrú, na leasanna lena mbaineann a chur san áireamh ina iomláine. I gcomhthéacs scrúdú a dhéanamh ar shrianta a bhaineann le bearta éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann, ní mór a mheas, cé go bhfuil tábhacht na gcuspóirí atá á saothrú de chineál chun údar a thabhairt le hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, fiú suntasach, d’oibreoirí áirithe, nach féidir le feidhmiú lánrogha reachtóir an Aontais torthaí a bhaint amach nach bhfuil chomh hiomchuí leis na torthaí a eascraíonn as bearta eile atá iomchuí do na cuspóirí sin freisin (breithiúnas an 16 Nollaig 2008, Arcelor Atlantique agus Lorraine agus páirtithe eile, C‑127/07, EU:C:2008:728, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
315 |
Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go bhfuil feidhm ag an riail a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, a mhéid a cheanglaítear ar ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú ionas go mbeidh an deis acu filleadh, gach trí nó ceithre seachtaine, de réir mar a bheidh, ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe, gan idirdhealú maidir leis na gnóthais iompair uile lena mbaineann, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, maidir le gach tiománaí, gan beann ar a náisiúntacht agus ar an mBallstát ina bhfuil a bhfostóir bunaithe, agus maidir leis na Ballstáit uile, agus mar thoradh air sin nach bhfuil idirdhealú díreach a thoirmisctear le dlí an Aontais i gceist léi. |
|
316 |
Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 308 go 310 den bhreithiúnas seo, an gcuirtear riail chomhionann i bhfeidhm gan údar maidir le cásanna éagsúla, i bhfianaise, go háirithe, an chuspóra atá á shaothrú léi, agus, dá bhrí sin, an ionann í agus idirdhealú indíreach a thoirmisctear le dlí an Aontais, a mhéid is dócha, mar a mhaíonn na Ballstáit iarrthacha, go ndéanfaidh sí difear, de bharr a cineáil féin, do níos mó gnóthas iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite, dar leo, ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’, ar na tiománaithe atá fostaithe ag na gnóthais sin agus ar an ngrúpa sin de Bhallstáit. |
|
317 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, mar a cuireadh in iúl i míreanna 249 agus 250 den bhreithiúnas seo, go bhféachtar leis an bhforáil sin le dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre na dtiománaithe laistigh den Aontas Eorpach a fheabhsú, trína áirithiú nach mbeidh tiománaithe in ann tréimhse rófhada a chaitheamh óna n‑áit chónaithe, agus iomaíocht chóir agus neamhshaofa a ráthú freisin idir gnóthais iompair laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh. |
|
318 |
Sa chéad áit, maidir le hidirdhealú líomhnaithe a bheith ann idir gnóthais iompair atá bunaithe san Aontas Eorpach, ní féidir a chur as an áireamh, fiú má tá feidhm ag Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 gan idirdhealú maidir leis na gnóthais sin go léir, go bhféadfadh tionchar níos mó a bheith ag an bhforáil sin, mar a cuireadh in iúl i mír 278 den bhreithiúnas seo, ar ghnóthais iompair, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, a roghnaigh samhail d’oibríocht eacnamaíoch arb é atá inti bulc a gcuid seirbhísí, nó iad go léir, a sholáthar d’fhaighteoirí atá bunaithe i mBallstáit i bhfad ón gcéad Bhallstát. |
|
319 |
Mar sin féin, mar a tugadh faoi deara i mír 236 den bhreithiúnas seo, is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta – go raibh cuid shuntasach de na gnóthais iompair sin, lena n‑áirítear iad siúd i mBallstát a d’aontaigh don Aontas Eorpach ón 1 Bealtaine 2004, ag déanamh a ngníomhaíochtaí cheana féin ar bhealach atá i gcomhréir leis an oibleagáid a leagtar síos anois in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
320 |
Sa chomhthéacs sin, tá an fhoráil sin, i bhfad ó bheith ina cúis le hidirdhealú idir gnóthais iompair, beartaithe, ar a mhalairt, mar is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 17 agus 18) agus aithris 1 de Rialachán 2020/1054, chun na coinníollacha éagóracha iomaíochta a leigheas do ghnóthais iompair, a d’éascaigh na léirithe agus na cleachtais náisiúnta éagsúla roimhe seo, mar gheall ar easpa rialacha soiléire maidir le filleadh tiománaithe, trí dhálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú, go háirithe iad siúd dá dtagraítear i mír 316 den bhreithiúnas seo, agus ar an gcaoi sin sábháilteacht ar bhóithre agus iomaíocht chóir agus neamhshaofa idir gnóthais iompair a áirithiú. |
|
321 |
Mar is léir ón gcásdlí a luaitear i míreanna 266 agus 267 den bhreithiúnas sin, tá reachtóir an Aontais, i bhfianaise na bhforbairtí suntasacha a rinne difear don mhargadh inmheánach, i dteideal gníomh reachtach a oiriúnú chun na leasanna lena mbaineann a athchothromú d’fhonn cosaint shóisialta na dtiománaithe a mhéadú trí leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfeidhmítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. |
|
322 |
Ní féidir foráil de dhlí an Aontais a mheas mar a bheith i gcoinne na bprionsabal córa comhionainne agus neamh-idirdhealaithe ar an mbunús amháin go mbíonn iarmhairtí éagsúla d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe, ós rud é gurb é sin an cás mar a bhíonn de bharr na gcoinníollacha éagsúla chur i bhfeidhm ina mbíonn siad ag feidhmiú, go háirithe mar gheall ar a suíomh geografach (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Meitheamh 1958, Wirtschaftsvereinigung Eisen‑ und Stahlindustrie agus páirtithe eile v Haute Autorité, 13/57, EU:C:1958:10, p. 292, chomh maith leis an 13 Samhain 1973, Werhahn Hansamühle agus páirtithe eile v an Chomhairle agus an Coimisiún, 63/72 go 69/72, EU:C:1973:121, mír 17), ach gan éagothroime dlí a bheith i gceist mar chuid doscartha den fhoráil sin a dhéantar agóid fúithi. |
|
323 |
In aon chás, fiú dá mbeadh sé mar thoradh ar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 go gcaithfí go cothrom le cásanna éagsúla, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 308 den bhreithiúnas seo, bheadh údar oibiachtúil leis an gcóir sin i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, i gcomhréir le hAirteagal 90 CFAE. Áirítear leis na cuspóirí sin, inter alia, dálaí fostaíochta a fheabhsú, dá dtagraítear sa bhrollach a ghabhann leis an CFAE agus sa chéad mhír d’Airteagal 151 CFAE, agus cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú, dá dtagraítear in Airteagal 9 agus sa chéad mhír d’Airteagal 151 CFAE. |
|
324 |
Ar an gcaoi sin, níor sháraigh reachtóir an Aontais na teorainneacha a bhaineann lena lánrogha, i bhfianaise an chásdlí dá meabhraítear i mír 313 den bhreithiúnas seo, agus rogha á dhéanamh aige chun bac a chur ar chleachtais áirithe, trí ghlacadh forála a bheadh infheidhme gan idirdhealú ar aon ghnóthas iompair arna bhunú san Aontas, a aithnítear na cleachtais sin a bheith ina chúis meatha do dhálaí oibre na dtiománaithe, fiú dá mba rud é go mbeadh ar ghnóthas iompair áirithe íoc as costais níos airde. |
|
325 |
I bhfianaise na bhfíoras agus na sonraí teicniúla agus eolaíocha a bhí ar fáil tráth a glacadh an fhoráil atá i gceist, bhunaigh reachtóir an Aontais an rogha sin ar chritéir oibiachtúla a bheadh oiriúnach do na cuspóirí atá á saothrú, agus na leasanna lena mbaineann á gcur san áireamh ina iomláine, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 313 agus 314 den bhreithiúnas seo. |
|
326 |
Sa dara háit, maidir leis an idirdhealú líomhnaithe idir tiománaithe, a bhfuil Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Bulgáire ag brath air, tá argóintí an dá Bhallstát sin bunaithe, go bunúsach nó go heisiach, ar an mbonn mícheart go gceanglaítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar thiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe, gan a bheith in ann a roghnú gan bhac cá háit a nglacfaidh siad a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach. Sa mhéid sin, ní mór diúltú d’argóint den sórt sin, mar a luadh cheana i mír 200 den bhreithiúnas seo. |
|
327 |
Thairis sin, tá gach tiománaí atá fostaithe san Aontas Eorpach i staid inchomparáide maidir lena gceart an tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh. Go háirithe, ní mór do gach tiománaí a bheith in ann, gan beann ar a náisiúntacht ná ar an mBallstát ina bhfuil a bhfostóir bunaithe, an tréimhse scíthe sin a ghlacadh ag a n‑áit chónaithe ar bhonn rialta más mian leo. |
|
328 |
Sna himthosca sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 342 dá Thuairim, ní féidir a mheas gur léir gur sháraigh reachtóir an Aontais an corrlach roghnach leathan atá aige trí mhainneachtain idirdhealú a dhéanamh idir na tiománaithe éagsúla de réir an achair nach mór dóibh taisteal chun filleadh ar a n‑áit chónaithe nó chuig ionad oibríochtúil an fhostóra, cé go mbeadh sé d’éifeacht ag idirdhealú den sórt sin tiománaithe áirithe a eisiamh ón gcosaint shóisialta a ráthaítear leis an mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, mar gheall ar an tsamhail ghnó a roghnaigh a bhfostóir. |
|
329 |
Áitíonn an Chomhairle agus údar maith aici, go bhfuil tiománaithe uile na hearnála iompair de bhóthar i staid inchomparáide maidir lena gceart chun sos scíthe seachtainiúil rialta nó cúiteach, caithfear na cearta céanna a dheonú dóibh, go háirithe maidir lena filleadh ar a n‑áit chónaithe nó ar ionad oibríochtúil an fhostóra, beag beann ar na hualaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá bhfostóirí faoi seach de bharr chur i bhfeidhm na gceart sin ag brath ar an tsamhail ghnó a roghnaigh na fostóirí. |
|
330 |
I ndáil leis sin, mar a tugadh faoi deara i mír 279 den bhreithiúnas seo, is iad na tiománaithe atá fostaithe ag gnóthas iompair a sholáthraíonn a sheirbhísí riachtanacha, nó fiú a sheirbhísí uile, d’fhaighteoirí atá bunaithe i mBallstáit atá iargúlta ón mBallstát ina bhfuil an gnóthas sin bunaithe, agus dá bhrí sin a dhéanann, i bprionsabal, a n‑oibríochtaí iompair i bhfad óna n‑áit chónaithe, arb iad is mó a bhfuil gá acu leis an gcosaint dá bhforáiltear leis an riail chomhchuibhithe a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
331 |
Sa dara háit, maidir leis an idirdhealú líomhnaithe idir na Ballstáit trí chur i bhfeidhm mícheart phrionsabal na córa comhionainne idir na Ballstáit faoi na conarthaí, arna ráthú in Airteagal 4(2) CFAE, a n‑áitíonn Poblacht na Bulgáire, tá argóintí an Ballstát sin bunaithe, go bunúsach nó go heisiach, ar an mbonn mícheart go gceanglaítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar thiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe, gan a bheith in ann a roghnú gan bhac cá háit a nglacfaidh siad a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach. Sa mhéid sin, ní mór diúltú d’argóint den sórt sin. |
|
332 |
Thairis sin, fiú má ghlactar leis go ndéantar difear indíreach do roinnt Ballstát níos mó ná a chéile leis an bhforáil sin, d’ainneoin a cineál atá infheidhme gan idirdhealú, is leor a mheabhrú, de réir chásdlí na Cúirte, nach féidir a mheas go bhfuil beart de chuid an Aontais arb é is cuspóir dó rialacha na mBallstát a chomhionannú, a mhéid atá feidhm chomhionann aige maidir leis na Ballstáit uile, idirdhealaitheach, ós rud é gur dosheachanta go mbíonn éifeachtaí éagsúla ag gníomh comhchuibhithe den sórt sin ag brath ar staid na ndlíthe agus na gcleachtas náisiúnta éagsúil roimhe sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Samhain 1990, Fedesa agus páirtithe eile, C‑331/88, EU:C:1990:391, mír 20). |
|
333 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar na breithnithe sin le héileamh na Rómáine, lena líomhnaítear an éifeacht idirdhealaitheach fhoriomlán a eascraíonn as na forálacha go léir a thagann faoin ‘bpacáiste soghluaisteachta’, atá ina ábhar do na trí chaingean a thionscain an Ballstát sin i gCásanna C‑546/20 go 548/20. Níor léirigh an Rómáin, i gCás C‑546/20, go n‑eascraíonn an t‑idirdhealú as Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. Maidir leis an gcuid eile, ní mór cáintí an Bhallstáit sin a bhaineann le Rialachán 2020/1055 agus Treoir 2020/1057 a scrúdú i gcomhthéacs na bpléadálacha dlí agus na n‑argóintí ar a bhfuil an Ballstát sin ag brath mar thaca lena ghníomhaíochtaí i gCásanna C‑547/20 agus C‑548/20 mar thaca lena éilimh go ndéanfaí na gníomhartha AE sin go léir nó cuid díobh a chur ar neamhní. |
|
334 |
De thoradh air sin, ní mór diúltú don chéad chuid den chúigiú saincheist a áitíonn Poblacht na Bulgáire, mar a bheith neamh-inghlachtha go páirteach, agus mar a bheith gan bhunús go páirteach, agus ní mór diúltú don dara chuid den dara saincheist a áitíonn Poblacht na Liotuáine mar a bheith gan bhunús agus diúltú don dara chuid den tríú saincheist a áitíonn an Rómáin. |
(4) Sárú ar na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(i) Argóint na bpáirtithe
|
335 |
Sa chéad háit, maíonn Poblacht na Liotuáine, ina céad saincheist, agus áitíonn Poblacht na Bulgáire ina céad chuid dá céad saincheist, go dtagann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 salach ar Airteagal 45 CFAE siocair go bhforchuirtear leis ar thiománaithe filleadh ar a n‑áit chónaithe nó ar ionad oibríochtúil an fhostóra, gan a bheith in ann a roghnú gan bhac cá háit a nglacfaidh siad a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach. Tugann na Ballstáit sin dá n‑aire freisin, i gcomhréir le hAirteagal 4(f) de Rialachán Uimh. 561/2006, go bhfuil an buncheart ag tiománaithe an áit ar cheart dóibh a dtréimhse scíthe a ghlacadh a roghnú. |
|
336 |
Baintear an ceart de thiománaithe freisin le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 chun cónaí i mBallstát chun dul i mbun fostaíochta ann agus chun fanacht ar chríoch Ballstáit tar éis dóibh a bheith fostaithe ann. Ní bheadh tiománaithe in ann fanacht sa Bhallstát óstach i ndiaidh an t‑iompar a dhéanamh. |
|
337 |
D’fhonn a bheith éifeachtach agus úsáideach, ní mór go mbeadh an ceart atá ag oibrithe a bheith fostaithe agus fostaithe gan idirdhealú mar chomhlánú, mar a chinn an Chúirt i mbreithiúnas an 7 Bealtaine 1998, Clean Car Autoservice (C‑350/96, EU:C:1998:205, míreanna 20 agus 21), ar cheart na bhfostóirí iad a fhostú i gcomhréir leis na rialacha maidir le saorghluaiseacht d’oibrithe. Trí Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a ghlacadh, chuireadh reachtóir an Aontais reachtaíocht i bhfeidhm lena gcuirfí d’oibleagáid ar ghnóthais iompair saoirse gluaiseachta d’oibrithe a shárú trína cheangal orthu iallach a chur ar thiománaithe filleadh ar a n‑áit chónaithe nó ar ionad oibríochtúil an ghnóthais i gcoinne a dtola. Dá bhrí sin, dhéanfadh an fhoráil sin idirdhealú i gcoinne tiománaithe atá gníomhach in earnáil an iompair de bhóthar i gcomparáid le hoibrithe in earnálacha iompair eile. |
|
338 |
Sa dara háit, áitíonn Poblacht na Liotuáine, leis an gcéad chuid dá dara saincheist, nach bhfuil Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ag luí leis an gcuspóir maidir le feidhmiú éifeachtúil agus iomaíoch an mhargaidh inmheánaigh a leagtar amach in Airteagal 26 CFAE. Ar thaobh amháin, cuirtear bac le hAirteagal 1(6)(d) ar an tsaorghluaiseacht d’oibrithe agus, ar an taobh eile, déantar idirdhealú leis in aghaidh oibrithe atá fostaithe sna Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh i gcomparáid le hoibrithe atá fostaithe sna Ballstáit atá suite i lár an Aontais Eorpaigh agus sna réigiúin timpeall air. |
|
339 |
Cuirtear an chéad cheann i gcás atá níos casta go hoibiachtúil, sa mhéid is, chun a gceart chun scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a fheidhmiú, go mbeadh orthu achair níos faide a thaisteal agus níos mó ama a chailleadh ná an dara ceann. Ar an gcaoi chéanna, cuirtear bac ar fheidhmiú saoirsí sainiúla an mhargaidh inmheánaigh do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach bhfuil siad chomh fabhrach céanna le gnóthais atá bunaithe i mBallstáit lárnacha an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is beart cosantach é Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar na cúiseanna céanna leo siúd a luaitear i mír 303 den bhreithiúnas seo i gcomhthéacs na hargóinte lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
|
340 |
Sa tríú háit, maíonn Poblacht na Bulgáire, leis an dara cuid dá céad saincheist, go sáraítear Airteagal 21(1) CFAE agus Airteagal 45 den Chairt le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
341 |
Dá bhrí sin, agus na tiománaithe ina gcáil shaoránach an Aontais, bheadh an ceart chun saorghluaiseachta ar chríoch an Aontais ag na tiománaithe le linn a dtréimhse scíthe. Is ionann iallach a chur ar na tiománaithe críoch Bhallstáit a fhágáil agus dul chuig áit shonrach chun a sos scíthe seachtainiúil rialta nó cúiteach a chaitheamh agus srian a chur ar an tsaorghluaiseacht dá ráthaítear leis na forálacha sin. |
|
342 |
Ina theannta sin, níl bonn cirt leis an srian sin i ndáil leis an gcuspóir dlisteanach dálaí oibre a fheabhsú. |
|
343 |
Ar thaobh amháin, níl an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh le ceart na dtiománaithe a dtréimhse scíthe a chaitheamh gan bac an tsaoirse le roghnú an áit ar mian leo a dtréimhse scíthe a chaitheamh agus le roghnú cibé acu a bhféachann siad taisteal a dhéanamh chun na críche sin, agus minice na sealanna fillte chuig an Ballstát cónaithe á cur san áireamh chomh maith leis an strus agus an tuirse méadaithe a bhaineann le turais fhada agus rialta amhail leis sin atá nasctha le comhlíonadh na hoibleagáide chun filleadh. Leis an mbeart atá i gceist, ba cheart fíorbhuntáiste a thabhairt do na hoibrithe lena mbaineann, rud a chuireann go mór lena gcosaint shóisialta. |
|
344 |
Ar an taobh eile, téann an oibleagáid sin thar a bhfuil riachtanach chun an aidhm a shaothraítear léi a bhaint amach. An cuspóir maidir lena áirithiú go bhfillfidh tiománaithe ar a n‑áit chónaithe go normálta, d’fhéadfaí é a bhaint amach freisin ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna le beart, amhail an beart a raibh an Pharlaimint i bhfabhar leis, arb é atá ann an ceart a thabhairt do thiománaithe áit scíthe eile a roghnú, ar choinníoll gur tugadh fógra i scríbhinn don fhostóir faoi rogha den sórt sin seachtain amháin ar a laghad sular glacadh tréimhse scíthe den sórt sin. |
|
345 |
Sa cheathrú háit, áitíonn an Rómáin, lena dara saincheist, go gcuirtear cosc gan údar maith le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, fiú ós rud é go bhféadtar é a chur i bhfeidhm gan idirdhealú, ar an saoirse bunaíochta dá ráthaítear in Airteagal 49 CFAE. |
|
346 |
Ar thaobh amháin, cuimsítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 oibleagáidí riaracháin nua do ghnóthais iompair as a dtagann méadú ar na costais a thabhaítear. Ba cheart go mbeadh na gnóthais sin in ann, inter alia, eagrú fhilleadh rialta na dtiománaithe a chruthú trí bhíthin taifid tacagraif, cláir seirbhísí tiománaithe nó doiciméid eile. Thairis sin, bheadh bunaíocht gnóthais iompair i mBallstát atá suite ar fhorimeall an Aontais níos lú brabúsaí, ag féachaint do na costais a bhaineann le hiompar na milliúin gciliméadar sa bhreis gach ceithre seachtaine, d'fhonn an turas fillte ó Bhallstáit ina mbíonn an éileamh is mó ar sheirbhísí iompair le fáil a eagrú. |
|
347 |
Ar an taobh eile, is é an toradh atá ar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 laghdú ar ioncam do ghnóthais iompair. Ós rud é gur FBManna iad formhór na ngnóthas sin, bheadh tionchar ag comhlíonadh na mbeart a thiocfadh as sin ar sciar suntasach den mhargadh, i bhfianaise, go háirithe, na dtréimhsí nach mbíonn tiománaithe ag gabháil d’aon ghníomhaíocht bhrabúsach lena linn, agus dá bhrí sin tá sé d’éifeacht aige gníomhaíocht tráchtála na ngnóthas sin a theorannú. Dá bhrí sin, spreagann an fhoráil sin gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh fochuideachtaí nó brainsí a bhunú, nó fiú a ngníomhaíochtaí a athlonnú, chuig na Ballstáit atá suite i lár nó in iarthar an Aontais Eorpaigh, agus éifeacht dhíspreagthach acu ar ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit sin maidir le cuideachtaí a bhunú sna chéad Bhallstáit. Ní eascraíonn an t‑athshocrú sin as fíor-rogha, ach is toradh é ar na srianta a eascraíonn as an oibleagáid na coinníollacha nua a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chomhlíonadh. |
|
348 |
Sa chúigiú háit, maíonn an Rómáin, sa dara cuid dá céad saincheist, go bhféadfadh srianta gan údar ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a bheith mar thoradh ar an oibleagáid atá ar tharlóirí a ngníomhaíochtaí a eagrú sa chaoi go nglacfar tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha i gcomhréir leis na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. Ina cúigiú saincheist, líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire freisin go sáraítear an tsaoirse bhunúsach sin leis an bhforáil sin. |
|
349 |
Cuireann an Rómáin in iúl, i ndáil leis sin, mar gheall ar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, go mbeidh ar ghnóthais iompair a ngníomhaíochtaí a eagrú ar bhealach a fhágfaidh go dtógfar na tréimhsí scíthe sin i gcomhréir leis na ceanglais sin. Is FBManna iad a bhformhór, mar a léirítear leis an bhfíoras go bhfuil idir feithicil amháin agus cúig fheithicil ag thart ar 83% de ghnóthais iompair sa Bhallstát sin. Sa chomhthéacs sin, leis na bearta a dhéantar chun an fhoráil sin a chomhlíonadh, coinnítear freisin na tréimhsí nach mbíonn tiománaithe ag gabháil d’aon ghníomhaíocht bhrabúsach lena linn, rud a d’fhéadfadh laghdú ar ioncam a bheith mar thoradh air. Ós rud é go mbeadh caillteanais níos mó ann do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais mar gheall ar fhilleadh tiománaithe a eagrú, bheadh orthu, d’fhonn a gcostais a laghdú, a ngníomhaíochtaí a dhíriú ar na Ballstáit atá suite in Iarthar na hEorpa trí fhochuideachtaí nó brainsí a chur ar bun ansin, nó fiú trína ngníomhaíochtaí a athlonnú ansin. Mar sin féin, tá earnáil an iompair ríthábhachtach don gheilleagar náisiúnta, go háirithe d’onnmhairí. |
|
350 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
351 |
Mar réamhphointe, is gá diúltú d’éileamh Phoblacht na Bulgáire lena líomhnaítear sárú ar an ‘saoirse chun seirbhísí a sholáthar’, ós rud é, de shárú ar na ceanglais a eascraíonn as an gcéad mhír d’Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus as Airteagal 120(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, dá dtagraítear i mír 139 den bhreithiúnas seo, go dtagraíonn an Ballstát sin do shárú den sórt sin gan argóintí sonracha a sholáthar mar thaca leis an líomháin sin. |
|
352 |
É sin ráite, ba cheart a mheabhrú, i réimse an iompair, nach rialaítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar le hAirteagal 56 CFAE, lena mbaineann an soláthar seirbhísí i gcoitinne, ach rialaítear an tsaoirse sin le hAirteagal 58(1) CFAE, foráil shonrach ar dá réir ‘rialaítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar le forálacha an Teidil maidir le hiompar’, eadhon Teideal VI den tríú cuid CFAE, lena n‑áirítear Airteagail 90 go 100 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Nollaig 2010, Yellow Cab Verkehrsbetrieb, C‑338/09, EU:C:2010:814, mír 29, agus an 21 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Danmhairg (Uastréimhse phairceála), C‑167/22, EU:C:2023:1020, mír 39). |
|
353 |
Dá bhrí sin, eisiatar seirbhísí i réimse an iompair, de réir bhrí Airteagal 58(1) CFAE, ó raon feidhme Airteagal 56 CFAE (breithiúnais an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 160, agus an 21 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Danmhairg (Uastréimhse pháirceála), C‑167/22, EU:C:2023:1020, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
354 |
Dá bhri sin go gcaithfear cur i bhfeidhm phrionsabal na saoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar, i gcomhréir le CFAE, a dhéanamh trí fhorfheidhmiú an chomhbheartais iompair, mar a rialaítear le hAirteagail 90 go 100 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2010, Yellow Cab Verkehrsbetrieb, C‑338/09, EU:C:2010:814, mír 30). |
|
355 |
Ba cheart a mheabhrú, go háirithe, i ndáil leis sin, sa chéad áit, faoi Airteagal 91(1) CFAE, go mbunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún, d’fhonn an comhbheartas sin a bhaint amach agus gnéithe speisialta an iompair á gcur san áireamh, ar an gcéad dul síos, comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Ballstáit nó uaithi nó ag dul trí chríoch Ballstáit amháin nó níos mó, ar an dara dul síos, na coinníollacha faoina bhféadfaidh tarlóirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair náisiúnta a oibriú laistigh de Bhallstát, ar an tríú dul síos, bearta chun sábháilteacht iompair a fheabhsú agus, ar an gceathrú dul síos, aon fhorálacha iomchuí eile. Agus na bearta sin á nglacadh, ní mór do reachtóir an Aontais, faoi Airteagal 91(2) CFAE, cásanna a chur san áireamh ina bhféadfadh an t‑iarratas difear tromchúiseach a dhéanamh don chaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe, chomh maith le hoibriú saoráidí iompair. Ina dhiaidh sin, de réir Airteagal 94 CFAE, ní mór staid eacnamaíoch na dtarlóirí a chur san áireamh in aon bheart i réimse na rátaí agus na gcoinníollacha iompair, a dhéantar faoi chuimsiú na gConarthaí. Ar deireadh, toirmisctear le hAirteagal 95 CFAE, i mír 1 de, idirdhealú i dtrácht laistigh den Aontas arb é atá ann go gcuireann iompróir rátaí agus coinníollacha éagsúla iompair i bhfeidhm, i leith na n‑earraí céanna, i ndáil leis na hearraí céanna ar bhonn thír thionscnaimh nó cheann scríbe na n‑earraí arna n‑iompar. |
|
356 |
Ní féidir feidhm a bheith ag an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar mar a ráthaítear í in Airteagal 56 CFAE ar sheirbhísí iompair ach sa mhéid a dhéanann beart nó gníomh an Aontais arna ghlacadh ar bhonn fhorálacha na gconarthaí maidir le hiompar an tsaoirse sin infheidhme (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 1994, an Coimisiún v an Fhrainc, C‑381/93, EU:C:1994:370, míreanna 12 agus 13; an 6 Feabhra 2003, Stylianakis, C‑92/01, EU:C:2003:72, mír 24, agus an 21 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Danmhairg (Uastréimhse phairceála), C‑167/22, EU:C:2023:1020, mír 40). |
|
357 |
A mhalairt air sin, tá feidhm díreach ag forálacha CFAE maidir le saoirse bunaíochta, dá bhforáiltear in Airteagail 40 go 55 CFAE, ar iompar (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2010, Yellow Cab Verkehrsbetrieb, C‑338/09, EU:C:2010:814, mír 33). |
|
358 |
Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 48 agus 50 dá Thuairim, is saintréith den chóras iompair i ndlí an Aontais é go gcuirtear i bhfeidhm le chéile, ar thaobh amháin, ceart bunaíochta i ngach Ballstát bunaithe ar CFAE agus, ar an taobh eile, ceart do tharlóirí chun saoirse seirbhísí iompair a sholáthar nach ráthaítear ach amháin a mhéid a aithnítear an ceart sin trí bhíthin reachtaíocht thánaisteach a ghlac reachtóir an Aontais i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, dá bhforáiltear in Airteagail 90 go 100 CFAE. Dá bhrí sin, cuireann na socruithe speisialta sin teorainn leis an bhféidearthacht atá ag náisiúnaigh na mBallstát a seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar go sealadach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe, agus tá sé de cheart ag náisiúnaigh na mBallstát uile iad féin a bhunú, tríd an tsaoirse bhunúsach a chumhdaítear in Airteagail 49 go 55 CFAE a fheidhmiú, i mBallstát eile ar bhonn buan agus gairm an oibreora iompair a shaothrú ansin faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin. |
|
359 |
Sa chás seo, maidir leis an sárú líomhnaithe, sa chéad áit, ar Airteagal 26 CFAE, a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, ar Airteagal 21(1) CFAE agus ar Airteagal 45(1) den Chairt, a bhaineann le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais, agus ar Airteagal 45 CFAE maidir le saorghluaiseacht d’oibrithe, ní mór a mheas go bhfuil na pléadálacha dlí agus na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Bulgáire ar aghaidh ina leith sin bunaithe go heisiach ar an réamhleagan mícheart, mar a luaitear i míreanna 168 go 180 den bhreithiúnas seo, ar dá réir a cheanglaítear le hAirteagal 1(6)(d), Rialachán 2020/1054 ar thiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe, gan a bheith in ann a roghnú gan bhac an áit a nglacfaidh siad a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach. Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na pléadálacha agus do na hargóintí sin, mar a luadh cheana i mír 200 den bhreithiúnas sin, ar an bhforas sin amháin. |
|
360 |
Sa dara háit, maidir leis an sárú arna líomháin ar shaoirse bunaíochta a mhaíonn an Rómáin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 49 CFAE, i gcomhthéacs na bhforálacha a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí den CFAE, go bhfuil toirmeasc ar shrianta ar shaoirse bunaíochta náisiúnach de chuid Ballstáit amháin i gcríoch Ballstáit eile. |
|
361 |
Mar is léir ó mhír 357 den bhreithiúnas seo, tá feidhm dhíreach ag na forálacha sin den CFAE maidir le saoirse bunaíochta maidir le hiompar agus ní, murab ionann agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, trí Theideal VI de Chuid a Trí den CFAE a bhaineann leis na seirbhísí sin. |
|
362 |
De réir cásdlí socair, deonaítear leis an tsaoirse bunaíochta a leagtar síos in Airteagal 49 CFAE do náisiúnaigh na mBallstát agus lena dtugtar dóibh rochtain ar ghníomhaíochtaí neamh-iníoctha agus feidhmiú na ngníomhaíochtaí sin, chomh maith leis an gcomhdhéanamh agus bainistíocht gnóthas, sna coinníollacha céanna a shonraítear le reachtaíocht an Bhallstáit bhunaigh dá náisiúnaigh féin, áirítear leis an méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 54 CFAE, an ceart do na cuideachtaí arna mbunú i gcomhréir leis an reachtaíocht Bhallstáit agus a n‑oifig riaracháin, a rialtas láir nó a bpríomháit gnó laistigh den Aontas, chun a ngníomhaíocht a shaothrú sa Bhallstát lena mbaineann trí idirghábhálaí, trí fhochuideachta, brainse nó gníomhaireacht (breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2022, Admiral Gaming Network agus páirtithe eile, C‑475/20 à C‑482/20, EU:C:2022:714, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
363 |
Tá raon feidhme an‑leathan ag an gcoincheap ‘bunaíocht’, de réir bhrí CFAE, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh náisiúnach de Bhallstát a bheith rannpháirteach, ar bhonn cobhsaí agus leanúnach, i saol eacnamaíoch Ballstáit seachas a Stát tionscnaimh agus tairbhe a bhaint as, murab ionann agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trína saothraíonn náisiúnach den sórt sin a ghníomhaíocht i mBallstát eile ar bhonn sealadach (féach, chuige sin, breithiúnas 30 Samhain 1995, Gebhard, C‑55/94, EU:C:1995:411, míreanna 25 agus 26). |
|
364 |
Tugtar le fios leis an gcoincheap sin gur féidir gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh go héifeachtach trí shuiteáil sheasmhach sa Bhallstát óstach ar feadh tréimhse neamhchinntithe. Glactar leis, dá bhrí sin, go bhfuil an trádálaí lena mbaineann bunaithe go hiarbhír sa Bhallstát sin agus go ndéanann sé gníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát sin (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Institut des Experts en Automobiles, C‑502/20, EU:C:2021:678, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
365 |
De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, ní mór aon bheart lena gcuirtear toirmeasc, bac nó tarraingteacht fheidhmiú na saoirse a ráthaítear le hAirteagal 49 CFAE a mheas mar shrian ar an tsaoirse bunaíochta (breithiúnais an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20,EU:C:2022:638, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 8 Meitheamh 2023, Prestige and Limousine, C‑50/21, EU:C:2023:448, mír 61), a bhfuil feidhm aige ní hamháin maidir le bearta náisiúnta ach maidir leo siúd a ghlac institiúidí an Aontais freisin (féach, de réir analaí, maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
366 |
I ndáil leis sin, ní mór a lua freisin go dtoirmisctear, i bprionsabal, le CFAE fiú srian ar raon feidhme teoranta nó miontábhacht leis an tsaoirse bhunúsach sin (breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2022, Admiral Gaming Network agus páirtithe eile, C‑475/20 go C‑482/20, EU:C:2022:714, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
367 |
De réir cásdlí socair, ní cheadaítear srian ar shaoirse bhunaíochta ach amháin más rud é, ar an gcéad dul síos, go bhfuil údar leis ar chúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail agus, ar an dara dul síos, go gcomhlíonann sé prionsabal na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór é a bheith iomchuí chun a áirithiú, ar bhealach comhsheasmhach córasach, go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach (breithiúnais an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus Páirtithe Eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 65, agus an 8 Meitheamh 2023, Prestige and Limousine, C‑50/21, EU:C:2023:448, mír 64). |
|
368 |
Sa chás seo, ní hionann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, a bhfuil feidhm aige gan idirdhealú maidir le gach gnóthas iompair a thagann faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 561/2006, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, agus srian, fiú srian íosta, ar an tsaoirse bunaíochta a ráthaítear le hAirteagal 49 CFAE, contrártha leis an méid a mhaíonn an Rómáin. |
|
369 |
Ar thaobh amháin, ní chuireann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 isteach ar bhealach ar bith ar cheart na ngnóthas iompair atá bunaithe i mBallstáit seachas an Rómáin a ngníomhaíochtaí iompair a dhéanamh ansin trí fhochuideachta, brainse nó gníomhaireacht a chur ar bun. |
|
370 |
Ní chuireann an fhoráil sin bac ach oiread ar cheart na ngnóthas iompair atá bunaithe sa Rómáin a ngníomhaíochtaí a dhéanamh i mBallstáit eile dá rogha féin trí fhochuideachta, brainse nó gníomhaireacht a chur ar bun sna Ballstáit sin. |
|
371 |
Ar an taobh eile, ní thugtar na breithnithe sin faoi cheist le héilimh na Rómáine maidir leis na costais a bheadh i gceist do ghnóthais iompair leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
372 |
Is fíor go bhféadfadh sé go mbeadh ar ghnóthais iompair nár eagraigh obair a dtiománaithe roimh ghlacadh na forála sin sa chaoi is gur féidir leo filleadh, de réir mar a bheidh, gach trí nó ceithre seachtaine ar an mBallstát ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe nó ar a n‑áit chónaithe ualaí breise a iompar mar thoradh ar thabhairt isteach na hoibleagáide a leagtar síos leis an bhforáil sin. Mar sin féin, déanann tionchar den sórt sin difear do na gnóthais sin gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, mar gheall ar an tsamhail ghnó atá glactha acu. |
|
373 |
Thairis sin, is fíor gur féidir tionchar níos tábhachtaí a bheith ag an oibleagáid a fhoráiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar na gnóthais iompair ina ndéanann na tiománaithe turais a mhaireann tamall fada i bhfad ó ionad oibríochtúil a bhfostóra nó óna n‑áit chónaithe, lena bhféadfadh costais sa bhreis a chur ar na gnóthais sin agus d’fhéadfadh caillteanas ioncaim a bheith i gceist. Mar sin féin, ní léiríonn an difríocht tionchair sin, a eascraíonn as an tsamhail oibriúcháin eacnamaíoch arna glacadh ag na gnóthais sin, ar bhealach ar bith go bhfuil srian ar shaoirse bunaíochta, ós rud é, mar a cuireadh in iúl i mír 370 den bhreithiúnas seo, nach gcuireann an fhoráil sin srian ar bhealach ar bith ar shaoirse gnóthas iompair iad féin a bhunú i mBallstáit eile trína mbunú ansin agus trí ghníomhaíocht an iompróra a sheoladh go héifeachtach ansin trí bhunaíocht chobhsaí. |
|
374 |
Sa tríú agus sa deireadh áit, maidir le maíomh na Rómáine ar dá réir a d’fhéadfadh srianta gan údar maith ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar teacht chun cinn de bharr Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, is leor é a chur in iúl, fiú dá mba rud é go ndéanfadh an oibleagáid a fhoráiltear san fhoráil sin soláthar seirbhísí ní ba lú mealltaí maidir leis an tsamhail oibriúcháin eacnamaíoch arna cur in iúl i míreanna 372 agus 373 den bhreithiúnas seo, níorbh ionann é sin agus sárú ar Rialachán CFAE maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. |
|
375 |
Mar is léir ó mhíreanna 352 go 358 den bhreithiúnas sin, ní rialaítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair le hAirteagal 56 CFAE, a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar go ginearálta, ach le hAirteagal 58(1) CFAE, foráil shonrach ar dá réir a rialófar an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar le hAirteagail 90 go 100 CFAE, lena bhfoirmítear Teideal VI de Chuid a Trí den CFAE maidir leis an gcomhbheartas iompair. Ní mór, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm phrionsabal na saoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar a bhaint amach, de réir an Chonartha sin, trí chur chun feidhme an chomhbheartais iompair, a thagann faoi raon feidhme na bhforálacha arna nglacadh ag an bParlaimint agus ag an gComhairle ar bhonn, go háirithe, Airteagal 91(1) CFAE. |
|
376 |
Is é sin go beacht cuspóir Rialachán 2020/1054, a ghlac reachtóir an Aontais ar bhonn na forála sin, chun leasú a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 561/2006, a glacadh é féin ar bhonn Airteagal 71 de Chonradh CE, Airteagal 91 CFAE anois, chun forálacha áirithe den reachtaíocht shóisialta a bhaineann le hiompar de bhóthar a chomhchuibhiú. |
|
377 |
Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 177 dá Thuairim, tá reachtóir an Aontais i dteideal, trí ghníomh reachtach a oiriúnú chun cosaint shóisialta na n‑oibrithe lena mbaineann a mhéadú, athrú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfeidhmítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair de bhóthar, ós rud é, faoi Airteagal 58(1) CFAE, go gcinntear méid an léirscaoilte sa réimse sin ní hamháin le hAirteagal 56 CFAE ach le reachtóir an Aontais féin i gcomhthéacs chur chun feidhme an chomhbheartais iompair. D’fhéadfadh sé a bheith mar chuspóir ag reachtóir an Aontais agus na bearta sin á nglacadh aige maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar ní hamháin go n‑éascófar cur i bhfeidhm an tsaoirse sin ach go n‑áiritheofar freisin, de réir mar a bheidh, an chosaint ar leasanna bunúsacha eile a aithníonn an tAontas a d’fhéadfadh an tsaoirse sin tionchar a imirt orthu (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 105), lena n‑áirítear feabhsú na gcoinníollacha fostaíochta, dá saothraítear i mbrollach CFAE agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 151, CFAE, chomh maith le cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú, de réir bhrí Airteagal 9 agus na chéad fomhíre d’Airteagal 151 CFAE. |
|
378 |
Ina dteannta sin, mar is léir ó Airteagal 90 CFAE, nach mór go ligtear cuspóirí na gConarthaí a shaothrú faoi chomhbheartas iompair an Aontais, cuspóirí lena n‑áirítear iad siúd a leagtar síos sa mhír roimhe seo. |
|
379 |
Dá bhrí sin, i gcomhthéacs na mbeart arna nglacadh chun an comhbheartas iompair a chur chun feidhme, amhail an ceann dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, tá reachtóir an Aontais i dteideal, chun a áirithiú nach bhfanfaidh tiománaithe atá fostaithe ag gnóthais iompair ar shiúl ar feadh tréimhsí fada dá n‑áit chónaithe, bearta a ghlacadh atá ceaptha chun a ngníomhaíochtaí fostaíochta a fheabhsú agus chun cosaint shóisialta leordhóthanach a áirithiú. |
|
380 |
Dá bhrí sin, ní mór an líomhain maidir le sárú ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a dhiúltiú toisc é a bheith neamh-inghlactha, a mhaoímh Poblacht na Bulgáire ina cúigiú saincheist dlí, dá dtagraítear i mír 351 den bhreithiúnas seo. Thairis sin, ní mór diúltú don chéad saincheist agus don chéad chuid den dara saincheist a d’áitigh Poblacht na Liotuáine, don chéad saincheist a d’áitigh Poblacht na Bulgáire, don dara saincheist a d’áitigh an Rómáin agus don argóint maidir le sárú rialacha CFAE maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a chuir an Ballstát sin chun cinn sa dara cuid dá chéad saincheist toisc go bhfuil siad gan bhunús. |
(5) Sárú ar Airteagal 91(2) agus ar Airteagal 94 CFAE
(i) Argóint na bpáirtithe
|
381 |
Áitíonn an Rómáin, i gcomhthéacs na n‑argóintí a forbraíodh mar thaca lena dara cuid den chéad saincheist, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, agus maíonn Poblacht na Polainne, faoi seach, lena tríú saincheist agus lena ceathrú saincheist, trí Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a ghlacadh, gur thug reachtóir an Aontais neamhaird ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE. |
|
382 |
Sa chéad áit, maidir leis an sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, áitíonn Poblacht na Polainne nach féidir a mheas gur tugadh aird chuí ar thionchar na forála sin ar chaighdeáin mhaireachtála agus ar fhostaíocht i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair mar gheall ar chineál dromchlach an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Shóisialta agus easpa measúnaithe tionchair a bhaineann leis an mbeart a glacadh ar deireadh in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. Cé go bhfuil corrlach leathan lánroghnach ag reachtóir an Aontais, ní féidir an oibleagáid a fhorchuirtear air éifeachtaí áirithe a chur san áireamh a theorannú go díreach do bheith ar an eolas faoi na héifeachtaí sin, ós rud é go mbeadh Airteagal 91(2) CFAE neamhéifeachtach murach sin. |
|
383 |
Ar thaobh amháin, maidir leis an éifeacht ar oibriú saoráidí iompair, tá Poblacht na Polainne den tuairim nár cuireadh san áireamh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, go háirithe, na hiarmhairtí a eascraíonn as an méadú ar líon na dturas ar phríomhbhealaí idirthurais an Aontais Eorpaigh, líon arb ionann é agus 8,880,000 turas fillte in aghaidh na bliana. Áitíonn an Ballstát sin go ndéanfadh na turais sa bhreis sin an brú tráchta ar na bóithre agus díghrádú stát an infreastruchtúir bóithre ní ba mheasa dá gcuirtear in iúl leis an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar an ‘Ceathrú Gníomh Cumhachta’ a d’fhorbair an American Association of State Highway and Transportation Officials (AASHTO), bunaitheoir caighdeán de chuid na Stát Aontaithe, lena léirítear tionchar feithiclí ar infreastruchtúr bóithre, ar dá réir a mhéadaíonn éifeacht an mheatha ar bhóithre go heaspónantúil, ag cumhacht a ceathair, agus an méadú ar mheáchan feithiclí. Cé go bhfuil níos lú feithiclí earraí troma ann ná feithiclí príobháideacha, bheadh a dtionchar ar infreastruchtúr i bhfad níos mó dá bhrí sin. |
|
384 |
Ar an taobh eile, maidir leis an éifeacht ar chaighdeáin mhaireachtála agus ar fhostaíocht, dhéanfadh an méadú ar thrácht ar bhóithre dochar freisin don cháilíocht saoil i gceantair atá gar do na príomhnóid iompair. Measann Poblacht na Polainne go dtiocfaidh méadú 19%, ar an meán, ar líon na dtiománaithe a bhfuil riosca ag baint leo mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a bhaineann le hiompar de bhóthar, ar méadú é a bhaineann leis an gcathú an reachtaíocht a shárú chun an oibleagáid nua sin a oiriúnú nó dul timpeall uirthi, rud a mhéadóidh líon na dtionóiscí marfacha. Ní chuirfí san áireamh ach oiread na hiarmhairtí géara do thiománaithe agus do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais, a mbeadh meánfhad na dturas ar ais chuig ionad oibríochtúil an fhostóra i bhfad níos airde ina leith, ná na hualaí breise riaracháin agus eagraíochtúla a chuirfí ar ghnóthais iompair, ar FBManna iad níos mó ná a leath díobh. D’fhágfadh sé sin gur dhócha go mbeadh baol féimheachta ann do go leor gnóthas iompair nó go n‑aistreofaí iad chuig Ballstáit lárnacha an Aontais Eorpaigh. Ar an gcaoi sin, áitíonn an Rómáin go méadóidh costais agus go laghdóidh ioncaim na ngnóthas iompair a bhunaítear sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh i gcodarsnacht leis na gnóthais iompair a bhunaítear sna Ballstáit i lár an Aontais, de bharr na hoibleagáide a fhoráiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, a bheidh ina chúis do líon súntasach na ngnóthas sin sna Ballstáit lárnacha iad féin a athlonnú. |
|
385 |
Sa dara háit, maidir leis an sárú ar Airteagal 94 CFAE, áitíonn Poblacht na Polainne, agus Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 á ghlacadh, nár chuir reachtóir an Aontais staid eacnamaíoch na ngnóthas iompair san áireamh, go háirithe FBManna, arb ionann iad agus an chuid is mó díobh san Aontas Eorpach. Ba bheag an scrúdú tionchair ar an bhforáil sin ar FBManna a rinneadh leis an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta, cé go gcuirfí iallacha riaracháin agus eagraíochtúla orthu. Measann an Rómáin freisin go mbaineann an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil dheireanach sin an bonn go mór ó staid na ngnóthas iompair ar an gcúis sin. |
|
386 |
Thairis sin, cuireann Poblacht na Polainne in iúl gur cheart an méadú ar chiliméadair a eascraíonn as an oibleagáid sin a mheasúnú i gcomhthéacs foriomlán an chéad phacáiste soghluaisteachta, a bhfuil Rialachán 2020/1055 mar chuid de. Eascraíonn turais 2,035,200,000 ciliméadar, gach bliain, as cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin sin, i gcás feithiclí a fhilleann ar ionaid oibríochtúla sa Pholainn, agus i gcás na bhfeithiclí sin amháin. Ag glacadh leis go ndearnadh 60% de na turais sin gan ualach, bheadh na feithiclí sin tar éis 1,221,120,000 ciliméadar a thaisteal gan ualach in aon bhliain amháin. I measc an iliomad beart atá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmíonn oibrithe a gceart chun sosa, roghnaigh reachtóir an Aontais, dá bhrí sin, an beart is troime do ghnóthais iompair. |
|
387 |
Ceann de na héifeachtaí atá ag an staid sin is ea tarraingt siar roinnt de na gnóthais iompair ón margadh a thagann ó earnáil FBManna atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, ós rud é, mar gheall ar a n‑iargúltacht ó lár an Aontais Eorpaigh, go mbeadh sé thar a bheith deacair do na gnóthais sin na ceanglais riaracháin agus eagraíochtúla a bhaineann leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chomhlíonadh. D’fhéadfadh cuid de na gnóthais iompair a chinneadh freisin a lárionad oibríochtúil a aistriú chuig na Ballstáit atá lonnaithe i lár an Aontais. Maidir leis an toimhde nach féidir leis an gcinneadh tráchtála chun an gnóthas a athlonnú dochar a dhéanamh dó, bréagnaítear é toisc gur ualach an‑suntasach ar oibriú an ghnóthais é suíomh an ghnóthais a aistriú. Thairis sin, murab ionann agus cuideachtaí ilnáisiúnta, bheadh FBManna nasctha leis an áit óna soláthraíonn siad a gcuid seirbhísí. |
|
388 |
De réir Phoblacht na Polainne, léiríonn forchur na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 le linn phaindéim COVID-19 freisin nár cuireadh staid eacnamaíoch na ngnóthas iompair san áireamh. Bhí éifeachtaí eacnamaíocha na paindéime sin le brath go háirithe in earnáil an iompair, ós rud é go raibh sí neamhchosanta ar éileamh níos ísle agus ar na srianta ar thrasnú teorainneacha inmheánacha a thug na Ballstáit isteach arís. Bhí na héifeachtaí sin ann cheana féin le linn an nós imeachta reachtaigh. |
|
389 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
390 |
Ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a cuireadh in iúl i míreanna 352, 354 agus 355 den bhreithiúnas seo, go bhfuil Airteagal 91(2) CFAE agus Airteagal 94 CFAE araon ina gcuid de Theideal VI de Chuid a Trí den CFAE, a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair. |
|
391 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an sárú líomhnaithe ar Airteagal 91(2) CFAE, ní mór a mheabhrú, faoin bhforáil sin, nach mór do reachtóir an Aontais a chur san áireamh, agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin á nglacadh aige, arb é is cuspóir dóibh cur chun feidhme an chomhbheartais iompair i bhfianaise ghnéithe speisialta an bheartais iompair, cásanna ina bhféadfadh cur i bhfeidhm na mbeart sin difear tromchúiseach a dhéanamh don chaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus d’oibriú saoráidí iompair. |
|
392 |
Ós rud é gur ghlac reachtóir an Aontais Rialachán 2020/1054 ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, nach bhfuil faoi dhíospóid sna caingne seo, is faoi reachtóir an Aontais a bhí sé, dá bhrí sin, na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) CFAE a chur san áireamh agus Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin á ghlacadh aige. |
|
393 |
I ndáil leis sin, ceanglaítear le hAirteagal 91(2) CFAE ar reachtóir an Aontais, agus bearta á nglacadh aige ar bhonn Airteagal 91(1) de, ‘a dtionchar ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair a chur san áireamh’, ar cuid é d’ualú níos leithne na gcuspóirí agus na leasanna éagsúla atá i gceist. Thairis sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 285 dá Thuairim, léirítear le húsáid an fhocail ‘mór’ go n‑éilítear le hAirteagal 91(2) CFAE go mbeidh tionchar suntasach ag na bearta atá i gceist ar na paraiméadair sin seachas éifeacht amháin. |
|
394 |
Dá bhrí sin, leanann sé ó Airteagal 91(2) CFAE nach dearbhtheorainneacha iad na héifeachtaí tromchúiseacha ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair i bhfianaise na lánrogha leithne atá ag reachtóir an Aontais i réimse an chomhbheartais iompair agus bearta á nglacadh ar an mbonn sin, ar choinníoll go gcuirtear na tosca sin san áireamh ann. |
|
395 |
Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar na héifeachtaí a eascraíonn as beart a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 91(1) CFAE, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais na leasanna éagsúla atá i gceist a chur san áireamh ar bhealach cothrom chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis a bhaint amach. Dá bhrí sin, ós rud é nach mór dó an caighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, leasanna eacnamaíocha gnóthas iompair, ní chuirtear bac ar na gnóthais sin a bheith faoi réir bearta ceangailteacha (féach, de réir analaí, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2004, an Spáinn agus an Fhionlainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑184/02 agus C‑223/02, EU:C:2004:497, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
396 |
Dá bhrí sin, is léiriú é Airteagal 91(2) CFAE go bunúsach ar an oibleagáid atá ar reachtóir an Aontais gníomhú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta trí bhearta a ghlacadh atá iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus nach dtéann go follasach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
397 |
Chomh maith leis an bhfíoras gur diúltaíodh do na pléadálacha agus na hargóintí a ardaíodh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, níor sholáthair an Rómáin ná Poblacht na Polainne, mar thaca leis na pléadálacha agus na hargóintí reatha lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, aon fhianaise bhreise a d’fhéadfadh bunús a thabhairt lena héileamh go bhfuil tionchar tromchúiseach ag an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú trealaimh iompair, rud nár chuir reachtóir an Aontais san áireamh agus an oibleagáid sin á bunú, de shárú ar Airteagal 91(2) CFAE. |
|
398 |
Thairis sin, tá forluí idir na pléadálacha agus na hargóintí sin, go hiomlán maidir leis an Rómáin nó den chuid is mó i gcás Phoblacht na Polainne, agus iad siúd a bhfuiltear ag brath orthu cheana féin mar thaca leis na pléadálacha lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
|
399 |
Dá bhrí sin, maidir le tionchar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar oibriú saoráidí iompair, sa chéad áit, tá an argóint a chuir Poblacht na Polainne chun cinn, trína gcáineann sí an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta toisc nár scrúdaíodh éifeachtaí diúltacha na forála sin ar infreastruchtúr bóithre – bunaithe ina hiomláine ar an mbonn go mbeadh méadú suntasach ar thrácht mar thoradh ar an oibleagáid atá ar ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi is gur féidir leo filleadh ar ionad oibríochtúil nó áit chónaithe a bhfostóra. Mar is léir ó mhíreanna 236 agus 295 den bhreithiúnas seo, tá an toimhde sin mícheart sa mhéid is go nglactar leis, ar thaobh amháin, sular glacadh an beart sin, gur fhill líon beag tiománaithe ar cheann amháin nó ar cheann eile de na háiteanna sin agus, ar an taobh eile, nach mór an filleadh sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfeithicil atá in úsáid ag an tiománaí. |
|
400 |
Thairis sin, mar a cuireadh in iúl i mír 295 den bhreithiúnas seo, ní chuirtear toirmeasc le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar an ngnóthas iompair filleadh an tiománaí a mheaitseáil leis an tiománaí a dhéanann oibríocht iompair chuig an mBallstát ina bhfuil na háiteanna sin chun teorainn a chur le tuairisceáin fholmha nach bhfuil beartaithe ach amháin chun a n‑oibleagáid faoin bhforáil sin a chomhlíonadh. Ní mhíníonn Poblacht na Polainne, maidir leis sin, an tslí ina ndéanfadh filleadh amhail sin ní ba mhó dochair don infreastruchtúr de bhóthar thar aon turas eile a dhéanfadh na tiománaithe céanna lena bhfeithicil i gcomhthéacs oibríochtaí iompair rialta a bhfostóra. Thairis sin, ní cuireadh in iúl ach oiread go stopfaí feithicil, ná nach mbainfí úsáid aisti, nach bhfillfeadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra ná ar áit chónaithe an tiománaithe, le linn na tréimhse lena mbaineann, chun oibríochtaí rialta an ghnóthais iompair a dhéanamh. |
|
401 |
Sa dara háit, maidir le tionchar Airteagal 1(6)(d) ar cháilíocht na beatha i limistéir atá gar do na príomhnóid iompair agus na rioscaí a bhaineann leis an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil sin do shábháilteacht ar bhóithre, tá an argóint a chuir Poblacht na Polainne chun cinn bunaithe freisin, go bunúsach, ar an mbonn mícheart céanna gurb í an fhoráil sin is cúis le méadú suntasach ar thrácht, rud nach bhfágann gur féidir a fháil amach nár chuir reachtóir an Aontais an tionchar sin san áireamh. Maidir leis an gcuid eile, a mhéid a cháineann an Ballstát sin mainneachtain reachtóir an Aontais scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí na forála sin ar thiománaithe atá fostaithe i mBallstáit áirithe, mar gheall ar na hachair shuntasacha a chaithfidh siad a thaisteal agus an tuirse mhéadaithe a eascraíonn as sin, ní mór diúltú dá argóint ar na cúiseanna a leagtar amach cheana i mír 292 den bhreithiúnas seo. |
|
402 |
Sa tríú háit, maidir le tionchar Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ar an bhfostaíocht, maíonn Poblacht na Polainne go mbeidh costais riaracháin agus eagraíochtúla breise ann ‘a bheadh ina mbaol an‑dóchúil’ a bheadh ina gcúis féimheachta do líon mór gnóthas iompair nó ina gcúis athlonnaithe dóibh chuig na Ballstát atá ‘i lár an Aontais’. Mar sin féin, ní mór maíomh den sórt sin a mheas, in éagmais aon fhianaise shonrach a d’fhéadfadh bunús a thabhairt leis, mar mhaoímh amhantrach agus, in aon chás, nach leor é chun tionchar tromchúiseach ar an bhfostaíocht a léiriú. Is amhlaidh atá, mar a cuireadh in iúl i míreanna 276 agus 293 den bhreithiúnas seo, maidir le héileamh chomh ginearálta agus chomh teibí céanna na Rómáine go ndéanfar gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit áirithe a athlonnú mar thoradh ar an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil sin mar gheall ar an méadú ar a gcostais agus ar an laghdú ar a n‑ioncam. |
|
403 |
Sa mhéid sin, ní féidir leis na hargóintí sin amhras a chaitheamh ar na torthaí a rinne an Coimisiún sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 60 agus 61), ar dá réir ba cheart tionchar dearfach a bheith ag na bearta a bhaineann le ham oibre agus socruithe scíthe seachtainiúla ar tharraingteacht ghairm an tiománaí agus, dá bhrí sin, ar sholáthar mhargadh an tsaothair, fuarthas amach sa mheasúnú tionchair sin i ndáil leis sin gurb é an meath ar dhálaí oibre is cúis leis an nganntanas tiománaithe, i bpáirt, rud a dhéanann dochar d’íomhá agus do tharraingteacht na gairme (cuid 1/2, lch. 9). Mar is léir ó staidéar a raibh Poblacht na Polainne ag brath air [‘Transport of the Future. Report on prospects for the development of road transport in Poland in 2020-2030’ (‘Iompair san Am atá amach Romhainn: Tuarascáil a thabhairt ar na hionchais d’fhorbairt an iompair de bhóthar sa Pholainn sa tréimhse 2020-2030’), 2019, lch. 42], is achair fhada go beacht ón áit chónaithe atá ar cheann de na cúiseanna leis an nganntanas sin. |
|
404 |
In aon chás, ba cheart a chur in iúl freisin, murab ionann agus an méid a thugann an Rómáin agus Poblacht na Polainne le fios, nach féidir a mheas ar bhealach ar bith gur cúlchéimniú i mbunú comhbheartais iompair ar sárú é ar Airteagal 91(2) CFAE é gnóthais iompair áirithe a bheith in ann costais agus ualaí riaracháin níos airde a iompar mar thoradh ar an méadú ar an gcosaint shóisialta a ráthaítear do thiománaithe le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
405 |
Ba cheart a mheabhrú freisin, mar a luaitear i mír 266 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil comhordú déanta cheana féin ag gníomh reachtach ar dhlíthe na mBallstát i réimse áirithe gníomhaíochta de chuid an Aontais, nach féidir an fhéidearthacht a bhaint de reachtóir an Aontais an gníomh sin a oiriúnú d’aon athrú ar imthosca nó d’aon fhorbairt eolais ag féachaint dá chúram cosaint na leasanna ginearálta a aithnítear in CFAE a áirithiú agus cuspóirí trasearnálacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear in Airteagal 9 den Chonradh sin a chur san áireamh, lena n‑áirítear cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú. Ní féidir le reachtóir an Aontais, i gcás den sórt sin, a chúram a chomhlíonadh go cuí maidir le cosaint na leasanna ginearálta sin agus na gcuspóirí trasearnálacha sin a áirithiú ach amháin má tá sé i dteideal reachtaíocht ábhartha an Aontais a oiriúnú d’athruithe nó d’fhorbairtí den sórt sin. |
|
406 |
Sa dara háit, maidir leis an sárú ar Airteagal 94 CFAE arna líomhain, ba cheart a mheabhrú, faoi théarmaí na forála sin, nach mór d’aon bheart a ghlacfar faoi chuimsiú na gConarthaí ‘i réimse na rátaí agus gcoinníollacha iompair’, imthosca eacnamaíocha na dtarlóirí a chur san áireamh. |
|
407 |
Ní rialaítear le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 na rátaí ná na coinníollacha chun earraí nó paisinéirí a iompar, ach leagtar síos leis na coinníollacha faoina nglacann tiománaithe a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach, trína fhoráil nach mór do ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi gur féidir leo filleadh, de réir mar a bheidh, gach trí nó ceithre seachtaine ar ionad oibríochtúil a bhfostóra nó ar a n‑áit chónaithe. Dá bhrí sin, tá éifeachtaí ró-dhíreacha ag an bhforáil sin ar na praghsanna agus ar na coinníollacha chun earraí nó paisinéirí a iompar a thagann faoi raon feidhme Airteagal 94 CFAE, ar leor é chun diúltú do na hargóintí a chuir an Rómáin agus Poblacht na Polainne chun cinn lena líomhnaítear sárú ar an bhforáil sin. |
|
408 |
De thoradh air sin, ní mór diúltú do líomhain na Rómáine, atá sa dara chuid dá céad saincheist, maidir le sárú ar Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE, chomh maith leis an tríú agus an ceathrú saincheist a áitíonn Poblacht na Polainne, ós rud é go bhfuil siad gan bhunús. |
(6) Sárú ar rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil
(i) Argóint na bpáirtithe
|
409 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, lena tríú saincheist, agus Poblacht na Polainne, lena cúigiú saincheist, gur sháraigh reachtóir an Aontais rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil trí Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a ghlacadh. I ndáil leis sin, tá Poblacht na Liotuáine ag brath ar shárú ar Airteagal 3(3) CAE, ar Airteagail 11 agus 191 CFAE agus ar ‘bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus an t‑athrú aeráide a chomhrac’, cé go líomhnaíonn Poblacht na Polainne go ndearnadh sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt. |
|
410 |
Cuireann na Ballstáit sin i bhfios go láidir, i gcomhréir leis na forálacha sin, nach mór do reachtóir an Aontais ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chur san áireamh agus beartais eile de chuid an Aontais á gcinneadh agus á gcur chun feidhme aige agus i gcomhthéacs gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais. Ní féidir an cuspóir maidir le cosaint an chomhshaoil, a leagtar síos in Airteagal 191 CFAE, a chur san áireamh ná a bhaint amach trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 192 CFAE amháin, i gcomhthéacs beartais ar leithligh agus neamhspleách. Le prionsabal an lánpháirtithe a chumhdaítear in Airteagal 11 CFAE, is féidir cuspóirí agus ceanglais chosaint an chomhshaoil a réiteach leis na leasanna agus na haidhmeanna eile atá á saothrú ag an Aontas Eorpach. |
|
411 |
Dar le Poblacht na Polainne, le léiriú ar dá réir a bhaineann Airteagal 11 CFAE le réimsí de dhlí an Aontais, seachas le bearta sonracha, ní fhéadfaí an cuspóir atá á shaothrú leis an bhforáil sin a bhaint amach. Ós rud é gur cuid de phacáiste níos leithne é Rialachán 2020/1054 arb é is aidhm dó astaíochtaí truailleán ó earnáil an iompair de bhóthar a laghdú, ní chruthaítear gur cuireadh san áireamh go cuí tionchar an Rialacháin sin ar an gcomhshaol, go háirithe ar an bhféidearthacht na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i ndoiciméid agus i ngníomhartha a ghlac an tAontas Eorpach i réimse an chomhshaoil a bhaint amach. Ina theannta sin, ní fhéadfaí a mheas ach oiread, a luaithe a shocrófar iad, go mbeidh na spriocanna chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú fós do-athraithe, gan beann ar na hastaíochtaí breise a ghinfear amach anseo mar thoradh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht nua an Aontais. |
|
412 |
Tá an léiriú céanna ag Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne a ghlac an tAbhcóide Ginearálta Geelhoed i míreanna 59 agus 60 dá Thuairim sa chás an Ostair v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑161/04, EU:C:2006:66), ar dá réir, i gcás inar léir nár cuireadh leasanna comhshaoil san áireamh nó inar tugadh neamhaird iomlán orthu, go bhféadfadh Airteagal 11 CFAE a bheith ina chaighdeán chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht reachtaíocht an Aontais. I gcás ina suitear go bhfuil sé d’éifeacht ag beart ar leith a ghlac reachtóir an Aontais dochar a dhéanamh do bhaint amach na gcuspóirí a leag an reachtóir sin síos i ngníomhartha eile de reachtaíocht thánaisteach arna nglacadh i réimse an chomhshaoil, ceanglaítear ar an reachtóir sin leasanna coinbhleachta a mheas agus, i gcás inar gá, leasuithe iomchuí a dhéanamh ar na gníomhartha is infheidhme i réimse an chomhshaoil. |
|
413 |
Sa chás seo, theip ar reachtóir an Aontais an oibleagáid sin a chomhlíonadh sa mhéid is nach ndearna sé scrúdú ar thionchar chur chun feidhme na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 maidir le ceanglais chomhshaoil. |
|
414 |
D’fhéadfadh turais sa bhreis d’ualach trom a bheith ann de bharr chur i bhfeidhm na forála deireanaí sin, lena n‑áirítear aistir feithiclí folmha, thar achair fhada, as a dtiocfadh astaíochtaí CO2 agus truailleáin atmaisféaracha atá ina mbonn leis a lán fadhbanna sláinte. Ba cheart éifeachtaí comhshaoil na bhforálacha atá á gconspóid i Rialachán 2020/1054 a scrúdú go carnach freisin leis na héifeachtaí sin a ghintear le Rialachán 2020/1055 agus le Treoir 2020/1057, atá mar chuid den ‘Phacáiste Soghluaisteachta’ freisin, lena gcuirfí d’oibleagáid ar thiománaithe trucaile turais bhreise a dhéanamh. |
|
415 |
Cuireann Poblacht na Liotuáine in iúl freisin go gcreideann sí gur cinnte go laghdóidh an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 éifeachtúlacht an chórais iompair agus go mbainfidh sí an bonn de bheartas an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol agus den chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. |
|
416 |
Maidir le Poblacht na Polainne, tugann sí faoi deara, go sonrach, de réir mheastacháin an Aontais Idirnáisiúnta um Iompar de Bhóthar (IRU), mar a leagtar amach ina litir oscailte an 26 Deireadh Fómhair 2018, go nginfear suas le 100,000 tona de CO2 níos mó in aghaidh na bliana le filleadh feithiclí a cheanglaítear le Rialachán 2020/1055 amháin. I dtuarascáil a d’ullmhaigh KPMG [‘Impact assessment regarding provisional agreement on Mobility Package I’ (‘Measúnú Tionchair maidir le Comhaontú Sealadach ar Phacáiste Soghluaisteachta I’), 20 Feabhra 2020)], léireofaí freisin, bunaithe ar shampla na dtarlóirí Bulgáracha, gurb ionann an méadú bliantúil ar astaíochtaí CO2, a eascraíonn as na fillteacha éigeantacha sin ar fheithiclí sa Bhulgáir, agus thart ar 71,000 tona. De réir meastachán eile a rinne European Centre for International Political Economy (ECIPE) (an Lárionad Eorpach um Gheilleagar Polaitiúil Idirnáisiúnta) (M. Bauer, ‘4 Million Tonnes Additional CO2 due to Proposed EU Cabotage Laws in Mobility Package’ (‘4 Milliún Tona breise CO2 mar gheall ar Dhlíthe Cabatáiste an Aontais atá beartaithe sa Phacáiste Soghluaisteachta’), Eanáir 2020] bunaithe ar ríomhanna KPMG d’earnáil iompair idirnáisiúnta na Bulgáire agus ar shonraí Eurostat, thart ar 4 mhilliún tona a bheadh sna hastaíochtaí breise CO2 don Aontas ar fad ón dréachtleasú ar na forálacha cabatáiste. De réir mheasúnuithe Phoblacht na Polainne féin, gineann na turais fholmha bhreise a fhorchuirtear leis an oibleagáid feithiclí a thabhairt ar ais, is infheidhme maidir le flít feithiclí na Polainne ina bhfuil níos mó ná 2.5 tona gníomhach san iompar idirnáisiúnta, 672024 thonna CO2. |
|
417 |
De réir Phoblacht na Liotuáine agus Phoblacht na Polainne, is dócha go gcuirfidh na hastaíochtaí breise CO2 sin bac ar bhaint amach chuspóirí aeráide 2050 atá á saothrú ag an Aontas Eorpach, dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 11 Nollaig 2019, ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019) 640 deiridh) (‘an Comhaontú Glas’), cuspóirí a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach de réir dealraimh, ag cruinniú a tionóladh an 12 Nollaig 2019. Tagraíonn Poblacht na Polainne freisin don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Stepping up Europe’s 2030 climate ambition: Investing in a climate-neutral future for the benefit of our citizens’ (Infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár saoránach), COM (2020) 562 deiridh, lch. 26. |
|
418 |
Measann Poblacht na Polainne go bhféadfadh na hastaíochtaí breise CO2 sin amhras a chaitheamh freisin ar ghnóthú na spriocanna a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO 2018 L 156, lch. 26). |
|
419 |
A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí breise truailleán aeir, d’fhéadfaidís, de réir Phoblacht na Polainne, bac suntasach a chur ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO 2016 L 344, lch. 1). D’fhéadfadh na hastaíochtaí breise sin an bonn a bhaint de na cuspóirí atá á saothrú le Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO 2008 L 152, lch. 1). |
|
420 |
Ní thugtar aghaidh ar na rioscaí tionchair éagsúla sin in aon cheann de na gníomhartha a chonspóidtear sa ‘Phacáiste Soghluaisteachta’. Sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, ní thabharfadh an Coimisiún dá aire ach nár shainaithin sé aon tionchar comhshaoil a bheadh ag na roghanna beartais a breithníodh. Mar sin féin, níl bunús leis an gcinneadh sin ná níl sé inchreidte. |
|
421 |
Cé gur thug Ballstáit áirithe agus an Coimisiún le fios an gá chun tionchar na mbeart beartaithe a chur san áireamh, agus go háirithe an oibleagáid atá ar na feithiclí chun filleadh agus na srianta is infheidhme ar an iompar cabatáiste, tionchar an méid sin ar mhéadú líon na dturas gan ualach agus na hastaíochtaí CO2, agus cé gur thóg siad faoi deara an gá chun measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí na mbeart sin ina iomláine ar leibhéal an Aontais, rinne reachtóir an Aontais neamhaird ar an amhras sin. Le hanailisí breise a ullmhú roimh dheireadh 2020, a d’fhógair an Coimisinéir atá freagrach as iompar, Vălean, maidir leis na héifeachtaí a bhaineann le filleadh éigeantach feithiclí ar an mBallstát bunaíochta gach ocht seachtaine agus leis na srianta is infheidhme maidir le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, ní réitítear an mhainneachtain sin ar bhealach ar bith, nó dearbhaítear fiú tuillteanais na bpléadálacha agus na n‑argóintí seo, lena líomhnaítear sárú ar rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil. |
|
422 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
423 |
Sa chéad áit, maidir le hAirteagal 3(3) CAE, a bhfuil Poblacht na Liotuáine ag brath air, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 566 dá Thuairim, leagtar amach san fhoráil sin cuspóirí bunúsacha éagsúla a shaothraíonn an tAontas Eorpach, gan ordlathas a bhunú eatarthu, ionas nach mór cur chun feidhme na gcuspóirí sin, lena n‑áirítear, ar an gcaoi chéanna le cosaint an chomhshaoil, inter alia, cur chun feidhme forbartha inbhuanaithe bunaithe ar fhás eacnamaíoch cothrom agus geilleagar sóisialta a chuireann dul chun cinn sóisialta chun cinn sóisialta agus cur chun cinn cosanta sóisialta, a bheith mar thoradh ar bheartais agus ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát. |
|
424 |
Dá bhrí sin, murab ionann agus forálacha sonracha den CFAE lena léirítear go nithiúil na cuspóirí ginearálta a liostaítear agus lena rialaítear an t‑ábhar atá i gceist, ní féidir an fhoráil sin a bheith mar chuid de na paraiméadair chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht forála den dlí tánaisteach leis an dlí príomha (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Márta 1992, Compagnie commerciale de l’Ouest agus páirtithe eile, C‑78/90 go C‑83/90, EU:C:1992:118, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
425 |
Sa dara háit, maidir le hAirteagal 191 CFAE, a bhfuil Poblacht na Liotuáine ag brath air, tá an tAirteagal sin i dTeideal XX de Chuid a Trí den CFAE, a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol. Níor glacadh Rialachán 2020/1055 faoin mbeartas sin ach faoin gcomhbheartas iompair, arb é is ábhar do Theideal VI de Chuid a Trí den CFAE, go háirithe ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, ós rud é nach bhfuil an bunús dlí sin faoi dhíospóid sna caingne seo. |
|
426 |
I ndáil leis an méid sin, ba cheart a mheabhrú freisin nach féidir le gníomh reachtach amhail Rialachán 2020/1054 teacht faoi raon feidhme bheartas comhshaoil an Aontais díreach toisc nach mór dó na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Aibreán 2021, an Ísiltír v an Chomhairle agus an Pharlaimint, C‑733/19, EU:C:2021:272, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
427 |
Dá bhrí sin, níl Airteagal 191 CFAE a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol ábhartha chun scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
428 |
Sa tríú háit, maidir le hAirteagal 11 CFAE, atá i dTeideal II de Chuid a hAon den Chonradh sin lena leagtar síos forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu, sonraítear san Airteagal sin nach mór ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh. |
|
429 |
Sa cheathrú háit, maidir le hAirteagal 37 den Chairt, foráiltear leis an Airteagal sin go ndéanfar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais Eorpaigh agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe. |
|
430 |
I ndáil leis sin, is léir ó na mínithe a bhaineann leis an gCairt go bhfuil an prionsabal atá san Airteagal sin bunaithe, go bunúsach, ar Airteagal 3(3) CAE agus ar Airteagail 11 agus 191 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Associazione Italia Nostra Onlus, C‑444/15, EU:C:2016:978, mír 62). |
|
431 |
Sa chúigiú háit, maidir leis na hionstraimí dlí thánaistigh eile ar a bhfuil Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne ag brath, ní mór a mheabhrú, maidir leis na rialacháin agus na treoracha éagsúla dá dtagraítear i míreanna 418 agus 419 den bhreithiúnas seo, ar a bhfuil an Ballstát deireanach sin ag brath, nach féidir dlíthiúlacht inmheánach gnímh de chuid an Aontais a scrúdú i bhfianaise gníomh eile de chuid an Aontais a bhfuil an chéim reachtach chéanna aige, mura rud é gur glacadh é de bhun an ghnímh dheireanaigh sin nó go bhforáiltear go sainráite dó, le ceann amháin den dá ghníomh, go bhfuil tosaíocht ag gníomh amháin ar an ngníomh eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 119), nach amhlaidh an cás sa chás seo. |
|
432 |
Is ionann an cás sin, a fortiori, agus cás an Chomhaontaithe Ghlais, mar a áitíonn Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne, nach raibh ach ina chumarsáid ag an dáta ar glacadh Rialachán 2020/1054, cumarsáid a ghlac an Coimisiún chomh maith leis na conclúidí den Chomhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019 arna lua i mír 417 den bhreithiúnas seo, mar a áitíonn Poblacht na Liotuáine, ar nach féidir an tionchar de chineál ‘polaitiúil’ arna líomhain ar chumhacht reachtach na Parlaiminte agus na Comhairle a bheith ina bhonn neamhnithe, a dhéanfadh an Chúirt, ar fhorálacha an rialacháin sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meitheamh 2018, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑5/16, EU:C:2018:483, mír 86). |
|
433 |
Sna himthosca sin, ní gá ach scrúdú a dhéanamh, mar a áitíonn Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne, go bunúsach, ar sháraigh reachtóir an Aontais, nuair a ghlac sé Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a eascraíonn as Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
434 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, nach luann Poblacht na Liotuáine ach, ar bhealach ginearálta agus teibí, go mbainfear an bonn, ar ndóigh, de bheartas an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. Bunaíodh a hargóint ar bhonn earráideach, áfach, mar is léir ó mhíreanna 168 go 180 den bhreithiúnas seo, nach mór do na tiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó a n‑áit chónaithe gach trí nó ceithre seachtaine, de réir mar a bheidh, agus feithiclí earraí troma á n‑úsáid acu agus is minic a mbíonn siad folamh. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don argóint sin. |
|
435 |
Sa dara háit, baineann na hargóintí a chuireann Poblacht na Polainne chun cinn ní leis an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ach is mór a bhaineann siad leis na forálacha dá n‑áirítear sna hachtanna eile is iad an ‘Pacáiste Gluaiseachta’ amháin. Baineann an chuid riachtanach de na staidéir agus fianaise eile ar a bhfuil an Ballstát sin ag brath sa chomhthéacs sin leis an oibleagáid, a leagtar síos in Airteagal 1 (3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid a chuirtear mír 1(b) isteach leis in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, a bhaineann le filleadh feithiclí ar ionad oibríochtúil atá suite sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas iompair lena mbaineann bunaithe gach ocht seachtaine. Tá an fhoráil dheireanach sin ina hábhar pléadálacha éagsúla sna caingne i gcoinne Rialachán 2020/1055 sna cásanna C‑542/20, C‑545/20, C‑547/20, C‑549/20 go C‑552/20 agus C‑554/20. A mhéid nach mbaineann na hargóintí a chuireann Poblacht na Polainne chun cinn le forálacha 2020/1054, ní mór breithiúnas a thabhairt nach bhfuil feidhm ag na hargóintí sin. |
|
436 |
Sa tríú háit, a mhéid a bhaineann argóint Phoblacht na Polainne lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, go sonrach leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, gur de chineál trasearnálach é Airteagal 11 CFAE, rud a chiallaíonn nach mór do reachtóir an Aontais ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, sa chomhbheartas iompair lena mbaineann Rialachán 2020/1054. |
|
437 |
Ar an taobh eile, baineann an t‑athbhreithniú ar dhlíthiúlacht Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a iarrtar ar an gCúirt a dhéanamh, sa chás seo, i bhfianaise Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, le gníomh de chuid an Aontais ina gceanglaítear ar reachtóir an Aontais, mar is léir ó mhír 282 den bhreithiúnas seo, cothromaíocht a áirithiú idir na leasanna agus na cuspóirí éagsúla lena mbaineann. |
|
438 |
Sna himthosca sin, fiú má tá éifeachtaí diúltacha suntasacha ar an gcomhshaol ag an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, arna breithniú ina haonar, bheadh gá, chun a chinneadh an gá sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, a shuí, chun na gníomhaíochtaí eile atá déanta ag reachtóir an Aontais a chur san áireamh chun éifeachtaí diúltacha an iompair de bhóthar ar an gcomhshaol a theorannú agus chun an cuspóir foriomlán a bhaint amach maidir le hastaíochtaí truailleán a laghdú. |
|
439 |
Sa chás seo, trína argóint bunaithe ar shárú Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, maíonn Poblacht na Polainne, go bunúsach, go mbeidh Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 ina chúis le hastaíochtaí breise CO2 agus truailleáin mar gheall ar thurais bhreise feithiclí earraí troma, a bhíonn folamh go minic, thar achair fhada a eascróidh as a chur i bhfeidhm. |
|
440 |
Dá bhrí sin, tá an argóint sin bunaithe go hiomlán ar an mbonn go bhfuil filleadh éigeantach feithiclí ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar áit chónaithe an tiománaí i gceist leis an bhforáil sin, cé nach bhfuil i gceist ach líon beag feithiclí a cuireadh ar ais chuig ceann den dá áit sin sular glacadh Rialachán 2020/1054. |
|
441 |
Tá an bonn sin earráideach, áfach, mar is léir, go háirithe, ó mhíreanna 170, 171, 236 agus 295 den bhreithiúnas seo. |
|
442 |
Sna himthosca sin, níor sainaithníodh go loighciúil sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 48) aon tionchar ar an gcomhshaol a d’eascródh as na bearta a bhí beartaithe ag an gCoimisiún ina thogra le haghaidh Rialachán maidir le ‘ham oibre’. |
|
443 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór diúltú d’argóintí Phoblacht na Liotuáine agus Phoblacht na Polainne lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
444 |
Dá bhrí sin, ní gá scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne chun cinn maidir le gníomhartha eile de chuid an Aontais, a líomhnaítear go gcuirtear a gcuspóirí comhshaoil i mbaol trí Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a ghlacadh, ná ar na bearta éagsúla a rinne reachtóir an Aontais san earnáil iompair de bhóthar, ar a bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle ag brath, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an reachtóir sin an cuspóir foriomlán maidir le hastaíochtaí truailleán a laghdú san earnáil sin san áireamh. |
|
445 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do thríú saincheist Phoblacht na Liotuáine ar aghaidh agus do chúigiú saincheist Phoblacht na Polainne ar aghaidh. |
|
446 |
I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, ní mór na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑543/20), an Rómáin (Cás C‑546/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑553/20) a dhíbhe a mhéid a iarrann siad Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní. |
3. Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054
|
447 |
Mar thaca lena gcaingne faoi seach maidir le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054a chur ar neamhní, líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire (Cás C‑543/20), an Rómáin (Cás C‑546/20) agus an Ungáir (Cás C‑551/20) de réir mar atá, an sárú, go bunúsach:
|
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta
(1) Argóint na bpáirtithe
|
448 |
Maíonn Poblacht na Bulgáire, lena ceathrú saincheist, an Rómáin, leis an gcéad chuid dá céad saincheist, agus an Ungáir, lena saincheist aonair, nach gcomhlíonann Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. Cé go maíonn an Ungáir go foirmiúil freisin, i gcomhthéacs a pléadála aonair, go bhfuil earráid fhollasach mheasúnaithe ann, ní fhéachann a hargóintí sa chomhthéacs sin ach le sárú ar an bprionsabal sin a léiriú. |
|
449 |
Sa chéad áit, áitíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir go sáraítear le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 an prionsabal sin ann féin, sa mhéid, mar gheall ar staid reatha an infreastruchtúir Eorpaigh, gur oibleagáid atá ródheacair nó dodhéanta fiú toirmeasc a chur ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh san fheithicil le comhlíonadh. Go deimhin, i bhfianaise líon neamhleor na limistéar páirceála sláine agus na cóiríochta oiriúnaí atá gar dóibh, ba mhinic a bheadh ar thiománaithe agus ar ghnóthais iompair aghaidh a thabhairt ar cheanglais nach féidir a chomhlíonadh. Sna himthosca sin, ní féidir an beart sin a chur chun feidhme ar bhealach ina mbainfear amach na cuspóirí atá á saothrú, rud a léiríonn go follasach go bhfuil sé míchuí. Thairis sin, is léir gur ualach díréireach é an beart sin ar thiománaithe agus ar ghnóthais iompair. Dá bhrí sin, trí fhoráil a dhéanamh do cheanglas den sórt sin nach bhfuil infheidhme go praiticiúil, rinne reachtóir an Aontais earráid fhollasach mheasúnaithe. |
|
450 |
Cuireann Poblacht na Bulgáire agus an Ungáir in iúl, sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 18) cheana féin, gur thug an Coimisiún le fios go raibh easpa saoráidí scíthe leordhóthanacha agus limistéir pháirceála sláine ag an Aontas Eorpach go ginearálta. Tháinig líon neamhleor na limistéar páirceála chun cinn freisin i staidéar a d’fhoilsigh an Coimisiún [‘Study on Safe and Secure Parking Places for Trucks. Final Report’ (‘Staidéar ar spásanna páirceála slána agus sábháilte d’fheithiclí earraí troma. Tuarascáil Chríochnaitheach’, Feabhra 2019, (‘Staidéar 2019 ar spásanna páirceála’), lgh. 8 agus 18 go 20]. De réir an staidéir sin, as 300,000 spás páirceála d’fheithiclí earraí troma san Aontas, ní dhéanfaí ach thart ar 47,000 spás a dhaingniú go páirteach agus ní léireodh ach 7,000 spás páirceála ar an leibhéal deimhnithe sábháilteachta. Ós rud é go meastar gurb ionann an meánéileamh ar spásanna páirceála thar oíche agus beagnach 400,000 áit, bheadh easnamh thart ar 100,000 spás ann dá bharr, agus is fíorbheagán limistéar atá ann cheana lena n‑áiritheofaí leibhéal iomchuí slándála agus sábháilteachta. Ina theannta sin, léireofaí sa staidéar céanna dáileadh míchothrom spásanna páirceála sábháilte slána i gcomparáid leis na Conairí Idirthurais Eorpacha, agus nach mbeadh na 7,000 spás páirceála deimhnithe lonnaithe ach i roinnt Ballstát. Thairis sin, leag CESE agus roinnt Ballstát béim ar an staid sin le linn an nós imeachta reachtaigh. |
|
451 |
Tá dlúthnasc idir ceist na limistéar páirceála agus ceist na cóiríochta leordhóthanaí, cé nach ionann iad, sa mhéid nach iomchuí don tiománaí ach cóiríocht atá suite gar do limistéar páirceála leordhóthanach slán atá in ann cosaint a lasta a áirithiú. Chuirfeadh líon teoranta na limistéar páirceála sin srian breise ar an méid cóiríocht gur féidir leis an tiománaí a úsáid chun a thréimhse scíthe seachtainiúla a ghlacadh. |
|
452 |
Cuireann Poblacht na Bulgáire in iúl freisin go ndéanfadh an easpa infreastruchtúir níos measa leis an oibleagáid atá ar an gCoimisiún, faoi Airteagal 1(7) de Rialachán 2020/1054, tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle maidir le hinfhaighteacht saoráidí oiriúnacha scíthe do thiománaithe faoin 31 Nollaig 2024. Cuireann an Rómáin leis sin go gceanglaítear ar an gCoimisiún leis an bhforáil chéanna liosta de na limistéir pháirceála uile a fhoilsiú. Go dtí seo, áfach, níor cruthaíodh aon suíomh gréasáin chun na críche sin. |
|
453 |
Áitíonn an Rómáin freisin, chun Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a chomhlíonadh, nach bhfuil aon rogha ag tiománaithe ar thurais gan limistéir pháirceála shábháilte shlána ach limistéir neamhurraithe a úsáid, ar a bhfágann siad feithiclí nach raibh duine ina bhfeighil le linn a dtréimhse scíthe agus a tógadh i gcóiríocht iomchuí, agus ar an gcaoi sin an fheithicil a nochtadh do choireacht. Faoin gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR), a síníodh sa Ghinéiv an 19 Bealtaine 1956, tá an t‑iompróir faoi dhliteanas i leith an chaillteanais iomláin nó pháirtigh, nó an damáiste, a tharlaíonn idir an t‑am a thógtar na hearraí idir lámha agus am an tseachadta, agus i leith na moille ar sheachadadh. I staid reatha an infreastruchtúir, ní chuirfeadh an réiteach reachtach a glacadh feabhas ar dhálaí oibre na dtiománaithe ach, os a choinne sin, d’fhéadfadh tuirse agus strus méadaithe a bheith mar thoradh air, chomh maith le rioscaí dá sábháilteacht, dá lasta agus dá bhfeithiclí. Ar an gcaoi chéanna, áitíonn Poblacht na Bulgáire go méadódh easpa limistéar páirceála slán d’fheithiclí earraí troma san Aontas Eorpach an riosca gadaíochta agus go mbeadh sí ina cúis le fadhbanna árachais d’oibreoirí. |
|
454 |
Maíonn Poblacht na Bulgáire freisin go bhfágfadh sé dodhéanta an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta i bhfeithicil a chomhlíonadh go mbeadh tiománaithe agus oibreoirí neamhchosanta ar an riosca a bheith faoi réir pionós a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cailliúint dea-cháile, de réir bhrí Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus, dá bhrí sin, le rochtain ar mhargadh iompair de bhóthar an Aontais. I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar nach n‑áirítear sárú ar an toirmeasc sin ar liosta na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais. |
|
455 |
Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an Rómáin agus an Ungáir do Rialachán TEN-T, go háirithe Airteagal 38(3) agus Airteagal 39(2)(c) de, agus do na treoirlínte athbhreithnithe chun an gréasán tras-Eorpach iompair sin a fhorbairt, dá dtagraítear in aithris 19 de Rialachán 2020/1054. Chruthódh na forálacha sin freisin neamh-leordhóthanacht bhonneagar na hEorpa, mar atá sé faoi láthair. |
|
456 |
Tugann an Ungáir faoi deara freisin go n‑iarrtar arís agus arís eile in Airteagal 8a (3) agus (4) de Rialachán Uimh. 561/2006, mar a cuireadh isteach le hAirteagal 1(7) de Rialachán 2020/1054, go gcruthófaí limistéir pháirceála shábháilte shlána. Ina theannta sin, ní fhéadfadh éifeachtaí a bheith ag na bearta lena mbunaítear limistéir den sórt sin ach amháin amach anseo, cé nár foráladh d’aon idirthréimhse leordhóthanach, agus ina theannta sin, is toirmeasc absalóideach é an toirmeasc atá i gceist. Díospóideann Poblacht na Bulgáire freisin nach bhfuil idirthréimhse ann chun an fhoráil atá i gceist a theacht i bhfeidhm. |
|
457 |
Áitíonn Poblacht na Bulgáire ansin nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit, go dtí dáta áirithe ar a laghad, cóiríocht oiriúnach leordhóthanach agus limistéir pháirceála shábháilte shlána a ráthú. D’fhéadfaí, dá bhrí sin, Ballstát a spreagadh gan líon an bhonneagair a mhéadú chun teorainn a chur le soláthar seirbhísí iompair ag tarlóirí eachtracha ar a chríoch. |
|
458 |
Áitíonn Poblacht na Bulgáire freisin go ngabhann costais shuntasacha bhreise do ghnóthais iompair, ar FBManna iad den chuid is mó, leis an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil, ós rud é go gceanglaítear ar na gnóthais sin cóiríocht iomchuí a íoc le haghaidh thréimhsí scíthe seachtainiúla a dtiománaithe nuair atá siad i bhfad óna n‑áit chónaithe. Bheadh costais i gceist leis sin freisin le haghaidh aon chor bealaigh agus turais fholmha nach mbeadh údar leo ach amháin chun cóiríocht leordhóthanach a aimsiú. De réir staidéar de KPMG (‘The Bulgarian haulage sector – Market study: An impact assessment of Mobility Package I’ (‘Earnáil Iompair Lastais de Bhóthar na Bulgáire – Staidéar Margaidh: Measúnú tionchair ar Phacáiste Soghluaisteachta I’), 8 Deireadh Fómhair 2019, lch. 37], mheasfaí gur EUR 143 mhilliún a bheadh sna costais a bheadh le tabhú ag cuideachtaí iompair de chuid na Bulgáire mar thoradh ar an mbeart atá i gceist. Ar an gcaoi chéanna, áitíonn an Rómáin gur follasach go bhfuil an beart sin míchuí agus nach bhfuil gá leis i bhfianaise an chuspóra maidir le hualaí riaracháin agus airgeadais ar ghnóthais iompair a laghdú. |
|
459 |
Áitíonn Poblacht na Bulgáire freisin go n‑eascraíonn éiginnteacht dhlíthiúil as léiriú an choincheapa ‘cóiríocht oiriúnach’, rud a chruthaíonn, dar leis an gCoimisiún féin, fadhbanna maidir le cur i bhfeidhm. Ó thaobh na Rómáine de, áitíonn sí nach réitítear i Rialachán 2020/1054 an éagsúlacht idir na Ballstáit maidir le smachtbhannaí i leith sárú ar an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta i bhfeithicil, rud a tugadh faoi deara sa Mheasúnú Tionchair - Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 18), agus mar sin go leanfaidh na Ballstáit de smachtbhannaí éagsúla a chur i bhfeidhm, rud a chuirfidh síneadh le staid na héiginnteachta dlíthiúla do ghnóthais iompair agus do thiománaithe. Dá bhrí sin, bheadh an réiteach reachtach míchuí ón taobh sin de, ós rud é go bhfuil sé contrártha do chuspóir Rialachán 2020/1054 léiriú agus cur i bhfeidhm na rialacha a chaighdeánú agus forfheidhmiú trasteorann na reachtaíochta sóisialta a éascú ar bhealach comhsheasmhach. |
|
460 |
Caitheann Poblacht na Bulgáire, an Ungáir agus an Rómáin amhras ar ábharthacht bhreithiúnas an 20 Nollaig 2017, Vaditrans (C‑102/16, ‘breithiúnas Vaditrans’, EU:C2017:1012). Go háirithe, de réir na hUngáire agus na Rómáine, níl an breithiúnas sin ábhartha sna caingne seo, ós rud é, i gcomhthéacs na n‑imeachtaí breithiúnacha as ar eascair an breithiúnas sin, nár tugadh aon sonraí a bhaineann leis na saoráidí scíthe atá ar fáil sna Ballstáit ar aird os comhair na Cúirte nó, dá bhrí sin, gur chuir an Chúirt san áireamh iad. Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt scrúdú ar cheist na comhréireachta agus, go háirithe, ní dhearna sí measúnú ar imthoisc atá ábhartha do chur i bhfeidhm na reachtaíochta atá i gceist, eadhon gur minic nach féidir an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil a chur i bhfeidhm sa chleachtas mar gheall ar an líon neamhleor saoráidí scíthe atá ar fáil sna Ballstáit. D’fhreagair an Chúirt ceist maidir le léiriú, ach, sa chás seo, is gá a chinneadh, i bhfianaise na fianaise atá ar fáil, an ndearna reachtóir an Aontais a lánrogha a fheidhmiú go leordhóthanach agus ar chomhlíon sé ceanglas na comhréireachta. |
|
461 |
Tugann an Rómáin faoi deara freisin, tar éis an bhreithiúnais in Vaditrans, nach mór Rialachán Uimh. 561/2006 a léiriú, in aon chás, mar thoirmeasc ar an tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta a ghlacadh i gcábán na feithicle. Mar sin féin, ní hamháin go gcumhdaítear an toirmeasc sin le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, ach soláthraítear soiléiriú breise leis. Áitíonn Poblacht na Bulgáire freisin nach gcomhlíonann an Rialachán sin breithiúnas Vaditrans amháin, ach go gcuireann sé leis an gceanglas go dtógfaí na tréimhsí scíthe atá i gceist i gcóiríocht atá oiriúnach do mhná agus d’fhir araon, ina bhfuil saoráidí leordhóthanacha codlata agus sláintíochta. |
|
462 |
Ar deireadh, áitíonn Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin go bhfuil bearta malartacha iomchuí ann nach bhfuil chomh sriantach céanna. Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, de réir na tuairime a chuir an Coimisiún féin in iúl sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 46), ba cheart cead a bheith ag tiománaithe a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh san fheithicil, ar choinníoll gur saor-rogha ag an tiománaí é sin nó go bhfuil údar cuí leis i bhfianaise na n‑imthosca. Ar an dara dul síos, beart eile a d’fhéadfadh a bheith ann is ea maolú a thabhairt isteach i gcásanna ina bhfuil cóiríocht oiriúnach ar iarraidh laistigh de gha sainithe ó shuíomh an tiománaí. Ar an tríú dul síos, is cur chuige malartach a d’fhéadfadh a bheith ann, mar a mhol CnaR, gan an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach ar bord na feithicle a chur i bhfeidhm má ghlactar an tréimhse scíthe sin in áit ina bhfuil leibhéal leordhóthanach sábháilteachta agus saoráidí sláintíochta leordhóthanacha agus ina gcomhlíonann cábán an tiománaí na sonraíochtaí atá le leagan síos ag an gCoiste um Iompar de Bhóthar. Ar an gceathrú dul síos, d’fhéadfaí idirthréimhse a thabhairt isteach agus ag deireadh na hidirthréimhse sin d’aimseodh an Coimisiún cóiríocht leordhóthanach agus limistéir pháirceála shábháilte shlána ar fud an Aontais. D’fhéadfadh oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh siad na bearta is gá chun bonneagar iomchuí a chruthú a bheith ag gabháil leis an idirthréimhse sin. |
|
463 |
Sa dara háit, caitheann an Rómáin agus an Ungáir amhras ar an scrúdú a rinne reachtóir an Aontais ar chomhréireacht an toirmisc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil. |
|
464 |
Is léir ón bhfaisnéis a bhí ar fáil tráth a glacadh Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 go raibh reachtóir an Aontais ar an eolas faoi staid reatha an bhonneagair Eorpaigh. Mar sin féin, cuirtear i láthair sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 18) an easpa limistéar páirceála agus cóiríochta iomchuí mar thoisc atá fabhrach don chleachtas maidir le ham scíthe a ghlacadh i gcábán na feithicle. Luaitear sa mheasúnú tionchair sin fiú, mar thoradh ar an gcás sin, go bhfuil dálaí scíthe níos fearr ag tiománaithe sa chábán ná má úsáideann siad na roghanna malartacha atá ar fáil. Thairis sin, thug an Coimisiún méid an easnaimh sin dá aire i Staidéar 2019 ar spásanna pairceála. Thairis sin, in Airteagal 8a (3) agus (4) de Rialachán Uimh. 561/2006, arna leasú le hAirteagal 1(7) de Rialachán 2020/1054, tá iarrataí arís agus arís eile go gcruthófaí limistéir pháirceála shábháilte shlána, rud a léiríonn gur ghlac reachtóir an Aontais an ceanglas atá faoi chonspóid, agus é ar an eolas faoi líon neamhleor na limistéar páirceála ar cháilíocht iomchuí. |
|
465 |
Dá bhrí sin, rinne reachtóir an Aontais earráid fhollasach trí mhainneachtain na tosca atá fíor-riachtanach chun an beart atá i gceist a ghlacadh a chur san áireamh agus trí mhainneachtain measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise ábhartha. |
|
466 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
467 |
Lena n‑argóintí, caitheann Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne amhras ar chomhoiriúnacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 le prionsabal na comhréireachta. Ós rud é go n‑easaontaíonn an Rómáin agus an Ungáir, thairis sin, go ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht na forála sin, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar an argóint dheireanach sin ar dtús. |
(i) An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054
|
468 |
Tá comhthuiscint ann go raibh measúnú tionchair ag reachtóir an Aontais, nuair a ghlac sé Rialachán 2020/1054, a bhain, inter alia, leis an tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh san fheithicil. Sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, a bhí ag gabháil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le ‘ham oibre’, tugadh faoi deara an léiriú éagsúil a rinne údaráis na mBallstát ar fhorálacha Rialachán Uimh. 561/2006 maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla agus an difríocht idir dlíthe agus cleachtais náisiúnta a bhaineann leis an tréimhse scíthe sin a thógáil san fheithicil (cuid 1/2, lgh. 21, 23, 30, 31 agus 34). Rinneadh mionscrúdú sa mheasúnú tionchair sin freisin, i bhfianaise thoradh na tagartha le haghaidh réamhrialú a bhí ar feitheamh os comhair na Cúirte i gCás C‑102/16, Vaditrans, ar thionchar birt lena soiléirítear an cheist sin (cuid 1/2, lgh. 41, 42, 45, 47, 51, 55, 56, 61, 63, 64 agus 70). |
|
469 |
Sa chomhthéacs sin, foráladh le hAirteagal 1(5)(c) den togra sin go gcuirfear isteach in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 561/2006 mír 8a lena bhforáiltear nach bhféadfar tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh san fheithicil, ach nach mór iad a ghlacadh i gcóiríocht oiriúnach, lena n‑áirítear saoráidí codlata leordhóthanacha agus saoráidí sláintíochta leordhóthanacha, a chuireann an fostóir ar fáil nó a íocann an fostóir as, nó ag áit chónaithe an tiománaí nó in áit phríobháideach eile is rogha leis. |
|
470 |
Lena n‑argóintí, áfach, cáineann an Rómáin agus an Ungáir reachtóir an Aontais toisc nár chuir sé san áireamh, nuair a thug sé isteach, in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach ar a ghlacadh bord na feithicle, an easpa saoráidí cóiríochta leordhóthanacha agus limistéir pháirceála shábháilte shlána ar fud an Aontais Eorpaigh, cé go raibh an fhaisnéis sin bunriachtanach, de réir na mBallstát sin, chun scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht an toirmisc sin. |
|
471 |
Ní mór a thabhairt faoi deara go raibh láneolas ag reachtóir an Aontais faoin nganntanas sin nuair a ghlac sé an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ar bord na feithicle. Mar a chuireann an Rómáin agus an Ungáir féin in iúl, sainaithníodh an ganntanas sin go soiléir le linn an nós imeachta reachtaigh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 18, 23, 31 agus 34) mar atá i Staidéar 2019 ar na spásanna pairceála. |
|
472 |
Thairis sin, chuir reachtóir an Aontais an imthoisc sin san áireamh go cuí agus Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 á ghlacadh. Ar thaobh amháin, níor chuir sé toirmeasc ar scíth sheachtainiúil a ghlacadh ar bord na feithicle, ós rud é go gceadaítear sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe a ghlacadh ar bord na feithicle fós. Ar thaobh amháin, mheas sé, i gcomhréir leis an togra le haghaidh rialachán maidir le ‘ham oibre’ arna tharraingt suas ag an gCoimisiún ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, nach raibh an ganntanas bonneagair cóiríochta agus limistéar páirceála ina chonstaic ar thoirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh san fheithicil i bhfianaise áiteanna malartacha a bheith ann inar féidir leis an tiománaí na tréimhsí scíthe sin a ghlacadh, go háirithe a áit chónaithe, atá ar cheann de na háiteanna nach mór don ghnóthas iompair cead a thabhairt don tiománaí, más mian leis, filleadh go tráthrialta ar feadh trí nó ceithre seachtaine, de réir mar a bheidh, i gcomhréir le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054. |
|
473 |
Sna himthosca sin, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh as gan aird iomlán a thabhairt ar fhachtóir atá riachtanach chun scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054. |
|
474 |
Ní bhaineann sé le hábhar i ndáil leis sin nár bhain reachtóir an Aontais leas as na sonraí éagsúla atá ar fáil dó a cheapann an Rómáin agus an Ungáir gur cheart dó teacht orthu. I ndáil leis sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar na gearáin lena gcáineann na Ballstáit sin reachtóir an Aontais toisc nár leigheas siad go leordhóthanach an ganntanas bonneagair cóiríochta agus limistéar páirceála i gcomhthéacs Rialachán 2020/1054 i gcomhthéacs an scrúdaithe ar chomhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 leis na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
475 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na hargóintí a chuir an Rómáin agus an Ungáir chun cinn inar líomhnaíodh gur theip ar reachtóir an Aontais scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí a eascraíonn as an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ar bord na feithicle. |
(ii) Comhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054
|
476 |
Sa seanleagan de, foráladh le hAirteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006 ‘má roghnaíonn tiománaí amhlaidh, féadfar tréimhsí scíthe laethúla [] agus tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe [] ó phointe an cheangail a thabhairt ar bord na feithicle, ar choinníoll go bhfuil trealamh codlata oiriúnach do gach tiománaí agus go bhfuil sé ina stad’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
477 |
Rinneadh Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a ionadú, le héifeacht ón 20 Lúnasa 2020, le hAirteagal 8(8), trína fhoráil nach bhféadfaidh tiománaithe tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha, eadhon tréimhsí scíthe seachas na tréimhsí sin dá dtagraítear san fhoráil roimhe sin, a ghlacadh i bhfeithicil, ach nach mór do thiománaithe iad a ghlacadh i gcóiríocht atá oiriúnach do mhná agus d’fhir araon a bhfuil saoráidí codlata agus saoráidí sláintíochta leordhóthanacha acu, ar choinníoll go sonraítear nach mór don fhostóir costais uile na cóiríochta lasmuigh den fheithicil a íoc. |
|
478 |
Is é an cuspóir a shaothraítear le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, nach mór comhréireacht na forála sin a scrúdú ina leith, feabhas a chur, mar is léir, go háirithe, ó aithrisí 1, 2, 8, 13, 6 agus 36 den Rialachán sin, ar dhálaí oibre agus ar shábháilteacht ar bhóithre na dtiománaithe laistigh den Aontas Eorpach, trína áirithiú go mbeidh áit mhaith chóiríochta ag tiománaithe chun a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh. Dá bhrí sin, is é is cuspóir don fhoráil sin an easpa rialacha soiléire maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla a leigheas. Mar a cuireadh in iúl cheana i mír 250 den bhreithiúnas seo, tá an cuspóir sin mar chuid den chuspóir níos ginearálta atá á shaothrú leis an Rialachán sin, is é sin cothrom iomaíochta a áirithiú idir gnóthais iompair de bhóthar chun a áirithiú go mbeidh earnáil an iompair de bhóthar sábháilte, éifeachtúil agus freagrach go sóisialta, chun neamh-idirdhealú a áirithiú agus oibrithe cáilithe a mhealladh. |
|
479 |
Áitíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir, nach ndéanann dlisteanacht na gcuspóirí éagsúla sin a dhíospóid, go sáraítear le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, ann féin, na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
480 |
D’fhonn a chinneadh an gcomhlíonann an toirmeasc ar thréimse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ar bord na feithicle, mar a leagtar síos san fhoráil sin, prionsabal na comhréireachta, is gá scrúdú a dhéanamh an iomchuí an beart sin chun an cuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin a bhaint amach, is é sin dálaí oibre agus shábháilteacht ar bhóithre na dtiománaithe a fheabhsú, an dtéann sé go follasach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus an bhfuil sé comhréireach i bhfianaise an chuspóra sin. |
– Oiriúnacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach
|
481 |
Sa chéad áit, maidir le hoiriúnacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 chun an cuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin a bhaint amach, ba cheart a mheabhrú ag an tús gur chinn an Chúirt, go bunúsach, in Vaditrans, go háirithe i míreanna 31 go 33 agus 48 de, nach mór Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(c), a léiriú, chun a éifeachtacht a chaomhnú, ag féachaint freisin d’Airteagal 8(6) de, mar chosc ar thréimhsí scíthe seachtainiúla rialta a ghlacadh ar bord na feithicle. De réir a fhoclaíochta, ní cheadaítear go sainráite le hAirteagal 8(8) ach tréimhsí scíthe laethúla agus tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe a thógáil san fheithicil, agus ní cheadaítear ach na tréimhsí sin a thógáil faoi choinníollacha áirithe. |
|
482 |
Tar éis di a chur in iúl go raibh bunús na forála sin agus an comhthéacs inar tharla sé mar thaca le léiriú den sórt sin, chuir an Chúirt in iúl go raibh an sainmhíniú sin ‘ceaptha go soiléir chun cuspóirí Rialachán Uimh. 561/2006 a bhaint amach, lena n‑áirítear feabhas a chur ar dhálaí oibre na dtiománaithe agus ar shábháilteacht ar bhóithre’ (breithiúnas in Vaditrans, mír 43). |
|
483 |
Ina theannta sin, shoiléirigh an Chúirt, fiú dá mbeadh feabhas suntasach tagtha ar dhearadh feithiclí agus cábáin, gur cosúil nach áit scíthe é cábáin trucaile atá oiriúnach do thréimhsí scíthe níos faide ná tréimhsí scíthe laethúla agus tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe agus gur cheart go mbeadh tiománaithe in ann a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta a chaitheamh in áit ina soláthraítear cóiríocht oiriúnach agus leordhóthanach (breithiúnas in Vaditrans, mír 44). |
|
484 |
Sa chomhthéacs sin, dúirt an Chúirt freisin, dá ndéanfaí Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006 a léiriú sa chaoi go bhféadfadh an tiománaí tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta a ghlacadh ina fheithicil, go gciallódh léiriú den sórt sin go bhféadfadh tiománaí a thréimhsí scíthe go léir a ghlacadh i gcábán na feithicle, eadhon in áit nach gcuireann dálaí oiriúnacha cóiríochta ar fáil, nach mbeadh in ann rannchuidiú leis an gcuspóir a shaothraítear leis an rialachán sin a bhaint amach, is é sin dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú (breithiúnas in Vaditrans, mír 45). |
|
485 |
Ar an gcaoi sin, tá an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, lena gcódaíodh an léirmhíniú a thug an Chúirt sa bhreithiúnas in Vaditrans, iomchuí chun an cuspóir, is é sin dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre na dtiománaithe, a bhaint amach. |
|
486 |
Ní leor na hargóintí a chuir Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir chun amhras a chaitheamh ar an gcinneadh sin. |
|
487 |
Sa chéad áit, maidir leis an méid a áitíonn Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin go ndéantar soiléiriú sa bhreis le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ar Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, mar a léirigh an Chúirt sa bhreithiúnas in Vaditrans, ba cheart a thabhairt faoi deara nach n‑áitíonn an Bhulgáir ach go mbeadh an oibleagáid chun tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach ‘a ghlacadh i gcóiríocht atá oiriúnach do mhná agus d’fhir araon, lena n‑áirítear saoráidí codlata agus saoráidí sláintíochta leordhóthanacha’, dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(c) ina ceanglas nua de bharr glacadh Rialachán 2020/1054. |
|
488 |
Ní féidir go n‑éireoidh le hargóint den sórt sin. |
|
489 |
I dtosach báire, shonraigh an Chúirt go sainráite, i míreanna 44 agus 45 den bhreithiúnas in Vaditrans, nach mór Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054, a léiriú sa chaoi nach mór an tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta a ghlacadh i gcóiríocht oiriúnach agus leordhóthanach, rud a thugann le tuiscint go bhfuil na saoráidí codlata agus sláintíochta san áit sin oiriúnach do mhná agus d’fhir araon. Thairis sin, luadh an ceanglas maidir le ‘trealamh codlata atá oiriúnach do gach tiománaí’ go sainráite cheana féin i bhfoclaíocht na forála deiridh sin. |
|
490 |
Chinn an Chúirt níos déanaí, i mír 44 den bhreithiúnas in Vaditrans, nach áit é cábán atá oiriúnach chun tréimhsí scíthe níos faide ná na tréimhsí scíthe laethúla agus na tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe a ghlacadh ann, arna leagan síos san fhoráil dheireanach sin, a bhaineann, de bharr Airteagal 4(g) agus 4(h) de Rialachán Uimh. 561/2006, leis na tréimhsí scíthe idir trí uair a chloig agus níos lú ná 45 uair an chloig, de réir mar a bheidh. Dá bhrí sin, is gá nach bhféadfaí, faoi Airteagal 8(8) den Rialachán sin, tréimhse scíthe sheachtainiúil 45 uair an chloig ar a laghad, a glacadh mar chúiteamh as tréimhse scíthe sheachtainiúil roimhe sin a laghdú, a ghlacadh san fheithicil ach oiread. |
|
491 |
Ar deireadh, ós rud é go bhfuil an áit scíthe oiriúnaithe do thréimhsí scíthe níos faide, dá dtagraítear ag an gCúirt i mír 44 den bhreithiúnas in Vaditrans, ceaptha ionad chábáin leoraí a ghabháil le haghaidh tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta, a chuirtear ar fáil, i bprionsabal, don tiománaí ar chostas an fhostóra, leanann sé, chomh loighciúil céanna, nach mór don fhostóir aon áit scíthe oiriúnach a chur ar fáil in ionad chábán leoraí. |
|
492 |
Ní mór a mheas, dá bhrí sin, go bhféadfadh reachtóir an Aontais, agus Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 á ghlacadh aige, códú a dhéanamh ar an léiriú a leagtar amach sa bhreithiúnas in Vaditrans, agus é á shoiléiriú maidir le gnéithe áirithe, a bheith in ann comhthacú le cumas na forála sin an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach. |
|
493 |
Sa dara háit, murab ionann agus an méid a áitíonn an Ungáir agus an Rómáin, tá an breithiúnas in Vaditrans ábhartha i gcomhair measúnú na comhréireachta Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, a mhéid is a chuirtear in iúl sa bhreithiúnas sin, mar a cuireadh in iúl díreach ansin, nach dtagann an toirmeasc atá ar thiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ar bord na feithicle as teacht i bhfeidhm na forála deireanaí sin, ach tagann sé as Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, ina leagan ab infheidhme sular tugadh Rialachán 2020/1054 i bhfeidhm. I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar, sa bhreithiúnas in Vaditrans, a tugadh ar bhonn Airteagal 267 CFAE, nach ndearna an Chúirt, in éagmais iarraidh chuige sin ón gcúirt a rinne an tarchur sa chás sin, scrúdú ar an gceist maidir le comhréireacht Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054. |
|
494 |
Dá mba rud é gur shílfeadh an Ungáir agus an Rómáin go raibh leagan Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006 ab infheidhme roimhe sin a bheith neamhbhailí nó gur cheart léiriú eile a thabhairt ar bhailíocht na forála sin, bhí an deis acu, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, é sin a ardú le linn nós imeachta an cháis a bhí ina bhonn den bhreithiúnas in Vaditrans. Os a choinne sin, ní féidir le hargóint den sórt sin tacú go bailí le pléadálacha lena n‑iarrtar Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní. |
|
495 |
Sa tríú háit, maidir leis an argóint a chuir Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir chun cinn, lena líomhnaítear ganntanas cóiríochta leordhóthanaí agus limistéir pháirceála shábháilte shlána ar chríoch an Aontais Eorpaigh, ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús, mar a léirítear i mír 471 den bhreithiúnas seo, gur thug an Coimisiún an staid ghanntanais sin dá aire ina Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, agus ansin i Staidéar 2019 ar spásanna páirceála. Ní chuireann an Pharlaimint ná an Chomhairle in aghaidh ghanntanas na limistéar páirceála sábháilte slán. |
|
496 |
Mar sin féin, is é is cuspóir do Rialachán 2020/1054 cosaint shóisialta na dtiománaithe a mhéadú, agus go bunúsach tá feabhsú an iompair de bhóthar agus an bhonneagair páirceála laistigh den Aontas faoi réir gníomhartha reachtacha eile arna nglacadh ar bhonn bunúis dlí ar leithligh. |
|
497 |
Go háirithe, le Rialachán TEN-T, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 172 CFAE, lena gceanglaítear formheas ón mBallstát lena mbaineann le haghaidh treoirlínte agus tionscadail leasa choitinn a bhaineann lena chríoch, foráiltear, in Airteagal 39(2)(c), d’fhorbairt limistéar scíthe tuairim is gach 100 km ar mhótarbhealaí de réir riachtanais na sochaí, an mhargaidh agus an chomhshaoil, chun limistéir pháirceála iomchuí ina bhfuil leibhéal leordhóthanach slándála agus sábháilteachta a chur ar fáil d’úsáideoirí tráchtála. |
|
498 |
Thairis sin, tá a lán ionstraimí dlí de chuid an Aontais ann lena gcuirtear féidearthachtaí ar fáil i gcomhair comh-mhaoiniú an Aontais a fhéachann dlús a chur le tógail bonneagair spásanna pairceála leordhóthanaigh agus an tógáil sin a chur chun cinn. Is é sin an cás, go háirithe, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 11 Nollaig, 2013, lena mbunaítear Saoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) no 67/2010 (IO 2013 L 348, lch. 129), agus faoi Rialachán tarmligthe (AE) 2016/1649 ón gCoimisiún, an 8 Iúil 2016, lena ndéantar forlíonadh ar Rialachán Uimh. 1316/2013 (IO 2016 L 247, lch. 1), lena leagtar síos na tosaíochtaí airgeadais san earnáil iompair chun na críocha cláir oibre ilbhliantúla agus bliantúla. |
|
499 |
Ní féidir measúnú a dhéanamh ar bhailíocht na forála arna leagan síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 i bhfianaise oibleagáide ar nach saothraítear leis an mbeart sin, áfach. |
|
500 |
Ar an taobh eile, is gá a fháil amach, mar a áitíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir, i bhfianaise easpa cóiríochta leordhóthanaí agus limistéar páirceála sábháilte slán, nach féidir an toirmeasc ar an tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ar bord na feithicle a mheas mar bheart iomchuí chun an cuspóir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre na dtiománaithe a bhaint amach. De réir na mBallstát sin, d’fhágfadh an ganntanas sin go mbeadh sé ródheacair, nó dodhéanta fiú, an toirmeasc sin a chomhlíonadh, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh sé go mbainfí an bonn den chuspóir sin trí thuirse agus strus na dtiománaithe a mhéadú. |
|
501 |
I ndáil leis sin, is fíor go bhféadfadh an fhéidearthacht na rialacha maidir le tréimhsí scíthe a leagtar síos i Rialachán Uimh. 561/2006 a chomhlíonadh, go ginearálta, a bheith ag brath, go háirithe, ar chóiríocht leordhóthanach agus limistéir pháirceála a bheith ar fáil (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Danmhairg (Uastréimhse pháirceála), C‑167/22, EU:C:2023:1020, mír 45). |
|
502 |
Mar sin féin, maidir le tionchar an ghanntanais líomhnaithe cóiríochta leordhóthanaí ar chumas Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 cuspóir na cosanta sóisialta a shaothraítear leis a bhaint amach, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar a luadh cheana i mír 472 den bhreithiúnas seo, nach gcuirtear toirmeasc leis an bhforáil sin ar thiománaithe aon tréimhse scíthe a ghlacadh san fheithicil, ach go bhfuil feidhm aici go heisiach maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha. Dá bhrí sin, ní bhaineann an toirmeasc a leagtar síos ann le sosanna ná le tréimhsí scíthe laethúla agus tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe. |
|
503 |
Ina dhiaidh sin, is iad na tréimhsí scíthe sin a thoirmisctear ar thiománaithe le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a thógáil ar bord na feithicle go díreach na tréimhsí sin a gceanglaítear ar ghnóthais iompair, i gcomhréir le hAirteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi go mbeidh siad in ann filleadh, de réir mar a bheidh, gach trí nó ceithre seachtaine, ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe, chun a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh ann, faoi seach. |
|
504 |
Thairis sin, i gcodarsnacht leis an méid a shíleann Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir, ní fhorfheidhmítear go bhfuil rochtain ar chóiríochtaí atá éagsúil ó áit chónaithe na dtiománaithe nuair a ghlacann siad tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteach. Mar is léir ó aithris 13 de Rialachán 2020/1054, ní mór do thiománaithe, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 1(6)(c) den Rialachán sin, cóiríocht leordhóthanach a bheith acu do mhná agus d’fhir araon chun na tréimhsí scíthe sin a thógáil, ós rud é nach nglacann siad a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach ag a n‑áit chónaithe, agus sa chás sin amháin. Dá bhrí sin, is féidir leis an bhforáil sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, leigheas a fháil, i bpáirt ar a laghad, ar an easpa cóiríochta oiriúnaí, arna sainaithint ag an gCoimisiún ina Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta. |
|
505 |
Ar deireadh, is fíor go luaitear in aithris 15 de Rialachán 2020/1054 go bhféadfaidh tiománaithe a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh i gcóiríocht iomchuí ‘a d’fhéadfadh a bheith’ in aice le limistéar páirceála. Is amhlaidh fós, i gcás ina gcinnfidh tiománaithe gan filleadh ar cheann den dá áit a shonraítear in Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin chun an tréimhse scíthe sin a thógáil ansin, nach gceanglaítear orthu ar bhealach ar bith, contrártha leis an méid a éilíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir, cóiríocht den sórt sin a roghnú in aice le limistéar páirceála. Cé go bhforfheidhmítear le hAirteagal 1(6)(c) den Rialachán go nglacann tiománaithe a tréimhse scíthe i ‘gcóiríocht oiriúnach’, ní fhorfheidhmítear don áit sin a bheith in aice le limistéar pairceála I ndáil leis sin, ní féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go gcaithfidh tiománaí a thréimhse scíthe sheachtainiúil 45 uair an chloig ar a laghad i gcomharsanacht limistéir páirceála den sórt sin. Ní áitíonn aon cheann de na Ballstáit sin go mbaineann an ganntanas bonneagair a shainaithin an Coimisiún ina Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta le cóiríocht nach bhfuil in aice le limistéar páirceála agus nach bhfuil an chóiríocht sin iomchuí. |
|
506 |
Maidir le tionchar an ghanntanais limistéar pairceála oiriúnach arna líomhain, ar thaobh amháin, ar oiriúnacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 chun cuspóir na cosanta sóisialta a shaothraíonn an Rialachán sin a bhaint amach, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, nach bhforfheidhmítear aon oibleagáid maidir le háit pháirceála na feithicle leis an bhforáil sin. Dá bhrí sin, níl aon oibleagáid ar an tiománaí a fheithicil a fhágáil, agus a thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach á glacadh aige, i limistéar páirceála atá curtha in áirithe d’fheithiclí earraí troma. |
|
507 |
Ina dhiaidh sin, mar a chuir an Chomhairle in iúl, agus an ceart aici, dá gcuirfí deireadh leis an toirmeasc ar thiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ar bord na feithicle, ní fhéadfaí an easpa limistéar páirceála sábháilte slán a chúiteamh, rud a léiríodh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, ós rud é, in aon chás, go mbeadh gá fós le háit pháirceála le linn na tréimhse a chomhfhreagraíonn do ghlacadh na dtréimhsí scíthe sin. Lena chois sin, dá mba rud é go gcuirfí deireadh leis an toirmeasc sin, laghdófaí an fhéidearthacht do thiománaithe na tréimhsí scíthe sin a ghlacadh ag a n‑áit chónaithe tar éis dóibh an fheithicil a pháirceáil ag ionad oibríochtúil an fhostóra, lena bhféadfaí staid an ghanntanais a cháineann Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir a dhéanamh ní ba mheasa, a mhéid is a n‑úsáidfeadh tiománaithe ní ba mhó de na limistéir pháirceála shábháilte shlána a bheadh ar fáil i staid amhail sin. |
|
508 |
Ar deireadh, maidir leis an riosca líomhnaithe go ngoidfí lastas, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair dóibh a bheith árachaithe, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 4(f) go (h) de Rialachán Uimh. 561/2006, nach mór do thiománaithe a dtréimhse scíthe a chaitheamh gan bhac, bíodh sí laethúil nó seachtainiúil, agus mar thoradh air sin nach féidir iad a choinneáil freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar luchtú den sórt sin nuair a ghlacann siad a dtréimhse scíthe. |
|
509 |
In aon chás, ní eascraíonn an riosca sin as an mbeart sonrach lena dtoirmisctear scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil, a tugadh isteach le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, ach, ar bhonn níos ginearálta, as an nganntanas limistéar páirceála sábháilte slán, meabhraítear, áfach, go n‑údaraítear do thiománaithe a dtréimhsí scíthe eile go léir a ghlacadh ar bord feithicle agus í ina stad. |
|
510 |
Lena chois sin, más fíor, de réir Staidéar 2019 ar spásanna páirceála, go mbíonn níos mó ná EUR 8.2 bhilliún i gcaillteanas de bharr gadaíocht lasta san Aontas, ní thagann sé chun solais ón staidéar sin go dtarlaíonn an caillteanas sin go sonrach de bharr gadaíochta a rinneadh le linn na tréimhsí a ghlacann na tiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha, ar cuireadh toirmeasc le hAirteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006 ina leagan ab infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054, ar thiománaithe na tréimhsí sin a ghlacadh ar bord na feithicle. |
|
511 |
Sna himthosca sin, ní féidir a mheas gur beart míchuí é an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil chun an cuspóir a bhaint amach maidir le dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre na dtiománaithe a fheabhsú ar an bhforas nach raibh a theacht i bhfeidhm faoi réir bunú cóiríochta agus saoráidí páirceála iomchuí. |
|
512 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, thairis sin, gur thug reachtóir an Aontais, le hAirteagal 1(7) de Rialachán 2020/1054, Airteagal 8a isteach i Rialachán Uimh. 561/2006, airteagal ina bhfuil, mar is léir ó aithrisí 15, 17 agus 18 de Rialachán 2020/1054, forálacha sonracha atá beartaithe chun forbairt limistéar páirceála ar ardchaighdeán a chur chun cinn trí íoschaighdeáin a fhorbairt agus inrochtaineacht faisnéise maidir le saoráidí scíthe atá ar fáil a fheabhsú. Ba cheart feabhsuithe den sórt sin a bheith de chineál a d’éascódh pleanáil ghníomhaíochtaí an tiománaí ag an bhfostóir, ionas gur féidir leis an tiománaí limistéar páirceála a bhaint amach a chomhfhreagraíonn don mhéid a mheasann an fostóir sin a bheith iomchuí do na hearraí a iompraítear. |
|
513 |
Sa chéad áit, le hAirteagal 8a (2) de Rialachán Uimh. 561/2006, mar a tugadh isteach le hAirteagal 1(7) de Rialachán 2020/1054, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun caighdeáin a tharraingt suas lena sonraítear a thuilleadh leibhéal seirbhíse agus sábháilteachta na limistéar páirceála, go háirithe maidir le saoráidí sláintíochta iomchuí do mhná agus d’fhir, agus nósanna imeachta deimhniúcháin. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 8a (1) ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag tiománaithe ar fhaisnéis maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána agus liosta de limistéir pháirceála dheimhnithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin oifigiúil a nuashonrófar go rialta. |
|
514 |
Ní féidir, áfach, leis an bhfíoras a líomhnaíonn an Rómáin nár fhoilsigh an Coimisiún an liosta sin, cé go bhféadfadh sé, dá mba iomchuí, a bheith ina mhainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh, a léiriú ar bhealach ar bith gur ghlac reachtóir an Aontais, trí Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a ghlacadh, beart atá míchuí chun an cuspóir atá á shaothrú aige a bhaint amach. |
|
515 |
Ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 8a (4) de Rialachán Uimh. 561/2006, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle, faoin 31 Nollaig 2024, maidir le hinfhaighteacht saoráidí oiriúnacha scíthe do thiománaithe agus saoráidí páirceála sláine agus maidir le soláthar limistéar páirceála sábháilte slán deimhnithe. |
|
516 |
Ar deireadh, athdhearbhaíonn an dara fomhír d’Airteagal 8a (3) de Rialachán Uimh. 561/2006 gur faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhréir le hAirteagal 39(2)(c) de Rialachán TEN-T, cruthú limistéar páirceála d’úsáideoirí tráchtála a spreagadh, aithris 19 de Rialachán 2020/1054 ag meabhrú, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé féidearthachtaí leordhóthanacha a bheith ar fáil do chómhaoiniú an Aontais chun dlús a chur le tógáil bonneagair páirceála leordhóthanaigh agus chun an tógáil sin a chur chun cinn. |
|
517 |
Murab ionann agus an méid a mhaíonn Poblacht na Bulgáire, léiríonn na hoibleagáidí sin, seachas mí-oiriúnacht Airteagal 1(6)(c) den Rialachán sin a léiriú i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú, a mhalairt ar fad, go bhfuil reachtóir an Aontais aireach i gcónaí ar an saincheist maidir le ganntanas limistéar páirceála. |
|
518 |
Maidir le hargóint Phoblacht na Bulgáire, in éagmais teorainn ama a bheith leagtha síos do na Ballstáit chun bonneagar leordhóthanach a áirithiú, go bhféadfaí cuid acu a spreagadh gan líon an bhonneagair sin a mhéadú chun teorainn a chur le soláthar seirbhísí ar a gcríoch ag gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit eile, ní mór diúltú dó mar rud amhantrach, in éagmais aon fhianaise a d’fhéadfadh bunús a thabhairt leis. |
|
519 |
Dá bhrí sin, is léir ó na breithnithe go léir roimhe seo nach leor easpa cóiríochta leordhóthanaí agus limistéir pháirceála shábháilte shlána ar chríoch an Aontais Eorpaigh chun a léiriú nach bhfuil an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil, a tugadh isteach le hAirteagal 1(6)(c) den Rialachán sin, iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán 2020/1054 a bhaint amach. |
|
520 |
Ina dhiaidh sin, maidir le hargóintí Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine a bhaineann leis an éiginnteacht dhlíthiúil líomhnaithe a bhaineann le léiriú agus cur i bhfeidhm Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais a áirithiú, leis an bhforáil sin, go gcuirfí i bhfeidhm go haonfhoirmeach an toirmeasc ar thréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ar bord na feithicle agus an oibleagáid chomhfhreagrach iad a thógáil i gcóiríocht oiriúnach. D’fhéadfadh Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2020/1054, a bheith ina chúis le héiginnteachtaí mar gheall ar na difríochtaí i léiriú agus i gcur i bhfeidhm na forála sin ag na húdaráis náisiúnta inniúla, rud a léiríodh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 5, 18 agus 23) |
|
521 |
Murab ionann agus an méid a mhaíonn Poblacht na Bulgáire, níl na focail ‘cóiríocht oiriúnach do mhná agus d’fhir araon, lena n‑áirítear saoráidí leordhóthanacha codlata agus sláintíochta’ in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 débhríoch. Ní hé go gcaithtear amhras ar oiriúnacht na forála chun an chuspóir a shaothraítear léi a bhaint amach toisc go bhfuil foclaíocht an natha sin solúbtha go leor chun ga measartha mór cóiríochtaí a chur san áireamh ina bhféadfadh tiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh, is a mhalairt air sin, mar a chuir an Pharlaimint in iúl, agus an ceart aici, go neartaítear an fhoráil leis an tsolúbthacht. Maidir leis sin, is amhantrach líomhain Phoblacht na Bulgáire ar dá réir gur dócha go ndéanfadh na Ballstáit léiriú éagsúil ar an bhforáil sin agus ní mór diúltú don líomhain sin ar an mbonn sin amháin. |
|
522 |
A mhéid a bhaineann le baol na héagothromaíochta sna pionóis a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta i gcás sárú ar an toirmeasc atá i gceist, a chuir an Rómáin i dtábhacht, is fíor nach gcomhchuibhítear le Rialachán 2020/1054 na rialacha maidir le pionóis arna bhforchur ag na Ballstáit ina leith sin. Mar sin féin, tá an baol sin teoranta go mór leis an oibleagáid atá orthu, de bhun Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan a eascraíonn as Airteagal 1(16) de Rialachán 2020/1054, foráil a dhéanamh, mar a luaitear freisin in aithris 23 den Rialachán sin, maidir le pionóis atá éifeachtach agus comhréireach le tromchúis an tsáraithe agus atá athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach, ós rud é nach bhféadfadh aon sárú, ina theannta sin, a bheith ina chúis le níos mó ná pionós amháin nó níos mó ná nós imeachta amháin. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go bhfágann an riosca d’éagothroime i bpionós go bhfuil Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 mí-oiriúnach chun an cuspóir atá á shaothrú aige a bhaint amach. |
– An gá atá le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054
|
523 |
Sa dara háit, maidir leis an ngá atá le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 agus, go sonrach, an argóint a bhaineann le bearta a bheith ann a líomhnaítear nach bhfuil chomh sriantach céanna leis na bearta a glacadh san fhoráil sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtagraíonn Poblacht na Bulgáire ach do shraith beart, ar pléadh an chuid is mó díobh i láthair le linn an nós imeachta reachtaigh, gan, áfach, a bheith glactha ag reachtóir an Aontais ag deireadh an nós imeachta sin sa leagan críochnaitheach den ghníomh reachtach a glacadh. |
|
524 |
Bíodh sin mar atá, ní gá go mbeadh sé indéanta leis na bearta a shamhlaíonn an Ballstát sin — ar pointe choiteann dóibh go gceadaítear leo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó cúiteach a ghlacadh ar bord na feithicle, agus an rogha á thabhairt do thiománaithe — go mbainfí amach an cuspóir a shaothraíonn reachtóir an Aontais, is é sin chun dálaí oibre agus sábháilteacht ar na bóithre a fheabhsú, ós rud é, go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh go nglacfadh tiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha iomlána a ghlacadh ar bord na feithicle. Ós rud é gurb ionann an tiománaí, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 174 den bhreithiúnas seo, agus an chuid lag den chaidreamh conarthach lena fhostóir, bheadh an baol ann nach mbeadh rogha an tiománaí go hiomlán saor, ós rud é gur dócha go mbeadh an tiománaí faoi bhrú rogha a dhéanamh a bheadh fabhrach do leasanna an fhostóra. Ar an gcaoi chéanna, bheadh baol ann go gcaithfeadh na tiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha in áit mí-oiriúnach mar gheall ar thabhairt isteach maoluithe, arbh ionann é in agus cúlú ar chosaint shóisialta na dtiománaithe. |
|
525 |
Thairis sin, cé gur bheartaigh an Coimisiún, mar a thug Poblacht na Bulgáire le fios, sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 44 go 47), an rogha cead a thabhairt do thiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta a thógáil ar bord na feithicle, ar choinníoll gur saor-rogha dá gcuid féin é nó go bhfuil údar leis sin de bharr na n‑imthosca, luaigh sé, sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 49) céanna, go bhféadfadh an rogha sin, go háirithe, a dheacra atá sé saor-rogha na dtiománaithe a fhíorú, méadú ar mhí-úsáid d’aon ghnó, sa mhéid go nglacfaí na tréimhsí scíthe sin, d’aon ghnó agus go córasach, ar bord na feithicle. |
|
526 |
Sa chomhthéacs sin, maidir le hargóintí Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine agus na hUngáire, bunaithe ar chompord na bhfeithiclí, is fíor gur luaigh an Coimisiún, ina Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 18), a tugadh chun críche sular tugadh breithiúnas Vaditrans, gur minic a chuireann feithiclí cóiríocht níos fearr ar fáil ná na féidearthachtaí eile atá ar fáil. |
|
527 |
Bíodh sin mar atá, ar thaobh amháin, sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 73 go 75) céanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i ndiaidh dó a mhachnamh a dhéanamh ar bhuntáistí agus míchaoithiúlacht na roghanna éagsúla arna mbeartú, gurbh é an rogha ab iomchuí chun strus agus tuirse na dtiománaithe a laghdú ná toirmeasc a chur ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ar bord na feithicle agus chun na críche sin rinne sé foráil do thoirmeasc amhail sin in Airteagal 1(5)(c) sa togra le haghaidh Rialachán maidir le ‘ham oibre’. |
|
528 |
Ar an taobh eile, bhí reachtóir an Aontais, agus a lánrogha leathan á feidhmiú aige, i dteideal a mheas, mar a rinne an Chúirt Bhreithiúnais i mír 45 den bhreithiúnas in Vaditrans, gur cuireadh cosc ar gach tréimhse scíthe a thógáil i gcábán na feithicle mar gheall ar bhaint amach an chuspóra maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre na dtiománaithe, ós rud é nach soláthraítear leis an áit sin coinníollacha cóiríochta oiriúnacha chun na tréimhsí scíthe is faide a ghlacadh. |
|
529 |
Maidir leis an mbeart, dá dtagraítear ag Poblacht na Bulgáire, ag an Rómáin agus ag an Ungáir, arb é atá ann idirthréimhse a thabhairt isteach chun teacht i bhfeidhm an toirmisc ar thiománaí a thréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ar bord a fheithicle a chur siar, is léir nach féidir leis an mbeart sin a bheith ina rogha mhalartach nach bhfuil chomh sriantach céanna. Bhí toirmeasc den sórt sin i bhfeidhm cheana féin nuair a glacadh Rialachán 2020/1054, ós rud é, mar is léir ó mhíreanna 30, 31 agus 48 den bhreithiúnas in Vaditrans, go leanann sé ó Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan ab infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054. Sna himthosca sin, b’ionann idirthréimhse den sórt sin a thabhairt isteach agus raon feidhme ama an bhreithiúnais sin a theorannú, cé nár mheas an Chúirt gur ghá é sin a dhéanamh. |
– Comhréireacht Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054
|
530 |
Sa tríú háit, maidir le comhréireacht an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, a thábhachtaí atá sé, de réir bhrollach CFAE, go gcuirfí feabhas leanúnach ar dhálaí maireachtála agus fostaíochta a cheanglaítear ar reachtóir an Aontais, faoi Airteagail 9 agus 90 CFAE, a chur san áireamh go hiomlán i bhfeidhmiú a chumhachtaí i réimse an chomhbheartais iompair. Mar a thug an Chúirt faoi deara, go bunúsach, in Vaditrans (míreanna 44 agus 45), ní sholáthraíonn cábán trucaile coinníollacha cóiríochta atá oiriúnach do thréimhsí scíthe níos faide ná tréimhsí scíthe laethúla agus tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe. Dá bhrí sin, ní féidir le tiománaithe tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta agus cúiteacha a chaitheamh i gcábán den sórt sin gan an bonn a bhaint den chuspóir feabhas a chur ar a ndálaí oibre. |
|
531 |
Ar an gcaoi sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cosúil le hAirteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006 agus Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 lena leasaíodh an chéad airteagal sin, agus mar a meabhraíodh i míreanna 472 agus 502 den bhreithiúnas seo, ní chuirtear toirmeasc ar thiománaithe faoi gach tréimhse scíthe a chaitheamh ar bord na feithicle, ach cuirtear toirmeasc amháin orthu nach gcaitheann siad a dtréimhsí scíthe sheachtainiúil rialta nó cúiteacha ann. Mar sin, tá an ceart ag na tiománaithe a gcuid sosanna agus a dtréimhsí scíthe laethúla agus a dtréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe a chaitheamh ar bord na feithicle fós. |
|
532 |
Thairis sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 8(6)(b) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan a eascraíonn as Airteagal 1(6)(a) de Rialachán 2020/1054, ní fhéadfar tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta a ghlacadh, mar a cheadaítear cheana féin leis an dara fleasc den chéad fhomhír d’Airteagal 8(6) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan sular tugadh Rialachán 2020/1054 i bhfeidhm, ach gach coicís, rud is dócha a chuirfidh teorainn bhreise le raon feidhme an toirmisc ar thréimhsí scíthe seachtainiúla rialta a chaitheamh i gcábán trucaile. |
|
533 |
Ar deireadh, chuir reachtóir an Aontais tríú fomhír isteach in Airteagal 8(6) de Rialachán Uimh. 561/2006 le hAirteagal 1(6)(a) de Rialachán 2020/1054 lena gceadaítear, ar bhonn maolaithe ar an riail ghinearálta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(6), ón bpointe sin ar aghaidh, do thiománaithe a iompraíonn earraí go hidirnáisiúnta, agus coinníollacha áirithe á gcomhlíonadh acu, dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe a ghlacadh ar bord na feithicle lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil a fhostóir bunaithe agus ní bhaineann na tréimhsí sin leis an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 1010/1054. Tríd an bhféidearthacht sin a thabhairt isteach, a eisiadh le hAirteagal 8(6) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan sular tugadh Rialachán 2020/1054 i bhfeidhm, d’fhéach reachtóir an Aontais le níos mó solúbthachta a thabhairt do thiománaithe atá ag gabháil d’achair fhada, trí chead a thabhairt dóibh a dtréimhsí scíthe uile a ghlacadh san fheithicil ar feadh 3 seachtaine as a chéile. |
|
534 |
Sna himthosca sin, ní féidir a mheas go mbaineann míbhuntáistí le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 atá díréireach go follasach leis an gcuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin. |
|
535 |
Ní féidir amhras a tharraingt ar na breithnithe sin le haon cheann de na hargóintí a chuir Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus an Ungáir chun cinn. |
|
536 |
Sa chéad áit, maidir leis an argóint atá bunaithe ar na costais shuntasacha bhreise a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 do ghnóthais iompair, go háirithe do FBManna, is leor a mheabhrú nach as teacht i bhfeidhm na forála sin a eascraíonn an toirmeasc ar thiománaí a thréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ar bord na feithicle ach, mar a chinn an Chúirt, go bunúsach, i míreanna 30, 31 agus 48 de bhreithiúnas Vaditrans, ó Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan a bhí ann roimh theacht i bhfeidhm Rialacháin 2020/1054. Dá bhrí sin, ní féidir le hAirteagal 1(6)(c) den Rialachán sin, inti féin, a bheith ina foinse do chostais shuntasacha bhreise. |
|
537 |
Thairis sin, cé gur fíor go gceanglaítear go sainráite anois le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ar an bhfostóir na costais uile a bhaineann le tréimhse scíthe a ghlacadh lasmuigh den fheithicil a íoc, is amhlaidh fós, mar is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 64), go raibh go leor fostóirí ag glacadh leis na costais sin cheana féin sular tugadh an Rialacháin sin i bhfeidhm. Thairis sin, níl gá leis an gcúram sin ach amháin i gcás ina roghnaíonn an tiománaí, de réir mar atá sé i dteideal, gan leas a bhaint as an bhféidearthacht nach mór dá fhostóir a thabhairt dó, i gcomhréir le hAirteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, filleadh gach trí nó ceithre seachtaine, de réir mar a bheidh, ar ionad oibríochtúil an fhostóra sin nó ar a áit chónaithe chun a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a thosú nó a chaitheamh ann. Ar deireadh, tá an oibleagáid sin chun cúram a sholáthar gan dochar do cheart an ghnóthais iompair an chóiríocht nó an cineál cóiríochta a n‑íocfaidh sé na costais ina leith a roghnú, sa chás deireanach sin, ar choinníoll go gcomhlíonann an chóiríocht sin na ceanglais a eascraíonn as an bhforáil sin. |
|
538 |
Sna himthosca sin, is cosúil nach féidir an meastachán ó staidéar KPMG ar an mBulgáir, a luaitear i mír 458 den bhreithiúnas seo, ar dá réir a mheastar gur EUR 143 mhilliún a bheadh sna costais a bheadh le tabhú ag cuideachtaí iompair de chuid na Bulgáire mar thoradh ar an mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, ní féidir é a mheas mar dhoshéanta ós rud é gur bunaíodh ar bhonn earráideach é ar dá réir a fhorfheidhmítear toirmeasc nua ar na tiománaithe agus cuirtear ceanglas orthu leis an bhforáil sin na tréimhsí scíthe a chaitheamh lasmuigh dá n‑áit chónaithe go córasach agus a bhfeithicil a pháirceáil i limistéir shábháilte shlána. |
|
539 |
Sa dara háit, maidir leis an argóint a bhaineann leis an mbaol go ngearrfaí pionóis ar an ngnóthas iompair agus go gcaillfí dea-cháil, de réir bhrí Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ní féidir le Poblacht na Bulgáire a mhaíomh go bhfuil Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 díréireach trí thuairimíocht a dhéanamh maidir le minicíocht an iompair a sháraíonn an toirmeasc a leagtar síos san fhoráil sin. I ndáil leis sin, tá an Ballstát sin mícheart a mhaíomh, thairis sin, nach féidir an toirmeasc sin a chomhlíonadh, ar bhonn na toimhdean mícheart, dá dtagraítear i mír 505 den bhreithiúnas seo, go gceanglaítear leis an bhforáil sin ar thiománaithe a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh i gcóiríocht in aice le limistéar páirceála. |
|
540 |
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór a mheas nach dtéann an toirmeasc ar shos seachtainiúil rialta nó cúiteach san fheithicil, a leagtar síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a shaothraítear leis an toirmeasc sin a bhaint amach. |
|
541 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don cheathrú saincheist ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire ag brath, don chéad chuid den chéad saincheist a d’ardaigh an Rómáin agus don saincheist aonair ar a bhfuil an Ungáir ag brath toisc í a bheith gan bhunús. |
(b) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe
(1) Argóint na bpáirtithe
|
542 |
Maíonn Poblacht na Bulgáire, leis an dara cuid dá cúigiú saincheist, agus an Rómáin, leis an gcéad chuid dá tríú saincheist, nach gcomhlíonann Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE. Líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire freisin go ndearnadh sárú ar Airteagail 20 agus 21 den Chairt, ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, agus, ‘a mhéid a mheasann an Chúirt gur gá sin’, ar Airteagal 95(1) CFAE. |
|
543 |
De réir an dá Bhallstát sin, sáraíonn an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe chun dochair do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh agus do thiománaithe atá fostaithe ag na gnóthais sin araon. Bheadh sé i bhfad níos éasca do ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit láir an Aontais Eorpaigh agus dá dtiománaithe an toirmeasc sin a chomhlíonadh ná do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh agus dá dtiománaithe. Thairis sin, laistigh den Bhallstát céanna, cruthaíonn an toirmeasc atá i gceist idirdhealú idir tiománaithe áitiúla agus tiománaithe Ballstát eile. Ní dhéanfadh easpa cóiríochta leordhóthanaí ná limistéir pháirceála shlána shábháilte difear do thiománaithe intíre a dhéanann oibríochtaí iompair ina mBallstát féin, toisc go bhféadfaí cóiríocht a thabhairt dóibh sa bhaile agus a bhfeithiclí earraí troma a pháirceáil in ionad oibríochtúil an fhostóra. Ní hamhlaidh atá i gcás tiománaithe atá fostaithe ag gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, ar tiománaithe iad a gcuirtear iallach orthu, toisc nach ann do chóiríocht iomchuí agus limistéir pháirceála shábháilte agus shlána, gan an toirmeasc sin a chomhlíonadh, rud a mhéadaíonn caiteachas gnóthas iompair, ar FBManna iad a bhformhór. |
|
544 |
[Mar a ceartaíodh le hordú an 19 Nollaig 2024] Maidir leis sin, tugann an Rómáin faoi deara freisin ós rud é go bhforbraíonn na Ballstáit an bonneagar pairceála agus cóiríochta ar bhealaí éagsúla eatarthu ag brath cé acu a bhfuil siad suite ar fhorimeall an Aontais nó ar iompair de bhóthar an Aontais, tá idirghabháil reachtóir an Aontais níos díréirí fós. Ós rud é go mbeadh gréasán na limistéar pairceála tearcfhorbartha sna Ballstáit idirthurais, bheadh tionchar ag an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ar na gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais go príomha. |
|
545 |
Áitíonn an Rómáin freisin nach féidir an measúnú ar éifeachtaí fhorálacha Rialachán 2020/1054 ar an margadh iompair a dhéanamh gan Rialachán 2020/1055 agus Treoir 2020/1057, atá mar chuid den ‘Phacáiste Soghluaisteachta’ freisin, a chur san áireamh. Dá bhrí sin, léireofaí le measúnú foriomlán ar an bpacáiste sin cineál idirdhealaitheach na reachtaíochta arna glacadh ag reachtóir an Aontais chun dochair do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh i bhfianaise na féidearthachta sonraí seirbhísí iompair a sholáthar san Aontas Eorpach. Go deimhin, ós rud é go bhforchuirtear costais shuntasacha leis na bearta atá faoi chonspóid sa Phacáiste Soghluaisteachta agus go bhforchuirtear oibleagáidí dochraideacha leo, a dhéanann difear, go háirithe, do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, bhainfí an bonn dá n‑iomaíochas de facto. Ní fhéadfaí cosaint shóisialta do thiománaithe a ráthú in éagmais bearta iomchuí chun tacú le feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar ag gnóthais iompair. |
|
546 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
547 |
Mar réamhphointe, is gá diúltú do mhaoímh Phoblacht na Bulgáire maidir le sárú ar Airteagal 95(1) CFAE toisc é a bheith neamh-inghlactha, ar na cúiseanna céanna leo siúd a leagtar amach i mír 307 den bhreithiúnas seo, ós rud é nach ndéanann an Ballstát sin ach tagairt do shárú den sórt sin ‘a mhéid a mheasann an Chúirt gur gá’, gan aon argóintí sonracha a dhéanamh ina leith sin. |
|
548 |
É sin ráite, maidir le tuillteanas na bpléadálacha agus na n‑argóintí seo, is comhfhoras é, sa chás seo, go bhfuil feidhm ag an riail a leagtar síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, a mhéid a cheanglaítear ar ghnóthais iompair a áirithiú, ar a gcostas féin, go dtógfaidh a dtiománaithe a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha ní ar bord na feithicle ach i gcóiríocht atá oiriúnach do mhná agus d’fhir araon agus lena n‑áirítear saoráidí codlata agus saoráidí sláintíochta leordhóthanacha, gan idirdhealú maidir leis na fostóirí uile lena mbaineann, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, maidir leis na tiománaithe uile lena mbaineann, gan beann ar a náisiúntacht agus ar an mBallstát ina bhfuil cónaí orthu, agus maidir leis na Ballstáit uile, ionas nach mbeidh idirdhealú díreach a thoirmisctear le dlí an Aontais i gceist léi. |
|
549 |
Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 308 go 310 den bhreithiúnas seo, ar chuir reachtóir an Aontais riail chomhionann i bhfeidhm gan údar maidir le cásanna éagsúla le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, i bhfianaise, inter alia, an chuspóra atá á shaothrú leis an bhforáil sin, arb ionann é dá bhrí sin agus idirdhealú indíreach a thoirmisctear le dlí an Aontais, a mhéid, go bunúsach, mar a áitíonn na Ballstáit iarrthacha, a d’fhéadfadh sé, de bharr a chineáil, difear a dhéanamh do níos mó gnóthas iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite, dar leo, ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’, ar na tiománaithe atá fostaithe ag na gnóthais sin agus ar an ngrúpa sin de Bhallstáit. |
|
550 |
I ndáil leis sin, féachtar le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, mar a cuireadh in iúl i mír 478 den bhreithiúnas seo, feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar shábháilteacht ar bhóithre na dtiománaithe laistigh den Aontas Eorpach, trína áirithiú go bhfuil áit mhaith chóiríochta ag tiománaithe chun a dtréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh, chun, go háirithe, mar is léir ó aithrisí 8 agus 13 den Rialachán sin, tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí cianiompair idirnáisiúnta agus a chaitheann tréimhsí fada óna n‑áit chónaithe a chosaint. |
|
551 |
Ní mór a lua go bhfuil na tiománaithe uile atá fostaithe san Aontas Eorpach i staid inchomparáide a mhéid a bhaineann lena gceart an tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh i gcóiríocht ar ardchaighdeán. Ní mór do na tiománaithe uile, beag beann ar a náisiúntacht nó an Ballstát ina bhfuil a bhfostóir bunaithe, a bheith in ann an tréimhse scíthe sin a ghlacadh i gcóiríocht atá de chineál lena bhféadtar dálaí oibre maithe agus sábháilteacht ar bhóithre a ráthú. |
|
552 |
Sa chéad áit, maidir le hidirdhealú arna líomhain a bheith ann, a líomhain Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin, idir tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta atá fostaithe i mBallstáit áirithe agus tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair náisiúnta atá fostaithe i mBallstát atá suite i ‘lár an Aontais Eorpaigh’, is fíor gur dócha go ndéanfaidh Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 difear do níos mó tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta chuig Ballstáit atá i bhfad ón mBallstát ina bhfuil a bhfostóir bunaithe go geografach, toisc go bhféadfadh sé a bheith níos deacra ar na tiománaithe sin ná tiománaithe áitiúla nó náisiúnta a scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh sa bhaile agus, dá bhrí sin, go mbeidís níos neamhchosanta ar an easpa cóiríochta leordhóthanaí agus bonneagair páirceála atá ann faoi láthair. |
|
553 |
Mar sin féin, is é is cúis leis an difríocht sin sa tionchar ar thiománaithe atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta ná cineál éagsúil na n‑oibríochtaí iompair a dhéanann na tiománaithe sin, rud a léirítear freisin i bhforálacha Airteagal 91(1)(a) agus (b) CFAE. Is dócha go ndéanfar oibríochtaí iompair idirnáisiúnta, níos mó ná oibríochtaí iompair náisiúnta, thar achair amach ó áit chónaithe na dtiománaithe agus ón áit ina bhfuil a bhfostóir bunaithe. |
|
554 |
I ndáil leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 433 dá Thuairim, dá gceadófaí, i gcomhréir leis an argóint a chuir Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin chun cinn, do thiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta a dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh ar bord na feithicle, nach áit oiriúnach iad chun tréimhsí scíthe fada den sórt sin a chaitheamh, bheadh leibhéal idirdhealaithe níos airde fós i gceist i gcomparáid le tiománaithe intíre, a d’fhéadfadh, óna dtaobh féin, an tréimhse scíthe sin a ghlacadh níos éasca ag a n‑áit chónaithe. |
|
555 |
Sa dara háit, maidir le hidirdhealú arna líomhain a bheith ann, ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin ag brath, idir, ar thaobh amháin, gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’ a dhéanann oibríochtaí iompair idirnáisiúnta agus na tiománaithe a fhostaíonn siad, agus, ar an taobh eile, gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ag ‘lár an Aontais’ a dhéanann oibríochtaí den sórt sin, agus na tiománaithe a fhostaíonn siad, is fíor, mar is léir ó mhír 552 den bhreithiúnas seo, go bhféadfaí difear breise a dhéanamh do ghnóthais iompair le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, beag beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, a roghnaigh samhail oibriúcháin eacnamaíoch arb é atá inti formhór a seirbhísí, mura bhfuil siad ar fad, a sholáthar d’fhaighteoirí atá bunaithe i mBallstáit atá i bhfad ón gcéad Bhallstát agus a ndéanann a dtiománaithe a n‑oibríochtaí iompair ar an gcaoi sin óna n‑áit chónaithe. |
|
556 |
Mar sin féin, mar a luadh cheana i mír 321 den bhreithiúnas seo, tá reachtóir an Aontais i dteideal, i bhfianaise na bhforbairtí suntasacha a rinne difear don mhargadh inmheánach, gníomh reachtach a oiriúnú chun na leasanna lena mbaineann a athchothromú d’fhonn cosaint shóisialta na dtiománaithe a mhéadú trí leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfeidhmítear saoirse a bhfostóirí chun seirbhísí a sholáthar agus chun iomaíocht chóir a áirithiú. |
|
557 |
Thairis sin, mar a cuireadh in iúl i mír 322 den bhreithiúnas seo, ní féidir foráil de dhlí an Aontais a mheas, inti féin, mar fhoráil atá contrártha do phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar an bhforas amháin go bhfuil iarmhairtí éagsúla ag baint léi d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe, i gcás ina bhfuil an staid sin mar thoradh ar dhálaí oibriúcháin éagsúla ina gcuirtear iad, go háirithe mar gheall ar a suíomh geografach, seachas mar gheall ar neamhionannas sa dlí atá ina dhlúthchuid den fhoráil atá faoi chonspóid. |
|
558 |
Sa chás seo, rinne reachtóir an Aontais iarracht shonrach a áirithiú, mar a cuireadh in iúl cheana féin i mír 282 den bhreithiúnas seo, go mbaintear amach cothromaíocht nua idir tiománaithe ar thaobh amháin, le dálaí oibre níos fearr a áirithiú dóibh agus, ar an taobh eile, dálaí leordhóthanacha agus iomaíocht chóir a áirithiú do ghnóthais iompair de bhóthar, chun earnáil iompair de bhóthar atá sábháilte, éifeachtúil agus freagrach go sóisialta a chruthú. |
|
559 |
Sa chomhthéacs sin, ní spreagtar éagothroime do na gnóthais iompair leis an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, a mhalairt ar fad, mar is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 17, 18 agus 23), déantar iarracht leis an suíomh a leigheas maidir leis an gcóir neamhionann a tháinig chun cinn mar gheall ar léirithe éagsúla agus cur i bhfeidhm éagsúil Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006 a bhí ag na húdaráis náisiúnta inniúla faoi chur i bhfeidhm réimis náisiúnta smachtbhannaí éagsúla sna Ballstáit. Chun a áirithiú, trí bhíthin riail chomhchuibhithe níos soiléire, go gcuirfí i bhfeidhm go haonfhoirmeach an toirmeasc ar an tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a ghlacadh ar bord na feithicle, rinne reachtóir an Aontais Eorpaigh códú ar an léiriú ar Airteagal 8(8) arna leagan síos ag an gCúirt in Vaditrans. |
|
560 |
Mar a chuir an Chomhairle in iúl le cúis mhaith, is iad na tiománaithe sonracha sin ar sholáthraíonn a bhfostóirí an chuid is mó dá seirbhísí iompair d’fhaighteoirí atá bunaithe i mBallstáit i bhfad ón mBallstáit ina bhfuil siad féin bunaithe, agus de bharr air sin is iad na tiománaithe sin a dhéanann gcuid oibríochtaí iompair i bhfad óna n‑áit chónaithe, ar a mbíonn an cosaint is mó de dhíth orthu a eascraíonn as an riail chomhchuibhithe arna leagan síos in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, lena gcuirtear ar a chumas a mheas, ar aon nós, cuspóir agus nádúr iomchuí an chritéir ar ar bhunaigh reachtóir an Aontais a chinneadh d'fhonn an cuspóir i ndáil le dálaí oibre níos fearr a shaothraítear leis an bhforáil sin a bhaint amach. |
|
561 |
Thairis sin, mar a luaitear i mír 533 den bhreithiúnas seo, arís d’fhonn cothromaíocht leordhóthanach a áirithiú idir na leasanna éagsúla lena mbaineann, agus iarracht á déanamh ag an am céanna an cuspóir cosanta sóisialta atá á shaothrú, arna leasú, le hAirteagal 1(6)(a) de Rialachán 2020/1054, Airteagal 8(6) de Rialachán Uimh. 561/2006 a bhaint amach, chun a cheadú, de mhaolú air sin, agus i gcomhréir le coinníollacha áirithe, do thiománaí atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe, a fhéadfar a thógáil ar bord na feithicle, a thógáil lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil a fhostóir bunaithe. |
|
562 |
Thairis sin, tá Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 beartaithe go sonrach chun an deacracht dá dtagraítear i mír 552 den bhreithiúnas seo a mhaolú, trí cheangal a chur ar fhostóirí obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi is go mbeidh siad in ann, más mian leo, filleadh gach trí nó ceithre seachtaine, de réir mar a bheidh, chuig a n‑áit chónaithe nó ionad oibríochtúil a bhfostóra. |
|
563 |
Sa tríú háit, maidir le hidirdhealú líomhnaithe a bheith ann, dá dtagraíonn Poblacht na Bulgáire, idir na Ballstáit, ar idirdhealú é atá contrártha do phrionsabal chomhionannas na mBallstát sin i bhfianaise na gConarthaí, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, ní mór diúltú do cháineadh an Bhallstáit sin. Thairis sin, fiú má ghlactar leis go ndéantar difear indíreach do roinnt Ballstát níos mó ná a chéile leis an bhforáil sin, d’ainneoin a cineál atá infheidhme go doiléir, is leor a mheabhrú, de réir chásdlí na Cúirte a cuireadh in iúl i mír 332 den bhreithiúnas seo, nach féidir a mheas go bhfuil beart de chuid an Aontais arb é is cuspóir dó rialacha na mBallstát a chomhionannú, a mhéid atá feidhm chomhionann aige maidir leis na Ballstáit uile, idirdhealaitheach, ós rud é gur dosheachanta go mbíonn éifeachtaí éagsúla ag gníomh comhchuibhithe den sórt sin ag brath ar staid na ndlíthe agus na gcleachtas náisiúnta éagsúil roimhe sin. |
|
564 |
Sna himthosca sin, ní féidir a mheas gur sháraigh reachtóir an Aontais, de shárú ar an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 313 agus 314 den bhreithiúnas seo, teorainneacha a lánrogha leathan trí Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a ghlacadh i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an CFAE d’fhonn dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre na dtiománaithe uile laistigh den Aontas Eorpach ina iomláine a fheabhsú. |
|
565 |
Ar deireadh, maidir leis an méid a mhaíonn an Rómáin ina hargóintí maidir leis an sárú ar phrionsabal na córa comhionainne, cuireann sí i gcoinne thionchar díréireach Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ar na gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite ar ‘fhorimeall an Aontais’, baineann a hargóint leis an sárú ar phrionsabal na comhréireachta, mar a leagan an Ballstát sin féin béim air. Ní mór, dá bhrí sin, diúltú dó ar na cúiseanna céanna leo siúd a leagtar amach i míreanna 481 go 540 den bhreithiúnas seo. |
|
566 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar na breithnithe sin, mar is léir ó mhír 333 den bhreithiúnas seo cheana féin, le líomhain na Rómáine maidir leis an tionchar neamh-idirdhealaithe domhanda a bheadh ann de bharr chur i bhfeidhm na bhforálacha uilig den ‘Phacáiste Soghluaisteachta’, is é sin ábhar na gcaingne a thionscain an Ballstát sin sna Cásanna C‑546/20 go 548/20. Ní chuir an Rómáin in iúl, áfach, i gCás C‑546/20, go dtiocfadh idirdhealú as Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054. Maidir leis an gcuid eile, ní mór cáintí an Bhallstáit sin a bhaineann le Rialachán 2020/1055 agus Treoir 2020/1057 a scrúdú i gcomhthéacs na bpléadálacha agus na n‑argóintí a chuir an Ballstát sin chun cinn mar thaca lena ghníomhaíochtaí i gCásanna C‑547/20 agus 548/20 mar thaca lena éilimh go ndéanfaí na gníomhartha den Aontas sin go léir nó cuid díobh a chur ar neamhní. |
|
567 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den chúigiú saincheist ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire ag brath toisc go bhfuil sí neamh-inghlactha i bpáirt agus gan bhunús, agus toisc nach bhfuil bunús leis an gcéad chuid den tríú saincheist ar a raibh an Rómáin ag brath. |
(c) Sárú ar fhorálacha CFAE maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar
(1) Argóint na bpáirtithe
|
568 |
Áitíonn an Rómáin, sa chéad chuid dá céad saincheist, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, go sáraítear freisin le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 forálacha dhlí an Aontais maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar sa mhargadh inmheánach. Mar thoradh ar chur chun feidhme an toirmisc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach san fheithicil, chuirfí srian ar an tsaoirse sin, de réir bhrí Airteagal 58(1) CFAE, ós rud é go mbeidh bealaí iompair, ar feadh tréimhse éiginnte, teoranta do thurais a fhéadfar a dhéanamh laistigh de thréimhse nach gcuireann oibleagáid ar an tiománaí tréimhse scíthe seachtainiúla a ghlacadh nó a chinnfear ar bhonn limistéir pháirceála shábháilte shlána a bheith ann. Mar thoradh ar an teorannú sin, beidh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh mar thoradh ar an mbeart, dar leis an Rómáin, as a dtiocfaidh cúlú i mbaint amach chuspóir fhorbairt inbhuanaithe an mhargaidh sin, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE, atá ar cheann de na cuspóirí atá sainithe ag an gCoimisiún ina Mheasúnú Tionchair freisin – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 39). |
|
569 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
570 |
Ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 352 go 358 den bhreithiúnas seo, nach dtagann an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 58(1) CFAE, faoin scéim ghinearálta a bhunaítear in Airteagal 56 CFAE, ach faoi scéim shonrach, faoina bhfuil sé de cheart ag gnóthais iompair seirbhísí a sholáthar go heisiach a mhéid a deonaíodh an ceart sin dóibh trí bhíthin bearta dlí thánaistigh a ghlac reachtóir an Aontais, amhail Rialachán 2020/1054, ar bhonn fhorálacha CFAE a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair, go háirithe Airteagal 91(1) CFAE. |
|
571 |
Dá bhrí sin, a mhéid gurb é an t‑aon chuspóir amháin atá le hAirteagal 58(1) CFAE an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar a eisiamh ó fhorálacha ginearálta CFAE a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar d’fhonn í a chur faoi réir na bhforálacha sonracha i dTeideal VI de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní fhéadfadh reachtóir an Aontais, contrártha d’aighneacht na Rómáine, Airteagal 58(1) a shárú ar an bhforas amháin gur ghlac sé, i gcomhréir leis an bhforáil sin, rialacha comhchoiteanna is infheidhme maidir leis an earnáil iompair, ar bhonn na bhforálacha sonracha sin. |
|
572 |
Ar aon nós, a mhéid a cháineann an Rómáin reachtóir an Aontais as cúlú le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ar an bpróiseas liobrálachais a baineadh amach le Rialachán Uimh. 561/2006, tá a hargóint gan bhunús. Mar a cuireadh in iúl, go háirithe, i mír 493 den bhreithiúnas seo, ní eascraíonn an toirmeasc ar thréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha a ghlacadh san fheithicil as teacht i bhfeidhm na forála sin ach as Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan ab infheidhme sular tugadh Airteagal 1(6)(c) i bhfeidhm, a léirigh an Chúirt in Vaditrans. |
|
573 |
Thairis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 266 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil comhordú déanta cheana féin ag gníomh reachtach ar dhlíthe na mBallstát i réimse áirithe gníomhaíochta de chuid an Aontais, go bhfuil reachtóir an Aontais i dteideal an gníomh sin a chur in oiriúint d’aon athrú ar imthosca nó d’aon athrú ar eolas i bhfianaise an chúraim atá air cosaint na leasanna ginearálta a aithnítear in CFAE a áirithiú agus cuspóirí trasearnálacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear sa bhrollach, in Airteagal 9 agus sa chéad mhír d’Airteagal 151 CFAE a chur san áireamh, go háirithe, dálaí fostaíochta a fheabhsú agus cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú. Ní féidir le reachtóir an Aontais, i gcás den sórt sin, a chúram a chomhlíonadh go cuí maidir le cosaint na leasanna ginearálta sin agus na gcuspóirí trasearnálacha sin a áirithiú ach amháin má tá sé i dteideal reachtaíocht ábhartha an Aontais a oiriúnú d’athruithe nó d’fhorbairtí den sórt sin. |
|
574 |
Lena chois sin, murab ionann leis an méid a mhaíonn an Rómáin, ní féidir a mheas mar chúlú ar bhunaíocht chomhbheartais iompair arb ionann é agus sárú ar Airteagal 91(2) CFAE an fhíric amháin go bhféadfaí go gcaithfí gnóthais iompair ar leith cuid dá mbealaí iompair a leasú d'fhonn dálaí oibre agus cosaint shóisialta tiománaithe a fheabhsú i gcomhréir leis an gcuspóir a shaothraítear le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054. |
|
575 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na hargóintí a bhaineann le sárú fhorálacha CFAE maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a d’ardaigh an Rómáin sa chéad chuid dá céad saincheist toisc iad a bheith gan bhunús. |
(d) Sárú ar Airteagal 91(2) agus ar Airteagal 94 CFAE
(1) Argóint na bpáirtithe
|
576 |
Áitíonn an Rómáin freisin, sa chéad chuid dá céad saincheist, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, go ndéanann Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 dochar tromchúiseach do leasanna gnóthas iompair agus tiománaithe, de shárú ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE. |
|
577 |
Ar thaobh amháin, maidir le gnóthais iompair, a bhfuil stádas FBManna acu de ghnáth, is mó i bhfad na costais a bhaineann leo faoi Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ná na costais a bhaineann le cóiríocht a sholáthar do thiománaithe. Chumhdófaí leis na costais sin freisin athruithe ar bhealaí ag brath ar infhaighteacht cóiríochta oiriúnaí agus limistéar páirceála, an méadú ar phréimheanna árachais mar gheall ar rioscaí méadaithe a bhaineann le sábháilteacht earraí arna n‑iompar agus an gá atá le tiománaithe achair bhreise a dhéanamh chun limistéar páirceála iomchuí a aimsiú agus ansin an chóiríocht a bhaint amach, a d’fhéadfadh a bheith achar suntasach, agus an staid ar a dtugtar tuairisc i Staidéar 2019 ar spásanna pairceála á cur san áireamh. Thairis sin, bheadh laghdú ar a n‑ioncam ag gnóthais iompair, toisc go mbeadh tionchar ag an easnamh bonneagair ar an bhféidearthacht phraiticiúil turais níos faide a phleanáil agus iompar a dhéanamh ar bhealaí áirithe go sábháilte. |
|
578 |
Ar an taobh eile, maidir le tiománaithe, is é an toradh a bhíonn ar na hiarmhairtí a bhíonn ag gnóthais iompair mar thoradh ar an toirmeasc ar scíth sheachtainiúil rialta nó chúiteach ar bord na feithicle, dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, go gcailltear poist agus gur gá dul ar imirce chuig na Ballstáit ag clár an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, mar gheall ar an easpa bonneagair, is é an éifeacht a bheadh ag an bhforáil sin tuirse agus strus na dtiománaithe a mhéadú. |
|
579 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
580 |
Maidir le hargóint na Rómáine, ar an gcéad dul síos, ar dá réir a d’fhéadfadh cailleadh post agus imirce na dtiománaithe chuig na Ballstáit ag ‘lár an Aontais’ teacht as Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054, de shárú ar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 91(2) CFAE, lena gceanglaítear ar reachtóir an Aontais a chur san áireamh, agus bearta maidir leis an gcomhbheartas iompair á nglacadh aige, cásanna ina bhféadfaí difear tromchúiseach a dhéanamh do chaighdeán maireachtála agus an ghairm i réigiúnacha áirithe, chomh maith le húsáid trealaimh iompair, ba cheart a rá go bhfuil argóint amhail sin, gan aon eilimint áititheach nithiúil, amhantrach. |
|
581 |
Sna himthosca sin, ní féidir leis an argóint sin, go háirithe, amhras a chaitheamh ar na torthaí a rinne an Coimisiún ina Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 61), ar dá réir ba cheart tionchar dearfach a bheith ag na bearta a bhaineann le ham oibre agus socruithe scíthe seachtainiúla ar tharraingteacht ghairm an tiománaí agus, dá bhrí sin, ar sholáthar mhargadh an tsaothair. |
|
582 |
In aon chás, mar is léir cheana féin ó mhíreanna 404 agus 405 chomh maith le 573 agus 574 den bhreithiúnas seo, ní féidir a mheas ar bhealach ar bith gur sárú ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) CFAE é go bhféadfadh gnóthais iompair áirithe costais níos airde a sheasamh mar thoradh ar an méadú ar an gcosaint shóisialta a ráthaítear do thiománaithe le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054. |
|
583 |
Ar an dara dul síos, maidir le hargóint na Rómáine ar dá réir a chuirfí costais shuntasacha bhreise le hAirteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ar ghnóthais iompair de shárú ar na ceanglais arna mbeartú in Airteagal 94 CFAE, is leor é a thabhairt faoi deara nach bhfuil an fhoráil dheireanach sin, lena gceanglaítear ar reachtóir an Aontais suíomh eacnamaíoch na dtarlóirí a chur san áireamh nuair a ghlacann sé beart ‘i réimse na bpraghsanna agus na gcoinníollacha iompair’, ábhartha sa chás seo, ós rud é nach rialaítear praghsanna ná dalaí iompair na n‑earraí ná na bpaisinéirí le hAirteagal 1(6)(c) ach rialaítear leis na dálaí lena mbaineann caitheamh tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta nó cúiteacha na dtiománaithe. |
|
584 |
In aon chás, mar a tugadh faoi deara cheana i mír 536 den bhreithiúnas seo, ní féidir leis an bhforáil sin costais bhreise a chruthú do ghnóthais iompair, ós rud é nach ndéanann sí ach códú ar an gceart atá ann cheana a eascraíonn, mar is léir ó mhíreanna 30, 31 agus 48 de bhreithiúnas Vaditrans, ó Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan ab infheidhme sular tugadh Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 i bhfeidhm. |
|
585 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na hargóintí a bhaineann le sárú fhorálacha Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 den CFAE maidir leis an sárú ar phrionsabal na comhréireachta a d’ardaigh an Rómáin sa chéad chuid dá céad saincheist toisc iad a bheith gan bhunús. |
|
586 |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór na caingne a thionscain Poblacht na Bulgáire (Cás C‑543/20), an Rómáin (Cás C‑546/20) agus an Ungáir (Cás C‑551/20) a dhíbhe a mhéid a iarrann siad Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní. |
4. Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054
|
587 |
Mar thaca leis na horduithe atá á lorg ina caingean (Cás C‑551/20), go gcuirfí Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054 ar neamhní, maíonn an Ungáir trí shaincheist dlí lena n‑éilítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar phrionsabal na comhréireachta, maidir leis an dara ceann, ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh, agus, maidir leis an tríú ceann, ar an dara mír d’Airteagal 151 CFAE. |
(a) Réamhbharúlacha
|
588 |
Chun scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha sin, ní mór a mheabhrú, faoi Airteagal 3(4) de Rialachán Uimh. 165/2014, arna léamh i gcomhar leis an tríú mír d’Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2016/799, go raibh feithiclí nua-chláraithe atá ag gluaiseacht i mBallstát seachas a mBallstát clárúcháin le feistiú le tacagraf cliste, arna rialú ag Airteagail 8 go 11 de Rialachán Uimh. 165/2014, laistigh de chúig bliana déag ó dháta theacht i bhfeidhm, an 15 Meitheamh 2019, na rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na tacagraif sin den chéad ghlúin, a leagtar síos in Iarscríbhinn IC a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme sin. Dá bhrí sin gurb é an 15 Meitheamh 2034 an scoithdháta le haghaidh shuiteáil na dtacagraf sin. |
|
589 |
[Mar a ceartaíodh le hordú an 12 Márta 2025] Le pointe 2 agus pointe 8(a) d’Airteagal 2 de Rialachán 2020/1054, lena leasaítear, faoi seach, Airteagal 3(4) agus an chéad mhír d’Airteagal 11 de Rialachán Uimh. 165/2014, thug reachtóir an Aontais córas céimseach isteach chun tacagraif V2 a thabhairt isteach le linn idirthréimhse. Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, braitheann túsphointe na hidirthréimhse sin ar dháta theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí a bhaineann leis na sonraíochtaí sin, arna leagan síos ag an gCoimisiún i Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/1228, a tháinig i bhfeidhm an 5 Lúnasa 2021. Ar an taobh eile de, braitheann fad na hidirthréimhse sin ar an gcineál tacagraif atá feistithe ar an bhfeithicil cheana féin. |
|
590 |
[Mar a ceartaíodh le hordú an 12 Márta 2025] I ndáil leis sin, cé nach mór tacagraf V2 a fheistiú ar fheithiclí atá feistithe le tacagraf analógach nó digiteach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh bhliain theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí sin, faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí, déanfar feithiclí atá feistithe le tacagraf den chéad ghlúin a fheistiú le tacagraf V2 tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí sin, nó faoin 19 Lúnasa 2025 ar a dhéanaí. |
|
591 |
Dá bhrí sin, chuir reachtóir an Aontais Eorpaigh an scoithdháta chun tacagraif V2 a shuiteáil, de réir an cháis, ar aghaidh faoi naoi mbliana go leith nó naoi mbliana. |
|
592 |
Is i bhfianaise na réamhbhreithnithe sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha a d’ardaigh an Ungáir. |
(b) Earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta a bheith ann
(1) Argóint na bpáirtithe
|
593 |
Lena céad saincheist, áitíonn an Ungáir, trí Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054 a ghlacadh, gur sháraigh reachtóir an Aontais prionsabal na comhréireachta agus go ndearna sé earráid fhollasach mheasúnaithe trí mhainneachtain measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leis an dul chun cinn suntasach ar an teorainn ama chun tacagraif V2 a shuiteáil. |
|
594 |
Ós rud é nár áiríodh an fhoráil sin sa togra le haghaidh Rialachán maidir le ‘ham oibre’, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair ar an bpointe sin. Tugadh isteach an leasú ar an teorainn ama chun tacagraif V2 a shuiteáil i dtéacs deiridh Rialachán 2020/1054 tar éis don Pharlaimint agus don Chomhairle teacht ar chomhaontú, gan aon mheasúnú tionchair a bheith á dhéanamh ag na hinstitiúidí sin ach oiread. Ní féidir measúnú tionchair a fhágáil ar lár ach amháin i gcás ina bhfuil faisnéis leordhóthanach ag reachtóir an Aontais Eorpaigh chun a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt a glacadh. Níl an Ungáir ar an eolas, áfach, gurb ann d’fhaisnéis den sórt sin ná d’anailís dá ndearnadh an reachtóir sin. Cé go ndearnadh scrúdú in dhá staidéar a rinneadh i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2018 ar na costais a bhaineann leis an teicneolaíocht nua sin a chomhlíonadh, níor thug siad aghaidh go sainráite ar cheist a gcomhréireachta, cé gur thagair an dara ceann de na staidéir sin don fhéidearthacht go mbeadh neamhréireacht ann. |
|
595 |
Dá bhrí sin go ndearna reachtóir an Aontais neamhaird ar an gComhaontú Idirinstitiúideach. Ós rud é gur ‘athrú substaintiúil’ ar an togra ón gCoimisiún é Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054, de réir bhrí phointe 15 den chomhaontú sin, bheadh údar maith le measúnú tionchair breise a dhéanamh nó treoir a thabhairt don Choimisiún é a dhéanamh, i gcomhréir le pointe 16 den chomhaontú sin. I ndáil leis sin, cuireann an Ungáir in iúl, nuair a thugann institiúidí an Aontais rialacha isteach a bhfuil féinteorainn lena lánrogha mar thoradh orthu, nach mór dóibh na rialacha táscacha a d’fhorchuir siad orthu féin a chomhlíonadh. |
|
596 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis an maíomh sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
597 |
Maidir leis an saincheist sin, maíonn an Ungáir, go bunúsach, nach ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054, ar an mbonn gur chuir an reachtóir sin scoithdháta shuiteáil na dtacagraf V2 ar aghaidh gan measúnú tionchair a dhéanamh agus i ndán fhios dó faoi na heilimintí ábhartha chun comhréireacht an bhirt sin a mheasúnú. |
|
598 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ó aithris 27 den rialachán sin, rinne reachtóir an Aontais scrúdú ar chost‑éifeachtúlacht fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta, forbairt thapa teicneolaíochtaí nua, digitiú ar fud gheilleagar an Aontais agus an gá atá le cothrom iomaíochta i measc cuideachtaí san iompar idirnáisiúnta de bhóthar, agus chinn sé gur gá an idirthréimhse chun tacagraif chliste a shuiteáil i bhfeithiclí cláraithe a ghiorrú, tacagraif lena n‑éascófar seiceáil agus obair na n‑údarás náisiúnta. |
|
599 |
Mar sin féin, tá comhthuiscint ann nár tugadh aghaidh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta – ar dhul chun cinn den sórt sin maidir leis an scoithdháta chun tacagraif chliste a shuiteáil, rud a mhol CESE agus CnaR sa nós imeachta reachtach agus, dá bhrí sin, nach raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún ina thogra le haghaidh rialachán maidir le ‘ham oibre’. Go háirithe, ní raibh baint ag an meastóireacht ex post a bhaineann le reachtaíocht shóisialta, dá dtagraítear in aithris 4 de Rialachán 2020/1054, ar ar a bonn a rinneadh an measúnú tionchair sin, le Rialachán Uimh. 165/2014. |
|
600 |
Bíodh sin mar atá, faoin gcásdlí a meabhraíodh i míreanna 220 go 226 den bhreithiúnas seo, chun críche measúnaithe ar chomhréireacht na mbeart arna nglacadh, is féidir le reachtóir an Aontais ní an measúnú tionchair a chur san áireamh amháin, ach aon fhoinse faisnéise eile. |
|
601 |
Sna himthosca sin, is gá scrúdú a dhéanamh, sa chás seo, an raibh faisnéis leordhóthanach ag an bParlaimint agus ag an gComhairle, tráth a glacadh Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054, ó fhoinsí seachas an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta, chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht dhul chun cinn an scoithdháta chun tacagraif V2 a shuiteáil. |
|
602 |
I ndáil leis sin, is léir ón bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Chúirt gur fhoilsigh an Pharlaimint, i mí Feabhra 2018, tuarascáil chríochnaitheach staidéir [EPRS, ‘Retrofitting smart tachographs by 2020: Costs and benefits’ (‘Tacagraif chliste a hiarfheistiú faoi 2020: Costais agus tairbhí’), 2 Feabhra 2018], arb é is cuspóir dó measúnú a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le tacagraf cliste a shuiteáil le haghaidh feithiclí earraí troma san iompar idirnáisiúnta sa ghearrthéarma. Tá comhthuiscint ann gur áiríodh sa staidéar sin, inter alia, anailís mhionsonraithe costais is tairbhe inar thángthas ar an gconclúid gur mhó na tairbhí fadtéarmacha a bhainfeadh le tacagraif chliste a uasghrádú, nach bhféadfaí a dhéanamh go dtí tar éis 2020, ná na costais éagsúla a thabhódh na príomhoibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach ar an margadh iompair sa ghearrthéarma. |
|
603 |
Thairis sin, níl aon díospóid ann ach oiread gur fhoilsigh an Coimisiún freisin, i mí an Mhárta 2018, tuarascáil deiridh staidéir eile (Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair, ‘Study regarding measures fostering the implementation of the smart tachograph’ [‘Staidéar maidir le bearta lena gcuirtear chun cinn cur chun feidhme an tacagraif chliste’), tuarascáil deiridh, Márta 2018], maidir le bearta lena gcuirtear chun cinn cur chun feidhme an tacagraif chliste. Is comhfhoras é gurbh é an cuspóir a shaothraítear leis an staidéar sin scrúdú a dhéanamh ar roghanna beartais éagsúla chun dlús a chur le cur chun feidhme tacagraf cliste le linn tréimhse idir 2023 agus 2027, trí mheasúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta chomh maith leis an tionchar ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar an margadh inmheánach a bheadh ag glacadh roghanna beartais lena gceanglaítear iarfheistiú feithiclí a cláraíodh roimh mhí an Mheithimh 2019, d’fhonn an rogha is iomchuí a chinneadh. Áiríodh sa staidéar freisin measúnú mionsonraithe costais is tairbhe ar na tionchair sin ar chuideachtaí iompair agus ar údaráis náisiúnta. |
|
604 |
Is léir uaidh ó ábhar an dá staidéar sin gur áiríodh iontu na sonraí bunúsacha a bhaineann leis na costais a bhaineann le tabhairt chun cinn an scoithdháta chun tacagraif V2 a shuiteáil, rud a d’admhaigh an Ungáir go sainráite ina freagra. |
|
605 |
Dá bhrí sin, nuair a ghlac reachtóir an Aontais Rialachán 2020/1054 ina dhiaidh sin lena bhforáiltear don bheart sin, bhí faisnéis leordhóthanach aige chun a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar thionchar an bhirt sin ar staid na dtarlóirí idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, a rogha a bhunú chun an scoithdháta sin a thabhairt chun cinn agus a lánrogha leathan á feidhmiú aige. |
|
606 |
Ní thugtar na breithnithe sin faoi cheist toisc, mar a líomhnaíonn an Ungáir, nár scrúdaíodh go sonrach sa dá staidéar sin an gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta le beart amhail an scoithdháta a thabhairt chun cinn chun tacagraif V2 a shuiteáil. |
|
607 |
Bhí an fhianaise oibiachtúil ábhartha sna staidéir sin maidir leis an gcostas a bhaineann leis an scoithdháta a thabhairt chun cinn, fachtóirí a chuir ar chumas reachtóir an Aontais measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha do na hoibreoirí lena mbaineann mar thoradh ar an tabhairt chun cinn sin, agus é á chur san áireamh gur cúram ann féin é, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 222 agus 223 den bhreithiúnas seo agus ó mhír 12 den Chomhaontú Idirinstitiúideach, na leasanna éagsúla lena mbaineann a mheas, i bhfeidhmiú na lánrogha leithne atá aige ina leith sin. |
|
608 |
Thairis sin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 220 den bhreithiúnas seo, ní bhaineann le hábhar an fhoirm ina liostaítear na sonraí bunúsacha a cuireadh san áireamh chun beart a ghlacadh. De thoradh air sin ní hé nach mór do na sonraí bunúsacha sin á gcur in iúl i gcomhthéacs mheasúnú comhréireachta. |
|
609 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad saincheist a chuir an Ungáir ar aghaidh toisc í a bheith gan bhunús. |
(c) Sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus ar chosaint an ionchais dhlisteanaigh
(1) Argóint na bpáirtithe
|
610 |
Lena dara saincheist, maíonn an Ungáir gurb ionann an teorainn ama chun tacagraif V2 a shuiteáil a thabhairt chun cinn agus sárú ar ionchais dhlisteanacha na n‑oibreoirí eacnamaíocha agus, dá bhrí sin, ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh. Faoi Airteagal 3(4) de Rialachán Uimh. 165/2014, d’fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha a mheas go dlisteanach go mbeadh 15 bliana caite acu ó glacadh na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála sin chun a n‑oibleagáidí maidir le tacagraif chliste a shuiteáil a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níor chuir oibreoirí a muinín i gcothabháil staid a bhí ann cheana. Agus a lánrogha á feidhmiú aige, shocraigh reachtóir an Aontais féin teorainn ama ar a raibh siad in ann a gcinntí eacnamaíocha a bhunú. San Ungáir, mar gheall ar mhoilleanna a raibh coinne leo, dhéanfadh an oibleagáid tacagraif V2 a shuiteáil difear do 60% den fhlít, ar chostas aonaid a mheastar a bheith cothrom le EUR 2,000. |
|
611 |
Ó ghlac reachtóir an Aontais Rialachán 2020/1054 an 15 Iúil 2020, ba ón tráth sin a d’fhéadfaí a bheith cinnte faoi dháta nua na hoibleagáide comhlíonta. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh ach an dáta sin túsphointe na tréimhse a bhí ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun oiriúnú a mharcáil, seachas túsphointe fhoilsiú na staidéar lenar scrúdaíodh an cheist den chéad uair. Ní fhéadfadh na hoibreoirí eacnamaíocha, fiú dá mbeidís ar an eolas faoi na staidéir sin, a bheith cinnte cén réiteach a bheadh ann. |
|
612 |
Cé gur fíor go ndéantar feithiclí a úsáidtear san iompar idirnáisiúnta a athnuachan gach trí go cúig bliana, léirítear i staidéar mhí an Mhárta 2018, dá dtagraítear i mír 603 thuas, go n‑aimsíonn na feithiclí a athsholáthraítear úinéirí nua ar mhargadh na bhfeithiclí athláimhe. Ní chuirfí as an áireamh gur féidir le gnóthas iompair idirnáisiúnta feithicil athláimhe a cheannach nó nach bhfaigheann sé feithiclí nua in ionad na sean cinn ar bhonn na rialtachta thuasluaite. Go deimhin, d’fhéadfadh líon suntasach FBManna atá ag feidhmiú sa mhargadh iompair idirnáisiúnta acmhainní airgeadais sách teoranta a bheith acu. |
|
613 |
Ní fhéadfar aon cheann de na príomhchúiseanna ar mhaithe le leas an phobail arna lua in aithris 27 de Rialachán 2020/1054 údar maith a thabhairt d'athrú na spriocdhátaí le haghaidh tacagraif V2 a thabhairt isteach. Sa chéad áit, níor scrúdaíodh an éifeachtacht a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta ó thaobh na gcostas de le linn an phróisis reachtaigh. Sa dara háit, ní cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail iad forbairt thapa na dteicneolaíochtaí nua agus an digitithe ar fud an gheilleagair lena bhféadfaí údar a thabhairt le sárú ar ionchais dhlisteanacha oibreoirí eacnamaíocha. Thairis sin, níor forbraíodh tacagraif V2 go fóill agus ní fios an dáta a tugadh isteach ar an margadh iad. Sa tríú háit, maidir leis an ngá atá le cothrom iomaíochta idir gnóthais iompair, is deacair a thuiscint an fáth nach bhfuil gnóthais atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta atá bunaithe i dtríú tíortha faoi réir na hoibleagáide sin. Ceanglaítear leis an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (‘AETR’) tacagraf digiteach a shuiteáil. |
|
614 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil an t-saincheist sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
615 |
Mar a cuireadh in iúl i mír 162 den bhreithiúnas seo, ní chumhdaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla an oibleagáid an dlíchóras a choimeád gan athrú in am, ós rud é go bhfuil sé de shaoirse fós ag reachtóir an Aontais, agus a lánrogha á feidhmiú aige, an staid reachtach atá ann cheana a leasú. |
|
616 |
Maidir le prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a chosaint, ba cheart a mheabhrú go mbaineann an ceart chun brath ar an bprionsabal sin, mar atoradh ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, le haon duine aonair i gcás inar thug riarachán an Aontais air glacadh le hionchais a bhfuil údar leo. Is cuma an fhoirm ina dtugtar í, is ionann faisnéis atá beacht, neamhchoinníollach agus comhsheasmhach agus a thagann ó fhoinsí údaraithe agus iontaofa agus dearbhuithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le dóchas den sórt sin. Ní fhéadfaidh duine, áfach, sárú ar an bprionsabal a saincheist mura mbeidh dearbhuithe beachta tugtha dó ag an riarachán. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina bhféadfadh oibreoir eacnamaíoch stuama agus faichilleach foráil a dhéanamh maidir le beart de chuid an Aontais a ghlacadh ar dóigh dó difear a dhéanamh dá leasanna, ní féidir leis an prionsabal sin a saincheist má ghlactar an beart sin (breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 153 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
617 |
Thairis sin, chinn an Chúirt cheana féin nach féidir le hoibrí eacnamaíoch a bheith ag súil go dlisteanach nach n‑athróidh reachtóir an Aontais staid atá ann cheana ar chor ar bith, ach nach bhféadfaidh sé ach amhras a chaitheamh ar na rialacha mionsonraithe chun leasú den sórt sin a chur i bhfeidhm (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Global Starnet, (C‑322/16, EU:C:2017:985, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
618 |
Thairis sin, de réir cásdlí socair, ní féidir raon feidhme an phrionsabail maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint a leathnú go dtí an pointe lena gcuirtear cosc go ginearálta ar rialacha nua a chur i bhfeidhm maidir le héifeachtaí cásanna a tháinig chun cinn faoin reachtaíocht ab infheidhme amach anseo (breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2022, Ministerstvo životního prostředí (Perroquets Ara hyacinthe), C‑659/20, EU:C:2022:642, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus é sin, go háirithe i réimsí a bhfuil gá le coigeartú leanúnach chun éagsúlachtaí sa staid eacnamaíoch a léiriú ina n‑ábhar (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Kapniki A. Michailidis, C‑99/22, EU:C:2023:382, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
619 |
Ag féachaint don chásdlí sin, ba cheart, i dtosach báire, a thabhairt faoi deara gurb é an t‑aon chúis go bhforáiltear le hAirteagal 2(4) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 11 de Rialachán Uimh. 165/2014, ina leagan ab infheidhme sular tugadh Rialachán 2020/1054 i bhfeidhm, do shuiteáil na dtacagraf cliste, dáta éagsúil leis an dáta a tugadh i bhfeidhm sa deireadh le hAirteagal 2(2) agus 8(1) den Rialachán deireanach sin, ní leor é sin chun sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, agus, go háirithe, sárú ar ráthaíocht shonrach ar dócha a bheadh ina mbonn creidimh le húdar maith nach n‑athrófaí rialacha an Aontais ina leith. Is lú sin i gcás gnímh reachtaigh a bhaineann, mar atá sa chás seo, le trealamh a thabhairt isteach ar dócha go ndéanfaidh forbairt thapa teicneolaíochtaí nua difear dó agus a bhféadfadh sé, dá bhrí sin, go mbeadh oiriúnú leanúnach ag teastáil ina leith i bhfianaise na forbartha sin. |
|
620 |
[Mar a ceartaíodh le hordú an 12 Márta 2025] Ina dhiaidh sin, thosaigh an tréimhse trí nó ceithre bliana chun tacagraif V2 a shuiteáil, a leag reachtóir an Aontais síos in Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054, ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, an 20 Lúnasa 2020, ach, i gcomhréir leis an bhforáil sin, faoi seach, ag deireadh na bliana a thiocfaidh an rialachán cur chun feidhme i bhfeidhm nó tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin cur chun feidhme a ceanglaíodh ar an gCoimisiún a ghlacadh, de bhun phointe 8(a), Airteagal 2 den Rialachán sin, maidir leis na sonraíochtaí teicniúla, eadhon, i bhfianaise theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/1228, an 19 Lúnasa 2021, de réir an cháis, ón 31 Nollaig 2021 nó ón 19 Lúnasa 2021. Dá bhrí sin, i ndáiríre, tá tréimhse níos faide ag na gnóthais iompair lena mbaineann, ag brath ar an gcineál tacagraif atá feistithe ar a bhfeithiclí, chun tacagraif V2 a shuiteáil i gcomhréir leis na forálacha nua sin, ar tréimhse í a shroicheann beagnach ceithre bliana go leith, faoi seach, go dtí an 31 Nollaig 2024, nó cúig bliana, go dtí an 19 Lúnasa 2025. |
|
621 |
Thairis sin, ba léir cheana féin ó na staidéir dá dtagraítear i míreanna 602 agus 603 den bhreithiúnas seo, a d’fhoilsigh an Pharlaimint agus an Coimisiún i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2018 le linn an nós imeachta reachtaigh as ar eascair glacadh Rialachán 2020/1054, gur bheartaigh reachtóir an Aontais an scoithdháta chun tacagraif chliste a shuiteáil a thabhairt chun cinn. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 473 dá Thuairim, dá bhrí sin, bhí oibreoir eacnamaíoch stuama agus faichilleach in ann a bheith ag súil le glacadh birt den sórt sin fiú sular glacadh an Rialachán sin. |
|
622 |
Ar deireadh, is cosúil ó shonraí na hUngáire féin go meastar go mbeidh an costas a bhaineann le tacagraf V2 a shuiteáil thart ar EUR 2,000 in aghaidh na feithicle. Ní mór a lua go bhféadfaidh oibreoir eacnamaíoch dícheallach stuama infheistíocht den mhéid teoranta sin i ndáil le praghas ceannaigh na feithicle féin, nach mbaineann, thairis sin, ach leis an gcuid sin de fhlít gnóthais iompair atá dírithe ar iompar idirnáisiúnta, a dhéanamh go réasúnta laistigh de thréimhse 4 bliana go leith nó 5 bliana de thoradh Airteagal 2(2) agus (8)(a) de Rialachán 2020/1054. Is amhlaidh is mó an cás ós rud é, mar a luaitear ar leathanach 41 den staidéar ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 603 den bhreithiúnas seo, gur minic a chuirtear feithiclí atá bainteach leis an iompar idirnáisiúnta in ionad feithiclí atá bainteach leis an iompar idirnáisiúnta tar éis trí go cúig bliana, agus nach mbaineann sé le hábhar, murab ionann agus aighneachtaí na hUngáire ina leith sin, an mbaineann an gnóthas iompair lena mbaineann úsáid, de réir mar a bheidh, as margadh na bhfeithiclí athláimhe chun críocha an athsholáthair sin. Ar an gcaoi chéanna, cé go maíonn an Ungáir nach féidir a chur as an áireamh nach féidir le gnóthas iompair idirnáisiúnta a fheithiclí a ionadú ag an ráta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil argóint den sórt sin contrártha ar bhealach ar bith do na sonraí a luaitear sa staidéar sin ón gCoimisiún, a bhaineann le hiompar ginearálta oibreoirí atá gníomhach ar mhargadh na seirbhísí iompair, arb é an t‑aon cheann ábhartha sa chomhthéacs sin é, seachas iompar aonair oibreoirí aonair áirithe ar an margadh sin. |
|
623 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar na breithnithe sin le haon cheann de na hargóintí a d’áitigh an Ungáir. |
|
624 |
Sa chéad áit, maidir leis an argóint atá bunaithe ar an bhfíoras nach dtugann na cúiseanna ar a bhfuil reachtóir an Aontais ag brath in aithris 27 de Rialachán 2020/1054 údar leis an scoithdháta chun tacagraif V2 a shuiteáil a thabhairt chun cinn, is leor a thabhairt faoi deara nach bhfuil fíoras den sórt sin, fiú dá mbunófaí é, in ann a léiriú, mar sin féin, gur thug reachtóir an Aontais dearbhuithe beachta agus neamhchoinníollacha do na hoibreoirí lena mbaineann lenar féidir bunús a thabhairt leis an ionchas dlisteanach go bhfanfadh reachtaíocht an Aontais gan athrú ar an bpointe sin ar feadh tréimhse cúig bliana déag. |
|
625 |
Thairis sin, chinn an Chúirt cheana féin, fiú má chruthaigh an tAontas Eorpach staid a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le hionchais dhlisteanacha, rud nach amhlaidh sa chás seo, go bhféadfadh leas sáraitheach poiblí bac a chur ar bhearta idirthréimhseacha a ghlacadh do chásanna a tháinig chun cinn roimh theacht i bhfeidhm na rialacha nua ach nár tháinig chun cinn (breithiúnas an 19 Iúil 2016, Kotnik agus páirtithe eile, C‑526/14, EU:C:2016:570, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
626 |
Le hAirteagal 2(2) agus (8)(a) de Rialachán 2020/1054, choinnigh reachtóir an Aontais idirthréimhse ar bun, trína ré a laghdú, chun tacagraif V2 a shuiteáil, agus mar thoradh air sin níor ceanglaíodh ar bhealach ar bith údar a thabhairt leis an mbeart sin ar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail. |
|
627 |
Ar aon nós, maidir leis an údar maith a eascraíonn as an éifeachtacht a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagann sé sin as cúis an‑láidir ar mhaithe le leas an phobail (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Nollaig 2014, De Clercq agus páirtithe eile, C‑315/13, EU:C:2014:2408, míreanna 66 agus 67; féach, de réir analaí in ábhar fioscach, breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2023, BA (Comharbas - Beartas sóisialta tithíochta san Aontas), C‑670/21, EU:C:2023:763, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus gur tugadh an t‑údar maith sin faoi deara, murab ionann leis an méid a áitíonn an Ungáir, le linn an nós imeachta reachtaigh, mar is léir, go háirithe, ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 32), ina ndearna an Coimisiún scrúdú faoi leith ar thionchar thabhairt isteach tacagraf cliste ar éifeachtacht na bhfaireachán. |
|
628 |
Sa dara háit, maidir leis an argóint atá bunaithe ar an éiginnteacht a bhaineann leis an dáta a tugadh tacagraif V2 isteach sa mhargadh, is léir ón bhfaisnéis a chuir an Chomhairle ar fáil, atá i litir ón gCoimisiún a seoladh chuige an 4 Deireadh Fómhair 2018, nár chuir an Ungáir ina choinne, go ndeachaigh reachtóir an Aontais i dteagmháil le hionadaithe na hearnála iompair sular glacadh Rialachán 2020/1054 chun a áirithiú go bhféadfaí an leagan is déanaí de thacagraif chliste, sa chás seo tacagraif V2, a shuiteáil ar fheithiclí atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta roimh dheireadh 2024. |
|
629 |
Ag an éisteacht, d’áitigh an Ungáir, lá an nós imeachta sin, go raibh tacagraif V2 fós sa chéim tástála, ós rud é nach raibh an córas fíordheimhnithe formheasta go fóill. Mar sin féin, fiú dá mba amhlaidh an cás, ba cheart a mheabhrú nach mór bailíocht birt de chuid an Aontais a mheasúnú i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil do reachtóir an Aontais ar dháta glactha na reachtaíochta atá i gceist (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C‑160/20, EU:C:2022:101, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, sa chás seo, ní mór bailíocht Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054 a mheasúnú i bhfianaise na n‑eilimintí a bhí ar fáil do reachtóir an Aontais tráth a glacadh leis an rialachán sin. Cé go bhféadfadh sé go gceanglófaí ar an gCoimisiún, le haon mhoill ar infhaighteacht tacagraf V2, a mholadh don Pharlaimint agus don Chomhairle síneadh a chur leis an idirthréimhse dá bhforáiltear san fhoráil sin, ní fhéadfaidh sí, dá bhrí sin, difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na forála sin. |
|
630 |
Ar deireadh, maidir leis an argóint atá bunaithe ar éifeacht Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054 ar na coinníollacha iomaíochta, sa tríú háit, ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir í agus an tríú saincheist, lena n‑éilítear sárú ar an dara fomhír d’Airteagal 151 CFAE, agus ní mór, dá bhrí sin, í a scrúdú sa chomhthéacs sin. |
|
631 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara saincheist de chuid na hUngáire toisc í a bheith gan bhunús. |
(d) Sárú ar an dara fomhír d’Airteagal 151 CFAE
(1) Argóint na bpáirtithe
|
632 |
Áitíonn an Ungáir go sáraítear an riachtanas cumas iomaíochta gheilleagar an Aontais a choimeád ar bun, mar a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 151 CFAE, le hAirteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054. Fiú má glacadh an rialachán sin ar bhunús dlí an chomhbheartais iompair, tagann sé faoi raon feidhme an bheartais shóisialta. Mar sin féin, ní féidir feabhas a chur ar dhálaí oibre trí dhlíthe náisiúnta a chomhfhogasú mura gcuirtear san áireamh, ag an am céanna, an gá atá le hiomaíochas gheilleagar an Aontais a chaomhnú. Bíodh sin mar atá, ní bheadh riachtanais den chineál céanna i bhfeidhm ar fheithiclí iompair nach bhfuil bunaithe i mBallstát. Thairis sin, de bharr an Comhaontaithe Eorpaigh maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d'Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (‘AETR’), ní bheadh ar fheithiclí de ghnóthais iompair atá bunaithe i dtíortha ar a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú sin orthu ach go mbeadh tacagraf digiteach acu agus de thoradh air sin bheadh buntáiste iomaíochta acu. |
|
633 |
Cé gur aithin reachtóir an Aontais féin an gá atá le hiomaíochas ghnóthais iompair an Aontais a choinneáil in aithris 34 de Rialachán 2020/1054, ní fhorchuirtear le haon fhoráil den Rialachán sin oibleagáid shonrach ná teorainn ama shonrach ar an gCoimisiún ina leith sin, ionas nach mbeidh aon ráthaíocht ann go leasófar AETR dá réir nó, ar a laghad, go bhféadfar caibidlíocht chuige sin a dhéanamh go luath amach anseo. Cé nach mbeadh oibleagáid air toradh a bhaint amach, bheadh oibleagáid díchill ar an reachtóir, sa mhéid is go gcaithfidh sé gach a bhfuil ar a chumas a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh an tAontas Eorpach faoi mhíbhuntáiste iomaíoch. D'fhonn an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ní leor aithris a ghlacadh nach bhfuil aon éifeacht cheangailteach léi. |
|
634 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil an t-saincheist sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
635 |
Ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 151 CFAE, a thagann faoi Theideal X de Chuid a Trí den CFAE, a bhaineann le beartas sóisialta an Aontais Eorpaigh, sa dara fomhír de, go gcuirfidh reachtóir an Aontais agus na Ballstáit bearta chun feidhme lena gcuirfear san áireamh, inter alia, an gá atá le hiomaíochas gheilleagar an Aontais a choimeád ar bun. |
|
636 |
Mar sin féin, ghlac reachtóir an Aontais Rialachán 2020/1054 ní ar bhonn fhorálacha CFAE a bhaineann le beartas sóisialta, ach ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, a thagann faoi Theideal VI de Chuid a Trí den CFAE, a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair, lena dtugtar de chumhacht don Pharlaimint agus don Chomhairle rialacha comhchoiteanna a leagan síos, inter alia, ar thaobh amháin, rialacha comhchoiteanna is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go Ballstát nó ó Bhallstát nó a théann trí chríoch Ballstáit amháin nó níos mó agus, ar an taobh eile, na coinníollacha faoina bhféadfaidh tarlóirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair náisiúnta a oibriú laistigh de Bhallstát. Dá bhrí sin, níl an dara fomhír d’Airteagal 151 CFAE ábhartha maidir leis an measúnú ar dhlíthiúlacht fhorálacha Rialachán 2020/1054. |
|
637 |
In aon chás, luaitear in aithris 34 de Rialachán 2020/1054 ‘gur cheart do ghnóthais iompair atá bunaithe i dtríú tíortha a bheith faoi réir rialacha atá coibhéiseach le rialacha an Aontais agus oibríochtaí iompair de bhóthar á ndéanamh acu laistigh de chríoch an Aontais’ agus “gur cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail sin ar leibhéal an Aontais agus réitigh iomchuí a mholadh a bheidh le caibidliú faoi (AETR)’. |
|
638 |
Ní féidir a mhaíomh, dá bhrí sin, nár chuir reachtóir an Aontais san áireamh, agus Rialachán 2020/1054 á ghlacadh aige, an míbhuntáiste iomaíochta do ghnóthais iompair atá bunaithe san Aontas mar thoradh ar an bhfíoras nach gá go mbeadh gnóthais iompair atá bunaithe i dtríú tíortha faoi réir rialacha atá coibhéiseach le rialacha an Aontais agus oibríochtaí iompair de bhóthar á ndéanamh acu ar chríoch an Aontais, ós rud é gur chuir an reachtóir sin de chúram go sonrach ar an gCoimisiún réitigh iomchuí a mholadh lena gcaibidliú faoi AETR. |
|
639 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara saincheist a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh toisc í a bheith gan bhunús. |
|
640 |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór an chaingean a thionscain an Ungáir (Cás C‑551/20) a dhíbhe a mhéid a iarrtar léi Airteagal 2(2) de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní. |
5. Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054
|
641 |
Mar thaca leis na horduithe atá á lorg lena caingean (Cás C‑541/20), go gcuirfí Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 ar neamhní, a mhéid a leagtar síos san Airteagal sin, ina chéad fhomhír, dáta theacht i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 1(6)(c) agus (d) den Rialachán sin mar an fichiú lá tar éis dháta foilsithe an Rialacháin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maíonn an Liotuáin trí shaincheist dlí, ar cheart iad a scrúdú le chéile, lena n‑éilítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar phrionsabal na comhréireachta, ar an dara dul síos, ar an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos in Airteagal 296 CFAE agus, ar an tríú dul síos, sárú ar phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE. |
(a) Argóint na bpáirtithe
|
642 |
Sa chéad áit, maidir le prionsabal na comhréireachta, áitíonn Poblacht na Liotuáine go ndearna reachtóir an Aontais neamhaird ar an bhfíoras nach mbeadh na Ballstáit ná na gnóthais iompair in ann iad féin a chur in oiriúint don oibleagáid agus don toirmeasc sin in éagmais idirthréimhse trí dáta teacht i bhfeidhm na hoibleagáide dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a shocrú leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3 den Rialachán sin, gan aon argóint á cur in iúl aige le húdar maith a thabhairt don phráinn a bhaineann le teacht i bhfeidhm amhail sin. |
|
643 |
Trí shásra míchuí a roghnú chun Rialachán 2020/1054 a chur chun feidhme, chuir reachtóir an Aontais reachtaíocht i bhfeidhm a bhfuil sé thar a bheith deacair a chomhlíonadh a áirithiú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, sháraigh sé Airteagal 5 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, ónar léir nach mór do dhréachtghníomhartha reachtacha aird a thabhairt ar an ngá atá ann a áirithiú go n‑íoslaghdófar aon ualach ar oibreoirí eacnamaíocha agus go mbeidh sé i gcomhréir leis an gcuspóir atá le baint amach. |
|
644 |
Ar an gcéad dul síos, níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh nach bhfuil limistéir pháirceála leordhóthanacha agus shábháilte ann faoi láthair, ina bhféadfadh tiománaithe tairbhe a bhaint as dálaí scíthe iomchuí lasmuigh de chábán na feithicle. Dá bhrí sin, beidh ar ghnóthais iompair rioscaí díréireacha nach bhfuil údar leo a ghlacadh trí threoir a thabhairt do thiománaithe a leoraithe a fhágáil i limistéir nach n‑áirithítear sábháilteacht an ualaigh iontu. Thairis sin, dheimhnigh an Coimisiún féin sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, go raibh seans ann go gcruthófaí deacrachtaí le cur chun feidhme an toirmeasc ar thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord na feithicle mar gheall ar an easpa cóiríochtaí agus limistéar pairceála. Luaigh sé freisin, ar na cúiseanna sin, gur cuireadh dálaí scíthe níos fearr ar fáil leis na cábáin ná na saoráidí eile a bhí ar fáil. Tá sé mícheart a mhaíomh nach bhfuil in Airteagal 1(6)(c) de Rialachán 2020/1054 ach códú ar bhreithiúnas Vaditrans. Is oibleagáid nua í an oibleagáid tréimhsí scíthe a ghlacadh i gcóiríocht oiriúnach do mhná agus d’fhir araon, lena n‑áirítear saoráidí codlata agus saoráidí sláintíochta leordhóthanacha. In aon chás, fiú i gcás códaithe, ba cheart do reachtóir an Aontais an gnáthnós imeachta reachtach a leanúint, ar lena linn a bhí sé, inter alia, measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt atá beartaithe agus a fháil amach an raibh sé éasca é a chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh sé sin níos tábhachtaí fós ós rud é, sular glacadh Rialachán 2020/1054, nach raibh aon chleachtas aonfhoirmeach ann in éagmais cóiríocht leordhóthanach agus saoráidí páirceála leordhóthanacha. |
|
645 |
Ar an dara dul síos, is léir ó Staidéar 2019 ar spásanna páirceála nach bhfuil na limistéir pháirceála atá ar fáil comhchruinnithe ach i líon beag Ballstát agus go bhfuil easnamh de thart ar 100,000 spás ann. Ina theannta sin, níor bhreithnigh an Coimisiún ina Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta ná sa staidéar sin an bhféadfadh óstáin agus bunaíochtaí cóiríochta atá gar do limistéir pháirceála shlána an t‑easnamh sin a leigheas. Thairis sin, sa staidéar sin, léirigh an Coimisiún go bhfuil gá le roinnt blianta agus cur chuige straitéiseach fairsing maidir le forbairt bhonneagar an Aontais chun ullmhú do chur chun feidhme na n‑oibleagáidí nua. |
|
646 |
Ar an tríú dul síos, thug reachtóir an Aontais neamhaird ar na deacrachtaí a bhaineann le Rialachán 2020/1054 a chur i bhfeidhm, ar chuir CESE agus an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht araon in iúl dó. |
|
647 |
Ar an gceathrú dul síos, measann Poblacht na Liotuáine go n‑ardaítear saincheisteanna dlíthiúla tábhachtacha eile leis an toirmeasc ar thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord na feithicle, mar shampla, maidir le bearta réamhchúraim agus cumhdach árachais, ós rud é, i bhformhór na gcásanna, go mbeidh ar an tiománaí an t‑ualach a fhágáil gan mhaoirsiú ar spás páirceála neamhurraithe. De réir chásdlí chúirteanna na Liotuáine, is locht d’aon ghnó ar thaobh an iompróra é earraí a fhágáil i limistéar páirceála neamhurraithe, rud a fhágann go ndiúltaíonn an t‑árachóir aon chaillteanas earraí a chumhdach. |
|
648 |
Ar an gcúigiú dul síos, áitíonn Poblacht na Liotuáine go léirítear cineál gan údar Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 freisin toisc nach bhfuil doiciméad léiritheach ann faoina bhféadfadh gnóthais iompair filleadh tiománaithe chuig a n‑áit chónaithe nó chuig lárionad oibríochtúil an ghnóthais a eagrú. Gan na doiciméid sin, bheadh sé deacair an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin a chomhlíonadh, is é tiománaithe a fhilleadh a chur chun feidhme, rud a d’fhágfadh go mbeadh cleachtais éagsúla ann idir na Ballstáit agus idir gnóthais iompair. |
|
649 |
Sa dara háit, maidir leis an oibleagáid cúiseanna a lua, áitíonn Poblacht na Liotuáine, agus scrúdú á dhéanamh aici ar an togra le haghaidh rialachán maidir le ‘ham oibre’, gur cuireadh in iúl do reachtóir an Aontais, leis an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta agus foinsí eile, go mbeadh fadhbanna praiticiúla ann maidir leis an toirmeasc sin a chur chun feidhme dá gcuirfí toirmeasc ar thréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord na feithicle agus go gcuirfeadh an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, nach bhfuil aon rialacha soiléire ann maidir lena cur chun feidhme, srian, gan údar cuí, ar shaorghluaiseacht oibrithe. |
|
650 |
I gcomhthéacs den sórt sin, ba cheart do reachtóir an Aontais argóintí fónta a chur chun cinn chun údar a thabhairt le heaspa idirthréimhse nó le cur siar theacht i bhfeidhm na reachtaíochta atá i gceist. Cé go bhfuil tábhacht leis na cuspóirí a leagtar amach sa togra le haghaidh Rialachán maidir le ‘ham oibre’, eadhon dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre tiománaithe a fheabhsú agus dálaí scíthe leordhóthanacha a chruthú, ní thabharfadh siad údar ar bhealach ar bith le teacht i bhfeidhm na rialacha sin gan mhoill. Ní hionann dáta theacht i bhfeidhm gnímh reachtaigh, lena gcinntear cathain a thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm agus a n‑eascraíonn oibleagáidí comhfhreagracha as do na daoine lena mbaineann, agus rogha theicniúil amháin. |
|
651 |
Sa tríú háit, maidir le prionsabal an chomhair dhílis, áitíonn Poblacht na Liotuáine, ar an gcéad dul síos, nach amháin nár thug reachtóir an Aontais údar leis an ngá atá le tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord na feithicle agus an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 a thabhairt i bhfeidhm, gan idirthréimhse den sórt sin, ach nár scrúdaigh sé freisin an tslí ina bhféadfaí na coinníollacha iomchuí a chruthú, trí fhoráil a dhéanamh d’idirthréimhse den sórt sin, chun a chur ar chumas na mBallstát agus na ngnóthas iompair iad féin a chur in oiriúint do na rialacha nua sin. Go háirithe, níor scrúdaigh institiúidí an Aontais bearta lena bhféadfaí an staid reatha a mhaolú, trí chead a thabhairt do na Ballstáit iad féin a chur in oiriúint de réir a chéile do na hoibleagáidí nua sin, agus lena n‑áiritheofaí nach ngearrfaí pionós ar ghnóthais iompair mar gheall ar easpa cóiríocht leordhóthanach. |
|
652 |
Ar an dara dul síos, níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh go raibh cur chun feidhme cuí na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 doiléir agus, dá bhrí sin, chun cur chun feidhme comhsheasmhach na hoibleagáide sin a áirithiú, gur ghá bearta breise a ghlacadh. |
|
653 |
Ar an tríú dul síos, sáraíodh oibleagáid an chúnaimh fhrithpháirtigh freisin, ós rud é gur léir nach bhféadfadh na Ballstáit cóiríocht leordhóthanach agus bonneagar páirceála leordhóthanach a ráthú go hoibiachtúil. Ceanglaítear ar institiúidí an Aontais, i bprionsabal, dul i mbun idirphlé leis na Ballstáit agus na cúiseanna le diúltú do na hagóidí a dhéanann siad a lua. |
|
654 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. Bíodh sin mar atá, fiú dá mba rud é go gcuirfí Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 ar neamhní, bheadh an dáta theacht i bhfeidhm céanna fós i bhfeidhm de bhua na tríú fomhíre d’Airteagal 297 CFAE. In aon chás, bhainfí an bunús de na pléadálacha agus na hargóintí sin. |
(b) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
655 |
Gan aon ghá a bheith ann rialú a thabhairt ar fhiúntas agóid na Parlaiminte agus na Comhairle, ag líomhain, ar an gcúis a leagtar amach sa mhír roimhe seo, go bhfuil an t‑iarratas Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní a rinne Poblacht na Liotuáine neamhéifeachtach, ba cheart a mheabhrú, maidir le teacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(c) den Rialachán sin, go bhfuil an fhoráil sin, lena dtoirmisctear tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord na feithicle, códaithe, contrártha don mhéid a áitíonn Poblacht na Liotuáine, i gcásdlí na Cúirte a bunaíodh i mbreithiúnas Vaditrans maidir le léiriú Airteagal 8(8) de Rialachán Uimh. 561/2006, sa leagan sular tugadh Airteagal 1(6)(c) i bhfeidhm, mar a luadh cheana féin i míreanna 481 go 494 den bhreithiúnas seo. |
|
656 |
Sna himthosca sin, agus ós rud é nach gcuireann Poblacht na Liotuáine i gcoinne bhailíocht na forála sin, ní mór a mheas go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí lena gcáineann an Ballstát sin reachtóir an Aontais, toisc nár chuir an reachtóir teacht i bhfeidhm na forála siar, neamhéifeachtach, ós rud é go raibh gá cheana féin leis an toirmeasc ar tréimhse scíthe sheachtainiúil rialta nó chúiteach a chaitheamh ar bord na feithicle dá bhforáiltear léi sular tugadh an fhoráil sin i bhfeidhm. |
|
657 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na pléadálacha agus do na hargóintí go léir a chuir Poblacht na Liotuáine chun cinn mar thaca lena héileamh go ndéanfaí Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní toisc iad a bheith gan éifeacht, a mhéid a leagtar síos leis an Airteagal sin, sa chéad fhomhír, dáta theacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(c) den Rialachán sin. |
|
658 |
Ba cheart, ar an gcaoi sin, scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí sin amháin sa mhéad ina gcuirtear chun cinn iad mar thaca leis na héilimh a fhéachann Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní maidir le teacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(d) den rialachán sin. |
|
659 |
Sa chéad áit, maidir leis an saincheist lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ní mhaíonn Poblacht na Liotuáine ach nach bhfuil bonn cirt le hAirteagal 3 de Rialachán 2020/1054 ar an bhforas nach bhfuil aon doiciméad léiritheach ann lena gcuirtear ar chumas gnóthais iompair a n‑oibleagáid a chur chun feidhme maidir le filleadh tiománaithe ar ionad oibríochtúil a bhfostóra nó ar a n‑áit chónaithe a eagrú. Is leor a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 168 go 199 agus 269 go 274 den bhreithiúnas seo, go gcomhlíonann Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas a eascraíonn as prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus, ag an am céanna, go bhfágtar méid áirithe solúbthachta ag gnóthais iompair maidir lena chur chun feidhme lena bhféadfaí iarmhairtí diúltacha na forála sin ar na gnóthais sin a mhaolú. |
|
660 |
Sna himthosca sin, ní féidir a léiriú in éagmais doiciméad léiritheach den sórt sin ann féin gur sháraigh reachtóir an Aontais prionsabal na comhréireachta trí theacht i bhfeidhm na hoibleagáide sin a shocrú, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 297(1) CFAE, an fichiú lá tar éis fhoilsiú an Rialacháin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
661 |
Sa dara háit, maidir leis an saincheist lena líomhnaítear sárú ar an oibleagáid réasúin a shonrú, ba cheart a mheabhrú go leagtar amach sa dara mír d'Airteagal 296 CFAE go sonrófar sna gníomhartha dlí na réasúin is bun leo. Mar sin féin, is léir ó chásdlí socair na Cúirte nach mór ráiteas ar chúiseanna den sórt sin a bheith iomchuí don ghníomh atá i gceist agus don chomhthéacs inar glacadh é (breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v Landesbank Baden‑Württemberg agus BRA, C‑584/20 P agus C‑621/20 P, EU:C:2021:601, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
662 |
Sa chás seo, ós rud é gur fhoráil reachtóir an Aontais, sa chéad mhír d’Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054, go dtiocfadh Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis fhoilsiú an Rialacháin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, níor ceanglaíodh air cúiseanna a thabhairt le roghnú an dáta teacht i bhfeidhm sin, ós rud é go raibh sé ag teacht leis an gceann a leagtar síos mar réamhshocrú sa dlí príomha, sa tríú fomhír d’Airteagal 297(1) CFAE, maidir le teacht i bhfeidhm gníomhartha reachtacha. |
|
663 |
Sa tríú háit, maidir le sárú ar oibleagáid an chomhair dhílis, is fíor, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 4(3) CAE, go dtugann an tAontas Eorpach agus na Ballstáit cúnamh dá chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun cúraimí a eascraíonn as na Conarthaí a chur i gcrích. |
|
664 |
Mar sin féin, i réimsí ina bhfuil lánrogha leathan ag reachtóir an Aontais, ní fhíoraíonn an Chúirt, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 218 agus 244 den bhreithiúnas seo, ach an féidir léi a shuíomh gur ghlac sí an gníomh atá i gceist trína lánrogha a fheidhmiú go héifeachtach agus a leagan amach, chuige sin, ar bhealach soiléir agus aonchiallach, na fíorais bhunúsacha ar glacadh an beart sin ar a mbonn agus ar a raibh feidhmiú a lánrogha ag brath. |
|
665 |
Ní féidir raon feidhme níos leithne a bheith ag dualgas an chomhair dhílis, sa chiall go gceanglaítear ar reachtóir an Aontais, i ngach cás, doiciméid agus faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin do Bhallstát, a líomhnaítear a bheith in easnamh nó an fhaisnéis atá ar fáil dó a cheartú sula mbeidh sé in ann gníomh a ghlacadh. D’fhéadfadh léiriú den sórt sin cosc a chur ar na hinstitiúidí a lánrogha a fheidhmiú agus bac a chur ar an bpróiseas reachtach. Cé gur fíor go n‑áirítear le dualgas an chomhair dhílis oibleagáid an chúnaimh fhrithpháirtigh, lena mbaineann, inter alia, malartú faisnéise ábhartha idir na hinstitiúidí agus na Ballstáit i gcomhthéacs an phróisis reachtaigh, ní fhéadfaidh an oibleagáid sin a cheadú do cheann de na Ballstáit sin, i gcás easaontais maidir le leordhóthanacht, ábharthacht nó cruinneas na sonraí atá ar fáil, agóid a dhéanamh ar an bhforas sin amháin i gcoinne dhlíthiúlacht an phróisis cinnteoireachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Márta 2019, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑128/17, EU:C:2019:194, míreanna 74 agus 75). |
|
666 |
Sna himthosca sin, ní féidir glacadh gnímh reachtaigh i gcomhréir le forálacha ábhartha CFAE, in ainneoin freasúra ó roinnt Ballstát, a bheith ina shárú ar dhualgas an chomhair dhílis atá ar an bParlaimint agus ar an gComhairle (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Márta 2019, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑128/17, EU:C:2019:194, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
667 |
Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 523 dá Thuairim, ní chonspóidtear, i gcomhréir leis an oibleagáid maidir le cúnamh frithpháirteach a eascraíonn as an oibleagáid maidir le comhar dílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE, go raibh rochtain ag Poblacht na Liotuáine, le linn an phróisis reachtaigh, ar na doiciméid go léir ar ar bhraith reachtóir an Aontais chun Rialachán 2020/1054 a ghlacadh agus go raibh an Ballstát sin in ann a bharúlacha a thíolacadh maidir leis na sonraí atá sna doiciméid sin agus na hipitéisí arna nglacadh. |
|
668 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar an bhfíoras leis na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine chun cinn, arna lua i míreanna 651 go 653 den bhreithiúnas seo. Cé is moite den fhorluí, go bunúsach, leis an argóint, a diúltaíodh i míreanna 659 go 662 den bhreithiúnas seo, lena líomhnaítear gur gá idirthréimhse a thabhairt isteach agus doiciméad léiritheach a ghlacadh, ní thugtar le tuiscint ar bhealach ar bith le comhlíonadh na hoibleagáide maidir le cúnamh frithpháirteach go gceanglaítear ar reachtóir an Aontais teacht ar chomhaontú leis an mBallstát sin maidir leis an dá cheist sin. |
|
669 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na trí saincheist ar a raibh Poblacht na Liotuáine ag brath mar thaca lena hiarratas chun Airteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní, a mhéid a leagtar síos leis an Airteagal sin, sa chéad mhír de, dáta theacht i bhfeidhm Airteagal 1(6)(d) den Rialachán sin, mar phléadálacha gan bhunús. |
|
670 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, ní mór an chaingean a thionscain Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20) a dhíbhe a mhéid a fhéachann sí le hAirteagal 3 de Rialachán 2020/1054 a chur ar neamhní mar chaingean atá, go páirteach, neamhéifeachtach agus, go páirteach, gan bhunús. |
6. Conclúid maidir le Rialachán 2020/1054
|
671 |
Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo nach mór na caingne arna dtionscnamh ag Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20) agus ag an Ungáir (Cás C‑551/20) a dhíbhe ina n‑iomláine a mhéid a bhaineann siad le Rialachán 2020/1054, chomh maith leis na caingne arna dtionscnamh ag Poblacht na Bulgáire (Cás C‑543/20), ag an Rómáin (Cás C‑546/20) agus ag Poblacht na Polainne (Cás C‑553/20). |
B. Rialachán 2020/1055
|
672 |
Féachann Poblacht na Liotuáine (Cás C‑542/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑545/20), an Rómáin (Cás C‑547/20), Poblacht na Cipire (Cás C‑549/20), an Ungáir (Cás C‑551/20), Poblacht Mhálta (Cás C‑552/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑554/20) le roinnt forálacha de Rialachán 2020/1055 nó, mar mhalairt air sin, an Rialachán sin a chur ar neamhní ina iomláine. |
|
673 |
Sa chéad áit, féachann na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht na Cipire, an Ungáir, Poblacht Mhalta agus Poblacht na Polainne Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lenar cuireadh Airteagal 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, lena bhforáiltear an oibleagáid, do na feithiclí a úsáidtear chun iompair idirnáisiúnta, filleadh ar ionad oibríochtúil atá suite i mBallstát bunaíochta an ghnóthais iompair lena mbaineann gach ocht seachtaine (‘oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí’). |
|
674 |
Sa dara háit, iarrtar leis an gcaingean a thionscain Poblacht na Polainne go ndéanfaí Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lenar cuireadh mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, lena gceanglaítear ar ghnóthais iompair, ar bhonn leanúnach, roinnt feithiclí agus tiománaithe a bheith acu go rialta, ar feithiclí agus tiománaithe iad atá lonnaithe de ghnáth in ionad oibríochtúil ina mBallstát bunaíochta, sa dá chás i gcomhréir le líon na n‑oibríochtaí iompair a dhéanann siad. |
|
675 |
Sa tríú háit, iarrtar leis na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, lenar cuireadh mír 2a isteach in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 1072/2009, lena bhforáiltear nach bhfuil tarlóirí údaraithe oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh leis an bhfeithicil chéanna nó, i gcás cónasc feithiclí cúpláilte, le mótarfheithicil na feithicle céanna sin sa Bhallstát óstach céanna ar feadh ceithre lá ó dheireadh tréimhse cabatáiste a dhéantar sa Bhallstát sin (‘an tréimhse mharana’). |
|
676 |
Sa cheathrú háit, féachann an chaingean a thionscain an Rómáin Airteagal 2(4)(b) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, lenar cuireadh fomhír nua in ionad na chéad fomhíre d’Airteagal 8(3) de Rialachán Uimh. 1072/2009, lena gceanglaítear ar na gnóthais ar mian leo iompar cabatáiste a dhéanamh fianaise na n‑iompar arna ndearna roimhe sin agus gach cabatáiste arna chur i gcrích a bhreith leo. |
|
677 |
Sa chúigiú háit, iarrtar leis an gcaingean a thionscain an Rómáin go gcuirfí Airteagal 2(4)(c) de Rialachán 2020/1055 ar neamhní, lenar cuireadh mír 4a isteach in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 1072/2009, lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe chun an fhianaise sin a thíolacadh. |
|
678 |
Sa séú agus sa deireadh áit, féachann an chaingean a thionscain Poblacht na Polainne Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, lenar cuireadh mír 7 le hAirteagal 10 de Rialachán Uimh. 1072/2009, lena bhforáiltear gur féidir leis na Ballstáit a fhoráil go mbeidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 1072/2009 ar na tarlóirí, sa Bhallstát óstach, agus turais tosaigh nó deiridh de bhóthar á ndéanamh acu, laistigh den Bhallstát óstach sin, i gcomhthéacs na hoibríochtaí iompair chomhcheangailte idir Ballstáit, a chur ar neamhní. |
1. Forbhreathnú ar na pléadálacha dlí
|
679 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean (Cás C‑542/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid a lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus chun Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, braitheann Poblacht na Liotuáine ar na cúig saincheist chéanna, lena n‑éilítear sárú, maidir leis an gcéad cheann, ar Airteagal 3(3) CAE, ar Airteagail 11 agus 191 CFAE agus ar bheartas an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide, maidir leis an dara cuid, ar Airteagal 26 CFAE (an chéad chuid) agus ar phrionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe (an dara cuid), maidir leis an tríú ceann, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE, maidir leis an gceathrú ceann, prionsabal na ‘dea-reachtaíochta’ agus, maidir leis an gcúigiú ceann, prionsabal na comhréireachta. |
|
680 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean (Cás C‑545/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid a lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, maíonn Poblacht na Bulgáire seacht saincheist, a mbaineann cúig cinn acu leis an dá fhoráil atá faoi chonspóid, agus ní dhéantar an tríú agus an séú saincheist ach amháin mar thaca leis an éileamh go ndéanfaí an chéad cheann de na forálacha sin a chur ar neamhní. Líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire leis an gcéad saincheist sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE agus Airteagal 11 CFAE, agus ar Airteagal 37 den Chairt (an chéad chuid) agus sárú ar Airteagal 3(5) CAE, sárú ar Airteagal 208(2) agus sárú ar Airteagal 216(2) CFAE agus sárú ar Comhaontú Pháras (an dara cuid). Líomhnaítear leis an dara saincheist, ina bhfuil dhá chuid freisin, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE agus in Airteagal 1 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Leis an tríú saincheist, líomhnaítear go ndearnadh sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, a chumhdaítear in Airteagal 18 CFAE agus in Airteagail 20 agus 21 den Chairt, ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit i bhfianaise na gConarthaí, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, agus, a mhéid a mheasann an Chúirt gur gá sin, ar Airteagal 95(1) CFAE. Líomhnaítear leis an gceathrú saincheist sárú ar Airteagal 91(1) CFAE. Líomhnaítear leis an gcúigiú saincheist sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, sárú ar Airteagal 91(2) agus sárú Airteagal 94 CFAE. Líomhnaítear leis an séú saincheist sárú ar an tsaoirse chun trádáil nó gairm a shaothrú, ar an tsaoirse bunaíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 49 CFAE, agus ar Airteagail 15 agus 16 den Chairt. Líomhnaítear leis an seachtú saincheist sárú, go príomha, ar Airteagal 58(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 91 CFAE, nó, mar mhalairt air sin, ar Airteagal 56 CFAE (an chéad chuid), agus ar Airteagail 34 agus 35 CFAE (an dara cuid). |
|
681 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean (Cás C‑547/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus Airteagal 2(4)(a) go (c) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, maíonn an Rómáin trí saincheist, a bhfuil dhá cheann acu coitianta sna forálacha atá faoi chonspóid, agus níor ardaíodh an dara saincheist ach mar thaca leis an éileamh go ndéanfaí an chéad cheann de na forálacha sin a chur ar neamhní. Líomhnaítear sa chéad saincheist, ina bhfuil dhá chuid, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) CAE. Líomhnaítear leis an dara saincheist sárú ar an tsaoirse bunaíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 49 CFAE. Áitíonn an Rómáin go sáraítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta dá bhforáiltear in Airteagal 18 CFAE. |
|
682 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean (Cás C‑549/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, maíonn Poblacht na Cipire seacht saincheist. Líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire sa chéad saincheist sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE agus Airteagal 11 CFAE, agus sárú ar Airteagal 37 den Chairt (an chéad chuid) agus sárú ar Airteagal 3(5) CAE, Airteagal 208(2) agus Airteagal 216(2) CFAE agus ar Chomhaontú Pháras (an dara cuid). Líomhnaítear leis an dara saincheist sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE agus in Airteagal 1 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Líomhnaítear leis an tríú saincheist go ndearnadh sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, a chumhdaítear in Airteagal 18 CFAE agus in Airteagail 20 agus 21 den Chairt, ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit i bhfianaise na gConarthaí, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, agus, ‘a mhéid a mheasann an Chúirt gur gá sin’, ar Airteagal 95(1) CFAE. Líomhnaítear leis an gceathrú saincheist sárú ar Airteagal 91(1) CFAE. Líomhnaítear leis an gcúigiú saincheist sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, sárú ar Airteagal 91(2) agus sárú Airteagal 94 CFAE. Líomhnaítear leis an séú saincheist sárú ar an tsaoirse chun trádáil nó gairm a shaothrú, ar an tsaoirse bunaíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 49 CFAE, agus ar Airteagail 15 agus 16 den Chairt. Líomhnaítear leis an seachtú saincheist sárú, go príomha, ar Airteagal 58(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 91 CFAE, nó, mar mhalairt air sin, sárú ar Airteagal 56 CFAE (an chéad chuid), agus ar Airteagail 34 agus 35 CFAE (an dara cuid). |
|
683 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina chaingean (Cás C‑551/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, áitíonn an Ungáir dhá saincheist, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta (an chéad chuid) agus sárú ar phrionsabal an réamhchúraim (an dara cuid) agus, ar an dara dul síos, sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. |
|
684 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina chaingean (Cás C‑552/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, braitheann Poblacht Mhálta ar dhá saincheist, lena n‑éilítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar cheanglais riachtanacha nós imeachta agus ar Airteagal 91(2) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt, agus, ar an dara dul síos, ar Airteagal 5(4) CAE agus ar phrionsabal na comhréireachta. Mar thaca leis an ordú atá á lorg sa chaingean sin chun Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, ardaíonn an Ballstát sin trí saincheist, lena n‑éilítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar Airteagal 91(2) CFAE, maidir leis an dara ceann, sárú ar Airteagal 5(4) CAE agus ar phrionsabal na comhréireachta agus, maidir leis an tríú ceann, sárú ar Airteagail 20 agus 21 den Chairt agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. |
|
685 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean (Cás C‑554/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, maíonn Poblacht na Polainne trí saincheist, faoi seach, a mbaineann gach ceann acu leis na forálacha atá faoi chonspóid, agus saincheist amháin is coiteann d’fhorálacha uile an Rialacháin sin. Líomhnaítear sa chéad saincheist sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a leagtar síos in Airteagal 5(4) CAE. Líomhnaítear leis an dara saincheist sárú ar Airteagal 91(2) CFAE. Líomhnaítear leis an tríú saincheist sárú ar Airteagal 94 CFAE. Líomhnaítear leis an saincheist is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid sárú ar Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt. Mar thaca leis an ordú atá á lorg i gcaingean an Bhallstáit sin chun Airteagal 1(£) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, áitíonn an Ballstát sin dhá saincheist faoi seach a bhaineann le sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a leagtar síos in Airteagal 5(4) CAE, agus le sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, agus an t-saincheist is coiteann d’fhorálacha Rialachán 2020/1055 a chonspóidtear. |
|
686 |
Is gá, dá réir sin, scrúdú a dhéanamh ar na héilimh sna caingne lena n‑iarrtar Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, ar an gcéad dul síos, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar an dara dul síos, Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, ar an tríú dul síos, Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus, ar an gceathrú dul síos, Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní. |
2. Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009
|
687 |
Mar thaca lena gcaingne faoi seach chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, líomhnaíonn Poblacht na Liotuáine (Cás C‑542/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑545/20), an Rómáin (Cás C‑547/20), Poblacht na Cipire (Cás C‑550/20), an Ungáir (Cás C‑551/20), Poblacht Mhálta (Cás C‑552/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑554/20), de réir an cháis, an sárú, go bunúsach:
|
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta
|
688 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine, lena ceathrú agus cúigiú saincheist, Poblacht na Bulgáire, leis an gcéad chuid dá dara saincheist, an Rómáin, leis an gcéad chuid dá céad saincheist dlí, Poblacht na Cipire, lena dara saincheist, an Ungáir, lena céad saincheist, Poblacht Mhálta, lena dara saincheist, agus Poblacht na Polainne, lena céad saincheist, go dtagann Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, salach ar na riachtanais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
689 |
Ar thaobh amháin, cuireann na Ballstáit sin i gcoinne go ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht na forála sin, go háirithe toisc nach ndearnadh measúnú tionchair ar an oibleagáid chun feithiclí a fhilleadh dá bhforáiltear leis an bhforáil sin. Go háirithe, cé go líomhnaítear go foirmiúil leis an gceathrú saincheist ó Phoblacht na Liotuáine go ndearnadh sárú ar an bprionsabal ‘dea-reachtaíocht’ agus ‘ceanglais riachtanacha nós imeachta’, is léir ó na hargóintí a cuireadh chun cinn mar thaca leis an saincheist sin go bhféachann an Ballstát sin, i ndáiríre, le sárú ar phrionsabal na comhréireachta a léiriú ar an bhforas nach ndearnadh measúnú cuí ar éifeachtaí na hoibleagáide sin. Ar an gcaoi chéanna, cé go líomhnaíonn an Ungáir go foirmiúil, leis an gcéad chuid dá céad saincheist, earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ní fhéachann a hargóintí sa chomhthéacs sin ach le sárú ar phrionsabal na comhréireachta a léiriú. |
|
690 |
Ar an taobh eile, cuireann na Ballstáit iarrthacha i gcoinne chomhréireacht na hoibleagáide sin ann féin. |
(1) Scrúdú a rinne reachtóir an Aontais ar chomhréireacht Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009
(i) Argóint na bpáirtithe
|
691 |
Cuireann Poblacht na Liotuáine, lena ceathrú saincheist, Poblacht na Bulgáire, leis an gcéad chuid dá dara saincheist, an Rómáin, leis an gcéad chuid dá céad saincheist, Poblacht na Cipire, lena dara saincheist, an Ungáir, leis an gcéad chuid dá céad saincheist, Poblacht Mhálta, lena dara saincheist dlí, agus Poblacht na Polainne, lena céad saincheist dlí, i gcoinne reachtóir an Aontais go ndearna sé scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009. |
|
692 |
Sa chéad áit, áitíonn na Ballstáit sin easpa measúnaithe tionchair maidir leis an oibleagáid a bhaineann le filleadh na bhfeithiclí dá bhforáiltear san fhoráil sin. |
|
693 |
Cuireann Poblacht na Liotuáine in iúl go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, faoi Airteagal 11(3) CAE, dul i gcomhairle go forleathan leis na páirtithe lena mbaineann, chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú. |
|
694 |
Áitíonn an Ballstát sin agus an Ungáir agus Poblacht Mhálta go bhforchuireann Airteagal 2 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta oibleagáid chomhchosúil ar an gCoimisiún comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh. Is amhlaidh atá i gcás Airteagal 5 den Phrótacal sin, lena bhforáiltear go luafar i ndréachtghníomhartha reachtacha na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe i bhfianaise phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus lena gceanglaítear nach mór faisnéis mhionsonraithe a bheith in aon dréachtghníomh reachtach lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal sin, ar faisnéis í óna leanann sé nach mór a chur san áireamh sna dréachtaí sin an gá atá lena áirithiú go n‑íoslaghdófar aon ualach ar oibreoirí eacnamaíocha agus go mbeidh sé i gcomhréir leis an gcuspóir atá le baint amach. |
|
695 |
Thairis sin, áitíonn Poblacht na Liotuáine, an Rómáin, an Ungáir, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne go bhforáiltear leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, go háirithe pointí 12 go 15 de, go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair ar a thionscnaimh reachtacha ar dócha go mbeidh tionchar suntasach eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta acu. Ba cheart anailís den sórt sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis chruinn, oibiachtúil agus chuimsitheach agus ba cheart í a bheith comhréireach i dtéarmaí a raoin feidhme agus a n‑ábhar. |
|
696 |
Dá bhrí sin, agus tograí reachtacha ón gCoimisiún á scrúdú acu, ba cheart don Pharlaimint agus don Chomhairle measúnuithe tionchair an Choimisiúin a chur san áireamh go hiomlán, rud a bheadh ina chéim sa phróiseas reachtach, ar cheart dó, mar riail ghinearálta, idirghabháil a dhéanamh nuair is dócha go mbeidh tionchar suntasach eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta ag tionscnamh reachtach. Más rud é go dtagann athruithe ar thogra an Choimisiúin chun cinn, le linn an nós imeachta reachtaigh, ba cheart go ndéanfadh an Pharlaimint agus an Chomhairle measúnuithe tionchair ar na hathruithe, nuair a shíleann siad gur iomchuí agus gur gá leis. |
|
697 |
Dar le Poblacht na Liotuáine, ní féidir oiriúnacht agus riachtanas na measúnuithe tionchair a léiriú mar chuid de mheasúnú suibiachtúil amháin, ag brath go heisiach ar thoil reachtóir an Aontais. Os a choinne sin, ba cheart an measúnú sin a bheith bunaithe ar shonraí oibiachtúla atá ann cheana, ós rud é gurb é an t‑aon bhealach é chun a áirithiú nach mbainfidh an reachtóir sin mí-úsáid as a lánrogha. |
|
698 |
Áitíonn na Ballstáit iarrthacha uile, ar an gcéad dul síos, nach raibh an oibleagáid maidir le feithiclí a fhilleadh le feiceáil sa togra le haghaidh rialachán maidir le bunú agus, dá bhrí sin, nach raibh sí faoi réir an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bhunaíochta. Ar an dara dul síos, is leasú substaintiúil ar an togra tosaigh é tabhairt isteach na hoibleagáide sin mar gheall ar thionchar suntasach eacnamaíoch agus comhshaoil na hoibleagáide sin. Chuir na páirtithe leasmhara agus Ballstáit áirithe reachtóir an Aontais ar an eolas faoin tionchar sin agus d’iarr siad air arís agus arís eile measúnú tionchair a dhéanamh ar an ábhar sin. |
|
699 |
Mar a chuireann Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin in iúl, go háirithe, nach ionann cineál na hoibleagáide a bhaineann le feithiclí a fhilleadh agus cineál na gcoinníollacha eile atá beartaithe ag an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh an bhunaíocht éifeachtach agus cobhsaí, a cumhdaíodh leis an Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta, amhail gníomhaíocht oibríochtúil nó iompair a dhéanamh sa Bhallstát bunaíochta nó conradh tráchtála amháin ar a laghad a bheith aige sa Bhallstát sin. Go deimhin, oibleagáidí den sórt sin, a luaitear i gcomhthéacs Bheart 18 sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 30 agus 31) sin nach gceanglófaí leo na feithiclí a fhilleadh chuig ionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann. Dá bhrí sin, níl na torthaí sa mheasúnú tionchair sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na hoibleagáide a bhaineann le feithiclí a fhilleadh. |
|
700 |
Sa dara háit, déanann na Ballstáit is iarratasóirí gearán nach raibh faisnéis leordhóthanach ag reachtóir an Aontais chun é a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na hoibleagáide sin. |
|
701 |
Aithníonn na Ballstáit sin go bhfuil lánrogha leathan ag reachtóir an Aontais i réimse an iompair, a bhfuil feidhm aige ní hamháin maidir le cineál agus raon feidhme na mbeart atá le déanamh ach freisin, go pointe áirithe, maidir le cinneadh na mbunfhíoras. Measann na Ballstáit sin, áfach, nach mór don reachtas sin a bheith in ann a léiriú, d’fhonn na forálacha sin a ghlacadh, gur fheidhmigh sé a lánrogha go héifeachtach, sa mhéid is gur chuir sé san áireamh tosca agus imthosca ábhartha uile an cháis a bhfuil sé beartaithe leis na forálacha sin a rialú. Dá bhrí sin, ba cheart don reachtóir sin a bheith in ann na fíorais bhunúsacha ar glacadh na bearta a chonspóidtear ar a mbonn agus ar a mbraitheann feidhmiú a lánrogha a tháirgeadh agus a leagan amach ar bhealach soiléir agus aonchiallach. |
|
702 |
I ndáil leis sin, cuireann an Rómáin in iúl nach amháin gurb ionann na sonraí eolaíocha ar a bhfuil na bearta a ghlac reachtóir an Aontais bunaithe agus bunús a lánrogha, ach gurb ionann iad freisin agus teorainneacha na lánrogha sin. |
|
703 |
Níor chuir an Pharlaimint ná an Chomhairle an fhianaise in iúl go raibh eilimintí leordhóthanacha ag an reachtóir lena gcuirfí ar a chumas é scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009. |
|
704 |
Deimhníodh an fíoras sin le cinneadh an Choimisiúin chun dul ar aghaidh le measúnú tionchair ar an oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí i ndiaidh glacadh Rialachán 2020/1055, as ar eascair an staidéar dar teideal, ‘Assessment of the impact of a provision in the context of the revision of Regulation (EC) no 1071/2009 and Regulation (EC) no 1072/2009, Final report’ (‘Measúnuithe tionchair forála i gcomhthéacs athbhreithniú Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, Tuarascáil Chríochnaitheach’), a foilsíodh i mí Feabhra 2021. |
|
705 |
Thairis sin, áitíonn Poblacht na Polainne, in éagmais measúnú tionchair, gur critéir threallacha iad na critéir mheasúnaithe a úsáideann reachtóir an Aontais chun minicíocht fhilleadh na bhfeithiclí ar an ionad oibríochtúil sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas iompair lena mbaineann bunaithe a chinneadh. Dá bhrí sin, is deacair an fáth a fheiceáil lena bhféadfaí a mheas, le minicíocht fillte ocht seachtaine, gur comhlíonadh an ceanglas maidir le buanbhunaíocht éifeachtach sa Bhallstát sin. |
|
706 |
I ndáil leis sin, tugann Poblacht na Polainne faoi deara, de réir aithris 8 de Rialachán 2020/1055, le sioncrónú na hoibleagáide maidir le filleadh feithiclí leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, go neartaítear ceart na dtiománaithe chun filleadh agus go laghdaítear an baol nach mbeidh ar an bhfeithicil filleadh ach amháin chun an ceanglas bunaíochta nua sin a chomhlíonadh. Mar sin féin, ba cheart údar cuí a bheith le bearta Rialachán 2020/1055 i ngeall ar na cuspóirí a shaothraítear leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, cé go ndearnadh an oibleagáid maidir le filleadh feithiclí a shioncrónú le hoibleagáid eile a leagtar síos i Rialachán 2020/1054, ní thugtar údar leordhóthanach leis sin. |
|
707 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
|
708 |
Áitíonn na hinstitiúidí sin nach féidir an conclúid a dhéanamh go bhfuil glacadh achta nó forála ar neamhréir le prionsabal na comhréireachta de bharr nach ndearnadh measúnú tionchair ar an ngníomh faoi leith, nó a fortiori, ar an bhforáil faoi leith. Níl reachtóir an Aontais faoi réir oibleagáid nós imeachta uathrialach chun measúnuithe tionchair a dhéanamh. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag anailísí den sórt sin i gcur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta, ach ní bheadh siad mar an t‑aon fhoinse sonraí chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíocht an reachtóra sin. D’fhéadfaí aon fhoinsí eile faisnéise, lena n‑áirítear foinsí poiblí, a chur san áireamh sna foinsí sin freisin. |
|
709 |
Dá bhrí sin, i gcás leasuithe ar an togra ón gCoimisiún, is faoi reachtóir an Aontais a bheadh sé a chinneadh an iomchuí measúnú tionchair a dhéanamh sa bhreis ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra sin, má mheasann sé go bhfuil anailís bhreise den sórt sin iomchuí agus riachtanach. I ndáil leis sin, tá feidhm ag an lánrogha leathan atá ag an reachtóir sin ní hamháin maidir le cineál agus raon feidhme na mbeart atá le déanamh ach freisin, go pointe áirithe, maidir leis na fíorais bhunúsacha a bhunú, fad atá an rogha beartais bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus go bhfuil na haidhmeanna a shaothraítear leis an mbeart a glacadh de chineál a thugann údar leis na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha d’oibreoirí eacnamaíocha. Lena chois sin, ní gá go mbunaíonn an reachtóir sin a chinneadh ar na fíorais bhunúsacha amháin lena mbaineann na forálacha sonracha arna nglacadh, ná go mbaineann sé an tátal díreach mar an gcéanna le scríbhneoirí na dtuairiscí nó na staidéar as an ábhar atá ar fáil dó. |
|
710 |
Ní féidir an mainneachtain chun measúnú tionchair a dhéanamh a aicmiú mar shárú ar phrionsabal na comhréireachta i gcás ina bhfuil reachtóir an Aontais i gcás speisialta lena gceanglaítear air é a sheachaint agus ina bhfuil faisnéis leordhóthanach aige chun cur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt a glacadh. |
|
711 |
Sa chás seo, dar leis an bParlaimint agus leis an gComhairle, bhí faisnéis leordhóthanach ag reachtóir an Aontais chun iarmhairtí na hoibleagáide maidir le filleadh feithiclí a chur san áireamh. |
|
712 |
Ar an gcéad dul síos, rinneadh anailís chuimsitheach leis an Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta ar an margadh lena mbaineann agus ar na deacrachtaí sonracha a bhaineann leis. Ina theannta sin, d’áireofaí sa mheasúnú tionchair sin, faoi bheart 18 (cuid 1/2, lgh. 30 agus 31), anailís ar na tionchair shóisialta agus eacnamaíocha, lena n‑áirítear a n‑éifeachtaí ar FBManna, ar thoimhdí éagsúla atá ábhartha don mheasúnú ar an tsamhail a roghnaigh reachtóir an Aontais, eadhon ‘nach mór don ghnóthas gníomhaíochtaí substaintiúla oibriúcháin nó iompair a dhéanamh sa Stát bunaíochta’ nó ‘nach mór don ghnóthas a bheith faoi cheangal ag conradh tráchtála amháin ar a laghad sa Stát bunaíochta’. |
|
713 |
Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún iarmhairtí an dá bheart sin, a shaothraíonn an cuspóir céanna leis an oibleagáid dheireanach sin, cé go bhfuil siad foirmlithe ar bhealach éagsúil leis an oibleagáid a bhaineann le feithiclí a fhilleadh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh reachtóir an Aontais glacadh leis go raibh éifeachtaí an bhirt a ghlac sé den ord céanna le héifeachtaí na mbeart a scrúdaigh an Coimisiún. |
|
714 |
Ina theannta sin, bhí an reachtóir sin i dteideal brath freisin ar mheasúnuithe tionchair an Choimisiúin maidir leis na gnéithe eile den chéad phacáiste soghluaisteachta, rud a d’fhág gur roghnaigh an reachtóir an oibleagáid a bhaineann le feithiclí a thabhairt ar ais a shioncrónú leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 chun tionchar na chéad chinn ar ghnóthais iompair agus ar an gcomhshaol a theorannú. |
|
715 |
Ar an dara dul síos, le linn na caibidlíochta, bhí rochtain ag reachtóir an Aontais ar staidéir agus meastacháin eile a raibh cinn áirithe acu ag an bpobal, cur i gcás ‘Staidéar TRT Trasporti e Territorio, 2017, a rinneadh ar son An Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) – Tarluithe de bhóthar san AE: dálaí sóisialta agus oibre (arna tugadh cothrom le dáta leis an stáidéar a rinneadh in 2013), Parlaimint na hEorpa, Roinn Théamach na mBeartas Struchtúrach agus Comhchuibhiú, an Bhrúiséil’, nó rochtain ar dhoiciméid an dhá éisteacht phoiblí, a d’eagraigh An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (EMPL) agus TRAN ceann amháin acu, an 16 Deireadh Fómhair 2017, agus an ceann eile a d’eagraigh Coiste TRAN, an 22 Samhain 2017, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna lena mbaineann margadh an iompair de bhóthar agus gnéithe sóisialta an Phacáiste Soghluaisteachta. |
|
716 |
Thairis sin, chuirfeadh reachtóir an Aontais meastacháin de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Iompar de Bhóthar (IRU) san áireamh maidir le hiarmhairtí oibleagáide lena bhforfheidhmítear filleadh na bhfeithiclí gach trí nó ceithre seachtaine, mar is léir ó litir oscailte an 26 Deireadh Fómhair 2018, is é sin an staidéar, a rinneadh ar son Transport i Logistyka Polska (Iompar agus Lóistíocht na Polainne), dar teideal ‘Mobility package I Impact on the European road transport system’ (‘Pacáiste Soghluaisteachta I: Éifeachtaí ar an gcóras Eorpach iompair de bhóthar’), a bheadh an‑chriticiúil maidir le leasú ar diúltaíodh dó sa phróiseas reachtach lena moltar filleadh feithiclí gach ceithre seachtaine, nó maidir le teachtaireacht ó Chónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa ina mbreithneofaí iarmhairtí birt a áirítear i dtuarascáil ón bParlaimint ina mbeadh oibleagáid ar gach feithicil luchtú nó díluchtú earraí amháin ar a laghad a dhéanamh gach trí seachtaine sa Bhallstát bunaíochta. |
|
717 |
Thairis sin, tugann na Ballstáit iarrthacha faoi deara gur thug siad féin eolas do reachtóir an Aontais, le linn an nós imeachta reachtaigh, maidir leis an oibleagáid chun feithiclí a fhilleadh, lena gcuirfí an reachtóir ar a chumas tionchar na hoibleagáide sin a mheas. I ndáil leis sin, i gCásanna C‑542/20, C‑545/20, C‑549/20 agus C‑554/20, tagraíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, go háirithe, do roinnt de na staidéir a thíolaic na Ballstáit iarrthacha mar thaca lena ngníomhaíochtaí. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
718 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht na Cipire, an Ungáir, Poblacht Mhalta agus Poblacht na Polainne go sáraítear prionsabal na comhréireachta le hAirteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar na forais nach raibh measúnú tionchair ar an bhforáil sin ag reachtóir an Aontais ná eilimintí leordhóthanacha chun measúnú a dhéanamh ar a comhréireachta. |
|
719 |
Tá comhthuiscint ann nach raibh an fhoráil sin, lena gceanglaítear ar fheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar idirnáisiúnta filleadh ar ionad oibríochtúil atá suite sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas iompair lena mbaineann bunaithe gach ocht seachtaine, ina hábhar don Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta. |
|
720 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, mar a cuireadh in iúl i míreanna 218 go 226 den bhreithiúnas seo, ní hamháin nach gceanglaítear ar reachtóir an Aontais measúnú tionchair a dhéanamh i ngach imthoisc, ach, thairis sin, nach bhfuil measúnú tionchair den sórt sin ceangailteach air, ós rud é go bhfuil sé de shaoirse ag an reachtóir sin i gcónaí, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh seachas iad siúd a bhí ina ábhar dó. |
|
721 |
Mar sin féin, mar a cuireadh in iúl i mír 243 den bhreithiúnas seo, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais a rogha a bhunú ar chritéir oibiachtúla agus scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na haidhmeanna a shaothraítear leis an mbeart a roghnaítear de chineál lena dtugtar údar le hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, fiú de chineál substaintiúil, d’oibreoirí áirithe. |
|
722 |
Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 218 agus 244 den bhreithiúnas seo, is faoi reachtóir an Aontais atá sé, i gcás ina bhfuil an gníomh atá i gceist faoi réir imeachtaí breithiúnacha, a shuíomh os comhair na Cúirte, chun an gníomh sin a ghlacadh, gur fheidhmigh sé a lánrogha go héifeachtach, sa mhéid gur chuir sé tosca agus imthosca ábhartha uile an cháis san áireamh a raibh sé beartaithe leis an ngníomh sin rialáil a dhéanamh air. Dá bhrí sin, ní mór don reachtóir sin, ar a laghad ar bith, a bheith in ann na fíorais bhunúsacha a léiriú agus a leagan amach go soiléir agus go haonchiallach nach mór a chur san áireamh mar bhonn do na bearta atá faoi chonspóid sa ghníomh sin agus ar a raibh feidhmiú a lánrogha ag brath. |
|
723 |
Dá bhrí sin, is gá a mheas an suitear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear ag an bParlaimint agus ag an gComhairle go raibh faisnéis leordhóthanach ag reachtóir an Aontais chun a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na hoibleagáide maidir le feithiclí a fhilleadh, a leagtar síos in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid a lena gcuirtear isteach mír 1(b) in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar dháta glactha na forála sin. |
|
724 |
I ndáil leis sin, ní mór scrúdú a dhéanamh, sa chéad áit, an féidir a shuíomh gur fheidhmigh an reachtóir sin a lánrogha go héifeachtach trí dhul ar iontaoibh, mar a áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bhunaíochta nó measúnuithe tionchair a bhaineann leis na gnéithe eile den Chéad Phacáiste Soghluaisteachta. |
|
725 |
Ar an gcéad dul síos, murab ionann agus an méid a áitíonn na hinstitiúidí sin, ní féidir a shuíomh gurbh amhlaidh a bhí san fhoras go ndéantar cur síos sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta ar an margadh lena mbaineann agus ar na deacrachtaí sonracha a bhaineann leis. Ní hionann saintréithe agus deacrachtaí an mhargaidh sin a shainaithint agus measúnú ar na hiarmhairtí a eascraíonn as na modhanna atá beartaithe chun iad a leigheas. Dá bhrí sin, is fíor go raibh reachtóir an Aontais in ann brath ar an anailís sin maidir le staid an mhargaidh sin. Mar sin féin, ní hionann a bheith ag brath ar na sonraí atá iontu a bhaineann le saintréithe agus deacrachtaí den sórt sin agus na sonraí bunúsacha a tháirgeadh agus a leagan amach ar bhealach soiléir agus aonchiallach ar glacadh Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 ar a mbonn, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, agus ar a raibh feidhmiú iarbhír a lánrogha ag an reachtóir sin ag brath. |
|
726 |
Is amhlaidh atá maidir leis an measúnú ar iarmhairtí oibleagáidí seachas iad sin a bhaineann le feithiclí a fhilleadh, a leagtar amach sa mheasúnú tionchair céanna. |
|
727 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go saothraíonn an oibleagáid a bhaineann le filleadh feithiclí an cuspóir céanna le Beart 18 sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 30 agus 31), lenar beartaíodh, chun cineál éifeachtach agus cobhsaí bhunaíocht na ngnóthas iompair a áirithiú, inter alia, gur cheart go mbeadh gníomhaíocht shuntasach oibríochtúil nó iompair ag na gnóthais iompair sin sa Bhallstát bunaíochta, nó gur cheart go mbeadh conradh tráchtála amháin ar a laghad acu sa Bhallstát sin. Bíodh sin mar atá, mar a shoiléirigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 646 dá Thuairim, is bealaí iad an dá bheart sin chun an cuspóir sin a bhaint amach nach bhfuil inchomparáide leis an oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí, ós rud é nach gceanglaítear leo filleadh na bhfeithiclí ar ionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis go bhfuil iarmhairtí na mbeart sin comhchosúil agus gur féidir an measúnú ar thionchar na mbeart a bhí faoi réir an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bhunaíochta a thrasuí chuig an oibleagáid a bhaineann le filleadh feithiclí nach raibh faoi réir na hanailíse sin. |
|
728 |
Ar an dara dul síos, ní féidir aon leas a bhaint as go mbraitheann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar mheasúnuithe tionchair a bhaineann leis na gnéithe eile den Chéad Phacáiste Soghluaisteachta, go háirithe an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054, chun feidhmiú iarbhír a lánrogha ag reachtóir an Aontais a léiriú. Mar a cuireadh in iúl i míreanna 220, 233 agus 295 den bhreithiúnas seo, ní bhaineann an oibleagáid atá ar ghnóthais iompair faoin bhforáil sin leis na socruithe praiticiúla maidir le filleadh féideartha tiománaithe, go háirithe na socruithe sin a bhaineann leis na modhanna iompair a d’fhéadfaidís a úsáid chun an filleadh sin a dhéanamh. Go háirithe, ní chiallaíonn an oibleagáid sin gur gá do thiománaithe ar mian leo filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra nó ar a n‑áit chónaithe an fheithicil a úsáidtear chun oibríochtaí iompair a dhéanamh a úsáid. Dá bhrí sin, ní raibh na measúnuithe maidir leis an oibleagáid atá sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, maidir lena tionchar eacnamaíoch agus comhshaoil, ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí eacnamaíocha agus comhshaoil na hoibleagáide maidir le filleadh na bhfeithiclí. |
|
729 |
Is iomchuí a scrúdú, sa dara háit, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 722 den bhreithiúnas seo, ar shuigh reachtóir an Aontais, sa chás seo, gur fheidhmigh sé a lánrogha go héifeachtach ar bhonn na bhfíoras bunúsach eile ar bhraith an Pharlaimint agus an Chomhairle orthu, os comhair na Cúirte. |
|
730 |
Ar an gcéad dul síos, ar chúiseanna atá cosúil leo siúd a leagtar amach i míreanna 724 go 727 den bhreithiúnas seo, ní mór diúltú do Staidéar TRT Trasporti e Territorio ó 2017, dá dtagraítear i mír 715 den bhreithiúnas seo, agus do na doiciméid a bhaineann leis an dá éisteacht phoiblí a d’eagraigh Coistí EMPL agus TRAN i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2017, ar thaobh amháin, agus Coiste TRAN, ar an taobh eile. Ní bhaineann na heilimintí arna leagan amach sna doiciméid sin leis an oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí. |
|
731 |
Ar an dara dul síos, is gá neamhaird a thabhairt ar mheastacháin IRU, mar a leagtar amach ina litir oscailte an 26 Deireadh Fómhair 2018, a raibh an Pharlaimint agus an Chomhairle ag brath orthu, ar dá réir a d’fhéadfadh méadú ó 80 milliún go 135 mhilliún ar líon na gciliméadar a thaistealaíonn feithiclí gach bliain a bheith mar thoradh ar oibleagáid feithiclí a fhilleadh chuig an mBallstát bunaíochta gach trí nó ceithre seachtaine. |
|
732 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 652 dá Thuairim, cuirtear na meastacháin sin i láthair go gonta i litir nach sonraítear inti an mhodheolaíocht ríofa a leantar. Dá bhrí sin, ní leor é chur in iúl sonraí amhail sin le bunú gur soláthraíodh agus gur leagadh amach ar bhealach soiléir agus aonchiallach na sonraí bunúsacha a bhí le cur san áireamh ag reachtóir an Aontais mar bhonn Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír nua 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar a raibh feidhmiú éifeachtach na lánrogha is atá ag an reachtóir ag brath. |
|
733 |
Tá feidhm ag breithnithe den sórt sin freisin maidir leis an teachtaireacht ó Chónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa, dá dtagraíonn an Chomhairle. |
|
734 |
Baineann an rud céanna, ar an tríú dul síos, leis an staidéar a rinneadh thar ceann Transport i Logistyka Polska (‘Iompar agus Lóistíocht na Polainne) (Pacáiste Soghluaisteachta I: Éifeachtaí ar an gcóras Eorpach iompair de bhóthar’), dá dtagraítear i mír 716 den bhreithiúnas seo. Ní mór a thabhairt faoi deara, sa bhreis ar chineál gonta na n‑argóintí a bhaineann le hipitéis na hoibleagáide feithiclí a fhilleadh chuig an mBallstát bunaíochta gach ceithre seachtaine, go luaitear sa dara staidéar, ar leathanach 31 agus ar leathanach 34, ar thaobh amháin, nach raibh aon cheann de na rannpháirtithe in ann na héifeachtaí a eascraíonn as oibleagáid den sórt sin a chainníochtú go beacht agus nach bhfuil sa staidéar sin ach réamhmheastachán gairid ar na héifeachtaí sin. Ar an taobh eile, tugtar faoi deara sa staidéar céanna go bhfuil go leor ceisteanna gan fhreagra fós agus go bhfuil gá le níos mó taighde chun iarmhairtí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha na Chéad Phacáiste Shoghluaisteachta a thuiscint ina iomláine. |
|
735 |
Ar an gceathrú dul síos, maidir leis an bhfaisnéis a líomhnaítear gur sholáthair na Ballstáit iarrthacha do reachtóir an Aontais le linn an nós imeachta reachtaigh, ba cheart a thabhairt faoi deara nach leor a bheith ag brath ar staidéir agus doiciméid a bheith ann a bhféadfadh rochtain a bheith ag an reachtóir sin orthu chun tacú leis an gconclúid gur táirgeadh agus gur leagadh amach ar bhealach soiléir agus aonchiallach na fíorais bhunúsacha ar glacadh an oibleagáid maidir le filleadh feithiclí ar a mbonn agus ar a raibh feidhmiú a lánrogha ag brath. |
|
736 |
Ní féidir ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh ach an oiread leis an tagairt a dhéantar, mar a dhéanann an Pharlaimint agus an Chomhairle i gCásanna C‑542/20, C‑545/20, C‑549/20 agus C‑554/20, do na staidéir a thíolaic na Ballstáit iarrthacha os comhair na Cúirte. Agus an tagairt sin á déanamh acu, níor mhaígh an Pharlaimint ná an Chomhairle, in aon chás, gur ar bhonn na staidéar sin a glacadh an oibleagáid maidir le filleadh na bhfeithiclí, ná nár shonraigh siad an bealach inar chuir na sonraí bunúsacha atá iontu ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na hoibleagáide sin, go háirithe i bhfianaise a hiarmhairtí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha. |
|
737 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór a mheas nach ndearna an Pharlaimint ná an Chomhairle, contrártha leis an méid a mhaíonn siad ar bhonn na ndoiciméad ar a bhfuil siad ag brath os comhair na Cúirte, na fíorais bhunúsacha ar glacadh an oibleagáid sin ar a mbonn agus ar a raibh feidhmiú a lánrogha ag brath a thabhairt ar aird agus a leagan amach ar bhealach soiléir agus aonchiallach. Dá bhrí sin, níor shuigh siad, nuair a glacadh Rialachán 2020/1055, go raibh faisnéis leordhóthanach acu chun a chur ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na hoibleagáide a bhaineann le feithiclí a fhilleadh. |
|
738 |
Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an gceathrú saincheist a chuir Poblacht na Liotuáine ar aghaidh agus, a mhéid a líomhnaíonn sí sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ar an bhforas nár scrúdaigh reachtóir an Aontais comhréireacht na hoibleagáide maidir le filleadh feithiclí, ní mór seasamh leis an gcéad chuid den dara saincheist ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire ag brath, leis an gcéad chuid den chéad saincheist ar a bhfuil an Rómáin ag brath, leis an dara saincheist ar a bhfuil Poblacht na Cipire ag brath, leis an gcéad chuid den chéad saincheist ar a bhfuil an Ungáir ag brath, leis an dara saincheist ar a bhfuil Poblacht Mhálta ag brath agus leis an gcéad saincheist ar a bhfuil Poblacht na Polainne ag brath. Dá réir sin, ní mór Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009. |
(2) Comhréireacht Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear Airteagal 5(1)(b) de Rialachán Uimh. 1071/2009 isteach
|
739 |
Ós rud é, mar is léir ó mhíreanna 718 go 738 den bhreithiúnas seo, nach mór Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, a chur ar neamhní mar gheall ar shárú ar phrionsabal na comhréireachta, ar an bhforas nár scrúdaigh reachtóir an Aontais comhréireacht na forála sin, ní gá scrúdú a dhéanamh ar argóintí Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine, Phoblacht na Cipire, na hUngáire, Phoblacht Mhálta agus Phoblacht na Polainne, trína ndéanann na Ballstáit sin comhréireacht na forála sin a dhíospóid. |
(b) Na pléadálacha eile atá dírithe i gcoinne Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009
|
740 |
Ar an gcúis chéanna leis an gceann deireanach a luaitear sa mhír roimhe seo, ní gá scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha eile arna gcur ar aghaidh ag Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht na Cipire, an Ungáir, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne mar thaca lena n‑éilimh chun an fhoráil sin a chur ar neamhní. |
3. Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055
|
741 |
Trína gcaingne, iarrann Poblacht na Liotuáine (Cás C‑542/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑545/20), Poblacht Mhálta (Cás C‑552/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑554/20) go gcuirfí Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar neamhní. |
|
742 |
Trína caingean, iarrann an Rómáin (Cás C‑547/20) go gcuirfí Airteagal 2(4)(a) go (c) den Rialachán sin ar neamhní, gan, áfach, argóint a fhorbairt a bhaineann go sonrach le hAirteagal 2(4)(b) agus (c), ionas go n‑iarrann an Rómáin, trína hargóintí, go gcuirfí na forálacha sin le chéile ar neamhní i ndáiríre. |
|
743 |
Mar thaca lena n‑éilimh, líomhnaíonn na Ballstáit sin, de réir an cháis, an sárú, go bunúsach ar:
|
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta
|
744 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, lena ceathrú agus lena cúigiú saincheist, Poblacht na Bulgáire, leis an dara cuid dá dara saincheist, an Rómáin, leis an dara cuid dá céad saincheist, Poblacht Mhálta, lena dara saincheist, agus Poblacht na Polainne, lena céad saincheist, nach gcomhlíonann Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
745 |
Ar thaobh amháin, cuireann na Ballstáit sin i gcoinne go ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht na forála sin, go háirithe toisc nach ndearnadh measúnú tionchair a bhaineann leis an tréimhse mharana. Go háirithe, cé go líomhnaítear go foirmiúil leis an gceathrú saincheist de chuid Phoblacht na Liotuáine go ndearnadh sárú ar phrionsabal na ‘dea-reachtaíochta’ agus na ‘gceanglais riachtanacha nós imeachta’, is léir ó na hargóintí a cuireadh chun cinn mar thaca leis an saincheist sin go bhféachann an Ballstát sin, i ndáiríre, le sárú ar phrionsabal na comhréireachta a léiriú ar an bhforas nach ndearnadh measúnú cuí ar éifeachtaí na tréimhse marana sin. |
|
746 |
Ar an taobh eile, cuireann na Ballstáit sin i gcoinne chomhréireacht na tréimhse sin. |
(1) An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055
(i) Argóint na bpáirtithe
|
747 |
Déanann Poblacht na Liotuáine, lena cúigiú saincheist, Poblacht na Bulgáire, leis an dara cuid dá dara saincheist, an Rómáin, leis an dara cuid dá céad saincheist dlí, Poblacht Mhálta, lena dara saincheist dlí, agus Poblacht na Polainne, lena céad saincheist, comhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a dhíospóid go ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, go háirithe mar gheall ar easpa measúnuithe tionchair ar an tréimhse mharana dá bhforáiltear leis an bhforáil sin. |
|
748 |
Braitheann na Ballstáit sin, go bunúsach, ar na hargóintí céanna a leagtar amach i míreanna 691 go 703 den bhreithiúnas seo. |
|
749 |
Dá bhrí sin, maíonn siad nach raibh an beart lena mbunaítear an tréimhse mharana ceithre lá, dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, le feiceáil sa togra le haghaidh rialachán maidir le ‘bunú’. Cuireann siad in iúl nár cuireadh an beart sin san áireamh sa nós imeachta reachtach ach i ndiaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle diúltú don leasú ar Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009 arna bheartú sa Togra le haghaidh Rialachán sin, lena gcuirfí ar neamhní an tagairt don uaslíon oibríochtaí cabatáiste a fhéadfar a dhéanamh i mBallstát óstach le linn an thimthrialla cabatáiste chéanna agus lena laghdófar ó 7 go cúig lá an tréimhse inar féidir leis an t‑iompar cabatáiste sin a chur i gcrích sa Bhallstát sin. |
|
750 |
Bhí an beart lena gcuireadh ar bun an tréimhse mharana ina leasú suntasach ar an Togra le haghaidh Rialachán ‘bunú’, ar chóir dó a bheith ina ábhar measúnaithe tionchair breise. Dá dteipfeadh ar reachtóir an Aontais é sin a dhéanamh, ní bheadh faisnéis leordhóthanach aige chun a lánrogha a fheidhmiú go héifeachtach. |
|
751 |
Thairis sin, níor luaigh an reachtóir sin cúiseanna oibiachtúla lena dtugtar údar le gan aon ghá a bheith ann measúnú tionchair breise a dhéanamh. |
|
752 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
753 |
Ba chóir a thabhairt faoi deara, mar a áitíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht Mhalta agus Poblacht na Polainne, sa Togra le haghaidh Rialachán ‘bunú’, bhí sé i gceist ag an gCoimisiún go leasófaí Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, agus scriosadh a dhéanamh ar an tagairt don uaslíon oibríochtaí cabatáiste a fhéadfar a dhéanamh i mBallstát óstach le linn an thimthrialla cabatáiste chéanna agus an tréimhse lena linn gur féidir an t‑iompar cabatáiste a chur i gcrích sa Bhallstát sin a laghdú ó 7 go 5 lá. |
|
754 |
Mar sin féin, ghlac reachtóir an Aontais beart atá éagsúil leis an mbeart a mhol an Coimisiún. Agus an t‑údarú á choinneáil ar bun chun trí oibríocht chabatáiste ar a mhéad a dhéanamh tar éis iompar idirnáisiúnta ó Bhallstát eile nó ó thríú tír chuig an mBallstát óstach le linn tréimhse 7 lá, agus ar an gcaoi sin gan Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009 a leasú, thug sé isteach, le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, lena gcuirtear mír 2a isteach in Airteagal 8, beart breise i bhfoirm na tréimhse marana. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2)(a), ní cheadaítear do tharlóirí oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh leis an bhfeithicil chéanna sa Bhallstát óstach céanna ar feadh 4 lá ó dheireadh tréimhse cabatáiste a dhéantar sa Bhallstát sin. |
|
755 |
Ba cheart a mheabhrú, áfach, mar a luadh i mír 720 den bhreithiúnas seo, ní hamháin nach gceanglaítear ar reachtóir an Aontais measúnú tionchair a dhéanamh i ngach imthoisc, ach, thairis sin, nach bhfuil measúnú tionchair den sórt sin ceangailteach air, ós rud é go bhfuil sé de shaoirse ag an reachtóir sin, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh seachas iad siúd a bhí ina ábhar dó. Dá bhrí sin, ní leor, sa chás seo, gur ghlac reachtóir an Aontais, i Rialachán 2020/1055, foráil atá éagsúil leis an bhforáil a mhol an Coimisiún ar dtús, ar bhonn an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bunaíochta, chun a léiriú gur sháraigh sé prionsabal na comhréireachta, ar choinníoll go bhfuil an reachtóir sin in ann a shuíomh gur fheidhmigh sé a lánrogha i ndáiríre agus, chuige sin, gur féidir leis na sonraí bunúsacha ar glacadh an fhoráil a bhaineann leis an tréimhse mharana sin ar a mbonn agus ar a raibh feidhmiú na lánrogha sin ag brath a sholáthar agus a leagan amach go soiléir agus go haonchiallach. |
|
756 |
Dá bhrí sin, is gá a mheas an suitear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear ag an bParlaimint agus ag an gComhairle go raibh faisnéis leordhóthanach ag reachtóir an Aontais chun a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na tréimhse marana, dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ar dháta glactha na forála sin. |
|
757 |
Sa chéad áit, is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 2/2, lgh. 41, 46 agus 48) gur bheartaigh an Coimisiún an féidearthacht tréimhse mharana idir dhá thimthriall cabatáiste a fhorfheidhmiú. I ndáil leis sin, ós rud é gur ghlac reachtóir an Aontais Eorpaigh an beart arb é atá ann tréimhse den sórt sin a fhorchur nuair a dhiúltaigh an Coimisiún dó, ní leor a shuíomh nach raibh faisnéis leordhóthanach ag an reachtóir sin chun scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt sin. |
|
758 |
Sa dara háit, mar a áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, mar gheall ar na heilimintí meastóireachta a leagtar amach i roinn an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bhunaíochta, a bhaineann le hiarmhairtí an bhirt arb é atá ann deireadh a chur leis an tagairt don uaslíon oibríochtaí cabatáiste a fhéadfar a dhéanamh i mBallstát óstach le linn an timthrialla cabatáiste chéanna agus an tréimhse ina bhféadfar na hoibríochtaí cabatáiste sin a dhéanamh sa Bhallstát sin a laghdú, bhíothas in ann measúnú a dhéanamh freisin ar thionchar na tréimhse marana a roghnaíodh ar deireadh. |
|
759 |
Ós rud é go laghdaítear an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh tarlóir oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát óstach céanna ó 7 lá, dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, go ceithre lá, mar a bheartaítear, go príomha, leis an measúnú tionchair sin (cuid 1/2, lch. 29), nó ó 7 lá go cúig lá, mar a mhol an Coimisiún, bhí sé d’éifeacht aige sin cur isteach ar fheidhmíocht oibríochtaí cabatáiste sa Bhallstát óstach céanna ag eatraimh níos rialta. |
|
760 |
Leanann sé ó na breithnithe sin gur leor an Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta agus measúnú ar na hiarmhairtí maidir leis na bearta a chonspóidtear chun fíorais ábhartha a thabhairt do reachtóir an Aontais chun comhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a mheas. |
|
761 |
Sa tríú háit, sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 20 go 25) bhí réamh-mheastacháin ar fhorbairtí sa mhargadh iompair arna dtarraingt suas ar bhonn an chórais ab infheidhme sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, go háirithe mar a shainítear in Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart a bhreithnítear leis an measúnú tionchair sin, go háirithe maidir leis na hathruithe a bhaineann le fad na dtréimhsí cabatáiste agus líon na n‑oibríochtaí cabatáiste a fhéadfar a dhéanamh le linn na dtréimhsí sin. |
|
762 |
Ós rud é gur chinn reachtóir an Aontais, i Rialachán 2020/1055, an scéim sin a choinneáil a mhéid a údaraítear léi, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), uaslíon de thrí oibríocht chabatáiste as a chéile thar thréimhse 7 lá, agus beart breise á thabhairt isteach, le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, i bhfoirm na tréimhse marana, bhí na réamh-mheastacháin sin fós ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na forála deiridh sin. |
|
763 |
Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne, bhí faisnéis leordhóthanach ag reachtóir an Aontais chun cur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
|
764 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don cheathrú saincheist a chuir Poblacht na Liotuáine ar aghaidh toisc í a bheith gan bhunús agus, a mhéid a líomhnaíonn siad sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ar an bhforas nár scrúdaigh reachtóir an Aontais comhréireacht na tréimhse marana, ní mór diúltú don dara cuid den dara saincheist ar a raibh Poblacht na Bulgáire ag brath, don dara cuid den chéad saincheist ar a raibh an Rómáin ag brath, don dara saincheist ar a raibh Poblacht Mhálta ag brath agus don chéad saincheist ar a raibh Poblacht na Polainne ag brath toisc í a bheith gan bhunús. |
(2) Comhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055
(i) Argóint na bpáirtithe
|
765 |
Déanann Poblacht na Liotuáine, lena cúigiú saincheist, Poblacht na Bulgáire, leis an dara cuid dá dara saincheist dlí, an Rómáin, leis an dara cuid dá céad saincheist, Poblacht Mhálta, lena dara saincheist dlí, agus Poblacht na Polainne, lena céad saincheist, comhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a dhíospóid. |
|
766 |
Sa chéad áit, áitíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne go bhfuil an tréimhse mharana dá bhforáiltear san fhoráil sin neamhinniúil chun cuspóirí Rialachán 2020/1055 a bhaint amach. |
|
767 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn Poblacht na Liotuáine agus an Rómáin nach leagtar síos leis an bhforáil sin rialacha soiléire, simplí agus infhorfheidhmithe go héasca, contrártha leis an gcuspóir a leagtar amach in aithris 20 de Rialachán 2020/1055. |
|
768 |
Leagadh an bhéim sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 12 go 14) ar an bhfhíoras gur eascair éagsúlachtaí i gcur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na rialacha maidir le cabatáiste idir na Ballstáit chomh maith le méadú comhlíonadh agus costais riaracháin do chuideachtaí iompair de dheasca an easpa soiléireachta agus beaichte sna rialacha sin. |
|
769 |
Níl aon rud ann chun údar a thabhairt leis an bhfáth go bhfuil an beart lena mbunaítear an tréimhse mharana, rud a dhéanann an t‑ualach riaracháin níos casta agus a mhéadaíonn é, níos iomchuí chun cuspóir sin na soiléireachta agus an bheachtais a bhaint amach ná an leasú atá beartaithe ag an gCoimisiún. |
|
770 |
Ar an dara dul síos, dar le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin, ní chaomhnaíonn an beart sin an leibhéal léirscaoilte margaidh a baineadh amach roimhe sin, rud a thugann neamhaird ar an gcuspóir an leibhéal sin a chaomhnú, a leagtar amach freisin in aithris 20 de Rialachán 2020/1055. |
|
771 |
I ndáil leis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, sa Togra le haghaidh Rialachán ‘bunú’, gur chóir go léirscaoilfí an cabatáiste agus líon neamhtheoranta oibríochtaí cabatáiste le linn tréimhse cúig lá a dheonú, in ionad líon de thrí oibríochtaí cabatáiste le linn tréimhse 7 lá. Is cúlú ó leibhéal léirscaoilte an mhargaidh é an tréimhse mharana, trí shrianta nua a fhorchur ar chabatáiste. |
|
772 |
Áitíonn an Rómáin, de réir staidéar a rinne ECIPE (Bauer, ‘Discrimination, Exclusion and Environmental Harm: Why EU Lawmakers Need to Ban Freight Transport Restrictions to Save the Single Market’ (‘Idirdhealú, Eisiamh agus Dochar Comhshaoil: an Fáth gur Gá do Reachtóirí AE Cosc a Chur ar Shrianta Iompair Lastais chun an Margadh Aonair a Shábháil’) (‘Staidéar ECIPE maidir le hIdirdhealú, Eisiamh agus Dochar Comhshaoil’), lena ndéantar tagairt do thuairisc de Transport & Mobility Leuven (Iompar agus Soghluaisteacht Lováin) (Breemersch, ‘The impact of the 1st mobility package on European Road Freight Transport, with special focus on peripheral countries’) (‘Tionchar na chéad sraithe beart maidir leis an tsoghluaisteacht ar Iompar Lastais de Bhóthar an Aontais Eorpaigh, le béim faoi leith ar thíortha forimeallacha’), laghdófaí leis an tréimhse mharana na hoibríochtaí cabatáiste go 31% faoin mbliain 2035. |
|
773 |
Ina theannta sin, deir Poblacht na Bulgáire, maidir le haeriompar, gur cuireadh deireadh leis na srianta ar chabatáiste in 1993. Cé go bhfuarthas amach sa tuarascáil ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle maidir le staid mhargadh iompair de bhóthar AE (COM (2014) 222 deiridh, lch. 13) go raibh cóineasú méadaitheach ar luach saothair tiománaithe san Aontas Eorpach, ba cheart go mbeadh na bearta a ghlac reachtóir AE i Rialachán 2020/1055 tar éis an léirscaoileadh i réimse an iompair de bhóthar a dhoimhniú, seachas srianta nua a fhorchur, amhail an tréimhse mharana, ar beart caomhnaitheach é, ar an mbealach sin. |
|
774 |
Thairis sin, áitíonn an Rómáin, ós rud é go bhfuil líon na n‑oibríochtaí cabatáiste a dhéantar san Aontas Eorpach íseal i gcomparáid le líon na n‑oibríochtaí iompair idirnáisiúnta, nach mbeadh údar le hidirghabháil reachtach sa réimse sin mura mbeadh sí i dtreo léirscaoileadh an mhargaidh. |
|
775 |
Ar an tríú dul síos, tá an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 míchuí chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach, ós rud é nach gcuireann sí le comhéifeacht ualaigh feithiclí a mhéadú agus turais fholmha a laghdú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, tugann sé neamhaird ar fhoclaíocht aithris 21 de Rialachán 2020/1055, mar a áitíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne. |
|
776 |
Míníonn na Ballstáit sin go gceadaíonn cabatáiste do tharlóirí leanúint de bheith gníomhach agus an fheithicil chéanna a úsáid chun oibríochtaí iompair breise a dhéanamh sa Bhallstát óstach idir dhá oibríocht iompair idirnáisiúnta, go háirithe go dtí go bhfaighfear ordú lódála don turas fillte chuig an mBallstát bunaíochta. |
|
777 |
Cuireann an tréimhse mharana cosc ar oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh ar feadh ceithre lá, rud a bhfuil éifeacht aige atá contrártha leis an gcuspóir a leagtar amach in aithris 21 den Rialachán sin. |
|
778 |
Go háirithe, áitíonn an Rómáin go dtiocfaidh méadú thart ar 5 % ar líon na dturas folamh laistigh den Aontas Eorpach mar thoradh ar an tréimhse mharana, lena n‑áirítear freisin líon na dturas a dhéantar faoina luach chun filleadh na feithicle neamhualaithe a sheachaint. |
|
779 |
Ar an gceathrú dul síos, tá amhras ar Phoblacht na Bulgáire, ar an Rómáin agus ar Phoblacht na Polainne a bhfuil an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 iomchuí chun a áirithiú, i gcomhréir leis an gcuspóir dá dtagraítear in aithris 21 den Rialachán sin, nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
|
780 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn Poblacht na Bulgáire go mbaineann na hargóintí is bonn leis an gcuspóir sin leis an ngá atá le bunaíocht éifeachtach i mBallstát tionscnaimh na dtarlóirí agus ní sa Bhallstát ina ndéantar na hoibríochtaí cabatáiste. |
|
781 |
Ina dhiaidh sin, dar le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin, amhail an oibleagáid a bhaineann le feithiclí a thabhairt ar ais, níl sé i gceist leis an tréimhse mharana cleachtais chalaoiseacha nó mhí-úsáideacha a chomhrac. Ós rud é gurb ionann an tréimhse mharana sin agus srian ar ghníomhaíocht iompair atá soghluaiste inti féin, ní rannchuideodh an tréimhse mharana sin leis an gcuspóir dlisteanach sin a bhaint amach, ach bheadh sí bunoscionn le cineál na réaltachta eacnamaíche agus an mhargaidh iompair inmheánaigh. Ceapadh oibríochtaí cabatáiste ar dtús mar chineál oibríochta a chuireann le forbairt na hearnála iompair, le fás eacnamaíoch agus le héifeachtúlacht na gníomhaíochta sa réimse sin. |
|
782 |
I ndáil leis sin, ní fachtóir diúltach é líon mór oibríochtaí cabatáiste a bheith ar chríoch na mBallstát atá suite in iarthar an Aontais Eorpaigh lena gceanglaítear bearta sriantacha a ghlacadh. Ní léiríonn an staid sin ach go bhfuil éileamh mór ar earraí sna Ballstáit sin, go bhfuil dinimic na n‑oibríochtaí iompair idirnáisiúnta ag méadú agus go bhfeidhmíonn an margadh mar is gnách. Ní chiallaíonn sé in aon chás ina gcuirtear líon ard oibríochtaí cabatáiste i gcrích gur chaill siad a nádúr sealadach, a mhéid is a chuirtear na hoibríochtaí sin i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009 agus leis na srianta a fhoráiltear leis. |
|
783 |
Tugann an Rómáin faoi deara ba chóir go ndéantar idirdhealú idir cabatáiste córasach agus cabatáiste neamhdhleathach. Fiú dá mba rud é go raibh an tréimhse mharana beartaithe go heisiach chun a áirithiú nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach, mar a luaitear in aithris 21 de Rialachán 2020/1055, thug an Coimisiún chun suntais, go háirithe sa staidéar a rinneadh chun tacú leis an Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta, dar teideal ‘Study to support the impact assessment for the revision of Regulation (EC) No 1071/2009 and Regulation (EC) No 1072/2009, Final Report’ (‘Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair le haghaidh an athbhreithnithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, Tuarascáil Chríochnaitheach’, Aibreán 2017, lch. 33), agus sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 6 agus 7), go bhfuil cion an chabatáiste neamhdhleathaigh an‑íseal, ionas nach dtugann sé sin údar le bearta sriantacha breise a ghlacadh sa réimse seo. |
|
784 |
Is fíor go sainaithnítear sa staidéar ón gCoimisiún, dar teideal ‘Ex-post evaluation of Regulation (EC) No 1071/2009 and Regulation (EC) No 1072/2009, Final report’ (‘Meastóireacht ex post ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, Tuarascáil Chríochnaitheach’) ó mhí na Nollag 2015 (‘an Mheastóireacht ex post ar Rialachán Uimh. 1071/2009 agus Rialachán Uimh. 1072/2009’), cabatáiste córasach ar leathanach 140 agus ar leathanach 141 mar iarmhairt gan choinne ar chur chun feidhme Rialachán Uimh. 1072/2009. Mar sin féin, ní mór amhras a chaitheamh ar an gcinneadh sin, ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar thaithí aon Bhallstáit amháin. |
|
785 |
Lena chois sin, cé gur áitigh an Coimisiún gurbh ann do chabatáiste córasach ná éifeacht neamhbheartaithe agus nach raibh ag teastáil a tháinig as cur i bhfeidhm rialacha AE, níor mheasadh an Coimisiún go mbeadh an tréimhse mharana iomchuí, cé gur chuir an Coimisiún san áireamh é sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 2/2, lch. 41). |
|
786 |
Ar deireadh, áitíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Polainne, ionas nach gcruthófar gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach, nach gá foráil a dhéanamh maidir le tréimhse mharana. Leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, lena dteorannaítear líon na n‑oibríochtaí cabatáiste do thrí cinn thar thréimhse 7 lá, is féidir an cuspóir sin a bhaint amach cheana féin. |
|
787 |
Sa dara háit, dar le Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht Mhalta agus Poblacht na Polainne, ní gá leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 chun na cuspóirí a shaothraítear leis an bhforáil sin a bhaint amach. |
|
788 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin ní hé go ndearnadh scrúdú gairid ar an bhféidearthacht tréimhse mharana a thabhairt isteach sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 2/2, Iarscríbhinn 5) an chúis go bhfuil an beart sin comhréireach. |
|
789 |
Mar is léir ón Measúnú Tionchair sin (cuid 2/2, lch. 48), diúltaíodh don bheart atá beartaithe chun tréimhse den sórt sin a thabhairt isteach gan tuilleadh anailíse a dhéanamh ar a iarmhairtí. Chomh maith leis an bhfíoras nach rannchuideodh an beart sin i ndáiríre leis an gcuspóir atá á shaothrú ag reachtóir an Aontais a bhaint amach, eadhon na rialacha atá ann cheana sa réimse sin a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr, chuirfeadh sé isteach freisin, de réir na ngnóthas iompair a ghlac páirt sa mheasúnú tionchair sin, ar a n‑oibríochtaí agus ghinfeadh sé costais shuntasacha, go háirithe mar gheall ar a thionchar diúltach ar a bhforchostais. Thairis sin, thiocfadh laghdú, in aon chás, ar tharraingteacht an chabatáiste chórasaigh i gcás ina mbeadh rialacha níos éifeachtaí ann maidir le tiománaithe a phostú. |
|
790 |
Ar an dara dul síos, dar leis an Rómáin, chun a áirithiú nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach, ba leor forfheidhmiú agus rialú na rialacha atá ann cheana a neartú, ós rud é nach bhfuil sa chabatáiste neamhdhleathach ach 0.56% den ghníomhaíocht chabatáiste fhoriomlán ar leibhéal an Aontais (Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta, cuid 1/2, lgh. 6 agus 7). Cuireann an Ballstát sin in iúl freisin, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an chabatáiste neamhdhleathaigh, nach mbeadh sé chomh sriantach céanna sásraí faireacháin agus rialaithe níos éifeachtaí a bhunú, amhail cur i bhfeidhm na bhforálacha nua maidir leis an tacagraf cliste a chur chun feidhme. |
|
791 |
Ar an tríú dul síos, measann Poblacht Mhálta, in aon chás, go bhfágfadh an beart atá sa togra le haghaidh rialacháin maidir le bunaíocht lena gceanglaítear oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh de thréimhse cúig lá, go bhféadfaí an cuspóir a bhaint amach, ar bhealach nach bhfuil chomh sriantach céanna, chun a áirithiú nach ndéanfar na hoibríochtaí sin ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
|
792 |
Déanann tarlóirí idirnáisiúnta Mhálta a gcuid oibríochtaí iompair ar an mórthír ar an mbonn nach bhfuil na hoibríochtaí sin inmharthana ach amháin mura bhfuil oibleagáid orthu na feithiclí a iompar ar muir go Málta. Nuair a dhéanann siad a n‑oibríochtaí ar an mórthír, baineann na tarlóirí sin úsáid as a gceart saorghluaiseachta gan nasc buan nó seasmhach a bheith acu le Ballstáit eile ar leith. Is é staid oileánach an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, agus an staid sin amháin, is cúis le heaspa fhisiceach fheithiclí na dtarlóirí sin i Málta, staid nár cuireadh san áireamh, contrártha le prionsabal na comhréireachta. |
|
793 |
I ndáil leis sin, níor chuir an beart a mhol an Coimisiún d’oibleagáid ar tharlóirí Mhálta cur isteach go saorga agus go rialta ar a gcuid oibríochtaí go léir, gan cuspóir soiléir agus réasúnach, le linn na tréimhse marana. |
|
794 |
Ar an gceathrú dul síos, de réir Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine agus Phoblacht na Polainne, beidh sé d’éifeacht ag an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ar an gcéad dul síos, staid eacnamaíoch gnóthas iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh agus gnóthais bheagmhéide a dhéanamh níos measa go mór agus, ar an dara dul síos, caighdeán maireachtála agus fostaíochta daoine sna Ballstáit sin a laghdú. |
|
795 |
Is é méadú na gcostas de bharr na tréimhse marana sin is cúis leis na hiarmhairtí sin, mar gheall air, go háirithe, laethanta oibríochtaí caillte, méadú na n‑amanna neamhghnímh agus turais fholmha nó laghdú ar ghníomhaíochtaí cabatáiste go 31% faoin mbliain 2035. Ar an taobh eile, is ar FBManna a bheadh na hualaí is troime, cé gurb iad FBManna formhór na gcuideachtaí iompair. |
|
796 |
Braitheann Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin freisin ar staidéir ina ndéantar measúnú ar iarmhairtí na rialacha a tugadh isteach leis an gcéad shraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht ina iomláine agus ar staidéar, dá dtagraítear in alt preasa speisialaithe dar teideal ‘The Belgians do not like the Mobility Package. They figured that its provisions would bring losses to their companies as well’ (‘Ní maith le muintir na Beilge an Pacáiste Soghluaisteachta. Dar leo, beidh caillteanais dá ngnólachtaí mar thoradh ar a forálacha freisin’), rud a mheas go mbeadh costas thart ar EUR 24 mhilliún in aghaidh na bliana ar tharlóirí Beilgeacha gach lá ‘scíthe’. |
|
797 |
Cuireann Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne in iúl, mar thoradh ar an méadú ar chostais, go bhfuil an baol ann go mbeidh ar ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit sin scor dá ngníomhaíocht nó athlonnú chuig na Ballstáit atá lonnaithe i gcuid lárnach an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar iomaíocht. Áitíonn Poblacht na Polainne freisin gur dócha go mbeidh méadú ar phraghas earraí mar thoradh ar an méadú sin ar chostais, rud a d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige ar gheilleagar an Aontais. |
|
798 |
Ar an gcúigiú dul síos, de réir Phoblacht na Liotuáine, na Rómáine agus Phoblacht na Polainne, níl an tréimhse mharana ag luí leis an margadh aonair do sheirbhísí iompair, sa mhéid is go ndéanann sí ilroinnt ar an margadh sin agus go gcuireann sí teorainn le deiseanna gnó gnóthas iompair i mBallstáit eile, go ndéantar difear níos mó do na Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh agus do na Ballstáit bheagmhéide ina leith sin. |
|
799 |
Dá bhrí sin, áitíonn an Rómáin gurb iad na gnóthais iompair atá bunaithe ar chríoch an Aontais Eorpaigh is mó a ndéanfaidh na bearta a eascraíonn as Rialachán 2020/1055 difear dóibh, mar gheall ar thábhacht shuntasach na hearnála iompair don gheilleagar agus don fhostaíocht sna Ballstáit sin, go ndéanann na gnóthais iompair sin níos mó ná leath de na hoibríochtaí cabatáiste a dhéantar laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh agus líon na ngnóthas iompair agus na n‑oibrithe sna Ballstáit sin a ndéanann na bearta sin difear dóibh. |
|
800 |
Ar an séú dul síos, de réir Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine, tá an tréimhse mharana contrártha do bheartas an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus don Chomhaontú Glas, mar gheall ar an méadú ar thurais fholmha agus, dá bhrí sin, ar thruailliú agus ar astaíochtaí CO2, tar éis an tréimhse sin a chomhlíonadh. Is léir na hiarmhairtí sin, go háirithe, ó staidéar ECIPE maidir le hidirdhealú, eisiamh agus damáiste don chomhshaol. |
|
801 |
Ar an seachtú dul síos, áitíonn an Rómáin go bhféadfadh sé gur measa tionchar na bhforálacha nua a tugadh isteach le Rialachán 2020/1055 ar ghnóthais iompair mar gheall ar phaindéim COVID-19. |
|
802 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
803 |
Is é an cuspóir a shaothraítear le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, agus i bhfianaise an chuspóra sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na forála sin, mar is léir ó aithris 21 den Rialachán sin, a áirithiú nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthóidh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
|
804 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne, nach ndéanann dlisteanacht an chuspóra sin a dhíospóid, go sáraítear le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ann féin, na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
805 |
I gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 240 go 247 den bhreithiúnas seo, chun a chinneadh an gcomhlíonann an tréimhse mharana, mar a leagtar síos san fhoráil sin í, an prionsabal sin, is gá scrúdú a dhéanamh an iomchuí an beart sin chun an cuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin a bhaint amach, an dtéann sé go follasach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus an bhfuil sé comhréireach i bhfianaise an chuspóra sin. |
– Oiriúnacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach
|
806 |
Maidir le hoiriúnacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, ba cheart a mheabhrú, mar is léir, inter alia, ón sainmhíniú ar ‘oibríocht chabatáiste’ in Airteagal 2(6) de Rialachán Uimh. 1072/2009 agus mar a luaitear in aithrisí 20 agus 22 de Rialachán 2020/1055, nach mór gníomhaíocht iompair den sórt sin a bheith ‘sealadach’ sa Bhallstát óstach (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Aibreán 2018, an Coimisiún v an Danmhairg, C‑541/16, EU:C:2018:251, mír 53, chomh maith leis an 14 Meán Fómhair 2023, Staatsanwaltschaft Köln agus Bundesamt für Güterverkehr (Iompar coimeádán folamh), C‑246/22, EU:C:2023:673, míreanna 25 agus 29]. |
|
807 |
Mar is léir ón Meastóireacht ex post ar Rialachán Uimh. 1071/2009 agus Rialachán Uimh. 1072/2009 (lch. 137), ba é teacht chun cinn cleachtas cabatáiste córasach an phríomhiarmhairt gan choinne ar chur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 1072/2009. |
|
808 |
Sa chomhthéacs sin, is cosúil gurb iomchuí tréimhse mharana a fhorchur in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ar tréimhse í nach bhfuil tarlóirí údaraithe a thuilleadh lena linn, ag deireadh timthriall cabatáiste a dhéantar i mBallstát óstach, chun oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát sin, chun cosc a chur ar chleachtais den sórt sin agus, ar an gcaoi sin, cosc a chur ar na hoibríochtaí sin a bheith á ndéanamh ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát sin. |
|
809 |
Ní féidir amhras a tharraingt ar an measúnú sin le haon cheann de na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne chun cinn, go háirithe ar bhonn cuspóirí eile dá dtagraítear in aithrisí 20 agus 21 de Rialachán 2020/1055. |
|
810 |
Ar an gcéad dul síos, ní féidir go n‑éireoidh le hargóint Phoblacht na Liotuáine agus na Rómáine go bhfuil an tréimhse mharana neamhinniúil chun an cuspóir, a leagtar amach in aithris 20 de Rialachán 2020/1055, a bhaint amach, is é sin go bhfuil na rialacha maidir le cabatáiste soiléir, simplí agus éasca a fhorfheidhmiú. |
|
811 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, chun cuspóir den sórt sin a bhaint amach, go rialaítear le hAirteagal 2(4)(b) agus (c) den Rialachán sin na nósanna imeachta chun an t‑iompar idirnáisiúnta a chruthú roimh an oibríocht chabatáiste agus do gach oibríocht chabatáiste. |
|
812 |
A mhéid a bhaineann le tréimhse mharana a thabhairt isteach, arb é is príomhchuspóir di, mar a luaitear i mír 803 thuas, a áirithiú nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthóidh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach, nach féidir a mheas go mbaintear an bonn, dá réir sin, ón gcuspóir a leagtar amach in aithris 20 de Rialachán 2020/1055. |
|
813 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gcuspóir leibhéal léirscaoilte an mhargaidh a chaomhnú, a leagtar amach freisin in aithris 20 de Rialachán 2020/1055, ba cheart a thabhairt faoi deara gur luadh in aithris 2 de Rialachán Uimh. 1072/2009 go bhfuil sé i gceist le comhbheartas iompair a bhunú, inter alia, na coinníollacha a bhunú faoinar féidir le tarlóirí neamhchónaitheacha oibríochtaí iompair a dhéanamh i mBallstát, ar coinníollacha iad nach mór a bhunú ar bhealach a rannchuideoidh le feidhmiú cuí an mhargaidh iompair inmheánaigh. Sa chomhthéacs sin, mar is léir ó aithrisí 4, 5, 13 agus 15 de, bhí sé ar cheann de chuspóirí tosaigh an Rialacháin sin, sa leagan ab infheidhme sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, chun bunú comhbheartais iompair a bhaint amach ar bhealach solúbtha rianúil, socruithe cabatáiste idirthréimhseacha a bhunú go dtí go mbainfear comhchuibhiú an mhargaidh iompair de bhóthar amach. Dá réir sin, foráladh go n‑údarófaí oibríochtaí cabatáiste i mBallstát óstach fad is nach ndéanfaí iad ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach laistigh den Bhallstát sin. |
|
814 |
Dá bhrí sin, trí chosc a chur ar fhorbairt cleachtas cabatáiste córasach, tá sé beartaithe leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, mar a cuireadh in iúl i míreanna 807 agus 808 den bhreithiúnas seo, na hiarmhairtí gan choinne a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 1072/2009 a leigheas agus an cuspóir tosaigh atá á shaothrú ag reachtóir an Aontais a bhaint amach, trína áirithiú, i gcomhréir leis an leibhéal léirscaoilte arna leagan síos ag an reachtóir sin chun rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh iompair inmheánaigh, gur cabatáiste sealadach a bheidh ann. |
|
815 |
Ar an tríú dul síos, a mhéid a mhaíonn Poblacht na Bulgáire, an Rómáin agus Poblacht na Polainne nach iomchuí an tréimhse mharana chun an cuspóir a leagtar amach in aithris 21 de Rialachán 2020/1055 a bhaint amach, ar dá réir ba cheart d’oibríochtaí cabatáiste rannchuidiú le comhéifeacht ualaigh feithiclí a mhéadú agus le turais fholmha a laghdú, ba cheart a thabhairt faoi deara go luaitear in aithris 21, áfach, gur cheart oibríochtaí iompair den sórt sin a údarú ar choinníoll nach ndéantar iad ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
– An gá atá le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055
|
816 |
Maidir leis an ngá atá leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, tá an Rómáin agus Poblacht Mhálta faoi dhíospóid ar an bhforas go bhfuil bearta malartacha ann nach bhfuil chomh sriantach leis an mbeart a glacadh san fhoráil sin. |
|
817 |
Maidir le hargóint na Rómáine, sa chéad áit, ar dá réir a bheadh suiteáil sásraí rialaithe agus maoirseachta ní ba éifeachtaí ina mbeart malartach níos lú sriantach, ba cheart a mheabhrú, mar a cuireadh in iúl i mír 807 den bhreithiúnas seo, forbraíodh na gcleachtas cabatáiste córasach faoi na rialacha ab infheidhme sular glacadh Rialachán 2020/1055. |
|
818 |
I ndáil leis sin, ba cheart a shoiléiriú sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 32 go 34 agus 41 go 44), breithníodh ar shraitheanna éagsúla beart, lena n‑áirítear ‘Pacáiste beart 1 – Soiléiriú ar an gcreat (P1)’, ‘Pacáiste beart 2 – Neartú an chur i bhfeidhm (P2)’ agus ‘Pacáiste beart 3 – Athbhreithniú domhain ar na Rialacháin (P3)’, an tríú sraith beart lena n‑áirítear na heilimintí atá sa dara sraith, lenar atáirgeadh ábhar na chéad sraithe féin. |
|
819 |
I gcomhréir lena theideal, beartaíodh sa tríú sraith beart athrú suntasach a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, go háirithe maidir leis an gcóras cabatáiste. Áiríodh leis an tsraith beart sin Beart 8, lenar foráladh do dhíothú uaslíon na n‑oibríochtaí cabatáiste is féidir a dhéanamh i mBallstát óstach agus do laghdú na tréimhse chun oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh (Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta, cuid 1/2, lgh. 32 go 34). |
|
820 |
Thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair (cuid 1/2, lgh. 57 go 59) gurbh fhearr an tríú sraith beart a ghlacadh thar an dara sraith beart, a dhírigh ar shásraí rialaithe agus maoirseachta a neartú. |
|
821 |
Amhail Beart 8 sa tríú sraith beart sin, tá sé beartaithe leis an tréimhse mharana arbh fhearr le reachtóir an Aontais a chur ina hionad an córas a bhfuil feidhm aige maidir le cabatáiste a leasú. Dá bhrí sin, ní féidir a mhaíomh go sáraítear prionsabal na comhréireachta trí thréimhse mharana a fhorchur ar an bhforas nach mbeadh sé chomh dochraideach agus chomh héifeachtach céanna sásraí rialaithe agus maoirseachta a neartú agus a bheadh tréimhse mharana den sórt sin. |
|
822 |
Sa dara háit, maidir le hargóint Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht Mhálta agus na Rómáine go gcumasófaí leis an mbeart atá sa togra le haghaidh rialachán maidir le bunú a bhaineann le timthriall cabatáiste cúig lá a thabhairt isteach an cuspóir a áirithiú nach ndéanfaí na hoibríochtaí iompair sin ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go dtógfar an meastachán a bhaineann le laghdú suas le 31% ar ghníomhaíochtaí cabatáiste faoin mbliain 2035, ar a bhfuil an argóint sin bunaithe, ón tuarascáil ar Transport & Mobility Leuven (Iompar agus Soghluaisteacht Lováin), dar teideal ‘Impleachtaí na chéad shraithe beart maidir leis an tsoghluaisteacht maidir le hiompar lasta de bhóthar san Eoraip, agus go háirithe i mBallstáit imeallacha’. Mar sin féin, ní bhaineann an meastachán sin leis an tréimhse mharana. Mar is léir ó leathanach 13 den tuarascáil sin, eascraíonn an meastachán sin as an Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 39 agus 40), go háirithe, measúnú ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an tréimhse seacht lá a laghdú go ceithre lá nó cúig lá, dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, a n‑údaraítear oibríochtaí cabatáiste lena linn, as a dtiocfadh laghdú suas le 31% nó suas le 20% faoi seach ar ghníomhaíochtaí cabatáiste faoin mbliain 2035. |
|
823 |
Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑eascraíonn an riosca a bhaineann le gníomhaíocht chabatáiste chórasach, mar a áitíonn an Chomhairle, ón easpa beachtais maidir le minicíocht na dtréimhsí ina bhféadfar oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát céanna. |
|
824 |
Mar gheall ar an easpa beachtais sin, le Rialachán Uimh. 1072/2009, sa leagan ab infheidhme sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, ceadaíodh do tharlóirí timthriallta cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát óstach céanna, faoi réir na rialach a leagtar síos san abairt dheireanach den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009 agus faoina réir sin amháin. Ós rud é nár chuir an beart atá sa togra le haghaidh rialacháin maidir le bunú cosc ar bhabhta nua cabatáiste a chur i gcrích sa Bhallstát céanna, díreach tar éis oibríocht iompair idirnáisiúnta a chur i gcrích, sa Bhallstát sin ar dhul in éag an chinn roimhe sin, ní féidir é a mheas, i gcás ar bith, mar bheart lena n‑áirithítear, chomh héifeachtach céanna leis an tréimhse mharana, nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
|
825 |
Sa tríú háit, murab ionann agus an méid a áitíonn Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin, ní féidir Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a mheas sa tslí lenar tugadh beart isteach nach raibh riachtanach ar an bhforas go raibh ar na gnóthais iompair cheana, faoi Airteagal 3(1) de Rialachán 1071/2009, bunaíocht éifeachtúlacht a bheith acu sa Bhallstát bunaíochta. Ar an gcéad dul síos, ní chuirtear cosc le ceanglas den sórt sin ar an ngnóthas lena mbaineann oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh i mBallstát seachas Ballstát na bunaíochta ar bhealach nach bhfuil sealadach. |
|
826 |
Ina dhiaidh sin, a mhéid a áitíonn an Rómáin, fiú má tá an tréimhse mharana beartaithe chun a áirithiú nach ndéanfar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthóidh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach, go bhfuil cion na n‑oibríochtaí cabatáiste neamhdhleathacha i measc na n‑oibríochtaí sin an‑íseal, ionas nach mbeadh údar le bearta sriantacha a thabhairt isteach sa bhreis orthu siúd atá i Rialachán Uimh. 1072/2009, sa leagan sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 6 agus 7), tá impleachtaí suntasacha eacnamaíocha ag cabatáiste neamhdhleathach, fiú ag leibhéal réasúnta íseal, don earnáil iompair. |
|
827 |
Thairis sin, maidir le héilimh na Rómáine go bhfuil an toradh maidir le gníomhaíocht chabatáiste chórasach a theacht chun cinn, a leagtar amach sa mheastóireacht ex post ar Rialacháin Uimh. 1071/2009 agus Uimh. 1072/2009, bunaithe ar chás Ballstáit aonair, ba cheart a mheabhrú, mar a luaitear i mír 813 den bhreithiúnas seo, go raibh Rialachán Uimh. 1072/2009, sa leagan sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, beartaithe cheana féin chun cosc a chur ar oibríochtaí cabatáiste a bheith á ndéanamh ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
|
828 |
Cuirtear in iúl go soiléir leis an meastóireacht sin nach gceadaítear leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, ina n‑aonar, an cleachtas cabatáiste chórasaigh a sheachaint Dá bhrí sin, ní féidir leis na maímh sin amhras a chaitheamh ar an ngá atá leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
– Comhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055
|
829 |
Maidir le comhréireacht na tréimhse marana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 266 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil gníomh reachtach tar éis dlíthe na mBallstát a chomhordú cheana féin i réimse gníomhaíochta ar leith de chuid an Aontais, nach féidir an fhéidearthacht a bhaint de reachtóir an Aontais an gníomh sin a chur in oiriúint d’aon athrú ar imthosca nó d’aon athrú ar eolas ag féachaint dá chúram cosaint na leasanna ginearálta a aithnítear sna Conarthaí a áirithiú agus cuspóirí trasearnálacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear, go háirithe, in Airteagal 3(3) CAE a chur san áireamh. Ní fhéadfaidh reachtóir an Aontais, i gcás den sórt sin, a chúram a chomhlíonadh go cuí maidir le cosaint na leasanna ginearálta sin agus chuspóirí trasearnálacha sin an Aontais Eorpaigh a aithnítear sna Conarthaí a áirithiú ach amháin má tá sé i dteideal reachtaíocht ábhartha an Aontais a oiriúnú do leasuithe nó d’fhorbairtí den sórt sin. |
|
830 |
Sa chás seo, seachas idirdhealú a thabhairt isteach idir gnóthais iompair, bhí sé beartaithe ag reachtóir an Aontais, trí Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, na hiarmhairtí gan choinne a eascraíonn, faoi Rialachán Uimh. 1072/2009, sa leagan sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, as teacht chun cinn cleachtas cabatáiste córasach atá contrártha do chineál sealadach na n‑oibríochtaí cabatáiste a leigheas. |
|
831 |
I ndáil leis sin, sa chéad áit, ní féidir glacadh le hargóintí Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine go mbeidh laghdú ar an leibhéal léirscaoilte mar thoradh ar an tréimhse mharana sin, ós rud é gurb ionann í agus tréimhse scíthe nach mbeifear in ann oibríochtaí iompair a dhéanamh leis an bhfeithicil lena mbaineann ar feadh ceithre lá lena linn. |
|
832 |
Ní fhoráiltear le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ach nach n‑údaraítear, ag deireadh na tréimhse ina bhféadfar oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh i mBallstát óstach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1055, oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát óstach céanna le linn tréimhse ceithre lá. |
|
833 |
Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 765 dá Thuairim, ní hé is cuspóir d’Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 toirmeasc a chur ar oibríochtaí iompair eile a dhéanamh, amhail oibríochtaí iompair idirnáisiúnta chuig an mBallstát bunaíochta nó chuig Ballstáit eile, agus ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí cabatáiste sna Ballstáit eile sin. Dá bhrí sin, féadfaidh tarlóirí, le linn na tréimhse marana, leanúint de na hoibríochtaí sin a dhéanamh. |
|
834 |
Ina theannta sin, cé gur thug reachtóir an Aontais, le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, beart breise isteach i bhfoirm na tréimhse marana, chinn sé an fhéidearthacht a choimeád, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1055, suas le trí oibríocht chabatáiste a dhéanamh tar éis iompar idirnáisiúnta ó Bhallstát eile nó ó thríú tír chuig an mBallstát óstach laistigh de sheacht lá. I gcomhréir leis an bhforáil dheireanach sin, ní mór don fheithicil a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí cabatáiste den sórt sin críoch an Bhallstáit óstaigh lena mbaineann a fhágáil, de riachtanas agus in aon chás, ag deireadh na tréimhse seacht lá sin, sula mbeifear in ann, i gcás inarb iomchuí, tús a chur le babhta nua cabatáiste sa Bhallstát óstach céanna tar éis oibríocht iompair idirnáisiúnta. |
|
835 |
Mar a mheabhraíonn an Chomhairle agus údar maith aici, is gá go gcuirtear tréimhse ama ar leataobh, i gcleachtas, ar son iompar idirnáisiúnta sular féidir le feithicil filleadh go dleathach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann chun timthriall nua cabatáiste a dhéanamh, mar a cuireadh in iúl sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lch. 40). Mar atá le feiceáil ó na figiúirí a sholáthair an Chomhairle, ní laghdaítear ar bhealach suntasach líon na dtréimhsí cabatáiste a fhéadtar a dhéanamh le linn míosa le tabhairt i bhfeidhm na tréimhse marana. |
|
836 |
Cé go maíonn Poblacht na Bulgáire, i gcás aeriompair, gur cuireadh deireadh leis na srianta cabatáiste in 1993, ní leagtar amach ann, áfach, na cúiseanna a bhfuil cinneadh den sórt sin ábhartha sa chás seo, d’earnáil an iompair de bhóthar, cé nach bhfuil staid na ngnóthas a bhfuil baint acu le hearnáil gníomhaíochta na modhanna éagsúla iompair inchomparáide. Chinn an Chúirt, i bhfianaise na rialacha mionsonraithe lena rialaítear a n‑oibriú, na gcoinníollacha maidir lena n‑inrochtaineacht agus dáileadh a líonraí, nach bhfuil na modhanna éagsúla iompair sin, maidir lena gcoinníollacha úsáide, inmhalartaithe (breithiúnas an 26 Meán Fómhair 2013, ÖBB-Personenverkehr, C‑509/11, EU:C:2013:613, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
837 |
Maidir leis an argóint nach gceadófaí ach athruithe reachtacha a mbeadh léirscaoileadh níos mó mar thoradh orthu, is leor a thabhairt faoi deara gur léir ón Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 2/2, lgh. 40 agus 47) gur cuireadh deireadh leis na srianta go léir ar oibríochtaí cabatáiste, ar an bhforas gur eisiadh oscailt margaí cabatáiste leis na difríochtaí sóisialta agus eacnamaíocha idir na Ballstáit agus gur baineadh an tacaíocht pholaitiúil ba ghá den bheart sin. |
|
838 |
Sa dara háit, maidir le hargóintí na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire, na Rómáine agus Phoblacht na Polainne a bhaineann le díghrádú suntasach staid eacnamaíoch na ngnóthas iompair, ar FBManna formhór dóibh, atá bunaithe sna Ballstáit atá, de réir na Ballstáit iarrthacha, ar ‘fhorimeall an Aontais’ agus atá beag ó thaobh méide de, de bharr costais oibríochta níos airde mar geall ar an tréimhse mharana, chomh maith le laghdú ar an caighdeán maireachtála agus fostaíochta de réir a chéile sna Ballstáit sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir le costais sa bhreis a bheith i gceist do ghnóthais iompair ar nach mór dóibh iad a chomhlíonadh de dheasca na tréimhse marana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. Cé go bhféadfadh costais áirithe a bheith i gceist le hoibleagáid arna bunú ag reachtóir an Aontais do na gnóthais iompair a iompraíonn ualach na hoibleagáide sin, ní sárú ann féin é sin ar phrionsabal na comhréireachta, mura rud é go bhfuil na costais sin díréireach go follasach leis an gcuspóir atá á shaothrú. |
|
839 |
Ar an gcéad dul síos, a mhéid a eascraíonn iarmhairtí den sórt sin as laghdú líomhnaithe ar ghníomhaíochtaí cabatáiste suas le 31% faoin mbliain 2035, ba cheart a mheabhrú, mar a luadh i mír 822 den bhreithiúnas seo, go mbaineann an meastachán sin le beart arb é is cuspóir dó teorainn a chur leis an tréimhse inar féidir oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh, cé gurbh fhearr le reachtóir an Aontais, trí Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, beart malartach a dhéanamh ina leith. |
|
840 |
Ar an dara dul síos, mar a áitíonn Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin, is fíor gur léirigh na gnóthais iompair a ghlac páirt sa mheasúnú tionchair go mbeadh costais shuntasacha orthu dá dtabharfaí isteach beart amhail an tréimhse mharana, go háirithe mar gheall ar mhéadú suntasach ar a bhforchostais (Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta, cuid 2/2, lch. 48). Mar sin féin, ní mór na costais a bhaineann leis an mbeart sin a mheasúnú, ar a laghad, ar bhonn thábhacht na n‑oibríochtaí cabatáiste do tharlóirí agus, ar an taobh eile, ar bhonn chion na bhforchostas sna costais a iompraíonn gnóthas iompair. Mar sin féin, luaitear ar leathanach 143 sa staidéar a rinneadh chun tacú leis an Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta dar teideal ‘Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, tuarascáil chríochnaitheach’, nach bhfuil sa chabatáiste ach cion beag de ghníomhaíochtaí iompair de bhóthar, ionas go mbeidh éifeachtaí an bhirt ar ghnóthais iompair i gcoitinne níos teoranta fós. |
|
841 |
Ina theannta sin, i gcomhthéacs an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lch. 37), measadh go dtiocfadh méadú 3.5%, ar an meán, ar fhorchostais gnóthas iompair mar thoradh ar Bheart 8, arb é a bhí i gceist leis an tagairt don uaslíon oibríochtaí cabatáiste a fhéadfar a dhéanamh i mBallstát óstach sa timthriall céanna a bhaint agus an tréimhse inar féidir na hoibríochtaí cabatáiste sin a dhéanamh sa Bhallstát sin a laghdú ó sheacht lá go ceithre lá. |
|
842 |
In aon chás, cé nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh éifeachtaí éagsúla a bheith ag Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar ghnóthais iompair ag brath ar an mBallstát ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe, is amhlaidh fós nach mór aon éifeachta diúltach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin i dtéarmaí na n‑ualaí ar ghnóthais áirithe a mheas i bhfianaise na n‑éifeachtaí dearfacha, ó thaobh cothroime iomaíochta a choinneáil, a bheidh mar thoradh ar bheart atá beartaithe chun cleachtais a chomhrac a mbeidh saothrú gníomhaíochtaí cabatáiste buana nó leanúnacha sa Bhallstát óstach céanna mar thoradh air, contrártha do chineál sealadach na n‑oibríochtaí cabatáiste. |
|
843 |
Ar an tríú dul síos, ní gá seasamh leis na hargóintí a bhaineann leis na costais a bhaineann leis na laethanta oibriúcháin a cailleadh nó leis an méadú ar thurais fholmha, ós rud é, mar a cuireadh in iúl i mír 833 den bhreithiúnas seo, nach é is cuspóir d’Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 toirmeasc a chur, le linn na tréimhse marana, ar aon oibríocht iompair a dhéanamh. Feithiclí a bhfuil an chéad timthriall cabatáiste curtha i gcrích acu i mBallstát amháin, féadfaidh siad, le linn na tréimhse sin, oibríochtaí iompair idirnáisiúnta a dhéanamh go dtí an Ballstát bunaíochta nó go dtí Ballstáit eile, agus ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí cabatáiste sna Ballstáit eile sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach gceanglaítear leis an bhforáil sin, le linn na tréimhse sin, go bhfillfeadh na feithiclí ar ionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann, rud a fhágann go ndiúltaítear d’argóint Phoblacht Mhálta nach bhfuil tarlóirí idirnáisiúnta an Bhallstáit sin inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de mar gheall ar an oibleagáid a líomhnaítear a fhorchuirtear orthu a bhfeithiclí a chur ar ais ar muir chuig an mBallstát sin le linn na tréimhse marana. |
|
844 |
Maidir leis na meastacháin a bhfuil an Rómáin ag brath orthu i ndáil le hiarmhairtí na rialacha nua a tugadh isteach leis an gcéad shraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht ina iomláine, lena n‑áirítear an oibleagáid a bhaineann le filleadh feithiclí, a leagtar síos in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, níl siad ábhartha chun iarmhairtí sonracha Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a mheasúnú, mar gheall ar an difríocht idir cuspóir an dá fhoráil sin. Is amhlaidh an cás i dtaobh an mheastacháin a áitíonn Poblacht na Bulgáire, ar dá réir a d’fhéadfadh costas suas go dtí EUR 24 mhilliún a bheith i gceist ar gach lá scíthe in aghaidh na bliana do tharlóirí na Beilge. Seachas go bhfuil an meastachán sin bunaithe ar anailís, arna lua ag an bpreas speisialaithe, nár cuireadh faoi bhráid na Cúirte, tá sé bunaithe ar an mbonn mícheart go gcuirfí bac gluaiseachta ar an bhfeithicil le linn na tréimhse marana, gan í a shannadh d’oibríochtaí iompair seachas oibríochtaí cabatáiste sa Bhallstát óstach céanna. |
|
845 |
Ar an gceathrú dul síos, ar na cúiseanna céanna leo siúd a bhaineann leis na hargóintí a bhaineann leis an méadú ar chostais oibriúcháin na ngnóthas iompair, ní mór diúltú do na hargóintí a bhaineann leis an méadú ar phraghas na n‑earraí a raibh Poblacht na Polainne ag brath orthu. Cé gur measadh i gcuid an Mheasúnaithe Tionchair – Gné Bhunaíochta gur dócha go gcuirfí an méadú ar chostais oibriúcháin siar go dtí praghas na n‑earraí, bheadh éifeachtaí na mbeart atá á mbreithniú thar a bheith teoranta, ós rud é nach bhfuil san iompar ach cion beag de phraghas na n‑earraí (cuid 1/2, lch. 49). |
|
846 |
Ar an gcúigiú dul síos, maidir leis na hargóintí a eascraíonn as tionchar na tréimhse marana ar an bhfostaíocht, is leor a thabhairt faoi deara go gcuirtear in iúl sa staidéar a rinneadh mar thaca leis an Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta, dar teideal ‘Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, tuarascáil chríochnaitheach’, ar leathanach 143, nár chóir go mbeadh iarmhairtí suntasacha ag na laghduithe suntasacha ag gníomhaíochtaí cabatáiste de bharr birt lena laghdaítear ó sheacht lá go ceithre nó cúig lá dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, lena linn a cheadaítear iompair cabatáiste, ar an gcaighdeán fostaíochta domhanda san earnáil iompair, go háirithe ar an mbonn, mar a cuireadh in iúl i mír 840 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil sa chabatáiste ach cuid bheag de na gníomhaíochtaí iompair de bhóthar. |
|
847 |
Níor chuir Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin ná Poblacht na Polainne argóintí chun cinn a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar ábharthacht thorthaí an staidéir sin maidir leis an mbeart a fhorálann reachtóir an Aontais in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
|
848 |
Ar an séú dul síos, is gá freisin diúltú don argóint bunaithe ar an bhfíoras, mar is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 2/2, lch. 48), go laghdófaí tarraingteacht an chabatáiste chórasaigh, i gcás ar bith, dá nglacfaí rialacha níos éifeachtaí maidir le tiománaithe a phostú, faoi chuimsiú Threoir 2020/1057. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é an cuspóir a shaothraítear leis an Treoir sin, mar is léir ó aithrisí 3 agus 7 di, rialacha sonracha a leagan síos chun a chinneadh cé acu Ballstát a ráthaítear a théarmaí agus a choinníollacha fostaíochta do thiománaithe iompair de bhóthar a chuireann san áireamh na gnéithe speisialta a bhaineann le fíor-shoghluaisteacht an lucht saothair san earnáil sin agus, ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a bhaineann cothromaíocht amach idir dálaí sóisialta agus oibre na dtiománaithe sin a fheabhsú agus feidhmiú na saoirse seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar bunaithe ar iomaíocht chóir idir gnóthais iompair náisiúnta agus gnóthais iompair eachtracha a éascú. |
|
849 |
Dá bhrí sin, ní féidir a áitiú, ar bhonn na n‑iarmhairtí indíreacha agus teoranta amháin a eascraíonn as bearta a bhfuil cuspóirí eile acu, amhail na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2020/1057 agus a leagtar amach in aithrisí 3 agus 7 di, gur léir gur sháraigh reachtóir an Aontais a lánrogha leathan i réimse an chomhbheartais iompair trí roghnú beart a ghlacadh, in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, atá ceaptha chun a áirithiú nach ndéanfar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthóidh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
|
850 |
Ar an tríú dul síos, maidir le hargóintí Phoblacht na Liotuáine, na Rómáine agus Phoblacht na Polainne go ndéanann Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 an margadh aonair a ilroinnt agus go gcuireann sé teorainn le deiseanna gnó gnóthas iompair atá bunaithe i mBallstáit a aicmítear mar ‘Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh’ agus i mBallstáit bheagmhéide i ndáil le grúpa eile de Bhallstáit cháilithe, ag brath ar an gcás, ‘Ballstáit i lár an Aontais’ nó ‘Ballstáit in iarthar an Aontais’, ba cheart a thabhairt faoi deara gur dócha go mbeidh na hiarmhairtí a eascraíonn as an tréimhse mharana níos suntasaí do ghnóthais iompair, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, a roghnaigh samhail oibriúcháin eacnamaíoch arb é atá inti bulc a gcuid seirbhísí a sholáthar, mura bhfuil siad ar fad, i gcomhthéacs oibríochtaí cabatáiste a dhéantar go buan nó go leanúnach ar chríoch an Bhallstáit óstaigh chéanna, d’ainneoin chineál sealadach na hoibríochta cabatáiste. |
|
851 |
Ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhír 843 den bhreithiúnas seo, ní hé is cuspóir d’Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a cheangal ar an bhfeithicil filleadh ar ionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní bhraitheann an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tréimhse mharana ar shaintréithe geografacha an Bhallstáit bunaíochta. |
|
852 |
Ar an dara dul síos, mar a luaitear i míreanna 832 agus 833 den bhreithiúnas seo, ní thoirmisctear leis an bhforáil sin, le linn na tréimhse marana, ach oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát óstach céanna, ach ní chuirtear cosc léi ar oibríochtaí iompair eile a dhéanamh, go háirithe oibríochtaí cabatáiste a dhéantar i mBallstát óstach eile. |
|
853 |
In aon chás, fiú má ghlac gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit áirithe samhail na heagraíochta eacnamaíche a leagtar amach i mír 850 den bhreithiúnas seo go bunúsach, is léir ó chásdlí na Cúirte, dá dtagraítear i mír 246 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil iarmhairtí ag beart an Aontais lena mbaineann sna Ballstáit uile agus ina nglactar leis go n‑áirithítear cothromaíocht idir na leasanna éagsúla lena mbaineann, ag féachaint do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart sin, nach féidir a mheas go bhfuil an cuardach ar chothromaíocht den sórt sin, agus staid na mBallstát uile á cur san áireamh, contrártha do phrionsabal na comhréireachta ann féin. |
|
854 |
Is léir freisin ón gcásdlí socair, a mheabhraítear i mír 267 den bhreithiúnas seo, go bhfuil reachtóir an Aontais, i bhfianaise na bhforbairtí suntasacha a rinne difear don mhargadh inmheánach, i dteideal gníomh reachtach a oiriúnú chun na leasanna lena mbaineann a athchothromú leis an aidhm, go háirithe, iomaíocht chóir a áirithiú trí leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfeidhmítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. |
|
855 |
Sa chás seo, d’iarr reachtóir an Aontais go sonrach, tríd an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a fhorchur, cothromaíocht nua a bhaint amach agus leasanna na ngnóthas iompair éagsúil á gcur san áireamh trí na deacrachtaí a tháinig chun cinn i gcur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 1072/2009 mar thoradh ar chleachtais, atá contrártha do chineál sealadach na n‑oibríochtaí cabatáiste, arb é atá iontu gníomhaíochtaí cabatáiste buana nó leanúnacha a fhorbairt sa Bhallstát óstach céanna, a leigheas, gan amhras a chaitheamh ar an leibhéal léirscaoilte a bhí ann roimhe sin ar an margadh iompair. |
|
856 |
Ar an gceathrú dul síos, maidir leis na hargóintí a bhaineann leis na héifeachtaí díobhálacha líomhnaithe ar an gcomhshaol a eascraíonn as an tréimhse mharana, tá forluí idir na hargóintí sin agus na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine chun cinn, lena céad saincheist, Poblacht na Bulgáire, sa dá cuid dá céad saincheist, a mhéid atá sé dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, agus Poblacht na Polainne, trína saincheist is coiteann d’fhorálacha uile an Rialacháin sin atá faoi chonspóid, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de, ionas go ndéanfar scrúdú orthu sa chomhthéacs sin. |
|
857 |
Sa chúigiú háit, maidir le hargóint na Rómáine bunaithe ar phaindéim COVID-19, is leor a thabhairt faoi deara nár faoi reachtóir an Aontais a bhí sé éifeachtaí na paindéime sin a leigheas i gcomhthéacs Rialachán 2020/1055, arb é is aidhm dó na rialacha comhchoiteanna a chur in oiriúint d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar, ar an gcéad dul síos, maidir leis na coinníollacha atá le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a shaothrú agus, ar an dara dul síos, maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta iompair de bhóthar, níos lú fós ós rud é go raibh cuspóir den sórt sin ag gníomhartha reachtacha sonracha eile, amhail, i réimse an iompair, Rialachán 2020/698. Dá bhrí sin, ní bhaineann éifeachtaí phaindéim COVID-19 le hábhar chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 leis na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
858 |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór a mheas nach bhfuil míbhuntáistí ag baint leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 atá díréireach go follasach leis an gcuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin, is é sin a áirithiú nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach céanna. |
|
859 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chúigiú saincheist a chuir Poblacht na Liotuáine ar aghaidh, don dara cuid den dara saincheist ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire ag brath, don dara cuid den chéad saincheist ar a bhfuil an Rómáin ag brath, don dara saincheist ar a bhfuil Poblacht Mhálta ag brath agus don chéad saincheist a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh toisc iad a bheith gan bhunús. |
(b) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe
(1) Argóint na bpáirtithe
|
860 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, leis an dara cuid dá dara saincheist, an Rómáin, lena tríú saincheist, a mhéid a dhírítear i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 í, agus Poblacht Mhálta, lena tríú saincheist, nach gcomhlíonann Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal an neamh-idirdhealaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE. Líomhnaíonn Poblacht Mhálta freisin go ndearnadh sárú ar Airteagail 20 agus 21 den Chairt. |
|
861 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn na trí Bhallstát sin go sáraítear leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, sa mhéid go n‑eascraíonn idirdhealú aisti idir, ar thaobh amháin, gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, ar gnóthais iad atá beag ó thaobh méide de nó a bhfuil idirdhealú eatarthu de bharr a gcineáil oileánaigh, agus, ar an taobh eile, gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite i lár nó in iarthar an Aontais Eorpaigh. |
|
862 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine go gcuirtear bac le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar fheidhmiú shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh agus idirdhealú á dhéanamh ag an am céanna i gcoinne Ballstát atá suite ar fhorimeall an Aontais agus atá beag. I ndáil leis sin, de bharr tosca a bhaineann go sonrach le codanna láir agus thiar an Aontais, amhail comhchruinniú ard daonra nó earnáil thionsclaíoch níos forbartha, is ann do riachtanais iompair sa chuid sin den Aontas den chuid is mó. Mar gheall ar an tréimhse mharana, dhéanfaí gnóthais atá bunaithe i mBallstáit ar fhorimeall an Aontais agus atá beag a dhíspreagadh ó sheirbhísí iompair a sholáthar sna margaí is brabúsaí. |
|
863 |
Maíonn an Rómáin go mbaintear úsáid as na feithiclí a cláraíodh sna Ballstáit a d’aontaigh an tAontas ón 1 Bealtaine 2004 i bhformhór na n‑oibríochtaí iompair idirnáisiúnta, lena n‑áirítear iompar cabatáiste, a mhéid is a dhéanann na gnóthais iompair arna mbunú sna Ballstáit eile an chuid is mó de na hoibríochtaí iompair náisiúnta d’earraí, amhail is go bhfuil feidhm mhíchothrom ag an mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar na gnóthais iompair atá i lár an Aontais. |
|
864 |
Bhainfeadh na Ballstáit atá suite sa chuid lárnach nó thiar den Aontas agus a dhéanann oibríochtaí iompair idirnáisiúnta tairbhe as buntáiste geografach de bharr na n‑achar ní ba lú a bheadh orthu a thaisteal chuig na Ballstáit luchtaithe agus díluchtaithe. Dá bhrí sin, ní dhéanfadh tabhairt isteach srianta ar oibríochtaí cabatáiste difear suntasach do na gnóthais sin. |
|
865 |
Thairis sin, ba cheart eilimintí eile an chéad phacáiste soghluaisteachta a chur san áireamh sa mheasúnú ar éifeachtaí Rialachán 2020/1055 ar an margadh iompair, go háirithe an tréimhse mharana. Chuirfí cineál idirdhealaithe an Rialacháin in iúl le measúnú ar an rialachán ina iomláine, lena n‑imrítear tionchar ar na tarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais go bunúsach. |
|
866 |
Tugann Poblacht Mhalta faoi deara go sáraítear prionsabal na córa comhionainne le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 sa mhéid is go gcaithtear, gan údar oibiachtúil ar bith, ar bhealach go díreach mar an gcéanna staideanna atá éagsúil leis an tréimhse mharana a fhoráiltear leis an bhforáil sin. Mar gheall ar chineál oileánach Mhálta agus ar a shuíomh geografach, níl sé i gceist ag gnóthais iompair Mhálta filleadh a bhfeithiclí go Málta a eagrú tar éis trí oibríocht chabatáiste i mBallstát óstach tar éis iompar idirnáisiúnta chuig an mBallstát sin. Bíodh sin mar atá, ceanglaítear orthu leis an tréimhse mharana go dtreoraíonn siad a bhfeithiclí chuig Ballstát eile nó gcuireann siad a ngníomhaíochtaí ar fionraí sa Bhallstát óstach go dtí go dtéann an tréimhse sin in éag. |
|
867 |
Thairis sin, tugann Poblacht Mhálta dá haire gur fíor nach mór corrlach leathan lánroghnach a bheith ag reachtóir an Aontais agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige agus roghanna casta eacnamaíocha nó teicniúla os a chomhair. Mar sin féin, ní bheadh castacht faoi leith ann do bheart amhail an tréimhse mharana. Bheadh sí ina riail ghinearálta infheidhme ar gach Ballstát a bheadh sé de nós aici neamhaird a dhéanamh ar na sonraíochtaí geografacha faoi leith de Bhallstát ar leith. Ba é éifeacht rialach amhail sin go ndéanfaí idirdhealú ar Bhallstát a bhfuil sé ar eolas do chách nach mbeadh in ann an tréimhse mharana a chomhlíonadh mar gheall air a bhonneagar iompair ar leith, rochtain ar shásraí le haghaidh earraí idirnáisiúnta agus saintréithe geografacha áirithe. |
|
868 |
Le linn na tréimhse marana féin, measann Poblacht Mhálta nár gá na cuspóirí maidir le cosaint sláinte nó le cosaint comhshaoil gnímh reachtaigh a mheas i gcoinne éifeachtaí socheacnamaíocha an ghnímh sin sna Ballstáit éagsúla, ach na héifeachtaí socheacnamaíocha tairbhiúla a bhaineann leis an ngníomh sin d’fhormhór mór na mBallstát ar an mórthír a mheas i gcoinne, ar thaobh amháin, a éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol don Aontas Eorpach ina iomláine agus, ar an taobh eile, a éifeachtaí díobhálacha socheacnamaíocha ar mhionlach na mBallstát ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh. Ar an mbonn sin, bheadh sé earráideach go follasach cóir a chur ar ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstát oileánach atá go díreach mar an gcéanna leis an gcóir a chuirtear ar gnóthais nach bhfuil ag brath ar stráice farraige chun a ngníomhaíochtaí iompair a chur i gcrích. |
|
869 |
De réir Phoblacht na Liotuáine agus na Rómáine, déanfar athdháileadh saorga ar an margadh iompar de bhóthar d’earraí agus cuirfear srian ar mhargadh na dtarlóirí i mBallstát eile. Cruthófar leis an mbeart cosantach sriantach sin bacainn ar tharlóirí neamhchónaitheacha dul isteach i margaí seachtracha, ó Bhallstáit atá ar fhorimeall an Aontais agus atá beag den chuid is mó. |
|
870 |
Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht na Liotuáine, an Rómáin agus Poblacht Mhálta go sáraítear leis an tréimhse mharana prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal an chomhionannais i measc na mBallstát mar gheall ar staid na mBallstát atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, staid na mBallstát beag nó staid na mBallstát sin a aithnítear mar gheall ar a gcineál oileánach, ar staid í nach bhfuil chomh fabhrach sin. I ndáil leis sin, áitíonn Poblacht na Liotuáine, go háirithe, sárú ar Airteagal 4(2) CAE. |
|
871 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
872 |
Is comhthuiscint é, sa chás seo, go bhfuil feidhm ag an mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, a mhéid a cheanglaítear leis ar ghnóthais iompair tréimhse mharana idir dhá thimthriall chabatáiste sa Bhallstát céanna a urramú, gan idirdhealú a dhéanamh maidir le gach gnóthas iompair beag beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, agus mar thoradh air sin nach bhfuil idirdhealú díreach a thoirmisctear le dlí an Aontais i gceist leis. |
|
873 |
Dá bhrí sin, ní mór scrúdú a dhéanamh, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 308 go 310 den bhreithiúnas seo, an gcuirtear riail chomhionann i bhfeidhm gan údar maidir le cásanna éagsúla leis an bhforáil sin, i bhfianaise, inter alia, an chuspóra atá á shaothrú leis an bhforáil sin, agus dá bhrí sin, an ionann í agus idirdhealú indíreach a thoirmisctear le dlí an Aontais, sa mhéid is go bhféadfadh sí, mar a áitíonn Poblacht na Liotuáine, an Rómáin agus Poblacht Mhálta, go bunúsach, difear a dhéanamh do níos mó gnóthas iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite, de réir na mBallstát iarrthach sin, ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’, ar gnóthais iad atá beag ó thaobh méide de nó atá éagsúil ó thaobh a n‑oileánachais de agus ón ngrúpa áirithe sin de na Ballstáit i gcomparáid le gnóthais iompair eile agus le Ballstáit eile. |
|
874 |
Sa chéad áit, maidir le hidirdhealú líomhnaithe a bheith ann idir gnóthais iompair atá bunaithe, ar thaobh amháin, i mBallstáit atá suite ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’, ar gnóthais iad atá beag ó thaobh méide de nó atá sainiúil mar gheall ar a gcineál oileánach agus, ar an taobh eile, iad siúd atá bunaithe sna Ballstáit atá ‘i lár nó in iarthar an Aontais’, ba cheart a thabhairt faoi deara, contrártha leis an mbonn ar a bhfuil argóintí na Rómáine agus Phoblacht Mhálta bunaithe, agus mar is léir ó mhíreanna 833 agus 843 den bhreithiúnas seo, nach bhforchuirtear le hAirteagal 2(4)(a), Rialachán 2020/1055 ar an ngnóthas iompair, beag beann ar an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe, oibleagáid an fheithicil a thabhairt ar ais chuig lárionad oibríochtúil an ghnóthais sin le linn na tréimhse marana. Thairis sin, ní cheileann an tréimhse mharana sin ar ghnóthais iompair, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, leanúint, le linn na tréimhse sin, de ghníomhaíochtaí iompair, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cabatáiste, ar choinníoll nach ndéantar na gníomhaíochtaí sin sa Bhallstát óstach céanna. |
|
875 |
Dá bhrí sin, ní fhéadtar an argóint a dhéanamh gurb é tionchar na tréimhse marana ná go gcuirtear gnóthais iompair áirithe, de bhua shaintréithe geografacha an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, cé acu i dtaobh a suímh ar leith, de réir na mBallstát iarrthach, ar ‘fhorimeall an Aontais’, a méide nó a gcineáil oileánaigh, i staid éagsúil i gcomparáid leis na gnóthais atá bunaithe i mBallstáit atá suite ‘i lár nó in iarthar’ an Aontais. |
|
876 |
Ní eascraíonn difríocht na tréimhse marana a d’fhéadfadh a bheith ar ghnóthais iompair de réir a n‑áit bhunaíochta sa Aontas as cineál idirdhealaitheach líomhnaithe an idirdhealaithe na rialach a leag reachtóir an Aontais síos in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ach, mar a cuireadh in iúl i mír 850 den bhreithiúnas seo, eascraíonn an difríocht sin as an tsamhail ghnó arna roghnú ag gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit áirithe, a mhéid is dóchúla go n‑aicmeofar oibríochtaí iompair arna ndéanamh ag gnóthais iompair a sholáthraíonn formhór a gcuid seirbhísí nó a gcuid seirbhísí go léir i gcomhthéacs oibriúchán cabatáiste a dhéantar ar bhealach buan nó leanúnach ar chríoch an Bhallstáit óstaigh chéanna. |
|
877 |
Thairis sin, ba cheart a lua, ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 618 agus 796 dá Thuairim, nach ndéanfaidh an tréimhse mharana difear ach do ghnóthais iompair a dhéanann a ngníomhaíochtaí gan aird a thabhairt ar chineál sealadach na n‑oibríochtaí cabatáiste dá bhforáiltear cheana féin i Rialachán Uimh. 1072/2009. Is é an cuspóir a shaothraítear le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, mar a leagtar amach in aithris 21 den Rialachán sin, a áirithiú go beacht nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar bhealach a chruthóidh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach sa Bhallstát óstach. |
|
878 |
Ar an dara dul síos, is dócha go mbeidh iarmhairtí Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar ghnóthais iompair éagsúil de réir sciar na n‑oibríochtaí cabatáiste i ngníomhaíochtaí foriomlána na ngnóthas sin agus go mbeidh siad ina n‑ualach níos mó ar na gnóthais sin, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, a roghnaigh an tsamhail ghnó dá dtagraítear i míreanna 850 agus 876 den bhreithiúnas seo, i gcomparáid leo siúd nach ndéanann ach líon beag gníomhaíochtaí iompair den chineál sin agus a bhfuil tionchar níos lú ag an tréimhse sin ina leith. |
|
879 |
Thairis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 829 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil comhordú déanta cheana féin ag gníomh reachtach ar dhlíthe na mBallstát i réimse áirithe gníomhaíochta de chuid an Aontais, go bhfuil reachtóir an Aontais i dteideal an gníomh sin a chur in oiriúint d’aon athrú ar imthosca nó d’aon athrú ar eolas i bhfianaise an chúraim atá air cosaint na leasanna ginearálta a aithnítear sna Conarthaí a áirithiú agus cuspóirí trasearnálacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear sa bhrollach, in Airteagal 3(3) CAE a chur san áireamh, go háirithe, maidir le bunú an mhargaidh inmheánaigh. Ní féidir leis an reachtóir sin, i gcás den sórt sin, a chúram a chomhlíonadh go cuí maidir le cosaint na leasanna ginearálta sin agus na gcuspóirí trasearnálacha sin a áirithiú ach amháin má tá sé i dteideal reachtaíocht ábhartha an Aontais a oiriúnú d’athruithe nó d’fhorbairtí den sórt sin. |
|
880 |
Sa chás seo, seachas idirdhealú a thabhairt isteach idir gnóthais iompair, bhí sé beartaithe ag reachtóir an Aontais, trí Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, na hiarmhairtí gan choinne a eascraíonn, faoi Rialachán Uimh. 1072/2009, sa sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, as teacht chun cinn cleachtas cabatáiste córasach atá contrártha do chineál sealadach na n‑oibríochtaí cabatáiste a leigheas. |
|
881 |
Mar a cuireadh in iúl i mír 322 den bhreithiúnas seo, ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil foráil de dhlí an Aontais contrártha, inti féin, do phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar an bhforas amháin go bhfuil iarmhairtí éagsúla ag baint léi d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe, i gcás ina bhfuil an staid sin mar thoradh ar dhálaí oibriúcháin éagsúla ina gcuirtear iad agus ní ar neamhionannas sa dlí atá ina dhlúthchuid den fhoráil atá faoi chonspóid. |
|
882 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar na breithnithe thuas, i dtosach báire, le hargóint Phoblacht na Liotuáine agus na Rómáine ar dá réir go ndéanfar athdháileadh an mhargaidh iompair de bhóthar d’earraí ar bhealach saorga agus gcuirfear srian ar oibríochtaí trádála na ngnóthas iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite, de réir na mBallstát iarrthach, ar ‘fhorimeall an Aontais’ agus iontu siúd atá beag, a mhéid lena gcuirtear na gnóthais sin i staid éagsúil i gcomparáid le staid na ngnóthas atá bunaithe i mBallstáit atá suite ‘i lár nó in iarthar an Aontais’, leis an tréimhse mharana. |
|
883 |
Tá argóint den sórt sin bunaithe, go bunúsach, ar an mbreithniú, ar an gcéad dul síos, go bhfuil riachtanais iompair ann thar aon rud eile, de réir na mBallstát iarrthach sin, i ‘lár agus in iarthar an Aontais’ agus, ar an dara dul síos, go ndéanann gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit atá suite ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’ agus i limistéir bheaga an chuid is mó d’oibríochtaí cabatáiste an Aontais, cé go ndéanann gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit eile oibríochtaí iompair laistigh dá mBallstát féin den chuid is mó. |
|
884 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑eascraíonn aon difríocht sa tionchar idir gnóthais iompair ag brath ar Bhallstát a mbunaithe, in aon chás, ó chineál éagsúil na n‑oibríochtaí a dhéantar, mar a léirítear in Airteagal 91(1)(b) CFAE, as a leanann sé nach mór oibríochtaí cabatáiste, eadhon iad siúd a dhéanann tarlóir laistigh de Bhallstát nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin, a idirdhealú ó oibríochtaí iompair ar oibríochtaí náisiúnta amháin iad, is é sin le rá, oibríochtaí a dhéanann tarlóir atá bunaithe sa Bhallstát sin laistigh de Bhallstát. |
|
885 |
Dá réir sin, ní féidir prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe a shárú toisc go bhfuil oibríochtaí iompair a dhéantar i mBallstát ar leith faoi réir rialacha ar leith nuair is oibríochtaí éagsúla iad, sa chás seo, ag brath ar cé acu oibríochtaí cabatáiste nó oibríochtaí ar bhonn náisiúnta amháin iad. |
|
886 |
Maidir le hargóint Phoblacht Mhálta go gcuireann an tréimhse mharana oibleagáid ar tharlóirí Mhálta, ar dhul in éag tréimhse cabatáiste, taisteal chuig Ballstát eile nó a ngníomhaíochtaí a chur ar fionraí le linn na tréimhse marana, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur eascair an gá taisteal chuig Ballstát eile cheana féin as Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, ós rud é, faoin bhforáil sin, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1055, nach mór don fheithicil críoch an Bhallstáit óstaigh a fhágáil ag deireadh an chéad timthrialla cabatáiste sula bhféadfaidh sí, i gcás inarb iomchuí, tús a chur, tar éis oibríocht iompair idirnáisiúnta nua chuig an mBallstát sin, le timthriall cabatáiste nua sa Bhallstát sin. |
|
887 |
Ar an dara dul síos, mar a cuireadh in iúl i mír 874 den bhreithiúnas seo, ní cheanglaítear ar an ngnóthas iompair lena mbaineann gach gníomhaíocht iompair a chur ar fionraí chun an tréimhse mharana a chomhlíonadh. Ní chuireann sé cosc ar an ngnóthas sin oibríochtaí iompair, seachas oibríochtaí cabatáiste, a dhéanamh sa Bhallstát óstach céanna tar éis an chéad bhabhta cabatáiste sa Bhallstát óstach. Dá bhrí sin, tá argóint Mhálta bunaithe i ndáiríre ar an mbonn, in éagmais tréimhse mharana, go leanfadh na gnóthais iompair lena mbaineann d’oibríochtaí cabatáiste den sórt sin a dhéanamh sa Bhallstát céanna. Bunaíodh an tréimhse sin go sonrach chun cosc a chur ar na gníomhaíochtaí sin a dhéantar ar bhonn buan nó leanúnach sa Bhallstát óstach céanna. |
|
888 |
Sa dara háit, maidir le hargóintí Phoblacht na Liotuáine, na Rómáine agus Phoblacht Mhálta maidir le sárú líomhnaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit, ní mór diúltú don argóint sin ar na forais chéanna leo siúd a leagtar amach thuas, ós rud é go bhfuil sí bunaithe, go bunúsach, ar na hiarmhairtí indíreacha a d’eascródh as an idirdhealú líomhnaithe idir gnóthais iompair atá bunaithe san Aontas Eorpach. Ina theannta sin, is amhlaidh atá i gcás sárú líomhnaithe Phoblacht na Liotuáine ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit i bhfianaise na gConarthaí, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, ós rud é nach gcuireann an Ballstát sin argóint ar leith chun cinn ar bhonn na forála sin. |
|
889 |
Thairis sin, fiú má ghlactar leis go ndéantar difear indíreach do roinnt Ballstát níos mó ná a chéile leis an bhforáil sin, d’ainneoin a cineál neamh-infheidhme, is leor a mheabhrú, de réir chásdlí na Cúirte a leagtar amach i mír 332 den bhreithiúnas seo, nach féidir gníomh de chuid an Aontais arb é is cuspóir dó rialacha na mBallstát a chomhionannú, a mhéid atá feidhm chomhionann aige maidir leis na Ballstáit uile, a mheas mar ghníomh idirdhealaitheach, ós rud é gur cinnte go mbeidh éifeachtaí éagsúla ag gníomh comhchuibhithe den sórt sin ag brath ar staid na ndlíthe agus na gcleachtas náisiúnta éagsúil roimhe sin. |
|
890 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar na breithnithe sin le líomhain na Rómáine, lena líomhnaítear an éifeacht idirdhealaitheach fhoriomlán a eascraíonn as na forálacha go léir a thagann faoin ‘bpacáiste soghluaisteachta’, atá ina ábhar do na trí chaingean a thionscain an Ballstát sin i gCásanna C‑546/20 go C‑548/20. Ní chuir an Rómáin in iúl, áfach, i gCás C‑547/20, go dtiocfadh idirdhealú as Airteagal 2(4)(c) de Rialachán 2020/1055. Maidir leis an gcuid eile, ní mór scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí atá dírithe i gcoinne Rialachán 2020/1054 agus Threoir 2020/1057 i gcomhthéacs na bpléadálacha agus na n‑argóintí lena n‑iarrtar, i gcomhthéacs na gcaingne arna dtabhairt i gCásanna C‑546/20 agus C‑548/20, na gníomhartha sin go léir nó cuid díobh de dhlí an Aontais a chur ar neamhní. |
|
891 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den dara saincheist ar a bhfuil Poblacht na Liotuáine ag brath, don tríú saincheist ar a bhfuil an Rómáin ag brath, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, agus don tríú saincheist ar a bhfuil Poblacht Mhálta ag brath, toisc í a bheith gan bhunús. |
(c) Sárú ar Airteagal 91(1) CFAE
(1) Argóint na bpáirtithe
|
892 |
Maíonn Poblacht na Bulgáire lena ceathrú saincheist, a mhéid a dhírítear í i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, gur sháraigh reachtóir an Aontais Airteagal 91(1) CFAE tríd an bhforáil sin a ghlacadh. |
|
893 |
De réir an Bhallstáit sin, ceanglaíodh le hAirteagal 91(1), arb é bunús dlí an Rialacháin sin, ar an reachtas sin gníomhú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dó dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún. Níor áiríodh an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 sa togra le haghaidh rialachán maidir le bunú, ionas nach bhféadfadh na coistí sin í a scrúdú go dtí gur thug siad a dtuairimí faoi seach an 18 Eanáir agus an 1 Feabhra 2018. Trí gan dul i gcomhairle ina dhiaidh sin leis na coistí sin maidir leis an leasú substaintiúil a rinneadh ar an togra sin, sháraigh an reachtóir sin Airteagal 91(1). |
|
894 |
Tugann Poblacht na Bulgáire faoi deara gur rialaigh an Chúirt ar an oibleagáid dul i gcomhairle sa nós imeachta reachtach tráth a raibh ról comhairleach ag an bParlaimint, amhail CESE agus CnaR inniu, gan a bheith ina comhreachtóir. Chinn sí gurb é a bhí i gceist leis an gceanglas dul i gcomhairle leis an bParlaimint ná an ceanglas dul i gcomhairle an athuair aon uair a d’imigh an téacs a glacadh ar deireadh, arna mheas ina iomláine, ó thaobh substainte de ón téacs a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint cheana féin ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 1992, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑65/90, EU:C:1992:325, mír 16). |
|
895 |
Ós rud é gurb iad CESE agus CnaR a fheidhmeoidh an ról comhairleach sin i gcónaí anois, faoi Airteagal 91(1) CFAE, tá feidhm ag an gcásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo de réir analaí maidir leis an oibleagáid dul i gcomhairle leis an dá choiste sin. Dá bhrí sin, sa chás seo, ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoimisiún arís maidir leis an leasú substaintiúil arb é atá ann an tréimhse mharana a thabhairt isteach. |
|
896 |
Tá sé mícheart a mhaíomh, mar a mhaíonn an Pharlaimint, nach bhfuil aon fhasach ann don dara comhairliúchán leis na coistí sa nós imeachta reachtach. Mar shampla, le linn an nós imeachta reachtaigh maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíochta sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE (COM (2018) 51 críochnaitheach), cuireadh foráil fhorlíontach le bunús dlí an ghnímh lena mbaineann, rud a d’fhágfadh go gcinnfeadh reachtóir an Aontais dul i gcomhairle le CESE den dara huair. |
|
897 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis an saincheist sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
898 |
Ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 91(1) CFAE, d’fhonn Airteagal 90 CFAE a chur chun feidhme agus gnéithe speisialta an iompair á gcur san áireamh, go bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún, leis na coinníollacha a leagan síos, inter alia, faoina bhféadfaidh tarlóirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát. |
|
899 |
Is léir nach leanann sé ón bhforáil sin nach mór dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún arís i gcás leasú atá beartaithe ar thogra le haghaidh gnímh reachtaigh. |
|
900 |
Áitíonn Poblacht na Bulgáire, áfach, go n‑eascraíonn an oibleagáid dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún sa chás seo as cur i bhfeidhm, de réir analaí, chásdlí na Cúirte a d’eascair as breithiúnas an 16 Iúil 1992, an Pharlaimint v an Chomhairle (C‑65/90, EU:C:1992:325), lenar soiléiríodh raon feidhme an róil chomhairligh a bhí ag an bParlaimint ag an am, sa nós imeachta reachtach. |
|
901 |
De réir an chásdlí sin, fágann an oibleagáid dul i gcomhairle leis an bParlaimint le linn an nós imeachta reachtaigh, sna cásanna dá bhforáiltear sa Chonradh, go bhfuil oibleagáid ann dul i gcomhairle leis an institiúid sin arís aon uair a imíonn an téacs a glacadh ar deireadh, arna mheas ina iomláine, ó shubstaint an téacs a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint ina leith cheana féin, ach amháin i gcás ina bhfreagraíonn na leasuithe go bunúsach don mhian a chuir an Pharlaimint féin in iúl (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 1992, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑65/90, EU:C:1992:325, mír 16). Meastar an ceanglas sin maidir le comhairliúchán rialta na Parlaiminte mar fhoirmiúlacht shubstainteach agus cuirfear an gníomh atá i gceist ar neamhní go hiomlán mura gcomhlíontar é (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Iúil 1995, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑21/94, EU:C:1995:220, mír 17). |
|
902 |
Mar sin féin, gan aon ghá a scrúdú, a mhéid a thugtar isteach an tréimhse mharana leis, an leasú substainteach Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar an togra le haghaidh rialachán maidir le bunú, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, nach féidir an cásdlí dá dtagraítear i míreanna 900 agus 901 den bhreithiúnas seo a thrasuí chuig an oibleagáid dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún, a leagtar síos in Airteagal 91(1) CFAE. |
|
903 |
Chun críocha aicmiú a dhéanamh ar an gceanglas maidir le dul i gcomhairle leis an bParlaimint an athuair mar cheanglas riachtanach nós imeachta, chinn an Chúirt gur eascair an ceanglas sin as rannpháirtíocht éifeachtach na Parlaiminte sa phróiseas reachtach a bheith ina gné bhunriachtanach den chothromaíocht institiúideach atá beartaithe ag an gConradh agus gurbh ionann an inniúlacht sin agus léiriú ar bhunphrionsabal daonlathach, ar dá réir a ghlacann na pobail páirt i bhfeidhmiú na cumhachta trí thionól ionadaíoch (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meitheamh 1997, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑392/95, EU:C:1997:289, mír 14 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar sin féin, níl feidhm ag breithnithe den sórt sin ar an gcaoi chéanna le CESE ná le CnaR. |
|
904 |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a chur i bhfios go láidir go bhfuil áiteanna ar leith ag CESE agus ag Coiste na Réigiún, ar thaobh amháin, agus ag an bParlaimint, ar an taobh eile, laistigh de chothromaíocht institiúideach an Aontais. Cé go bhfuil an Pharlaimint ar cheann d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, a liostaítear in Airteagal 13(1) CAE, tagann na coistí sin faoi Airteagal 301 go hAirteagal 304 CFAE agus faoi Airteagal 305 go hAirteagal 307 CFAE, a luaitear i gCaibidil 3 de Theideal I de Chuid a Sé den CFAE, dar teideal ‘Comhlachtaí comhairleacha an Aontais’. |
|
905 |
Ar an dara dul síos, luaitear in Airteagal 10 CAE, i mír 1 de, ‘go mbeidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch’. Sonraítear i mír 2 den Airteagal sin, ar an gcéad dul síos, go ndéantar ionadaíocht dhíreach ar na saoránaigh, ar leibhéal an Aontais, sa Pharlaimint agus, ar an dara dul síos, go ndéanann a gCeann Stáit nó Rialtais ionadaíocht ar na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus go ndéanann a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, ionadaíocht ar na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach, bíodh sin dá bparlaimintí náisiúnta nó dá saoránaigh. Ar an taobh eile, ní thugann an t‑airteagal feidhm ionadaíochta daonlathaí do CESE ná do Choiste na Réigiún. |
|
906 |
Dá bhrí sin, níl bonn cirt le Poblacht na Bulgáire agus í ag brath ar an gcásdlí a bhaineann leis an oibleagáid dul i gcomhairle leis an bParlaimint arís le linn an nós imeachta reachtaigh, chun a mhaíomh gur sháraigh reachtóir an Aontais Airteagal 91(1) CFAE sa chás seo. |
|
907 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar an gconclúid sin le maíomh an Bhallstáit sin go bhfuil fasach ann, a bhaineann leis an nós imeachta reachtach a bhaineann leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíocht shláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE (COM (2018) 51 críochnaitheach), ina léirítear go bhfuil oibleagáid ann dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún arís. |
|
908 |
Mar a áitíonn an Chomhairle mar is ceart, is gá, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 304 agus leis an gcéad mhír d’Airteagal 307 CFAE, idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna ‘dá bhforáiltear sna Conarthaí’, ina bhfuil sé éigeantach dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún, agus cásanna eile ina bhfuil an comhairliúchán sin roghnach agus ina bhfágtar faoi rogha na Parlaiminte, na Comhairle nó an Choimisiúin iad, amhail an cás seo. |
|
909 |
Dá bhrí sin, ní féidir aon oibleagáid dul i gcomhairle leis na coistí sin arís a thuiscint ó nós imeachta níos luaithe inar mheas ceann de na hinstitiúidí AE sin gurbh iomchuí dul i gcomhairle le ceann acu arís. |
|
910 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don cheathrú saincheist a chuir Poblacht na Bulgáire ar aghaidh toisc í a bheith gan bhunús, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
(d) Sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE
(1) Argóint na bpáirtithe
|
911 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, lena tríú saincheist, Poblacht na Bulgáire, lena cúigiú saincheist, a mhéid a dhírítear i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 í, Poblacht Mhálta, lena céad saincheist, agus Poblacht na Polainne, lena dara saincheist agus lena tríú saincheist, nár chomhlíon reachtóir an Aontais, trí Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) CFAE, arna n‑aonrú do Phoblacht Mhálta, nó as an bhforáil sin agus as Airteagal 94 CFAE. Líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire freisin go ndearnadh sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(3) CAE. |
|
912 |
Sa chéad áit, áitíonn Poblacht na Bulgáire go sáraítear le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE, mar gheall ar na héifeachtaí díobhálacha ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta sa Bhulgáir agus, go ginearálta, sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, agus ar staid eacnamaíoch na ngnóthas iompair. |
|
913 |
Bheadh éifeachtaí den sórt sin mar thoradh ar an méadú ar líon na dturas folamh agus ar na costais ghaolmhara. Measann Poblacht na Bulgáire, maidir leis an méid sin, go gcuirfear costais shuntasacha ar na tarlóirí le teacht i bhfeidhm na tréimhse marana ní hamháin sa Bhulgáir agus sna Ballstáit uile ina gcuireann na tarlóirí oibríochtaí cabatáiste i gcrích, agus maíonn an Ballstát sin, ar bhonn na staidéar arna lua i míreanna 772 agus 796 den bhreithiúnas seo, laghdú ar líon na n‑iompar cabatáiste suas go dtí 31% faoin mbliain 2035 san Aontas agus costas bliantúil suas go dtí EUR 24 mhilliún do tharlóirí na Beilge. |
|
914 |
Dá bhrí sin, níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh an tábhacht a bhaineann le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach nó le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, rud a thug neamhaird ar cheanglais Airteagal 3(3) CAE. |
|
915 |
Bhunaigh Poblacht na Bulgáire agus Ballstáit eile na hiarmhairtí sin. Mar sin féin, ní dhearnadh aon anailís bhreise chun a chinneadh conas a rinneadh difear don chaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus do sholáthar seirbhísí iompair ann féin agus ní dhearnadh aon chomhairliúchán le CESE ná le Coiste na Réigiún ina leith sin. |
|
916 |
Sa dara háit, maidir leis an sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, déanann Poblacht na Liotuáine, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne gearán nár chuir reachtóir an Aontais san áireamh tionchar an bhirt dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair. I ndáil leis sin, cuireann Poblacht na Polainne in iúl, cé go bhfuil corrlach lánroghnach leathan ag reachtóir an Aontais, nach bhféadfaí an oibleagáid atá air éifeachtaí áirithe na mbeart a ghlacann sé a chur san áireamh ach a bheith ar an eolas fúthu, ós rud é go mbainfí a éifeachtacht d’Airteagal 91(2) CFAE. |
|
917 |
Ar an gcéad dul síos, de réir Phoblacht na Liotuáine, léirítear i staidéar ECIPE maidir le hidirdhealú, eisiamh agus damáiste don chomhshaol, ar leathanach 13, go bhfuil líon na ndaoine atá ag obair san earnáil iompair i bhfad níos airde sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh ná mar atá sna Ballstáit ina chodanna láir agus thiar. Dá bhrí sin, is mó na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag an tréimhse chabatáiste dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar chaighdeáin mhaireachtála agus ar fhostaíocht sna chéad Bhallstáit sin agus cailltear poist agus imirce oibrithe dá bharr. |
|
918 |
I ndáil leis sin, cé gurbh fhéidir trí oibríocht chabatáiste a dhéanamh gach seacht lá sular glacadh Rialachán 2020/1055, chiallódh tabhairt isteach na tréimhse marana sin nach bhféadfaí an líon céanna oibríochtaí a dhéanamh ach gach 11 lá. Is é an toradh a bheadh air sin go dtiocfadh laghdú ar líon na ngníomhaíochtaí a dhéanann gnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, go dtiocfadh laghdú ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta sna Ballstáit sin. |
|
919 |
Mar shampla, sa Liotuáin, mar is léir ón alt preasa speisialaithe dar teideal ‘Lithuania challenges the Mobility Package at the EU court’ (‘An Liotuáin ag tabhairt dúshlán an Phacáiste Soghluaisteachta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’), bheadh suas le 35,000 oibrí i ngnóthais iompair i mbaol a bpost a chailleadh. |
|
920 |
Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht Mhálta go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 do ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit oileánacha atá, cosúil le Poblacht Mhálta, ag brath go mór ar chumarsáid mhuirí agus ar bhealaí iompair ilmhódacha, nach mbeadh reachtóir an Aontais in ann a chur san áireamh. Dá gceanglófaí ar tharlóirí Mhálta a gcuid oibríochtaí iompair a chur ar fionraí ar feadh ceithre lá, dhéanfaí pairilis treallach ar a gcuid gníomhaíochtaí iompair, d’fhonn riail a chomhlíonadh atá ceaptha le haghaidh fíoroibríochtaí cabatáiste, ach ní le haghaidh tarlóirí atá bunaithe i mBallstáit oileánacha agus atá ag oibriú ar an mórthír. |
|
921 |
Chumhdófaí an chuid mhuirí idir Málta agus an mhórthír go príomha le tarlóirí róró a iompraíonn leathleantóirí seachas feithiclí iomlána. Cé nach bhfuil suim ag tarlóirí Mhálta in oibríochtaí cabatáiste mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 1072/2009, is é sin le rá, oibríochtaí iompair náisiúnta i mBallstát eile, bheadh a n‑oibríochtaí iompair san Iodáil cáilithe go teicniúil mar sin féin. Ní mheastar sa Rialachán sin gur ‘iompar idirnáisiúnta’ é iompar earraí de mhuir ó Mhálta go dtí an Iodáil de réir bhrí Airteagal 2(2) de, agus, dá bhrí sin, meastar gur oibríocht chabatáiste é iompar leathleantóra idir calafort Iodálach agus áit eile san Iodáil. |
|
922 |
Mura gcuirfí sainiúlacht agus uathúlacht na mBallstát oileánach san áireamh, amhail Málta, d’eisiafaí go soiléir leis an sainmhíniú sin tarlóirí Mhálta ó na cearta a bhaineann le soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta. |
|
923 |
Mar is léir ón staidéar a rinne KPMG dar teideal ‘Ministry for Transport, Infrastructure and Capital Project – Market study: An impact assessment of Mobility Package I’ (‘An Roinn Iompair, Bonneagair agus Tionscadal Caipitil – Staidéar Margaidh: Measúnú tionchair ar an gcéad shraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht’), bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ag an tréimhse mharana ar ghníomhaíochtaí tharlóirí Mhálta. A mhéid, go háirithe, a mhéadaíonn sé bearta lóistíochta gnóthas iompair de chuid Ballstáit oileánaigh a dhéanann a ngníomhaíochtaí iompair ar an mórthír go príomha, a mhéadaíonn costais iompair agus a bhaineann an bonn d’éifeachtúlacht oibríochtaí iompair, cuireann an tréimhse mharana sin gníomhaíocht earnáil iompair idirnáisiúnta Mhálta i mbaol, de réir bhrí Airteagal 91(2) CFAE. |
|
924 |
Ar an tríú dul síos, agus í den tuairim go dtiocfaidh laghdú ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe de chuid na mBallstát atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 agus go ndéanfaidh sé difear don bhonneagar iompair, tagraíonn Poblacht na Polainne do na hargóintí a d’fhorbair sí chun tacú lena héileamh go gcuirfí Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 ar neamhní, a mhéid a lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar dá réir a leanfaidh turais fholmha bhreise gan údar eacnamaíoch as an oibleagáid maidir le feithiclí a thabhairt ar ais. |
|
925 |
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go dtarraingeofaí siar ón margadh tarlóirí nach mbeadh in ann gníomhaíocht bhrabúsach a dhéanamh a thuilleadh mar thoradh ar an tréimhse mharana. Is é an toradh a bheadh air sin go gcaillfí poist in earnáil an iompair sna Ballstáit sin. Ar an gcaoi sin, ní cuireadh san áireamh go bhfostaítear níos lú ná deichniúir in 90% de na gnóthais agus gur 55% iad na FBManna de na daoine a oibríonn san earnáil iompair, ós rud é go mbeadh na hiarmhairtí a thiocfaidh as an tréimhse mharana sin diúltach go háirithe do na gnóthais iompair sin. Thairis sin, áitíonn Poblacht na Polainne go bhfuil sciar na hearnála de gheilleagar na mBallstát ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh níos airde ná sciar na mBallstát eile, agus mar thoradh air sin go mbeidh caillteanas post thar a bheith díobhálach sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh. |
|
926 |
Níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh ach oiread an méadú ar thrácht ar bhóithre a eascraíonn as an mbeart atá i gceist, a bhfuil sé d’éifeacht aige brú tráchta a mhéadú ar bhóithre agus meathlú riocht an bhonneagair bóithre a ghéarú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an ‘Ceathrú Dlí Cumhachta’ a chur san áireamh, lena léirítear tionchar feithiclí ar bhonneagar bóithre, ar dá réir a mhéadaíonn éifeacht an mheatha ar bhóithre go heaspónantúil, ag cumhacht a ceathair, leis an méadú ar mheáchan feithiclí. Cé go bhfuil níos lú feithiclí earraí troma ann ná feithiclí príobháideacha, bheadh a dtionchar ar bhonneagar i bhfad níos mó dá bhrí sin. Ar an taobh eile, bhainfeadh an méadú ar thrácht ar bhóithre an bonn de cháilíocht na beatha i gceantair atá gar do na príomhnóid iompair. |
|
927 |
Ina theannta sin, measann Poblacht na Polainne go dtiocfaidh méadú 19%, ar an meán, ar líon na n‑iompraíochtaí rioscúla ag tiománaithe a bhaineann leis an bhféidearthacht an dlí a shárú mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a bhaineann le hiompar de bhóthar. |
|
928 |
Sa tríú háit, maidir le sárú ar Airteagal 94 CFAE, áitíonn Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne, agus Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 á ghlacadh acu, nár chuir reachtóir an Aontais staid eacnamaíoch na ngnóthas iompair san áireamh. |
|
929 |
Mar gheall ar mheasúnú neamhleor ar staid an mhargaidh iompair san Aontas Eorpach agus ar shaintréithe geografacha ábhartha na mBallstát maidir leis an margadh sin, níor cuireadh san áireamh meathlú staid eacnamaíoch tarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh agus i limistéir bheaga, tar éis chur i bhfeidhm na tréimhse marana dá bhforáiltear san fhoráil sin. Cuireann na Ballstáit iarrthacha in iúl, i ndáil leis sin, go bhfuil sciar na n‑oibríochtaí cabatáiste i ngníomhaíocht iompair fhoriomlán de chuid gnóthais iompair i bhfad níos airde do na tarlóirí sin ná an sciar atá bunaithe i mBallstáit láir an Aontais Eorpaigh. |
|
930 |
Mar thaca leis an argóint ar dá réir a bhfuil éifeacht díbeartha ó mhargadh na dtarlóirí sin ag Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, braitheann Poblacht na Liotuáine ar na heilimintí, thairis sin, a chuirtear in iúl i míreanna 772 agus 796 den bhreithiúnas seo, a tógadh ó staidéar ECIPE maidir le hidirdhealú, eisiamh agus damáiste don chomhshaol chomh maith leis an staidéar, a luadh san alt preasa speisialaithe, dar teideal ‘Ní maith le muintir na Beilge an Pacáiste Soghluaisteachta. Dar leo, beidh caillteanais dá ngnólachtaí mar thoradh ar a forálacha freisin’. |
|
931 |
Tugann Poblacht na Polainne faoi deara go mbeidh riosca féimheachta ann do roinnt de na gnóthais iompair, mar gheall ar na hiarmhairtí diúltacha d’fhormhór eatarthu, nó riosca athlonnaithe chuig na Ballstáit atá suite i lár an Aontais. Thairis sin, tugann an Ballstát faoi deara nár cuireadh san áireamh an fíoras go mbeidh na hiarmhairtí sin diúltach go háirithe do na FBManna, ós rud é gur 90% de na gnóthais iompair iad na gnóthais sin. |
|
932 |
Thairis sin, de réir Phoblacht na Polainne, deimhnítear le glacadh Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 le linn phaindéim COVID-19 nár cuireadh staid eacnamaíoch na dtarlóirí san áireamh. Bhí éifeachtaí eacnamaíocha na paindéime sin le brath go háirithe in earnáil an iompair, ós rud é go raibh sí neamhchosanta ar éileamh níos ísle agus ar na srianta ar thrasnú teorainneacha inmheánacha a thug na Ballstáit isteach arís. Bhí na héifeachtaí sin ann cheana féin le linn an nós imeachta reachtaigh. |
|
933 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na pléadálacha sin. |
(2) Cinntí na Cúirte Breithiúnais
|
934 |
Ar an gcéad dul síos, is gá diúltú don argóint ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire ag brath lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, ós rud é, mar is léir ó mhíreanna 423 agus 424 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil Airteagal 3(3) CAE ar cheann de na paraiméadair chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht forála den dlí tánaisteach leis an dlí príomha. Is amhlaidh atá i gcás Airteagal 90 CFAE, ar dá réir a shaothrófar cuspóirí na gConarthaí, i réimse an iompair, ‘faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair’. |
|
935 |
Sa dara háit, maidir le hargóintí Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht Mhálta agus Phoblacht na Polainne, lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, ní mór a mheabhrú, de réir na forála sin, nach mór do reachtóir an Aontais a chur san áireamh, agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin á nglacadh aige, arb é is cuspóir dóibh an comhbheartas iompair a chur chun feidhme i bhfianaise ghnéithe speisialta an bheartais iompair, cásanna ina bhféadfadh cur i bhfeidhm na mbeart sin difear tromchúiseach a dhéanamh don chaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus d’oibriú saoráidí iompair. |
|
936 |
Ós rud é gur ghlac reachtóir an Aontais Rialachán 2020/1055 ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, nach bhfuil faoi dhíospóid sna caingne seo, is faoi reachtóir an Aontais a bhí sé, agus an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) den Rialachán sin á glacadh, na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) CFAE a chur san áireamh. |
|
937 |
I ndáil leis sin, mar a cuireadh in iúl i míreanna 393 go 396 den bhreithiúnas seo, ceanglaítear le hAirteagal 91(2) CFAE ar reachtóir an Aontais, agus bearta á nglacadh aige ar bhonn Airteagal 91(1), ‘a dtionchar ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair a chur san áireamh’, ar cuid é de chothromú níos leithne na gcuspóirí agus na leasanna éagsúla atá i gceist. Thairis sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 285 dá Thuairim, léirítear le húsáid an fhocail ‘tromchúiseach’ go n‑éilítear leis an bhforáil sin tionchar suntasach a bheith ag na bearta atá i gceist ar na paraiméadair sin seachas éifeacht amháin. |
|
938 |
Dá bhrí sin, leanann sé ó Airteagal 91(2) CFAE nach dearbhtheorainneacha iad na héifeachtaí tromchúiseacha ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair i bhfianaise na lánrogha leithne atá ag reachtóir an Aontais i réimse an chomhbheartais iompair agus bearta á nglacadh ar an mbonn sin, ar choinníoll go gcuirtear na tosca sin san áireamh ann. |
|
939 |
Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar na héifeachtaí a eascraíonn as beart a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 91(1) CFAE, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais na leasanna éagsúla atá i gceist a chur san áireamh ar bhealach cothrom chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis a bhaint amach. Dá bhrí sin, ós rud é nach mór dó an caighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, leasanna eacnamaíocha gnóthas iompair, ní chuirtear bac ar na gnóthais sin a bheith faoi réir bearta ceangailteacha (féach, de réir analaí, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2004, an Spáinn agus an Fhionlainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑184/02 agus C‑223/02, EU:C:2004:497, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
940 |
Dá bhrí sin, is léiriú é Airteagal 91(2) CFAE go bunúsach ar an oibleagáid atá ar reachtóir an Aontais gníomhú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta trí bhearta a ghlacadh atá iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, ar bearta iad nach dtéann go follasach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus atá comhréireach i bhfianaise an chuspóra sin. |
|
941 |
Cinneadh cheana féin, i mír 859 den bhreithiúnas seo, nach dtacaíonn na pléadálacha agus na hargóintí a d’ardaigh Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne, lena n‑éilítear sárú, le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ar phrionsabal na comhréireachta, leis an gconclúid gur sáraíodh an prionsabal sin. |
|
942 |
Ina theannta sin, a mhéid a dhéanann Poblacht na Bulgáire gearán nach ndeachaigh reachtóir an Aontais i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún arís sular ghlac sé an beart maidir leis an tréimhse mharana, ní mór diúltú do na hargóintí sin ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 898 go 910 den bhreithiúnas seo. |
|
943 |
Ina theannta sin, cé is moite den fhíoras gur diúltaíodh do na hargóintí a ardaíodh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, níor sholáthair Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, Poblacht Mhálta agus Poblacht na Polainne, mar thaca leis na pléadálacha agus na hargóintí seo lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, aon fhianaise bhreise a d’fhéadfadh bunús a thabhairt lena n‑éilimh go bhfuil tionchar tromchúiseach ag an tréimhse mharana ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú trealaimh iompair, nár chuir reachtóir an Aontais san áireamh agus an tréimhse sin á bunú, de shárú ar an bhforáil sin. |
|
944 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le tionchar an bhirt dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta, áitíonn Poblacht na Liotuáine go mbeidh éifeacht dhochrach ag an tréimhse mharana sna Ballstáit atá suite, dar léi, ar ‘fhorimeall an Aontais’ ós rud é nach gceadaítear faoin mbeart sin ach trí oibríocht chabatáiste a dhéanamh gach 11 lá agus ní gach seacht lá a thuilleadh mar a foráladh sa reachtaíocht ab infheidhme roimhe seo. Mar sin féin, mar a luaitear i míreanna 832 agus 833 thuas, ní cheileann an tréimhse mharana sin an fhéidearthacht ar ghnóthais iompair leanúint dá ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs oibríochtaí iompair seachas oibríochtaí cabatáiste sa Bhallstát óstach céanna, go háirithe oibríochtaí cabatáiste i mBallstát óstach eile. Thairis sin, mar a áitíonn an Chomhairle, agus an ceart aici, agus mar a cuireadh in iúl i míreanna 834 agus 835 thuas, fiú roimh na leasuithe a rinneadh le Rialachán 2020/1055, chiallaigh Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009 cheana féin, idir dhá thimthriall chabatáiste, gur cheart tréimhse áirithe ama a chaitheamh ar iompar idirnáisiúnta a bheith críochnaithe ag an bhfeithicil lena mbaineann sula gcuirfí tús le timthriall nua cabatáiste sa Bhallstát óstach céanna. |
|
945 |
Ina theannta sin, maidir leis an mbaol go gcaillfeadh 35,000 oibrí a bpost in earnáil iompair na Liotuáine, seachas go bhfuil an argóint sin hipitéiseach, is léir ón alt preasa speisialaithe óna bhfuil an meastachán sin bunaithe ar ráiteas ó Aire Iompair agus Cumarsáide na Liotuáine. In aon chás, ní leor ráiteas den sórt sin chun tionchar tromchúiseach ar an bhfostaíocht a léiriú. |
|
946 |
Ina theannta sin, maidir le hargóint Phoblacht na Polainne a bhaineann le tionchar tromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith ar úsáid na tréimhse marana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil an Ballstát sin ag gabháil lena éileamh go bhféadfadh tarraingt siar tharlóirí ón margadh a bheith i gceist leis an mbeart sin ar an bhforas nach bhfuil siad in ann gníomhaíocht bhrabúsach a dhéanamh a thuilleadh, leis an soiléiriú is gá ionas gur féidir a mheas an bhfuil bunús maith leis. Déanann an Ballstát sin tagairt arís, mar thaca lena hargóinteacht, d’iarmhairtí chur i bhfeidhm na hoibleagáide maidir le filleadh na bhfeithiclí, lena gcuirfí turais bhreise fholmha i gcrích, gan an tslí lena mbaineann na hiarmhairtí sin leis an tréimhse mharana a mhíniú. |
|
947 |
I ndáil leis sin, ba cheart a chur in iúl nach gá turais bhreise a dhéanamh chun an tréimhse mharana sin a chomhlíonadh. Ní cheanglaítear le tréimhse den sórt sin ach nach ndéanfaidh an gnóthas iompair lena mbaineann, nach mbeadh sé beartaithe aige an fheithicil a chur ó ghluaiseacht le linn na tréimhse marana, le linn na tréimhse sin, ach oibríochtaí iompair nach oibríochtaí cabatáiste iad sa Bhallstát óstach céanna a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais na tréimhse sin. |
|
948 |
Dá bhrí sin, ní mór argóint Phoblacht na Polainne maidir le tionchar na tréimhse marana ar an leibhéal fostaíochta a mheas freisin, in éagmais aon fhianaise shonrach a d’fhéadfadh bunús a thabhairt léi, mar argóint de chineál amhantrach. |
|
949 |
Ar an dara dul síos, maidir le tionchar an bhirt dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar oibriú saoráidí iompair agus ar cháilíocht na beatha i limistéir atá gar do na príomhnóid iompair, ní mór diúltú, ar na cúiseanna céanna a leagtar amach i mír 947 den bhreithiúnas seo, don argóint a chuir Poblacht na Polainne chun cinn bunaithe ar an bhfíoras go mbeidh méadú suntasach ar thrácht ar bhóithre mar thoradh ar an tréimhse mharana. Ná ní féidir tionchar den sórt sin a bheith mar thoradh soiléir ar thréimhse dhoghluaisteachta na feithicle i gcás nach féidir, le linn na tréimhse marana sin, oibríochtaí iompair a dhéanamh seachas iad siúd lena mbaineann oibríochtaí cabatáiste sa Bhallstát óstach céanna. |
|
950 |
Ina theannta sin, maidir leis na hargóintí a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh maidir leis an méadú ar an líon iompair atá i mbaol a líomhnaítear a d’eascair as an tréimhse sin, tá na hargóintí sin amhantrach, agus mar thoradh air sin ní léiríonn siad sárú ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) CFAE. |
|
951 |
Ar an tríú dul síos, a mhéid a fhéachann Poblacht Mhálta lena áitiú go sáraíonn an tréimhse mharana Airteagal 91(2) CFAE, a mhéid nach gcuirtear san áireamh staid gheografach shonrach Mhálta le haicmiú oibríochta iompair ar leith mar iompar idirnáisiúnta nó mar oibríocht chabatáiste, is leor a thabhairt faoi deara, mar a chuir an Pharlaimint in iúl agus mar a d’aithin an Ballstát sin, go leanann aicmiú den sórt sin as na sainmhínithe in Airteagal 2(2) agus (6) de Rialachán Uimh. 1072/2009, forálacha nár leasaíodh le Rialachán 2020/1055 agus a thagann, in aon chás, faoi cheist nach mbaineann leis an tréimhse mharana. Dá réir sin, is leor a thabhairt faoi deara nach féidir le hargóint den sórt sin sárú ar Airteagal 91(2) CFAE le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a léiriú. |
|
952 |
Sa tríú háit, maidir le hargóintí Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Bulgáire agus Phoblacht na Polainne, lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 94 CFAE, is leor a thabhairt faoi deara nach mbaineann an fhoráil sin le hábhar sa chás seo, ar dá réir nach mór staid eacnamaíoch na dtarlóirí a chur san áireamh in aon bheart ‘i réimse na rátaí agus na gcoinníollacha iompair’, arna ghlacadh faoi chuimsiú na gConarthaí. Ní rialaítear le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 na praghsanna nó na coinníollacha iompair earraí nó paisinéirí, a mhéid a bhunaítear leis tréimhse mharana idir dhá thimthriall chabatáiste sa Bhallstát céanna, ach na socruithe faoina bhféadfaidh tarlóir, tar éis don chéad timthriall cabatáiste dul in éag i mBallstát óstach, timthriall cabatáiste nua a thosú sa Bhallstát óstach sin. |
|
953 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tríú saincheist a chuir Poblacht na Liotuáine ar aghaidh, don chúigiú saincheist a chuir Poblacht na Bulgáire ar aghaidh, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, don chéad saincheist ar a bhfuil Poblacht Mhálta ag brath agus don dara agus don tríú saincheist ar a bhfuil Poblacht na Polainne ag brath, toisc iad a bheith gan bhunús. |
(e) Sárú ar na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(1) Argóint na bpáirtithe
|
954 |
Sa chéad áit, maíonn Poblacht na Liotuáine, leis an gcéad chuid dá dara saincheist, go sáraítear Airteagal 26 CFAE leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, ar an bhforas go gcuireann an dara ceann de na forálacha sin srian ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go gcuireann sé teorainn le héifeachtacht an tslabhra soláthair. |
|
955 |
Ní féidir ábharthacht a bhaint d’airteagal de bharr go gcuirtear an oibleagáid chun margadh inmheánach a bhaint amach, a leagtar síos in Airteagal 26 CFAE, i bhfeidhm agus go ndéantar soiléiriú uirthi le forálacha eile na gconarthaí, mar a chuir an Chúirt in iúl i mbreithiúnas an 27 Aibreán 2017, Pinckernelle (C‑535/15, EU:C:2017:315, míreanna 43 agus 44). |
|
956 |
Dá bhrí sin, cé go rialaítear an comhbheartas iompair go sonrach le Teideal VI de Chuid a Trí CFAE, tá feidhm ag prionsabail an mhargaidh inmheánaigh i bprionsabal i réimse an iompair, agus is é an t‑aon chuspóir amháin atá leis an gcomhbheartas sin ná na saoirsí bunúsacha a fhorlíonadh agus a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí sa réimse sin, go háirithe an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar a bhfuil an comhbheartas sin bunaithe. |
|
957 |
Ní fhágann an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 gur féidir an cuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán sin a bhaint amach, cuspóir a bhaineann le saobhadh iomaíochta a chosc, ós rud é go gcuirfeadh sé srianta ar chabatáiste ar leibhéal a thabharfadh amhras bunúsach ar chuspóir an mhargaidh aonair. I ndáil leis sin, leagadh béim sa chuid den Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 2/2, lch. 48) ar an ngá atá leis an leibhéal léirscaoilte atá bainte amach cheana a choinneáil ar bun, agus luadh nach é cuspóir na n‑athruithe rialála an leibhéal léirscaoilte atá ann cheana a athrú, ach cur chun feidhme na rialacha sa réimse sin a fheabhsú. Thairis sin, luaitear in aithris 20 den Rialachán sin freisin gur cheart an leibhéal léirscaoilte a baineadh amach go dtí seo a chaomhnú. |
|
958 |
Is bac bunúsach ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar é srian a chur ar tharlóirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair a sholáthar. Chinn an Chúirt cheana féin, i mír 70 de bhreithiúnas an 22 Bealtaine 1985, an Pharlaimint v an Chomhairle (13/83, EU:C:1985:220), gur sháraigh an Chomhairle na Conarthaí toisc gur theip uirthi na coinníollacha a leagan síos faoina mbeadh tarlóirí neamhchónaitheacha in ann seirbhísí iompair náisiúnta a dhéanamh i mBallstát. |
|
959 |
Foráladh leis an gConradh idir Poblacht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éireann, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhalta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice maidir le haontú Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhalta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice don Aontas Eorpach (IO 2003 L 236, lch. 17), a shínigh Poblacht na Liotuáine an 16 Aibreán 2003 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2004, i gcomhair léirscaoileadh mhargadh iompair lastais an Aontais Eorpaigh do tharlóirí arna mbunú sa Liotuáin agus cealú na srianta uile ar sholáthar seirbhísí a dhéanann tarlóirí na Liotuáine i mBallstáit eile faoi chúig bliana, ar a dhéanaí, ón dáta aontaithe. Bheadh Poblacht na Liotuáine ag súil lena ballraíocht i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh lena n‑áiritheofaí margadh saor agus oscailte. Bíodh sin mar atá, méadófar srianta ar sholáthar seirbhísí san earnáil iompair de bhóthar leis an tréimhse mharana. |
|
960 |
Chuir an Coimisiún san áireamh freisin sa Pháipéar Bán uaidh dar teideal ‘Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní’ (COM (2011) 144 críochnaitheach, lgh. 12 agus 21), an cuspóir ‘margaí iompair de bhóthar a oscailt tuilleadh’ agus, ar an gcéad dul síos, ‘deireadh a chur leis na srianta atá fós i bhfeidhm maidir le cabatáiste’. |
|
961 |
Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 ar neamhréir leis na cuspóirí sin, ach cuireann sí bac bunúsach freisin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar in earnáil an iompair, ós rud é go mbíonn idirdhealú indíreach in aghaidh na mBallstát atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh agus ar bheagán mar thoradh uirthi. |
|
962 |
Thairis sin, áitíonn Poblacht na Liotuáine nár cheart don tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a bheith éagsúil, in éagmais cúiseanna oibiachtúla, de réir na hearnála gníomhaíochta lena mbaineann. Cealaíodh gach srian ar chabatáiste in earnáil an aeriompair chun forbairt a chur chun cinn san earnáil sin agus na seirbhísí a sholáthraítear d’úsáideoirí a fheabhsú. In earnáil an iompair de bhóthar, ar an taobh eile, thiocfadh an léirscaoileadh a rabhthas ag súil leis in ionad beart chun margadh na mBallstát a dhúnadh do tharlóirí neamhchónaitheacha, rud a chuirfeadh cosc ar fhorbairt na hearnála agus ar bharrfheabhsú seirbhísí. |
|
963 |
Sa dara háit, áitíonn Poblacht na Bulgáire leis an gcéad chuid dá seachtú saincheist, a mhéid is a dhírítear i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, gur sáraíodh Airteagal 58(1) CFAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 91 CFAE le hAirteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
|
964 |
De réir an Bhallstáit sin, cuireann an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) srian suntasach ar an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar a ráthaítear do tharlóirí leis an gcomhbheartas iompair. |
|
965 |
I ndáil leis sin, mar is léir ó mhíreanna 64 agus 65 de bhreithiúnas an 22 Bealtaine 1985, an Pharlaimint v an Chomhairle (13/83, EU:C:1985:220), ar an gcéad dul síos, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais, faoi Airteagal 91(1)(a) agus (b) CFAE, saoirse a bhunú chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair agus, i bhfianaise na gceanglas a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe i gcoinne sholáthraí na seirbhísí ar fhorais a náisiúntachta nó toisc go bhfuil sé bunaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an tseirbhís le soláthar. Ar an dara dul síos, níl an lánrogha ag reachtóir an Aontais, maidir leis an bpointe sin, ar féidir leis brath uirthi i réimsí eile den chomhbheartas iompair. |
|
966 |
De bhrí go bhféachtar le Rialachán Uimh. 1072/2009 deireadh a chur le hidirdhealú den sórt sin agus leis na srianta a fhorchuirtear ar rochtain ar mhargaí na mBallstát i gcomhthéacs chomhlánú forásach an mhargaidh aonair Eorpaigh, tugtar isteach arís cineál idirdhealaithe leis an tréimhse mharana agus is cúlchéimniú í maidir le comhbheartas iompair a bhunú. Agus é sin á dhéanamh aige, mhainnigh reachtóir an Aontais a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a áirithiú faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair. |
|
967 |
Thairis sin, níl údar leis an srian ar an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar a eascraíonn as Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 mar gheall ar chineál díréireach na forála sin. |
|
968 |
I gcás ina measann an Chúirt go rialaítear an cheist sin le hAirteagal 56 CFAE freisin, luann Poblacht na Bulgáire go bhfuil a saincheist bunaithe ar an Airteagal sin freisin. |
|
969 |
Sa tríú háit, maíonn Poblacht na Bulgáire leis an dara cuid dá seachtú saincheist, a mhéid is a dhírítear i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 í, gur gá an fhoráil sin a mheas mar bheart a bhfuil éifeachtaí aige ar ionann iad le srianta cainníochtúla, rud nach gceadaítear faoi Airteagail 34 agus 35 CFAE, mar gheall ar na hiarmhairtí tromchúiseacha ar shaorghluaiseacht an mhargaidh inmheánaigh. |
|
970 |
Meabhraíonn an Ballstát sin nach féidir, i gcomhréir le hAirteagal 36 CFAE, bonn cirt a thabhairt le beart den sórt sin ach amháin má shaothraítear cuspóirí áirithe leis agus nach ndéantar idirdhealú treallach ná srian faoi cheilt ar an trádáil idir na Ballstáit leis. Thairis sin, is cásdlí socair é nach féidir bearta náisiúnta a cheadú a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis na Conarthaí nó a d’fhéadfadh baint de tharraingteacht fheidhmiú na saoirsí bunúsacha sin ach amháin má shaothraíonn siad cuspóir ar mhaithe le leas an phobail, má tá siad oiriúnach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus mura dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach. Ar na cúiseanna a cuireadh chun cinn i gcomhthéacs a pléadálacha eile, measann Poblacht na Bulgáire go bhfuil an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) díréireach agus, dá bhrí sin, nach bhfuil údar léi. |
|
971 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na pléadálacha sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
972 |
Sa chéad áit, maidir leis an mainneachtain Airteagal 26 CFAE a chomhlíonadh, a áitíonn Poblacht na Liotuáine, ba chóir a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 1 den Airteagal sin, ‘glacann an tAontas birt lena bhféachtar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha lena mbaineann na Conarthaí’, chomh maith le mír 2 de, lena soiléirítear ‘is limistéar é an margadh inmheánach nach bhfuil teorainneacha inmheánacha ann ina n‑áirithítear an tsaorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir fhorálacha na gConarthaí’. |
|
973 |
Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 678 dá Thuairim, ní féidir brath ar Airteagal 26 CFAE go neamhspleách gan neamhaird a dhéanamh ar raon feidhme agus éifeachtacht fhorálacha ábhartha eile CFAE, go háirithe Airteagal 58(1) CFAE. Tá gá níos mó le cinneadh den sórt sin i gcás ina mbaineann na bearta a ndéantar agóid i gcoinne a ndlíthiúlachta, sa chás seo Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, atá faoi réir, laistigh den dlí príomha, córas dlí speisialta (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Márta 2014, International Jet Management, C‑628/11, EU:C:2014:171, mír 36). |
|
974 |
Mar is léir ó mhíreanna 352 go 358 den bhreithiúnas seo agus mar a aithníonn Poblacht na Liotuáine, ní rialaítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sa réimse sin le hAirteagal 56 CFAE, a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar go ginearálta, ach le hAirteagal 58(1) CFAE, foráil shonrach ar dá réir ‘a rialófar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair le forálacha an Teidil a bhaineann le hiompar’, eadhon Teideal VI de Chuid a Trí CFAE, an teideal sin a chuimsíonn Airteagail 90 go 100 CFAE. Dá bhrí sin, tá sé de cheart ag gnóthais iompair seirbhísí a sholáthar go heisiach a mhéid a deonaíodh an ceart sin dóibh trí bhíthin reachtaíocht thánaisteach arna glacadh ag reachtóir an Aontais ar bhonn fhorálacha CFAE a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair, go háirithe Airteagal 91(1) CFAE. |
|
975 |
Is é sin go díreach cuspóir Rialachán 2020/1055, a ghlac reachtóir an Aontais ar bhonn na forála sin, lena bhforáiltear, go háirithe i mír (b) di, go mbunaíonn an reachtóir sin coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát, atá éagsúil, mar a cuireadh in iúl i mír 884 den bhreithiúnas seo, ó na hoibríochtaí cabatáiste atá náisiúnta amháin. |
|
976 |
Ba chóir a shoiléiriú arís, maidir leis sin, nach bhfuil ábharthacht ag an bhfíoras, mar a leag Poblacht na Liotuáine béim air, gur léirigh an Chúirt i mbreithiúnas an 27 Aibreán 2017, Pinckernelle (C‑535/15, EU:C:2017:315, míreanna 42 go 44), arna rinneadh i gcomhthéacs breithiúnais a bhain le heaspórtáil substainte ceimicí chuig tríú tír, i bhfianaise Airteagal 26 CFAE, an coincheap maidir le ‘cur ar an margadh’, de réir bhrí rialach den Aontas a bhí bainteach leis an gcás agus a glacadh ar bhonn Airteagal 114 CFAE, amhail is gur bhain sé leis an margadh inmheánach. |
|
977 |
Ar an dara dul síos, maidir le hargóintí Phoblacht na Liotuáine agus Phoblacht na Bulgáire lena líomhnaítear gur sáraíodh an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 832 go 837 den bhreithiúnas seo, nach féidir a mheas go mbaineann Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 an bonn den leibhéal léirscaoilte a baineadh amach go dtí seo. Bheartaigh reachtóir an Aontais, le Rialachán 2020/1055, an córas dlí is infheidhme maidir le hoibríochtaí cabatáiste a bhí infheidhme roimhe sin a choinneáil ar bun, córas lenar ceanglaíodh cheana féin, faoi Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, idir dhá thimthriall chabatáiste, go gcaithfí tréimhse áirithe ama a chaitheamh ar iompar idirnáisiúnta a bheith críochnaithe ag an bhfeithicil lena mbaineann sula gcuirfí tús le timthriall cabatáiste nua sa Bhallstát óstach céanna. Bheartaigh reachtóir an Aontais an córas dlí sin a shoiléiriú trí fhoráil a dhéanamh do bheart breise i bhfoirm na tréimhse marana atá beartaithe chun cineál sealadach na n‑oibríochtaí cabatáiste a áirithiú, i gcomhréir leis an gcuspóir a shaothraigh an reachtóir sin nuair a glacadh Rialachán Uimh. 1072/2009. Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóint Phoblacht na Liotuáine go gcuireann Airteagal 2(4)(a) srian ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go gcuireann sé srian ar chabatáiste sa chaoi is go gcaitear amhras bunúsach ar chuspóir an mhargaidh aonair. |
|
978 |
I ndáil leis sin, ba cheart a lua, cé go maíonn Poblacht na Liotuáine freisin go gcuireann Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 teorainn le héifeachtúlacht an tslabhra soláthair, nach dtugann sí aon fhianaise shonrach ar aird, áfach, chun tacú leis an maíomh sin, fianaise nach mór a dhiúltú dá bhrí sin. |
|
979 |
Ar an dara dul síos, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 872 go 891 den bhreithiúnas seo, ní féidir a áitiú go bhfuil srian san fhoráil sin ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar arb ionann é agus idirdhealú in aghaidh na mBallstát atá suite, de réir an Bhallstáit iarrthaigh sin, ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’ agus ar mhéid bheag. |
|
980 |
Ar an tríú dul síos, maidir le breithiúnas an 22 Bealtaine 1985, an Pharlaimint v an Chomhairle (13/83, EU:C:1985:220), dá dtagraíonn Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Bulgáire, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt, go háirithe i míreanna 67 agus 70 den bhreithiúnas sin, gur sháraigh an Chomhairle, ina cáil mar reachtóir a tugadh di le Conradh CEE, na Conarthaí trí mhainneachtain an chumhacht a thugtar di le hAirteagal 75 de Chonradh CEE, Airteagal 91 CFAE anois, a fheidhmiú, chun, inter alia, a leagan síos, i gcomhthéacs léirscaoileadh sholáthar seirbhísí san earnáil iompair, na coinníollacha faoina bhféadfaidh tarlóirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair náisiúnta a oibriú i mBallstát. |
|
981 |
De thoradh air sin, ní féidir an cásdlí sin a mhaíomh go praiticiúil sa chás seo chun chur in aghaidh dlíthiúlacht na forála a ghlac reachtóir an Aontais agus na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 91 CFAE á bhfeidhmiú aige go beacht. |
|
982 |
Thairis sin, a mhéid is a bhunaíonn Poblacht na Bulgáire níos beaichte ar mhíreanna 64 agus 65 de bhreithiúnas an 22 Bealtaine 1985, an Pharlaimint v an Chomhairle (13/83, EU:C:1985:220), is leor a mheabhrú, gur chinn an Chúirt, go cinnte, sna dá phointe sin, go gceanglaítear ar reachtóir an Aontais, agus Airteagal 75 Conradh CEE, a athraíodh go hAirteagal 91 CFAE, leanúint ar aghaidh le cur i bhfeidhm na saoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, agus nach bhfuil ag reachtóir an Aontais, i ndáil leis sin, cumhacht lánroghnach lenar féidir leis úsáid a bhaint aisti i réimsí eile bheartas an iompair. Is fíor fós, i gcás ina bhfeidhmíonn reachtóir an Aontais an chumhacht sin chun rialacha mionsonraithe a shainiú maidir le cur chun feidhme na saoirse sin chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, go háirithe chun na rialacha is infheidhme maidir le hoibríochtaí cabatáiste a ghlacadh, go bhfuil, i ndáil leis sin, agus mar a cuireadh in iúl i míreanna 242 agus 247 den bhreithiúnas seo, lánrogha leathan aige chun na leasanna éagsúla lena mbaineann a thabhairt chun réitigh, lánrogha nár sáraíodh, mar a cinneadh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar na pléadálacha lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, nuair a glacadh Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
|
983 |
Ar an gceathrú dul síos, maidir le hargóint Phoblacht na Liotuáine bunaithe ar an gConradh a bhaineann lena haontachas leis an Aontas Eorpach, is leor a thabhairt faoi deara nach ndéanann an Ballstát sin ach líomhaintí ginearálta, gan tagairt a dhéanamh d’fhorálacha an Chonartha sin lenar foráladh do dheireadh a chur le haon srian ar sholáthar seirbhísí ag tarlóirí Liotuánacha i mBallstáit eile, i gcás inarb iomchuí, trí mhaolú a dheonú do na tarlóirí sin ar na forálacha arna nglacadh ag reachtóir an Aontais Eorpaigh ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE agus is infheidhme maidir le tarlóirí bóthair ó Bhallstáit eile. |
|
984 |
Ar an gcúigiú dul síos, maidir leis an argóint lena líomhnaítear nár comhlíonadh na cuspóirí a leagtar amach sa Pháipéar Bán dar teideal ‘Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní’ (COM (2011) 144 críochnaitheach), is leor a chur in iúl gur toradh é sin ar theachtaireacht ón gCoimisiún agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé ceangailteach. Dá bhrí sin nach féidir dlíthiúlacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a mheas i bhfianaise an Pháipéir Bhán sin. |
|
985 |
Ar an séú dul síos, ní mór diúltú don argóint atá bunaithe ar an leasú ar an gcóras is infheidhme maidir le hoibríochtaí cabatáiste in earnáil an aeriompair ar na cúiseanna céanna leo siúd a leagtar amach i mír 836 den bhreithiúnas seo. |
|
986 |
Ar an tríú dul síos, maidir le hargóint Phoblacht na Bulgáire lena líomhnaítear sárú ar shaorghluaiseacht earraí, ní mhíníonn an Ballstát sin conas a chuireann Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 teorainn leis an tsaoirse sin ná conas is ionann a héifeachtaí agus srian cainníochtúil líomhnaithe dá dtagraíonn an Ballstát sin. |
|
987 |
Go háirithe, seachas meabhrúchán ar Airteagail 34 go 36 CFAE agus ar chásdlí na Cúirte maidir leis na himthosca ina bhféadfaí a mheas go bhfuil bonn cirt le srian cainníochtúil den sórt sin faoi Airteagal 36 CFAE, ní thagraíonn an Ballstát sin ach do na hargóintí a cuireadh chun cinn i gcomhthéacs an dara saincheist ina chaingean, a measadh a bheith gan bhunús i míreanna 859 agus 891 den bhreithiúnas seo. |
|
988 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad chuid den dara saincheist ar a bhfuil Poblacht na Liotuáine ag brath agus don dá chuid den seachtú saincheist ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire ag brath toisc iad a bheith gan bhunús, a mhéid atá siad dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
(f) Sárú ar rialacha dhlí an Aontais agus ar ghealltanais an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil
(1) Argóint na bpáirtithe
|
989 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, lena céad saincheist, Poblacht na Bulgáire, lena céad saincheist ina dhá cuid, a mhéid atá siad dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, agus Poblacht na Polainne, lena saincheist is coiteann d’fhorálacha uile an Rialacháin sin atá faoi chonspóid, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de, gur sháraigh reachtóir an Aontais rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an bhforáil sin a ghlacadh. Líomhnaíonn Poblacht na Liotuáine, ina leith sin, gur sáraíodh Airteagal 3(3) CAE, Airteagail 11 agus 191 CFAE agus beartas an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire, ar an gcéad dul síos, sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE agus Airteagal 11 CFAE, agus ar Airteagal 37 den Chairt agus, ar an dara dul síos, sárú ar Airteagal 3(5) CAE, Airteagal 208(2) agus Airteagal 216(2) CFAE agus Comhaontú Pháras. Líomhnaíonn Poblacht na Polainne go ndearnadh sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt. |
|
990 |
Sa chéad áit, áitíonn Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Polainne, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) CAE, le hAirteagal 11 CFAE, le hAirteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, le hAirteagal 191 CFAE agus le hAirteagal 37 den Chairt, nach mór do reachtóir an Aontais ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chur san áireamh agus beartais an Aontais seachas na beartais sin a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide á gcinneadh agus á gcur chun feidhme aige agus i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí eile an Aontais. Ní féidir an cuspóir maidir le cosaint an chomhshaoil, a leagtar síos in Airteagal 191 CFAE, a chur san áireamh ná a bhaint amach trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 192 CFAE amháin, i gcomhthéacs beartais ar leithligh agus neamhspleách. Le prionsabal an lánpháirtithe a chumhdaítear in Airteagal 11 CFAE, is féidir cuspóirí agus ceanglais chosaint an chomhshaoil a réiteach leis na leasanna agus na haidhmeanna eile atá á saothrú ag an Aontas Eorpach. |
|
991 |
Dar le Poblacht na Polainne, le léiriú ar dá réir a bhaineann Airteagal 11 CFAE le réimsí de dhlí an Aontais, seachas le bearta sonracha, ní fhéadfaí an cuspóir atá á shaothrú leis an bhforáil sin a bhaint amach. I ndáil leis sin, ní féidir ach oiread glacadh le léiriú ar an Treoir sin lena nglactar leis gur chuir reachtóir an Aontais gníomhartha atá glactha aige cheana féin i réimse an chomhshaoil san áireamh agus reachtaíocht á glacadh aige i réimse seachas an comhshaol. Ós rud é gur cuid de phacáiste níos leithne é Rialachán 2020/1055 arb é is aidhm dó earnáil an iompair de bhóthar a dhícharbónú, ní chruthaítear gur cuireadh san áireamh go cuí tionchar an Rialacháin sin ar an gcomhshaol, go háirithe ar an bhféidearthacht na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i ndoiciméid agus i ngníomhartha a ghlac an tAontas i réimse an chomhshaoil a bhaint amach. Ina theannta sin, ní fhéadfaí a mheas ach oiread, a luaithe a shocrófar iad, go mbeidh na spriocanna chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú fós do-athraithe, gan beann ar na hastaíochtaí breise a ghinfear amach anseo mar thoradh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht nua an Aontais. |
|
992 |
Tá an léiriú céanna ag Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne a ghlac an tAbhcóide Ginearálta Geelhoed i míreanna 59 agus 60 dá Thuairim sa chás an Ostair v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑161/04, EU:C:2006:66), ar dá réir, i gcás inar léir nár cuireadh leasanna comhshaoil san áireamh nó inar tugadh neamhaird iomlán orthu, go bhféadfadh Airteagal 11 CFAE a bheith ina chaighdeán chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht reachtaíocht an Aontais. I gcás ina suitear go bhfuil sé d’éifeacht ag beart ar leith, a ghlac reachtóir an Aontais, dochar a dhéanamh do bhaint amach na gcuspóirí a leag an reachtóir sin síos i ngníomhartha eile de reachtaíocht thánaisteach a glacadh i réimse an chomhshaoil, ceanglaítear ar an reachtóir sin leasanna coinbhleachta a mheas agus, i gcás inar gá, leasuithe iomchuí a dhéanamh ar na gníomhartha is infheidhme i réimse an chomhshaoil. |
|
993 |
Sa chás seo, theip ar reachtóir an Aontais an oibleagáid sin a chomhlíonadh sa mhéid nár scrúdaigh sé tionchar na mbeart dá bhforáiltear le Rialachán 2020/1055, go háirithe an tréimhse mharana, ar cheanglais chomhshaoil. |
|
994 |
Áitíonn Poblacht na Bulgáire, cé nach sárú ann féin ar rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil é nach bhfuil tionchar dearfach ag beart ar leith ar an gcomhshaol, gur léir go gcuireann na bearta dá bhforáiltear i Rialachán 2020/1055, go háirithe an tréimhse mharana sin, iad i mbaol, rud a d’fhéadfadh go leor beart eile atá dírithe ar an gcomhshaol a chosaint agus astaíochtaí truailleán a laghdú gan bhrí. |
|
995 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne, go háirithe, go mbeidh turais bhreise feithiclí earraí troma, lena n‑áireofar turais fholmha, as a thiocfaidh astaíochtaí CO2 agus truailleán aeir, a bhíonn ina mbonn de roinnt fadhbanna sláinte, mar thoradh ar a chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear i Rialachán 2020/1055 agus an tréimhse mharana faoi leith. De réir Phoblacht na Liotuáine, eascraíonn na míbhuntáistí sin, inter alia, as an oibleagáid atá ar fheithiclí críoch an Bhallstáit óstaigh a fhágáil ag deireadh timthrialla cabatáiste, mar gheall ar an tréimhse mharana. |
|
996 |
Cuireann na Ballstáit sin in iúl, de réir staidéar a rinne ECIPE, dar teideal ‘4 mhilliún tona CO2 sa bhreis mar gheall ar thogra na rialacha den Aontas maidir leis an gcabatáiste sa tsraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht’, agus staidéar ó ECIPE maidir leis an idirdhealú, an t‑eisiamh agus an t‑ionsaí ar an gcomhshaol, arna ndearna leis na ríomhanna a rinne KPMG d’earnáil iompair idirnáisiúnta na Bulgáire agus le sonraí Eurostat, méadófar astaíochtaí breise CO2 don Aontas ar fad de bharr an togra le haghaidh leasú ar na forálacha maidir le cabatáiste suas go dtí thart ar cheithre mhilliún tona. |
|
997 |
Tá na hiarmhairtí comhshaoil sin sa bhreis orthu sin a eascraíonn as na bearta eile dá bhforáiltear i Rialachán 2020/1055. Dá bhrí sin, de réir mheasúnuithe Phoblacht na Polainne féin, gineann na turais fholmha bhreise a fhorchuirtear leis an oibleagáid a bhaineann le filleadh feithiclí, is infheidhme maidir le flít feithiclí na Polainne de níos mó ná 2.5 tona atá gníomhach san iompar idirnáisiúnta, 672,024 tona CO2. Tugann an Ballstát sin faoi deara freisin, de réir mheastacháin IRU, mar a leagtar amach i litir oscailte an 26 Deireadh Fómhair 2018, go nginfidh tuairisceáin éigeantacha feithiclí a cheanglaítear le Rialachán 2020/1055 suas le 100,000 tona de CO2 níos mó in aghaidh na bliana. I dtuarascáil a d’ullmhaigh KPMG (Measúnú Tionchair maidir le comhaontú sealadach ar an gcéad shraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht), léireofaí freisin, bunaithe ar shampla na dtarlóirí Bulgáracha, gurb ionann an méadú bliantúil ar astaíochtaí CO2, a eascraíonn as na fillteacha éigeantacha sin ar fheithiclí sa Bhulgáir, agus thart ar 71,000 tona. |
|
998 |
De réir Phoblacht na Liotuáine agus Phoblacht na Polainne, is dócha go gcuirfidh na hastaíochtaí breise CO2 sin bac ar bhaint amach chuspóirí aeráide 2050 atá á saothrú ag an Aontas Eorpach, dá dtagraítear ag an gCoimisiún sa Chomhaontú Glas, a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019. Tagraíonn Poblacht na Polainne freisin don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Borradh a chur faoi uaillmhian comhshaoil na hEorpa 2030: Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach ar mhaithe lenár muintir’ [Saoraistriúchán] |
|
999 |
Measann Poblacht na Polainne go bhféadfadh na hastaíochtaí breise CO2 sin amhras a chaitheamh freisin ar bhaint amach na spriocanna a leagtar síos i Rialachán 2018/842 ag na Ballstáit. |
|
1000 |
Maidir le hastaíochtaí breise truailleán aeir, d’fhéadfaidís, de réir Phoblacht na Polainne, bac suntasach a chur ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi Threoir 2016/2284. D’fhéadfadh na hastaíochtaí breise sin cur as do na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2008/50. |
|
1001 |
Measann Poblacht na Liotuáine gur chóir a thabhairt faoi deara freisin Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021, lena mbunaítear an creat riachtanach chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO 2021 L 243, lch. 1), ina bhforáiltear le hAirteagal 2 maidir le cuspóir na haeráidneodrachta, go gcaithfear an cuspóir sin a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus go gcaithfidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit bearta riachtanacha a ghlacadh, ar a leibhéal faoi seach, chun an cuspóir sin a bhaint amach le chéile, agus an riachtanas á chur san áireamh maidir le cur chun cinn na cothromaíochta agus na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit chomh maith le héifeachtúlacht costais baint amach an chuspóra sin. |
|
1002 |
Cé gur chuir roinnt Ballstát agus an Coimisiún in iúl gur gá tionchar na mbeart atá beartaithe a chur san áireamh, go háirithe an oibleagáid feithiclí a thabhairt ar ais agus na srianta is infheidhme maidir le hoibríochtaí cabatáiste, ar an méadú ar líon na dturas folamh agus ar astaíochtaí CO2, agus chuir siad i bhfios go láidir gur gá anailís uile-Aontais a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart sin go léir, thug reachtóir an Aontais neamhaird ar na hábhair imní sin. Ní réiteodh ullmhú anailísí breise roimh dheireadh 2020, a d’fhógair an Coimisinéir atá freagrach as iompar, Vălean, maidir leis na héifeachtaí a bhaineann le filleadh éigeantach feithiclí ar an mBallstát bunaíochta gach ocht seachtaine agus na srianta is infheidhme maidir le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, an mhainneachtain sin ar bhealach ar bith. |
|
1003 |
A mhalairt air sin, deimhnítear forais údar maith na n‑aighneachtaí a cuireadh i gcoinne na tréimhse marana leis an staidéar dar teideal, ‘Measúnú tionchair ar fhoráil i gcomhthéacs athbhreithniú Rialachán (AE) Uimh. 1071/2009 agus ar Rialachán (AE) Uim. 1072/2009’ agus an ceann dar teideal ‘Mobility Package 1 – Data gathering and analysis of the impacts of cabotage restrictions on combined transport road legs – Final report’ (‘An chéad sraith beart maidir leis an tsoghluaisteacht – Bailiúchán sonraí agus measúnú ar iarmhairtí na srianta maidir le cabatáiste sna turais de bhóthar i gcomhthéacs an iompair chomhcheangailte – Tuarascáil chríochnaitheach’), mí na Samhna 2020 (‘staidéar ar na srianta maidir le cabatáiste san iompar comhcheangailte’). |
|
1004 |
Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht na Bulgáire go sáraíonn an tréimhse mharana sin na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a eascraíonn as gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. Meabhraíonn an Ballstát sin téarmaí Airteagal 208(2) CFAE, ar dá réir ‘urramóidh an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais agus cuirfidh siad san áireamh na cuspóirí a d’fhormheas siad faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile’, agus Airteagal 216(2) CFAE, ina sonraítear ‘go mbeidh comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit’. |
|
1005 |
Dá bhrí sin, ba cheart do reachtóir an Aontais oibleagáidí agus cuspóirí Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi UNFCCC agus a d’fhormheas an tAontas Eorpach le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO 2016 L 282, lch. 1). |
|
1006 |
Tugann Poblacht na Bulgáire dá haire go n‑áirítear ar na cuspóirí sin, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chomhaontú Pháras, ‘uasteorannú domhanda ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach a luaithe is féidir’, ‘go tapa ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil’ agus ‘sláine comhshaoil’ a chur chun cinn agus, faoi Airteagal 2 den chomhaontú sin, ‘athléimneacht [maidir leis an athrú aeráide] agus forbairt astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa’ a chur chun cinn. |
|
1007 |
Meabhraítear don Bhallstát sin freisin aithris 2 de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO 2019 L 198, lch. 202), ina luaitear ‘chun rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras, ba cheart dlús a chur le haistriú na hearnála iompair ar fad chuig astaíochtaí nialasacha’ agus ‘[i]s gá freisin chun astaíochtaí truailleán aeir ón iompar a laghdú go mór agus gan mhoill, ar astaíochtaí iad atá thar a bheith díobhálach don tsláinte agus don chomhshaol’. Ar deireadh, deir Poblacht na Bulgáire gur luaigh an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 12 Nollaig 2019, ‘nach mór do reachtaíocht agus beartais ábhartha uile (an Aontais Eorpaigh) a bheith comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach agus rannchuidiú leis, agus cothrom iomaíochta á urramú ag an am céanna’. |
|
1008 |
Tá na bearta a leagtar amach i Rialachán 2020/1055, go háirithe an tréimhse mharana, contrártha do chuspóirí Chomhaontú Pháras, ar sárú é ar Airteagal 208(2) agus Airteagal 216(2) CFAE. |
|
1009 |
Ina theannta sin, áitíonn Poblacht na Bulgáire, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) CAE, nach mór don Aontas Eorpach rannchuidiú ‘le hurramú docht agus le forbairt an dlí idirnáisiúnta’. Dá bhrí sin, agus gníomh de dhlí an Aontais á ghlacadh aige, ceanglaítear ar reachtóir an Aontais an dlí idirnáisiúnta ina iomláine a chomhlíonadh. Níl Rialachán 2020/1055 comhoiriúnach leis an gceart deiridh sin. |
|
1010 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1011 |
Sa chéad áit, maidir le rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a d’fhéadfaí a líomhain gur sáraíodh iad sa chás seo a chinneadh, is gá, ar an gcéad dul síos, diúltú do na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine ar aghaidh lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 3(3) CAE agus ar an argóint a d’ardaigh Poblacht na Bulgáire lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 423, 424 agus 934 den bhreithiúnas seo. |
|
1012 |
Ar an dara dul síos, maidir le hAirteagal 191 CFAE, a bhfuil Poblacht na Liotuáine ag brath air, tá an tAirteagal sin i dTeideal XX de Chuid a Trí den CFAE, a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol. Níor glacadh Rialachán 2020/1055 faoin mbeartas sin ach faoin gcomhbheartas iompair, arb é is ábhar do Theideal VI de Chuid a Trí den CFAE, go háirithe ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, ós rud é nach bhfuil an bunús dlí sin faoi dhíospóid sna caingne seo. |
|
1013 |
I ndáil leis an méid sin, ba cheart a mheabhrú freisin nach féidir le gníomh reachtach amhail Rialachán 2020/1055 teacht faoi raon feidhme bheartas comhshaoil an Aontais díreach toisc nach mór dó na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Aibreán 2021, an Ísiltír v an Chomhairle agus an Pharlaimint, C‑733/19, EU:C:2021:272, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
1014 |
Dá bhrí sin, níl Airteagal 191 CFAE a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol ábhartha chun scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
|
1015 |
Ar an tríú dul síos, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 431 agus 432 den bhreithiúnas seo, is amhlaidh atá i gcás reachtaíocht thánaisteach eile an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Ghlais, na teachtaireachta ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 998 den bhreithiúnas sin agus na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019 ar a raibh Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Polainne ag brath. |
|
1016 |
Sna himthosca sin, agus ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 428 go 430 den bhreithiúnas seo, ní gá ach scrúdú a dhéanamh an ndearna reachtóir an Aontais, agus Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 á ghlacadh aige, sárú ar na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a eascraíonn as Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
1017 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur de chineál trasearnála é Airteagal 11 CFAE, rud a chiallaíonn nach mór do reachtóir an Aontais ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, sa chomhbheartas iompair lena mbaineann Rialachán 2020/1055. |
|
1018 |
Ar an dara dul síos, baineann an t‑athbhreithniú ar dhlíthiúlacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais a dhéanamh, sa chás seo, i bhfianaise Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, le gníomh de chuid an Aontais ina gceanglaítear ar reachtóir an Aontais, mar is léir, go háirithe, ó mhíreanna 813, 814, 854 agus 855 den bhreithiúnas seo, cothromaíocht a áirithiú idir na leasanna agus na cuspóirí éagsúla lena mbaineann. |
|
1019 |
Sna himthosca sin, fiú dá mbeadh éifeachtaí diúltacha suntasacha ag an tréimhse mharana, dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, arna meas ina haonar, ar an gcomhshaol, bheadh gá, chun a chinneadh an bhfuil sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, chun na gníomhaíochtaí eile atá déanta ag reachtóir an Aontais chun éifeachtaí den sórt sin ar an gcomhshaol a theorannú agus chun an cuspóir foriomlán a bhaint amach maidir le hastaíochtaí truailleán a laghdú a chur san áireamh. |
|
1020 |
Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach maíonn Poblacht na Bulgáire ach, ar bhealach ginearálta agus teibí, go sáraíonn na bearta atá i Rialachán 2020/1055, go háirithe an tréimhse mharana, forálacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, gan, áfach, bunús a thabhairt lena dearbhuithe le fianaise. |
|
1021 |
Ar an dara dul síos, trína n‑argóintí, áitíonn Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne go dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí CO2 agus truailleán aeir mar thoradh ar thurais bhreise feithiclí earraí troma, a bhíonn folamh go minic, mar thoradh ar a chur i bhfeidhm. |
|
1022 |
Mar sin féin, tá argóint den sórt sin bunaithe ar réamhshocrú mícheart. Mar a cuireadh in iúl i mír 843 den bhreithiúnas seo, ní gá don fheithicil, atá folamh freisin, filleadh ar lárionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann chun an tréimhse mharana sin a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ní turais bhreise iad na hoibríochtaí iompair a dhéanann tarlóirí le linn na tréimhse marana, tar éis an chéad timthrialla cabatáiste i mBallstát, ach cuirtear iad in ionad na n‑oibríochtaí cabatáiste a d’fhéadfadh a bheith déanta acu sa Bhallstát céanna sin in éagmais na tréimhse marana sin. Thairis sin, sa chás ina mbeadh sé dodhéanta, le linn na tréimhse marana, na hoibríochtaí seachas oibríochtaí iompair cabatáiste a chur i gcrích sa Bhallstát óstach céanna, ní fhéadfaí an tréimhse ina mbeadh bac ar ghluaiseacht na feithicle, i bhfianaise na fianaise go léir, a mheas mar a bheith de chineál amhail is go dtiocfadh méadú ar na hastaíochtaí truailleán aeir. |
|
1023 |
Dá bhrí sin, ní bheidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar an tréimhse mharana, mar gheall ar thurais bhreise feithiclí a líomhnaítear a bheith eagraithe, ar éifeachtaí iad a líomhnaítear gur theip ar reachtóir an Aontais measúnú a dhéanamh orthu. |
|
1024 |
Ní leor na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne chun an measúnú sin a thabhairt faoi cheist. |
|
1025 |
A mhéid a mhaíonn Poblacht na Liotuáine go dtiocfaidh méadú ar chúrsaíocht feithiclí mar thoradh ar an tréimhse mharana mar gheall ar an oibleagáid atá ar na feithiclí sin críoch an Bhallstáit óstaigh a fhágáil le linn na tréimhse marana sin, is leor a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1072/2009, nár leasaíodh le Rialachán 2020/1055, nach mór d’fheithiclí críoch an Bhallstáit óstaigh a fhágáil ag deireadh an chéad timthrialla cabatáiste, sula mbeidh siad, i gcás inarb iomchuí, in ann timthriall cabatáiste nua a thosú sa Bhallstát céanna tar éis iompar idirnáisiúnta nua. |
|
1026 |
Thairis sin, ní féidir seasamh le hargóintí Phoblacht na Liotuáine agus Phoblacht na Polainne atá bunaithe ar na staidéir dá dtagraítear i míreanna 996 agus 997 den bhreithiúnas seo. Ar an gcéad dul síos, maidir leis na meastacháin a cuireadh chun cinn i staidéir ECIPE a mhéid a bhaineann le hiarmhairtí comhshaoil an chabatáiste, rinneadh na meastacháin sin a eachtarshuí ó na ríomhanna a rinne KPMG d’earnáil iompair na Bulgáire. Gan é a bheith riachtanach a chinneadh an áirítear freisin sna ríomhanna ar a bhfuil na staidéir sin bunaithe an tionchar a eascraíonn as an oibleagáid a bhaineann le filleadh feithiclí, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann na ríomhanna sin, in aon chás, le leasú ar an gcóras cabatáiste bunaithe ar an toimhde nach mór oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh de thrí lá ón díluchtú deireanach sa Bhallstát óstach le linn an iompair idirnáisiúnta chuig an Stát sin. Mar a aithnítear i staidéar ECIPE maidir le hidirdhealú, eisiamh agus damáiste don chomhshaol (lch. 19), tá an hipitéis sin éagsúil leis an mbeart a ghlac reachtóir an Aontais sa chás seo. |
|
1027 |
Ar an dara dul síos, mar a luadh i mír 844 den bhreithiúnas seo, chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ag an tréimhse mharana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, níl na meastacháin a bhaineann leis na hiarmhairtí a bhaineann leis an oibleagáid a bhaineann le filleadh feithiclí, go háirithe measúnuithe Phoblacht na Polainne féin nó iad siúd a eascraíonn as litir oscailte IRU agus as an tuarascáil a dhréachtaigh KPMG, ar a bhfuil an Ballstát sin ag brath, ábhartha, ós rud é nach gceanglaítear leis an tréimhse mharana sin ar na feithiclí filleadh ar lárionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann. |
|
1028 |
Is amhlaidh atá maidir leis na staidéir a rinneadh tar éis ghlacadh Rialachán 2020/1055, dá dtagraítear i mír 1003 den bhreithiúnas seo, staidéir nach mbaineann leis an tréimhse mharana agus nach bhfuil in ann a léiriú, dá bhrí sin, gurb ann d’éifeachtaí diúltacha suntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar an tréimhse sin. |
|
1029 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, níor léirigh Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire ná Poblacht na Polainne go bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag an tréimhse sin ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ní mór diúltú dá n‑argóintí ina leith sin a mhéid a líomhnaíonn siad sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
1030 |
Dá bhrí sin, ní gá scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine agus Poblacht na Polainne chun cinn maidir le gníomhartha eile de chuid an Aontais, a líomhnaítear go gcuirtear a gcuspóirí comhshaoil i mbaol trí Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, ná ar na bearta éagsúla a rinne reachtóir an Aontais san earnáil iompair de bhóthar, ar a bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle ag brath, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an reachtóir sin san áireamh an cuspóir foriomlán astaíochtaí truailleán a laghdú san earnáil sin. |
|
1031 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gceanglas i ndáil le cosaint an chomhshaoil a eascraíonn as gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh, áitíonn Poblacht na Bulgáire, ar an gcéad dul síos, go sáraítear Airteagal 208 CFAE leis an tréimhse mharana. Tá an tAirteagal sin i dTeideal III de Chuid a Cúig den CFAE, dar teideal ‘Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais’, a bhaineann le comhar le tríú tíortha agus cabhair dhaonnúil, go háirithe i gCaibidil 1 de, a bhaineann le ‘comhar um fhorbairt’. |
|
1032 |
I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 208 CFAE, i mír 2 de, ‘go n‑urramóidh an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais agus go gcuirfidh siad san áireamh na cuspóirí a d’fhormheas siad faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile’. |
|
1033 |
Bíodh sin mar atá, is leor a thabhairt faoi deara nár bhunaigh Poblacht na Bulgáire an bealach inar féidir le sárú líomhnaithe ar Chomhaontú Pháras a bheith in ann an tAontas a stiúradh chun mainneachtain a ghealltanas maidir le comhar agus forbairt, ós rud é gur deimhníodh an Comhaontú sin le Cinneadh 2016/1841 ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE, foráil a leagtar síos le Teideal XX, dar teideal ‘Comhshaol’, de Chuid a Trí den CFAE, dar teideal ‘Beartais agus gníomhartha inmheánacha an Aontais’, a bhaineann le beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil. |
|
1034 |
Ar an dara dul síos, mar a áitíonn an Ballstát sin, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) CAE, go rannchuideoidh an tAontas le ‘hurramú docht agus forbairt an dlí idirnáisiúnta, go háirithe comhlíonadh phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe’. Thairis sin, faoi Airteagal 216(2) CFAE, ‘beidh comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit’ agus, dá bhrí sin, beidh forlámhas acu ar na gníomhartha a achtaíonn siad. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh neamh-chomhoiriúnacht an ghnímh sin le rialacha den sórt sin den dlí idirnáisiúnta difear do bhailíocht gnímh de chuid an Aontais (breithiúnas an 16 Iúil 2015, ClientEarth v an Coimisiún, C‑612/13 P, EU:C:2015:486, míreanna 33 agus 34 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
1035 |
Sa chás seo, braitheann Poblacht na Bulgáire ar mhainneachtain Comhaontú Pháras a chomhlíonadh mar thaca lena hargóint lena líomhnaítear gur sáraíodh gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint an chomhshaoil. Ós rud é gur fhormheas an tAontas Eorpach an comhaontú sin le Cinneadh 2016/1841, tá forálacha an chomhaontaithe sin ina gcuid dhílis, ó theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh. |
|
1036 |
Mar sin féin, is léir ó chásdlí socair nach féidir brath ar fhorálacha comhaontaithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann mar thaca le caingean le haghaidh gníomh de dhlí tánaisteach an Aontais a chur ar neamhní nó mar thaca le saincheist lena líomhnaítear neamhdhleathacht gnímh den sórt sin ach amháin más rud é, ar an gcéad dul síos, nach gcuireann cineál agus scéim ghinearálta an chomhaontaithe sin bac air agus, ar an dara dul síos, go ndealraíonn sé, maidir lena ábhar, go bhfuil na forálacha sin neamhchoinníollach agus sách beacht (breithiúnas an 13 Eanáir 2015, an Chomhairle agus an Coimisiún v Stichting Natuur en Milieu agus Pesticide Action Network Europe, C‑404/12 P agus C‑405/12 P, EU:C:2015:5, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
1037 |
Sa chás seo, líomhnaíonn Poblacht na Bulgáire gur sáraíodh Airteagail 2 agus 4 de Chomhaontú Pháras. |
|
1038 |
Foráiltear leis na hAirteagail sin, go bunúsach, ag féachaint chun na cuspóirí a shaothraítear leis an gComhaontú sin a bhaint amach agus, go háirithe, an cuspóir maidir le teocht fadtéarma a leagtar síos in Airteagal 2 de, féachann na páirtithe den Chomhaontú céanna sin buacadh domhanda astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach laistigh de na spriocdhátaí is fearr agus laghduithe orthu a chur i gcrích go gasta dá bharr i gcomhréir leis na sonraí eolaíocha is fearr. Chuige sin, ba cheart gur feabhas a bheadh i Rannchuidithe na bPáirtithe arna gCinneadh go Náisiúnta ar an rannchuidiú a rinne siad roimhe seo chun an leibhéal uaillmhéine is airde is féidir a bhaint amach, agus ag brath ag an am céanna ar chumais na bPáirtithe faoi seach agus ar na himthosca náisiúnta éagsúla. |
|
1039 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, amhail Prótacal Kyoto a ghabhann le Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a tháinig i bhfeidhm an 16 Feabhra 2005, a bhfuil Comhaontú Pháras tagtha ina ionad, mar is léir ó aithris 4 de Chinneadh 2016/1841, go bhféadfaidh na páirtithe sa chomhaontú sin a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh ar an mbealach agus ar an luas de réir mar a chomhaontaíonn siad (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America agus páirtithe eile, C‑366/10, EU:C:2011:864, mír 76). |
|
1040 |
Dá bhrí sin, ní dhealraíonn sé, maidir lena n‑inneachar, go bhfuil Airteagail 2 agus 4 de Chomhaontú Pháras neamhchoinníollach agus beacht go leor chun go bhféadfaidh Poblacht na Bulgáire brath orthu chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht Rialachán 2020/1055, go háirithe Airteagal 2(4)(a) de. |
|
1041 |
Dá bhrí sin, ní mór an chéad saincheist arna agairt ag Poblacht na Liotuáine, an chéad saincheist a glacadh ina dhá chuid arna agairt ag Poblacht na Bulgáire, a mhéid atá sé dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, agus an tsaincheist is coiteann d’fhorálacha uile an Rialacháin sin atá faoi chonspóid arna agairt ag Poblacht na Polainne, a mhéid atá sé dírithe i gcoinne Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055, a dhíbhe toisc iad a bheith gan bhunús |
|
1042 |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine (Cás C‑542/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑545/20), an Rómáin (Cás C‑547/20), Poblacht Mhálta (Cás C‑552/20), Poblacht Mhálta (Cás C‑552/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑554/20) a dhíbhe a mhéid a iarrann siad Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní. |
|
1043 |
Dá bhrí sin, ní mór an chaingean arna tionscnamh ag an Rómáin (Cás C‑547/20) a dhíbhe freisin a mhéid a iarrtar léi Airteagal 2(4)(b) agus (c) den Rialachán sin a chur ar neamhní, ós rud é nach bhfuil an t‑iarratas sin ar neamhniú bunaithe ar argóintí atá éagsúil leis an argóint is bonn leis an iarratas go gcuirfí Airteagal 2(4)(a) ar neamhní. |
4. Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009
|
1044 |
Mar thaca lena caingean (Cás C‑554/20) chun Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid a chuirtear mír 1(g) isteach leis in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, maíonn Poblacht na Polainne trí shaincheist dlí, lena n‑éilítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE, ar an dara dul síos, ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus, don saincheist is coiteann do na forálacha uile atá faoi chonspóid de Rialachán 2020/1055, a mhéid atá siad dírithe i gcoinne Airteagal 1(3) de, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g), Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt isteach. |
(a) Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1045 |
Lena dara saincheist atá dírithe i gcoinne Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, áitíonn Poblacht na Polainne go sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis an bhforáil sin. |
|
1046 |
Ceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go mbeidh rialacha dlí soiléir, beacht agus intuartha maidir lena n‑éifeachtaí, ionas gur féidir le páirtithe leasmhara a seasamh a fhionnadh i gcásanna agus i gcaidrimh dhlíthiúla a thagann faoi dhlíchóras an Aontais Eorpaigh. Áitíonn Poblacht na Polainne, cé gur féidir glacadh leis go bhfuil an reachtaíocht doiléir, go bhfuil téarmaí teibí inti nó go dtugtar corrlach lánroghnach léi, is é sin, mar sin féin, ar choinníoll nach mbeidh aon treallachas mar thoradh uirthi agus gur féidir í a shoiléiriú sa chásdlí. |
|
1047 |
Sa chás seo, le húsáid téarmaí an‑doiléire in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid a lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, cuirtear cosc ar ghnóthais iompair an oibleagáid a eascraíonn as an bhforáil sin agus iarmhairtí a sáraithe a chinneadh ar bhealach atá soiléir agus beacht mar is gá. |
|
1048 |
Tá an chéad chritéar a leagtar síos san fhoráil sin, a bhaineann le ‘gnáthnasc’ tiománaithe agus feithiclí le lárionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta, an‑débhríoch. Cé go bhfuil an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil sin éagsúil leis na hoibleagáidí a leagtar amach, faoi seach, in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 agus in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, faoi seach, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, is deacair, áfach, a raon feidhme a chinneadh. |
|
1049 |
Thairis sin, tá an dara critéar a leagtar síos in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar dá réir nach mór tiománaithe agus feithiclí a bheith lonnaithe i lárionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta de ghnáth ‘i gcomhréir le líon na n‑oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas’, an‑doiléir freisin, rud a fhágann nach féidir an líon feithiclí agus tiománaithe a cheanglaítear faoin oibleagáid sin a chinneadh go sonrach. |
|
1050 |
Measann Poblacht na Polainne nach féidir na téarmaí teibí a úsáidtear in Airteagal 5(c) de Rialachán Uimh. 1071/2009, sa leagan ab infheidhme sular tugadh Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm, lenar foráladh, chun an ceanglas bunaíochta sa Bhallstát lena mbaineann a chomhlíonadh, nach mór do ghnóthas a ghníomhaíochtaí a bhainistiú go héifeachtach agus go leanúnach le ‘trealamh riaracháin riachtanach’ agus le ‘trealamh agus saoráidí teicniúla iomchuí’, in ionad oibríochta atá lonnaithe sa Bhallstát sin, a chur i gcomparáid leo siúd in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ós rud é go bhfuil difríocht bhunúsach idir an dá fhoráil sin. Cé go bhfuil tábhacht thánaisteach ag baint leis na coincheapa ‘trealamh riaracháin riachtanach’ agus ‘trealamh agus suiteálacha teicniúla iomchuí’ do raon feidhme ghníomhaíocht na ngnóthas iompair, tá an cheist maidir le líon na bhfeithiclí agus na dtiománaithe cinntitheach chun na gnóthais sin a bhainistiú agus maidir le costais a n‑oibrithe. Dá bhrí sin, bheadh sé riachtanach go mbeadh an fhoráil beacht. |
|
1051 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil bunús an t-saincheist sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1052 |
Ní mór na breithnithe a leagtar amach i míreanna 158 go 162 thuas a chur san áireamh chun a mheas an bhfuil Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009 isteach, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. |
|
1053 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, de réir a foclaíochta, go gceanglaítear leis an bhforáil sin ar ghnóthais iompair líon feithiclí agus tiománaithe a bheith acu go rialta, ar bhonn leanúnach, ar feithiclí agus tiománaithe iad a bhíonn suite de ghnáth ag lárionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta, i gcomhréir le líon na n‑oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas lena mbaineann. |
|
1054 |
Dá bhrí sin, is léir ó fhoclaíocht na forála sin gurb é cuspóir na hoibleagáide sin a áirithiú go mbeidh na hacmhainní fisiciúla agus daonna is gá ag gnóthais iompair chun a n‑oibríochtaí iompair a chur i gcrích. |
|
1055 |
I ndáil leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 705 dá Thuairim, déanann gnóthais iompair bainistiú leanúnach ar an sreabhadh feithiclí i ndáil le hinfhaighteacht tiománaithe agus, dá bhrí sin, tá tuiscint sách beacht acu ar líon na bhfeithiclí agus na dtiománaithe is gá dá ngníomhaíochtaí. Trí mhainneachtain creat níos déine a leagan síos don oibleagáid ar ghnóthais iompair acmhainní fisiceacha agus daonna a bheith acu i gcomhréir le líon na n‑oibríochtaí iompair arna gcur i gcrích, bheartaigh reachtóir an Aontais gan corrlach áirithe lánroghnach a bhaint de na gnóthais sin agus, ar an gcaoi sin, an tsolúbthacht is gá a bhaint díobh maidir lena ngníomhaíochtaí iompair a eagrú i gcomhréir lena socruithe féin. |
|
1056 |
Thairis sin, cé go leagtar amach i dtéarmaí ginearálta an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid a lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar coinníoll é nach bhfágann gur féidir líon beacht na dtiománaithe agus na bhfeithiclí dá dtagraíonn sé a chinneadh ach lena mbunaítear gaolmhaireacht chomhréireachta idir, ar thaobh amháin, líon na dtiománaithe agus na bhfeithiclí agus, ar an taobh eile, líon na n‑oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas lena mbaineann, ní sháraíonn sé prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. |
|
1057 |
I gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 159 den bhreithiúnas seo, ní chuirtear cosc le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla ar reachtóir an Aontais, i gcomhthéacs rialach a ghlacann sé, coincheap teibí dlí a úsáid agus ní cheanglaítear le riail theibí den sórt sin tagairt a dhéanamh do na cásanna sonracha éagsúla ina bhféadfadh sé a bheith infheidhme, ós rud é nach féidir leis an reachtóir sin na cásanna sin go léir a chinneadh roimh ré. |
|
1058 |
Dá bhrí sin, ní cheanglaítear le comhlíonadh phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ar reachtóir an Aontais na socruithe sonracha uile chun forálacha gnímh reachtaigh a chur chun feidhme a shainiú ná na cásanna sonracha uile a bhféadfadh feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir leo a mheas, ós rud é go bhfuil an reachtóir sin i dteideal, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 160 den bhreithiúnas seo, dul ar iontaoibh creata dhlíthiúil ghinearálta, ar mhaithe le solúbthacht agus chun gníomhú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a d’fhéadfadh a bheith riachtanach a shonrú níos déanaí. |
|
1059 |
Dá réir sin, ní gá d’fhoráil amhail an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, a bhfuil feidhm aici maidir leis an iliomad cásanna éagsúla, na cásanna uile a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith aici maidir leo a shonrú go mion. |
|
1060 |
Os a choinne sin, a mhéid lena mbaineann le dea-dlí na Parlaiminte agus na Comhairle, is ar bhonn téarmaí teibí go bhforáiltear le hAirteagal 5(c) de Rialachán Uimh. 1071/2009, ar cuireadh Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 ina ionad, go bunúsach, a mhéid lena gcuirtear mír 1(f) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009 go gcaithfidh an trealamh riaracháin riachtanach chomh maith leis an trealamh agus suiteálacha teicniúla iomchuí i lárionad oibríochtaí atá suite i sa Bhallstát bunaíochta. |
|
1061 |
I ndáil leis sin, ní féidir glacadh leis an argóint a chuir Poblacht na Polainne chun cinn gur gá idirdhealú a dhéanamh, ar thaobh amháin, idir na coinníollacha a bhaineann le ‘trealamh riaracháin riachtanach’ agus ‘trealamh agus suiteálacha teicniúla iomchuí’ agus, ar an taobh eile, na coinníollacha a bhaineann le líon na bhfeithiclí agus na dtiománaithe, ar an bhforas, maidir le gnóthais iompair a bhainistiú, nach bhfuil ach an dara coinníoll cinntitheach. Má shuitear é sin, ní fhágann argóint den sórt sin go bhfuil an measúnú a rinneadh i dtaobh chomhlíonadh phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla le hAirteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 neamhbhailí, a mhéid lena gcuirtear (1)(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009. |
|
1062 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara saincheist a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh toisc í a bheith gan bhunús. |
(b) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1063 |
Lena céad saincheist atá dírithe i gcoinne Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, áitíonn Poblacht na Polainne go sáraíonn an fhoráil sin prionsabal na comhréireachta. |
|
1064 |
Sa chéad áit, áitíonn an Ballstát sin, in éagmais measúnú leordhóthanach ar an bhforáil sin sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta, go bhfuil na cúiseanna is bonn lena tabhairt isteach fós doiléir, mar aon leis na cuspóirí a bhfuil sé beartaithe iad a shaothrú leis an bhforáil sin. |
|
1065 |
Sa dara háit, cuireann an Ballstát sin in iúl, i ndáil leis na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1(6)(d) de Rialachán 2020/1054 agus in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, gurb ionann an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, arb é atá ann infhaighteacht leanúnach rialta líon leordhóthanach tiománaithe agus feithiclí, agus beart breise atá ceaptha chun tiománaithe agus feithiclí a nascadh chomh dlúth agus is féidir le lárionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann, a mbeadh d’éifeacht aige soghluaisteacht feithiclí atá ar fáil do ghnóthais iompair a theorannú tuilleadh. |
|
1066 |
Thairis sin, tá oibleagáid den sórt sin treallach. Ní chuirtear san áireamh leis cineál sonrach na gníomhaíochta iompair idirnáisiúnta, lena gceanglaítear go ndéanfaidh feithiclí agus tiománaithe oibríochtaí iompair iarbhír agus nach bhfanfaidh siad ar fáil don ghnóthas iompair lena mbaineann ag ionad oibríochtúil an ghnóthais iompair sin. Ní bhaineann an oibleagáid sin le bunaíocht chobhsaí agus éifeachtach a bheith ann, ach rialaíonn sí an bealach ina n‑eagraítear gníomhaíochtaí iompair. |
|
1067 |
Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ceanglaítear ar tharlóirí minicíocht fillte feithiclí agus tiománaithe chuig a lárionad oibríochtúil a mhéadú nó a bhflít gluaisteán a fhorbairt agus líon na dtiománaithe a mhéadú. Bheadh costais shuntasacha ar ghnóthais iompair i gceist leis an dá rogha, rud a d’fhágfadh go mbeadh féimheacht ag go leor acu, go háirithe FBManna, nó go gcuirfí iallach orthu a n‑áit bhunaithe a aistriú chuig Ballstát atá lonnaithe sa chuid lárnach den Aontas. Mar sin féin, níor cuireadh na hiarmhairtí tromchúiseacha sin d’fheidhmiú na ngnóthas sin san áireamh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta. |
|
1068 |
Ina theannta sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar bhailíocht birt de chuid an Aontais i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil do reachtóir an Aontais ar dháta glactha na reachtaíochta atá i gceist. Glacadh Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, le linn tréimhse géarchéime eacnamaíche a spreagadh le paindéim COVID-19, cé go raibh sonraí ag an reachtóir sin maidir le tionchar na géarchéime sin ar earnáil an iompair. |
|
1069 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis an saincheist sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1070 |
Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 692 dá Thuairim, go raibh foráil sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le bunú, in Airteagal 1(3)(d) de, atá cosúil leis an bhforáil lena mbunaítear, sa chás seo, an oibleagáid líon leordhóthanach tiománaithe agus feithiclí a bheith ar bhonn rialta, sa mhéid is go bhforáiltear ann do phointe (e) a chur isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, lena gceanglaítear ar ghnóthais iompair sócmhainní a bheith ina seilbh acu agus foireann a fhostú i gcomhréir le gníomhaíocht na bunaíochta, ceanglais a luaitear i gcomhthéacs Bheart 18 sa Mheasúnú Tionchair – Gné Bhunaíochta (cuid 1/2, lgh. 30 agus 31 agus cuid 2/2, lch. 44). Dá bhrí sin, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh as Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, nuair a líomhnaítear nach raibh an fhaisnéis is gá aige chun comhréireacht na forála sin a scrúdú. |
|
1071 |
Sa dara háit, maidir le comhréireacht Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ó aithris 6 de Rialachán 2020/1055, gurb é cuspóir na forála sin, ar dá réir nach mór measúnú a dhéanamh ar a comhréireacht, feiniméan na gcuideachtaí caocha a chomhrac trína áirithiú go bhfuil fíorláithreacht bhuan ag gnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe i mBallstát sa Bhallstát sin agus go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí iompair ón mBallstát sin. Agus an méid sin á dhéanamh, saothraítear leis an bhforáil sin cuspóir leasa ghinearálta a aithnítear le dlí an Aontais a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne cleachtais mhí-úsáideacha agus, go háirithe, iompar arb é atá ann socruithe atá go hiomlán saorga a chruthú nach léiríonn an réaltacht eacnamaíoch (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Aibreán 2006, Agip Petroli, C‑456/04, EU:C:2006:241, míreanna 19 go 25; an 12 Meán Fómhair 2006, Cadbury Schweppes agus Cadbury Schweppes Overseas, C‑196/04, EU:C:2006:544, míreanna 51, 55, 57, 67 agus 68, chomh maith leis an 26 Feabhra 2019, X (Cuideachtaí idirghabhálaithe a bunaíodh i dtríú tíortha), C‑135/17, EU:C:2019:136, mír 82). |
|
1072 |
Cé go gceanglaítear leis an bhforáil sin, chun an cuspóir sin a bhaint amach, go mbeadh roinnt feithiclí ag an ngnóthas iompair go rialta, ar bhonn leanúnach, a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, a cuireadh isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009 le hAirteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, agus tiománaithe a bhíonn ceangailte de ghnáth le hionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta, ní cheanglaítear léi, áfach, contrártha d’aighneacht Phoblacht na Polainne, go mbeadh na feithiclí agus na tiománaithe sin i láthair go leanúnach san ionad oibríochtúil sin, nó fiú sa Bhallstát lena mbaineann. |
|
1073 |
Deimhnítear an léiriú sin leis an bhfíoras go bhforáiltear le hAirteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear Airteagal 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, go gcaithfidh líon na bhfeithiclí agus na dtiománaithe a chaithfidh a bheith ceangailte le hionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann a bheith comhréireach le líon na n‑oibríochtaí iompair a chuireann an gnóthas sin i gcrích, rud a ghlacann leis go gcuireann na tiománaithe sin na hoibríochtaí sin i gcrích trí mheán na bhfeithiclí sin. Dá bhrí sin, ní mór go mbeadh na feithiclí agus na tiománaithe dá dtagraítear san fhoráil sin in ann taisteal agus lárionad oibríochtúil an ghnóthais iompair sin a fhágáil. |
|
1074 |
Thairis sin, agus contrártha leis an méid a mhaíonn Poblacht na Polainne, le comhlíonadh an bhirt a leagtar síos in Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ní cheanglaítear ar an ngnóthas iompair lena mbaineann, ann féin, filleadh níos minice tiománaithe agus feithiclí ar a lárionad oibríochtúil a eagrú, oibleagáidí den sórt sin a eascraíonn as forálacha eile de dhlí an Aontais, eadhon, faoi seach, Airteagal 1(6)(d), Rialachán 2020/1054, nár caitheadh amhras ar a dhlíthiúlacht le haon cheann de na pléadálacha le haghaidh neamhniú a díríodh ina choinne, agus Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(b) isteach leis in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, nach mór a chur ar neamhní, mar a luaitear i mír 738 den bhreithiúnas seo. |
|
1075 |
Dá bhrí sin, ní féidir a thuiscint as an oibleagáid líon feithiclí agus tiománaithe atá ceangailte de ghnáth le hionad oibríochtúil sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas iompair lena mbaineann bunaithe a bheith i láthair go rialta, ar bhonn leanúnach, go gceanglaítear láithreacht leanúnach na bhfeithiclí agus na dtiománaithe sin ag an ionad oibríochtúil sin. |
|
1076 |
Maidir leis an gcuid eile, ba cheart a mheabhrú, ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 857 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil argóintí Phoblacht na Polainne bunaithe ar thionchar phaindéim COVID-19 ábhartha chun dlíthiúlacht Rialachán 2020/1055 a mheasúnú. |
|
1077 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad saincheist a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh toisc í a bheith gan bhunús a mhéid atá sí dírithe ar Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid a lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009. |
(c) Sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1078 |
Áitíonn Poblacht na Polainne, trína saincheist is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid, a mhéid atá sé dírithe ar Airteagal 1(b) de, gur sháraigh reachtóir an Aontais, tríd an bhforáil sin a ghlacadh, Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt. |
|
1079 |
Mar thaca leis an saincheist sin, maíonn an Ballstát sin na hargóintí céanna a leagtar amach, go bunúsach, i míreanna 990 go 1002 den bhreithiúnas seo. Áitíonn sí nár scrúdaigh reachtóir an Aontais tionchar na hoibleagáide, dá bhforáiltear san fhoráil sin, roinnt feithiclí agus tiománaithe a bheith ceangailte go rialta, ar bhonn leanúnach, de ghnáth le lárionad oibríochtúil sa Bhallstát bunaíochta, cé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar an gcomhshaol, ós rud é go mbeadh turais bhreise d’fheithiclí earraí troma mar thoradh uirthi, lena n‑áirítear turais fholmha, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir. |
|
1080 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil an t-saincheist sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1081 |
Ós rud é, i gcomhthéacs a saincheiste is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid, a mhéid atá sé dírithe i gcoinne Airteagal 1(3) de, a mhéid a chuirtear mír 1(g) isteach leis in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, ardaíonn Poblacht na Polainne, i ndáil leis an bhforáil sin, na hargóintí céanna a d’ardaigh sí i gcoinne na mbeart eile atá faoi chonspóid i Rialachán 2020/1055, tá feidhm ag na breithnithe a leagtar amach i míreanna 1011 go 1030 thuas maidir leis an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil dheireanach sin. |
|
1082 |
Thairis sin, murab ionann agus an méid a áitíonn Poblacht na Polainne, agus mar a tugadh le fios i mír 1074 den bhreithiúnas seo, ní cheanglaítear le hAirteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, go bhfillfidh na feithiclí ar ionad oibríochtúil an ghnóthais iompair lena mbaineann. Dá bhrí sin, níor chuir an Ballstát sin aon fhianaise ar fáil lena gcruthaítear go sonrach go n‑eascraíonn éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol as an bhforáil sin a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
1083 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do saincheist Phoblacht na Polainne is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid, a mhéid atá sí dírithe ar Airteagal 1(3) de, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, toisc í a bheith gan bhunús. |
|
1084 |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór an chaingean a thionscain Poblacht na Polainne (Cás C‑554/20) a dhíbhe a mhéid a iarrtar léi an fhoráil sin a chur ar neamhní. |
5. Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055
|
1085 |
Mar thaca lena caingean (Cás C‑554/20) lena n‑iarrtar Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, maíonn Poblacht na Polainne ceithre shaincheist dlí, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE, ar an dara dul síos, Airteagal 91(2) CFAE, ar an tríú dul síos, Airteagal 94 CFAE agus, i gcás na saincheiste is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(5)(b) de, Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt. |
(a) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1086 |
Lena céad saincheist, áitíonn Poblacht na Polainne nach gcomhlíonann Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, lena gcuirtear mír 7 isteach in Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 1072/2009, na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
1087 |
Sa chéad áit, measann an Ballstát sin nach bhfuil Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 teorannaithe le critéir oibiachtúla. Tugann aithris 22 den Rialachán sin údar leis an bhforáil sin tríd an rún chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha a bhféadfadh ‘dumpáil shóisialta’ a bheith mar thoradh orthu agus tríd an mbonn a bhaint ó chomhlíonadh an chreata dhlíthiúil is infheidhme maidir le cabatáiste. Mar sin féin, níor sainmhíníodh coincheap na ‘dumpála sóisialta’ agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le mí-úsáid. Is amhlaidh an cás anseo. Níl aon toisc oibiachtúil ann lena gcumasaítear na difríochtaí san fhorbairt eacnamaíoch idir na Ballstáit agus na difreálacha pá a eascraíonn as sin a chomhshamhlú le staid dumpála sóisialta. |
|
1088 |
Thairis sin, fágann Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 go leor solúbthachta ag na Ballstáit maidir leis an bhféidearthacht atá acu fad na tréimhse marana a laghdú. D’fhéadfaí a thabhairt ar na Ballstáit atá suite i lár an Aontais Eorpaigh an cineál srianta sin a ghinearálú agus na coinníollacha cabatáiste a leagtar síos in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 a dhéanamh níos doichte, atá díréireach cheana féin, mar is léir ó argóintí Phoblacht na Polainne a leagtar amach, go bunúsach, i míreanna 765 go 801 den bhreithiúnas seo. |
|
1089 |
Thairis sin, ní raibh Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 faoi réir measúnú tionchair. Is ionann mainneachtain reachtóir an Aontais scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na forála sin, ar na cúiseanna a mhaíonn Poblacht na Polainne maidir leis an oibleagáid a bhaineann le feithiclí a thabhairt ar ais, mar a leagtar amach, go bunúsach, i míreanna 691 go 706 den bhreithiúnas seo, agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
|
1090 |
Sa dara háit, trí sholáthar seirbhísí ag tarlóirí ó Bhallstáit ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche níos ísle a aicmiú go treallach mar ‘dhumpáil shóisialta’, níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh na hiarmhairtí diúltacha bunúsacha a eascraíonn as teorannú oibríochtaí cabatáiste i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte, cé go gcuireann oibríochtaí cabatáiste ar chumas gnóthas iompair líon na dturas folamh a laghdú agus oibriú an chabhlaigh iompair a bharrfheabhsú. |
|
1091 |
Sa tríú háit, déantar mainneachtain le hAirteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 ar chomhlíonadh phrionsabal na comhréireachta i bhfianaise na dtáillí a chuirtear ar na gnóthais iompair agus an sprioc a shaothraítear. Ní thugtar údar do theorannú na saoirse chun seirbhísí cabatáiste a sholáthar ag na gnóthais iompair leis an ngá atá ann chun dul i ngleic leis an ‘ndumpáil shóisialta’. |
|
1092 |
Níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh, i dtosach báire, gurb ann san earnáil iompair de bhóthar idirnáisiúnta FBManna den chuid is mó. I ndáil leis sin, braitheann Poblacht na Polainne ar argóintí atá dírithe i gcoinne na hoibleagáide maidir le feithiclí a thabhairt ar ais agus i gcoinne na tréimhse marana. Dá bhrí sin, áitíonn an Ballstát sin go ndéanfaidh tionchar an mhéadaithe ar chostais oibriúcháin a eascraíonn as Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 difear do bhrabúsacht na ngnóthas sin, rud a fhágfaidh go mbeidh féimheacht ag cuid acu. Ar an gcaoi sin, síleann an Ballstát sin gur dócha go méadófar praghas na n‑earraí mar thoradh ar an méadú costas oibriúcháin sin, rud a chiallódh iarmhairtí tromchúiseacha do gheilleagar an Aontais. Ar deireadh, measann Poblacht na Polainne nár cuireadh san áireamh staid eacnamaíoch na dtarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh. |
|
1093 |
Deimhnítear sa staidéar ar shrianta cabatáiste in iompar comhcheangailte éifeachtaí diúltacha Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055. |
|
1094 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil an t-saincheist sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1095 |
Ceadaítear le hAirteagal 4 de Threoir 92/106 do ghnóthais iompair, i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte idir Ballstáit, is é sin iompar ina gceanglaítear iompar de bhóthar le modhanna iompair eile, amhail an t‑iarnród, an loingeas inmheánach nó loingeas muirí, turais de bhóthar tosaigh agus/nó críochfoirt atá ina gcuid chomhtháite d’oibríocht amhail sin, agus díolúine acu ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le hiompar cabatáiste. |
|
1096 |
Le hAirteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 cuirtear isteach, in Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 1072/2009, mír 7 ina luaitear an méid seo a leanas: ‘Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inar gá chun mí-úsáid [Airteagal 4 de Threoir 92/106] a sheachaint trí sheirbhísí neamhtheoranta leanúnacha a sholáthar arb é atá iontu céimeanna bóthair tosaigh nó céimeanna bóthair críochfoirt arna ndéanamh i mBallstát óstach i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte idir na Ballstáit, foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo maidir le tarlóirí nuair a bheidh na céimeanna bóthair tosaigh agus/nó na céimeanna bóthair críochfoirt sin críochnaithe acu laistigh den Bhallstát sin’. |
|
1097 |
Thairis sin, luaitear i mír 7 ‘i leith céimeanna bóthair den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse níos faide ná an tréimhse seacht lá a leagtar síos in Airteagal 8(2) de [Rialachán Uimh. 1072/2009] agus maidir le tréimhse níos giorra ná an tréimhse ceithre lá a leagtar síos in Airteagal 8(2)(a) de’. Ina theannta sin, foráiltear i mír 7 ‘go ndéanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as an maolú seo an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin sula gcuirfidh siad na bearta náisiúnta ábhartha i bhfeidhm’, ‘go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar na bearta sin gach cúig bliana ar a laghad’, ‘go dtabharfaidh siad fógra faoi thorthaí an athbhreithnithe sin don Choimisiún’ agus ‘go bhfoilseoidh siad na rialacha, lena n‑áirítear fad na dtréimhsí faoi seach, ar bhealach trédhearcach’. |
|
1098 |
Dá bhrí sin, le hAirteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 tugtar an rogha do na Ballstáit, chun mí-úsáid na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 92/106 a sheachaint, foráil a dhéanamh, de mhaolú ar an díolúine sin, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le hoibríochtaí cabatáiste a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 1072/2009 sa leagan a eascraíonn as a leasú le Rialachán 2020/1055, maidir le céimeanna bóthair tosaigh agus/nó deiridh a dhéantar laistigh dá gcríoch i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte, agus ag an am céanna údarú do na Ballstáit sin an t‑iarratas sin a chur faoi réir maoluithe a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse chabatáiste údaraithe agus leis an tréimhse mharana a laghdú i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte den sórt sin. |
|
1099 |
É sin ráite, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar a d’áitigh an Pharlaimint agus an Chomhairle, gan é sin a bheith á dhíospóid ag Poblacht na Polainne, gur thagair an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 92/106/CEE maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (SWD (2017) 362 críochnaitheach, lch. 25) do na deacrachtaí a bhaineann le mí-úsáid na díolúine ó rialacha cabatáiste i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte, dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 92/106. Go háirithe, measadh gur cheart an díolúine sin, lenar ceadaíodh forbairt an iompair idirmhódúil idirnáisiúnta, a choinneáil ar bun, ach gur cheart a sheachaint go n‑úsáidfí í chun dul timpeall ar na rialacha cabatáiste is infheidhme. |
|
1100 |
Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur cuireadh san áireamh leis an Measúnú Tionchair (lgh. 16 agus 17) na hiarmhairtí a thiocfadh as díothú iomlán na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 92/106 inter alia. |
|
1101 |
Sna himthosca sin, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh as Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh nuair a líomhnaítear nach raibh an fhaisnéis is gá aige chun comhréireacht na forála sin a scrúdú. |
|
1102 |
Ar an dara dul síos, maidir le comhréireacht Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, ní mór a thabhairt faoi deara, maidir leis an gcuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin, nach mór scrúdú a dhéanamh ar an gcomhréireacht sin ina fhianaise, gur fíor, mar a áitíonn Poblacht na Polainne, go bhfuil an tagairt do ‘dhumpáil shóisialta’ in aithris 22 de Rialachán 2020/1055, maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na cleachtais éagóracha atá le fáil in earnáil an iompair chomhcheangailte. |
|
1103 |
Mar sin féin, ní hé dul i ngleic leis an ‘ndumpáil shóisialta’ príomhchuspóir na forála seo. Mar is léir ó fhoclaíocht iarbhír na Treorach sin, arna léamh i bhfianaise aithris 22, is é is cuspóir don fhoráil sin cosc a chur ar mhí-úsáid Airteagal 4 de Threoir 92/106, lena bhféachtar le cineál sealadach an chabatáiste a atreorú agus le cur ar chumas feithiclí a bheith i láthair go buan i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an gnóthas iompair bunaithe. |
|
1104 |
Maidir le cineál díréireach líomhnaithe Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 i bhfianaise an chuspóra sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús nár chuir Poblacht na Polainne aon argóint sonrach chun cinn mar thaca leis an saincheist sin. Athdhearbhaíonn an Ballstát sin a argóintí a leagtar amach, i gcomhthéacs a chéad saincheist, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, i gcoinne na hoibleagáide maidir le feithiclí a thabhairt ar ais. |
|
1105 |
Ní féidir go n‑éireoidh le hargóint Phoblacht na Polainne go bhféadfadh méadú ar thurais feithiclí folmha agus deacrachtaí maidir le hoibriú an fhlít feithiclí iompair a bharrfheabhsú a bheith mar thoradh ar Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055. |
|
1106 |
Ar an gcéad dul síos, ní hionann an úsáid a bhaineann Ballstát as an rogha dá bhforáiltear san fhoráil sin agus toirmeasc iomlán ar chéimeanna bóthair tosaigh agus/nó críochfoirt a dhéanamh ar a chríoch i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte, ach creat do na turais sin trí na rialacha maidir le hoibríochtaí cabatáiste a chur i bhfeidhm, faoi réir maoluithe féideartha a bhaineann le síneadh a chur le fad na tréimhse cabatáiste údaraithe agus leis an tréimhse mharana a laghdú. |
|
1107 |
Ar an dara dul síos, ní cheanglaítear le hAirteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, contrártha leis an mbonn ar a bhfuil argóint Phoblacht na Polainne bunaithe, ar an bhfeithicil filleadh ar ionad oibríochtúil an ghnóthais iompair agus, dá bhrí sin, ní chuirtear cosc leis, i gcás ina dtéann Ballstát ar iontaoibh na rogha dá bhforáiltear san fhoráil sin, ar an ngnóthas sin dul i mbun oibríochtaí iompair seachas iad siúd dá dtagraítear san fhoráil sin chun turais feithiclí neamhualaithe a laghdú. |
|
1108 |
Maidir leis an gcuid eile, maidir leis an staidéar ar shrianta ar chabatáiste in iompar comhcheangailte, atá tar éis Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, nach mór measúnú a dhéanamh ar bhailíocht birt de chuid an Aontais i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar fáil do reachtóir an Aontais ar dháta glactha na reachtaíochta atá i gceist (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C‑160/20, EU:C:2022:101, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
1109 |
Ar aon nós, níor chuir Poblacht na Polainne ábharthach an staidéir sin in iúl sa chás seo, staidéar arna bhunú ar chur i bhfeidhm hipitéiseach, ina iomláine, ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte, faoin gcóras lena gclúdaítear oibríochtaí cabatáiste dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 1072/2009, míreanna (2) agus (2a) de go háirithe, sna Ballstáit uile. |
|
1110 |
Mar a áitíonn an Chomhairle, mar is ceart, is ionann an hipitéis a úsáidtear sa staidéar sin agus teorannú níos déine ar an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 92/106 ná an beart a ghlac reachtóir an Aontais in Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055. |
|
1111 |
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, i dtosach báire, nach féidir leis na Ballstáit úsáid a bhaint as an rogha dá bhforáiltear san fhoráil sin ach i gcás ‘ina bhfuil sé sin riachtanach chun mí-úsáid (Airteagal 4) a sheachaint trí sholáthar neamhtheoranta agus leanúnach seirbhísí lena ndéantar turais de bhóthar tosaigh nó críochnaitheach i mBallstát óstach mar chuid d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte’. |
|
1112 |
Ina dhiaidh sin, trína chur in iúl ‘go bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse níos faide ná an tréimhse seacht lá a leagtar síos in Airteagal 8(2) de [Rialachán Uimh. 1072/2009] agus maidir le tréimhse níos giorra ná an tréimhse ceithre lá a leagtar síos in Airteagal 8(2)(a) den Rialachán sin’, ní cheanglaítear leis an gcumhacht sin ar na Ballstáit an scéim chabatáiste dá bhforáiltear i Rialachán Uimh. 1072/2009 a chur i bhfeidhm go hiomlán ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte, ach fágtar an rogha acu an córas sin a chur i bhfeidhm ar bhealach níos solúbtha. |
|
1113 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbraitheann Poblacht na Polainne ar léiriú mícheart ar Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 i gcás ina n‑áitíonn an Ballstát sin go gcuireann an fhéidearthacht atá ar fáil do na Ballstáit, faoin bhforáil sin, tréimhse mharana a shocrú atá níos giorra ná tréimhse ceithre lá, dá bhforáiltear in Airteagal 8(2)(a) de Rialachán Uimh. 1072/2009, ar chumas na mBallstát sin na coinníollacha a bhaineann le hoibríochtaí cabatáiste a rialáil níos déine, ós rud é, tríd an tréimhse mharana idir dhá thimthriall chabatáiste a laghdú, go gceadaíonn an Ballstát a chuireann an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 2(5)(b), Rialachán 2020/1055 i bhfeidhm do tharlóirí oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte ar a chríoch níos minice ná cur i bhfeidhm na tréimhse marana dá bhforáiltear in Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055. |
|
1114 |
Ar deireadh, tá cur bhfeidhm na rogha dá bhforáiltear in Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 faoi réir rialú, ós rud é nach mór do na Ballstáit ar mhian leo úsáid a bhaint aisti, go háirithe, an Coimisiún a chur ar an eolas sula gcuireann siad na bearta náisiúnta lena mbaineann i bhfeidhm agus nach mór dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin gach cúig bliana ar a laghad, agus torthaí an athbhreithnithe sin a chur in iúl don Choimisiún. |
|
1115 |
Leanann sé ó na breithnithe roimhe seo nár shuigh Poblacht na Polainne go bhfuil Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 díréireach i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú leis an bhforáil sin. |
|
1116 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad saincheist a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh toisc í a bheith gan bhunús. |
(b) Sárú ar Airteagal 91(2) agus ar Airteagal 94 CFAE
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1117 |
Lena dara agus lena tríú saincheist arna n‑agairt i gcoinne Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, ar iomchuí é a scrúdú le chéile, áitíonn Poblacht na Polainne go sáraítear leis an bhforáil sin Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE. |
|
1118 |
I ndáil leis sin, athdhearbhaíonn an Ballstát sin na hargóintí a bhí dírithe i gcoinne na hoibleagáide maidir le feithiclí a thabhairt ar ais agus i gcoinne na tréimhse marana. |
|
1119 |
Thairis sin, áitíonn an Ballstát sin, ar an gcéad dul síos, gur sháraigh reachtóir an Aontais Airteagal 91(2) CFAE, ós rud é, trí mhainneachtain staid na dtarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh, go dtiocfadh laghdú ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe mar thoradh ar an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 maidir le hoibríochtaí cabatáiste i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte. |
|
1120 |
Thairis sin, is é is cuspóir do Threoir 92/106, i gcomhréir leis an tríú haithris ina brollach, plódú bóthair agus truailliú iompair de bhóthar a chomhrac. Trí raon feidhme Threoir 92/106 a theorannú, trí Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 a ghlacadh, sháraigh reachtóir an Aontais Airteagal 91(2) CFAE freisin, sa mhéid nár cuireadh san áireamh tionchar diúltach Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 ar oibriú trealaimh iompair. Is ar ndóigh a bheidh carnadh tráchta ar an mbonneagar bóthair agus, dá bharr, go rachaidh stát an bhonneagair sin in olcas de dheasca méadú líon na dturas folamh agus na deacrachtaí a bhainfidh le cur i gcrích na n‑oibríochtaí turais chomhcheangailte. |
|
1121 |
Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht na Polainne, trí shrianta breise ar chabatáiste a thabhairt isteach, gur sháraigh reachtóir an Aontais Airteagal 94 CFAE toisc nár chuir sé san áireamh staid na ngnóthas iompair, go háirithe iad siúd ó na Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, agus FBManna. Ní cuireadh san áireamh ach oiread an ghéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19, a chuir éifeachtaí go háirithe diúltacha ar earnáil an iompair de bhóthar, géarchéim a rinne staid na dtarlóirí ní ba dheacra arís. |
|
1122 |
Thairis sin, is fianaise í an tagairt do ‘dhumpáil shóisialta’, chun údar a thabhairt d’Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, nár cuireadh staid na ngnóthas iompair a thagann ó na Ballstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais san áireamh. Tá an mhian comhionannas iomlán coinníollacha iomaíochta a áirithiú idir gnóthais iompair sna Ballstáit go léir contrártha do choincheap na hiomaíochta féin. Is iad difríochtaí i dtáirgiúlacht agus i bhforbairt eacnamaíoch, a mbíonn leibhéil éagsúla pá mar thoradh orthu ar deireadh thiar, inneall na trádála i dtimpeallacht iomaíoch. Dá bhrí sin, léiríonn na hiarrachtaí chun rannpháirtíocht gnóthas iompair atá bunaithe i mBallstáit bheagfhorbartha i soláthar seirbhísí cabatáiste a theorannú nár cuireadh staid eacnamaíoch na ngnóthas sin san áireamh faoi dhlí na hiomaíochta. |
|
1123 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil go bhfuil an t-saincheist sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1124 |
Sa chéad áit, ba cheart a mheabhrú, mar a luadh i míreanna 935 go 935 den bhreithiúnas seo, go léirítear go bunúsach le comhlíonadh Airteagal 91(2) CFAE, lena gceanglaítear ar reachtóir an Aontais a chur san áireamh, agus bearta amhail an beart dá bhforáiltear in Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 á nglacadh aige, éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair, an oibleagáid atá ar an reachtóir sin gníomhú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta trí bhearta a ghlacadh atá iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, ar bearta iad nach dtéann go follasach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus atá comhréireach i bhfianaise an chuspóra sin. |
|
1125 |
Cinneadh cheana féin, i mír 1116 den bhreithiúnas seo, nach dtacaíonn na pléadálacha agus na hargóintí a d’ardaigh Poblacht na Polainne, lena n‑éilítear sárú, le hAirteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, ar phrionsabal na comhréireachta, leis an gconclúid gur sháraigh reachtóir an Aontais an prionsabal sin. |
|
1126 |
Ina theannta sin, sa bhreis ar an bhfíric gur diúltaíodh do na hargóintí a ardaíodh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, níor sholáthair an Ballstát sin, mar thaca leis an saincheist seo lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, aon fhianaise bhreise lena bhféadfaí a léiriú go bhfuil tionchar tromchúiseach ag an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 ar an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair, ar theip ar reachtóir an Aontais a chur san áireamh agus an rogha sin á bunú, de shárú ar Airteagal 91(2) CFAE. |
|
1127 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an tionchar ar chaighdeáin mhaireachtála agus ar fhostaíocht i réigiúin áirithe, ní chuireann Poblacht na Polainne argóintí chun cinn a bhaineann go sonrach leis an rogha sin, ach, mar is amhlaidh i gcás na ngearán a rinneadh i gcoinne na tréimhse marana, tagraíonn sí dá hargóintí maidir leis an oibleagáid a bhaineann le filleadh feithiclí, as a dtiocfadh turais bhreise, gan míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil feidhm ag iarmhairtí na hoibleagáide sin maidir leis an rogha sin freisin. |
|
1128 |
Dá bhrí sin, ní mór argóint Phoblacht na Polainne maidir le leibhéal na fostaíochta a mheas, in éagmais aon fhianaise shonrach a d’fhéadfadh bunús a thabhairt léi, mar argóint amhantrach. |
|
1129 |
Ar an dara dul síos, ní féidir go n‑éireoidh le hargóint Phoblacht na Polainne go dtiocfaidh díghrádú ar threallamh agus ar bhonneagar iompair mar thoradh ar Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 mar gheall ar mhéadú ar thurais fholmha agus oibríochtaí iompair de bhóthar amháin a chur in ionad oibríochtaí iompair chomhcheangailte ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 1106 agus 1107 den bhreithiúnas seo. Maidir leis an gcuid eile de, braitheann an argóint sin, i gcuid di, ar an tuiscint go gcuirfeadh líon shuntasach Ballstát an rogha dá bhforáiltear leis an bhforáil sin i bhfeidhm ag an am céanna, cé nach féidir talamh slán a dhéanamh di. |
|
1130 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an argóint lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 94 CFAE, is leor a mheabhrú nach mbaineann an fhoráil sin le hábhar sa chás seo, ar dá réir nach mór staid eacnamaíoch na dtarlóirí a chur san áireamh le haon bheart ‘i réimse na rátaí agus na gcoinníollacha iompair’ a dhéantar faoi chuimsiú na gConarthaí. Le hAirteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055, a mhéid a fhoráiltear leis an rogha Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 1072/2009 a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte, ní rialaítear na rátaí ná na coinníollacha a bhaineann le hiompar earraí nó paisinéirí, ach déantar foráil maidir le rogha do na Ballstáit, chun mí-úsáid a sheachaint, rialáil a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar céimeanna bóthair tosaigh agus/nó deiridh atá ina gcuid dhílis d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte den sórt sin. |
|
1131 |
Dá thoradh air sin, ní mór an dara agus an tríú saincheist a áitíonn Poblacht na Polainne i gcoinne Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 a dhiúltú toisc iad a bheith gan bhunús. |
(c) Sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1132 |
Áitíonn Poblacht na Polainne, lena saincheist is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(b) de, gur sháraigh reachtóir an Aontais, tríd an bhforáil sin a ghlacadh, Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt. |
|
1133 |
I gcomhthéacs an fhorais achomhairc sin, braitheann an Ballstát sin, i ndáil le hAirteagal 2(5)(b), ar na hargóintí céanna a leagtar amach, go bunúsach, i míreanna 990 go 1002 den bhreithiúnas seo, chun a mhaíomh nach ndearna reachtóir an Aontais anailís chuí ar iarmhairtí tromchúiseacha comhshaoil na forála sin, mar gheall ar thurais bhreise feithiclí earraí troma, lena n‑áirítear na turais fholmha a chruthódh sé agus a mbeadh méadú ar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir mar thoradh orthu. |
|
1134 |
Thairis sin, deir Poblacht na Polainne go ndeimhnítear leis an staidéar ar shrianta ar chabatáiste in iompar comhcheangailte na héifeachtaí diúltacha comhshaoil atá ag an mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 2(5) (b) de Rialachán 2020/1055 i gcomhthéacs oibríochtaí iompair chomhcheangailte agus go bhfuil sé i gcoinbhleacht le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais. |
|
1135 |
Measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1136 |
Ós rud é, i gcomhthéacs a pléadála is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid, a mhéid atá sí dírithe i gcoinne Airteagal 2(5)(b) de, ardaíonn Poblacht na Polainne, i ndáil leis an bhforáil sin, na hargóintí céanna a d’ardaigh sí i gcoinne na mbeart eile atá faoi chonspóid i Rialachán 2020/1055, tá feidhm ag na breithnithe a leagtar amach i míreanna 1011 go 1030 thuas maidir leis an oibleagáid a leagtar síos san fhoráil dheireanach sin. |
|
1137 |
Maidir leis an gcuid eile, ní mór diúltú d’éileamh Phoblacht na Polainne, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 1106, 1107 agus 1129 den bhreithiúnas seo, go mbeidh turais bhreise de mhéid a fhágfaidh go mbeidh éifeachtaí diúltacha suntasacha ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a bheith ina sárú ar cheanglais Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
1138 |
Thairis sin, tá an staidéar ar shrianta ar chabatáiste in iompar comhcheangailte bunaithe, mar a luadh i míreanna 1110 go 1114 den bhreithiúnas seo, ar chás arb ionann é agus teorannú níos déine ar chur i bhfeidhm Airteagal 4 de Threoir 92/106 ná raon feidhme na rogha dá bhforáiltear ag reachtóir an Aontais in Airteagal 2(5) (b) de Rialachán 2020/1055. |
|
1139 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú do saincheist Phoblacht na Polainne is coiteann d’fhorálacha uile Rialachán 2020/1055 atá faoi chonspóid, a mhéid atá sí dírithe ar Airteagal 2(5)(b) de, a mhéid lena gcuirtear mír 1(g) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, toisc í a bheith gan bhunús. |
|
1140 |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór an chaingean a thionscain Poblacht na Polainne (Cás C‑554/20) a dhíbhe a mhéid a iarrtar léi Airteagal 2(5)(b) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní. |
6. Conclúid maidir le Rialachán 2020/1055
|
1141 |
Is é toradh na bhforbairtí ina iomláine roimhe seo gur chóir na caingne ó Phoblacht na Liotuáine (Cás C‑542/20), ó Phoblacht na Bulgáire (Cás C‑545/20), ón Rómáin (Cás C‑547/20), ó Phoblacht na Cipire (Cás C‑550/20), ón Ungáir (Cás C‑551/20), ó Phoblacht Mhalta (Cás C‑552/20) ó Phoblacht na Polainne (Cás C‑554/20), a mhéid lena n‑éilítear Airteagal 1(3) de Rialachán 2020/1055 a chur ar neamhní, a mhéid lena gcuirtear mír (1)(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán 1071/2009, agus diúltú don chuid eile díobh. |
C. Treoir 2020/1057
|
1142 |
Féachann Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20), an Rómáin (Cás C‑548/20), an Ungáir (Cás C‑551/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑555/20), go príomha, le roinnt forálacha de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, an Treoir sin a chur ar neamhní ina hiomláine. Iarrann Poblacht na Bulgáire (Cás C‑544/20) agus Poblacht na Cipire (Cás C‑550/20) go gcuirfí an Treoir sin ar neamhní ina hiomláine. |
|
1143 |
Sa chéad háit, féachann na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine, an Rómáin, an Ungáir agus Poblacht na Polainne Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 nó forálacha áirithe dá míreanna 3 go 7 den Airteagal sin (‘na forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid’) a chur ar neamhní, a mhéid lena mbunaítear leis na forálacha sin idirdhealú idir na cineálacha oibríochtaí iompair de bhóthar agus cineálacha áirithe de na hoibríochtaí sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le hoibrithe a phostú dá bhforáiltear le Treoir 96/71. Maidir leis na caingne a thionscain Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire, a mhéid lena bhféachann siad Treoir 2020/1057 a chur ar neamhní ina hiomláine, forbraíonn siad, mar thaca leis sin, pléadálacha agus argóintí a bhaineann amháin le forálacha d’Airteagal 1 den Treoir sin agus, go háirithe, a bhaineann le míreanna 3 agus 4 den Airteagal sin. |
|
1144 |
Sa dara háit, iarrtar freisin leis an gcaingean a thionscain Poblacht na Polainne go ndéanfaí Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní, a mhéid a leagtar síos ann an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí. |
1. Forbhreathnú ar na pléadálacha
|
1145 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean le haghaidh neamhniú, go príomha, Airteagal 1(3) agus (7) de Threoir 2020/1057 nó, mar mhalairt air sin, den Treoir sin ina hiomláine (Cás C‑541/20), ardaíonn Poblacht na Liotuáine trí shaincheist dlí, lena n‑éilítear sárú, ar an gcéad dul síos, ar phrionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe, a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt, ar an dara dul síos, ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE, agus, ar an tríú dul síos, ar phrionsabal an ‘dea-dlí’. Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú, ag an éisteacht, mar a luadh cheana i mír 68 den bhreithiúnas seo, gur tharraing an Ballstát sin siar a iarratas ar Airteagal 1(7) a bhaineann le hoibríochtaí cabatáiste a chur ar neamhní. |
|
1146 |
Mar thaca lena gcaingne faoi seach chun Treoir 2020/1057 a chur ar neamhní ina hiomláine (Cásanna C‑544/20 agus C‑550/20), braitheann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire araon ar chúig saincheist a bhfuil forluí den chuid is mó eatarthu agus a bhaineann go bunúsach le hAirteagal 1(3) agus (4) den Treoir sin. Líomhnaítear sa chéad saincheist sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE agus in Airteagal 1 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Líomhnaítear leis an dara saincheist sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, a chumhdaítear in Airteagal 18 CFAE agus in Airteagail 20 agus 21 den Chairt, ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit i bhfianaise na gConarthaí, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, agus, ‘a mhéid a mheasann an Chúirt gur gá sin’, ar Airteagal 95(1) CFAE. Líomhnaítear leis an tríú saincheist sárú ar Airteagal 91(1) CFAE. Líomhnaítear leis an gceathrú saincheist sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE. Líomhnaítear leis an gcúigiú saincheist sárú ar Airteagail 34 agus 35 CFAE (an chéad chuid) agus, go príomha, ar Airteagal 58(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 91 CFAE, nó, mar mhalairt air sin, ar Airteagal 56 CFAE (an dara cuid). |
|
1147 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean chun míreanna (3) go (6) d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, den Treoir sin ina hiomláine (Cás C‑548/20), cuireann an Rómáin dhá saincheist ar aghaidh, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE, agus ar an dara dul síos, prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta, a chumhdaítear in Airteagal 18 CFAE. |
|
1148 |
Mar thaca leis na breithnithe sa chaingean lena n‑iarrtar, go bunúsach, Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 (Cás C‑551/20) a chur ar neamhní, cuireann an Ungáir saincheist amháin ar aghaidh, arna bunú ar shárú Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71. Mar thaca leis na breithnithe ón gcaingean chéanna lena n‑iarrtar, mar mhalairt air sin, Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní, ardaíonn an Ungáir dhá saincheist, arna mbunú, ar an gcéad dul síos, ar earráid fhollasach mheasúnaithe chomh maith le sárú ar phrionsabal na comhréireachta, agus, ar an dara dul síos, ar shárú phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. |
|
1149 |
Mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean chun míreanna 3, 4, 6 agus 7 d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, den Treoir sin ina hiomláine (Cás C‑555/20), cuireann Poblacht na Polainne ceithre saincheist ar aghaidh, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE, ar an dara dul síos, in Airteagal 91(2) CFAE, ar an tríú dul síos, in Airteagal 94 CFAE agus, ar an gceathrú dul síos, in Airteagal 11 CFAE agus in Airteagal 37 den Chairt. Mar thaca leis an ordú atá á lorg sa chaingean sin chun Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, an Treoir sin ina hiomláine, ardaíonn Poblacht na Polainne trí saincheist, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar an dara dul síos, prionsabal na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagal 5(4) CAE, agus, ar an tríú dul síos, Airteagal 94 CFAE. |
|
1150 |
Tar éis achoimre a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus, sa chomhthéacs sin, na cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair de bhóthar dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 a leagan amach, beidh sé riachtanach scrúdú a dhéanamh, dá réir sin, ar na héilimh sna caingne le haghaidh neamhniú ar Airteagal 1, nó ar chuid dá fhorálacha, agus ar Airteagal 9(1) den Treoir sin. |
2. Rialacha an Aontais is infheidhme maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar
|
1151 |
I dtosach báire, ba chóir a mheabhrú, mar is léir ó Airteagal 1(1) de Threoir 96/71 go bhfuil sé mar chuspóir ag an Treoir sin cosaint na n‑oibrithe ar postú a ráthú le linn a bpostaithe maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, trí fhorálacha éigeantacha maidir le dálaí oibre chomh maith le cosaint shláinte agus shlándáil na dtiománaithe a leagan síos. Chun chríocha na Treorach sin, sainmhínítear oibrí ar postú in Airteagal 2(1) di, mar oibrí a chuireann a obair i gcrích, le linn tréimhse teoranta, ar chríoch Ballstáit seachas críoch an Bhallstáit ina oibríonn sé de ghnáth. Ceanglaítear le hAirteagal 3(1) den Treoir sin ar na Ballstáit a áirithiú go ráthóidh na gnóthais lena mbaineann d’oibrithe atá ar postú ar a gcríoch, ar bhonn na córa comhionainne, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta sa Bhallstát a ndéantar an obair ar a chríoch lena gcumhdaítear na hábhair a liostaítear san fhoráil sin, lena n‑áirítear, faoi seach, i bpointí (b) agus (c) den fhoráil sin, íosfhad na saoire bliantúla le pá agus an luacha saothair. |
|
1152 |
Mar a chinn an Chúirt cheana féin, cé is moite de sholáthar seirbhísí a bhaineann le haerchriú an chabhlaigh cheannaíochta, tá feidhm ag Treoir 96/71, i bprionsabal, maidir le haon soláthar trasnáisiúnta seirbhísí a bhaineann le hoibrithe a phostú, gan beann ar an earnáil eacnamaíoch lena mbaineann seirbhís den sórt sin, lena n‑áirítear, dá bhrí sin, san earnáil iompair de bhóthar (breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C‑815/18, EU:C:2020:976, mír 33). |
|
1153 |
Baineann Treoir 2020/1057 le dhá phríomhábhar, mar is léir óna teideal féin. Ar an gcéad dul síos, leagtar síos ann rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71 agus Treoir 2014/67 maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. Ar an dara dul síos, leasaítear leis Treoir 2006/22 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais faireacháin agus Rialachán Uimh. 1024/2012. Díríonn na Ballstáit iarrthacha atá ag iarraidh go ndéanfaí Treoir 2020/1057 nó cuid di a chur ar neamhní a gcuid gníomhaíochtaí ar an gcéad cheann den dá ábhar sin. |
|
1154 |
I ndáil leis sin, agus mar is léir ó fhoclaíocht mhír 1 de, bunaítear le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057, inter alia, rialacha sonracha maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. De réir aithris 1 den Treoir sin, is é is aidhm do thabhairt isteach rialacha sonracha den sórt sin, ar thaobh amháin, dálaí oibre leordhóthanacha agus cosaint shóisialta a áirithiú do thiománaithe agus, ar an taobh eile, dálaí leordhóthanacha agus iomaíocht chóir a áirithiú do ghnóthais iompair de bhóthar, chun earnáil iompair de bhóthar atá sábháilte, éifeachtúil agus freagrach go sóisialta a chruthú. Leanann sé ón aithris sin freisin, i bhfianaise ardleibhéal shoghluaisteacht an lucht saothair in earnáil an iompair de bhóthar, go ndearna reachtóir an Aontais iarracht, trí rialacha sonracha den sórt sin a bhunú, cothromaíocht a áirithiú idir an tsaoirse chun seirbhísí trasteorann a sholáthar do na gnóthais sin, saorghluaiseacht earraí, chomh maith le dálaí oibre sásúla agus cosaint shóisialta tiománaithe. |
|
1155 |
Mar is léir ó aithris 8 de Threoir 2020/1057, agus cineál thar a bheith soghluaiste na hearnála iompair, ní bhíonn na tiománaithe, i gcodarsnacht leis na coinníollacha a bhíonn ann in earnálacha eile, ar postú i mBallstáit eile i gcomhthéacs conarthaí seirbhísí ar feadh tréimhsí fada de ghnáth. Dá bhrí sin, mar a luaitear freisin in aithrisí 2 agus 3 den Treoir sin, chun a áirithiú, sna himthosca sonracha sin, go bhfuil an tsaoirse chun seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar bunaithe ar iomaíocht chóir idir gnóthais iompair agus, dá bhrí sin, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, sonraítear sna rialacha earnála dá bhforáiltear leis an Treoir sin na himthosca ina bhfuil nó nach bhfuil tiománaithe faoi réir na rialacha maidir le hoibrithe a phostú a leagtar síos i dTreoir 96/71. |
|
1156 |
Is léir ó aithris 9 de Threoir 2020/1057 gur chinn reachtóir an Aontais na rialacha earnálacha a bhunú ar an nasc leordhóthanach a cheanglaíonn an tiománaí agus an tseirbhís a sholáthraítear ar chríoch Bhallstáit óstaigh agus, chun cur i bhfeidhm na rialacha sin a éascú, idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla d’oibríochtaí iompair i bhfianaise na céime a bhfuil nasc aige le críoch an Bhallstáit óstaigh. |
|
1157 |
Dá bhrí sin, déantar idirdhealú in Airteagal 1(3) go (7) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise aithrisí 7 go 13 den Treoir sin, idir cúig chineál oibríochtaí idirnáisiúnta iompair de bhóthar, eadhon oibríochtaí iompair déthaobhacha, oibríochtaí iompair neamh-dhéthaobhacha (‘oibríochtaí trastrádála’), oibríochtaí idirthurais, oibríochtaí iompair chomhcheangailte agus oibríochtaí cabatáiste. |
|
1158 |
Sa chéad áit, maidir le hoibríochtaí iompair déthaobhacha, mar is léir ó aithris 10 de Threoir 2020/1057, is oibríochtaí iompair iad ón mBallstát ina bhfuil an gnóthas iompair bunaithe chuig críoch Ballstáit eile nó chuig críoch tríú tír nó, os a choinne sin, oibríochtaí iompair ó Bhallstát nó ó thríú tír chuig an mBallstát ina bhfuil an gnóthas iompair bunaithe. |
|
1159 |
Faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 1(3) agus faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 1(4) de Threoir 2020/1057, d’ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir 96/71, agus iompar déthaobhach earraí nó paisinéirí á dhéanamh faoi seach, ní mheasfar tiománaí a bheith ar phost chun críocha Threoir 96/71. Sna fomhíreanna ina dhiaidh sin d’Airteagal 1(3) agus (4), déantar fhoráil i dTreoir 2020/1057 maidir le díolúintí le haghaidh gníomhaíochtaí breise, i gcás oibríochtaí iompair earraí déthaobhacha agus oibríochtaí iompair paisinéirí déthaobhacha araon. |
|
1160 |
Sa dara háit, maidir le hoibríochtaí trastrádála, is léir ó aithris 13 de Threoir 2020/1057 gurb iad saintréithe na n‑oibríochtaí sin go ndéanann an tiománaí oibríochtaí iompair idirnáisiúnta lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an gnóthas a dhéanann an postú bunaithe. Dá bhrí sin, tá difear idir oibríochtaí iompair ó Bhallstát amháin agus Ballstát bunaíochta an ghnóthais iompair nó ó thríú tír go críoch Ballstáit eile, agus ní hionann iad freisin agus an Ballstát bunaíochta sin ná críoch tríú tír. Sna cásanna sin, ní bhíonn rialacha earnáilsonracha de dhíth ach amháin maidir le riachtanais riaracháin agus bearta rialaithe. |
|
1161 |
Sa tríú háit, maidir le hoibríochtaí idirthurais, mar is léir ó aithris 11 de Threoir 2020/1057, is oibríochtaí iompair iad ina dtrasnaíonn an tiománaí críoch Ballstáit gan earraí a luchtú ná a dhíluchtú agus gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach. Foráiltear le hAirteagal 1(5) den Treoir sin nach measfar tiománaí a bheith ar postú chun críocha Threoir 96/71 agus é ag taisteal laistigh de chríoch Ballstáit. |
|
1162 |
Sa cheathrú háit, maidir le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, sainmhínítear na hoibríochtaí sin sa dara mír d’Airteagal 1 de Threoir 92/106, dá dtagraítear go sainráite i dTreoir 2020/1057, mar iompar earraí idir na Ballstáit ina n‑úsáideann an leoraí nó modhanna eile iompair earraí atá nasctha leis an leoraí an bóthar don chuid tosaigh nó don chuid deiridh den turas agus, don chuid eile, iompar d’iarnród, d’uiscebhealach intíre nó iompar muirí. Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, in ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir 96/71 nach measfar tiománaí a bheith ar postú nuair a dhéanann sé an chéim bhóthair tosaigh nó deiridh d’oibríocht iompair chomhcheangailte, más oibríochtaí iompair déthaobhacha atá sa chéim bhóthair, a dhéantar ina aonar. |
|
1163 |
Sa chúigiú háit, maidir le hoibríochtaí cabatáiste, sainmhínítear iad in Airteagal 2(6) de Rialachán Uimh. 1072/2009, arna léamh i bhfianaise aithris 15 de, mar seirbhísí a sholáthraínn tarlóir i mBallstát nach bhfuil sé bunaithe ann agus sonraítear ann nach bhfuil toirmeasc ar na hoibríochtaí sin fad nach ndéantar iad ar bhealach a chruthódh gníomhaíocht bhuan nó leanúnach laistigh den Bhallstát sin. Foráiltear le hAirteagal 1(7) de Threoir 2020/1057, i gcás ina ndéanann tiománaí iompar den sórt sin, go measfar é a bheith ar postú faoi Threoir 96/71. |
3. Airteagal 1 de Threoir 2020/1057
|
1164 |
Mar thaca lena gcaingne faoi seach chun Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 nó forálacha áirithe de mhíreanna 3 go 7 di a chur ar neamhní, líomhnaíonn Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑544/20), an Rómáin (Cás C‑548/20), Poblacht na Cipire (Cás C‑550/20), an Ungáir (Cás C‑551/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑555/20), de réir mar a bheidh, an sárú, go bunúsach ar:
|
|
1165 |
Dá bhrí sin, tá sé grúpáilte le chéile agus is san ord sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha a ardaíodh i gcoinne Airteagal 1 de Threoir 2020/1057. |
(a) Sárú ar Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1166 |
Áitíonn an Ungáir, trína saincheist aonair, go príomha, go sáraítear Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71 le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057, ar an bhforas nach dtagann tiománaithe atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar faoi raon feidhme na Treorach sin de ghnáth i bhfianaise shaintréithe sonracha na gníomhaíochta a dhéanann siad. |
|
1167 |
Sa chéad áit, faoi Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71, dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2020/1057, ní féidir infheidhmeacht an chórais maidir le postú i leith tiománaithe atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar a shamhlú ach amháin i gcás ina bhfuil caidreamh conarthach idir an gnóthas iompair a fhostaíonn iad agus faighteoir na coinsíneachta. Cé go bhfuil caidreamh conarthach den sórt sin neamhghnách i gcomhthéacs conarthaí iompair, ní cheanglaítear le Treoir 2020/1057, chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm, go dtabharfaí conradh den sórt sin i gcrích idir an gnóthas seolta agus an gnóthas a bhfuil sé dírithe air. Is leor don tiománaí teorainn náisiúnta a thrasnú. |
|
1168 |
Sa dara háit, tá dlúthbhaint ag an bpostú, de réir bhrí Threoir 96/71, le soláthar seirbhísí ag an bhfostóir sa Bhallstát óstach. Mar sin féin, i gcomhthéacs na gníomhaíochta iompair, ní dhírítear ar an tseirbhís a sholáthraíonn an tiománaí, ach ar ghluaiseacht earraí idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní gníomhaíocht í atá in ann údar cuí a thabhairt le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú a leagtar síos i dTreoir 96/71. Maidir leis an gcuid eile de, deimhníodh an argóint sin le freagairt an Aontais Eorpaigh ar an ngéarchéim de dheasca phaindéim COVID-19. Tar éis do Bhallstáit éagsúla srianta taistil a thabhairt isteach, rinne an Coimisiún idirghabháil beagnach láithreach chun a chinntiú go n‑oibreofaí iompar earraí chomh rianúil agus ab fhéidir. |
|
1169 |
Sa tríú háit, de bharr ard-shoghluaisteacht na n‑oibrithe san earnáil iompair idirnáisiúnta d’earraí de bhóthar, níorbh chóir go measfaí na tiománaithe amhail is go raibh a gcuid oibre á cur i gcrích acu i mBallstát eile ar bhonn sealadach, ach ba chóir iad a mheasadh amhail is go raibh siad ar postú leanúnach idir roinnt Ballstát. Thairis sin, ina breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Dobersberger (C‑16/18, EU:C:2019:1110), chinn an Chúirt nach féidir a mheas, i bhfianaise Threoir 96/71, go bhfuil oibrí ar postú ar chríoch Ballstáit mura bhfuil nasc leordhóthanach ag feidhmiú a chuid oibre leis an gcríoch sin. Ní fhéadfadh gearrfhanacht, nó fiú cúpla uair an chloig, i mBallstát eile nasc den sórt sin a chruthú. |
|
1170 |
Ní thugtar na breithnithe sin faoi cheist le breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976). Fiú más léir ón mbreithiúnas sin nach gcuirtear bac, i bprionsabal, ar chur i bhfeidhm Threoir 96/71 maidir le tarlóirí bóthair, is amhlaidh fós, in éagmais nasc leordhóthanach leis na Ballstáit ina ndéanann tiománaithe a gcuid oibre, nach gcomhlíonfadh go leor de sholáthar seirbhísí iompair de bhóthar na coinníollacha a bhaineann le postú a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, mar a léirigh an Chúirt sa bhreithiúnas sin. Dá bhrí sin, cé is moite den chabatáiste, ar chinn an Chúirt ina leith go raibh nasc leordhóthanach ann, níor thug an Chúirt aon fhreagra catagóiriúil i ndáil le cásanna eile, agus ní mór gach cás a mheasúnú i bhfianaise imthosca ábhartha an cháis. |
|
1171 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil an t-saincheist seo neamhéifeachtach nó gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1172 |
Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó chásdlí na Cúirte dá dtagraítear i mír 431 den bhreithiúnas seo, nach féidir, i bprionsabal, dlíthiúlacht shubstainteach gnímh reachtaíochta tánaistí a scrúdú i bhfianaise gníomh eile de chuid an Aontais a bhfuil an stádas reachtach céanna aige. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Ungáir a mhaíomh go fónta go bhfuil forálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 neamhbhailí i bhfianaise Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71. |
|
1173 |
A mhéid a mhaíonn an Ungáir, lena saincheist aonair, go bhfuil neamhréireacht líomhnaithe idir raon feidhme Threoir 96/71 agus raon feidhme Threoir 2020/1057 faoi seach, ba cheart a thabhairt faoi deara, in aon chás, nach ann don Treoir sin, is cuma cé acu an leor nó nach leor údar a thabhairt le hAirteagal 1 den Treoir sin a chur ar neamhní. Sa chéad áit, chinn an Chúirt go bhfuil feidhm ag Treoir 96/71 ar sholáthar seirbhísí idirnáisiúnta san earnáil iompair de bhóthar (féach, chuige sin, breithiúnais an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C‑815/18, EU:C:2020:976, míreanna 33 go 41, agus an 8 Iúil 2021, Rapidsped, C‑428/19, EU:C:2021:548, míreanna 34 go 36). Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí idirnáisiúnta iompair de bhóthar teacht faoi raon feidhme Threoir 96/71 ar bhonn fhorálacha na Treorach sin agus ní, mar a thugann an Ungáir le fios go mícheart, mar gheall ar ghlacadh Threoir 2020/1057. |
|
1174 |
Sa dara háit, mar a chuir an Pharlaimint in iúl, agus an ceart aici, is lex specialis í Treoir 2020/1057 i ndáil le Treoir 96/71, arb é is cuspóir don chéad Treoir sin gan raon feidhme an dara Treoir sin a leathnú, ach soiléiriú a dhéanamh ar na himthosca nach mór a mheas gur oibrithe ar postú iad tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta de bhóthar de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 96/71 agus, dá bhrí sin, go dtagann siad faoi raon feidhme na Treorach sin. |
|
1175 |
Níos sonraí ná sin, maidir le cáineadh na hUngáire ar reachtóir an Aontais as na rialacha maidir le postú a dhéanamh infheidhme freisin ar oibríochtaí iompair nach mbaineann le haon cheann de na bearta trasnáisiúnta arna mbeartú in Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71, trí ghlacadh Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, ba chóir a chur in iúl, mar a thug an Ballstát sin faoi deara é féin, déantar tagairt shonrach i dTreoir 2020/1057 don fhoráil dheireanach sin, lena bhforáiltear go bhfuil feidhm ag na rialacha sonracha maidir le postú tiománaithe dá bhforáiltear ina hAirteagal 1 ar na tiománaithe a fhostaíonn gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstát a ghlacann an beart trasnáisiúnta arna bheartú in Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71, eadhon oibrí a chur ar postú, faoina fhreagracht agus faoina stiúir, ar chríoch Bhallstáit eile, i gcomhthéacs conartha arna chur i gcrích idir an gnóthais iompair seolta agus faighteoir an tsoláthair seirbhísí ag feidhmiú sa Bhallstát sin, a mhéid is atá caidreamh oibre idir an gnóthas seolta agus an t‑oibrí le linn na tréimhse postaithe. Dá bhrí sin, is gá go mbeadh na rialacha sonracha sin gan dochar don ghá go gcomhlíonfaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(3)(a) chun go measfaí go dtagann an oibríocht iompair lena mbaineann faoi raon feidhme Threoir 96/71. |
|
1176 |
Maidir leis an argóint a chuir an Ungáir chun cinn, sa chomhthéacs sin, agus tagairt á déanamh aici do fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar phaindéim COVID-19, tá an argóint sin bunaithe, mar is léir ó mhír 1173 den bhreithiúnas seo, ar an mbonn mícheart nach raibh feidhm ag Treoir 96/71 maidir le hoibríochtaí iompair sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm. Ar an gcaoi sin, ní bhaineann an argóint sin, atá ginearálta sa chuid eile de, leis an gcreat maidir le postú tiománaithe trí dhlí an Aontais, agus ní mór diúltú don argóint sin freisin. |
|
1177 |
Sa tríú háit, ní féidir a mheas go bhfuil forálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 neamhbhailí ar an bhforas, in éagmais nasc leordhóthanach leis na Ballstáit ina ndéanann tiománaithe a gcuid oibre, nach gcomhlíonann go leor de sholáthar seirbhísí iompair de bhóthar na coinníollacha maidir le postú a thagann faoi raon feidhme Threoir 96/71, mar a léirigh an Chúirt i mbreithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976). |
|
1178 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, agus forálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 á nglacadh, gur ghlac reachtóir an Aontais cur chuige a leanann an loighic chéanna agus a lean an Chúirt sa bhreithiúnas sin. |
|
1179 |
Go háirithe, i míreanna 49, 62 agus 63 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt, i gcomhthéacs an léirithe ar Threoir 96/71, nach bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le postú a leagtar síos leis an Treoir sin, inter alia, maidir le hoibríochtaí idirthurais agus oibríochtaí iompair déthaobhacha, cé go bhfuil feidhm acu, i bprionsabal, maidir le hoibríochtaí cabatáiste a dhéantar go hiomlán laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh. |
|
1180 |
Ar an gcaoi chéanna, eisiatar le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057, i míreanna 3 agus 4, gach oibríocht iompair dhéthaobhach agus, i mír 5, gach oibríocht idirthurais ó raon feidhme Threoir 96/71, agus luaitear in Airteagal 1(7) de Threoir 2020/1057 go bhfuil feidhm ag Treoir 96/71 maidir le hoibríochtaí cabatáiste. |
|
1181 |
Thairis sin, i mír 45 de bhreithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976), chinn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, nach féidir a mheas go bhfuil oibrí ‘ar postú’ chuig críoch Bhallstáit, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 96/71, ach amháin má tá nasc leordhóthanach ag feidhmiú a chuid oibre leis an gcríoch sin agus, ar an dara dul síos, go n‑éilíonn fíorú gurb ann do nasc den sórt sin measúnú foriomlán ar na tosca go léir a bhaineann le gníomhaíocht an oibrí lena mbaineann. |
|
1182 |
Mar is léir ó aithris 9 de Threoir 2020/1057, ghlac reachtóir an Aontais rialacha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 96/71 maidir le hearnáil an iompair de bhóthar atá bunaithe freisin ar nasc leordhóthanach a bheith ann idir an tiománaí agus an tseirbhís a sholáthraítear ar chríoch Ballstáit óstaigh. Sa chomhthéacs sin, d’fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sin a éascú, bhí an reachtóir sin i bhfabhar cur chuige lena sonraítear na himthosca ina measfar nasc den sórt sin a bheith ann. |
|
1183 |
Chuige sin, ar an gcéad dul síos, shonraigh an reachtóir sin go sainráite nach mór catagóirí áirithe oibríochtaí a dhíolmhú ó na rialacha maidir le postú, eadhon, de réir an tríú fomhír go dtí an cúigiú fomhír d’Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057, líon teoranta oibríochtaí a bhaineann le hoibríocht iompair dhéthaobhach agus, de réir Airteagal 1(6) den Treoir sin, turais áirithe atá in oibríocht iompair chomhcheangailte. |
|
1184 |
Ar an dara dul síos, mar is léir, go háirithe, ó aithris 13 de Threoir 2020/1057, maidir le hoibríochtaí nach bhfuil faoi réir díolúine faoin Treoir sin, mheas reachtóir an Aontais go bhfuil nasc leordhóthanach le críoch an Bhallstáit óstaigh agus nach mór a mheas, dá bhrí sin, go bhféadfadh feidhm a bheith ag Treoir 96/71. |
|
1185 |
Ar an dara dul síos, ós rud é gur roghnaigh reachtóir an Aontais léiriú nithiúil a thabhairt ar an gcoincheap ‘nasc leordhóthanach’, ar bhraith an Chúirt air ina breithiúnais an 19 Nollaig 2019, Dobersberger (C‑16/18, EU:C:2019:1110, mír 31), agus an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976, mír 45), trí chatagóirí na n‑oibríochtaí iompair de bhóthar a ainmniú ar cheart nó nár cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le postú ina leith, ní féidir forálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 a dhéanamh neamhbhailí. Baineann réasúnaíocht na Cúirte sna breithiúnais sin le léiriú an chreata rialála toisc go raibh sé i bhfeidhm ag an am a bhí ábhartha do na díospóidí is cúis leis na breithiúnais sin, agus mar thoradh air sin go raibh sé infheidhme ag an am sin ar bhonn fhorálacha Threoir 96/71 amháin gur shoiléirigh an Chúirt a bhí i gceist le ‘nasc leordhóthanach’. Thairis sin, níor mhol an Chúirt ar bhealach ar bith gurbh é an léiriú a thug sí, sa chomhthéacs sin, ar an gcoincheap ‘nasc leordhóthanach’ an t‑aon léirmhíniú a bhí in ann forálacha na gConarthaí a chomhlíonadh. |
|
1186 |
É sin ráite, tá na breithnithe roimhe seo gan dochar don cheist, atá ina hábhar do phléadálacha eile a ardaíodh sna caingne seo, an bhfuil an bealach ar roghnaigh reachtóir an Aontais a mheas gurb ann do ‘nasc leordhóthanach’ den sórt sin i gcás gach ceann de na catagóirí idirbheart a leagtar amach in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 ag luí leis an dlí príomha. |
|
1187 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór diúltú do saincheist aonair na hUngáire a cuireadh ar aghaidh go príomha toisc í a bheith gan bhunús. |
(b) Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1188 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, lena céad saincheist, Poblacht na Bulgáire, lena dara saincheist, an Rómáin, lena dara saincheist, Poblacht na Cipire, lena dara saincheist, agus an Ungáir, lena dara saincheist mar mhalairt air sin, nach gcomhlíonann Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 na ceanglais a eascraíonn as prionsabal an neamh-idirdhealaithe. |
|
1189 |
I ndáil leis sin, áitíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire gurb é an toradh a bhíonn ar na rialacha maidir le postú a dhéanamh infheidhme maidir le hoibríochtaí trastrádála, agus oibríochtaí iompair déthaobhacha á ndíolmhú ó na rialacha sin, go gcaitear ar bhealach éagsúil le cásanna atá cosúil nó comhionann fiú, rud a sháraíonn prionsabal an neamh-idirdhealaithe. |
|
1190 |
Sa chéad áit, tá sé d’éifeacht ag an difríocht sin sa chóir idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha go ndeonaítear cosaint shóisialta do thiománaithe arna idirdhealú de réir náisiúntacht a bhfostóra agus na háite ina ndéantar na hoibríochtaí. Dá bhrí sin, cur i gcás, le haghaidh lasta luchtaithe san Iodáil a iomprófar go Frankfurt (an Ghearmáin), mheasfaí tiománaí a bheith ar postú go dtí an Ghearmáin más Portaingéilis a fhostóir, ach ní más Iodáilis an fostóir. Sa dá chás, áfach, tá an nasc le críoch na Gearmáine mar an gcéanna, ós rud é go ndéantar earraí a dhíluchtú sa Ghearmáin. Seachas go gcaitear ar bhealach éagsúil le tiománaithe de réir bealaí iompair, déantar idirdhealú fiú idir tiománaithe atá fostaithe ag an iompróir céanna. |
|
1191 |
Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire go bhfuil tionchar diúltach níos mó ag an difríocht sin sa chóir idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha ar ghnóthais a dhéanann oibríochtaí trastrádála ná ar ghnóthais a dhéanann oibríochtaí iompair déthaobhacha go príomha nó go heisiach. |
|
1192 |
Sa tríú háit, tagann an difríocht sa chóir idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha salach ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit, ós rud é go n‑imreoidh an difríocht sa chóir sin tionchar níos díobhálaí do Bhallstáit áirithe i gcomparáid le Ballstáit eile. |
|
1193 |
Sa cheathrú háit, ar deireadh, mar thoradh ar an difríocht chéanna sa chóir, bíonn ar ghnóthais iompair aghaidh a thabhairt ar chostais éagsúla pá agus riaracháin ag brath ar thír an luchtaithe nó an díluchtaithe. Moltar do na gnóthais sin, dá bhrí sin, taraifí éagsúla a ghearradh ar idirbhearta a bhaineann leis na hearraí céanna a bhaineann leis na caidrimh tráchta chéanna, ag brath ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n‑earraí a iompraítear, rud atá contrártha do mheon Airteagal 95(1) CFAE. |
|
1194 |
Áitíonn an Rómáin gurb iad na gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit ar fhorimeall an Aontais a sheasfaidh na costais riaracháin agus airgeadais a bhaineann leis an bpostú agus a dhíspreagfaí ó oibríochtaí a chur i gcrích a rialaítear le hAirteagal 1(3) go (6) de Threoir 2020/1057, ós rud é go ndéanfaí iomaíochas na ngnóthas sin a chur ar neamhní de facto. Ní ráthófar an chosaint shóisialta do na tiománaithe a thuilleadh má díbreofar na gnóthais iompair ó limistéar ar fhorimeall an Aontais ón margadh. I gcás eile, bheadh sé d’oibleagáid ar thiománaithe bogadh chuig Ballstát a bheadh lonnaithe níos fearr i gcomparáid leis an lárionad oibríochtaí iompair san Aontas. Dá bhrí sin, tagann an cheist chun cinn maidir lena mhéid atá forálacha Airteagal 1 den Treoir sin atá faoi chonspóid comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 91(2) CFAE agus in Airteagal 94 CFAE. |
|
1195 |
Thairis sin, dar leis an Rómáin, ní hamháin gurb iad forálacha ábhartha Threoir 2020/1057 ach freisin na forálacha sin is ábhar dá caingne chun Rialacháin 2020/1054 agus 2020/1055 (Cásanna C‑546/20 agus C‑547/20) a chur ar neamhní go páirteach, a mbeadh d’éifeacht acu, ina n‑aonar agus ina n‑iomláine, idirdhealú a dhéanamh ar ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh. |
|
1196 |
De réir na Rómáine, ní féidir feidhm mutatis mutandis sa chás seo a bheith ag cásdlí na Cúirte ar a raibh an Pharlaimint agus an Chomhairle ag brath, mar thoradh ar bhreithiúnais an 21 Meitheamh 2018, oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑5/16, EU:C:2018:483, mír 167), agus an 13 Márta 2019, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑128/17, EU:C:2019:194, mír 106). A mhéid is a bhaineann na forálacha den ‘Phacáiste Soghluaisteachta’ a chonspóidtear, ní hé nár cuireadh staid Ballstáit áirithe amháin san áireamh. Os a choinne sin, leis na bearta atá faoi chonspóid, déantar idirdhealú idir na Ballstáit ina dhá gcatagóir leathana de réir a suímh gheografaigh, eadhon, ar thaobh amháin, ionad fabhrach agus, ar an taobh eile, imeall faoi mhíbhuntáiste, cé go bhfuil sé i gcionmhaireachtaí éagsúla. Mar sin féin, ba cheart na difríochtaí sin a chur san áireamh sna rialacháin a ghlactar ar leibhéal an Aontais agus iarracht a dhéanamh iad a chúiteamh, trí na neamhréireanna atá ann cheana a laghdú agus trí dhíriú ar dháileadh níos aonchineálaí na dtairbhí agus na gcostas a bhaineann le ballraíocht san Aontas. |
|
1197 |
Thairis sin, glacann an Chomhairle leis, go bunúsach, go n‑éascaítear le Treoir 2020/1057 oibríochtaí iompair déthaobhacha, ach nach n‑éascaítear oibríochtaí trastrádála léi agus, dá bhrí sin, nach n‑éascaítear oibríochtaí léi a dhéanann gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá lonnaithe in oirthear na hEorpa, lasmuigh den limistéar ina bhfuil iompar idirnáisiúnta de bhóthar an Aontais Eorpaigh comhchruinnithe. |
|
1198 |
Ó thaobh na hUngáire de, áitíonn sí gur féidir, sa chleachtas, idirdhealú a dhéanamh idir dhá chineál oibríochta iompair chomhcheangailte, eadhon, ar thaobh amháin, oibríochtaí tionlactha agus, ar an taobh eile, oibríochtaí neamhthionlactha. Sa chás hipitéiseach ina dtéann an tiománaí leis an bhfeithicil agus a lastas le linn an turais ar fad, ar deireadh thiar thall, ní bheidh ach oibríocht iompair amháin ann. Ní bheadh ach an modh iompair éagsúil. Sa chás sin, chaithfí leis an oibríocht iompair chomhcheangailte, go bunúsach, ar an mbealach céanna le hoibríocht iompair dhéthaobhach, ionas go dtugann prionsabal bunúsach na córa comhionainne údar leis an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057 lena gcumhdaítear an oibríocht ar fad, eadhon an dá chéim bhóthair. |
|
1199 |
Mar sin féin, faoi Airteagal 1(6) den Treoir sin, ní mheasfar tiománaí a bheith ar postú agus oibríocht iompair chomhcheangailte á déanamh aige ach amháin i gcás inarb é atá sa chéim bhóthair, ina haonar, oibríochtaí iompair déthaobhacha, de réir bhrí Airteagal 1(3) den Treoir sin. Dá bhrí sin, rinne reachtóir an Aontais Eorpaigh oibríochtaí iompair chomhcheangailte a roinnt go saorga ina dhá chéim bhóthair, an chéad turas agus an chéim dheiridh, nach gcomhlíonann ceann amháin acu an coinníoll a bhaineann le hoibríochtaí iompair déthaobhacha. Dá bhrí sin, ós rud é nár leathnaíodh chuig oibríochtaí iompair chomhcheangailte tionlactha an díolúine dá bhforáiltear d’oibríochtaí iompair déthaobhacha, sháraigh an reachtóir sin prionsabal na córa comhionainne. |
|
1200 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
(i) Réamhbhreithnithe
|
1201 |
Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go n‑iarrann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire go ndéanfaí Treoir 2020/1057 a chur ar neamhní ina hiomláine, gur léir ó na hargóintí a chuir na Ballstáit sin chun cinn, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, go gcaitheann siad amhras go háirithe ar an idirdhealú a dhéantar in Airteagal 1(3) agus (4) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise aithris 13 di, idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha. |
|
1202 |
Sa dara háit, díríonn an argóint a chuir an Ungáir chun cinn ag iarraidh sárú ar na prionsabail sin a léiriú go hiomlán ar Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, a bhaineann le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte. |
|
1203 |
Ar deireadh, sa tríú háit, maidir leis an argóint a chuir an Rómáin chun cinn, ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑iarrann an Ballstát sin go ndéanfaí Airteagal 1(3) go (6) de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní, ag cur in iúl go bhfuil sé d’éifeacht ag na rialacha a leagtar síos ann gnóthais iompair arna mbunú ar ‘fhorimeall an Aontais’ a dhíspreagadh ó na cineálacha oibríochtaí dá dtagraítear sna forálacha sin a dhéanamh, agus béim ar leith á leagan ar na héifeachtaí diúltacha líomhnaithe ar na gnóthais sin mar thoradh ar an idirdhealú idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha. |
|
1204 |
[Mar a ceartaíodh le hordú an 19 Nollaig 2024] I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, ar an gcéad dul síos, go líomhnaíonn an Rómáin neamhniú ar Airteagal 1(5) de Threoir 2020/1057, nach maíonn an Ballstát sin ach, i dtéarmaí ginearálta, go bhfulaingíonn na Ballstáit atá suite ar‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’ idirdhealú indíreach mar gheall ar fhorálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1, gan míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh mír 5 a bheith ina cúis le míbhuntáistí do na Ballstáit sin, cé go ndeonaítear leis an bhforáil dheireanach sin don iompróir atá freagrach as oibríocht a aistrítear trí chríoch Ballstáit tairbhe a bhaint as díolúine ó na rialacha maidir le postú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos inti. D’fhéadfadh díolúine den sórt sin teorainn a chur leis an tionchar a bheadh ag an achar níos mó nó níos lú idir an Ballstát ina bhfuil an tarlóir bunaithe agus Ballstát eile ina ndéantar earraí a luchtú nó a dhíluchtú, nó ag bailiú nó iosta paisinéirí, ar an gceist an bhfuil an oibríocht iompair de bhóthar atá i gceist faoi réir na rialacha maidir le hoibrithe a phostú a leagtar síos le Treoir 96/71. |
|
1205 |
Ar an gcaoi chéanna, a mhéid, ar an dara dul síos, a thagraíonn an Rómáin d’Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, ní thugann an Ballstát sin bunús ach oiread leis an gcaoi a sáraíonn an fhoráil sin a bhaineann le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe trí mhíbhuntáiste a chur ar ghnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ‘ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh’. Leis an argóint a cuireadh chun cinn chun cineál idirdhealaitheach na bhforálacha uile in Airteagal 1 (3) go (6) de Threoir 2020/1057 a léiriú, ar dá réir nach léirítear sárú ar na prionsabail sin leis an sciar den mhargadh iompair idirnáisiúnta atá ag oibrithe atá bunaithe i mBallstáit ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’. |
|
1206 |
Sna himthosca sin, tá sé fós le scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí lena gcuirtear i leith reachtóir an Aontais go ndearna sé idirdhealú, i míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 1 den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise aithris 13 di, idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm, agus na hargóintí sonracha a chuir an Ungáir chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na rialacha sin ar iompar comhcheangailte, dá bhforáiltear in Airteagal 1(6) den Treoir sin. |
(ii) An chóir idirdhealaithe arna líomhain
|
1207 |
Is comhfhoras é go bhfuil feidhm ag forálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, a mhéid a leagtar síos leo rialacha sonracha a bhaineann le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, gan idirdhealú maidir le gach gnóthas iompair lena mbaineann, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, maidir le gach tiománaí, gan beann ar a náisiúntacht agus ar an mBallstát ina bhfuil a bhfostóir bunaithe, agus maidir leis na Ballstáit uile, ionas nach mbeidh idirdhealú díreach a thoirmisctear le dlí an Aontais i gceist léi. |
|
1208 |
Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 308 go 310 den bhreithiúnas seo, an gcuireann na forálacha sin, a mhéid a dhéantar idirdhealú leo idir na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1206 den bhreithiúnas sin, rialacha éagsúla i bhfeidhm gan údar maidir le cásanna inchomparáide, go háirithe i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú leis na forálacha sin, agus, dá bhrí sin, an ionann iad agus idirdhealú indíreach a thoirmisctear le dlí an Aontais, ar dóigh dóibh, de bharr a gcineáil féin, difear a dhéanamh do níos mó gnóthas iompair atá bunaithe i mBallstáit atá suite ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’, do na tiománaithe atá fostaithe ag na gnóthais sin agus don ghrúpa sin de Bhallstáit. |
|
1209 |
Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, ní mór measúnú a dhéanamh ar inchomparáideacht na gcásanna faoi seach atá i gceist chun comhlíonadh phrionsabal na córa comhionainne a fhíorú, inter alia, i bhfianaise ábhar agus chuspóir ghníomh an Aontais lena ndéantar an t‑idirdhealú lena mbaineann. |
|
1210 |
I ndáil leis sin, is é an cuspóir a shaothraítear le Treoir 2020/1057, mar is léir ó aithrisí 3 agus 7 di, rialacha sonracha a leagan síos, chun a chinneadh cé acu Ballstát a ráthaítear a théarmaí agus a choinníollacha fostaíochta do thiománaithe iompair de bhóthar, lena gcuirtear san áireamh na saintréithe a bhaineann le fíor-shoghluaisteacht an lucht saothair san earnáil sin agus lena mbaintear cothromaíocht amach, ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, idir dálaí sóisialta agus oibre na dtiománaithe sin a fheabhsú agus feidhmiú na saoirse chun seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar bunaithe ar iomaíocht chóir idir gnóthais iompair a éascú. |
|
1211 |
Is i gcomhthéacs an chuspóra ghinearálta sin a shaothraítear le Treoir 2020/1057, mar is léir ó aithris 9 den Treoir sin, cuspóir sonrach fhorálacha Airteagal 1 di, lena sonraítear na himthosca ina bhfuil nó nach bhfuil tiománaithe faoi réir na rialacha maidir le postú fadtéarmach a leagtar síos i dTreoir 96/71. |
|
1212 |
Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise an chuspóra sin, an ndearna reachtóir an Aontais, in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, cóir idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí trastrádála agus iompair chomhcheangailte i gcomparáid le hoibríochtaí iompair déthaobhacha. |
– An chóir idirdhealaitheach líomhnaithe a chuirtear ar oibríochtaí iompair trastrádála i gcomparáid le hoibríochtaí iompair déthaobhacha
|
1213 |
Sa chéad áit, maidir leis an gcóir idirdhealaitheach líomhnaithe idir na gnóthais iompair agus na tiománaithe a fhostaíonn siad agus lena ndéanann siad oibríochtaí trastrádála nó oibríochtaí iompair déthaobhacha, ba cheart a mheabhrú go n‑eascraíonn sé as forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, go háirithe, as an gcéad fhomhír d’Airteagal 3 di agus as an gcéad fhomhír d’Airteagal 4 di, arna léamh i bhfianaise aithris 13 di, nach measfar tiománaí a dhéanann oibríochtaí iompair déthaobhacha amhail is go bhfuil sé ar postú, de réir bhrí Threoir 96/71, ós rud é go measfar tiománaí a dhéanann oibríochtaí trastrádála, i bprionsabal, mar a bheith amhlaidh. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 1(3), an tríú fomhír go dtí an cúigiú fomhír, agus Airteagal 1(4), an tríú agus an ceathrú fomhír, de Threoir 2020/1057 go bhfuil feidhm ag na díolúintí i gcomhair oibríochtaí iompair déthaobhacha dá bhforáiltear lena míreanna ag gníomhaíochtaí breise gaolmhara leis na hoibríochtaí sin freisin. |
|
1214 |
Dá bhrí sin, tá an difríocht sa chóir a eascraíonn, chun críocha chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú, as na forálacha sin de Threoir 2020/1057 idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí iompair lena mbaineann, a ndéantar idirdhealú orthu leis an nasc idir an tiománaí agus an tseirbhís a sholáthraítear, ar thaobh amháin, agus críoch an Bhallstáit óstaigh agus críoch an Bhallstáit bunaíochta, ar an taobh eile. De bhrí, i gcás oibríocht iompair dhéthaobhach, go bhfuil dlúthnasc idir cineál na seirbhíse agus an Ballstát bunaíochta, ní hamhlaidh atá i gcás oibríocht iompair trastrádála, ina ndéanann an tiománaí oibríochtaí ó thír amháin go tír eile, nach é an Ballstát bunaíochta aon cheann díobh. |
|
1215 |
Dá bhrí sin, níl oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha inchomparáide i bhfianaise an chuspóra a shaothraítear le Treoir 2020/1057 agus, go sonrach, i bhfianaise chuspóir na rialacha a leagtar síos in Airteagal 1 den Treoir sin, dá dtagraítear i míreanna 1210 agus 1211 den bhreithiúnas seo. De thoradh air sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 1086 dá Thuairim, níl na tiománaithe ná na gnóthais iompair a luaitear sa dá chatagóir oibríochtaí iompair i staid inchomparáideach i ndáil leis an gcuspóir deireanach sin. |
|
1216 |
Ní chaitear amhras ar an gconclúid sin leis na samplaí sonracha d’oibríochtaí iompair arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit iarrthacha a shuíonn, de réir an dara ceann, go bhféadfaidh beirt tiománaithe éagsúla obair den chineál céanna a dhéanamh, ag obair, de réir mar a bheidh, don ghnóthas céanna, ach, mar gheall ar fhorálacha conspóideacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, nach bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta céanna agus, go háirithe, an ráta céanna luacha saothair ag an mbeirt tiománaithe sin. |
|
1217 |
I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara go bhfuil an argóint sin bunaithe ar an mbonn mícheart nach mór an measúnú ar inchomparáideacht chásanna faoi seach na dtiománaithe sin chun cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú a chinneadh a dhéanamh ar bhonn chineál a gcuid oibre amháin, cé, mar is léir ó na breithnithe roimhe seo, gurb é an nasc idir an tiománaí lena mbaineann agus an tseirbhís a sholáthraítear don Bhallstát bunaíochta nó don Bhallstát óstach atá, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú leis na forálacha atá á gconspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, ábhartha chun críocha an mheasúnaithe sin. |
|
1218 |
In aon chás, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil lánrogha leathan ag reachtóir an Aontais, mar is léir ó mhír 247 den bhreithiúnas seo, maidir leis an gcomhbheartas iompair a shainiú, lena n‑áirítear na bearta dá bhforáiltear le Treoir 2020/1057. Is éard atá i gceist leis an dara ceann, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, roghanna polaitiúla agus measúnuithe casta ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na mbeart sin. |
|
1219 |
Dá bhrí sin, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh as prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe a shárú ar an bhforas amháin gur roghnaigh sé, agus an lánrogha leathan sin á feidhmiú aige, critéir ghinearálta a leagan síos chun a mheas an bhfuil nasc leordhóthanach ann idir an tseirbhís iompair a sholáthraítear agus críoch an Bhallstáit óstaigh, seachas an cúram a fhágáil faoi na gníomhaithe lena mbaineann a fhíorú gurb ann do nasc den sórt sin i ngach cás sonrach. |
|
1220 |
Ar an dara dul síos, maidir le hidirdhealú líomhnaithe a bheith ann idir na Ballstáit de shárú ar phrionsabal na córa comhionainne eatarthu os comhair na gConarthaí, a chumhdaítear in Airteagal 4(2) CAE, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh an t‑idirdhealú a bhunaítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus oibríochtaí trastrádála difear níos mó a dhéanamh do roinnt Ballstát ná a chéile. |
|
1221 |
Ós rud é go bhfuil comhthuiscint ann idir na páirtithe go bhfuil sciar suntasach den éileamh sa mhargadh iompair comhchruinnithe níos mó sna Ballstáit ag ‘lár an Aontais’, d’fhéadfadh sé gurb iad na gnóthais iompair atá bunaithe, de réir na mBallstát iarrthach, ar ‘fhorimeall an Aontais’ na gnóthais sin a dhéanann formhór na n‑oibríochtaí iompair trastrádála san Aontas Eorpach agus, dá bhrí sin, is minice atá faoi réir na rialacha maidir le postú, cé go ndéanann a n‑iomaitheoirí atá bunaithe níos mó ag ‘lár an Aontais’ oibríochtaí iompair déthaobhacha go príomha nó go heisiach. |
|
1222 |
Bíodh sin mar atá, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, de réir an chásdlí arna lua i mír 332 den bhreithiúnas seo nach féidir gníomh de chuid an Aontais arb é is cuspóir dó rialacha na mBallstát a chomhionannú, a mhéid atá feidhm chomhionann aige maidir leis na Ballstáit uile, a mheas mar ghníomh idirdhealaitheach, ós rud é gur cinnte go mbeidh éifeachtaí éagsúla ag gníomh comhchuibhithe den sórt sin ag brath ar staid na ndlíthe agus na gcleachtas náisiúnta éagsúil roimhe sin. |
|
1223 |
Sa chás seo, trí rialacha earnála a ghlacadh maidir le hoibrithe a phostú a bhfuil sé beartaithe iad a chur chun feidhme ar fud an Aontais Eorpaigh chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, d’fhéach reachtóir an Aontais le cothromaíocht a bhaint amach, mar is léir ó aithrisí 3, 7 agus 9 de Threoir 2020/1057, idir, ar thaobh amháin, dálaí sóisialta agus oibre tiománaithe a fheabhsú agus, ar an taobh eile, feidhmiú na saoirse chun seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar bunaithe ar iomaíocht chóir idir gnóthais iompair a éascú. |
|
1224 |
Sa chomhthéacs sin, is é atá sa chur chuige ná idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha oibríochtaí iompair éagsúla chun críocha chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú, i bhfad ó ionsaí a dhéanamh do chothromaíocht idir na Ballstáit, a mhalairt air sin, mar is léir, go bunúsach, ó aithris 4 den Treoir sin, leigheastar an t‑idirdhealú sa chóir a bhíodh ann roimhe sin, de bharr difríochtaí idir na Ballstáit maidir le léiriú, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na bhforálacha ab infheidhme sular tugadh an Treoir sin i bhfeidhm, difríochtaí a chuireadh ualach trom riaracháin ar na tiománaithe agus ar na gnóthais iompair. |
|
1225 |
Ar an dara dul síos, ní eascraíonn an difríocht a d’fhéadfadh a bheith idir tionchar na bhforálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 ar na Ballstáit de réir an bhfuil siad lonnaithe ag ‘lár an Aontais’ nó ar ‘fhorimeall an Aontais’, dá dtagraítear i míreanna 1220 agus 1221 den bhreithiúnas seo, as cineál idirdhealaitheach líomhnaithe an idirdhealaithe idir oibríochtaí iompair trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha, ach, go bunúsach, as an tsamhail ghnó arna roghnú ag gnóthais iompair atá bunaithe i mBallstáit áirithe, a mhéid is dóchúla go n‑aicmeofar oibríochtaí iompair arna ndéanamh ag gnóthais iompair a sholáthraíonn formhór a gcuid seirbhísí nó a gcuid seirbhísí go léir i mBallstáit atá i bhfad i gcéin ón mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, is cuma cén Ballstát ina bhfuil siad bunaithe, mar oibríochtaí trastrádála agus, dá bhrí sin, go mbeidh siad faoi réir na rialacha maidir le postú. |
|
1226 |
Is fíor gur dócha go gcuirfeadh cur i bhfeidhm na rialacha sin ualach níos mó ar fhostóirí a sholáthraíonn seirbhísí iompair trastrádála sna Ballstáit ina bhfuil an leibhéal cosanta sóisialta, go háirithe luach saothair, níos airde ná mar atá ina mBallstát bunaíochta. |
|
1227 |
Mar sin féin, tá iarmhairt den sórt sin ina gné dhílis de na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2020/1057, lena bhféachtar go sonrach le hiomaíocht chóir a áirithiú idir gnóthais iompair trína áirithiú go dtugann tiománaithe a sholáthraíonn seirbhís iompair a bhfuil nasc leordhóthanach acu le críoch Ballstáit óstaigh téarmaí agus coinníollacha fostaíochta atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le tiománaithe eile a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin sa chríoch sin freisin. Thairis sin, is gné dhílis é an fíoras go bhféadfaí difear níos mó a dhéanamh do leasanna gníomhaithe áirithe ná do leasanna gníomhaithe eile chun cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna iomaíocha éagsúla, ar saintréith de ghníomhaíocht reachtach é. Dá bhrí sin, sa chás seo, ní fhéadtar iarmhairt amhail sin a scaradh ón gcuspóir a shaothraítear leis an Treoir sin lena bhféachtar dálaí sóisialta agus oibre na dtiománaithe a fheabhsú agus iomaíocht chóir idir na gnóthais iompair a áirithiú. |
|
1228 |
Thairis sin, mar a cuireadh in iúl i mír 322 den bhreithiúnas seo, ní féidir foráil de dhlí an Aontais a mheas, inti féin, mar fhoráil atá contrártha do phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar an bhforas amháin go bhfuil iarmhairtí éagsúla ag baint léi d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe, i gcás ina bhfuil an staid sin mar thoradh ar dhálaí oibriúcháin éagsúla ina gcuirtear iad, go háirithe mar gheall ar a suíomh geografach, seachas mar gheall ar neamhionannas sa dlí atá ina dhlúthchuid den fhoráil atá faoi chonspóid. |
|
1229 |
In aon chás, fiú má fhágtar le forálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá faoi chonspóid go gcaitear ar bhealach éagsúil le cásanna inchomparáide, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 308 den bhreithiúnas seo, bheadh údar oibiachtúil leis an gcóir sin de bharr na gcuspóirí atá á saothrú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, i gcomhréir le hAirteagal 90 CFAE. Áirítear ar na cuspóirí sin, inter alia, dálaí fostaíochta a fheabhsú, dá dtagraítear sa bhrollach a ghabhann le CFAE agus sa chéad mhír d’Airteagal 151 CFAE, agus cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú, dá dtagraítear in Airteagal 9 agus sa chéad mhír d’Airteagal 151 de. |
|
1230 |
Sa tríú háit, maidir leis an argóint shonrach a chuir Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire chun cinn, lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 95(1) CFAE, ba cheart a mheabhrú go dtoirmeasctar leis an bhforáil sin, i dtrácht laistigh den Aontas, ‘idirdhealú arb é atá ann cur i bhfeidhm rátaí agus coinníollacha éagsúla iompair ag iompróir, i leith na n‑earraí céanna, i ndáil leis an gcaidreamh tráchta céanna, mar gheall ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n‑earraí arna n‑iompar’. |
|
1231 |
A mhéid a áitíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire go spreagfar tarlóirí chun taraifí éagsúla a ghearradh ar na hearraí céanna agus ar na turais chéanna ag brath ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n‑earraí sin, chun na costais éagsúla pá agus riaracháin a eascraíonn as forálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid a chomhlíonadh, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé beartaithe leis na forálacha sin dálaí oibre sásúla agus cosaint shóisialta mhéadaithe a áirithiú do thiománaithe trí na critéir a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. Dá bhrí sin, ní rialaíonn na forálacha sin ar bhealach ar bith rátaí ná coinníollacha iompair iontu féin agus ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go dtagann siad faoi raon feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 95(1) CFAE. |
|
1232 |
Ar an dara dul síos, mar is léir ó mhíreanna 1213 go 1224 den bhreithiúnas seo, níl an difríocht a bhunaítear in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú chuig oibríochtaí iompair déthaobhacha agus chuig oibríochtaí iompair trastrádála bunaithe ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n‑earraí atá i gceist, ach ar an bhfíoras nach bhfuil an nasc céanna ag an tseirbhís a sholáthraítear i gcomhthéacs an dá chineál oibríochta sin leis an mBallstát bunaíochta. |
|
1233 |
Sa cheathrú háit, a mhéid a mhaíonn an Rómáin, sa dara saincheist dá caingean, lena líomhnaítear go foirmiúil sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, sárú ar Airteagal 91(2) agus ar Airteagal 94 CFAE, ní féidir a hargóintí a dhealú ón méid a chuir Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire ar aghaidh i gcomhthéacs an cheathrú saincheist ina gcaingne faoi seach agus leis an méid a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh i gcomhthéacs an dara agus an tríú saincheist ina caingean. Dá bhrí sin, scrúdófar an argóint sin sa chomhthéacs sin. |
|
1234 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní féidir a mheas go sáraítear leis an gcur chuige a ghlac reachtóir an Aontais in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, arb é atá ann, go ginearálta, idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair ar bhonn an nascfhachtóra idir an tiománaí agus an tseirbhís a sholáthraítear, ar thaobh amháin, agus críoch an Bhallstáit óstaigh nó críoch an Bhallstáit bunaíochta, prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, ar an taobh eile, chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm agus, go háirithe, chun na rialacha sin a dhéanamh infheidhme maidir le hoibríochtaí trastrádála, agus oibríochtaí iompair déthaobhacha agus gníomhaíochtaí gaolmhara breise áirithe á ndíolmhú ó na rialacha sin ag an am céanna. |
– An chóir idirdhealaitheach líomhnaithe a chuirtear ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte i gcomparáid le hoibríochtaí iompair déthaobhacha
|
1235 |
Maidir lena hargóint i leith Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, maidir leis an iompar comhcheangailte, áitíonn an Ungáir, nuair a théann an tiománaí céanna leis an bhfeithicil agus an lastas ar feadh na tréimhse iomláine d’oibríocht iompair chomhcheangailte, is oibríocht iompair déthaobhach an oibríocht sin, de chineál amhail is gur féidir dhá thuras de bhóthar leas a bhaint as an ndíolúine ó na rialacha maidir le postú, ós rud é nach n‑athraítear ach an modh iompair idir na codanna éagsúla d’oibríocht iompair chomhcheangailte den sórt sin. Dá bhrí sin, tá an argóint sin bunaithe ar an mbonn go bhfuil oibríocht iompair chomhcheangailte den sórt sin, ina hiomláine, inchomparáide le hoibríocht iompair dhéthaobhach, i bhfianaise an chuspóra a shaothraítear leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057. |
|
1236 |
I ndáil leis sin, is léir ón sainmhíniú in Airteagal 1 de Threoir 92/106, dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, gurb ionann oibríochtaí iompair chomhcheangailte agus iompar earraí idir na Ballstáit dá n‑úsáidtear an bóthar don chuid thosaigh nó don chuid dheireanach den turas, agus go n‑úsáidtear turas iarnróid, turas ar uiscebhealaí intíre nó turas muirí a théann thar achar íosta don chuid eile den turas. |
|
1237 |
Mar is léir óna teideal féin, is é is cuspóir do Threoir 2020/1057 rialacha sonracha a leagan síos maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar amháin. Ar an gcaoi chéanna, mar is léir ó mhír 1210 den bhreithiúnas seo, is é an cuspóir atá á shaothrú leis an Treoir sin, agus go háirithe le hAirteagal 1 di, rialacha a leagan síos chun a chinneadh cén Ballstát a ráthaítear a théarmaí agus a choinníollacha fostaíochta do thiománaithe a chuireann saintréithe na hearnála sin san áireamh, ós rud é go mbraitheann cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú do thiománaí ar leith ar nasc leordhóthanach a bheith ann idir an tiománaí sin agus an tseirbhís a sholáthraíonn sé ar chríoch an Bhallstáit óstaigh. |
|
1238 |
Ón taobh sin de, le hAirteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, a bhaineann leis an gcóireáil nach mór a thabhairt do chéimeanna bóthair atá mar chuid d’oibríocht iompair chomhcheangailte, díolmhaítear ó na rialacha maidir le postú an chéim bhóthair thosaigh nó dheiridh d’oibríocht den sórt sin i gcás inarb é atá sa chéim bhóthair sin, ina haonar, oibríochtaí iompair déthaobhacha, de réir bhrí Airteagal 1(3) den Treoir sin. |
|
1239 |
Ba cheart a mheabhrú go bhfuil lánrogha leathan ag reachtóir an Aontais, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 247 den bhreithiúnas seo, maidir leis an gcomhbheartas iompair a shainiú, lena n‑áirítear na bearta dá bhforáiltear le Treoir 2020/1057. Is éard atá i gceist leis an dara ceann, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, roghanna polaitiúla agus measúnuithe casta ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na mbeart sin. |
|
1240 |
Dá bhrí sin, agus ag féachaint don chásdlí dá dtagraítear i mír 309 den bhreithiúnas seo, ónar léir nach mór measúnú a dhéanamh ar inchomparáideacht na gcásanna faoi seach atá i gceist i bhfianaise chuspóir agus chuspóirí ghníomh dhlí an Aontais atá le léiriú, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh as a mheas, agus an discréid sin á feidhmiú, nach bhféadfar ach na codanna sin d’oibríocht iompair chomhcheangailte a dhéantar de bhóthar seachas an oibríocht dheireanach sin ina hiomláine a láimhseáil mar oibríocht iompair dhéthaobhach chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm. |
|
1241 |
Ní chaitear amhras ar an gcinneadh sin leis an argóint go mbeadh sé saorga oibríocht iompair chomhcheangailte a dheighilt ina dhá chéim bhóthair ar leith i gcás ina ndéanann an tiománaí céanna an t‑iompar, don oibríocht sin ina hiomláine. I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar go bhféadfadh an tiománaí céanna a bheith in éineacht le hearraí le linn thréimhse na hoibríochta sin, ós rud é go bhfuil comhthuiscint ann nach dtagann ceann de na modhanna iompair lena mbaineann an oibríocht chéanna faoi raon feidhme Threoir 2020/1057, arb é is cuspóir di rialacha sonracha a leagan síos maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar amháin. |
|
1242 |
Ní thugtar amhras ach oiread ar an gcinneadh a leagtar amach i mír 1240 den bhreithiúnas seo toisc gur cheart, i gcás inarb iomchuí, oibríocht iompair chomhcheangailte a mheas mar oibríocht aonair chun críocha seachas na críocha sin a bhfuil na rialacha a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 leagtha síos ina leith. Fiú dá mba amhlaidh an cás, ní léiríonn imthosca den sórt sin gur thug reachtóir an Aontais, i bhfianaise a lánrogha leathan agus an comhbheartas iompair á shainiú aige, neamhaird ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe trína mheas nach féidir ach na codanna sin d’oibríocht iompair chomhcheangailte a dhéantar de bhóthar a láimhseáil ar an mbealach céanna le hoibríocht iompair dhéthaobhach chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm. |
|
1243 |
Ar deireadh, níl i gceist leis an bhfíric nach meastar ach ceann amháin den dá chéim bhóthair d’oibríocht iompair chomhcheangailte a bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(3) den Treoir sin, chun leas a bhaint as díolúine faoin bhforáil sin, ach iarmhairt ar shaintréithe sonracha gach ceann de na turais sin a chur san áireamh. Mar is léir ó aithris 12 den Treoir sin, i gcás ina bhféadfaí céim bhóthair den sórt sin, ina haonar, a chomhshamhlú le hoibríocht iompair dhéthaobhach, tá dlúthnasc idir cineál na seirbhíse a sholáthraítear le linn na céime bóthair sin agus an Ballstát bunaíochta, rud a thugann údar le síneadh a chur leis an díolúine dá bhforáiltear i mír 3 den chéim bhóthair sin. |
|
1244 |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ní mór a mheas, mura gcaitear le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, i gcás ina dtéann an tiománaí céanna leis an bhfeithicil agus lena lasta, leis na hoibríochtaí iompair déthaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057, nár sháraigh reachtóir an Aontais prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. |
|
1245 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar na breithnithe sin le héileamh na Rómáine, lena líomhnaítear an éifeacht idirdhealaitheach fhoriomlán a eascraíonn as na forálacha go léir a thagann faoin ‘bPacáiste Soghluaisteachta’, atá ina ábhar do na trí chaingean arna dtionscnamh ag an mBallstát sin i gCásanna C‑546/20 go C‑548/20. Is leor a chur in iúl nár léirigh an Rómáin, i gCás C‑548/20, go n‑eascraíonn an t‑idirdhealú as Treoir 2020/1055 agus go ndearnadh scrúdú ar argóintí de chuid an Bhallstáit sin ina leith atá i gcoinne Rialacháin 2020/1054 agus 2020/1055 cheana i gcomhthéacs na caingne maidir le Cásanna C‑546/20 agus C‑547/20, ar diúltaíodh dóibh. |
|
1246 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad saincheist de chuid Phoblacht na Liotuáine, don dara saincheist de chuid Phoblacht na Bulgáire, don dara saincheist de chuid na Rómáine, don dara saincheist de chuid Phoblacht na Cipire agus don dara saincheist de chuid na hUngáire a cuireadh ar aghaidh mar mhalairt air sin toisc iad a bheith gan bhunús. |
(c) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta
|
1247 |
Maíonn Poblacht na Liotuáine, lena dara agus lena tríú saincheist, Poblacht na Bulgáire, lena céad saincheist, an Rómáin, lena céad saincheist, Poblacht na Cipire, lena céad saincheist, an Ungáir, lena céad saincheist mar mhalairt air sin, agus Poblacht na Polainne, lena céad saincheist, nach gcomhlíonann Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 nó forálacha áirithe de na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta. |
|
1248 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn na Ballstáit sin go ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht na bhforálacha in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, go háirithe mar gheall ar easpa measúnú tionchair a bhaineann leis an leagan deiridh de na forálacha sin nó de chuid díobh. Go háirithe, cé go líomhnaítear go foirmiúil leis an tríú saincheist ó Phoblacht na Liotuáine go ndearnadh sárú ar phrionsabal an ‘dea-dlí’ agus na ‘ceanglais riachtanacha nós imeachta’, is léir ó na hargóintí a cuireadh chun cinn mar thaca leis an taincheist sin go bhféachann an Ballstát sin, i ndáiríre, le sárú ar phrionsabal na comhréireachta a léiriú ar an bhforas nach ndearnadh measúnú cuí ar éifeachtaí Airteagal 1(3) den Treoir sin. Ar an gcaoi chéanna, i ndáil leis sin, cé go n‑éilíonn an Ungáir go foirmiúil, i gcomhthéacs a céad saincheist mar mhalairt air sin, earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ní fhéachann a hargóintí sa chomhthéacs sin ach le sárú ar an bprionsabal deireanach sin a léiriú. |
|
1249 |
Ar an dara dul síos, áitíonn na Ballstáit sin, seachas an Ungáir, an chomhréireacht a bhaineann le roinnt critéar nó na critéir ar fad arna leagan síos in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 chun na suíomhanna ina mbíonn na rialacha maidir le postú infheidhme ar thiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar a chinneadh. |
(1) An ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057
(i) Argóint na bpáirtithe
|
1250 |
Meabhraíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire gur chinn reachtóir an Aontais na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí trastrádála gan tairseach ama, agus oibríochtaí iompair déthaobhacha a dhíolmhú ó na rialacha sin ag an am céanna. Ní dhearna an Pharlaimint ná an Chomhairle aon mheasúnú tionchair ar an reachtaíocht sin, cé gur iarr roinnt Ballstát anailís den sórt sin roinnt uaireanta, nó aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh a dheimhniú go raibh an difríocht sin sa chóir idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus trastrádála comhréireach. Go deimhin, rinneadh foráil sa togra le haghaidh Treoir maidir le postú atá beartaithe maidir le cur chuige a bheadh an‑difriúil ar fad. |
|
1251 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine go sáraítear le hAirteagal 1(3) de Threoir 2020/1057 prionsabal an ‘dea-dlí’, sa mhéid is nach ndearnadh measúnú ceart ar éifeachtaí na forála sin. |
|
1252 |
Cuireann an Ballstát sin in iúl, ina leith sin, faoi Airteagal 11(3) CAE, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, dul i gcomhairle go forleathan leis na páirtithe lena mbaineann. Le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, forchuirtear oibleagáid chomhchosúil ar an gCoimisiún dul i gcomhairle go forleathan. Is amhlaidh atá i gcás Airteagal 5 den Phrótacal sin, lena bhforáiltear go luafar i ndréachtghníomhartha reachtacha na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe i bhfianaise phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus lena gceanglaítear nach mór faisnéis mhionsonraithe a bheith in aon dréachtghníomh reachtach lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal sin, ar faisnéis í óna leanann sé nach mór a chur san áireamh sna dréachtaí sin an gá atá lena áirithiú go n‑íoslaghdófar aon ualach ar oibreoirí eacnamaíocha agus go mbeidh sé i gcomhréir leis an gcuspóir atá le baint amach. Thairis sin, faoin gComhaontú Idirinstitiúideach, is faoin gCoimisiún atá sé measúnú tionchair a dhéanamh ar a thionscnaimh reachtacha ar dócha go mbeidh tionchar suntasach eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta acu. |
|
1253 |
Is fíor go bhféadfadh sé a bheith indéanta gan measúnú tionchair a dhéanamh i gcásanna áirithe. Sa chás seo, áfach, ní raibh aon chúis oibiachtúil ann le measúnú tionchair a bheith in easnamh agus, thairis sin, níor luaigh institiúidí an Aontais na cúiseanna lena gcinneadh gan anailís den sórt sin a dhéanamh. Níl ábhar ag breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑482/17, EU:C:2019:1035), a mhaíonn an Chomhairle, sa chás seo, toisc go ndearnadh measúnú tionchar sa chaingean as a d’eascair an breithiúnas sin, amhail is nach ndearnadh scrúdú, sa chás seo, ar thionchar na bhforálacha a chonspóidtear. |
|
1254 |
Dar le Poblacht na Liotuáine, ní féidir oiriúnacht agus riachtanas na measúnuithe tionchair a léiriú mar chuid de mheasúnú suibiachtúil amháin, ag brath go heisiach ar thoil reachtóir an Aontais. Os a choinne sin, ba cheart an measúnú sin a bheith bunaithe ar shonraí oibiachtúla atá ann cheana, ós rud é gurb é an t‑aon bhealach é chun a áirithiú nach mbainfidh an reachtóir sin mí-úsáid as a lánrogha. |
|
1255 |
Go bunúsach, déanann an Rómáin cáineadh den chineál céanna ar Airteagal 1(3) go (6) de Threoir 2020/1057. Áitíonn sí, go háirithe, nach leor na doiciméid ina ndéantar anailís go heisiach ar an ngá atá le hidirghabháil reachtach i réimse an phostaithe. Ní féidir sainaithint na réiteach is gá agus is iomchuí chun dul i ngleic leis na heasnaimh a aimsíodh a bhunú ar mheasúnú ar an staid atá ann cheana ar an margadh iompair amháin. Ba cheart measúnú fíor cuimsitheach a dhéanamh freisin ar iarmhairtí ionchasacha na mbeart atá beartaithe. I ndáil leis sin, ós rud é gur thug an Coimisiún le fios, le linn an phróisis reachtaigh, go n‑áirithítear le cur chuige reachtóir an Aontais an cuspóir céanna leis an togra le haghaidh Treoir maidir le ‘postú’, ní leigheas é sin ar mheasúnú tionchair a bheith in easnamh. |
|
1256 |
Áitíonn Poblacht na Polainne, sa chás seo, nach dtugtar le fios le haon rud go raibh na sonraí riachtanacha ag an bParlaimint ná ag an gComhairle ionas gurbh fhéidir leo measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na bhforálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 a chonspóidtear ar an gcomhshaol, ar staid eacnamaíoch na dtarlóirí éagsúla agus ar an earnáil ina iomláine. Maidir leis na héifeachtaí eacnamaíocha, go háirithe, bheadh ar tharlóirí costais arda a sheasamh toisc, ar thaobh amháin, gur gá luach saothair na dtiománaithe a choigeartú do na taraifí atá i bhfeidhm sna Ballstáit a thrasnaítear. De réir na faisnéise sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 9 agus 10), tá difríochtaí bunúsacha idir na Ballstáit maidir le leibhéil phá na dtiománaithe. Tá na hualaí sin díréireach i ndáil leis na sochair a fhabhraíonn do thiománaithe agus i dtéarmaí iomaíochta córa i gcás ina bhfuil oibríochtaí iompair sa Bhallstát lena mbaineann annamh nó neamhshuntasach, go háirithe mar gheall ar a ré. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh suas le EUR 14,000 in aghaidh na bliana a bheith sna costais riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha náisiúnta an Bhallstáit óstaigh maidir le pá tiománaithe i gcás tarlóir aonair, gan costais na seiceálacha agus na fíneálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a áireamh. |
|
1257 |
Cuirfear srian leis na costais arda agus na deacrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí iompair trastrádála agus oibríochtaí cabatáiste ar líon na gcineál oibríochtaí siúd, rud a imreoidh tionchar ar mhéadú turais fholmha agus, lena chois sin, as a thiocfaidh ísliú ginearálta ar an gcaighdeán slándála san iompar de bóthar ar na príomhbhealaí cumarsáide laistigh den Aontas i dteannta le ísliú sa chomhlíonadh iompair de bhóthar. Bheadh méadú ar astaíochtaí truailleán mar thoradh air sin freisin. |
|
1258 |
Áitíonn an Ungáir ar bhonn na gcúiseanna ar ionann iad go bunúsach leo siúd a rinneadh achoimre orthu i míreanna 1250 go 1257 den bhreithiúnas seo gur ionann easnamh measúnaithe tionchair agus earráid fhollasach mheasúnaithe ó reachtóir an Aontais agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
|
1259 |
Go háirithe, i dteachtaireacht an 15 Aibreán 2020 (Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 294(6) [CFAE] maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le rialachán a ghlacadh lena leasaítear Rialachán Uimh. 1071/2009, Rialachán Uimh. 1072/2009 agus Rialachán Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil; rialachán lena leasaítear Rialachán Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif; agus treoir lena leasaítear Treoir 2006/22 maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71 agus Treoir 2014/67 maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 1024/2012 [(COM (2020) 151 críochnaitheach]), mheas an Coimisiún go n‑eascródh fadhbanna as srianta ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte, go háirithe toisc go bhféadfadh na srianta sin éifeachtacht na tacaíochta d’oibríochtaí iompair lasta ilmhódaigh a laghdú. |
|
1260 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1261 |
Maidir leis an argóint a bhaineann le heaspa nó neamh-leordhóthanacht líomhnaithe measúnaithe tionchair, ba cheart a mheabhrú, sa togra le haghaidh Treoir maidir le ‘postú’, gur mhol an Coimisiún córas nach mbeadh feidhm aige, ag tosú ón réamhleagan go raibh feidhm ag Treoir 96/71 maidir leis an earnáil iompair de bhóthar, maidir le dhá cheann de na naoi ngné de théarmaí agus de choinníollacha fostaíochta an Bhallstáit óstaigh a liostaítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, eadhon íosfhad na saoire bliantúla le pá agus an luacha saothair, maidir le postuithe ar feadh tréimhse trí lá nó níos lú in aghaidh na míosa nuair a dhéanann tiománaithe oibríochtaí iompair idirnáisiúnta, de réir bhrí Rialachán Uimh. 1072/2009 agus Rialachán Uimh. 1073/2009. Ar an taobh eile, de réir an togra sin, dá sáródh tréimhse an phostaithe an tairseach trí lá sin, bheadh na naoi ngné uile de na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta sin infheidhme maidir le tréimhse iomlán an phostaithe le linn na míosa atá i gceist. |
|
1262 |
Dá bhrí sin, de réir an togra sin, rinneadh tiománaithe a bhí ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta a phostú, i ngach cás, agus bhí an chuid is mó de théarmaí agus coinníollacha fostaíochta an Bhallstáit óstaigh a liostaítear in Airteagal 3(1) de Threoir 96/71 infheidhme maidir leis na tiománaithe sin. Ina theannta sin, ba faoi fhostóirí a bheadh sé an t‑am a chaitheann gach tiománaí gach mí i mBallstáit éagsúla a chomhaireamh chun a chinneadh an bhfuil feidhm freisin ag rialacha na mBallstát sin maidir le híosfhad na saoire bliantúla le pá agus an luacha saothair, dá dtagraítear san fhoráil sin. |
|
1263 |
Tar éis a mheas nach raibh an réiteach sin sásúil, roghnaigh reachtóir an Aontais ar deireadh beart arb é a bhí ann idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair. Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, arna léamh i bhfianaise aithris 13 di, do dhíolúine ó na rialacha maidir le postú, agus dá bhrí sin ó théarmaí agus coinníollacha fostaíochta uile an Bhallstáit óstaigh, do gach oibríocht iompair dhéthaobhach, do gach oibríocht idirthurais agus do chodanna áirithe d’oibríocht iompair chomhcheangailte, ach, i bprionsabal, cuireann sé oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí cabatáiste araon faoi réir na rialacha sin. |
|
1264 |
Tá comhthuiscint ann, dá bhrí sin, nár scrúdaíodh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta éifeachtaí an réitigh a roghnaíodh ar deireadh agus nach raibh an réiteach sin faoi réir measúnú tionchair comhlántach. |
|
1265 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 218 go 226 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil measúnú tionchair ina cheangal ar reachtóir an Aontais, ós rud é go bhfuil sé fós saor chun bearta a ghlacadh seachas na bearta sin ab ábhar dó. Leanann sé ón gcásdlí sin freisin, chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart a ghlacann sé, go bhféadfaidh reachtóir an Aontais ní hamháin an measúnú tionchair lena mbaineann a chur san áireamh, ach aon fhoinse faisnéise eile a chur san áireamh freisin, lena n‑áirítear iad siúd atá san fhearann poiblí. |
|
1266 |
Dá bhrí sin, ós rud é, sa chás seo, gur ghlac reachtóir an Aontais, i dTreoir 2020/1057, forálacha éagsúla agus, i gcásanna áirithe, forálacha níos déine do ghnóthais iompair de bhóthar ná na cinn a mhol an Coimisiún ar dtús sa togra le haghaidh Treoir maidir le ‘postú’ agus a bhí ina n‑ábhar don Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, ní féidir leis sin a léiriú, ann féin, gur sháraigh reachtóir an Aontais prionsabal na comhréireachta. |
|
1267 |
Murab ionann agus an méid a mhol Poblacht na Liotuáine agus, ar bhonn níos lú, an Rómáin, ní thugtar amhras ar bith ar na breithnithe sin le forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh. Cé gur fíor go sonraítear i mír 15 den chomhaontú sin ‘go ndéanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle measúnuithe tionchair ar na leasuithe substaintiúla a dhéanann siad ar an togra ón gCoimisiún’, níl aon oibleagáid dhaingean ar na hinstitiúidí sin sa mhír sin, mar a luadh cheana i míreanna 224 agus 231 den bhreithiúnas seo, ós rud é nach bhforáiltear léi ach don chumhacht measúnú tionchair den sórt sin a dhéanamh i gcás, de réir a foclaíochta sainráite, ina measann an Pharlaimint agus an Chomhairle ‘go bhfuil sé iomchuí agus riachtanach chun críocha an phróisis reachtaigh’. |
|
1268 |
Dá bhrí sin, is gá, ar an gcéad dul síos, scrúdú a dhéanamh ar na foinsí eile faisnéise dá dtagraítear ag an bParlaimint agus ag an gComhairle chun a fháil amach an raibh sé indéanta, de réir mar a choimeádann na hInstitiúidí sin ar bun, mar aon leis an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta, measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a eascraíonn as an idirdhealú a rinneadh in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha. |
|
1269 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i bhfianaise chineál na rialacha a leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, go mbraitheann na costais oibriúcháin agus chomhlíontachta agus aon choigilteas a dhéantar do ghnóthas ar leith trí chur chun feidhme na rialacha sin ar a mhéid a dhéanann an gnóthas sin cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair. Mar a thugann an Chomhairle le fios, bhí na sonraí a d’fhoilsigh Eurostat maidir leis na cineálacha éagsúla oibríochtaí a rinneadh ar fáil do reachtóir an Aontais, go háirithe na sonraí sin atá i staidéar a bhaineann leis an tréimhse 2014-2018 (Road freight transport by journey characteristics) (‘Iompar lastais de bhóthar de réir saintréithe turas’, lgh. 3 go 5, 10 agus 11) agus i dtábla a bhaineann le 2018. Ós rud é gur fhág na sonraí sin gur féidir méid na n‑oibríochtaí trastrádála agus iompair dhéthaobhaigh a dhéantar in aghaidh na bliana idir péire Ballstát ar leith a chinneadh, d’fhéadfadh siad a bheith ina bhfoinse faisnéise atá ábhartha do reachtóir an Aontais Eorpaigh chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an idirdhealaithe idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha a choinnítear ar deireadh i dTreoir 2020/1057. |
|
1270 |
Thairis sin, leis na sonraí sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar a mhéid a mheasfar tiománaithe ó Bhallstáit éagsúla a bheith postaithe chuig Ballstáit eile, chun críocha na rialacha a leagtar síos in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di. |
|
1271 |
Mar a d’áitigh an Chomhairle os comhair na Cúirte freisin, baineann na sonraí sin leis na cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair, mar aon leis an bhfaisnéis atá sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lgh. 62 go 65) agus iad siúd a áirítear sna staidéir atá ar fáil go poiblí ar a bhfuil an anailís sin bunaithe, amhail, go háirithe, an staidéar ón gCoimisiún (DG Move) dar teideal ‘Support study for an impact assessment for the revision of the social legislation in road transport. Final report’ (‘Staidéar tacaíochta le haghaidh measúnú tionchair chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht shóisialta in iompar de bhóthar. Tuarascáil Chríochnaitheach’), Bealtaine 2017, lch. 62 go 76), a bhaineann, inter alia, leis na difríochtaí pá idir péirí éagsúla Ballstát, is féidir meastachán a dhéanamh ar na costais a eascraíonn as an idirdhealú a dhéantar in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, idir oibríochtaí trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha. |
|
1272 |
I ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl nár mhínigh na Ballstáit iarrthacha a chuir i gcoinne easpa nó neamh-leordhóthanacht measúnaithe tionchair ar Threoir 2020/1057 conas atá torthaí na Comhairle, mar a leagtar amach iad i míreanna 1269 go 1271 den bhreithiúnas seo, mícheart. Ar an gcaoi chéanna, ní míníodh an chúis nach bhféadfar na conclúidí ginearálta atá sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 60), ar dá réir a bheidh an tionchar ar shlándáil bóithre agus sláinte san obair fánach, a thrasuí chuig an tsamhail arna glacadh ar deireadh. |
|
1273 |
Sna himthosca sin, bhí faisnéis leordhóthanach ag reachtóir an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a eascraíonn as an idirdhealú idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus oibríochtaí trastrádála, a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di. |
|
1274 |
Sa dara háit, ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh as gan scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí a eascraíonn as Airteagal 1(5) de Threoir 2020/1057, faoina dtairbhíonn oibríochtaí idirthurais de dhíolúine ó na rialacha maidir le postú, agus as Airteagal 1(7) den Treoir sin, faoina bhfuil oibríochtaí cabatáiste le meas mar oibríochtaí a bhaineann le postú, agus mar thoradh air sin nach mór na rialacha sin a chur i bhfeidhm. |
|
1275 |
I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhír 1179 den bhreithiúnas seo, gur chinn an Chúirt cheana féin, ina léiriú ar Threoir 96/71 mar a bhí feidhm aici sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm, nach raibh feidhm ag na rialacha maidir le postú dá bhforáiltear le Treoir 96/71 maidir le hoibríochtaí idirthurais, ach, os a choinne sin, go raibh feidhm acu, i bprionsabal, maidir le hoibríochtaí cabatáiste a tharlaíonn go hiomlán i gcríoch an Bhallstáit óstaigh. |
|
1276 |
Ós rud é, dá bhrí sin, nach féidir aon leasú ar na rialacha substainteacha is infheidhme a shannadh go sonrach d’Airteagal 1(5) agus (7) de Threoir 2020/1057, ní mór diúltú don argóint lena bhféachtar lena léiriú go mbeadh gá le measúnú tionchair breise i ndáil leis na forálacha sin. |
|
1277 |
Sa tríú háit, a mhéid is a cháineann an Ungáir, go bunúsach, ar reachtóir an Aontais as prionsabal na comhréireachta a shárú trí glacadh Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057 gan scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí na Treorach sin, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó haithris 12 den Treoir sin, mheas reachtóir an Aontais go bhfuil cineál na seirbhíse arna sholáthar le linn an turais de bhóthar, tosaigh nó críochnaitheach, go bhfuil dlúthnasc idir oibríocht iompair chomhcheangailte leis an mBallstát bhunaíochta más rud é gur turas de bhóthar, ina aonar, é oibríocht iompair dhéthaobhach ach nach leor an nasc le críoch Bhallstáit óstaigh chun údar a thabhairt do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú. Os a choinne sin, nuair a dhéantar an oibríocht iompair le linn na céime bóthair laistigh den Bhallstát óstach nó mar oibríocht iompair trastrádála, tá nasc leordhóthanach ann le críoch an Bhallstáit óstaigh agus dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le postú. |
|
1278 |
Tá comhthuiscint ann nár tugadh aghaidh ach oiread ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar iompar comhcheangailte, dá bhforáiltear in Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta. Cé, mar is léir ó mhíreanna 1261 go 1264 den bhreithiúnas seo, gur bheartaigh an Coimisiún, sa togra le haghaidh Treoir maidir le ‘postú’ a tarraingíodh suas ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, critéar a ghlacadh a bhaineann le fad na hoibríochta iompair chun na himthosca ina mbeadh feidhm ag na rialacha sin a chinneadh, roghnaigh reachtóir an Aontais, i ndeireadh na dála, i dTreoir 2020/1057, cur chuige lena ndéanfaí idirdhealú idir catagóirí éagsúla oibríochtaí iompair, lena n‑áirítear oibríochtaí iompair chomhcheangailte. |
|
1279 |
Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh, sa chás seo, an raibh an fhaisnéis a raibh an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an eolas fúithi leordhóthanach chun a chur ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na díolúine in Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057. |
|
1280 |
I ndáil leis sin, is léir ón bhfianaise a cuireadh faoi bhráid na Cúirte go raibh méid suntasach faisnéise ag reachtóir an Aontais maidir le hiompar comhcheangailte ón réamhobair maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 92/106. Áiríodh an fhaisnéis sin, inter alia, sa mheasúnú tionchair don athbhreithniú ar an Treoir sin (Measúnú Tionchair ón gCoimisiún a ghabhann le togra COM (2017) 648, SWD (2017) 362), i ndoiciméad a tarraingíodh suas in 2015 arna iarraidh sin don Choimisiún agus ina raibh sonraí maidir le hiompar comhcheangailte (KombiConsult, ‘Anailís ar Iompar Comhcheangailte AE’, 2015), sa nuashonrú ar na sonraí sin a rinneadh in 2017 (ISL/KombiConsult, ‘Sonraí iompair chomhcheangailte AE a nuashonrú’), 2017), i bhforlíonadh ó 2018 ar na sonraí céanna (TRT Trasporti e Territorio srl, ‘Sonraí breise a bhailiú maidir le hiompar comhcheangailte AE’, 2017) agus i gcomhairliúchán arna choimisiúnú ag an gCoimisiún chun tacú leis an measúnú tionchair (KombiConsult, (‘Comhairliúcháin agus anailís ghaolmhar faoi chuimsiú an mheasúnaithe tionchair chun an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte a leasú (92/106/CEE)’). |
|
1281 |
Beartaíodh go háirithe sa staidéar dar teideal ‘Anailís ar Iompar Comhcheangailte AE’ (lgh. 175 go 177) mionscrúdú ar mhargadh an iompair chomhcheangailte tionlactha agus neamhthionlactha, agus soláthar seirbhísí á thairiscint den sé ghnóthas a sholáthraíonn seirbhísí iompair de bhóthar tionlactha san Aontas chomh maith leis na soláthróirí is mó in iompar comhcheangailte trí shráid/iarnród neamhthionlactha. Cuireadh sonraí ar fáil sa staidéar sin freisin maidir leis na hachair a bhí i gceist sa chéad turas nó sa turas deiridh d’iompar comhcheangailte de bhóthar/iarnród (lgh. 67 – 70). Thairis sin, sa mheasúnú tionchair ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 92/106, dá dtagraítear i mír 1280 den bhreithiúnas seo, cuireadh sonraí i láthair a bhaineann, ar an gcéad dul síos, le meánachar, airmheánach agus faid níos leithne na dturas bóthair agus neamhbhóthair d’iompar comhcheangailte agus, ar an dara dul síos, le cineál agus méid an iompair ilmhódaigh a thagann faoin gcoincheap ‘iompar comhcheangailte’, de réir bhrí Threoir 92/106 agus, dá bhrí sin, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057. |
|
1282 |
Dá bhrí sin, is léir ón bhfaisnéis atá sna doiciméid a seoladh chuig an gCúirt i gcomhthéacs na gcaingne seo, nach bhfuil a n‑úsáideacht faoi dhíospóid shonrach ag an Ungáir, go raibh sonraí bunúsacha ábhartha ag reachtóir an Aontais a bhaineann leis an margadh iompair chomhcheangailte chun críocha Treoir 2020/1057 a ghlacadh. Leis na sonraí sin, mar aon le faisnéis eile atá ag reachtóir an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis na difríochtaí sa phá idir péirí éagsúla Ballstát, dá dtagraítear i mír 1271 den bhreithiúnas seo, cuireadh ar a chumas measúnú a dhéanamh ar thionchar na gcritéar a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú chuig iompar comhcheangailte a leagtar síos in Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057. Dá bhrí sin, bhí faisnéis leordhóthanach ina sheilbh ag reachtóir an Aontais chun údar a thabhairt le roghnú na gcritéar sin agus a lánrogha leathan á feidhmiú aige. |
|
1283 |
Ní féidir le hargóintí Phoblacht na Polainne na breithnithe sin roimhe seo a thabhairt faoi cheist maidir leis an mainneachtain líomhnaithe éifeacht charnach dhiúltach na bhforálacha atá faoi chonspóid i dTreoir 2020/1057 agus forálacha Rialachán 2020/1055 a chur san áireamh. Cé go ndealraíonn sé, leis an argóint sin, go gcáineann an Ballstát sin reachtóir an Aontais mar gheall ar neamhréireacht sna roghanna is bonn leis na forálacha atá faoi chonspóid i ngach ceann de na gníomhartha sin, is leor a thabhairt faoi deara, mar a áitíonn an Pharlaimint, go bhfuil roinnt gníomhartha reachtacha sa ‘Phacáiste Soghluaisteachta’ lena saothraítear cuspóirí comhlántacha ach, mar sin féin, cuspóirí éagsúla. Ní féidir a mheas, dá bhrí sin, gur sháraigh an reachtóir sin prionsabal na comhréireachta ar an bhforas amháin go bhfuil na coinníollacha a fhorchuirtear le Rialachán 2020/1055 chun a léiriú go bhfuil bunaíocht chobhsaí agus éifeachtach ag eintiteas eacnamaíoch i mBallstát éagsúil leis na critéir a leagtar síos le forálacha Threoir 2020/1057 chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm ar thiománaithe iompair de bhóthar. |
|
1284 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don argóint nach ndearna reachtóir an Aontais scrúdú ar chomhréireacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 toisc í a bheith gan bhunús. |
(2) Comhréireacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057
(i) Argóint na bpáirtithe
|
1285 |
Dar le Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire, eascraíonn na héifeachtaí díobhálacha as an idirdhealú, i dTreoir 2020/1057, idir na hoibríochtaí iompair trastrádála agus na hoibríochtaí iompair déthaobhacha i dtéarmaí costas chun chur i gcomhréir leis na riachtanais nua chomh maith leis na costais a bhaineann leis an doiciméadacht de gach postú agus cur i bhfeidhm na rialacha den Bhallstát óstach. Is minic a dhéanfadh tiománaithe oibríochtaí trastrádála a chomhcheangal le hoibríochtaí iompair déthaobhacha. Mar sin féin, ní théann an díolúine ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú chun tairbhe na n‑oibríochtaí trastrádála uile a dhéantar ag an am céanna le hoibríochtaí iompair déthaobhacha. Bheadh sé thar a bheith casta don tarlóir a mheas nuair atá postú ann agus nuair nach bhfuil postú ann. Ina theannta sin, ní shonraítear i dTreoir 2020/1057 an tslí chun na huaireanta a ríomh ar lena linn a mheasfar tiománaí a bheith ar postú i mBallstát ar leith. Bheadh ualach trom ar na tarlóirí sin, ar FBManna a bhformhór, mar thoradh air sin. |
|
1286 |
Bheadh an t‑ualach ar oibreoirí trastrádála chomh deacair sin go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le haistriú chuig cineálacha eile gníomhaíochta, athlonnú chuig tríú tíortha, láimhdeachas laghdaithe nó féimheacht fiú. Ba dhócha freisin go gcruthódh an t‑ualach sin neamhéifeachtúlachtaí agus go gcuirfeadh sé le tionchar an iompair de bhóthar ar an gcomhshaol. Bheadh an baol ann freisin go saobhfaí iomaíocht leis, a mhéid nach bhforchuirtear aon oibleagáid le Treoir 2020/1057 agus nach bhfuil feidhm aici maidir le tarlóirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach. |
|
1287 |
Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir trí chuspóir dhlisteanacha a shaothraítear le Treoir 2020/1057, eadhon, ar an gcéad dul síos, dálaí oibre sásúla agus cosaint shóisialta do thiománaithe, ar an dara dul síos, dálaí leordhóthanacha do ghnóthais iompair agus an gá atá le hiomaíocht chóir eatarthu, agus, ar an tríú dul síos, saoirse chun seirbhísí trasteorann a sholáthar. Mar sin féin, ní hamháin nach n‑éiríonn leis an Treoir sin cothromaíocht a choinneáil idir na cuspóirí sin ach, thairis sin, ní cheadaítear léi aon cheann díobh a bhaint amach. |
|
1288 |
Maidir leis an gcéad chuspóir, ní bhainfeadh an luach saothair níos airde a d’fhéadfadh tiománaithe a fháil, i bhformhór na gcásanna, ach le tréimhsí gearra a chaitear i mBallstát an luchtaithe nó an díluchtaithe, agus mar thoradh air sin níl ach feabhas beag tagtha ar dhálaí oibre agus ar chosaint shóisialta na dtiománaithe. |
|
1289 |
Maidir leis an dara cuspóir, spreagfadh cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú chuig gnóthais a dhéanann oibríochtaí trastrádála, cé go ndíolmhaítear gnóthais a dhéanann oibríochtaí iompair déthaobhacha, iomaíocht éagórach. Is é an buntáiste comparáideach atá ag tarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh ná a gcostais níos ísle, rud a fhágann, go háirithe, go mbíonn costas maireachtála níos ísle agus pá níos ísle acu. Mar thoradh ar fhorálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid, tá níos lú iomaíochta ag tarlóirí a bhfuil baint acu le hoibríochtaí trastrádála anois ná mar atá ag tarlóirí a dhéanann oibríochtaí iompair déthaobhacha. Shaobhfadh sé sin an iomaíocht idir lár an Aontais Eorpaigh, áit a mbíonn tarlóirí ag gabháil d’oibríochtaí iompair déthaobhacha den chuid is mó, agus na Ballstáit, amhail Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire, áit a ndéanann tarlóirí oibríochtaí trastrádála den chuid is mó. |
|
1290 |
Maidir leis an tríú cuspóir, cuirtear srian leis na forálacha sin ar an tsaoirse chun seirbhísí trasteorainneacha a sholáthar mar gheall ar ardú na gcostas lena mbaineann. |
|
1291 |
De réir Phoblacht na Bulgáire agus Phoblacht na Cipire, ní iomchuí ná ní gá idirdhealú a dhéanamh idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus oibríochtaí trastrádála chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm. I gceachtar cás, níl aon nasc sách láidir ann le gach ceann de na tíortha a dtrasnaíonn an tiománaí iad. Dá bhfágfaí an Ballstát imeachta nó an Ballstát cinn scríbe i leataobh, dhéanfadh oibrithe a bhfuil oibríocht iompair dhéthaobhach á déanamh acu an obair chéanna le hoibrithe a bhfuil oibríocht iompair trastrádála á déanamh acu. Ní dhéanfadh an Ballstát imeachta ná an Ballstát cinn scríbe difear don nasc idir an tiománaí agus an Ballstát óstach. Ar an taobh eile, tá nasc soiléir le críoch i gcomhthéacs oibríochtaí cabatáiste. |
|
1292 |
I dtuairim Phoblacht na Bulgáire agus Phoblacht na Cipire, is é an beart iomchuí iompar idirnáisiúnta a dhíolmhú go hiomlán ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú. Tá bonn cirt le díolúine den sórt sin i ngeall ar staid ar leith an iompair idirnáisiúnta agus ar a chineál fíor-shoghluaiste, staid arb é is príomhthréith di nach bhfuil nasc leordhóthanach ann le críoch Ballstát seachas an Ballstát bunaíochta. Dá bhrí sin, d’fhágfadh díolúine iomlán go bhféadfaí na cuspóirí uile atá á saothrú a bhaint amach. An réiteach ar na rialacha maidir le postú san earnáil iompair idirnáisiúnta ar fad a chur i bhfeidhm, le tairseach ama, bheadh sé níos oiriúnaí ná an tsamhail a roghnaíodh, ach bheadh fadhbanna tromchúiseacha ag baint leis fós, ós rud é go mbeadh a thionchar díréireach i gcónaí i dtéarmaí costas, ualaí riaracháin ar FBManna agus deacrachtaí maidir leis na rialacha a léiriú agus a chur i bhfeidhm. Cur chuige malartach lena dtabharfaí soiléireacht is ea an cur chuige a lean an Chúirt i mír 48 de bhreithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976), lena nglacfaí leis go bhfuil nasc leordhóthanach ann ina ndearnadh, i gcomhthéacs oibríochtaí iompair trastrádála, líon íosta cúraimí sonracha, i mBallstát ar leith agus le linn mí ar leith, mar shampla obair chun earraí a luchtú nó a dhíluchtú, feithiclí iompair a chothabháil nó a ghlanadh. |
|
1293 |
Áitíonn Poblacht na Liotuáine go sáraítear le hAirteagal 1(3) de Threoir 2020/1057 prionsabal na comhréireachta, ós rud é gur follasach go bhfuil na critéir a leagtar síos san fhoráil sin míchuí mar gheall ar na hiarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha agus sóisialta a ghineann sí. Tá na rialacha maidir le postú beartaithe, i bprionsabal, chun cúiteamh a dhéanamh ar na costais bhreise a íocann an t‑oibrí mar thoradh ar chomhlíonadh a oibleagáidí oibre i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí air. I gcásanna cabatáiste ghearrthéarma agus trastrádála, áfach, ní bhíonn aon bhaint ag tiománaithe leis an mBallstát óstach de ghnáth, ní chaitheann siad ach tréimhse an‑ghearr sa Bhallstát óstach agus, dá bhrí sin, ní íocann siad ach na costais íosta sa Bhallstát sin. |
|
1294 |
Ina theannta sin, bheadh an critéar atá bunaithe ar chineál na n‑oibríochtaí iompair chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm nó gan iad a chur i bhfeidhm ina chúis le hidirdhealú indíreach do ghnóthais iompair atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, dhíspreagfadh sé soláthar seirbhísí sa ghearrthéarma agus, go bunúsach, chuirfeadh sé srian ar iomaíocht, ar chostas, go háirithe, FBManna arb ionann iad agus 99% den mhargadh iompair de bhóthar san Aontas Eorpach. Thairis sin, is dócha go mbeidh sé d’éifeacht ag na rialacha sin FBManna a spreagadh chun scor d’oibríochtaí trastrádála a dhéanamh nó a ngníomhaíochtaí a aistriú chuig na Ballstáit nó timpeall orthu atá lonnaithe i lár an Aontais nó timpeall air. Ní raibh aon ualach riaracháin ann ina leith sin sular go dtí gur glacadh Treoir 2020/1057. |
|
1295 |
Tugann Poblacht na Liotuáine le fios gur sampla é critéar an fhaid de chritéar oibiachtúil lena suitear go bhfuil nasc fíorasach ann leis an mBallstát ina ndéantar an obair iarbhír, gan an fhéidearthacht a dhiúltú, áfach, critéir eile a chur i bhfeidhm má tá údar oibiachtúil leis na critéir sin, nasc leordhóthanach a áirithiú leis an mBallstát ina ndéantar an obair agus prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. Thairis sin, nuair a rinne an Chúirt measúnú ar an gcritéar ama sa chás as ar eascair breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976), níor rialaigh sí ach ar oibríochtaí cabatáiste, agus ní ar oibríochtaí iompair déthaobhacha agus trastrádála. |
|
1296 |
Áitíonn an Rómáin freisin go bhfuil an critéar chun nasc leordhóthanach a shainaithint le Ballstát, arna ghlacadh ag reachtóir an Aontais, chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm i réimse an iompair de bhóthar míchuí go follasach, ós rud é nach féidir leis a shuíomh go bhfuil nasc leordhóthanach ann idir an tiománaí agus an Ballstát óstach. |
|
1297 |
Thairis sin, bheadh cur i bhfeidhm an chritéir sin ina chúis le héiginnteacht maidir le sainaithint an Bhallstáit óstaigh agus, dá bhrí sin, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme. Dá bhrí sin, ní léir an gciallaíonn cur i bhfeidhm an chritéir sin go gcaithfear Ballstát óstach aonair a shainaithint a bhfuil nasc leordhóthanach ag an tiománaí leis i gcomhthéacs ginearálta na hoibríochta iompair lena mbaineann nó an bhfuil na forálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm sna Ballstáit uile ina ndéantar luchtú nó díluchtú infheidhme go carnach. |
|
1298 |
In aon chás, cé go gcuirtear san áireamh sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057, chun an nasc leordhóthanach idir an tiománaí agus críoch an Bhallstáit óstaigh a chinneadh, nach gníomhaíocht optamach í gníomhaíocht luchtaithe agus/nó díluchtaithe earraí. Is ó am go chéile, is é sin le rá, i 29% de na cásanna, a dhéanann tiománaithe gníomhaíochtaí den sórt sin. Thairis sin, tá iarmhairtí díreacha ar an margadh ag an rialáil maidir le postú i réimse an iompair i bhfianaise chritéar na hoibríochta iompair, eadhon go ndíspreagtar oibríochtaí trastrádála agus iompair chomhcheangailte araon, cé go bhfuil na hoibríochtaí iompair chomhcheangailte tábhachtach chun astaíochtaí truaillitheacha ón iompar a laghdú. |
|
1299 |
Mar is léir freisin ón measúnú tionchair – an tsraith shóisialta, eascraíonn cásanna de neamhchomhlíonadh na reachtaíochta as an easpa solúbthachta sna rialacha sóisialta is infheidhme maidir leis an earnáil iompair. Dá bhrí sin, i gcás athrú, le linn na gníomhaíochta iompair, ar líon na ngníomhaíochtaí breise a bhaineann le hoibríocht iompair dhéthaobhach, amhail an córas postaithe a dhéanamh infheidhme, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an t‑iompróir in ann dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid na n‑údarás náisiúnta inniúil, ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 1(11)(a) de Threoir 2020/1057 dearbhú den sórt sin a chur isteach ag tús an phostaithe ar a dhéanaí. Beidh comhlíonadh na forála sin deacair in imthosca áirithe de bharr na bhforálacha d’Airteagal 1 den Threoir sin a chonspóidtear. |
|
1300 |
I bhfianaise na bhfadhbanna a luaitear amhlaidh, maidir le comhlíonadh phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, d’fhéadfadh Treoir 2020/1057 cur isteach ar sholáthar seirbhísí iompair ag FBManna agus oibleagáidí a fhorchur orthu atá díréireach leis na buntáistí a bhaineann léi do thiománaithe. |
|
1301 |
I mbreithiúnas an 15 Márta 2011, Koelzsch (C‑29/10, EU:C:2011:151, míreanna 44 go 49), mheas an Chúirt gur ghá tagairt a dhéanamh do theaglaim gnéithe d’fhonn an Ballstát a bhfuil nasc suntasach ag an obair leis a shainaithint, ar Ballstát é ina ndéantar gníomhaíochtaí iompair i roinnt Ballstát. Ní leor critéar aonair a úsáid, amhail Treoir 2020/1057, agus, dá bhrí sin, ní chruthaítear gurb ann do nasc den sórt sin. I ndáil leis sin, áitíonn an Rómáin freisin gur cheart cur i bhfeidhm na gné ama, eadhon fad íosta na gníomhaíochta, a úsáid mar chritéar leis an Treoir sin chun an nasc leordhóthanach le críoch an Bhallstáit óstaigh a shainaithint, maidir leis na cineálacha oibríochtaí seachas cabatáiste. Tá ábharthacht chur i bhfeidhm an chritéir sin soiléir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta agus ó léamh ar an gcreat dlíthiúil ginearálta is infheidhme maidir le postú. Tagann an easpa dlúthnaisc le críoch an Bhallstáit óstaigh i gcás gníomhaíochta arna cur i gcrích thar thréimhse ghearr ó Airteagal 3(4) de Threoir 96/71, go háirithe, lena n‑aithnítear an ceart atá ag na Ballstáit chun maolú ar oibleagáidí postaithe i gcás nach dtéann achar an phostaithe thar aon mhí amháin. |
|
1302 |
Áitíonn Poblacht na Polainne nach gcomhlíonann Airteagal 1(3), (4), (6) agus (7) de Threoir 2020/1057 prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach bhfuil na critéir maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú do thiománaithe, a leagtar síos sna forálacha sin, oibiachtúil, nach gcuirtear san áireamh leo tosca ábhartha na staide atá beartaithe acu a rialáil agus go bhfuil siad ina gcúis le hualaí díréireacha ar ghnóthais agus le héifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol. |
|
1303 |
Níl na forálacha sin iomchuí chun na cuspóirí sonraithe a bhaint amach, ós rud é, go háirithe, go bhfuil sé d’éifeacht acu teorainn a chur leis na seirbhísí a sholáthraíonn gnóthais atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh seachas iomaíocht chóir a áirithiú. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le postú ar oibríochtaí iompair trastrádála agus cabatáiste ina bhfuil príomhról ag na gnóthais sin. |
|
1304 |
Theip ar reachtóir an Aontais fianaise eile a sholáthar ar nascidir an tiománaí agus an Ballstát óstach, go háirithe fad fhanacht an tiománaí i gcríoch an Bhallstáit sin, agus an Ballstát bunaíochta. Mar is léir ón Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta, is fearr a chomhfhreagraíonn an critéar ama do chineál soghluaiste na seirbhísí iompair. I mbreithiúnas an 15 Márta 2001, Mazzoleni agus ISA (C‑165/98, EU:C:2001:162), chinn an Chúirt gur faoi údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a bhí sé, d’fhonn a chinneadh an raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta lena bhforchuirtear pá íosta riachtanach agus comhréireach, measúnú a dhéanamh ar na tosca ábhartha uile, lena n‑áirítear fad an tsoláthair seirbhísí. |
|
1305 |
Gheobhaidh beirt tiománaithe a dhéanann oibríocht iompair ar an turas céanna pá éagsúil de réir na háite lochtaithe nó díluchtaithe trí chur i bhfeidhm Treoir 2020/1057. Ina theannta sin, níl aon údar oibiachtúil leis an díolúine d'oibríochtaí áirithe iompair idir tríú tíortha dá bhforáiltear in Airteagal 1(3) agus (4) den Treoir sin. Ní fheiceann Poblacht na Polainne ach oiread aon mhíniú ar an bhforchoimeádas go bhfuil feidhm ag an díolúine a bhaineann le dhá oibríocht iompair earraí idir tríú tíortha maidir leis an turas fillte tar éis na hoibríochta iompair déthaobhaí ón mBallstát bunaíochta, ach ní leis an turas chuig an mBallstát óstach. |
|
1306 |
Thairis sin, tá amhras ann maidir lena léiriú mar gheall ar na díolúintí dá bhforáiltear leis na forálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057. Mar shampla, ba ghá a mheas cén uair nach mór do rialacha an Bhallstáit óstaigh tús a chur le feidhm a bheith acu nuair a dhéanann an tiománaí gníomhaíocht bhreise luchtaithe nó díluchtaithe nach dtagann faoi raon feidhme díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 1(3). Tá amhras den chineál céanna ann faoin léiriú ar Airteagal 1(4) den Treoir sin. Thairis sin, níl aon údar oibiachtúil leis an bhfíoras go gceadaítear dhá dhíolúine le haghaidh gníomhaíochtaí breise a bhaineann le hoibríocht iompair dhéthaobhach, faoi mhír 3, maidir le hiompar earraí, cé nach bhforáiltear ach do dhíolúine amháin le haghaidh gníomhaíocht bhreise i gcás iompar paisinéirí. |
|
1307 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(ii) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1308 |
Ba cheart a mheabhrú gurb é an cuspóir a shaothraítear le Treoir 2020/1057, ar a gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht Airteagal 1(3) go (7) den Treoir sin, cothromaíocht a bhaint amach, trí ghlacadh rialacha sonracha chun críocha an Bhallstát a chinneadh ina ráthaítear coinníollacha oibre agus fostaíochta do thiománaithe iompair de bhóthar, idir feabhsú dhálaí sóisialta agus oibre na dtiománaithe ar thaobh amháin agus saothrú na saoirse chun seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar a dhéanamh níos éasca ar an taobh eile, ar bhonn iomaíochta córa idir ghnóthais iompair, lena n‑áirítear sa chothromaíocht sin na gnéithe faoi leith a bhaineann le sár-soghluaisteacht an luchta saothair san earnáil sin agus lena bhféachann chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. |
|
1309 |
Ní dhéanann Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht na Cipire ná Poblacht na Polainne dlisteanacht an chuspóra sin a dhíospóid, ach áitíonn siad go sáraíonn na critéir a leagtar síos in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, nó cuid acu, prionsabal na comhréireachta iontu féin. |
|
1310 |
Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil bunús maith leis na gearáin sin, is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na critéir sin iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, cé acu a théann nó nach dtéann siad go follasach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus cé acu atá nó nach bhfuil siad comhréireach i bhfianaise an chuspóra sin. |
– Oiriúnacht Airteagal 1(3) go (7) de Rialachán 2020/1057 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach
|
1311 |
Sa chéad áit, maidir le hoiriúnacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, ní mór a mheabhrú go leagtar síos leis na forálacha sin critéir bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí iompair a dhéantar agus, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 968 dá Thuairim, go bhfuil nasc éagsúil ag gach cineál iompair dá dtagraítear sna forálacha sin le críoch an Bhallstáit ina bhfuil an tarlóir bunaithe nó le críoch Ballstáit óstaigh amháin nó níos mó. |
|
1312 |
Go háirithe, mar is léir ó Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, ní mheastar tiománaí atá i mbun iompar déthaobhach earraí nó paisinéirí a bheith ar postú, chun críocha Threoir 96/71, ós rud é, mar is léir ó aithris 10 de Threoir 2020/1057, i gcás den sórt sin, go bhfuil dlúthnasc idir cineál na seirbhíse agus an Ballstát bunaíochta. Os a choinne sin, mar is léir ó aithris 13 den Treoir sin, meastar go bhfuil tiománaí a dhéanann oibríocht trastrádála ar postú chun na gcríoch sin, ós rud é go bhfuil nasc leordhóthanach ag an tiománaí sin agus ag an oibríocht sin le críoch an Bhallstáit óstaigh. Thairis sin, eisiatar gníomhaíochtaí breise áirithe luchtaithe agus/nó díluchtaithe earraí agus paisinéirí a thógáil agus/nó a thabhairt chuig a gceann scríbe sna Ballstáit nó sna tríú tíortha a thrasnaíonn an tiománaí ó rialacha maidir le postú i gcomhréir leis an tríú agus an cúigiú fomhír d’Airteagal 1(3) agus an tríú agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 1(4) den Treoir sin de bhua go bhfuil na gníomhaíochtaí sin nasctha le hoibríocht iompair dhéthaobhach, a eisiatar an oibríocht sin féin de bharr an naisc le críoch an Bhallstáit bhunaíochta agus níl raon feidhme ag na gníomhaíochtaí sin chun amhras a chaitheamh ar an nasc sin. |
|
1313 |
Ar an gcaoi chéanna, is léir ó Airteagal 1(5) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 11 di, nach meastar tiománaí atá i mbun oibríocht idirthurais ina dtrasnaítear Ballstát gan earraí a luchtú nó a dhíluchtú agus gan paisinéirí a thógáil nó a scaoileadh amach a bheith ar postú. I gcás den sórt sin, níl aon nasc suntasach idir gníomhaíochtaí an tiománaí agus an Ballstát idirthurais. |
|
1314 |
Os a choinne sin, mar is léir ó Airteagal 1(7) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, meastar tiománaí atá i mbun oibríocht chabatáiste a bheith ar postú ós rud é go ndéantar an oibríocht iompair ina hiomláine i mBallstát óstach, rud a fhágann go bhfuil dlúthbhaint ag an tseirbhís le críoch an Bhallstáit sin. |
|
1315 |
Ar deireadh, faoi Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, tiománaí a dhéanann an chéim bhóthair thosaigh nó dheiridh d’oibríocht iompair chomhcheangailte, ní mheastar é a bheith ar postú más oibríochtaí iompair déthaobhacha atá sa chéim bhóthair sin, arna glacadh ina haonar. I gcás den sórt sin, mar is léir ó aithris 12 den Treoir sin, tá dlúthnasc idir cineál na seirbhíse a sholáthraítear le linn an turais sin agus an Ballstát bunaíochta, ach, i gcás ina ndéantar an oibríocht iompair le linn na céime bóthair atá i gceist sa Bhallstát óstach nó mar oibríocht thrastrádála, tá nasc leordhóthanach ann le críoch an Bhallstáit óstaigh, agus mar thoradh air sin tá feidhm ag na rialacha maidir le postú. |
|
1316 |
Dá bhrí sin, mar a áitíonn an Chomhairle, agus an ceart aici, agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 969 dá Thuairim, trí chritéir a ghlacadh, in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, bunaithe ar chineál na n‑oibríochtaí iompair, níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh an chríoch amháin ina bhfuil an tiománaí i láthair, ach i gcomparáid, maidir le gach cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil, chuir sé an nasc idir an tiománaí agus an Ballstát óstach agus an nasc idir an tiománaí agus an Ballstát bunaíochta san áireamh, chun cothromaíocht chóir a bhaint amach idir na leasanna éagsúla atá i gceist. |
|
1317 |
Thairis sin, ina léiriú ar fhorálacha Threoir 96/71, ab infheidhme sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm, chinn an Chúirt nach mór a mheas go bhfuil oibrí ar postú i gcríoch Ballstáit de réir bhrí Threoir 96/71 má tá nasc leordhóthanach ag feidhmiú a chuid oibre leis an gcríoch sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C‑815/18, EU:C:2020:976, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
1318 |
Tar éis di a thabhairt dá haire, sa bhreithiúnas sin, gur ghá measúnú foriomlán a dhéanamh ar na tosca go léir a bhaineann le gníomhaíocht an oibrí lena mbaineann chun nasc leordhóthanach a chinneadh le críoch Ballstáit óstaigh, shainaithin an Chúirt freisin, ar an gcéad dul síos, cineálacha áirithe oibríochtaí iompair de bhóthar ar ghá a mheas go raibh nasc den sórt sin acu agus, dá bhrí sin, go raibh staid phostaithe i gceist leo agus, ar an dara dul síos, cineálacha eile oibríochtaí iompair de bhóthar nach raibh an nasc sin acu agus ar cheart, dá bhrí sin, iad a dhíolmhú ó na rialacha maidir le postú. Go háirithe, chinn an Chúirt nach bhféadfaí tiománaí a dhéanann oibríocht idirthurais nó oibríocht iompair dhéthaobhach a mheas mar thiománaí ‘ar postú’, chun críocha Threoir 96/71, cé gur ghá, i bprionsabal, tiománaí a dhéanann oibríocht chabatáiste a mheas mar thiománaí den sórt sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Nollaig, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C‑815/18, EU:C:2020:976, míreanna 45, 49, 62, 63 agus 65 an cásdlí dá dtagraítear). |
|
1319 |
Agus an méid sin á dhéanamh aici, d’aithin an Chúirt go hintuigthe ach gur gá go mbeadh oiriúnacht ann, chun a chinneadh an bhfuil nasc leordhóthanach ann idir tiománaí atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar agus an Ballstát óstach, lena dtugtar údar maith leis na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm ar an tiománaí sin, ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcur chuige arb é atá ann nasc den sórt sin a shainaithint de réir an chineáil oibríochta lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, maidir leis an ábharthacht, sa chomhthéacs sin, roinnt de na cineálacha sonracha oibríochtaí a liostaítear in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, eadhon oibríochtaí iompair déthaobhacha agus idirthurais, nach bhfuil na rialacha sin infheidhme ina leith, agus oibríochtaí trastrádála agus cabatáiste, a bhféadfadh na rialacha sin a bheith infheidhme ina leith. |
|
1320 |
Is fíor nach ionann go docht na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú chun oibríochtaí trastrádála faoi Threoir 96/71, arna léiriú ag an gCúirt sa chásdlí a leagtar amach i míreanna 1317 go 1319 den bhreithiúnas seo, cé go leanann siad an loighic chéanna, agus na rialacha a eascraíonn as cur i bhfeidhm fhorálacha Threoir 2020/1057. |
|
1321 |
Go háirithe, ar an gcéad dul síos, sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm, ba ghá measúnú foriomlán a dhéanamh ar na tosca uile atá mar shaintréith de ghníomhaíocht an tiománaí a dhéanann oibríochtaí trastrádála chun a chinneadh a raibh nasc leordhóthanach aige le críoch an Bhallstáit óstaigh agus a chuid oibre á feidhmiú aige (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C‑815/18, EU:C:2020:976, míreanna 45 agus51). Os a choinne sin, faoi Airteagal 1(3) agus (4) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise aithris 13 di, meastar nasc den sórt sin a bheith ann, i bprionsabal, i gcás ina ndéanann tiománaí oibríocht trastrádála. |
|
1322 |
Bíodh sin mar atá, ní bhaineann sé sin d’ábharthacht an idirdhealaithe a dhéantar le Treoir 2020/1057 idir oibríochtaí iompair trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha ar bealach ar bith chun críocha na rialacha sin maidir le postú a chur i bhfeidhm. Os a choinne sin, is gnách go léiríonn difríocht den sórt sin an deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe a eascraíonn as an gcóras a eascraíonn as na rialacha a leagtar síos in Airteagal 1(3) agus (4) den Treoir sin, arna léamh in éineacht le haithris 13 di, i gcomparáid leis an gcóras is infheidhme sular tháinig sé i bhfeidhm, sa mhéid is go soiléirítear leis an gcéad chóras go mbaineann postú an tiománaí go ginearálta le hoibríochtaí trastrádála ós rud é go soláthraítear an tseirbhís lasmuigh den Bhallstát bunaíochta. |
|
1323 |
Ar an dara dul síos, chomh maith le dúshlán a thabhairt do roghnú an chritéir ghinearálta bunaithe ar an gcineál oibríochta iompair, ceistíonn an Rómáin ábharthacht an chritéir shonraigh a bhaineann leis an ionad luchtaithe nó díluchtaithe earraí, a leagtar síos sa tríú fomhír go dtí an cúigiú fomhír d’Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057. |
|
1324 |
I ndáil leis sin, is fíor go bhfuil an fhoráil sin, amhail an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 1(4) den Treoir sin, a bhaineann le hiompar paisinéirí, éagsúil ina leith sin leis an gcóras a bhí infheidhme sular tugadh an Treoir sin i bhfeidhm. Cé go mbaineann líon teoranta gníomhaíochtaí breise luchtaithe agus/nó díluchtaithe tairbhe, faoi na forálacha sin, as leathnú ar an díolúine is infheidhme maidir le hoibríochtaí iompair déthaobhacha, chinn an Chúirt, ina léiriú ar Threoir 96/71 mar a bhí feidhm aici sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm, go raibh luchtú agus/nó díluchtú earraí i measc na dtosca ábhartha chun a mheas an raibh nasc leordhóthanach ag an tiománaí le críoch an Bhallstáit óstaigh, ionas go mbeidh na rialacha maidir le postú a leagtar síos i dTreoir 96/71 infheidhme air (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C‑815/18, EU:C:2020:976, mír 48). |
|
1325 |
Mar sin féin, ós rud é gur aithin an Chúirt, dá bhrí sin, ábharthacht na ngníomhaíochtaí breise sin sa mheasúnú foriomlán ar nasc leordhóthanach a bheith ann idir an oibríocht iompair agus an Ballstát óstach, níor cuireadh cosc ar reachtóir an Aontais cinneadh a dhéanamh, i gcomhthéacs a lánrogha leathan sa chomhthéacs sin, critéar sonrach a dhéanamh de. Dá bhrí sin, sa chás seo, níor thug an reachtóir sin neamhaird ar an gcorrlach sin i gcás inar mheas sé, chun seoladh na n‑oibríochtaí a mheastar a bheith éifeachtach a éascú agus, dá bhrí sin, an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, gan dochar míchuí a dhéanamh do leibhéal na cosanta sóisialta a ráthaítear do thiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair déthaobhacha, ach freisin chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, gurbh iomchuí cead a thabhairt do na tiománaithe sin líon teoranta gníomhaíochtaí breise luchtaithe lasta agus/nó díluchtaithe a dhéanamh, gan an éifeacht a bheith ag na gníomhaíochtaí sin gur measadh go raibh an tseirbhís lena mbaineann á soláthar i gcomhthéacs postaithe chun críocha Threoir 96/71. |
|
1326 |
Tugann Poblacht na Polainne dá haire freisin, de réir an tríú fomhír d’Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057, go bhféadfar gníomhaíocht aonair luchtaithe agus/nó díluchtaithe a dhíolmhú, cé go bhféadfar, faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 1(3) den Treoir sin, dhá ghníomhaíocht luchtaithe agus/nó díluchtaithe a dhíolmhú. |
|
1327 |
I ndáil leis sin, is fíor, mar is léir ó léamh comhcheangailte ar na forálacha sin, go bhféadfar gníomhaíocht aonair luchtaithe agus/nó díluchtaithe bhreise a dhíolmhú i gcomhthéacs oibríocht iompair dhéthaobhach a imíonn ón mBallstát bunaíochta, cé nach bhféadfar níos mó ná dhá cheann de na gníomhaíochtaí sin a dhíolmhú ón gcéim fillte, eadhon nuair a thagann deireadh leis an oibríocht iompair dhéthaobhach sa Bhallstát bunaíochta, mura ndearnadh aon oibríocht bhreise le linn an turais ón mBallstát sin. |
|
1328 |
Ar an gcéad dul síos, áfach, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 993 dá Thuairim, agus mar is léir, go bunúsach, ó mhír 1324 den bhreithiúnas seo, léiríonn forchur teorainneacha ar líon na ngníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as leathnú ar an díolúine ó na rialacha maidir le postú le haghaidh oibríochtaí iompair déthaobhacha rogha pholaitiúil arna déanamh ag reachtóir an Aontais, trína bhféachann sé le cothromaíocht chóir a bhaint amach idir an cuspóir maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú agus an cuspóir maidir le leibhéal áirithe cosanta sóisialta a ráthú do thiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar. Thairis sin, is féidir le teorainneacha cainníochtúla den sórt sin deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú freisin i gcomparáid leis na rialacha a bhí i bhfeidhm roimhe sin i gcomhthéacs Threoir 96/71. |
|
1329 |
Ar an dara dul síos, cé go n‑athraíonn líon na ngníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as díolúine ar an mbonn sin ag brath ar cibé an ndéantar an oibríocht iompair dhéthaobhach ón mBallstát bunaíochta nó chuig an mBallstát bunaíochta, ní féidir a thuiscint as sin gur roghnaigh reachtóir an Aontais Eorpaigh beart atá mí-oiriúnach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach tríd an tuairim a ghlacadh gur fearr a d’áiritheofaí le hidirdhealú den sórt sin, mar a choinnigh an Chomhairle, rialú éifeachtach ag na húdaráis náisiúnta ar na coinníollacha lena dtugtar bonn cirt do na díolúintí a dheonaítear ar an mbonn sin. De bhrí, nuair a fhágann an tiománaí an Ballstát bunaíochta, nach féidir leis na húdaráis sin líon na n‑oibríochtaí breise a dhéanfaidh an tiománaí ina dhiaidh sin ar an turas fillte a chinneadh, tá na húdaráis sin in ann, le linn an turais dheireanaigh sin, líon na n‑oibríochtaí breise a dhéanann an tiománaí sin a fhíorú. |
|
1330 |
Ar deireadh, maidir le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, cé nár shonraigh an Chúirt, ina cásdlí maidir le léiriú Threoir 96/71 mar a bhí infheidhme sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm, an tslí ina raibh feidhm ag na rialacha maidir le postú maidir leis an gcineál sin oibríochta, is amhlaidh fós go bhfuil an rogha a rinne reachtóir an Aontais ina leith sin, mar a thugtar léiriú sonrach air in Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, comhsheasmhach leis an loighic a lean an Chúirt i mbreithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976). Cé gur chinn an Chúirt, i mír 49 den bhreithiúnas sin, nach mór oibríochtaí iompair déthaobhacha a dhíolmhú ó na rialacha maidir le postú, ní dhearna reachtóir an Aontais ach síneadh a chur, in Airteagal 1(6), le tairbhe na díolúine sin do tharlóirí chuig na codanna sin d’oibríocht iompair chomhcheangailte a dhéantar de bhóthar a d’fhéadfaí a chomhshamhlú le hoibríocht iompair dhéthaobhach. |
|
1331 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, trí roghnú soiléiriú den sórt sin a sholáthar maidir le hiompar comhcheangailte, gur mhéadaigh reachtóir an Aontais deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le postú maidir leis an gcineál áirithe iompair sin agus, tríd an méid sin a dhéanamh, contrártha leis an méid a mhaíonn an Rómáin ina leith sin, spreag sé an cineál sin oibríochta iompair, i gcomhréir le cuspóir níos ginearálta Threoir 2020/1057, is é sin an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú. |
|
1332 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin, ní féidir a mheas gur ghlac reachtóir an Aontais critéar mí-oiriúnach chun an cuspóir a shaothraítear a bhaint amach nuair a roghnaigh sé critéar faoi Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú arna mbunú ar chineálacha éagsúla oibríochtaí iompair de bhóthar. |
|
1333 |
Ní féidir amhras a tharraingt ar an gconclúid sin le haon cheann de na hargóintí a chuir Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht na Cipire agus Poblacht na Polainne chun cinn. |
|
1334 |
Sa chéad áit, maidir leis an argóint a chuir an Rómáin agus Poblacht na Polainne ar aghaidh a bhaineann leis an éiginnteacht dhlíthiúil a chruthaíonn na forálacha d’Airteagal 1 de Threoir atá á gconspóid, ba chóir a thabairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, ar bhonn ginearálta, ní chuirtear i gcoinne le prionsabal na comhréireacht agus, mar a leagtar síos i mír 159 den bhreithiúnas seo, le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go n‑úsáideann reachtóir an Aontais, i gcomhthéacs rialacha a ghlacann sé, coincheap dlíthiúil teibí, agus ní chuirtear i gcoinne leis na prionsabail sin ach oiread go ndéantar tagairt le riail dhlíthiúil theibí amhail sin hipitéisí nithiúla éagsúla inar féidir leis an riail a bheith infheidhmeach, a mhéid is nach féidir leis an reachtóir sin gach hipitéis a chinneadh roimh ré. |
|
1335 |
Le bheith níos cruinne ná sin, maidir leis an gceist le fáil amach an pointe is atá feidhm ag na rialacha maidir le postú faoi Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057, is sách soiléir é ón bhforáil sin, nuair nach gcomhlíontar ceann amháin nó ceann amháin eile de na coinníollacha dá bhforáiltear léi, go háirithe nuair a chuirtear níos mó ná oibríocht bhreise amháin i gcrích le linn an turais ag dul chuig an gceann scríbe de chuid oibríocht dhéthaobhach go háirithe, ní féidir an díolúine dá bhforáiltear d’oibríochtaí déthaobhacha a chur i bhfeidhm. |
|
1336 |
Ní féidir reachtóir an Aontais a cháineadh ach oiread as critéar míchuí a ghlacadh chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí iompair trastrádála trí mhainneachtain a shonrú, i gcás ina ndéantar oibríocht den sórt sin i roinnt Ballstát, cé acu de na Ballstáit sin a bhféadfadh feidhm a bheith ag a reachtaíocht maidir leis an tiománaí lena mbaineann. Mar is léir ó mhíreanna 1321 agus 1322 den bhreithiúnas seo, luaitear in aithris 13 de Threoir 2020/1057, maidir leis an gcineál sin iompair, go meastar gurb ann do nasc leordhóthanach idir an tseirbhís a sholáthraítear agus críoch an Bhallstáit óstaigh, i bprionsabal, i gcás ina ndéanann tiománaí oibríocht iompair trastrádála agus go soiléirítear le foclaíocht na haithrise sin go bhféadfadh nasc den sórt sin a bheith ag an tseirbhís a sholáthraítear le roinnt Ballstát óstach. Dá bhrí sin, is faoi na gnóthais iompair agus na húdaráis náisiúnta inniúla atá sé, i gcomhréir leis na critéir shonracha a leagtar síos in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, measúnú a dhéanamh ar an mBallstát nó ar na Ballstáit ag a bhfuil nasc den sórt sin lena dtugtar údar maith le cur i bhfeidhm a reachtaíochta náisiúnta maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta. |
|
1337 |
Áitíonn an Rómáin freisin go bhfágann an critéar atá bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí iompair agus, i gcás inarb iomchuí, ar ghníomhaíocht luchtaithe agus/nó díluchtaithe earraí a bheith ann agus ar phaisinéirí a thógáil agus/nó a thabhairt chuig a gceann scríbe go bhfuil sé deacair do ghnóthais iompair an oibleagáid a chomhlíonadh, a leagtar síos in Airteagal 1(11)(a) de Threoir 2020/1057, dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil ag tús an phostaithe ar a dhéanaí. I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara nár mhínigh an Ballstát sin cén fáth, i gcás oibríocht neamhphleanáilte i mBallstát nár tíolacadh aon dearbhú maidir le postú ina leith, nach bhféadfadh an gnóthas iompair, mar a mholann an Chomhairle, dearbhú den sórt sin a chur isteach trí na sonraí a soláthraíodh cheana a athúsáid agus trí fhaisnéis a chur leis maidir leis an mBallstát breise a dtarlóidh an postú ann. |
|
1338 |
Ar an dara dul síos, níor mhínigh an Rómáin ach oiread conas a chruthódh an réiteach ar mhian léi go mbeadh reachtóir an Aontais i bhfabhar leis, arb é atá ann saintréithe uile gach oibríochta a scrúdú, lena n‑áirítear a fad, chun a chinneadh an bhfuil nasc leordhóthanach idir an oibríocht atá i gceist agus an Ballstát óstach, níos mó deimhneachta dlíthiúla trí éascú a dhéanamh ar shainaithint cásanna nach mór tiománaí a mheas mar thiománaí ‘ar postú’, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 96/71. |
|
1339 |
Sa dara háit, áitíonn Ballstáit iarrthacha áirithe gurb amhlaidh, mar gheall ar na critéir mhíchuí a ghlac reachtóir an Aontais, go ndíspreagtar, seachas go n‑éascaítear, an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, go háirithe, an tsaoirse trastrádála nó an tsaoirse iompair chomhcheangailte, mar gheall ar fhorálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 a chonspóidtear. |
|
1340 |
Ar an gcéad dul síos, áfach, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 1318 agus 1319 den bhreithiúnas seo, nár athraíodh na rialacha maidir le postú is infheidhme maidir le hoibríochtaí cabatáiste mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Threoir 2020/1057. Ar an dara dul síos, maidir le hiompar comhcheangailte, níor shonraigh reachtóir an Aontais, mar is léir ó mhíreanna 1330 agus 1331 den bhreithiúnas sin, ach go bunúsach, na himthosca ina gcaithfear na páirtithe a bhfuil baint acu le hoibríocht den sórt sin a dhíolmhú ó na rialacha sin, agus mar thoradh air sin ní féidir a mheas go bhfuil sé d’éifeacht ag forálacha Airteagal 1 den Treoir sin lena mbaineann an cineál sin iompair a dhíspreagadh ach an oiread. |
|
1341 |
In aon chás, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 995 agus 996 dá Thuairim, bhí reachtóir an Aontais i dteideal a mheas, i gcomhthéacs a lánrogha leathan, i bhfianaise an ghá atá leis na leasanna lena mbaineann a athchothromú, go bhféadfadh méadú ar na costais a bheadh le híoc ag gnóthais iompair áirithe a bheith mar thoradh ar chosaint shóisialta mhéadaithe do thiománaithe. I gcomhthéacs den sórt sin, tagann an fíoras nach raibh an reachtas sin i bhfabhar gníomhaíochtaí áirithe ar an margadh ar an mbealach a theastaigh ó Bhallstáit áirithe faoin lánrogha sin agus ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil na critéir a glacadh ar an gcaoi sin iomchuí chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach. |
|
1342 |
I bhfianaise an mhéid thuas, ba chóir a dheimhniú go bhfuil na critéir arna leagan síos leis na forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid oiriúnach chun an cuspóir a shaothraítear leis na forálacha sin a bhaint amach. |
– An gá atá le hAirteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057
|
1343 |
Sa dara háit, maidir leis an ngá atá le hAirteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, cuireann Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, an Rómáin, Poblacht na Cipire agus Poblacht na Polainne ina choinne ar an mbonn go bhfuil roghanna malartacha ann atá níos lú sriantach ná na forálacha sin, eadhon, ar an gcéad dul síos, deonú díolúine ginearálta ar an iompar idirnáisiúnta ó na rialacha maidir le postú, ar an dara dul síos, tairseach achair den chineál a chumhdaítear sa togra le haghaidh Treoir maidir le ‘postú’ a thabhairt isteach, agus, ar an tríú dul síos, na gnéithe go léir atá ina saintréith den tseirbhís lena mbaineann a chur san áireamh, lena n‑áirítear achar na seirbhíse sa Bhallstát óstach. |
|
1344 |
Mar sin féin, trí dhiúltú do na roghanna sin, níor sháraigh reachtóir an Aontais a lánrogha leathan maidir le critéir ábhartha a leagan síos chun na gcríoch sin. |
|
1345 |
Sa chéad áit, maidir leis an rogha a chuir Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire ar aghaidh, arb é a bhí i gceist léi iompar idirnáisiúnta de bhóthar a eisiamh go hiomlán ó na rialacha maidir le postú, is leor a thabhairt faoi deara nach mbainfí amach leis an réiteach sin, de bharr a chineáil, an chothromaíocht atá á lorg idir na leasanna atá i gceist, ós rud é, go háirithe, nach mbeadh sé d’éifeacht aige cosaint shóisialta tiománaithe a mhéadú ná cothrom iomaíochta níos fearr a chruthú ar an margadh. |
|
1346 |
Sa dara háit, maidir leis an rogha chun tairseach achair a thabhairt isteach, cuireann Poblacht na Liotuáine an cineál níos lú sriantach den rogha sin chun tosaigh agus, ar chéim níos lú, cuireann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire chun cinn í freisin. Leagann an Rómáin béim ar a thábhachtaí atá critéar am an turais, in éineacht le tosca eile, ag cur in iúl, inter alia, go bhfuil ábharthacht an chritéir sin soiléir ó Airteagal 3(4) de Threoir 96/71, lena gceadaítear do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar oibleagáidí áirithe a bhaineann le postú a tharscaoileadh i gcás nach faide ná mí amháin fad an phostaithe. |
|
1347 |
Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuirtear bac le Treoir 2020/1057 ar an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 3(3) agus (4) de Threoir 96/71, lena gceadaítear do na Ballstáit maolú ar chur i bhfeidhm ar choinníollacha áirithe fostaíochta agus oibre de chuid an Bhallstáit óstaigh a ráthaítear de ghnáth d’oibrí ar postú i gcás nach faide ná mí amháin fad an phostaithe. Féadfar, dá bhrí sin, an réiteach maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair a chomhcheangal, i gcás inarb iomchuí, le rialacha náisiúnta lena gcuirtear na forálacha sin chun feidhme. |
|
1348 |
Maidir leis an gcuid eile de, is léir ón gcomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, go háirithe an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta (cuid 1/2, lch. 54) go bhfuair reachtóir an Aontais réidh leis an rogha chun brath ar thairseach ama chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm ar deireadh, go háirithe, de bharr an riosca teacht timpeall a d’fhéadfadh teacht chun cinn as uainíocht tiománaithe ionas go gcaithfeadh siad níos lú ama ná an tairseach ab infheidhme i mBallstát faoi leith. |
|
1349 |
Sa tríú háit, maidir leis an rogha, le tacaíocht ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht na Cipire, ón Rómáin agus ó Phoblacht na Polainne, arbh é a bhí i gceist léi, d’fhonn a mheas an bhfuil nasc leordhóthanach ann idir an tseirbhís arna soláthar agus an Ballstát óstach, measúnú foriomlán a dhéanamh ar na heilimintí go léir a bhaineann leis an tseirbhís sin, is léir ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 1311 go 1331 den bhreithiúnas seo gur ghlac reachtóir an Aontais le cuid de na critéir a chuir an Chúirt i bhfeidhm i mbreithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976), agus critéir bhreise a bheith leagtha síos aige a leanann an loighic chéanna. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas, agus é sin á dhéanamh, gur ghlac reachtóir an Aontais critéir nach bhfuil gá leo chun a shainaithint gurb ann do nasc leordhóthanach idir an tseirbhís iompair agus an Ballstát óstach. |
|
1350 |
Dá bhrí sin, bhí reachtóir an Aontais i dteideal a mheas nach mbainfí amach an toradh céanna leis na bearta malartacha arna mbeartú ag Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Bulgáire, ag an Rómáin, Poblacht na Cipire agus ag Poblacht na Polainne agus a bhaintear amach le hAirteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057. |
– Comhréireacht Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057
|
1351 |
Sa tríú háit, maidir le comhréireacht na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, ní mór a mheabhrú ag an tús, de réir bhrollach CFAE, gurb é ‘bunaidhm’ feabhas leanúnach a chur ar dhálaí maireachtála agus fostaíochta a cheanglaítear ar reachtóir an Aontais, faoi Airteagail 9 agus 90 CFAE, a chur san áireamh go hiomlán i bhfeidhmiú a chumhachtaí i réimse an chomhbheartais iompair. Go háirithe, ní mór don reachtóir sin, i ndáil leis sin, féachaint lena áirithiú, de réir na chéad mhíre d’Airteagal 151 CFAE, inter alia, go gcuirfear ardleibhéal fostaíochta chun cinn, go bhfeabhsófar dálaí maireachtála agus oibre, go ráthófar cosaint shóisialta leordhóthanach agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine. |
|
1352 |
Mar is léir, go bunúsach, ó mhír 1341 den bhreithiúnas seo, má neartaíonn reachtóir an Aontais an chosaint shóisialta do chatagóirí áirithe oibrithe, sa chás seo, tríd an oibleagáid, a eascraíonn as forálacha Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm ar thiománaithe a dhéanann cineálacha áirithe oibríochtaí iompair, d’fhéadfadh costais bhreise áirithe a bheith i gceist d’fhostóirí nach mór dóibh a áirithiú go gcomhlíonfar iad. Cé go bhféadfadh costais áirithe a bheith i gceist le hoibleagáid a d’fhorchuir reachtóir an Aontais ar na gnóthais iompair a iompraíonn ualach na hoibleagáide sin, ní sárú ann féin é sin ar phrionsabal na comhréireachta, mura rud é go bhfuil na costais sin díréireach go follasach leis an gcuspóir atá á shaothrú. |
|
1353 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis na héifeachtaí diúltacha líomhnaithe ar ghnóthais iompair i gcoitinne a eascraíonn as Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 1311 go 1331 den bhreithiúnas seo, ar dtús, go leanann na critéir maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú a leagtar síos sna forálacha sin an loighic chéanna leis na critéir a bhí infheidhme sular tugadh an Treoir sin i bhfeidhm agus, lena chois sin, go bhfuil na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir gach ceann de na critéir sin mar thoradh, i bpáirt, ar an bhfíoras go leagtar síos leis an Treoir sin díolúintí soiléire ó na rialacha sin anois, ar mhaithe le tarlóirí, nár foráladh go sonrach dóibh leis an gcreat dlíthiúil a bhí infheidhme roimhe sin. |
|
1354 |
Go háirithe, foráiltear leis an tríú fomhír go dtí an cúigiú fomhír d’Airteagal 1(3) agus leis an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 1(4) de Threoir 2020/1057 go bhféadfaidh tiománaí atá ag gabháil d’oibríocht dhéthaobhach iompair, ina theannta sin, roinnt gníomhaíochtaí breise luchtaithe agus/nó díluchtaithe earraí a dhéanamh agus paisinéirí a thógáil agus/nó a thabhairt chuig a gceann scríbe sna Ballstáit nó sna tríú tíortha a thrasnaíonn sé, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna forálacha sin, gan na rialacha maidir le postú agus, dá bhrí sin, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a ráthaítear sa Bhallstát óstach a mheas mar théarmaí agus coinníollacha is infheidhme. Rannchuidíonn an fhéidearthacht sin go beacht, tríd an gcur chuige solúbtha atá mar bhonn léi, lena áirithiú, mar is léir ó aithris 10 den Treoir sin, nach gcuirtear srian le cur i bhfeidhm na rialacha sin ar oibríochtaí trastrádála thar a bhfuil riachtanach leis an tsaoirse chun seirbhísí iompair trasteorann de bhóthar a sholáthar. Trí riail shoiléir a ghlacadh lena gceadaítear an díolúine d’oibríochtaí iompair déthaobhacha a leathnú chun leasa tarlóirí go dtí dhá ghníomhaíocht bhreise ar a mhéad, d’áirithigh reachtóir an Aontais, ar an gcaoi sin, nach bhfuil oibríochtaí trastrádála a bhfuil dlúthbhaint acu le hoibríocht iompair dhéthaobhach faoi réir na rialacha maidir le postú. |
|
1355 |
Dá bhrí sin, níl na costais níos airde líomhnaithe, do tharlóirí, mar thoradh ar fhorálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá faoi chonspóid chomh tábhachtach sin, in aon chás, gur féidir a mheas gur léir gur mó iad ná na sochair a fhabhraíonn ó na forálacha sin i dtéarmaí, ar an gcéad dul síos, laghdú a dhéanamh ar na hualaí a eascraíonn as creat rialála aonfhoirmeach agus níos soiléire a bheith ann agus, ar an dara dul síos, méadú a dhéanamh ar an gcosaint shóisialta a ráthaítear do thiománaithe in éineacht le hiomaíocht níos sláintiúla ar an margadh. |
|
1356 |
Mar is léir ó mhíreanna 1334 go 1338 den bhreithiúnas seo, ós rud é nár léiríodh ach oiread an éiginnteacht líomhnaithe maidir le léiriú na bhforálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 agus deacrachtaí praiticiúla a bheith ann maidir leis na forálacha sin a chur chun feidhme, is léir nach bhfuil éifeachtaí diúltacha féideartha na bhforálacha sin ar tharlóirí díréireach go ginearálta leis na cuspóirí atá á saothrú. |
|
1357 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an argóint gur dócha go mbeidh tionchar níos mó ag cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar oibríochtaí iompair trastrádála agus ar oibríochtaí cabatáiste ar na Ballstáit atá suite ar ‘fhorimeall an Aontais Eorpaigh’, ina ndéanann gnóthais na cineálacha sin oibríochtaí iompair den chuid is mó, is léir ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 1318 go 1329 den bhreithiúnas seo go bhfuil feidhm ag na rialacha sin cheana féin maidir le hoibríochtaí cabatáiste agus go bhfuil éifeachtaí teoranta ag na forálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 ar oibríochtaí iompair trastrádála. Ina theannta sin, ba cheart tagairt a dhéanamh don chásdlí dá dtagraítear i míreanna 247 agus 332 den bhreithiúnas sin, maidir le prionsabal na córa comhionainne idir na Ballstáit. |
|
1358 |
Ina theannta sin, cé gur fíor go bhfuil iomaíocht costais mar chuid de dhinimic an mhargaidh inmheánaigh, is fíor fós nach bhfuil sé de chuspóir ná d’éifeacht ag Treoir 2020/1057 fiú deireadh a chur le gach iomaíocht chostas bhunaithe, ach féachann sí leis an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar ar bhonn cothrom a áirithiú – is é sin le rá, i gcomhthéacs na hiomaíochta nach mbraitheann ar dhifríochtaí iomarcacha sna téarmaí agus sna coinníollacha fostaíochta a chuirtear i bhfeidhm, sa Bhallstát céanna, maidir le gnóthais iompair ó Bhallstáit éagsúla – agus cosaint níos fearr á tabhairt do thiománaithe ar postú ag an am céanna. |
|
1359 |
Thairis sin, mar a tugadh chun cuimhne i míreanna 266 agus 573 den bhreithiúnas seo, ní féidir an fhéidearthacht a bhaint de reachtóir an Aontais gníomh reachtach a chur in oiriúint d’aon athrú ar imthosca ná d’aon fhorbairt eolais, ag féachaint don chúram atá air cosaint na leasanna ginearálta a aithnítear in CFAE a áirithiú agus cuspóirí trasearnálacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear sa bhrollach, in Airteagal 9 agus sa chéad mhír d’Airteagal 151 CFAE a chur san áireamh, go háirithe, dálaí fostaíochta a fheabhsú agus cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú. |
|
1360 |
Go háirithe, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 267 den bhreithiúnas seo, i bhfianaise na bhforbairtí suntasacha a dhéanann difear don mhargadh inmheánach in earnáil an iompair de bhóthar, bhí reachtóir an Aontais i dteideal Treoir 96/71 a oiriúnú chun na leasanna lena mbaineann a athchothromú d’fhonn cosaint shóisialta na dtiománaithe a mhéadú trí leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfeidhmítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus chun iomaíocht chóir a áirithiú. I ndáil leis sin, tá sé tugtha faoi deara go sonrach ag an gCúirt cheana féin gurb é an toradh a bhí ar an ngá atá leis an gcothromaíocht ar a raibh an Treoir sin bunaithe a choigeartú chun cuspóir na hiomaíochta níos cothroime a bhaint amach ar an mbealach is fearr i gcomhthéacs atá ag síorathrú, inter alia, difreáil struchtúrach ar na rialacha maidir le pá agus téarmaí agus coinníollacha eile fostaíochta is infheidhme sna Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 63). |
|
1361 |
Sa chás seo, trí leasú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le hinfheidhmeacht na rialacha maidir le postú do thiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar, d’fhéach reachtóir an Aontais go sonrach, mar is léir ó aithrisí 1, 3 agus 7 de Threoir 2020/1057, le cothromaíocht nua a bhaint amach idir an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, saorghluaiseacht earraí, dálaí sóisialta agus oibre tiománaithe a fheabhsú agus iomaíocht níos cothroime sa mhargadh idir gnóthais iompair a ráthú. |
|
1362 |
Bhí an reachtóir sin i dteideal a mheas, agus a lánrogha leathan á feidhmiú aige i ndáil leis sin, gur cheart go mbeadh tiománaithe a bhfuil baint acu le seirbhísí iompair a bhfuil nasc acu le críoch Ballstáit óstaigh in ann tairbhe a bhaint as na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta céanna le tiománaithe atá fostaithe ag gnóthais iompair atá bunaithe sa Stát sin. |
|
1363 |
Dá bhrí sin, fiú dá mbunófaí iad, maidir leis na héifeachtaí diúltacha a bheadh ann do Bhallstáit áirithe, do ghnóthais iompair atá bunaithe ansin agus do na tiománaithe a fhostaíonn siad, mar thoradh ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar oibríochtaí trastrádála, mar a eascraíonn siad as Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i bhfianaise aithris 13 di, níl siad díréireach go follasach, in aon chás, leis na cuspóirí atá á saothrú. |
|
1364 |
Ar an tríú dul síos, maidir leis an argóint a chuir Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire ar aghaidh, ar dá réir a bhfuil baol go saobhfar an iomaíocht leis an idirdhealú arna chaomhnú idir oibríochtaí iompair trastrádála agus oibríochtaí iompair déthaobhacha, a mhéid is nach bhforchuirtear aon oibleagáid le Treoir 2020/1057 agus a mhéid nach bhfuil feidhm aici ar thiománaithe tríu tíortha nach baill den Aontas iad, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thug an Chomhairle faoi deara le linn an nós imeachta i scríbhinn agus ag an éisteacht, nach mbaineann na gnóthais iompair atá bunaithe i dtríú tíortha tairbhe as an rochtain chéanna ar an margadh inmheánach, de chineál amhail is nach bhfuil a staid inchomparáide le staid na ngnóthas iompair atá bunaithe san Aontas (féach, de réir analaí, breithiúnas an 17 Iúl 1997, SAM Schiffahrt agus Stapf, C‑248/95 agus C‑249/95, EU:C:1997:377, mír 64). |
|
1365 |
Thairis sin, mar is léir ó Airteagal 1(10) de Threoir 2020/1057 agus ó Airteagal 1(4) de Threoir 96/71, dá dtagraítear in aithris 15 den chéad cheann de na Treoracha sin, ní féidir le gnóthais iompair atá bunaithe i dtríú tíortha cóir níos fabhraí a fháil ná iad siúd atá bunaithe san Aontas Eorpach, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha maidir le postú dá bhforáiltear i dTreoir 2020/1057. |
|
1366 |
Ar an gceathrú dul síos, maidir leis na hargóintí a bhaineann leis na héifeachtaí díobhálacha líomhnaithe ar an gcomhshaol a eascraíonn as forálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá faoi chonspóid, tá forluí idir na hargóintí sin agus na hargóintí a chuir Poblacht na Polainne chun cinn ina ceathrú saincheist dlí, agus mar thoradh air sin scrúdófar iad sa chomhthéacs sin. |
|
1367 |
Dá réir sin, ní bhaineann míbhuntáistí le forálacha Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 atá díréireach go follasach leis na cuspóirí a shaothraítear leis na forálacha sin. |
|
1368 |
Dá bhrí sin, ní mór an dara agus an tríú saincheist dlí de chuid Phoblacht na Liotuáine, an chéad saincheist dlí de chuid Phoblacht na Bulgáire, an chéad saincheist dlí de chuid na Rómáine, an chéad saincheist dlí de chuid Phoblacht na Cipire, an chéad saincheist dlí de chuid na hUngáire mar mhalairt air sin agus an chéad saincheist dlí de chuid Phoblacht na Polainne a dhiúltú toisc iad a bheith gan bhunús. |
(d) Sárú ar Airteagal 91(1) CFAE
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1369 |
Leis an gceathrú saincheist dlí ina gcaingne faoi seach, maíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire gur sháraigh reachtóir an Aontais Airteagal 91(1) CFAE agus Treoir 2020/1057 á glacadh aige. |
|
1370 |
De réir na mBallstát sin, ceanglaíodh le hAirteagal 91(1), arb é bunús dlí na Treorach sin é, ar an reachtas gníomhú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dó dul i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún. Níor áiríodh an t‑idirdhealú, chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm, idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus oibríochtaí trasthrádála sa togra le haghaidh Treoir maidir le postú, ionas nach bhféadfadh na coistí sin scrúdú a dhéanamh air sular thug siad a dtuairimí faoi seach. Ós rud é nach ndeachaigh an reachtóir i gcomhairle ina dhiaidh sin leis na coistí sin maidir leis an leasú substaintiúil a rinneadh ar an togra sin, sháraigh sé Airteagal 91(1). |
|
1371 |
Tugann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire faoi deara gur rialaigh an Chúirt maidir leis an oibleagáid dul i gcomhairle sa nós imeachta reachtach tráth a raibh ról comhairleach ag an bParlaimint, amhail CESE agus CnaR inniu, gan a bheith ina comhreachtóir. Chinn sí gurb é a bhí i gceist leis an gceanglas dul i gcomhairle leis an bParlaimint ná an ceanglas dul i gcomhairle an athuair aon uair a d’imigh an téacs a glacadh ar deireadh, arna mheas ina iomláine, ó thaobh substainte de ón téacs a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint cheana féin ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 1992, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑65/90, EU:C:1992:325, mír 16). |
|
1372 |
Ós rud é go bhfeidhmeodh CESE agus CnaR an ról comhairleach sin anois faoi Airteagal 91(1) CFAE, bheadh feidhm de réir analaí ag an gcásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo maidir leis an oibleagáid dul i gcomhairle leis an dá choiste sin. Dá bhrí sin, sa chás seo, ba chóir go rachfaí i gcomhairle leis an dá choiste sin ar an athuair maidir leis an leasú substainteach lena leagfaí amach idirdhealú nua idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus oibríochtaí iompair trastrádála chun críocha chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú. |
|
1373 |
Tá sé mícheart a mhaíomh, mar a mhaíonn an Pharlaimint, nach bhfuil aon fhasach ann don dara comhairliúchán leis na coistí sa nós imeachta reachtach. Mar shampla, le linn an nós imeachta reachtaigh maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíochta shláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE (COM (2018) 51 críochnaitheach), cuireadh foráil fhorlíontach le bunús dlí an ghnímh lena mbaineann, rud a chuirfeadh d’oibleagáid ar reachtóir an Aontais cinneadh a dhéanamh dul i gcomhairle le CESE den dara huair. |
|
1374 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1375 |
Braitheann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire, ar bhonn an tsáraithe ar Airteagal 91(1) CFAE ag reachtóir an Aontais agus Treoir 2020/1057 á glacadh aige, ar na hargóintí céanna leo siúd a chuir an chéad cheann de na Ballstáit sin chun cinn chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht Airteagal 2(4)(a) de Rialachán 2020/1055 (Cás C‑545/20). Dá bhrí sin, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 898 go 909 den bhreithiúnas seo, ní féidir glacadh leis na hargóintí sin, ós rud é nach leanann sé ó Airteagal 91(1) go bhfuil ceanglas ann go rachfaí i gcomhairle le CESE agus le Coiste na Réigiún arís i gcás leasaithe ar an togra a ndeachthas i gcomhairle leis na coistí sin ina leith cheana féin. |
|
1376 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tríú saincheist dlí ó Phoblacht na Bulgáire agus ó Phoblacht na Cipire toisc iad a bheith gan bhunús. |
(e) Sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1377 |
Leis an gceathrú saincheist dlí ina gcaingne faoi seach, maíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire go sáraítear Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057. Óna taobh féin de, maíonn Poblacht na Polainne, leis an dara agus leis an tríú saincheist dlí uaithi, go sáraítear Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057. Ar deireadh, ní chuireann an Rómáin saincheist dlí neamhspleách ar aghaidh ina leith sin ach líomhnaíonn sí sárú ar an dá fhoráil dheireanacha de CFAE ina dara saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, trí na hargóintí a leagtar amach i mír 1194 den bhreithiúnas seo a chur ar aghaidh. |
|
1378 |
Go háirithe, déanann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire gearán gur sháraigh reachtóir an Aontais na forálacha sin den dlí príomha mar gheall ar na héifeachtaí díobhálacha a eascraíonn as an idirdhealú a rinneadh in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, maidir leis an gcaighdeán maireachtála agus fostaíochta sa Bhulgáir agus sa Chipir agus, go ginearálta, sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, agus maidir le staid eacnamaíoch na dtarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit sin. D’fhágfadh cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú go mbeadh iompar trasthrádála dofheidhmithe do na gnóthais sin. Bheadh tionchar diúltach aige sin ar an gcomhshaol chomh maith le méadú ar phlódú. Mar sin féin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair maidir leis an idirdhealú sin agus ní dhearnadh aon chomhairliúchán ar an ábhar sin le CESE ná le Coiste na Réigiún. |
|
1379 |
Áitíonn Poblacht na Polainne, trí chritéar treallach a ghlacadh chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí iompair, gur sháraigh reachtóir an Aontais Airteagal 91(2) agus Airteagal 94 CFAE, ar an bhforas nár chuir sé san áireamh go bhféadfadh an critéar sin difear tromchúiseach a dhéanamh don chaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe, d’oibriú saoráidí iompair agus do staid eacnamaíoch tarlóirí. Ní aontaíonn an Ballstát sin le léiriú na bhforálacha sin mar a mhol an Pharlaimint agus an Chomhairle iad. Ní hionann an fíoras go bhfuil corrlach lánroghnach leathan ag reachtóir an Aontais agus an oibleagáid atá air chun éifeachtaí áirithe a chur san áireamh a theorannú le bheith ar an eolas amháin fúthu. |
|
1380 |
Sa chéad áit, maidir leis an sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, níor cuireadh san áireamh, nuair a glacadh na forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid, an tionchar a d’eascair as an méadú ar líon na dturas folamh feithiclí a bheadh rannpháirteach in oibríochtaí trasthrádála nó cabatáiste murach sin. Thairis sin, is é an bonn cirt eacnamaíoch atá le feithiclí a úsáid in oibríochtaí trasthrádála go bhféadfaidh tarlóirí, agus an pheirspictíocht gheografach á cur san áireamh, freagairt go solúbtha do riachtanais iompair atá ag athrú, chun líon na dturas folamh a íoslaghdú agus chun fanacht neamhriachtanach ar orduithe chun earraí a iompar chuig an mBallstát bunaíochta a sheachaint. Tá cáilíochtaí comhchosúla ag oibríochtaí cabatáiste ó thaobh éifeachtúlacht oibríochtaí iompair de. |
|
1381 |
Chuirfí d’oibleagáid ar na gnóthais atá bunaithe sa Pholainn 1221120000 km breise ar a laghad a dhéanamh in aghaidh na bliana le cur i bhfeidhm Rialacháin 2020/1054 agus 2020/1055. Tá iarmhairtí suntasacha ag na leasuithe a eascraíonn as na Rialacháin sin agus ag na srianta breise a eascraíonn as na forálacha atá faoi chonspóid i dTreoir 2020/1057 ar chaighdeáin mhaireachtála agus ar fhostaíocht i réigiúin áirithe agus ar shaoráidí iompair. |
|
1382 |
Thairis sin, d’fhéadfadh tarraingt siar tarlóirí ón margadh a bheith mar thoradh ar na srianta ar fheidhmiú oibríochtaí trasthrádála agus cabatáiste, arb iad na forálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 is cúis leo, ós rud é nach bhfuil siad in ann gníomhaíocht bhrabúsach a dhéanamh i gcomhthéacs samhail seirbhíse iompair lena mbaineann oibríochtaí iompair nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna. Bíonn na hiarmhairtí sin le brath go háirithe ag tarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh, a bhfuil a ngníomhaíochtaí bunaithe go príomha ar oibríochtaí trasthrádála agus cabatáiste. |
|
1383 |
Tá an Measúnú Tionchair – Gné Shóisialta teoranta do mheasúnú dromchla ar thionchar na bhforálacha sin ar an leibhéal fostaíochta i réigiúin áirithe agus, in aon chás, baineann sé le critéar ama a chur i bhfeidhm chun na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm, rud atá éagsúil leis an gcritéar a glacadh ar deireadh i dTreoir 2020/1057, nach bhfuil na héifeachtaí céanna aige ar mhargaí na mBallstát ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, fuarthas amach sa mheasúnú tionchair sin go bhfostaíonn 90 % de ghnóthais iompair níos lú ná 10 nduine gan é a chur san áireamh chun críocha measúnú a dhéanamh ar thionchar na bhforálacha sin ar leibhéal na fostaíochta. Tuairiscíodh an tionchar ar mheath an bhonneagair iompair san Aontas sa Mheasúnú Tionchair sin freisin, gan measúnú a dhéanamh ar an tionchar sin. |
|
1384 |
Bheadh tionchar diúltach ag an méadú ar thrácht ar bhóithre freisin ar chaighdeáin mhaireachtála i gceantair atá gar do moil mhóra iompair. Sa chomhthéacs sin, bheadh sé úsáideach a chur in iúl, go háirithe, an riosca a bhaineann leis na hathruithe ar shábháilteacht ar bhóithre. |
|
1385 |
Méadófar faoi 19 % líon an iompair chontúirtigh tiománaithe sna Ballstáit, mar gheall ar na leasuithe dlíthiúla a mbeadh feidhm acu ar iompar de bhóthar, atá nasctha leis an bhféidearthacht chun rialacháin a shárú d’fhonn dul in oiriúint ar na hoibleagáidí nua maidir le postú, nó d’fhonn iad a sheachaint, agus méadú eile i líon na dtimpistí bóthair marfacha a bhaineann le cineálacha feithiclí áitithe. |
|
1386 |
Sa dara háit, maidir leis an sárú ar Airteagal 94 CFAE, níor cuireadh san áireamh sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta staid eacnamaíoch na dtarlóirí atá bunaithe sna Ballstáit ar fhorimeall an Aontais Eorpaigh a bhfuil leibhéal níos ísle forbartha eacnamaíche acu, a bhfuil a ngníomhaíocht in iompar idirnáisiúnta de bhóthar dírithe níos mó ar oibríochtaí trasthrádála agus cabatáiste. Leis na costais bhreise do tharlóirí ó Bhallstáit fhorimeallacha mar thoradh ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú, ní bheadh an buntáiste céanna ag na hoibreoirí sin ná mar a bheadh ag gnóthais iomaíocha atá lonnaithe i lárionad geografach an Aontais. |
|
1387 |
Léirítear freisin nár cuireadh staid eacnamaíoch na dtarlóirí san áireamh le glacadh fhorálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid le linn tréimhse de shuaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach mar gheall ar phaindéim COVID-19. Bheadh éifeachtaí eacnamaíocha na paindéime seo le brath go háirithe san earnáil iompair, earnáil atá neamhchosanta go mór ní hamháin ar an laghdú ar an éileamh ar thrádáil idirnáisiúnta, ach freisin ar na srianta a fhorchuireann Ballstáit aonair ar thrasnú teorainneacha inmheánacha. Bhí na héifeachtaí sin ann cheana féin le linn an réamhobair le haghaidh Threoir 2020/1057. |
|
1388 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1389 |
Sa chéad áit, maidir leis an argóint, a chuir Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire chun cinn, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE, ar an bhfíoras gur mhainnigh reachtóir an Aontais cuspóir na gConarthaí maidir le hardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil a chur san áireamh, tá forluí idir an argóint sin agus an argóint a chuir Poblacht na Polainne chun cinn ina ceathrú saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt. Dá bhrí sin go scrúdófar an argóint sin i gcomhthéacs na saincheiste sin. |
|
1390 |
Sa dara háit, maidir leis an argóint a bhaineann le sárú líomhnaithe ar Airteagal 94 CFAE, is leor a thabhairt faoi deara maidir leis an bhforáil sin, lena bhforchuirtear ar reachtóir an Aontais staid eacnamaíoch na dtarlóirí a chur san áireamh nuair a ghlacann sé beart ‘i réimse phraghsanna agus dhálaí iompair’, nach bhfuil ábhartha sa chás seo, toisc, mar a cuireadh in iúl i mír 1231 den bhreithiúnas seo, nach rialaítear le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057 na praghsanna ná dálaí iompair na n‑earraí ná na bpaisinéirí, ach leagtar síos leis na critéir maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú tiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar. |
|
1391 |
Sa tríú háit, maidir leis an argóint lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 91(2) CFAE, ba cheart a mheabhrú, de réir na forála sin, nach mór do reachtóir an Aontais, agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin á nglacadh aige, arb é is cuspóir dóibh cur chun feidhme an chomhbheartais iompair i bhfianaise ghnéithe speisialta an bheartais iompair, cásanna a ‘chur san áireamh’ ina bhféadfadh cur i bhfeidhm na mbeart sin difear ‘mór’ a dhéanamh don chaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe agus d’oibriú saoráidí iompair. |
|
1392 |
I ndáil leis sin, ós rud é gur ghlac reachtóir an Aontais Treoir 2020/1057 ar bhonn Airteagal 91(1) CFAE, ós rud é nár cuireadh an bunús dlí sin faoi chonspóid i gcomhthéacs na gcaingne seo, is faoin reachtóir sin a bhí sé na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) CFAE a chur san áireamh agus na critéir maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú a leagtar síos in Airteagal 1(3) go (7) den Treoir sin á gceapadh aige. |
|
1393 |
Bíodh sin mar atá, mar is léir, go bunúsach, ó mhíreanna 393 go 396 den bhreithiúnas seo, ní chuirtear bac le hAirteagal 91(2) CFAE ar reachtóir an Aontais, i bhfianaise an corrlach lánroghnach leathan atá aige agus an comhbheartas iompair á shainiú aige, as glacadh le bearta ceangailteacha ar dóchúil go ndéanfadh siad difear do chaighdeán maireachtála agus fostaíochta agus d’fheidhmiú saoráidí iompair níos mó i mBallstáit áirithe seachas cinn eile, ar choinníoll go gcuirfeadh an reachtóir san áireamh iarmhairtí tromchúiseacha na dteorainneacha sin sa chomhthéacs níos leithne maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí agus leasanna éagsúla atá idir chamáin. |
|
1394 |
Maidir leis na caingne seo, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an argóint a chuir Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Cipire agus Poblacht na Polainne chun cinn bunaithe ar an mbonn nár chuir reachtóir an Aontais san áireamh, de shárú ar Airteagal 91(2) CFAE, impleachtaí Threoir 2020/1057, eadhon go bhfágfaidh cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú a leagtar síos in Airteagal 1 den Treoir sin go mbeidh oibríochtaí iompair trasthrádála agus oibríochtaí cabatáiste dofheidhmithe. |
|
1395 |
Mar sin féin, dhearbhaigh an Chúirt cheana féin gur cumhdaíodh le Treoir 96/71, sa leagan ab infheidhme sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm, i bprionsabal, aon soláthar trasnáisiúnta seirbhísí lena mbaineann oibrithe a phostú, lena n‑áirítear in earnáil an iompair de bhóthar, agus luaigh sí freisin nach mór, i bprionsabal, tiománaí a dhéanann oibríochtaí cabatáiste a mheas mar thiománaí ar postú, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 96/71 (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging, C‑815/18, EU:C:2020:976, míreanna 33, 49, 62, 63 agus 65). |
|
1396 |
Is fíor, mar a cuireadh in iúl i mír 1320 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar oibríochtaí iompair trasthrádála, mar a eascraíonn as Treoir 2020/1057, fiú má leanann sé an loighic chéanna, díreach mar an gcéanna leis an gcur i bhfeidhm a eascraíonn as Treoir 96/71, mar a léirigh an Chúirt. |
|
1397 |
Mar sin féin, ní léir ón bhfianaise a cuireadh faoi bhráid na Cúirte i gcomhthéacs na gcaingne seo go bhféadfadh na costais níos airde a eascraíonn as cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar oibríochtaí trastrádála, mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, difear ‘mór’ a dhéanamh don chaighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe, de réir bhrí Airteagal 91(2) CFAE, fiú dá gcuirfí le chéile iad. Ní leor aon tionchar ar na heilimintí deireanacha sin chun a léiriú gur sroicheadh an tairseach is gá chun sárú ar an bhforáil dheireanach sin a shuí. |
|
1398 |
Thairis sin, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar na héifeachtaí a d’eascair as glacadh na bhforálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid, bhí ar reachtóir an Aontais na leasanna éagsúla atá i gceist a réiteach chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraigh sé a bhaint amach. Dá bhrí sin, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 395 den bhreithiúnas seo, ós rud é go raibh ar reachtóir an Aontais an caighdeán maireachtála agus fostaíochta i réigiúin áirithe a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, níor chuir leasanna eacnamaíocha na dtarlóirí bac orthu a bheith faoi réir bearta ceangailteacha a ghin costais áirithe do na tarlóirí. |
|
1399 |
Ar an gcaoi chéanna, fiú más rud é, mar a mhaíonn Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Cipire agus Poblacht na Polainne, go bhfuil sé d’oibleagáid ar tharlóirí áirithe an margadh a fhágáil mar gheall ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú i leith oibríochtaí iompair trasthrádála agus oibríochtaí cabatáiste a eascraíonn as Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, lena mbaineann baol go gcaillfear poist do thiománaithe áirithe, ba cheart éifeachtaí diúltacha den sórt sin a chur i bpeirspictíocht, ar thaobh amháin, leis an gcosaint shóisialta mhéadaithe a ráthaítear do líon mór tiománaithe a fhanfaidh fostaithe in earnáil an iompair de bhóthar agus, ar an taobh eile, leis an bhfíoras go ndéantar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar an margadh anois ar bhonn iomaíocht níos cothroime idir gnóthais iompair. |
|
1400 |
Ní mór a chur in iúl freisin, mar a áitíonn an Chomhairle, go bunúsach, nach féidir Airteagal 91(2) CFAE a léiriú sa chaoi go bhforchuirtear oibleagáid ar reachtóir an Aontais an sciar den mhargadh atá ag tarlóirí áirithe cheana a chosaint, agus an baol ann go gcuirfear cosc air an creat dlíthiúil a chur in oiriúint d’fhorbairtí sa mhargadh chun iomaíocht chóir ar an margadh a áirithiú. |
|
1401 |
Maidir leis na hargóintí a chuir Poblacht na Polainne chun cinn maidir leis an méadú ar líon na dtionóiscí rioscúla agus marfacha as a dtiocfaidh, dar léi, cur chun feidhme na bhforálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid, ní thacaíonn fianaise iontaofa chomhsheasmhach leis na hargóintí sin. Dá bhrí sin, tá na hargóintí sin amhantrach, agus is é an toradh atá air sin nach léiríonn siad sárú ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 91(2) CFAE. |
|
1402 |
Tá Poblacht na Polainne ag brath freisin ar na héifeachtaí diúltacha ar oibriú trealaimh iompair a eascraíonn as na turais bhreise a eascraíonn as na forálacha atá á gconspóid i dTreoir 2020/1057 is cúis leo. Bíodh sin mar atá, ní chuireann an Ballstáit sin eilimintí leordhóthanacha chun cinn chun tacú lena argóint ar dá réir a líomhnaíonn sé go mbeidh ‘méadú ar líon na gciliméadar breise a thaistealófar’. Thairis sin, rinneadh scrúdú ar an argóint chomhchosúil maidir leis na ciliméadair bhreise a tharla mar thoradh ar chur chun feidhme Rialacháin 2020/1054 agus 2020/1055 agus diúltaíodh di sna caingne a tugadh i gcoinne na Rialachán sin. |
|
1403 |
Tá go leor i gcomhar idir na líomhnaithe arna gcur ar aghaidh i gcomhthéacs na bpléadálacha seo, atá níos ginearálta agus gan chruthú, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, de bharr na mainneachtana chun iarmhairtí na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 a chur san áireamh, agus de bharr an tsáraithe ar Airteagal 91(1) CFAE de bharr na mainneachtana chun dul i dteagmháil an athuair le CESE agus CnaR. Dá bhrí sin, ní mór na héilimh eile sin a dhiúltú ar na cúiseanna céanna leo siúd a leagtar amach i míreanna 1311 go 1368 chomh maith le 1375 agus 1376 den bhreithiúnas seo. |
|
1404 |
Dá bharr air sin, ní mór diúltú don cheathrú saincheist dlí de chuid na Bulgáire agus de chuid na Cipire, don dara agus tríú saincheist dlí de chuid Phoblacht na Polainne chomh maith leis an argóint a chur an Rómáin ar aghaidh i gcomhthéacs a dara saincheist dlí, toisc iad a bheith gan bhunús. |
(f) Sárú ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1405 |
Leis an gcúigiú saincheist dlí ina gcaingne faoi seach, áitíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire gurb ionann an cur chuige maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus oibríochtaí iompair trasthrádála chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm agus srian gan údar ar shaorghluaiseacht earraí (an chéad bhrainse) agus ar an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar (an dara brainse). |
|
1406 |
Ar thaobh amháin, maidir leis an tsaorghluaiseacht earraí, ba chóir cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar thríú páirtithe a mheasúnú mar bheart a bhfuil éifeachtaí aige ar ionann iad le srianta cainníochtúla, i bhfianaise na n‑éifeachtaí díobhálacha a eascraíonn astu. Ní féidir údar a thabhairt le beart den sórt sin faoi Airteagal 36 CFAE, ós rud é nach bhfuil nasc leordhóthanach ag an gcatagóir sin d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta leis an mBallstát lena mbaineann agus go gcruthaíonn sé ualaí riaracháin díréireacha lena gcuirtear cosc ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. |
|
1407 |
I bpreaseisiúint, dar teideal ‘Iarrann an Coimisiún ar an Ostair a áirithiú nach gcuirfidh a reachtaíocht maidir leis an bpá íosta srian míchuí ar an margadh inmheánach’ (IP/17/1053), deir an institiúid sin gurb ionann cur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta maidir le gach oibríocht iompair idirnáisiúnta a bhaineann le luchtú agus/nó díluchtú arna ndéanamh ar chríoch náisiúnta agus srian díréireach ag féachaint, go háirithe, do shaorghluaiseacht earraí agus nach bhfuil bonn cirt le cur i bhfeidhm an bhirt sin maidir le hoibríochtaí iompair idirnáisiúnta nach bhfuil nasc leordhóthanach acu leis an mBallstát lena mbaineann toisc go bhfuil sé díréireach. |
|
1408 |
Ar an taobh eile, maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar, cuireann cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú i leith oibríochtaí iompair trasthrádála srian ar an tsaoirse sin, de shárú ar Airteagal 58(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 91 CFAE. |
|
1409 |
I ndáil leis sin, mar is léir ó mhíreanna 64 agus 65 de bhreithiúnas an 22 Bealtaine 1985, an Pharlaimint v an Chomhairle (13/83, EU:C:1985:220), ar thaobh amháin, áirítear ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear in Airteagal 91(1)(a) agus (b) CFAE an oibleagáid saoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair a bhunú agus, i measc na gceanglas a eascraíonn as an tsaoirse chun na seirbhísí sin a sholáthar, deireadh a chur le gach idirdhealú i gcoinne sholáthraí na seirbhísí sin ar fhorais a náisiúntachta nó toisc go bhfuil sé bunaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an tseirbhís le soláthar. Ar an taobh eile, níl an lánrogha ag reachtóir an Aontais, maidir leis an bpointe sin, ar féidir leis brath uirthi i réimsí eile den chomhbheartas iompair. |
|
1410 |
Leis an idirdhealú idir oibríochtaí iompair déthaobhacha agus oibríochtaí trasthrádála chun críocha na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm, tugtar isteach arís cineál idirdhealaithe agus is cúlchéimniú é maidir le comhbheartas iompair a bhunú. |
|
1411 |
Má mheasann an Chúirt go rialaítear an cheist sin le hAirteagal 56 CFAE freisin, bheadh an t-saincheist dlí seo bunaithe ar an bhforáil sin freisin. |
|
1412 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na pléadálacha agus na hargóintí sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
(i) Saorghluaiseacht earraí
|
1413 |
Maidir leis an gcéad bhrainse den chúigiú saincheist dlí ina gcaingne faoi seach, lena n‑éilítear sárú ar shaorghluaiseacht earraí, ní mhíníonn Poblacht na Bulgáire ná Poblacht na Cipire ar bhealach ar bith an tslí ina gcuireann Treoir 2020/1057 teorainn leis an tsaoirse sin ná an tslí ar ionann a héifeachtaí agus srian cainníochtúil líomhnaithe dá dtagraíonn na Ballstáit sin. |
|
1414 |
Go háirithe, seachas meabhrúchán ar Airteagail 34 go 36 CFAE agus cásdlí na Cúirte maidir leis na himthosca ina bhféadfaí a mheas go bhfuil bonn cirt le srian cainníochtúil den sórt sin faoi Airteagal 36 CFAE, ní dhéanann na Ballstáit sin ach tagairt d’argóintí a cuireadh chun cinn i gcomhthéacs na gcéad saincheisteanna dlí ina gcaingne faoi seach. |
|
1415 |
Mar is léir, go bunúsach, ó mhíreanna 1308 go 1368 den bhreithiúnas seo, níor léirigh Poblacht na Bulgáire ná Poblacht na Cipire go rachadh cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú chun oibríochtaí trasthrádála thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir dlisteanach atá á shaothrú leis na forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid a bhaint amach. |
|
1416 |
Dá bhrí sin, in éagmais aon argóint dá gcuid féin mar thaca leis na chéad chodanna den chúigiú saincheist dlí, ní mór a mheas, fiú dá bhféadfaí a mheas gurb ionann na forálacha sin agus srian a thagann faoi raon feidhme Airteagail 34 agus 35 CFAE, go mbeadh bonn cirt leis an srian sin, in aon chás, faoi Airteagal 36 CFAE ar na cúiseanna ar ar bunaíodh diúltú na gcéad saincheisteanna dlí sin. |
|
1417 |
Maidir leis an gcuid eile, a mhéid a bhaineann leis an bpreaseisiúint dá dtagraítear i mír 1407 den bhreithiúnas seo, a luann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire gan a hábharthacht a mhíniú, is leor a thabhairt faoi deara nach féidir le doiciméad neamhcheangailteach den sórt sin a bheith ina cheangal ar an gCúirt ina léiriú nó ina measúnú ar bhailíocht Threoir 2020/1057. |
|
1418 |
In aon chás, cé go gcáineann an Coimisiún, sa phreaseisiúint sin, an cur chuige maidir le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit óstaigh a chur i bhfeidhm maidir le gach oibríocht iompair idirnáisiúnta lena mbaineann luchtú agus/nó díluchtú ar chríoch an Bhallstáit sin, tá forálacha Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid díolmhaithe ón gcur i bhfeidhm sin oibríochtaí iompair déthaobhacha agus gníomhaíochtaí luchtaithe agus/nó díluchtaithe breise áirithe a bhaineann leis na hoibríochtaí sin, go beacht chun comhréireacht aon sriain a d’fhéadfadh a bheith ar shaorghluaiseacht earraí agus an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar a áirithiú, ar srianta iad a d’eascródh as na rialacha maidir le postú a chur i bhfeidhm maidir le tiománaithe iompair idirnáisiúnta de bhóthar. |
|
1419 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad bhrainse den chúigiú saincheist dlí ó Phoblacht na Bulgáire agus ó Phoblacht na Cipire toisc é a bheith gan bhunús. |
(ii) Saoirse chun seirbhísí a sholáthar
|
1420 |
Maidir leis an dara brainse den chúigiú saincheist dlí de chuid Phoblacht na Bulgáire agus de chuid Phoblacht na Cipire, lena líomhnaítear sárú ar rialacha CFAE a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhíreanna 352 go 358 den bhreithiúnas seo, nach rialaítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair le hAirteagal 56 CFAE, a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i gcoitinne, ach le hAirteagal 58(1), CFAE, foráil shonrach lena bhforáiltear go mbeidh ‘an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair faoi rialú ag forálacha an Teidil a bhaineann le hiompar’, eadhon Teideal VI de Chuid a Trí de CFAE, lena n‑áirítear Airteagail 90 go 100 CFAE. Dá bhrí sin, tá sé de cheart ag gnóthais iompair seirbhísí a sholáthar go heisiach a mhéid a deonaíodh an ceart sin dóibh trí bhíthin reachtaíocht thánaisteach a ghlac reachtóir an Aontais ar bhonn fhorálacha CFAE a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair, go háirithe Airteagal 91(1) CFAE. |
|
1421 |
Is é sin go beacht cuspóir Threoir 2020/1057, a ghlac reachtóir an Aontais ar bhonn na forála sin, chun, inter alia, rialacha sonracha a leagan síos maidir le Treoir 96/71 agus, ar an gcaoi sin, reachtaíocht shóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar a chomhchuibhiú. |
|
1422 |
Maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhreithiúnas an 22 Bealtaine 1985, an Pharlaimint v an Chomhairle (13/83, EU:C:1985:220, míreanna 64 agus 65), ar a bhfuil Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire ag brath, ní mór a mheabhrú, mar a luadh i mír 982 den bhreithiúnas seo, gur chinn an Chúirt, maidir le saoirse a bhunú chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, nach bhfuil an lánrogha ag reachtóir an Aontais, a mhéid a bhaineann le saoirse a bhunú chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, ar féidir leis brath uirthi i réimsí eile den chomhbheartas iompair. Mar sin féin, ní chaitheann an fíoras sin amhras ar an bhfíoras, nuair a fheidhmíonn reachtóir an Aontais a chumhachtaí ar an mbonn sin, go bhfuil lánrogha leathan aige ina leith sin, agus mar a mheabhraítear i míreanna 242 go 247247 bhreithiúnas sin. |
|
1423 |
In aon chás, a mhéid a dhéanann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire gearán gur mhainnigh reachtóir an Aontais, trí na rialacha maidir le postú a dhéanamh infheidhme maidir le hoibríochtaí iompair tríú páirtí, a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 91 CFAE a chomhlíonadh, ós rud é gur thug sé isteach arís cineál idirdhealaithe in aghaidh tarlóirí ar bhonn a náisiúntachta nó ar bhonn na háite ina bhfuil siad bunaithe, tá forluí idir a n‑argóintí agus an méid a cuireadh chun cinn i gcomhthéacs an dara saincheist ina gcaingne faoi seach, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. Dá bhrí sin, ní mór diúltú dó ar na forais chéanna leis na forais a leagtar amach i míreanna 1213 go 1234 den bhreithiúnas seo. |
|
1424 |
Thairis sin, a mhéid, beag beann ar na hargóintí a diúltaíodh sa mhír roimhe seo, a cháineann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire reachtóir an Aontais as laghdú a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair lena ráthaítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, tá a n‑argóintí gan bhunús. |
|
1425 |
Mar is léir ó mhíreanna 1210, 1223, 1308 agus 1361 den bhreithiúnas seo, féachann Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, a mhalairt air sin, an tsaoirse chun seirbhísí iompair a sholáthar a éascú trí na staideanna ina bhforchuirtear nó nach bhforchuirtear na rialacha maidir le postú, dá bhforáiltear le Treoir 96/71, ar thiománaithe a dhéanann oibríocht iompair de bhóthair, lena n‑áirítear iad siúd a dhéanann oibríochtaí trasthrádála, agus cothromaíocht níos fearr idir na leasanna éagsúla lena mbaineann forbairt an mhargaidh a áirithiú, agus na hoibleagáidí atá air faoi Airteagal 91 CFAE á gcomhlíonadh aige (féach, de réir analaí, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 48). |
|
1426 |
Ba cheart a mheabhrú freisin, mar a luaitear i mír 266 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil comhordú déanta cheana féin ag gníomh reachtach ar dhlíthe na mBallstát i réimse áirithe gníomhaíochta de chuid an Aontais, nach féidir an fhéidearthacht a bhaint de reachtóir an Aontais an gníomh sin a oiriúnú d’aon athrú ar imthosca nó d’aon fhorbairt eolais ag féachaint dá chúram cosaint na leasanna ginearálta a aithnítear in CFAE a áirithiú agus cuspóirí trasearnálacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear in Airteagal 9 den Chonradh sin a chur san áireamh, lena n‑áirítear cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú. Ní féidir le reachtóir an Aontais, i gcás den sórt sin, a chúram a chomhlíonadh go cuí maidir le cosaint na leasanna ginearálta sin agus na gcuspóirí trasearnálacha sin a áirithiú ach amháin má tá sé i dteideal reachtaíocht ábhartha an Aontais a oiriúnú d’athruithe nó d’fhorbairtí den sórt sin. |
|
1427 |
Dá bhrí sin, ós rud é go bhféadfadh sé go dtabhódh tarlóirí áirithe costais níos airde mar thoradh ar fheabhas a chur ar dhálaí fostaíochta agus ar an méadú ar an gcosaint shóisialta a ráthaítear do thiománaithe áirithe leis na forálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, ní féidir a mheas gur cúlchéimniú é sin i mbunú comhbheartais iompair, ar sárú é ar Airteagal 91(2) CFAE. |
|
1428 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara brainse den chúigiú saincheist dlí ó Phoblacht na Bulgáire agus ó Phoblacht na Cipire toisc é a bheith gan bhunús agus, dá bhrí sin, do na saincheisteanna dlí sin ina n‑iomláine. |
(g) Sárú ar Airteagal 11 CFAE agus ar Airteagal 37 den Chairt
(1) Argóint na bpáirtithe
|
1429 |
Áitíonn Poblacht na Polainne lena ceathrú saincheist dlí go gcaithfear Airteagal 11 CFAE agus Airteagal 37 den Chairt a léiriú sa bhrí is go bhforchuirtear ar institiúidí an Aontais an oibleagáid chun cheanglais chosaint an chomhshaoil a chur san áireamh agus cur i bhfeidhm beartas eile den Aontas á chur i bhfeidhm aige i gcomhthéacs gníomhartha eile den Aontas. Ní féidir an cuspóir maidir le cosaint an chomhshaoil, a leagtar síos in Airteagal 191 CFAE, a chur san áireamh ná a bhaint amach trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 192 CFAE amháin i gcomhthéacs beartais ar leithligh agus neamhspleách. Le prionsabal an lánpháirtithe, d’fhéadfaí cuspóirí agus ceanglais chosaint an chomhshaoil a réiteach leis na leasanna agus na haidhmeanna eile atá á saothrú ag an Aontas. |
|
1430 |
Le léiriú ar dá réir a bhaineann Airteagal 11 CFAE le réimsí de dhlí an Aontais, seachas le bearta sonracha, ní féidir cuspóir na forála sin a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil Treoir 2020/1057 mar chuid de phacáiste níos leithne atá dírithe ar astaíochtaí truailleán in earnáil an iompair de bhóthar a laghdú, ní chruthaítear gur cuireadh san áireamh go cuí tionchar na Treorach sin ar an gcomhshaol, agus go háirithe ar an bhféidearthacht na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i ndoiciméid an chláir agus sna gníomhartha a ghlac an tAontas Eorpach i réimse an chomhshaoil a bhaint amach. Ina theannta sin, ní fhéadfaí a mheas ach oiread, a luaithe a shocrófar iad, go mbeidh na spriocanna chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú fós do-athraithe, gan beann ar na hastaíochtaí breise a ghinfear amach anseo mar thoradh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht nua an Aontais. |
|
1431 |
Aontaíonn Poblacht na Polainne leis an léiriú a ghlac an tAbhcóide Ginearálta Geelhoed i míreanna 59 agus 60 dá Thuairim sa bhreithiúnas an Ostair v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑161/04, EU:C:2006:66), ar dá réir, i gcás inar léir nár cuireadh leasanna comhshaoil san áireamh nó inar tugadh neamhaird iomlán orthu, go bhféadfadh Airteagal 11 CFAE a bheith ina chaighdeán chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht reachtaíocht an Aontais. I gcás ina suitear go bhfuil sé d’éifeacht ag beart ar leith, a ghlac reachtóir an Aontais, dochar a dhéanamh do bhaint amach na gcuspóirí a leag an reachtóir sin síos i ngníomhartha eile de reachtaíocht thánaisteach a glacadh i réimse an chomhshaoil, ceanglaítear ar an reachtóir sin leasanna coinbhleachta a mheas agus, i gcás inar gá, leasuithe iomchuí a dhéanamh ar na gníomhartha is infheidhme i réimse an chomhshaoil. |
|
1432 |
Sa chás seo, theip ar reachtóir an Aontais an oibleagáid sin a chomhlíonadh sa mhéid is nach ndearna sé scrúdú ar thionchar chur chun feidhme na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 1(1)(d) de Rialachán 2020/1057 maidir le ceanglais chomhshaoil. Go háirithe, theip air a chur san áireamh go mbeadh turais bhreise mar thoradh ar chur chun feidhme na bhforálacha sin, lena n‑áirítear turais fholmha i bhfeithiclí earraí troma, thar achair fhada, as a dtiocfadh, mar a léiríonn na sonraí agus na staidéir dá dtagraítear i mír 416 den bhreithiúnas seo, astaíochtaí CO2 agus truailleáin aeir is cúis le go leor fadhbanna sláinte. |
|
1433 |
De bhrí, in éagmais na bhforálacha sin, go bhféadfadh na feithiclí lena mbaineann oibríochtaí trastrádála agus cabatáiste a dhéanamh, bheadh sé d’éifeacht ag an laghdú ar an dá chineál oibríochta sin líon na n‑oibríochtaí iompair déthaobhacha a mhéadú, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar líon na dturas folamh. Mar sin féin, tá oibríochtaí trastrádála úsáideach sa mhéid is go n‑íoslaghdaíonn siad líon na n‑aistear folamh, go seachnaíonn siad fanacht le horduithe chun earraí a iompar chuig an mBallstát bunaíochta agus go gcuidíonn siad le freastal ar éileamh iompair atá ag athrú go geografach. |
|
1434 |
Ba cheart éifeachtaí comhshaoil na bhforálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 a scrúdú go carnach leis na héifeachtaí sin a ghintear le Rialacháin 2020/1054 agus 2020/1055, atá mar chuid den ‘Phacáiste Soghluaisteachta’ freisin agus lena gcuirtear iallach ar fheithiclí earraí troma turais bhreise a dhéanamh thar achair fhada, turais a bhíonn folamh go minic. |
|
1435 |
D’fhéadfadh na hastaíochtaí breise sin, de bharr a scála, tionchar suntasach a imirt ar bhaint amach na gcuspóirí comhshaoil a leagtar amach sna doiciméid chlársceidealaithe agus sna gníomhartha arna nglacadh ag an Aontas Eorpach i réimse chosaint an chomhshaoil, dá dtagraítear i míreanna 417 go 419 den bhreithiúnas seo, agus ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear leis na gníomhartha sin ar na Ballstáit. Ní thugtar aghaidh ar na rioscaí tionchair éagsúla sin in aon cheann de na gníomhartha a chonspóidtear sa ‘Phacáiste Soghluaisteachta’. Sa Mheasúnú Tionchair – Gné Shóisialta, ní chinneann an Coimisiún ach nár shainaithin sé aon tionchar comhshaoil a bheadh ag na roghanna a breithníodh, ach nach bhfuil bunús leis an toradh sin ná nach bhfuil sé inchreidte. |
|
1436 |
Cé gur leag roinnt Ballstát agus an Coimisiún béim ar an ngá atá le tionchar na mbeart a mholtar sa Phacáiste Soghluaisteachta ar an méadú ar thurais fholmha agus ar astaíochtaí CO2 a chur san áireamh, thug reachtóir an Aontais neamhaird ar na hábhair imní sin. Le hanailísí breise a ullmhú roimh dheireadh 2020, arna bhfógairt ag an gCoimisinéir Vălean, maidir leis na héifeachtaí a bhaineann le filleadh éigeantach feithiclí ar an mBallstát bunaíochta gach ocht seachtaine agus leis na srianta is infheidhme maidir le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, ní réitítear an mhainneachtain sin ar bhealach ar bith, nó dearbhaítear fiú tuillteanais na saincheiste seo. |
|
1437 |
Athdhearbhaíonn Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire, faoi seach, an argóint a cuireadh in iúl i míreanna 1377 agus 1378 den bhreithiúnas seo, arna bunú ar shárú ar Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le Airteagal 3(3) CAE, mar gheall ar éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a eascraíonn as an idirdhealú a fheidhmítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 13 di, idir na hoibríochtaí iompair trasthrádála agus na hoibríochtaí iompair déthaobhacha. |
|
1438 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil na hargóintí sin gan bhunús. |
(2) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1439 |
Ba cheart a eisiamh, i dtosach báire, an argóint a chuireann Poblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire ar aghaidh, arna bunú ar shárú Airteagal 90 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) CAE ar bhonn na gcúiseanna a cuireadh in iúl i míreanna 423, 424 agus 934 den bhreithiúnas seo. |
|
1440 |
Sna himthosca sin, agus ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 428 go 430 den bhreithiúnas seo, ní gá ach scrúdú a dhéanamh, mar a áitíonn Poblacht na Polainne, an ndearna reachtóir an Aontais, agus na forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid á ghlacadh aige, sárú ar na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a eascraíonn as Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
1441 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann na hargóintí a chuir Poblacht na Polainne chun cinn faoina ceathrú saincheist dlí beagnach go heisiach ní le forálacha Threoir 2020/1057, ach le forálacha na ngníomhartha eile atá sa ‘Phacáiste Soghluaisteachta’, go háirithe forálacha Rialachán 2020/1055. Baineann bunbhrí na staidéar agus na fianaise eile ar a bhfuil Poblacht na Polainne ag brath sa chomhthéacs sin leis an oibleagáid, a leagtar síos in Airteagal 1(3) den Rialachán sin, a mhéid a lena gcuirtear mír 1(b) isteach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1071/2009, a bhaineann le feithiclí a thabhairt ar ais chuig ionad oibríochtúil atá suite sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas iompair lena mbaineann bunaithe gach ocht seachtaine. Tá an fhoráil dheireanach sin ina hábhar saincheiste éagsúla sna caingne i gcoinne Rialachán 2020/1055 i gCásanna C‑542/20, C‑545/20, C‑547/20, C‑549/20 go C‑552/20 agus C‑554/20. A mhéid nach mbaineann na hargóintí a chuir Poblacht na Polainne ar aghaidh le forálacha Threoir 2020/1057, ní mór iad a chinneadh mar a bheith gan fheidhm. |
|
1442 |
Mar sin féin, a mhéid a bhaineann argóint Phoblacht na Polainne lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, go sonrach le forálacha Threoir 2020/1057, ba cheart a mheabhrú, ar thaobh amháin, mar a cuireadh in iúl i mír 436 den bhreithiúnas seo, go bhfuil Airteagal 11 CFAE de chineál trasearnálach, rud a chiallaíonn nach mór do reachtóir an Aontais ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, sa chomhbheartas iompair lena mbaineann Treoir 2020/1057. |
|
1443 |
Ar an taobh eile, baineann an t‑athbhreithniú ar dhlíthiúlacht a iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais a dhéanamh, sa chás seo, i bhfianaise Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, le gníomh de chuid an Aontais a bhfuil sé de cheangal ar reachtóir an Aontais cothromaíocht idir na leasanna agus na cuspóirí éagsúla lena mbaineann a áirithiú, mar a cuireadh in iúl, go háirithe i míreanna 1210, 1223, 1308 agus 1361 den bhreithiúnas seo. |
|
1444 |
Sna himthosca sin, ba cheart a mheabhrú, fiú dá mbeadh éifeachtaí diúltacha suntasacha ag na forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid, arna meas ina n‑aonar, ar an gcomhshaol, go mbeadh gá, chun a chinneadh an gá sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, a chinneadh, na gníomhaíochtaí eile atá déanta ag reachtóir an Aontais chun éifeachtaí den sórt sin ar an gcomhshaol a theorannú agus chun an cuspóir foriomlán a bhaint amach maidir le hastaíochtaí truailleán a laghdú a chur san áireamh. |
|
1445 |
Sa chás seo, lena hargóint a bunaítear ar shárú ar na rialacha de dhlí an Aontais maidir leis an gcosaint comhshaoil, bunaíonn Poblacht na Polainne ar argóint sin ar an mbuntuiscint go dtiocfaidh éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol le critéir chur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú a shainítear sna forálacha d’Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá á gconspóid mar gheall ar mhéadú astaíochtaí truailleáin. Go háirithe, áitíonn an Ballstát sin go mbeidh turais bhreise mar thoradh ar na forálacha sin, a bhíonn folamh go minic, thar achair fhada, ós rud é go gcuirfidh tarlóirí oibríochtaí iompair déthaobhacha in ionad oibríochtaí cabatáiste agus oibríochtaí trasthrádála, a mhaíonn sé a bheadh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, chun tairbhe a bhaint as an díolúine iomlán ó na rialacha sin is infheidhme maidir leis na hoibríochtaí sin. |
|
1446 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, mar is léir cheana féin, go háirithe, ó mhíreanna 1318, 1321 agus 1395 den bhreithiúnas seo, gur tháinig an oibleagáid chun na rialacha maidir le postú do thiománaithe a dhéanann oibríochtaí iompair tríú páirtí agus oibríochtaí cabatáiste chun cinn cheana féin ón gcreat rialála ab infheidhme sular tugadh Treoir 2020/1057 i bhfeidhm, mar a léirigh an Chúirt i mbreithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976). |
|
1447 |
Dá bhrí sin, ní eascraíonn cuid mhór de na héifeachtaí díobhálacha líomhnaithe ar an gcomhshaol dá gcuireann Poblacht na Polainne locht ar na rialacha a leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 2020/157, ag glacadh leis go bhfuil siad bunaithe, as na rialacha sin ach as rialacha den Aontais a bhí infheidhme sular tugadh an Treoir sin i bhfeidhm. |
|
1448 |
Ba chóir a thabhairt faoi deara, ar an dara dul síos agus i ngach cás, nach féidir oibríochtaí iompair eile a chur in áit na gcineálacha oibríochtaí iompair a áitíonn Poblacht na Polainne i ndáiríre. Cé go bhféadfadh oibríocht trasthrádála agus oibríocht iompair dhéthaobhach, i bprionsabal, mar a léiríonn an Chomhairle, teacht in ionad a chéile, ní féidir oibríocht iompair dhéthaobhach a chur in ionad oibríocht chabatáiste, mar gheall ar a cineál féin. |
|
1449 |
Thairis sin, mar is léir, go bunúsach, ó mhír 358 den bhreithiúnas seo, ráthaítear le hAirteagal 49 CFAE, mar a chuirtear chun feidhme é, in earnáil an iompair, le Rialachán Uimh. 1071/2009, d’aon ghnóthas an ceart é féin a bhunú ar bhonn buan, i gcás inarb iomchuí, trí fhochuideachtaí a chur ar bun sa Bhallstát dá rogha féin chun a ghníomhaíochtaí a eagrú ar an mbealach is fearr, agus a oibleagáidí faoi dhlí an Aontais á gcomhlíonadh aige. Dá bhrí sin, tarlóirí a bhfuil sé beartaithe acu oibríochtaí iompair náisiúnta a dhéanamh i mBallstát eile ar bhonn córasach nó an‑rialta, féadfaidh siad fochuideachta nó aon bhuanbhunaíocht eile a bhunú ansin, ar fochuideachta nó buanbhunaíocht í is dócha a chuirfidh cosc ar fheithiclí a chur ar ais thar achair fhada, rud a mhaíonn Poblacht na Polainne a mbeidh éifeachtaí diúltacha aige ar an gcomhshaol mar thoradh ar an méadú ar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir. |
|
1450 |
Dá réir sin, ní féidir le hAirteagal 1 de Threoir 2020/1057 a bheith ina chúis le héifeachtaí diúltacha suntasacha ar an gcomhshaol, ós rud é, trí bheith dóchúil tarlóirí áirithe a spreagadh chun iad féin a bhunú níos gaire don éileamh iarbhír ar sheirbhísí iompair ná mar a bhí sular tháinig sé i bhfeidhm, go rannchuidíonn sé le nasc níos dlúithe idir áit bhunaithe sholáthraí na seirbhísí sin agus an áit ina soláthraítear na seirbhísí sin go hiarbhír. |
|
1451 |
Ar an tríú dul síos, sa chás, mar a mhaíonn Poblacht na Polainne, ina roghnaíonn gnóthas iompair feithicil fholamh a fhilleadh ar an mBallstát bunaíochta ionas go gcáilítear an oibríocht iompair ina hoibríocht iompair dhéthaobhach, ba chóir a thabhairt faoi deara nár leor feidhmiú rogha mar sin, in aon chás, chun an oibríocht lena mbaineann a cháiliú ina hoibríocht déthaobhach, de réir bhrí Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir 2020/1057, ós rud é go n‑ gceanglaítear leis na forálacha sin go n‑ iomprófar na hearraí ná na paisinéirí ó nó chuig an mBallstát bunaíochta chun oibríocht a aicmiú mar sin. |
|
1452 |
Thairis sin, mar is léir ó mhír 377 den bhreithiúnas seo, tá reachtóir an Aontais fós i dteideal, trí ghníomh reachtach a oiriúnú chun cosaint shóisialta na ndaoine lena mbaineann a mhéadú, leasú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfeidhmítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus iomaíocht chóir a áirithiú. Faoi Airteagal 58(1) CFAE, ní chinntear méid an léirscaoilte go díreach le hAirteagal 56 CFAE ach le reachtóir an Aontais féin i gcomhthéacs chur chun feidhme an chomhbheartais iompair. |
|
1453 |
Maidir leis an gcuid eile, na hargóintí a chuir Poblacht na Polainne chun cinn a bhaineann le hoibreoirí a mbeadh sé d’oibleagáid orthu an margadh a fhágáil mar gheall ar na costais mhéadaithe líomhnaithe a eascraíonn as na critéir maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú a leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, ós rud é go bhfuil feidhm acu maidir le hoibríochtaí trasthrádála agus cabatáiste, is argóintí amhantrach iad. Is amhlaidh is mó atá i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 1448 go 1450 den bhreithiúnas seo. In aon chás, ní léiríonn an Ballstát sin go n‑eascródh éifeachtaí diúltacha suntasacha ar an gcomhshaol as imeacht líomhnaithe den sórt sin ón margadh. |
|
1454 |
Ar an gceathrú dul síos, mar a áitíonn an Chomhairle, ní léiríonn argóint Phoblacht na Polainne aon difríocht bhunúsach, ó thaobh éifeachtúlachta agus tionchair ar an gcomhshaol de, idir oibríocht thrasthrádála agus oibríocht iompair dhéthaobhach i gcás ina bhfuil na hoibríochtaí sin beartaithe chun freastal ar éilimh iompair go buan, a bheag nó a mhór, i gcuid áirithe den Aontas Eorpach. Lena chois sin, mar is léir, go bunúsach, ó mhír 1354 den bhreithiúnas seo, de bhua an tríu agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 1(3) de Threoir 2020/1057, arna léamh i bhfianaise aithris 10 di, baineann gníomhaíochtaí breise áirithe a bhaineann le hoibríochtaí iompair déthaobhacha leas as síneadh na díolúine ó na rialacha maidir le postú dá bhforáiltear do na hoibríochtaí sin, agus déantar é sin go sonrach chun an dul chun cinn féidearthach san éifeachtúlacht ag teacht as eagrú an iompair de bhóthar sin a chur san áireamh. |
|
1455 |
Ar deireadh, a mhéid a áitíonn Poblacht na Polainne go ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte, dá bhforáiltear in Airteagal 1(6) de Threoir 2020/1057, úsáid oibríochtaí den sórt sin a dhíspreagadh, a n‑aithnítear a n‑éifeacht fhabhrach ar an gcomhshaol, is leor na breithnithe a leagtar amach i míreanna 1330, 1331 agus 1340 den bhreithiúnas seo a mheabhrú, ónar léir, i gcomparáid leis an gcóras is infheidhme sular tugadh an Treoir sin i bhfeidhm, nach bhfuil sé beartaithe leis an bhforáil sin ach na himthosca a shonrú ina bhféadfaidh tarlóirí a dhéanann oibríocht iompair chomhcheangailte tairbhe a bhaint as díolúine ó na rialacha sin do chodanna áirithe den oibríocht sin. Dá bhrí sin, níor suíodh go mbeadh sé d’éifeacht ag an bhforáil sin an cineál sin idirbhirt a dhíspreagadh. |
|
1456 |
In aon chás, ag féachaint do chineál Threoir 2020/1057, lena bhféachtar le cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí éagsúla a shaothraítear léi, gan í féin a bheith faoi raon feidhme bheartas an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, ní féidir sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt, a shuí ar an bhforas amháin nach raibh reachtóir an Aontais i bhfabhar na ngníomhaíochtaí iompair uile a d’fhéadfaí a mheas a bheith fabhrach don chomhshaol, agus an gníomh sin á ghlacadh aige, chun dochair do chosaint shóisialta mhéadaithe do thiománaithe. |
|
1457 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, in éagmais éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar fhorálacha Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 atá faoi chonspóid a bhaineann le trasthrádáil, iompar comhcheangailte nó oibríochtaí cabatáiste, ní mór diúltú do na hargóintí a d’ardaigh Poblacht na Polainne lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 11 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 37 den Chairt. |
|
1458 |
Dá bhrí sin, ní gá scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí a chuir an Ballstát sin chun cinn maidir le gníomhartha eile de chuid an Aontais, a líomhnaítear go gcuirtear a gcuspóirí comhshaoil i mbaol trí Airteagal 1 de Threoir 2020/1055 a ghlacadh, ná ar na bearta éagsúla a rinne reachtóir an Aontais san earnáil iompair de bhóthar, ar a bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle ag brath, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an reachtas sin san áireamh an cuspóir foriomlán astaíochtaí truailleáin a laghdú san earnáil sin. |
|
1459 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don cheathrú saincheist dlí de chuid Phoblacht na Polainne toisc í a bheith gan bhunús. |
|
1460 |
I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, ní mór na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20), Poblacht na Bulgáire (Cás C‑544/20), an Rómáin (Cás C‑548/20) agus Poblacht na Cipire (Cás C‑550/20) a dhíbhe ina n‑iomláine. Ar an gcaoi chéanna, ní mór na caingne a thionscain an Ungáir (Cás C‑551/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑555/20) a dhíbhe a mhéid a iarrann siad go gcuirfí Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 nó cuid de na forálacha sin ar neamhní. |
4. Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057
|
1461 |
Mar thaca lena caingean chun Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057 a chur ar neamhní a mhéid a shocraítear leis an bhforáil sin an 2 Feabhra 2022 mar spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí, maíonn Poblacht na Polainne (Cás C‑555/20) trí saincheist dlí, a fhéadfar a scrúdú le chéile, lena n‑éilítear sárú (i) ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla (ii) ar phrionsabal na comhréireachta agus (iii) ar Airteagal 94 CFAE. |
(a) Argóintí na bpáirtithe
|
1462 |
Sa chéad áit, maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, meabhraíonn Poblacht na Polainne go gceanglaítear leis an bprionsabal sin go mbeidh rialacha dlí soiléir, beacht agus intuartha maidir lena n‑éifeachtaí, ionas gur féidir leis na daoine lena mbaineann a seasamh i gcásanna agus i gcaidrimh dhlíthiúla a thagann faoi dhlíchóras an Aontais Eorpaigh a fhionnadh. Tá an prionsabal sin dian go háirithe i gcás ina bhféadfadh ualaí airgeadais a bheith i gceist leis an reachtaíocht atá i gceist, mar is amhlaidh i gcás Threoir 2020/1057. |
|
1463 |
Ní shonraítear oibleagáidí na dtarlóirí sna forálacha atá faoi chonspóid in Airteagal 1 den Treoir sin. Cruthaíonn siad fadhbanna freisin maidir le léiriú agus deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le cinneadh an dlí is infheidhme maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair de bhóthar. Ba cheart soiléirithe a sholáthar le gníomhartha náisiúnta trasuite chomh maith le doiciméid agus treoracha léiritheacha de chuid an Choimisiúin, ar choinníoll go nglacfaí iad. |
|
1464 |
Thairis sin, bheadh gá le hobair reachtach fhada ar an leibhéal náisiúnta chun na forálacha sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tá cuid shuntasach den tréimhse 18 mí chun Treoir 2020/1057 a thrasuí dírithe ar reachtaíocht náisiúnta a dhréachtú agus a ghlacadh. Laghdófar méid an ama go suntasach a bheadh ar thiománaithe chun iad féin a chur ar an eolas faoi aidhm agus réimse a gcuid n‑oibleagáidí. Thairis sin, shainmhíneofaí freisin le rialacháin náisiúnta na coinníollacha fostaíochta agus oibre, agus bheadh ar thiománaithe le tabhairt faoi deara na rialacha lena mbaineann a leagann níos mó ná Ballstát amháin síos. Ar deireadh, ní féidir easpa oibleagáide tréimhse trasuímh shonrach a shocrú a ionnanú le lánrogha iomlán reachtóir an Aontais ina leith sin. |
|
1465 |
Sa dara háit, maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, áitíonn Poblacht na Polainne nach gcomhlíonann socrú tréimhse trasuímh laghdaithe 18 mí ag reachtóir an Aontais na ceanglais a eascraíonn as an bprionsabal sin. |
|
1466 |
Níor chuir reachtóir an Aontais aon chúis oibiachtúil a thugann údar maith chun an spriocdháta sin a leagan síos, ós rud é go mbeadh an spriocdháta a leagfaí síos do ghníomhartha mar seo a bheith dhá bhliain ar a laghad. I bhfianaise chineál sonrach na hearnála iompair de bhóthar, a bhfuil soghluaisteacht ard mar shaintréith aici agus, dá bhrí sin, an gá atá le rialacha go leor Ballstát a chur i bhfeidhm le linn tréimhse ghearr tagartha, ba cheart go gcuirfeadh an reachtas sin san áireamh freisin go mbeidh ar tharlóirí iad féin a ullmhú chun na ceanglais a eascraíonn as na gníomhartha eile atá sa Phacáiste Soghluaisteachta a chur i bhfeidhm freisin. |
|
1467 |
Níor chuir reachtóir an Aontais san áireamh ach oiread ceannasacht FBManna sa mhargadh iompair de bhóthar, a mbeadh deacrachtaí agus costais shonracha ag baint le hoiriúnú do na rialacha nua ina leith. Ina theannta sin, bhí deacrachtaí breise ann mar gheall ar phaindéim COVID-19. Ar deireadh, bheadh feidhm ag smachtbhannaí, a bhíonn dian uaireanta, maidir le tarlóirí nach bhfuil in ann dul in oiriúint ar na rialacha nua laistigh den spriocdháta atá leagtha síos. |
|
1468 |
A mhéid a leasaíodh staid dhlíthiúil agus fhíorasach na dtarlóirí roimhe seo le Treoir 2020/1057, is ábhar díospóide le fada an lá í an cheist maidir le cur i bhfeidhm Threoir 96/71 maidir le hiompar de bhóthar. Tá sraith difríochtaí idir na Ballstáit, mar is léir ó haithris 4 de Threoir 2020/1057, maidir le léiriú, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na bhforálacha de Threoir 96/71. Ní fhéadtar freagra a thabhairt le breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Federatie Nederlandse Vakbeweging (C‑815/18, EU:C:2020:976), ach ar cheisteanna áirithe maidir leis na modhanna feidhmithe d’iompar idirnáisiúnta. |
|
1469 |
Sa tríú háit, maidir leis an sárú líomhnaithe ar Airteagal 94 CFAE, áitíonn Poblacht na Polainne nach gcuirtear staid eacnamaíoch na dtarlóirí san áireamh leis an tréimhse trasuímh a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an Ballstát sin freisin don fhíoras go bhfuil FBManna i gceannas ar an earnáil, go mbaineann costais shuntasacha leis na hathruithe lena mbaineann agus gur tugadh isteach na costais sin le linn tréimhse géarchéime eacnamaíche agus cur isteach ar fheidhmiú na gníomhaíochta iompair mar thoradh ar phaindéim COVID-19. |
|
1470 |
Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin. |
(b) Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
1471 |
Chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna dlí seo, ba cheart a mheabhrú go gceanglaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057 ar na Ballstáit na forálacha náisiúnta is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú ‘faoin 2 Feabhra 2022 ar a dhéanaí’ agus cuirtear leis, sa dara fomhír, go gceanglaítear ar na Ballstáit sin na bearta sin a chur i bhfeidhm ón dáta céanna. |
|
1472 |
Sa chéad áit, maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcáineann Poblacht na Polainne reachtóir an Aontais ní mar gheall nár ghlac sé tréimhse trasuímh neamhbheacht, ach toisc gur shocraigh sé tréimhse trasuímh atá róghearr, i bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le léiriú na rialacha a leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 2020/1057 agus na bhfadhbanna praiticiúla a bhaineann lena gcur i bhfeidhm. |
|
1473 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, faoin tríú mír d’Airteagal 288 CFAE, go bhfuil treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le baint amach, ar gach Ballstát chuig a ndírítear í, ach go bhfágtar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú. Dá bhrí sin, mar a thugann an Pharlaimint le fios, tá an toradh atá le baint amach leagtha amach cheana féin i ngníomh dlí an Aontais Eorpaigh féin. Dá bhrí sin, sa chás seo, bhí an deis ag tarlóirí a bheith ar an eolas, ón 31 Iúil 2020 ar a laghad, faoi dháta foilsithe Threoir 2020/1057 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, faoina n‑oibleagáidí amach anseo faoin Treoir sin. |
|
1474 |
Ina theannta sin, a mhéid a chruthaíonn na forálacha a leagtar síos in Airteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 oibleagáidí nua ar ghnóthais iompair teoranta, in aon chás, toisc, mar is léir ó mhíreanna 1178 go 1182 den bhreithiúnas seo, go bhfuil an córas lena rialaítear cur i bhfeidhm na rialacha maidir le postú ar thiománaithe a eascraíonn as na critéir a leagtar síos sna forálacha sin, go pointe áirithe, cosúil leis an gcóras ab infheidhme sular tugadh i bhfeidhm an Treoir sin. |
|
1475 |
A mhéid a áitíonn Poblacht na Polainne fadhbanna maidir le léiriú agus deacrachtaí praiticiúla a eascraíonn as cinneadh an dlí is infheidhme maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta tiománaithe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, murab ionann agus an méid a mholann an Ballstát sin, go mbraitheann an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás ar leith ní ar na gníomhartha náisiúnta cur chun feidhme ach ar fhorálacha iarbhír Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, ina liostaítear cineálacha oibríochtaí iompair atá sainithe go soiléir agus ina sonraítear na cineálacha oibríochtaí iompair nach mór na rialacha maidir le postú agus, dá bhrí sin, rialacha náisiúnta an Bhallstáit óstaigh maidir le dálaí oibre agus fostaíochta a mheas mar rialacha is infheidhme. |
|
1476 |
Sa dara háit, mar is léir ó aithrisí 4, 8 agus 9 de Threoir 2020/1057 agus mar a leagtar amach, go bunúsach, i mír 1224 den bhreithiúnas seo, is mar gheall, go háirithe, ar shraith difríochtaí a sainaithníodh idir na Ballstáit i léiriú, i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun feidhme fhorálacha dhlí an Aontais a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm na Treorach sin go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais reachtaíocht a ghlacadh a bhaineann go sonrach leis an earnáil bóithre lena leagtar síos critéir chun a chinneadh cé na cásanna ina mbeidh tiománaithe faoi réir na rialacha maidir le postú fadtéarmach a leagtar síos i dTreoir 96/71. |
|
1477 |
A mhéid is a mhaíonn Poblacht na Polainne go gcaithfear cuid shuntasach den tréimhse 18 mí a chaitheamh ar ghlacadh an rialúcháin náisiúnta is gá chun Treoir 2020/1057 a thrasuíomh, bunaíonn an Ballstát sin a hargóint ar an mbuntuiscint earráideach ar dá réir a eascraíonn oibleagáidí na dtarlóirí maidir le cinneadh an dlí is infheidhme ar dhálaí oibre agus fostaíochta na dtiománaithe as na bearta trasuímh a ghlac na Ballstáit, fad is a eascraíonn na hoibleagáidí sin, mar a cuireadh in iúl i mír 1473 den bhreithiúnas seo, d’Airteagal 1 den Treoir sin. Dá bhrí sin, cé go raibh an reachtas náisiúnta sa Pholainn faoi oibleagáid, de réir mar a bheidh, cuid shuntasach den tréimhse sin a leagan síos chun na bearta trasuímh is gá ina leith sin a ghlacadh, ní léiríonn sé sin sárú ag reachtóir an Aontais ar a oibleagáidí faoi phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. |
|
1478 |
Áitíonn Poblacht na Polainne freisin go mbeidh am ag teastáil ó tharlóirí chun iad féin a chur ar an eolas faoi rialacha ábhartha roinnt Ballstát, go háirithe toisc go gceanglaítear le dlí an Aontais ní hamháin go n‑íocfar íosráta pá, ach freisin, faoi Threoir 2020/1057, go gcuirfear téarmaí agus coinníollacha fostaíochta an Bhallstáit óstaigh i bhfeidhm. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar a thugann an Chomhairle le fios, gur leagadh síos spriocdháta trasuí an 2 Feabhra 2022, mar is léir go sainráite ón dara fomhír d’Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057, arna léamh i gcomhar le haithris 43 di, mar dháta socraithe óna gcaithfear na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm chun cruthú bacainní nua trí chur i bhfeidhm difreáilte ag na Ballstáit a sheachaint go dtí go rachaidh an tréimhse trasuímh a leagtar síos in éag. Dá réir sin, cibé cuid den tréimhse trasuímh 18 mí a leag Ballstát síos chun Treoir 2020/1057 a thrasuí, ní fhéadfadh an Ballstát sin, in aon chás, na hoibleagáidí nua a eascraíonn as an Treoir sin a fhorchur ar ghnóthais iompair roimh an 2 Feabhra 2022. |
|
1479 |
Ar an dara dul síos, mar a chuir Poblacht na Polainne í féin in iúl, foráladh le hAirteagal 3(3) de Threoir 2018/957 go mbeadh feidhm ag an Treoir dheireanach sin maidir le hearnáil an iompair de bhóthar ó dháta chur i bhfeidhm gnímh reachtaigh lena leasaítear Treoir 2006/22 maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i ndáil le Treoracha 96/71 agus 2014/67 maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. Dá bhrí sin, cé gur fíor go raibh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos le Treoir 96/71, arna leasú le Treoir 2018/957, ón dáta ar ar ghá Treoir 2020/1057 a thrasuí, is amhlaidh fós gur cuireadh gnóthais iompair ar an eolas ó glacadh Treoir 2018/957, eadhon an 28 Meitheamh 2018, gur bheartaigh reachtóir an Aontais lex specialis in earnáil an iompair de bhóthar agus go dtiocfadh na leasuithe a rinneadh le Treoir 2020/1057 ar Threoir 96/71 i bhfeidhm a luaithe a bheadh feidhm ag an lex specialis sin. |
|
1480 |
Níor chuir Poblacht na Polainne in iúl, áfach, leis na deacrachtaí a líomhain siad maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm Airteagal 1 de Threoir 2020/1057, gur sháraigh reachtóir an Aontais prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus tréimhse trasuímh na Treorach sin a leagan síos ag 18 mí. |
|
1481 |
Sa dara háit, maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, ba cheart a thabhairt faoi deara gur leag an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún béim, i mír 42 den Chomhaontú Idirinstitiúideach, ar an ngá, maidir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, foráil a dhéanamh do thréimhse chun treoracha a thrasuí chomh gearr agus is féidir agus nach rachaidh, mar riail ghinearálta, thar dhá bhliain. Tá an cur chuige sin mar chuid den chuspóir níos leithne a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm go tapa agus i gceart sna Ballstáit. |
|
1482 |
Ina theannta sin, tá corrlach lánroghnach ag reachtóir an Aontais maidir leis an teorainn ama a shocrú chun treoir a thrasuí agus, contrártha leis an méid a mholann Poblacht na Polainne, níl sé d’oibleagáid air ar bhealach ar bith na cúiseanna lena dtugtar údar le socrú na tréimhse sin a shonrú aon uair a bhíonn an tréimhse sin níos lú ná dhá bhliain. |
|
1483 |
Ní féidir ach oiread leis an argóint ghinearálta gur cheart go mbeadh tréimhse trasuímh níos faide ann a mhéid a bhaineann le forálacha Threoir 2020/1057 mar thoradh ar chur san áireamh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as na gníomhartha eile atá sa ‘Phacáiste Soghluaisteachta’. Ar an gcaoi sin, cuirtear in iúl gur chuir reachtóir an Aontais nádúr na n‑oibleagáidí chomh maith leis na himthosca sonracha a bhaineann le gach ceann de na bearta chun teorainn ama do thrasuí nó do chur i bhfeidhm iomchuí a chinneadh, cuirtear é sin in iúl leis an bhfíoras amháin go bhfuil teorainneacha ama do thrasuí éagsúla i bhfeidhm ar oibleagáidí tábhachtacha de gach beart den ‘Phacáiste Soghluaisteachta’. |
|
1484 |
Lena chois sin, maidir lena hargóint atá chomh ginearálta céanna maidir le paindéim COVID-19, níor chuir Poblacht na Polainne in iúl an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag costais, srianta ar sheirbhísí a sholáthar nó na leasuithe arna ndearna do rialúcháin na mBallstát de bharr na paindéime sin ar leagan síos na teorann ama do thrasuí Threoir 2020/1057. In aon chás, ní faoi reachtóir an Aontais a bhí sé éifeachtaí na paindéime sin a leigheas i gcomhthéacs Threoir 2020/1057, arb é is cuspóir di, inter alia, dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú, go háirithe ós rud é, mar is léir ó mhír 286 den bhreithiúnas seo, go raibh cuspóir den sórt sin ag gníomhartha reachtacha sonracha eile de chuid an Aontais. |
|
1485 |
Thairis sin, ní féidir le Poblacht na Polainne a mhaíomh go bhfuil an teorainn ama chun Treoir 2020/1057 a thrasuí díréireach trí shonrú a dhéanamh ar mhinicíocht an iompair a sháraíonn a hoibleagáidí maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, ós rud é nach bhfuil déine fhéideartha na bpionós arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcás neamhchomhlíonadh na ndálaí fostaíochta agus oibre nó na gceanglas foirmiúil gaolmhar ar bhealach ar bith chun amhras a chaitheamh ar fhad na tréimhse sin. |
|
1486 |
Dá bhrí sin, agus ag féachaint do na breithnithe a leagtar amach i míreanna 1473 go 1476, 1478 agus 1479 den bhreithiúnas seo, inar léir, inter alia, gur chuir reachtóir an Aontais san áireamh saintréithe na hearnála iompair de bhóthar, lena n‑áirítear FBManna a bheith ar an margadh, dá dtagraítear in aithris 20 de Threoir 2020/1057, ní féidir a mheas, trí thréimhse trasuímh 18 mí a leagan síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 9(1) den Treoir sin, go ndeachaigh an reachtóir sin thar a raibh riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, i gcomhthéacs thrasuí na Treorach sin, maidir le cur i bhfeidhm tapa agus ceart reachtaíocht an Aontais sna Ballstáit a áirithiú. |
|
1487 |
Sa tríú háit, maidir le sárú Airteagal 94 CFAE arna líomhain, is leor a mheabhrú, mar is léir ó mhír 1390 den bhreithiúnas seo, nach rialaítear le hAirteagal 1(3) go (7) de Threoir 2020/1057 ‘praghsanna nó coinníollacha iompair’, de réir bhrí 94, ach baineann sé le cinneadh critéar cur i bhfeidhm rialacha maidir le postú na dtiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar. Ós rud é, dá bhrí sin, nach bhfuil feidhm ag Airteagal 94 maidir leis na míreanna sin d’Airteagal 1 den Treoir sin, ní mór diúltú don argóint lena líomhnaítear sárú ar an Treoir sin mar gheall ar fhad na tréimhse a leagtar síos chun na míreanna sin a thrasuí. |
|
1488 |
Ós rud é nár seasadh le haon cheann de na saincheisteanna dlí ar a bhfuil Poblacht na Polainne ag brath mar thaca leis an ordú atá á lorg ina caingean chun Airteagal 9(1) de Threoir 2020/1057 (Cás C‑555/20) a chur ar neamhní, ní mór diúltú do na héilimh sin agus, dá bhrí sin, an chaingean a dhíbhe ina hiomláine. |
5. Conclúid maidir le Treoir 2020/1057
|
1489 |
Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo nach mór na caingne a thionscain Poblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20) agus ag an Ungáir (Cás C‑551/20) a dhíbhe ina n‑iomláine a mhéid a bhaineann siad le Rialachán 2020/1057, chomh maith leis na caingne a thionscain Poblacht na Bulgáire (Cás C‑544/20), ag an Rómáin (Cás C‑550/20) agus Poblacht na Polainne (Cás C‑555/20). |
D. Conclúid ghinearálta na gcaingne
|
1490 |
Ag féachaint don mhéid thuas, ní mór:
|
V. Costais
|
1491 |
De réir Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc má rinneadh iarratas orthu i bpléadálacha an pháirtí ar éirigh leis. |
|
1492 |
Foráiltear le hAirteagal 138(3) de na Rialacha sin, i gcás ina n‑éireoidh le gach páirtí ar chinn áirithe agus ina dteipfidh orthu ar chinn eile, go n‑íocfaidh na páirtithe a gcostais féin. Mar sin féin, más dealraitheach údar maith a bheith leis sin in imthosca an cháis, féadfaidh an Chúirt a ordú go n‑íocfaidh páirtí amháin, chomh maith lena chostais féin, cion de chostais an pháirtí eile. |
|
1493 |
Ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag an bParlaimint agus ag an gComhairle ar chostais i gcoinne Phoblacht na Liotuáine (Cás C‑541/20), Phoblacht na Bulgáire (Cásanna C‑543/20 agus C‑544/20), na Rómáine (Cásanna C‑546/20 agus C‑548/20), Phoblacht na Cipire (Cás C‑550/20) agus Phoblacht na Polainne (Cásanna C‑553/20 agus C‑555/20), agus ós rud é nár éirigh leis na Ballstáit sin, ní mór a ordú dóibh na costais a íoc, lena n‑áirítear, maidir le Poblacht na Liotuáine, na costais a bhaineann leis na himeachtaí idirbhreitheacha (Cás C‑541/20 R). |
|
1494 |
Ós rud é go bhfuil iarratas déanta Poblacht na Cipire ar chostais i gcoinne na Parlaiminte agus na Comhairle (Cás C‑549/20), agus ós rud é nár éirigh leis na hinstitiúidí sin, ní mór a ordú dóibh na costais a íoc sa Chás sin. |
|
1495 |
Ó tharla nár éirigh go páirteach le Poblacht na Liotuáine, le Poblacht na Bulgáire, leis an Rómáin, leis an Ungáir, le Poblacht Mhálta agus le Poblacht na Polainne (Cásanna C‑542/20, C‑552/20, C‑545/20, C‑547/20, C‑551/20 agus C‑554/20), íocfaidh gach ceann de na Ballstáit sin a chostais féin a bhaineann leis na cásanna sin, lena n‑áirítear, maidir le Poblacht na Bulgáire, na costais a bhaineann leis na himeachtaí idirbhreitheacha (Cás C‑545/20 R). |
|
1496 |
I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, iompróidh Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Ríocht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, an Rómáin agus Ríocht Polainne, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún a gcostais féin mar idiragraithe sna himeachtaí. |
|
Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar a leanas: |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Langues de procédure: le bulgare, le grec, l’anglais, le lituanien, le hongrois, le polonais et le roumain