EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0245

Cás C-245/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 24 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Midden-Nederland – an Ísiltír) – X, Z v Autoriteit Persoonsgegevens (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Inniúlacht an údaráis mhaoirseachta – Airteagal 55(3) – Oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach – Coincheap – Doiciméid ó imeachtaí dlíthiúla ina bhfuil sonraí pearsanta a sholáthar d’iriseoir)

IO C 198, 16.5.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 198/5


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 24 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Midden-Nederland – an Ísiltír) – X, Z v Autoriteit Persoonsgegevens

(Cás C-245/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil - Rialachán (AE) 2016/679 - Inniúlacht an údaráis mhaoirseachta - Airteagal 55(3) - Oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach - Coincheap - Doiciméid ó imeachtaí dlíthiúla ina bhfuil sonraí pearsanta a sholáthar d’iriseoir)

(2022/C 198/06)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Midden-Nederland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: X, Z

Cosantóir: Autoriteit Persoonsgegevens

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 55(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) a léirmhíniú sa chiall go bhfuil an fíric gur féidir le cúirt doiciméid ó imeachtaí cúirte, ina bhfuil sonraí pearsanta ann, a chur ar fáil go sealadach d’iriseoirí, ionas gur féidir leo tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar dhul chun cinn na n-imeachtaí sin mar fheidhmiú, ag an gcúirt sin, dá “feidhm bhreithiúnach”, de réir bhrí na forála sin.


(1)  IO C 297, 07.09.2020


Top