This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62019TB0539
Case T-539/19: Order of the General Court of 10 October 2023 — Les Mousquetaires and ITM Entreprises v Commission (Competition — Agreements, decisions and concerted practices — Commission decision ordering an inspection — Withdrawal of the contested measure — Action which has become devoid of purpose — No need to adjudicate)
Cás T-539/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Deireadh Fómhair 2023 – Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún (Iomaíocht – Cairtéil – Cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear iniúchadh – Aistarraingt an ghnímh atá faoi chonspóid – Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Cás T-539/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Deireadh Fómhair 2023 – Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún (Iomaíocht – Cairtéil – Cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear iniúchadh – Aistarraingt an ghnímh atá faoi chonspóid – Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
IO C, C/2024/431, 3.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/431/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/431 |
3.1.2024 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Deireadh Fómhair 2023 – Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún
(Cás T-539/19) (1)
(Iomaíocht - Cairtéil - Cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear iniúchadh - Aistarraingt an ghnímh atá faoi chonspóid - Díospóid atá tagtha chun bheith in éagmais cuspóra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(C/2024/431)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Les Mousquetaires (Páras, an Fhrainc), ITM Entreprises (Páras) (ionadaithe: N. Jalabert-Doury, K. Mebarek agus B. Chemama, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe agus I. Rogalski, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: O. Segnana agus A.-L. Meyer, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí an Cinneadh C(2019) 3762 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019, lena n-ordaítear do Mousquetaires agus gach cuideachta faoina riail díreach nó indíreach dul faoi iniúchadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40466 – Tute 1) a chur ar neamhní, agus ar an dara dul síos, go ndéanfaí roinnt cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear cinneadh an 18 Meitheamh 2019 chun leanúint ar aghaidh leis an iniúchadh, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an gcaingean. |
|
2. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin, chomh maith leis na costais sin arna dtabhú ag Les Mousquetaires agus ITM Entreprises, a íoc. |
|
3. |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/431/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)