This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CC0632
Opinion of Advocate General Kokott delivered on 16 June 2022.#Kingdom of Spain v European Commission.#Appeal – External relations – Stabilisation and Association Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and Kosovo, of the other part – Electronic communications – Regulation (EU) 2018/1971 – Body of European Regulators for Electronic Communications (BEREC) – Article 35(2) – Participation of the regulatory authority of Kosovo in that body – Concepts of ‘third country’ and ‘third State’ – Competence of the European Commission.#Case C-632/20 P.
Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott arna thabhairt ar an 2022 Meitheamh 16.
Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott arna thabhairt ar an 2022 Meitheamh 16.
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:473
TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
KOKOTT
arna tabhairt an 16 Meitheamh 2022 ( 1 )
Cás C‑632/20 P
Ríocht na Spáinne
v
an Coimisiún Eorpach
(Achomharc – Caidreamh seachtrach – Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv den pháirt eile – Cumarsáid leictreonach – Rialachán (AE) 2018/1971 – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Airteagal 35(2) – Rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta (ÚRN) na Cosaive sa chomhlacht sin – Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” – Inniúlacht institiúideach an Choimisiúin Eorpaigh)
I. Réamhrá
|
1. |
Tá an Rialachán ar a thugtar BEREC ( 2 ) mar bhunús dlí do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (“BEREC”) agus do Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (“Oifig BEREC”). |
|
2. |
Rialaítear le hAirteagal 35 den Rialachán sin, inter alia, comhar idir na comhlachtaí sin agus údaráis rialála náisiúnta (“ÚRNanna”) tríú tíortha. Ar bhonn na forála sin, chinn an Coimisiún, le cinneadh an 18 Márta 2019, ( 3 ) atá faoi chonspóid, go bhféadfadh ÚRN na Cosaive a bheith rannpháirteach i mBord Rialálaithe agus meithleacha BEREC agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC. |
|
3. |
Cuireann Ríocht na Spáinne i gcoinne an chinnidh sin agus í ag maíomh, go háirithe, go gcoisctear rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive, toisc nár aithin Ballstáit áirithe, an Spáinn ina measc, an Chosaiv mar Stát ceannasach, agus toisc nár ghlac an tAontas seasamh ina leith sin ach oiread. Thairis sin, caitheann Ríocht na Spáinne amhras ar inniúlacht an Choimisiúin chun cinneadh aontaobhach a dhéanamh maidir leis an rannpháirtíocht sin. |
|
4. |
Tá díospóid láidir idir na páirtithe maidir le forálacha an dlí phríomha i ndáil leis na ceisteanna sin, ach, tar éis súil níos géire a chaitheamh uirthi, is féidir an díospóid seo a chinneadh ar bhonn Rialachán BEREC agus an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an gCosaiv. ( 4 ) |
II. An dlí lena mbaineann
A. An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an gCosaiv
|
5. |
Idir 2001 agus 2016, chuir an tAontas Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais (“CCCanna”) i gcrích leis an Macadóin Thuaidh, ( 5 ) an Albáin, ( 6 ) Montainéagró, ( 7 ) an tSeirbia, ( 8 ) an Boisnia agus an Heirseagaivéin ( 9 ) agus an Chosaiv. Sa chás seo, is é CCC na Cosaive go háirithe atá ábhartha. |
|
6. |
Tá an fonóta seo a leanas, ar a dhéantar athrá in aithris 17 den bhrollach freisin, ag gabháil le húsáid an téarma “Cosaiv” i dteideal an Chomhaontaithe agus ag tús an bhrollaigh: “Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7. |
Baineann Airteagal 2 de CCC na Cosaive leis an gCosaiv a aithint mar Stát neamhspleách freisin: “Ní hionann na téarmaí, an fhoclaíocht ná na sainmhínithe a úsáidtear sa Chomhaontú seo, lena n-áirítear na hIarscríbhinní agus na Prótacail a ghabhann leis, in aon slí, agus aitheantas den Chosaiv mar Stát neamhspleách ag an Aontas Eorpach, ná ag na Ballstáit dhifriúla i gcás nár ghlac siad cinneadh chuige sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
8. |
Baineann Airteagal 111 de CCC na Cosaive le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí: “Bainfidh an comhar leis na réimsí tosaíochta de acquis an Aontais Eorpaigh san earnáil seo. Neartóidh na páirtithe, go háirithe, a gcomhar maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an gcuspóir deiridh go nglacfaidh an Chosaiv le acquis an Aontais Eorpaigh san earnáil seo cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus aird á tabhairt acu, go háirithe, ar neamhspleáchas na n-údarás rialála inniúla á áirithiú agus á neartú.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
9. |
Tá forálacha comhchosúla ann in Airteagal 95 de CCC na Macadóine Thuaidh, in Airteagal 104 de CCC na hAlbáine, in Airteagal 106 de CCC Mhontainéagró, in Airteagal 106 de CCC na Seirbia, agus in Airteagal 104 de CCC na Seirbia agus in Airteagal 104 de CCC na Boisnia agus na Heirseagaivéine. |
B. Rialachán BEREC
|
10. |
Tháinig Rialachán BEREC in áit Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ( 10 ) lenar bunaíodh BEREC agus Oifig BEREC ar dtús. |
|
11. |
De réir théarmaí an chúigiú haithris de Rialachán BEREC, tá ról mar fhóram ag BEREC le haghaidh comhar idir ÚNRanna, agus idir ÚNRanna agus an Coimisiún, i bhfeidhmiú réimse iomlán a bhfreagrachtaí faoi chreat rialála an Aontais. Bunaíodh BEREC chun saineolas a chur ar fáil agus chun gníomhú go neamhspleách agus go trédhearcach. |
|
12. |
Déantar cur síos le haithris 13 de Rialachán BEREC ar ról BEREC: “Ba cheart go soláthródh BEREC saineolas agus go gcothódh sé muinín, de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht a chuid comhairle agus faisnéise, de bhua thrédhearcacht a nósanna imeachta agus a mhodhanna oibríochta agus de bhua a dhíograise le linn a chúraimí a chur i gcrích. Níor cheart go gcuirfeadh neamhspleáchas BEREC cosc ar a bhord rialálaithe plé a dhéanamh ar bhonn na ndréachtaí a ullmhaíonn na meithleacha.” |
|
13. |
Baineann aithris 20 de Rialachán BEREC leis an gcomhar le gníomhaireachtaí tríú tíortha: “Ba cheart do BEREC a bheith i dteideal socruithe oibre a bhunú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha inniúla an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus níor cheart oibleagáidí dlíthiúla a chruthú de bharr na socruithe sin. Cuir i gcás, d’fhéadfadh a bheith mar aidhm ag socruithe oibre mar sin, caidrimh chomhoibríocha a fhorbairt agus tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna rialála. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na socruithe oibre riachtanacha comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais, agus go bhfeidhmeoidh BEREC, laistigh den sainordú atá aige agus laistigh den chreat institiúideach atá ann faoi láthair, agus nach measfar go bhfuil seasamh an Aontais á chur in iúl thar a cheann aige don phobal lasmuigh nó go bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta á gcur aige ar an Aontas.” |
|
14. |
Baineann aithris 34 de Rialachán BEREC le comhar le tríú tíortha freisin: “Chun síneadh breise a chur le cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach, ba cheart don bhord rialálaithe, do na meithleacha agus don Bhord Bainistíochta a bheith oscailte do rannpháirtíocht ó húdarás rialála tríú tíortha atá inniúil i réimse na cumarsáide leictreonaí, sa chás go bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas, amhail Stáit CSTE LEE agus tíortha is iarrthóirí AE.” |
|
15. |
De réir théarmaí Airteagal 3(1) de Rialachán BEREC, tá gníomhaíochtaí BEREC laistigh de raon feidhme an Rialacháin maidir le fánaíocht, ( 11 ) an Rialachán maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon ( 12 ) agus an Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach. ( 13 ) Sa réimse seo, déantar iarracht le BEREC, go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 3(2), chun cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú laistigh den raon feidhme dá dtagraítear in Airteagal 3(1). |
|
16. |
Bunaítear bunúis oibre BEREC in Airteagal 3(3) agus (4) de Rialachán BEREC: “3. Cuirfidh BEREC a chúraimí i gcrích go neamhspleách, go neamhchlaonta, go trédhearcach agus ar bhealach tráthúil. 4. Tarraingeoidh BEREC ar an saineolas atá ar fáil sna [ÚNRanna].” |
|
17. |
Foráiltear in Airteagal 4 de Rialachán BEREC go dtabharfaidh BEREC cúnamh d’institiúidí eile maidir le rialáil na cumarsáide leictreonaí. Cuirfidh sé ar fáil, go háirithe, roinnt tuairimí, moltaí, comhsheasaimh agus dea-chleachtais a mbeidh ar na ÚRNanna agus an Coimisiún iad a chur san áireamh go huile agus go hiomlán. |
|
18. |
De bhun Airteagal 7 de Rialachán BEREC, comhdhéanfar Bord Rialálaithe BEREC de chomhalta amháin ó gach Ballstát. Ceapfaidh ÚRN an Bhallstáit lena mbaineann an comhalta. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Rialálaithe, agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na cumarsáide leictreonaí, agus scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. |
|
19. |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán BEREC, gníomhóidh an Bord Rialálaithe agus a chomhaltaí ar bhealach neamhspleách agus ar leas an Aontais. |
|
20. |
Is príomh-fhoráil maidir le comhar le tríú tíortha é Airteagal 35 de Rialachán BEREC: “1. A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach agus chun a chúraimí a chur i gcrích, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais, féadfaidh BEREC agus Oifig BEREC oibriú i gcomhar le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Chuige sin, féadfaidh BEREC agus Oifig BEREC, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú. Ní chruthófar oibleagáidí dlí de bharr na socruithe sin. 2. Beidh an Bord Rialálaithe, na meithleacha agus an Bord Bainistíochta oscailte do rannpháirtíocht údarás rialála tríú tíortha a bhfuil an phríomhfhreagracht orthu i réimse na cumarsáide leictreonaí, i gcásanna ina bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas. Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe oibre lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta údaráis rialála na dtríú tíortha sin lena mbaineann gan ceart vótála a bheith acu in obair BEREC agus Oifig BEREC, lena n-áirítear forálacha a bhaineann lena rannpháirtíocht i dtionscnaimh a chuireann BEREC i gcrích, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne Oifig BEREC. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne ar aon nós. 3. […]” |
C. Cinneadh an Choimisiúin an 18 Márta 2019 atá faoi chonspóid
|
21. |
An 18 Márta 2019, ghlac an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid chomh maith le cúig chinneadh comhchosúla a bhain le rannpháirtíocht ÚRNanna Mhontainéagró, ( 14 ) na Macadóine Thuaidh, ( 15 ) na Boisnia agus na Heirseagaivéine, ( 16 ) na Seirbia ( 17 ) agus na hAlbáine ( 18 ) in BEREC. |
|
22. |
Tagraítear leis an gcéad dá aithris den chinneadh atá faoi chonspóid, faoi seach, d’Airteagal 17(1) CAE agus d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC. |
|
23. |
Déantar aithris, san fhonóta a bhaineann le teideal an chinnidh atá faoi chonspóid agus san fhonóta a bhaineann le pointe 1.1 dá Iarscríbhinn, maidir leis an ainm “Cosaiv,” ar an méid atá sna fonótaí comhfhreagracha de CCC na Cosaive: ( 19 ) “Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
24. |
Tá foclaíocht an tríú haithris den chinneadh atá faoi chonspóid mar seo a leanas: “I gcomhréir le hAirteagal 111 de [...] [CCC na Cosaive] bainfidh an comhar maidir le cumarsáid leictreonach leis na réimsí tosaíochta de acquis an Chomhphobail san earnáil seo. Ní mór do na páirtithe, go háirithe, a gcomhar maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a neartú, agus, go háirithe, neamhspleáchas na n-údarás rialála inniúla á áirithiú agus á neartú. Chuir an tAontas agus an Chosaiv comhaontú i gcrích, mar sin, de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán [BEREC].” [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
25. |
De réir théarmaí an chúigiú haithris den chinneadh atá faoi chonspóid, “ba cheart socruithe oibre a bhunú atá infheidhme maidir le rannpháirtíocht údarás rialála na Cosaive i mBord Rialálaithe agus i meithleacha BEREC agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
26. |
Foráiltear in Airteagal 1 den chinneadh atá faoi chonspóid, dá bharr sin, gur féidir le ÚRN na Cosaive a bheith rannpháirteach i mBord Rialálaithe agus i meithleacha BEREC agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC. |
|
27. |
Tá na forálacha substainteacha a bhaineann leis an rannpháirtíocht sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Cumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin freisin rialacha maidir le dul i muinín fhoireann na Cosaive agus ranníocaíocht airgeadais na Cosaive. |
III. Na himeachtaí go dtí seo agus na horduithe atá á lorg ag na páirtithe san achomharc
|
28. |
Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 19 Meitheamh 2019, thionscain Ríocht na Spáinne caingean le haghaidh neamhniú i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid. |
|
29. |
Mar thaca lena caingean, mhaígh Ríocht na Spáinne trí shaincheist dlí. Leis an gcéad saincheist dlí, éilíodh sárú ar Airteagal 35 de Rialachán BEREC sa chaoi nach “triú tír” a bhí sa Chosaiv. Leis an dara saincheist dlí, éilíodh sárú breise ar an Airteagal sin sa chaoi nach raibh “comhaontú leis an Aontas” ann chun críocha rannpháirtíochta ÚRN na Cosaive in BEREC. Leis an tríú saincheist dlí, lenar éilíodh sárú ar an Airteagal sin freisin, cháin Ríocht na Spáinne an Coimisiún as imeacht ón nós imeachta seanbhunaithe le haghaidh rannpháirtíocht ÚRNanna tríú tíortha in BEREC. |
|
30. |
Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chaingean agus d’ordaigh sí do Ríocht na Spáinne na costais a íoc. |
|
31. |
Thionscain Ríocht na Spáinne an t-achomharc seo an 24 Samhain 2020, ag iarraidh ar an gCúirt:
|
|
32. |
Iarann an Coimisiún ar an gCúirt a dhiúltú don achomharc agus a ordú don achomharcóir na costais a íoc. |
|
33. |
Chuir na páirtithe pléadálacha i scríbhinn isteach. Dhiúltaigh an Chúirt éisteacht a reáchtáil. |
IV. Anailís dhlíthiúil
|
34. |
Tagann bunús na díospóide ón bhfíoras nár ghlac an tAontas, go dtí seo, seasamh go sainráite maidir leis an gceist an bhfuil stádas stáit cheannasaigh ag an gCosaiv de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta. Cuirtear é sin in iúl, go háirithe, in Airteagal 2 agus in aithris 17 de CCC na Cosaive. Cuireadh an sonrú sin isteach toisc nár aithin Ballstáit áirithe, agus Ríocht na Spáinne ina measc, an Chosaiv mar stát ceannasach. |
|
35. |
Cuireann Ríocht na Spáinne, mar sin, i gcoinne an cheada a thug an Coimisiún do ÚRN na Cosaive chun bheith rannpháirteach in BEREC, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán BEREC. I ndiaidh don Chúirt Ghinearálta diúltú don chaingean, thionscain an Ballstát sin an t-achomharc seo, agus maíonn sé cúig shaincheist dlí mar thaca leis, a bhaineann le dhá cheist riachtanacha. |
|
36. |
Sa chéad áit, leis an gcéad trí shaincheist dlí agus leis an gcéad chuid den cheathrú saincheist dlí, déanann Ríocht na Spáinne agóid, go bunúsach, nach bhfuil Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC mar bhunús leordhóthanach chun a cheadú do ÚRN na Cosaive a bheith rannpháirteach i mBord Rialálaithe, i meithleacha agus i mBord Bainistíochta BEREC. |
|
37. |
Sa dara háit, conspóideann Ríocht na Spáinne, go háirithe leis an gcúigiú saincheist dlí ach freisin leis an dara cuid den cheathrú saincheist dlí, inniúlacht institiúideach an Choimisiúin chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh. |
|
38. |
Ba cheart a shoiléiriú, áfach, ar dtús, a mhalairt ar an méid a mhaíonn Ríocht na Spáinne arís agus arís eile, nach aithnítear an Chosaiv mar Stát leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. A mhalairt air sin, tá dhá fhonóta sa chinneadh sin a deir nach dochar an t-ainmniú “Cosaiv” do sheasaimh ar stádas, agus go bhfuil sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive. Comhfhreagraíonn na fonótaí sin, go bunúsach, le haithris 17 de CCC na Cosaive agus le fonóta comhchosúil a bhaineann leis an gcomhaontú sin agus lena gcuirtear in iúl, nach dtugtar sa chinneadh atá faoi chonspóid, amhail an CCC, aon aitheantas (go hintuigthe) don Chosaiv mar Stát. |
|
39. |
In éagmais aitheantas don Chosaiv, ní gá cinneadh a dhéanamh, sa chás seo, maidir leis an méid a bhféadfadh institiúidí an Aontais aitheantas den sórt sin a thabhairt. Mar sin, tá argóint Ríocht na Spáinne, a chuirtear in iúl arís agus arís eile freisin, ar dá réir nach bhfuil an Coimisiún inniúil chun aitheantas den sórt a thabhairt, neamhoibríoch. |
A. An chéad go dtí an tríú saincheist dlí agus an chéad chuid den cheathrú saincheist dlí – rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive in BEREC
|
40. |
Rialaítear an comhar le comhlachtaí an Aontais, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta le hAirteagal 35 de Rialachán BEREC. Foráiltear, go háirithe, leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 35(2) go mbeidh an Bord Rialálaithe, na meithleacha agus an Bord Bainistíochta oscailte do rannpháirtíocht údarás rialála tríú tíortha a bhfuil an phríomhfhreagracht orthu i réimse na cumarsáide leictreonaí, i gcásanna ina bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas. |
|
41. |
De réir an tríú haithris den chinneadh atá faoi chonspóid, is ionann Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus comhaontú den sórt sin. Mar sin, cheadaigh an Coimisiún, leis an gcinneadh sin, rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive in BEREC. |
|
42. |
Leis na chéad trí shaincheist dlí agus leis an gcéad chuid den cheathrú saincheist dlí, conspóideann Ríocht na Spáinne na breithnithe lenar chinntigh an Chúirt Ghinearálta go raibh rannpháirtíocht den sórt sin de ÚRN na Cosaive dleathach. |
|
43. |
Go sonrach, conspóideann Ríocht na Spáinne an léirmhíniú ar an gcoincheap “tríú tír” (an chéad saincheist dlí); measann sí, ar bhealach ginearálta, nach gceadaítear le hAirteagal 35 de Rialachán BEREC agus Airteagal 111 de CCC na Cosaive rannpháirtíocht na Cosaive in BEREC (an dara saincheist dlí) agus, go háirithe, nach bhfuil Airteagal 111 de CCC na Cosaive ina chomhaontú de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC (an tríú saincheist dlí agus an chéad chuid den cheathrú saincheist dlí). I gcomhthéacs scrúdú na chéad saincheiste dlí, go sonrach, ní mór, áfach, freagra a thabhairt ar argóintí atá ábhartha i gcomhthéacs na saincheisteanna dlí eile. |
1. An chéad saincheist dlí – an coincheap “tríú tír”
|
44. |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, mheas an Coimisiún gur “tríú tír”, de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán BEREC, í an Chosaiv. Ag géilleadh don seasamh sin, rialaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh raon níos leithne ag an gcoincheap “tríu tír” de réir bhrí Airteagal 35(2) ná “tríú Stát”, go ndeachaigh sé níos faide ná Stáit cheannasacha de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta agus gur áiríodh leis, go háirithe, an Chosaiv. |
|
45. |
Mar thaca leis an méid sin, rialaigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 29 go 35 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go ndéantar tagairt i bhforálacha CFAE freisin do na téarmaí “tríú tír” agus “tríú Stát” araon, agus go ndéantar, mar sin, idirdhealú idir an dá choincheap sin. Rinne an Chúirt Ghinearálta tagairt, go sonrach, do na ceannteidil de theidil III agus IV den chúigiú cuid de CFAE agus d’Airteagail 212 agus 217. Thug sí faoi deara ansin, i mír 30 den bhreithiúnas faoi achomharc, “gurb é is aidhm shoiléir d’fhorálacha CFAE a bhaineann le ‘tríú tíortha’ ná an fhéidearthacht a chur ar fáil chun comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích le heintitis ‘nach Stáit iad’”. |
|
46. |
Lena chéad saincheist dlí, maíonn Ríocht na Spáinne go mbaineann earráid dlí leis an mbreithniú sin. Dar le Ríocht na Spáinne, ní féidir ach le Stáit, de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta, teacht faoin gcoincheap “tríú tír.” De réir na teoirice sin, thabharfaí, le léirmhíniú leathan ar an gcoincheap “tríú tír”, ciall dhifriúil don choincheap sin ná an chiall atá leis sa dlí idirnáisiúnta, i ndlí an Aontais. |
|
47. |
A mhalairt air sin, tá an Coimisiún den tuairim, i ndáil le forálacha éagsúla chonarthaí agus ghníomhartha an Aontais lena ndéantar idirdhealú idir tríú tíortha agus tríú Stáit, go bhfuil sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir ábhar an dá choincheap freisin. |
|
48. |
Measaim, ar deireadh, go ndearna an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú ceart, i mír 36 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar an gcoincheap “tríú tír” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC. Leanann sin as léirmhíniú arna dhéanamh cheana ar an gcoincheap “tríú tír” in Airteagal 35 de Rialachán BEREC de réir na modhanna léirmhínithe clasaiceacha agus tá sé i gcomhréir leis an gcleachtas sa dlí idirnáisiúnta [féach (b) go (f)]. |
|
49. |
Measaim, áfach, nach bhfuil sé oiriúnach réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta i míreanna 29 go 35 den bhreithiúnas faoi achomharc a chinntiú, ar dá réir go n-eascraíonn an t-idirdhealú idir na coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” as foclaíocht na gconarthaí [féach (a)]. Ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais breithnithe bunaithe ar Rialachán BEREC a chur in ionad na réasúnaíochta sin. |
(a) Úsáid na gcoincheap sna conarthaí
|
50. |
Maidir le breithnithe na Cúirte Ginearálta maidir le húsáid na gcoincheap sna conarthaí, ní thugann sí faoi deara nach ann don idirdhealú idir tríú Stáit agus tríú tíortha nó idir Stáit agus tíortha i ngach ceann de na leaganacha teanga de na conarthaí. Go háirithe, san Eastóinis, sa Laitvis, sa Pholannais agus sa tSlóivéinis, úsáidtear an téarma céanna i gcónaí nó nach mór i gcónaí, eadhon, coibhéis an fhrása “tríú Stát.” Dealraíonn sé, áfach, agus Airteagail 198, 208 agus 212 CFAE á léamh, seachas sa leagan Slóivéinise, go bhfuil coibhéis sna leaganacha teanga sin don téarma “tír,” mar shampla i gcomhthéacs an choincheapa “tír i mbéal forbartha” nó i bhfoirm “tíortha agus críocha neamh-Eorpacha.” |
|
51. |
Sa chaoi chéanna, níl na leaganacha teanga ina ndéantar an t-idirdhealú sin de ghnáth i gcónaí ar aon dul. Mar shampla, déantar tagairt sa leagan Gearmáinise d’Airteagail 67, 77, 78 agus 79 CFAE do “Drittstaatsangehörigen”, [náisiúnaigh tríú Stáit] cé go n-úsáidtear, mar shampla, sna leaganacha Fraincise, Béarla agus Danmhairgise, faoi seach, na frásaí “ressortissants des pays tiers”, “third-country nationals” nó “nationals of third countries” agus “tredjelandsstatsborgere”, is é sin le rá, tagraítear leo do náisiúnaigh tríú tíortha. |
|
52. |
Cé nach raibh an easpa comhsheasmhachta sin chomh soiléir sa chéad chonradh CEE de 1957, nach raibh barántúil ach i gceithre teanga, bhí sé ann fiú an tráth sin. Mar sin, sa leagan Gearmáinise, luaitear in Airteagal 3(b), gníomhaíochtaí an Chomhphobail i gcomhthéacs an bheartais custaim agus tráchtála “gegenüber dritten Ländern”, [go dtí tríú tíortha] cé go n-úsáidtear an coincheap “tríú Stát” sna trí leagan teanga eile. |
|
53. |
Toisc, áfach, nach mór na leaganacha teanga éagsúla a léirmhíniú ar bhealach aonfhoirmeach ( 20 ) agus nach bhfuil tosaíocht ag aon leagan teanga thar na leaganacha teanga eile, ( 21 ) ní féidir, leis an idirdhealú idir na téarmaí “Stát” agus “tír” sna leaganacha teanga eile de na conarthaí, teacht ar an gconclúid go bhfuil difríocht céille ann. |
|
54. |
Dá bharr sin, tá earráid dlí ag baint le pointe tosaithe d’argóint na Cúirte Ginearálta, eadhon, an t-idirdhealú follasach idir na coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” in CFAE, a líomhnaítear i míreanna 29 agus 30 den bhreithiúnas faoi achomharc. |
|
55. |
Mar sin féin, má léirítear, i bhforais cinnidh de bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta, sárú ar dhlí an Aontais, ach tá a chuid oibríochtúil bunaithe ar fhorais eile dlí, ní féidir le sárú den sórt sin údar a thabhairt leis an mbreithiúnas sin a chur ar neamhní. Ba cheart, a mhalairt air sin, forais cinnidh eile a chur ina n-ionad. ( 22 ) |
|
56. |
Cinnte, d’fhéadfaí a shamhlú go bhféadfaí an léirmhíniú a rinne an Chúirt Ghinearálta ar fhorálacha CFAE a chinntiú trí scéim ghinearálta na bhforálacha sin á imscrúdú chomh maith lena gcuspóir. ( 23 ) Ní leor, áfach, chuige sin, go dtoimhdíonn an Chúirt Ghinearálta, i mír 30 den bhreithiúnas faoi achomharc, gurb é is aidhm shoiléir d’fhorálacha CFAE a bhaineann le “tríú tíortha” an fhéidearthacht a chur ar fáil chun comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích le heintitis “nach Stáit iad.” A mhalairt air sin, ní mór anailís níos doimhne a dhéanamh ar scéim agus cuspóir fhorálacha uile na gconarthaí, ina n-úsáidtear, i leaganacha teanga áirithe, na coincheapa “tríú tír” nó “tríú Stát”, nó fiú na coincheapa “tír” agus “Stát.” |
|
57. |
Níl sé sin riachtanach, áfach, i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo, toisc, chun críocha an mheasúnaithe maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, nach gá an coincheap “tríú tír” a léirmhíniú ach amháin maidir lena úsáid in Airteagal 35 de Rialachán BEREC. Le léirmhíniú ar an bhforáil sin de réir na ngnáth-mhodhanna, cinntítear conclúid na Cúirte Ginearálta. |
(b) Foclaíocht Airteagal 35 de Rialachán BEREC
|
58. |
Mar a d’aithin an Chúirt Ghinearálta freisin i mír 28 den bhreithiúnas faoi achomharc, ní shainmhínítear an coincheap “tríú tír” de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán BEREC, sa Rialachán sin ná i bhforálacha ábhartha na gconarthaí. |
|
59. |
I bhformhór na leaganacha teanga d’Airteagal 35 de Rialachán BEREC, áfach, is é an coincheap “tríú tír” a úsáidtear, agus ní an coincheap “tríú Stát.” ( 24 ) Is é an tátal a bhaineann an Coimisiún as sin ná go bhfuil ciall dhifriúil ag baint leis an gcoincheap tríú tír ná mar atá ag an gcoincheap tríú Stát. |
|
60. |
A mhalairt air sin, maíonn Ríocht na Spáinne nach bhfuil difríocht shéimeantach idir na coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát.” Maíonn sí gurb í an t-aon difríocht idir an dá choincheap ná an leibhéal foirmiúlachta dlíthiúla. Sin an fáth go labhraímid, sa teanga choiteann, faoi theanga, faoi aeráid nó faoi bhia “tíre”, cé go labhrófaí, sa chomhthéacs dlíthiúil, faoi aitheantas “Stáit.” |
|
61. |
Is ar an gcaoi chéanna a chinn an Chúirt cheana go n-úsáidtear an téarma “tír” go minic, sna conarthaí, mar chomhchiallach an téarma “Stát.” ( 25 ) |
|
62. |
Is fíor nach bhfuil sé riachtanach, ach oiread, go dtuigfí na coincheapa “Stát” agus “tír”, i ngach cás, mar fhocail chomhchiallacha. A mhalairt air sin, le húsáid an choincheapa “tríú tír”, is féidir, más iomchuí, idirdhealú a dhéanamh ón gcoincheap “tríú Stát.” |
|
63. |
I gcás Airteagal 35 de Rialachán BEREC, áfach, baineann an fhadhb chéanna le hidirdhealú den sórt sin, maidir leis an bhfoclaíocht, is a bhaineann le forálacha CFAE a scrúdaíodh cheana. Faightear an easpa idirdhealaithe idir tríú tíortha agus tríú Stáit, atá sna leaganacha Eastóinise, Laitvise, Polainnise agus Slóivéinise d’fhormhór na bhforálacha den dlí príomha ( 26 ), in Airteagal 35 de Rialachán BEREC chomh maith. Thairis sin, cé go n-úsáidtear, sna leaganacha Bulgáirise agus Liotuáinise den dlí príomha, go páirteach, dhá choincheap dhifriúla, úsáidtear comhchiallach an choincheapa “tríú Stáit” freisin in Airteagal 35 de Rialachán BEREC sna leaganacha teanga sin. |
|
64. |
Mar a cuireadh in iúl cheana, ní fhéadfadh an fhoclaíocht a úsáidtear i leaganacha teanga áirithe d’fhoráil dhlí an Aontais a bheith ina bunús aonair le haghaidh léirmhíniú na forála sin ná chun tosaíocht a fháil i gcomparáid leis na leaganacha teanga eile. ( 27 ) Ní mór forálacha dhlí an Aontais, a mhalairt air sin, a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, i bhfianaise na leaganacha a bunaíodh i ngach teanga den Aontas. I gcás difir idir na leaganacha teanga éagsúla de théacs dhlí an Aontais, ní mór an fhoráil atá i gceist a léirmhíniú de réir scéim ghinearálta agus cuspóir na reachtaíochta a bhfuil sí mar chuid di. ( 28 ) Thairis sin, is féidir le bunús na reachtaíochta cur lena léirmhíniú freisin. ( 29 ) |
(c) Comhthéacs rialaitheach Airteagal 35 de Rialachán BEREC
|
65. |
Mar sin, ba cheart anailís a dhéanamh ar Airteagal 35 de Rialachán BEREC i bhfianaise a chomhthéacs. |
|
66. |
Tugtar le tuiscint le rannpháirtíocht in BEREC, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán BEREC, gur cuireadh comhaontuithe i gcrích chuige sin idir na tríú tíortha lena mbaineann agus an tAontas. Luaitear in aithris 34, mar shamplaí de thríú tíortha den sórt sin, Ballstáit LEE/CSTE agus na tíortha is iarrthóirí. |
|
67. |
Leanann sé as sin, agus an fhoráil sin á glacadh, in aon chás, go raibh na gnáis arb ann dóibh chuige sin ar intinn ag an reachtóir, maidir leis an gcomhar sa réimse de líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, sna comhaontuithe comhlachais leis an Albáin, Montainéagró agus leis an tSeirbia, a bhí aitheanta ag an Aontas cheana ar an dáta sin mar thíortha is iarrthóirí. |
|
68. |
Cé nach bhfuil an Chosaiv mar thír is iarrthóir, ní luaitear stádas tír is iarrthóir ach mar shampla in aithris 34, mar a cuireadh in iúl cheana, agus ní chuirtear srian leis an lua sin ar na comhpháirtithe comhlachais a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
69. |
Anuas air sin, fiú roimh ghlacadh Rialachán BEREC, chuir an tAontas gnás ar bun, in Airteagal 111 de CCC na Cosaive – mar a d’aithin an Chúirt Ghinearálta i mír 49 den bhreithiúnas faoi achomharc – atá, go bunúsach, comhionann leis na gnáis chomhfhreagracha a cuireadh i gcrích leis na tíortha is iarrthóirí, is iad sin an Albáin, Montainéagró agus an tSeirbia. Bhí na forálacha sin leordhóthanach chun críocha rannpháirtíocht ÚRNanna na dtíortha sin. Ní dhéanfadh sé ciall, mar sin, mura raibh Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC dírithe ar an ngnás a cuireadh i gcrích leis an gCosaiv freisin. |
|
70. |
Lena tríú saincheist dlí, cáineann Ríocht na Spáinne an Chúirt Ghinearálta toisc nár scrúdaigh sí Airteagal 95 de CCC na Macadóine Thuaidh chuige sin. Murab ionann agus Airteagal 111 de CCC na Cosaive, luaitear go sainráite sa séú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 95 de CCC na Macadóine Thuaidh an “comhar sna struchtúir Eorpacha” mar réimse tosaíoch don chomhar. Sa chomhthéacs sin, déanann Ríocht na Spáinne tagairt freisin do dhoiciméad eile ina bhfuil comharthaí mionsonraithe maidir leis an gcomhar eadhon, plean gníomhaíochta AE-Túinéis lena gcuirtear chun feidhme an chomhpháirtíocht phribhléideach (2013‑2017) i gcomhthéacs Bheartas Comharsanachta na hEorpa. ( 30 ) Thairis sin, sa chéad chuid den cheathrú saincheist dlí, téann Ríocht na Spáinne ar iontaobh an chomhaontaithe, atá níos sonraí ná Airteagal 111 de CCC na Cosaive, a d’eascair as cinneadh ón gComhchoiste LEE maidir le rannpháirtíocht tíortha LEE. ( 31 ) |
|
71. |
Glacadh Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, áfach, ní go sonrach i bhfianaise na dtagairtí níos mionsonraithe maidir le comhar, ach freisin i gcomhthéacs na gcomhaontuithe comhlachais arna lua ag an gCúirt Ghinearálta. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí tátal a bhaint as na téacsanna arna lua ag Ríocht na Spáinne go bhfuil comhaontú sainráite den sórt sin maidir le comhar sna struchtúir Eorpacha mar choinníoll riachtanach chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC. |
|
72. |
Dá bhrí sin, le comhthéacs Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC atá comhdhéanta de CCCanna a cuireadh i gcrích sna Balcáin Thiar, tugtar le tuiscint go gcumhdaítear an Chosaiv freisin leis an gcoincheap tríú tír atá in Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC. |
(d) Bunús Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC
|
73. |
Le bunús fhoclaíocht Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, cinntítear an léirmhíniú atá bunaithe ar an gcomhthéacs. |
|
74. |
Bhí foclaíocht Airteagal 26(2) de thogra an Choimisiúin ( 32 ) scríofa ar bhealach déchiallach, ag glacadh leis gur foráladh leis do “rannpháirtíocht ÚRNanna na dtríú tíortha atá inniúil i réimse na cumarsáide leictreonaí a chuir comhaontuithe i gcrích chuige sin leis an Aontas Eorpach.” Chuige sin, bhí sé deacair a dhéanamh amach an raibh gá le comhaontuithe leis na húdaráis rialála nó leis na tríú tíortha. |
|
75. |
Soiléiríodh Airteagal 35(2) de Rialachán BERCE sna pléití, áfach, agus cuireadh in iúl nach mór “do na tríú tíortha sin comhaontuithe [a bheith curtha] i gcrích acu leis an Aontas chuige sin.” |
|
76. |
Amhail aithris 34 de Rialachán BEREC, léirítear leis an soiléiriú sin gur ghlac an tAontas Airteagal 35 i gcomhthéacs na ngnás a bhí ann agus freisin, mar sin, i bhfianaise an chomhaontuithe a cuireadh i gcrích leis an gCosaiv in Airteagal 111 de CCC na Cosaive. |
(e) Léirmhíniú teileolaíoch ar Airteagal 35 de Rialachán BEREC
|
77. |
Ar deireadh, tá sé comhréireach le spiorad agus cuspóir Airteagal 35 de Rialachán BEREC freisin go gceadófaí leis comhar le ÚRN na Cosaive. |
|
78. |
Tá sé d’aidhm shoiléir ag an bhforáil sin comhar idir BEREC agus Oifig BEREC agus údaráis rialála cumarsáide leictreonaí eile a chur chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, cuirtear in iúl le haithris 20 go bhféadfadh sé a bheith mar aidhm ag socruithe oibre BEREC caidrimh chomhair a chruthú agus malartuithe tuairimí a dhéanamh ar cheisteanna reachtaíochta. Ní chaitheann Ríocht na Spáinne amhras, áfach, ar an bhfíoras gurb ann d’údarás rialála sa réimse sin sa Chosaiv. |
|
79. |
Thairis sin, leanann sé as aithris 34 de Rialachán BEREC nach mór don chomhar sin, go háirithe, cur le cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála cumarsáide leictreonaí. Chun na críche céanna, dearbhaítear in Airteagal 111 de CCC na Cosaive nach mór don Chosaiv acquis an Aontais a ghlacadh san earnáil sin. |
|
80. |
Dá bharr sin, cuirtear in iúl le cuspóirí Airteagal 35 a leagtar síos go sainráite in aithrisí 20 agus 34 de Rialachán BEREC gur cheart an Chosaiv a mheas mar thríú tír de réir bhrí na forála sin. |
(f) Breithnithe forlíontacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta
|
81. |
Thairis sin, áitíonn Ríocht na Spáinne go gcruthaítear, leis an léirmhíniú a dhéanann an Coimisiún agus an Chúirt Ghinearálta ar an gcoincheap “tríú tír”, catagóir shonrach eintitis sa dlí idirnáisiúnta nach bhforáiltear di leis an dlí idirnáisiúnta ginearálta. |
|
82. |
Tá an ceart ag an gCoimisiún, áfach, nuair a fhreagraíonn sé nach bhfuil, sa dlí idirnáisiúnta, sainmhíniú coiteann ar an gcoincheap “tríú tír” nó “tír.” |
|
83. |
Mar shampla, ní úsáidtear i gCoinbhinsiún Vín 1969 maidir le Dlí na gConarthaí, ar a laghad i dteangacha an Aontais, eadhon, an Béarla, an Fhraincis agus an Spáinnis, ach an téarma “Stáit” agus ní an téarma “tíortha.” I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfaí tagairt a dhéanamh do Choinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951 ina n-úsáidtear, ar thaobh amháin, an coincheap “Stáit chonarthacha” (Contracting States, Vertragsstaaten, États Contractants), ach, ar an taobh eile, an coincheap “tír” (country, Land, pays) maidir leis, inter alia, an tír tionscnaimh nó an tír dídine. |
|
84. |
Níos tábhachtaí ná sin arís, áfach, cuireann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) in iúl go n-úsáidtear ciall níos leithne de thír sa dlí idirnáisiúnta freisin. De bhun Airteagal II de na “Articles of Agreement of the International Monetary Fund”, ( 33 ) atá barántúil sa Bhéarla amháin, tá aontachas ar oscailt do “thíortha” áirithe (“countries”). Ar an mbunús sin, ghlac CAI le pobail chríochacha éagsúla nach n-aithnítear mar Stáit, amhail, go háirithe, an Chosaiv, ( 34 ) ach freisin Hong Cong, Macao, nó críocha thar lear na Breataine Angaíle agus Montsarat. ( 35 ) |
|
85. |
Léirítear, thairis sin, le cleachtas an Aontais i leith an dlí idirnáisiúnta, go háirithe maidir leis an gCosaiv, go bhfuil sé toilteanach comhaontuithe dlíthiúla ceangailteacha a chur i gcrích le pobail chríochacha nár aithin sé mar Stáit. Thairis CCC na Cosaive, chuir an tAontas creat-chomhaontú i gcrích freisin lena mbunaítear prionsabail ghinearálta rannpháirtíocht na Cosaive i gcláir an Aontais. ( 36 ) Thairis sin, chuir an tAontas comhaontuithe i gcrích le hEagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO), Críoch Custam ar Leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu, Rialtas Sainréigiún Riaracháin Hong Cong de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne agus Sainréigiún Riaracháin Macao de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 31 den bhreithiúnas faoi achomharc. |
|
86. |
Níl an argóint bunaithe ar choinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann leis an dlí idirnáisiúnta éifeachtach mar sin. Dá bharr sin, ba cheart diúltú don chéad saincheist dlí. |
2. An dara saincheist dlí – aitheantas don Chosaiv?
|
87. |
Lena dara saincheist dlí, conspóideann Ríocht na Spáinne míreanna 33 agus 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta iontu nár ghlac an tAontas seasamh maidir le stádas na Cosaive mar Stát i bhfianaise an dlí idirnáisiúnta, mar a léirítear leis na forálacha dá dtagraítear in aithris 17 agus in Airteagal 2 de CCC na Cosaive. Dar leis an gCúirt Ghinearálta, tá sé d’aidhm ag na réamhchúraim sin idirdhealú a dhéanamh, ar thaobh amháin, idir stádas “Stáit” agus, ar an taobh eile, cumas na Cosaive a bheith páirteach de bhun an dlí idirnáisiúnta, mar ghníomhaí den dlí sin a chumhdaítear leis an gcoincheap níos leithne de “thríú tír.” |
|
88. |
I gcomhthéacs na saincheiste dlí seo, cuireann Ríocht na Spáinne roinnt lochtanna in iúl maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Go bunúsach, cáineann an Ballstát sin an Coimisiún as cúngú a dhéanamh ar inniúlacht na mBallstát chun cinneadh a dhéanamh maidir le haitheantas na Cosaive mar Stát. Cé nár aithin na Ballstáit uile an Chosaiv mar Stát, maítear gur aithin an Coimisiún an Chosaiv mar Stát, ar a laghad go hintuigthe, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ag dul níos faide sa chaoi sin ná CCC na Cosaive. Maítear gur sárú ar Airteagal 111 de CCC na Cosaive, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 35 de BEREC, a bheadh sa mhéid sin, rud nár fhorchuir an Chúirt Ghinearálta pionóis ina leith. |
|
89. |
Ní gá an cheist maidir le roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, maidir le Stáit a aithint, a scrúdú ar bhealach níos doimhne, áfach, toisc, mar a cuireadh in iúl cheana, nach n-aithnítear an Chosaiv sa chás seo. ( 37 ) |
|
90. |
Níos tábhachtaí ná sin arís, áfach, ní fhéadfadh Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC a bheith sáraithe, toisc go bhfuil sé d’aidhm ag na forálacha sin, mar a cuireadh in iúl cheana freisin ( 38 ) ÚRN na Cosaive a chomhtháthú mar pháirt de BEREC. |
|
91. |
Dá bharr sin, níl bunús leis an dara saincheist dlí, gan gá rialú a dhéanamh ar í a bheith nua i ndáil leis an gcaingean ag an gcéadchéim agus, dá bhrí sin, tá sí do-ghlactha. |
3. An tríú saincheist dlí – rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive in BEREC agus in Oifig BEREC
|
92. |
Lena tríú saincheist dlí, maíonn Ríocht na Spáinne go ndearna an Coimisiún earráid dlí agus Airteagal 35 de Rialachán BEREC i gcomhar le hAirteagal 111 de CCC na Cosaive á léirmhíniú, toisc gur bhain sé de thátal astu go gcumhdaítear leis an gcomhar dá dtagraítear iontu rannpháirtíocht in BEREC freisin. Tá Ríocht na Spáinne den tuairim nach bhfuil Airteagal 111 de CCC na Cosaive mar bhunús dlí leordhóthanach don chinneadh atá faoi chonspóid, toisc nach bhforáiltear go sainráite leis an bhforáil sin do rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive in BEREC agus in Oifig BEREC. |
|
93. |
Is í an cheist thábhachtach a ardaítear i gcomhthéacs an tríú saincheist dlí mar sin ná an ionann CCC na Cosaive, agus go háirithe Airteagal 111 de, agus “comhaontú chuige sin” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, rud a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 49 den bhreithiúnas atá faoi chonspóid. |
|
94. |
Cáineann Ríocht na Spáinne an Chúirt Ghinearálta i ndáil leis sin, toisc nár chuir sí CCC na Macadóine Thuaidh san áireamh, ina ndéantar tagairt go sainráite, a mhalairt ar na comhaontuithe comhlachais eile ábhartha, do “chomhar sna struchtúir Eorpacha.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] Cuireadh in iúl cheana féin, áfach, agus anailís á dhéanamh ar an gcéad saincheist dlí, nach bhfuil foclaíocht den sórt sin mar choinníoll do chomhaontú de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC. ( 39 ) |
|
95. |
Thairis sin, tá Ríocht na Spáinne den tuairim nach féidir, toisc nach n-aithnítear an Chosaiv mar Stát, rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive in BEREC a mheas mar chomhar de bhun Airteagal 35 de Rialachán BEREC. Leanann sé as na breithnithe thuas, áfach, go neamhspleách ar aitheantas den sórt sin, go bhfuil sé d’aidhm ag Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus Airteagal 35 de Rialachán BEREC ÚRN na Cosaive a chomhtháthú mar pháirt de BEREC. ( 40 ) |
|
96. |
Cuireann Ríocht na Spáinne in iúl, áfach, nach gcumhdaítear leis an téarma “comhar” a úsáidtear in Airteagal 111 de CCC na Cosaive rannpháirtíocht in BEREC i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán BEREC. A mhalairt air sin, maíonn sí go mbeadh comhar de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán BEREC, amhail an comhar a cinneadh leis na comhpháirtithe eile, leordhóthanach. A mhalairt air sin, maíonn sí go dtabharfaí don Chosaiv, dá ligfí di a bheith rannpháirteach i struchtúir BEREC, tionchar ar mhúnlú dhlí an Aontais, toisc go gcuireann na struchtúir sin le forbairt an dlí sin. |
|
97. |
Is fíor, de réir an chinnidh atá faoi chonspóid, gur féidir le hionadaithe ÚRN na Cosaive a bheith páirteach in obair an Bhoird Rialálaithe, na meithleacha agus an Bhoird Riaracháin agus, go háirithe, tuairimí a eisiúint. |
|
98. |
Nuair a chuireann na daoine sin a dtuairimí in iúl sa Bhord Rialálaithe nó sa Bhord Riaracháin, áfach, ní chóir dóibh seasamh na Cosaive ná seasamh a ÚRN a chosaint, ach gníomhú gan treoracha a fháil, i gcomhréir le pointí 1.7 agus 3.6 d’Iarscríbhinn an chinnidh atá faoi chonspóid. De bhun Airteagal 8(2) agus Airteagal 15(3) de Rialachán BEREC, beidh an neamhspleáchas céanna ag na comhaltaí eile den dá Bhord. Bunaíodh BEREC, de réir théarmaí aithrisí 5 agus 13 agus Airteagal 3(3) agus (4), chun saineolas a chur ar fáil agus chun gníomhú go neamhspleách agus go trédhearcach. |
|
99. |
Mar sin, níl na saintréithe a bhaineann le rannpháirtíocht Stáit i bhforbairt reachtaíocht an Aontais ag an gcomhar i mBoird BEREC a bhunaítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ach tá sé d’aidhm leis an gcomhar sin cleachtais rialála comhleanúnacha a fhorbairt, ag glacadh leis, i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán BEREC, go dtugtar “an-aird” ar na téacsanna arna nglacadh ag BEREC. Is éard atá i gceist, dá bharr, ná comhordú neamhcheangailteach idir údaráis rialála. |
|
100. |
Fiú sa chomhthéacs seo, áfach, ní thugtar tionchar cinntitheach do ÚRN na Cosaive le rannpháirtíocht a ionadaithe maidir le cinnteoireacht BEREC, toisc nach bhfuil, de bhun an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, ceart vótála ag ÚRNanna na tríú tíortha. |
|
101. |
Thairis sin, i bhfianaise na tagartha a dhéantar in Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC do chomhaontú chuige sin, amhail an comhaontú a cuireadh i gcrích in Airteagal 111 de CCC na Cosaive, ní fhéadfaí an Coimisiún a cháineadh as an gcomhar le ÚRN na Cosaive a chur chun feidhme i bhfoirm rannpháirtíocht de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC agus ní trí chomhar nach bhfuil chomh éifeachtach de bhun Airteagal 35(1) den Rialachán sin, a dhéanamh as. |
|
102. |
Dá bhrí sin, níl bunús leis an argóint seo ach oiread agus ní mór diúltú don tríú saincheist dlí ina hiomláine. |
4. An chéad chuid den cheathrú saincheist dlí – bunús dlí an chinnidh atá faoi chonspóid
|
103. |
Leis an gcéad chuid den cheathrú saincheist dlí, caitheann Ríocht na Spáinne amhras ar Airteagal 111 de CCC na Cosaive mar bhunús leordhóthanach don chinneadh atá faoi chonspóid arís. |
|
104. |
Chuige sin, déanann Ríocht na Spáinne agóid go háirithe i gcoinne mhír 72 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. De réir théarmaí na míre sin, “níl sé riachtanach ó thaobh dlí de go mbeadh “oscailt do rannpháirtíocht” ÚRN tríú tír curtha faoi réir údarú sonrach arna thabhairt i gcomhthéacs comhaontú idirnáisiúnta. Leis an oscailt sin agus leis na “rialacha iontrála” arna nglacadh chun bheith rannpháirteach in BEREC, níl aon oibleagáid dhlíthiúil i ndáil leis an ÚRN sin, toisc gur faoin ÚRN sin atá sé, go cinntitheach, an cinneadh níos déanaí a ghlacadh chun bheith rannpháirteach in BEREC i gcomhréir leis na rialacha sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
105. |
Maíonn Ríocht na Spáinne go dtugtar le tuiscint le hAirteagal 35(2) de Rialachán BEREC go bhfuil gá le comhaontú níos sonraí, amhail an comhaontú arna chinneadh ag Comhchoiste LEE. |
|
106. |
Chuir mé in iúl cheana nach n-athraítear leis an gcinneadh sin, ach oiread, an fíoras gur glacadh Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC i bhfianaise comhaontuithe nach raibh chomh mionsonraithe, arna gcur i gcrích le tíortha is iarrthóirí na mBalcán Thiar, comhaontuithe lena gcomhfhreagraíonn Airteagal 111 de CCC na Cosaive. ( 41 ) |
|
107. |
A mhalairt air sin, rinne Comhchoiste LEE a chinneadh d’fhonn Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC a chur chun feidhme, a bhí infheidhme an tráth sin cheana, rud nach bhféadfaí a dhéanamh go fóill, ratione temporis, agus CCC na Cosaive á chur i gcrích. Ar an gcúis sin amháin, tá sé loighciúil go mbeadh cinneadh Chomhchoiste LEE níos mionsonraithe ná Airteagal 111 de CCC na Cosaive. |
|
108. |
Dá bhrí sin, níl bunús leis an gcéad chuid den cheathrú saincheist dlí freisin. |
B. An dara cuid den cheathrú saincheist dlí agus an cúigiú saincheist dlí – inniúlacht institiúideach an Choimisiúin
|
109. |
Tá an dara cuid den cheathrú saincheist dlí agus an cúigiú saincheist dlí dírithe i gcoinne ghlacadh an chinnidh faoi chonspóid, go sonrach, ag an gCoimisiún. Baineann siad, mar sin, le hinniúlacht institiúideach an Choimisiúin. |
|
110. |
Leis an dara cuid den cheathrú saincheist dlí, maíonn Ríocht na Spáinne chuige sin, mar thoradh ar an gceist íogair maidir le haitheantas na Cosaive, gur faoin gComhairle atá sé, agus ní hamháin faoin gCoimisiún, cinneadh a dhéanamh, ar bhonn Airteagal 17 CAE, maidir le rannpháirtíocht ÚRN na tíre sin in BEREC. Maíonn Ríocht na Spáinne go raibh míthuiscint ag an gCúirt Ghinearálta ar an méid sin i míreanna 81 agus 82 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. |
|
111. |
Lena cúigiú saincheist dlí, maíonn Ríocht na Spáinne thairis sin go ndearna an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú earráideach ar Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC i míreanna 76 agus 77 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, trí a aithint go bhféadfadh an Coimisiún, de bhun a fheidhmeanna feidhmiúcháin agus a chumhachtaí seachtracha ionadaíochta, socruithe oibre a bhunú go haontaobhach. |
|
112. |
Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna dlí sin, ní mór roinnt na n-inniúlachtaí a eascraíonn as Airteagal 35 de Rialachán BEREC a shoiléiriú. |
1. Forálacha ábhartha na gcomhaontuithe
|
113. |
Eascraíonn sé as an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go bhforbrófar “socruithe oibre lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta údaráis rialála na dtríú tíortha sin”. |
|
114. |
D’fhéadfaí, ar an gcéad radharc, a mheas go n-eascraíonn na modhanna feidhmithe den inniúlacht sin as an gcomhaontú idir an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann, ag glacadh leis nach mór na socruithe oibre a chur i gcrích i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den chomhaontú sin. |
|
115. |
Níl rialacha chuige sin in Airteagal 111 de CCC na Cosaive. D’fhéadfaí, dá dheasca sin, a shamhlú go dtabharfaí aird ar an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais dá bhforáiltear in Airteagal 126, a raibh Ríocht na Spáinne ag iarraidh tarchur a dhéanamh chuici os comhair na Cúirte Ginearálta. De bhun Airteagal 128 áfach, ní féidir leis an mBord sin cinntí a ghlacadh ach sna cásanna dá bhforáiltear leis an gcomhaontú sin. Ní fhoráiltear d’aon inniúlacht den Bhord sin i gcomhthéacs Airteagal 111. Dá bharr sin, níl forálacha ábhartha in CCC na Cosaive maidir le socruithe oibre a chinneadh de bhun an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC. |
|
116. |
Ní chóir, áfach, teacht chun na conclúide go n-eisítear cur i gcrích socruithe den sórt sin. A mhalairt air sin, chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, agus an ceart aici, i mír 69 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach ndearna Ríocht na Spáinne agóid ina choinne, nach bhféadfaí cuspóirí Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC a bhaint amach in éagmais socruithe den sórt sin. Tháinig an Chúirt Ghinearálta chun na conclúide, agus an ceart aici, i mír 70 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach ndearna Ríocht na Spáinne agóid ina choinne ach oiread, nár chiallaigh an tagairt d’fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe ach nach mór do chur i gcrích na socruithe oibre a bheith i gcomhréir leis na forálacha sin. |
|
117. |
Mar sin, tá modhanna feidhmiúcháin na hinniúlachta sin maidir le rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive le fáil i Rialachán BEREC go heisiach. |
2. Cinneadh socruithe oibre
|
118. |
Foráiltear leis na forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht ÚRNanna tríú tíortha, atá in Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, sa dara fomhír, do shocruithe oibre, ach ní fhoráiltear leo do chinneadh aontaobhach [féach (b)], ná dá nglacadh ag an gCoimisiún [féach (a)]. Is ionann an dá eilimint sin agus earráidí dlí a fhágann gur cheart an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní. |
(a) Inniúlacht institiúideach an Choimisiúin
|
119. |
Is é an toradh deiridh ná go n-éiríonn le Ríocht na Spáinne inniúlacht institiúideach an Choimisiúin a chonspóid, arna haithint go háirithe i míreanna 76 agus 77 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh. |
|
120. |
De bhun na chéad abairte d’Airteagal 13(2) CAE, gníomhóidh gach institiúid laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna conarthaí, agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na cuspóirí a leagtar amach iontu. Léirítear leis an bhforáil sin prionsabal na cothromaíochta institiúidí, atá ina shaintréith de struchtúr institiúideach an Aontais, agus tugtar le tuiscint leis go bhfeidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí a n-inniúlachtaí agus urraim á léiriú acu ar inniúlachtaí na n-institiúidí eile. ( 42 ) |
|
121. |
I míreanna 76 agus 77 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mheas an Chúirt Ghinearálta gur lean an inniúlacht atá riachtanach chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh ó fheidhmeanna feidhmiúcháin an Choimisiúin de bhun an cheathrú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, agus óna chumhachtaí ionadaíochta seachtraí de bhun an chúigiú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. Bheadh na hinniúlachtaí sna réimsí sin nach bhfuil tarmligthe go sainráite do BEREC fós mar inniúlachtaí an Choimisiúin. |
|
122. |
Tá sé amhrasach cheana go bhféadfaí inniúlachtaí a tharraingt go díreach as Airteagal 17 CAE. De ghnáth, glactar bearta cur chun feidhme de bhun gníomhartha tarmligthe. I ndáil leis sin, áfach, ceanglaítear le hAirteagal 290(1) agus Airteagal 291(2) CFAE tarmligean sainráite den chumhacht don Choimisiún. ( 43 ) Ar an gcaoi chéanna, i réimse na hionadaíochta seachtraí, ceanglaítear le hAirteagal 218(2) CFAE, i gcoitinne, údarú ón gComhairle. |
|
123. |
Cinnte, baineann an Chúirt Ghinearálta leas, i mír 81 den bhreithiúnas faoi achomharc, as an bhfíoras gur féidir Airteagal 16 CAE a úsáid mar bhunús do chumhachtaí na Comhairle ( 44 ) agus go dtrasuitear an cásdlí sin in Airteagal 17 CAE. Ní gá, áfach, don Chúirt, rialú a thabhairt i dtaobh cibé an féidir trasuí den sórt sin a dhéanamh, ag glacadh leis, a mhalairt ar an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 77 den bhreithiúnas faoi achomharc, go gcinntear le Rialachán BEREC cén comhlachtaí atá in ann na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 35(2) den Rialachán sin a bhunú. |
|
124. |
Is fíor, agus é á scrúdú ina aonar, nach gcumhdaítear rialacha chuige sin leis an dara fomhír d’Airteagal 35(2). |
|
125. |
Ba cheart do BEREC, áfach, de réir théarmaí aithris 20 de Rialachán BEREC, a bheith údaraithe chun socruithe oibre a bhunú, go háirithe le húdaráis inniúla na dtríú tíortha. Dá bharr sin, foráiltear le hAirteagal 9(i) agus Airteagal 20(6)(m) go n-údaróidh an Bord Rialálaithe agus stiúrthóir Oifig BEREC tabhairt chun críche na socruithe oibre. |
|
126. |
De bhun aithris 20 de Rialachán BEREC, níl ar an gCoimisiún, i gcodarsnacht leis sin, sa chomhthéacs seo, ach faireachán a dhéanamh. |
|
127. |
Dá bharr sin, maidir leis an gcomhar le tríú tíortha go sonrach, foráiltear le hAirteagal 35(1) de Rialachán BEREC go mbunóidh BEREC agus Oifig BEREC, faoi réir aontú roimh ré ón gCoimisiún, socruithe oibre. |
|
128. |
Tá an roinnt seo d’inniúlachtaí idir BEREC agus an Coimisiún i gcomhréir le córas Rialachán BEREC. Níl in BEREC ná Oifig BEREC comhlachtaí atá beartaithe chun misin an Choimisiúin a chur i gcrích agus a bhfuil cumhachtaí díorthacha ón gCoimisiún acu chuige sin, mar a mheas an Chúirt Ghinearálta i mír 76 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. A mhalairt air sin, tá sé d’aidhm ag BEREC, de réir théarmaí aithrisí 5 agus 13 agus Airteagail 3(3) agus 8(1) de Rialachán BEREC, saineolas a chur ar fáil agus gníomhú go neamhspleách agus go trédhearcach. Cinntítear sin leis na ceanglais a bhaineann le neamhspleáchas a chomhaltaí, a leanann as aithrisí 22, 25 agus 29 agus as Airteagail 8(2), 16(1)(m), 20(3) agus 42 de Rialachán BEREC. Ní ghníomhaíonn comhaltaí an Bhoird Rialálaithe arna n-ainmniú ag na ÚRNanna de bhun Airteagal 7 mar sin, mar ionadaithe ar a ÚRNanna faoi seach, ach glacann siad páirt sna comhráite in BEREC i gcáil saineolaithe. Chun an neamhspleáchas sin a áirithiú, tá, thairis sin, a buiséad féin ag Oifig BEREC, i gcomhréir le haithris 32. |
|
129. |
Bheadh sé deacair a bheith ar aon dul le neamhspleáchas BEREC dá mbeadh cumhachtaí rialála aontaobhacha ag an gCoimisiún maidir le hobair BEREC. Ar an gcaoi chéanna, tá feidhm faireacháin an Choimisiúin, a luaitear in aithris 20 de Rialachán BEREC, teoranta do cheisteanna áirithe agus ní féidir leis a bheith mar thoradh air go nglacfaí le rialacha gan aontú ó BEREC nó ó Oifig BEREC. |
|
130. |
Dá bharr sin, níl an chonclúid a dtagann an Chúirt Ghinearálta uirthi, i mír 78 den bhreithiúnas faoi achomharc, maidir leis an difríocht idir an fhoclaíocht a úsáidtear in Airteagail 35(1) agus 35(2) de Rialachán BEREC, éifeachtach ach oiread. Cé nach sanntar an chumhacht chun socruithe oibre a bhunú ar BEREC agus Oifig BEREC go sainráite faoi réir aontú roimh ré ón gCoimisiún ach le hAirteagal 35(1) amháin, ní chiallaíonn sé sin go roinntear na cumhachtaí ar bhealach difriúil i gcomhthéacs Airteagal 35(2). |
|
131. |
A mhalairt air sin, is é Airteagal 35(1) de Rialachán BEREC atá ina riail ghinearálta is infheidhme maidir le comhar le tríú tíortha. Rialaítear le hAirteagal 35(2) an cás ar leith maidir le comhar i bhfoirm rannpháirtíocht ÚRN tríú tír sa Bhord Rialálaithe, sna meithleacha agus sa Bhord Riaracháin. Tá an riail ghinearálta a leagtar amach i mír 1 infheidhme, áfach, sa chás ar leith seo freisin, sa mhéid nach bhforáiltear do mhaolú leis an riail shonrach de mhír 2. |
|
132. |
Ní leor riail shonrach den sórt sin maidir leis an gcumas chun socruithe oibre a chur i gcrích, dá bhforáiltear in Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC. Dá bharr sin, tá an riail ghinearálta a leagtar amach i mír 1, ar dá réir gur féidir le BEREC agus Oifig BEREC socruithe oibre a chur i gcrích faoi réir aontú roimh ré ón gCoimisiún, infheidhme freisin i gcomhthéacs mír 2. |
|
133. |
Cinnte, ba cheart a mheas gurb ionann an rannpháirtíocht in obair BEREC dá bhforáiltear in Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC i gcoitinne agus foirm níos cúinge comhair ná an comhar de bhun Airteagal 35(1). Ní leanann sé as sin ach oiread, áfach, go bhfuil cinneadh ón gCoimisiún riachtanach, ag glacadh leis gur ghlac an reachtóir leis an gcinneadh polaitiúil maidir leis an gcomhar níos cúinge seo cheana. Chuir an reachtóir, ar bhealach ginearálta, an fhéidearthacht sin ar fáil agus Airteagal 35(2) á ghlacadh, agus ní mór dó an fhéidearthacht sin a chinntiú, maidir leis na tríú tíortha lena mbaineann, leis an aontú roimh ré dá dtagraítear ann. B’shin a rinne sé sa chás seo le hAirteagal 111 de CCC na Cosaive. D’fhéadfadh rialacha eile a bheith socraithe ann maidir leis an gcinneadh i leith rannpháirtíocht na ÚRNanna in BEREC, ach ní sin a tharla. |
|
134. |
Dá bharr sin, tá earráid dlí ag baint le breithniú na Cúirte Ginearálta, i mír 77 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar dá réir go bhfuil an inniúlacht chun socruithe oibre a bhunú atá infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive ag an gCoimisiún. |
(b) Foirm an chinnidh maidir leis an rannpháirtíocht
|
135. |
Thairis sin, tá amhras ann faoi fhoirm an chinnidh maidir leis an rannpháirtíocht freisin. |
|
136. |
Ceadaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, ina leagan Gearmáinise, cur i gcrích socruithe oibre [“werden Arbeitsvereinbarungen geschlossen”], is é sin le rá nach bhforáiltear leis go sonrach do chinneadh aontaobhach arna ghlacadh ag institiúidí an Aontais nó ag comhlachtaí eile. |
|
137. |
Is fíor go dtagraítear i leaganacha teanga eile den fhoráil sin, ar bhealach nach bhfuil chomh soiléir, do chomhaontuithe [“Vereinbarungen”]. Mar sin, sa leagan Béarla, is “working arrangements” atá le forbairt. D’fhéadfaí an téarma “arrangements” a thuiscint mar thagairt do shocruithe, ach freisin, i measc rudaí eile, mar thagairt do rialacha, a d’fhéadfaí a shocrú mar sin ar bhealach aontaobhach. Úsáidtear sa leagan Fraincise an frása comhchosúil “arrangements de travail” dá bhforáiltear (“il est prévu”). Sa leagan Spáinnise, ba cheart “normas de trabajo”, eadhon, caighdeáin oibre, a bhunú (“se irán estableciendo”). Dealraíonn sé go bhfuil an frása “normas de trabajo” mar earráid aistriúcháin, áfach, toisc, sna háiteanna eile de Rialachán BEREC ina dtagraíonn na leaganacha teanga eile do shocruithe oibre, go n-úsáidtear sa leagan Spáinnise an frása “acuerdos de trabajo”, is é sin le rá go dtagraíonn sé do chomhaontú freisin. |
|
138. |
Léirítear go soiléir, áfach, le tagairtí eile, atá i Rialachán BEREC, do shocruithe oibre i dteangacha eile freisin, nach gcinntear na téacsanna sin go haontaobhach, ach go dtagtar ar aontú maidir leo idir na páirtithe. Léirítear an méid sin go háirithe le hAirteagal 9(i), agus le hAirteagal 20(6)(m) de Rialachán BEREC, ar dá réir go dtagann sé faoi chúraimí an Bhoird Rialálaithe agus stiúrthóir Oifig BEREC cur i gcrích socruithe oibre a cheadú, go háirithe le húdaráis inniúla tríú tíortha. |
|
139. |
Is cosúil domsa, áfach, gurb éard atá fíorthábhachtach ná cuspóir Airteagal 35 de Rialachán BEREC, is é sin chun comhar a cheadú le ÚRNanna tríú tíortha. Ní fhéadfadh an tAontas na coinníollacha le haghaidh comhar a leagan amach go haontaobhach, áfach. |
|
140. |
Sháraigh an Chúirt Ghinearálta, mar sin, Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, trína breithniú, i mír 82 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh an Coimisiún inniúil chun na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚRNanna tríú tíortha a shocrú go haontaobhach, sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
141. |
Cinnte, d’fhéadfaí an cinneadh atá faoi chonspóid a mheas mar thairiscint do ÚRN na Cosaive d’fhonn socrú oibre a chur i gcrích. Bhunaigh an Coimisiún an socrú oibre cheana leis an gcinneadh atá faoi chonspóid áfach, mar a leanann sé as aithris 5 den chinneadh sin. Dá bharr sin, ní féidir seasamh leis an mbreithiúnas faoi achomharc, fiú dá mbeadh sé bunaithe ar fhorais eile. |
3. Conclúid eatramhach
|
142. |
Leanann an rialú gur cheart a thabhairt maidir leis an dara cuid den cheathrú saincheist dlí agus an cúigiú saincheist dlí as na breithnithe thuas. |
|
143. |
Toisc gur suíodh gurb iad BEREC agus Oifig BEREC, agus ní an Chomhairle, a chinneann rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive faoi réir aontú ón gCoimisiún, ní mór diúltú don dara cuid den cheathrú saincheist dlí. |
|
144. |
A mhalairt air sin, ba cheart glacadh leis an gcúigiú saincheist dlí, ag glacadh leis nach raibh an Coimisiún inniúil chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh. |
|
145. |
Ní mór, mar sin, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní. |
V. An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta
|
146. |
I gcomhréir le hAirteagal 61(1) de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, má chuireann an Chúirt Bhreithiúnas cinneadh ón gCúirt Ghinearálta ar neamhní féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais. |
|
147. |
Is féidir rialú a dhéanamh sa chaingean, toisc gur aithníodh nach raibh an Coimisiún inniúil chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh. |
|
148. |
Dá bharr sin, ba cheart glacadh leis na horduithe a bhí á lorg ag Ríocht na Spáinne, agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. |
VI. Éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil
|
149. |
Má chuireann an Chúirt an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní ar an bhforas amháin den chúigiú saincheist dlí, mar a mholaim a dhéanamh, ba cheart di éifeachtaí an chinnidh sin a choinneáil, i gcomhréir le hAirteagal 264(2) CFAE go dtí go gcuirtear socrú oibre comhchosúil ina ionad. |
|
150. |
Cinnte, measaim nach n-eisiatar go bhféadfaí ceadú go díreach leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC agus Airteagal 111 de CCC na Cosaive do ÚRN na Cosaive a bheith rannpháirteach go mór in obair an Bhoird Rialálaithe, na meithleacha agus an Bhoird Riaracháin. |
|
151. |
Ní leanann na socruithe a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann Oifig BEREC, ar a laghad, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán BEREC, go díreach as an Rialachán sin. D’fhéadfadh cur ar ceal na socruithe sin dochar a dhéanamh do rannpháirtíocht ÚRN na Cosaive, cé go bhforáiltear di cheana, ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, leis an dlí is infheidhme, go neamhspleách ar aon bheart chur chun feidhme. |
|
152. |
Ba cheart a chur leis sin go bhfuil an locht céanna ag baint leis na cinntí maidir le rannpháirtíocht ÚRN na dtríú tíortha eile de na Balcáin Thiar is atá ag baint leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Ní thagann siad faoi raon na n-imeachtaí seo áfach, agus mar sin ní gá don Chúirt rialú a dhéanamh ina leith. Bheadh sé úsáideach, áfach, socruithe oibre arna gcur i gcrích idir BEREC, Oifig BEREC agus gach ÚRN a chur in ionad na gcinntí sin freisin. |
VII. Costais
|
153. |
I gcomhréir le hAirteagal 184(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, má tá bunús maith leis an achomharc agus má thugann an Chúirt féin an breithiúnas críochnaitheach sa chás, tabharfaidh sí breith i dtaobh na gcostas. |
|
154. |
De bhun Airteagal 138(1) de na Rialacha sin, atá infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 184(1) de na Rialacha sin, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n-éireoidh leis. |
|
155. |
Mar sin, ní mór don Choimisiún costais Ríocht na Spáinne agus a chostais féin a íoc. |
VIII. Conclúid
|
156. |
Molaim, dá bharr, don Chúirt rialú mar seo a leanas:
|
( 1 ) Bunteanga: an Ghearmáinis.
( 2 ) Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO 2018 L 321, lch. 1).
( 3 ) Cinneadh ón gCoimisiún an 18 Márta 2019 maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 26).
( 4 ) Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv den pháirt eile (IO 2016 L 71, lch. 3).
( 5 ) Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine den pháirt eile (IO 2004 L 84, lch. 13).
( 6 ) Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile (IO 2009 L 107, lch. 166).
( 7 ) Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile (IO 2010 L 108, lch. 3).
( 8 ) Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia den pháirt eile (IO 2013 L 278, lch. 16).
( 9 ) Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile (IO 2015 L 164, lch. 2).
( 10 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO 2009 L 337, lch. 1).
( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO 2012 L 172, lch. 10).
( 12 ) Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO 2015 L 310, lch. 1).
( 13 ) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 (IO 2018 L 321, lch. 36).
( 14 ) Cinneadh maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta Mhontainéagró i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 6).
( 15 ) Cinneadh maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 11).
( 16 ) Cinneadh maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 16).
( 17 ) Cinneadh maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta Phoblacht na Seirbia i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 21).
( 18 ) Cinneadh maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta Phoblacht na hAlbáine i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 31).
( 19 ) Féach mír 6 den Tuairim seo.
( 20 ) Breithiúnais an 27 Deireadh Fómhair 1977, Bouchereau (30/77, EU:C:1977:172, míreanna 13 agus 14), an 27 Márta 1990, Cricket St Thomas (C‑372/88, EU:C:1990:140, mír 19), agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi (C‑561/19, EU:C:2021:799, mír 43).
( 21 ) Breithiúnais an 27 Márta 1990, Cricket St Thomas (C‑372/88, EU:C:1990:140, mír 18), agus an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2021:63, mír 65).
( 22 ) Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2008, FIAMM agus páirtithe eile v an Chomhairle agus an Coimisiún (C‑120/06 P agus C‑121/06 P, EU:C:2008:476, mír 187), an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 94), agus an 6 Samhain 2018, Scuola Elementare Maria Montessori v an Coimisiún, an Coimisiún v Scuola Elementare Maria Montessori agus an Coimisiún v Ferracci (C‑622/16 P go C‑624/16 P, EU:C:2018:873, mír 48).
( 23 ) Breithiúnais an 27 Deireadh Fómhair 1977, Bouchereau (30/77, EU:C:1977:172, míreanna 13 agus 14), agus an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2021:63, mír 65).
( 24 ) Sin mar atá freisin sna leaganacha Spáinnise, Seicise, Danmhairgise, Gearmáinise, Béarla, Fraincise, Gaeilge, Gréigise, Cróitise, Iodáilise, Ungáirise, Maltaise, Ollainise, Portaingéilise, Rómáinise, Slóvaicise, Fionnlainnise agus Sualainnise.
( 25 ) Breithiúnas an 12 Samhain 2019, Organisation juive européenne agus Vignoble Psagot (C‑363/18, EU:C:2019:954, mír 28).
( 26 ) Féach míreanna 50 agus 51 den Tuairim seo.
( 27 ) Féach mír 53 den Tuairim seo.
( 28 ) Breithiúnais an 1 Márta 2016, Kreis Warendorf agus Osso (C‑443/14 agus C‑444/14, EU:C:2016:127, mír 27), agus an 24 Feabhra 2022, Tiketa (C‑536/20, EU:C:2022:112, mír 27).
( 29 ) Breithiúnais an 22 Deireadh Fómhair 2009, Zurita García agus Choque Cabrera (C‑261/08 agus C‑348/08, EU:C:2009:648, mír 57), an 27 Samhain 2012, Pringle (C‑370/12, EU:C:2012:756, mír 135), an 3 Deireadh Fómhair 2013, Inuit Tapiriit Kanatami agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑583/11 P, EU:C:2013:625, mír 50), agus an 20 Nollaig 2017, Acacia agus D’Amato (C‑397/16 agus C‑435/16, EU:C:2017:992, mír 31).
( 30 ) Míreanna 73 agus 74 d’Iarscríbhinn 2 de thogra comhpháirteach an Choimisiúin maidir le seasamh an Aontais sa Chomhairle comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile, maidir le moladh a ghlacadh maidir le cur chun feidhme plean gníomhaíochta idir AE agus an Túinéis lena gcuirtear chun feidhme an chomhpháirtíocht phribhléideach (2013‑2017) (JOIN/2014/036 final, doiciméad 15164/14 ADD 1 na Comhairle).
( 31 ) Decision of the EEA Joint Committee No 274/2021 of 24 September 2021 amending Annex XI (Electronic communication, audiovisual services and information society) and Protocol 37 (Containing the list provided for in Article 101) to the EEA Agreement (https://www.efta.int/eea-lex/32018R1971).??
( 32 ) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach [COM(2016) 591 final].
( 33 ) Https://www.imf.org/external/pubs/ft/aa/pdf/aa.pdf.
( 34 ) Preaseisiúint Uimh. 09/240 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta an 29 Meitheamh 2009, “Kosovo Becomes the International Monetary Fund’s 186th Member.”
( 35 ) Féach liosta na Stát is baill, https://www.imf.org/en/Countries.
( 36 ) IO 2017 L 195, lch. 1.
( 37 ) Féach míreanna 38 agus 39 den Tuairim seo.
( 38 ) Féach míreanna 65 go 80 den Tuairim seo.
( 39 ) Féach míreanna 70 agus 71 den Tuairim seo.
( 40 ) Féach míreanna 65 go 80 den Tuairim seo.
( 41 ) Féach mír 70 den Tuairim seo.
( 42 ) Breithiúnas an 28 Iúil 2016, an Chomhairle v an Coimisiún (C‑660/13, EU:C:2016:616, mír 32).
( 43 ) Féach, mar shampla, Airteagail 78 agus 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1) agus Airteagail 131 go 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1) agus, sa réimse a chumhdaítear le Rialachán BEREC, Airteagail 117 agus 118 de Threoir 2018/1972 maidir leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach.
( 44 ) Breithiúnas an 28 Iúil 2016, an Chomhairle v an Coimisiún (C‑660/13, EU:C:2016:616, mír 40).