Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0433

    Cás C-433/20: Breithiúnas na Cúirte (an dara dlísheomra) an 24 Márta 2022 (tarchur chun réamhrialú ó Oberlandesgericht Wien – an Ostair) – Austro-Mechana Gesellschaft zur Wahrnehmung mechanisch-musikalischer Urheberrechte Gesellschaft mbH v Strato AG (Tarchur chun réamhrialú – Gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise – Treoir 2001/29/CE – Airteagal 2 – Atáirgeadh – Airteagal 5(2)(b) – Eisceacht maidir le cóipeáil phríobhaideach – Coincheap na “meáin uile” – Freastalaithe de chuid tríú páirtithe arna gcur ar fáil do dhaoine nádúrtha le haghaidh úsáide príobháidí – Cúiteamh cóir – Reachtaíocht náisiúnta nach gcuirtear soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta faoi réir an tobhaigh ar chóipeáil phríobháideach leis)

    IO C 198, 16.5.2022, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 198/5


    Breithiúnas na Cúirte (an dara dlísheomra) an 24 Márta 2022 (tarchur chun réamhrialú ó Oberlandesgericht Wien – an Ostair) – Austro-Mechana Gesellschaft zur Wahrnehmung mechanisch-musikalischer Urheberrechte Gesellschaft mbH v Strato AG

    (Cás C-433/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise - Treoir 2001/29/CE - Airteagal 2 - Atáirgeadh - Airteagal 5(2)(b) - Eisceacht maidir le cóipeáil phríobhaideach - Coincheap na “meáin uile” - Freastalaithe de chuid tríú páirtithe arna gcur ar fáil do dhaoine nádúrtha le haghaidh úsáide príobháidí - Cúiteamh cóir - Reachtaíocht náisiúnta nach gcuirtear soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta faoi réir an tobhaigh ar chóipeáil phríobháideach leis)

    (2022/C 198/07)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An Chúirt a rinne an tarchur

    Oberlandesgericht Wien

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Austro-Mechana Gesellschaft zur Wahrnehmung mechanisch-musikalischer Urheberrechte Gesellschaft mbH

    Cosantóir: Strato AG

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní mór Airteagal 5(2)(b) de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise a léirmhíniú sa chaoi is go gcuimsítear leis an bhfrása “atáirgthe a dhéantar ar na meáin uile” dá dtagraítear san fhoráil sin, cóipeanna cúltaca a dhéantar, chun críocha príobháideacha, de shaothair atá faoi chosaint cóipchirt ar fhreastalaí ina gcuireann soláthraí na seirbhíse néalríomhaireachta spás stórála ar fáil d'úsáideoir.

    2)

    Ní mór Airteagal 5(2)(b) de Threoir 2001/29 a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an eisceacht dá dtagraítear san fhoráil sin, ar dá réir nach bhfuil sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí stórála néalríomhaireachta cúiteamh cóir a íoc as cóipeanna cúltaca, de shaothair atá faoi chosaint cóipchirt, atá déanta ag daoine nádúrtha, arb úsáideoirí na seirbhísí sin iad, chun críocha úsáide príobháidí, nach críocha tráchtála iad go díreach nó go hindíreach, a mhéid a fhoráiltear leis an Rialachán sin go n-íocfar cúiteamh cóir chun sochair shealbhóirí na gceart.


    (1)  IO C 414 30.11.2020


    Top